4
#EURoad2Sibiu MÓRBHEARTA ATÁ DÉANTA GO DTÍ SEO Tacaíonn an tAontas Eorpach le comhar idir na Ballstáit i réimse an oideachais, rud a éascaíonn do dhaoine óga leas a bhaint as an tsoghluaisteacht agus a éascaíonn do mhúinteoirí taithí a fháil agus eolas a roinnt trína bheith ag obair ar fud na hEorpa. Cuireann buiséad an Aontais Eorpaigh maoiniú nach beag ar fáil do chláir oideachasúla thrasteorann. Tá páirt glactha ag níos mó ná 10 milliún duine óg in Erasmus le 32 bhliain anuas. Idir 2014 agus 2020, táthar ag tuar go sáróidh an clár Erasmus+ an sprioc atá aige 4 mhilliún duine san Aontas páirt a ghlacadh sa chlár. In 2017, d’infheistigh an tAontas Eorpach €2.8 billiún, an infheistíocht is mó go dtí seo, sa chlár Erasmus+, agus tugadh deontas soghluaisteachta do 842 000 Eorpach chun tabhairt faoi staidéar, oiliúint, múineadh, obair chúitithe nó obair dheonach thar lear. Dá réir sin, bhí níos mó ná 3.7 milliún duine páirteach ann ó bhí 2014 ann. Sa bhliain chéanna, tugadh maoiniú do 22 200 tionscadal a raibh lámh ag 88 000 eagraíocht oideachais, oiliúna agus óige iontu. Molann an Coimisiún díriú níos mó ar an óige sa chéad Chreat Airgeadais eile trí bhuiséad Erasmus+ a dhúbailt go €30 billiún le haghaidh 2021-2027. Ó thaobh infhostaitheacht na rannpháirtithe féin de, bíonn toradh dearfach ar shoghluaisteacht mhéadaithe agus is tábhachtach a n-imeascadh sóisialta agus a rannpháirteachas sa saol daonlathach freisin. I mí Iúil 2018, sheol an Coimisiún DiscoverEU, tionscnamh nua de chuid an Aontais a thugann an deis d’ógánaigh 18 mbliana d’aois taisteal d’iarnród timpeall na hEorpa saor in aisce, eolas a chur ar oidhreacht agus éagsúlacht chultúrtha na hEorpa, cairdeas a shnaidhmeadh le daoine agus blaiseadh de shaol an Eorpaigh a fháil. Sa chéad dá bhabhta, bhí deis ag tuairim is 30 000 rannpháirtí an Eoraip a thaisteal, agus tabharfar níos mó deiseanna fós in 2019. Tá sé molta ag an gCoimisiún DiscoverEU a bheith ina chuid de chlár Erasmus tar éis 2020. Tá pobal á chruthú anois ag rannpháirtithe in DiscoverEU agus úsáideann siad na meáin shóisialta chun a gcuid scéalta a roinnt, comrádaithe taistil a aimsiú, socruithe a dhéanamh chun teacht le chéile nó comhairle agus moltaí a mhalartú le chéile chun an leas is fearr a bhaint as a gcuid turas. ”An t-oideachas agus an cultúr, is iad eochair na todhchaí iad – ag an duine aonair agus ag an Aontas s’againne ina iomláine. Cuireann siad ar ár gcumas dúinn buntáiste a bhaint as dálaí na linne, a bheith oscailte amach don domhan agus ciall a bhaint as a bheith ‘Eorpach’, dá ilghnéithí é. Caithfimid an deis a thapú agus a chinntiú go gcuirfidh an t-oideachas agus an cultúr borradh faoi chruthú post, fás eacnamaíoch, cothroime shóisialta agus, ar deireadh, aontas.” Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag labhairt dó ag an gcruinniú de cheannairí an Aontais in Göteborg, an 17 Samhain 2017 Infheistíocht san óige I DTREO AONTAS NÍOS AONTAITHE, NÍOS LÁIDRE AGUS NÍOS DAONLATHAÍ Bealtaine 2019

Infheistíocht san óige - European Commission · bhFaireachán, agus dá bhrí sin spreagtar plé ar théamaí tosaíochta don oideachas agus don oiliúint agus cuirtear bonn eolais

