16
TÉIGH SAN IomAIocht WWW.SU.NUIGALWAY.IE TOGHCHÁIN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN 2013 OIFIGIGH lánaimseartha I

Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

Citation preview

Page 1: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

TÉIGHSAN

IomAIocht

W W W. S U . N U I GA LWAY. I E

TOGHCHÁIN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN 2013OIFIGIGH lánaimseartha

I

Page 2: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

Toghchánna nOifigeach Lánaimseartha 2013

GLACFAR LE

10 r.n., Déardaoin, an 21 Feabhra

n

Z

o

Toghchán na nOifigeach Lánaimseartha

-

An tUachtarán // An Leasuachtarán LeasaAn Leasuachtarán Oideachais

=

Lá an ToghcháinDéardaoin, an 7 Márta - -

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie

&

hAinmniúcháin

5 i.n., Dé Céadaoin, an 27 Feabhra

TOGHCHÁN

S ASEAS

IDIR

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie2

q

Page 3: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie 3

Céard atá i gceist leis?

Is comhlacht neamhspleách é Comhaltas na Mac Léinn arb í a fheidhm ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill agus a gcearta a