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Infheistíocht san óige - European Commission · bhFaireachán, agus dá bhrí sin spreagtar plé ar théamaí tosaíochta don oideachas agus don oiliúint agus cuirtear bonn eolais

#EU

Roa

d2Si

biu

MÓRBHEARTA ATÁ DÉANTA GO DTÍ SEO

Tacaíonn an tAontas Eorpach le comhar idir na Ballstáit i réimse an oideachais, rud a éascaíonn do dhaoine óga leas a bhaint as an tsoghluaisteacht agus a éascaíonn do mhúinteoirí taithí a fháil agus eolas a roinnt trína bheith ag obair ar fud na hEorpa. Cuireann buiséad an Aontais Eorpaigh maoiniú nach beag ar fáil do chláir oideachasúla thrasteorann.

Tá páirt glactha ag níos mó ná 10 milliún duine óg in Erasmus le 32 bhliain anuas. Idir 2014 agus 2020, táthar ag tuar go sáróidh an clár Erasmus+ an sprioc atá aige 4 mhilliún duine san Aontas páirt a ghlacadh sa chlár.

In 2017, d’infheistigh an tAontas Eorpach €2.8 billiún, an infheistíocht is mó go dtí seo, sa chlár Erasmus+, agus tugadh deontas soghluaisteachta do 842 000 Eorpach chun tabhairt faoi staidéar, oiliúint, múineadh, obair chúitithe nó obair dheonach thar lear. Dá réir sin, bhí níos mó ná 3.7 milliún duine páirteach ann ó bhí 2014 ann. Sa bhliain chéanna, tugadh maoiniú do 22 200 tionscadal a raibh lámh ag 88 000 eagraíocht oideachais, oiliúna agus óige iontu.

Molann an Coimisiún díriú níos mó ar an óige sa chéad Chreat Airgeadais eile trí bhuiséad Erasmus+ a dhúbailt go €30 billiún le haghaidh 2021-2027.

Ó thaobh infhostaitheacht na rannpháirtithe féin de, bíonn toradh dearfach ar shoghluaisteacht mhéadaithe agus is tábhachtach a n-imeascadh sóisialta agus a rannpháirteachas sa saol daonlathach freisin.

I mí Iúil 2018, sheol an Coimisiún DiscoverEU, tionscnamh nua de chuid an Aontais a thugann an deis d’ógánaigh 18 mbliana d’aois taisteal d’iarnród timpeall na hEorpa saor in aisce, eolas a chur ar oidhreacht agus éagsúlacht chultúrtha na hEorpa, cairdeas a shnaidhmeadh le daoine agus blaiseadh de shaol an Eorpaigh a fháil. Sa chéad dá bhabhta, bhí deis ag tuairim is 30 000 rannpháirtí an Eoraip a thaisteal, agus tabharfar níos mó deiseanna fós in 2019. Tá sé molta ag an gCoimisiún DiscoverEU a bheith ina chuid de chlár Erasmus tar éis 2020.

Tá pobal á chruthú anois ag rannpháirtithe in DiscoverEU agus úsáideann siad na meáin shóisialta chun a gcuid scéalta a roinnt, comrádaithe taistil a aimsiú, socruithe a dhéanamh chun teacht le chéile nó comhairle agus moltaí a mhalartú le chéile chun an leas is fearr a bhaint as a gcuid turas.

”An t-oideachas agus an cultúr, is iad eochair na todhchaí iad – ag an duine aonair agus ag an Aontas s’againne ina iomláine. Cuireann siad ar ár gcumas dúinn buntáiste a bhaint as dálaí na linne, a bheith oscailte amach don domhan agus ciall a bhaint as a bheith ‘Eorpach’, dá ilghnéithí é. Caithfimid an deis a thapú agus a chinntiú go gcuirfidh an t-oideachas agus an cultúr borradh faoi chruthú post, fás eacnamaíoch, cothroime shóisialta agus, ar deireadh, aontas.”

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag labhairt dó ag an gcruinniú de cheannairí an Aontais in Göteborg, an 17 Samhain 2017

Infheistíocht san óige

I DTREO AONTAS NÍOS AONTAITHE, NÍOS LÁIDRE AGUS NÍOS DAONLATHAÍ

Bealtaine 2019

Page 2: Infheistíocht san óige - European Commission · bhFaireachán, agus dá bhrí sin spreagtar plé ar théamaí tosaíochta don oideachas agus don oiliúint agus cuirtear bonn eolais

Bhí na sonraí seo bailí an 15 Aibreán 2019

AN CÓR DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA EORPACH: AN LÍON DAOINE ATÁ CLÁRAITHE DE RÉIR NÁISIÚNTACHTA

0 5 000 10 000 15 000 20 000

17 527 16 712 16 106 12 449 9 344 6 195 3 378 3 294 3 277 3 250 3 147 2 152 1 969 1 715 1 643 1 488 1 375 1 368 1 280 1 139 1 074 990 892 871 813 762 478 458 248 208 188 26 23 8 181

AN LÍON DAOINE ATÁ CLÁRAITHE DE RÉIR INSCNE

Baineann Fireann Eile

AN LÍON DAOINE ATÁ CLÁRAITHE DE RÉIR RÉIMSE

obair dheonach

jabanna agus oiliúint

obair dheonach, jabanna agus oiliúint

I mí Mheán Fómhair 2016, d’fhógair an tUachtarán Juncker an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach: tugann sé sin deis do dhaoine óga tabhairt faoi obair dheonach, oiliúint nó obair chúitithe nó a dtionscadail dlúthpháirtíochta féin a reáchtáil, deis a d’athródh an saol dóibh. Cruthaíodh deiseanna nua do dhaoine idir 18 mbliana agus 30 bliain d’aois tacú le daoine aonair agus le pobail, agus scileanna a fhorbairt agus taithí luachmhar a fháil san am céanna.

Ó shin i leith, tá breis is 124 000 duine óg cláraithe. Tá páirt glactha ag breis is 14 250 rannpháirtí i dtionscadail ar fud na hEorpa.

Mhol an Coimisiún buiséad €1.26 billiún chun an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a neartú agus a leathnú sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais, agus é d’aidhm aige 350 000 deis ar a laghad a thabhairt d’ógánaigh na hEorpa idir 2021 agus 2027.

SpáinneachTurcach

IodálachFrancach

GearmánachPortaingéalach

BriotanachRómánachPolannachBeilgeachGréagachUngárachOllannach

LiotuánachOstarachSeiceach

BulgárachLaitviach

SlóvacachSualannach

CrótachÉireannach

DanmhargachEastónach

SlóivéanachFionlannach

CipireachMacadónach

IoruachMáltach

LucsamburgachÍoslannach

LichtinstéanachEile

65.4% 34.2% 0.4% 73%

8%

19%

Page 3: Infheistíocht san óige - European Commission · bhFaireachán, agus dá bhrí sin spreagtar plé ar théamaí tosaíochta don oideachas agus don oiliúint agus cuirtear bonn eolais

I mí Dheireadh Fómhair 2018, sheol an Coimisiún uirlis nua chun tacú leis an teagasc digiteach agus leis an bhfoghlaim dhigiteach sna scoileanna: Déanfar SELFIE (Self-reflection on Effective Learning by Fostering the use of Innovative Educational Technologies — Féinmhachnamh ar an bhFoghlaim Éifeachtach tríd an Nuálaíocht a chur chun cinn trí bhíthin Teicneolaíochtaí Oideachais) a chur ar fáil do 76.7 milliún mac léinn agus múinteoir in 250 000 scoil ar bhonn deonach.

Gach bliain, foilsíonn an Coimisiún an Faireachán ar Oideachas agus Oiliúint, a fhoilseachán suaitheanta ar oideachas agus oiliúint san Aontas. Is féidir comparáid ar bhonn idirnáisiúnta mar aon le hanailís de réir tíre a dhéanamh leis an bhFaireachán, agus dá bhrí sin spreagtar plé ar théamaí tosaíochta don oideachas agus don oiliúint agus cuirtear bonn eolais faoin díospóireacht ar leasú an oideachais sna Ballstáit.

I DTREO LIMISTÉAR EORPACH OIDEACHAIS FAOI 2025

I mí na Samhna 2017, den chéad uair riamh i stair an Aontais Eorpaigh, phléigh na 28 gceannaire de chuid an Aontais Eorpaigh todhchaí an oideachais agus an chultúir ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Göteborg.

Ba é an toradh a bhí air sin gur iarr an Chomhairle Eorpach ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún i mí na Nollag 2017 leanúint ar aghaidh leis an gclár oibre a pléadh in Göteborg.

Mar thúsphointe i mí na Samhna 2017, leag an Coimisiún fís amach le haghaidh Limistéar Eorpach Oideachais faoi 2025 ag cruinniú na gceannairí in Göteborg: Eoraip inar féidir foghlaim agus staidéar agus taighde a dhéanamh saor ó bhac teorainneacha. Mór-roinn inarb é an gnáthrud é anois am a chaitheamh i mBallstát eile — i mbun staidéir, foghlama nó oibre — agus dhá theanga anuas ar an máthairtheanga a bheith ag duine. Mór-roinn ina bhfuil braistint láidir ag daoine ar a bhféiniúlacht féin mar Eorpaigh, ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus ar an éagsúlacht lena mbaineann.

Tá trí chuspóir ag an Limistéar Eorpach Oideachais. Ó bhí Cruinniú Mullaigh Göteborg ann, tá dul chun cinn coincréiteach déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir le gach ceann díobh:

1. Soghluaisteacht agus comhar trasteorann a chur chun cinn san oideachas agus san oiliúint• Tá plé a dhéanamh i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle ar na moltaí ón gCoimisiún an clár Erasmus agus

an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a leathnú go mór agus a dhéanamh níos cuimsithí idir 2021 agus 2027. Tacóidh an clár Erasmus amach anseo le breis is 12 mhilliún rannpháirtí agus tacóidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach amach anseo le 350 000 duine óg.

• A bhuí le Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha tabharfar glúin nua de dhaoine cruthaitheacha Eorpacha le chéile, daoine atá ábalta comhoibriú gan beann ar theangacha, teorainneacha ná disciplíní.

• Tháinig iarratais ó 54 chomhghuaillíocht as an gcéad ghlao píolótach faoin tionscnamh, agus bhí níos mó ná 300 foras ardoideachais i gceist in 31 tír san Eoraip, gach Ballstát den Aontas san áireamh. Roghnófar an chéad 12 ollscoil Eorpacha faoi shamhradh 2019. Beidh an dara glao píolótach ann níos déanaí i mbliana, agus táthar ag súil go gcuirfear an tionscnamh i bhfeidhm go hiomlán faoin gclár Erasmus nua ó 2021 ar aghaidh.

• Tá an Cárta Mic Léinn Eorpach, arb é is aidhm dó soghluaisteacht i dtaobh na foghlama thar lear a éascú agus modh aitheantais soiléir a bhunú do mhic léinn Eorpacha, á thástáil ar bhonn tionscadail atá á maoiniú ag an Aontas. Orthu sin tá an Líonra Erasmus gan Pháipéar (líonra a bhfuil 800 ollscoil páirteach ann anois) agus Aip Erasmus+ (aip atá íoslódáilte ag 60 000 mac léinn go dtí seo). Táthar ag tuar go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán é faoi 2021.

Is é eTwinning an líonra múinteoirí is mó ar domhan ón réamh-bhunscolaíocht go dtí an mheánscolaíocht shinsearach. Is féidir le múinteoirí tionscadail chomhpháirteacha a chruthú leis an gclár seo. Cuireann eTwinning feabhas ar inniúlachtaí na múinteoirí agus na ndaltaí agus is cuid ríthábhachtach den tuiscint é go bhfuil siad lánpháirteach san Aontas Eorpach.

eTwinning i bhfigiúirí

Tá os cionn 680 000 múinteoir cláraithe le líonra múinteoirí eTwinning.

Ghlac os cionn 205 000 scoil páirt ann tríd an ardán eTwinning.

Cuireadh isteach is amach le 90 000 tionscadal i gcrích i líonra múinteoirí eTwinning ó seoladh in 2005 é, sna Ballstáit uile.

6 mhilliún múinteoir san Eoraip

Page 4: Infheistíocht san óige - European Commission · bhFaireachán, agus dá bhrí sin spreagtar plé ar théamaí tosaíochta don oideachas agus don oiliúint agus cuirtear bonn eolais

Print ISBN 978-92-76-07424-3 doi:10.2775/851438 NA-01-19-408-GA-CPDF ISBN 978-92-76-07395-6 doi:10.2775/155176 NA-01-19-408-GA-N

2. Constaicí a shárú a chuireann cosc ar fhoghlaim i dtír eile, saorghluaiseacht foghlaimeoirí agus spás ceart foghlama Eorpach a chruthú• Chun go gcothófar aitheantas frithpháirteach uathoibríoch ar dhioplómaí ardoideachais agus meánoideachais

shinsearaigh agus ar thréimhsí foghlama thar lear faoi 2025, rinne an Coimisiún togra le haghaidh Moladh ón gComhairle agus ghlac an Chomhairle é i mí na Samhna 2018.

• Tá togra eile déanta ag an gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle atá le formheas i mí na Bealtaine 2019 agus baineann sin le teagasc agus foghlaim teangacha a fheabhsú. Faoi dheireadh a gcuid meánscolaíochta sinsearaí, ba cheart go mbeadh daoine óga líofa i dteanga na scolaíochta agus i dteanga Eorpach eile agus ábalta an tríú teanga a úsáid go muiníneach.

3. Tacú leis na Ballstáit chun feabhas a chur ar a gcórais oideachais agus oiliúna ó thaobh cuimsitheachta, foghlaim ar feadh an tsaoil agus nuálaíochta de• Mhol an Coimisiún an Moladh a rinne an Chomhairle i mí na Bealtaine 2018 maidir leis na príomhinniúlachtaí don

fhoghlaim ar feadh an tsaoil chun go gcothófar forbairt na mbunscileanna amhail léamh agus matamaitic mar aon le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha amhail foghlaim conas foghlaim agus scileanna saoránachta agus fiontraíochta.

• Ghlac an Chomhairle an dara Moladh i mí na Bealtaine 2018 maidir le luachanna coiteanna, leis an oideachas cuimsitheach, agus leis an ngné Eorpach den teagasc a chur chun cinn. Is ar bhonn togra ón gCoimisiún a rinneadh an Moladh sin, agus is éard is aidhm dó cur leis an bhfoghlaim chuimsitheach agus le daoine óga taithí a fháil ar an bhféiniúlacht Eorpach, ar luachanna comhroinnte, ar an oidhreacht agus ar an éagsúlacht choiteann agus ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

• Sheol an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta um Oideachas Digiteach i mí Eanáir 2018, agus tá súil ag an gCoimisiún go mbeidh an Plean imithe i bhfeidhm ar mhilliún múinteoir, oiliúnóir agus foghlaimeoir faoi dheireadh 2019 i ngach Ballstát agus sna Balcáin Thiar chun a chinntiú go mbeidh daoine óga inniúil ar a gcuid scileanna digiteacha a úsáid go héifeachtach anuas ar mhuinín a bheith acu as na scileanna sin.

• I mí na Bealtaine 2019 a ghlacfar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram luathóige ardcháilíochta chun a chinntiú go mbeidh bonn láidir cuimsitheach faoin bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.

Má bhaintear amach an Limistéar Eorpach Oideachais faoi 2025, is céim chinniúnach a bheidh ann i dtreo Aontas ina gcuirfear scoth an oideachais agus na hoiliúna ar dhaoine óga agus ina bhféadfaidh siad staidéar a dhéanamh agus poist a aimsiú ó cheann ceann na mór-roinne, mar a chuir ceannairí an Aontais i dtábhacht i nDearbhú na Róimhe i mí an Mhárta 2017.

Is éard atá sa Ráthaíocht don Aos Óg gealltanas ó gach Ballstát a chinntiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 25 bliana d’aois tairiscint mhaith fostaíochta, oideachais leanúnaigh, printíseachta nó cúrsa oiliúna laistigh de cheithre mhí tar éis a dhífhostaithe nó tar éis an t-oideachas foirmiúil a fhágáil.

Gach bliain bíonn breis is 3.5 milliún duine óg a cláraíodh sa Ráthaíocht don Aos Óg ag obair nó faoi oiliúint arís.

Is buiséad €8.8 billiún atá ann anois don Tionscnamh Fostaíochta don Ógra ina iomláine. Leanfar de thacú le níos mó daoine óga ar fud an Aontais a bhfuil cabhair ag teastáil uathu tríd an Tionscnamh sin.

OLLSCOILEANNA EORPACHA

54 IARRATAS 31 TÍR

NÍOS MÓ NÁ 300 INSTITIÚID ARDOIDEACHAIS

Erasmus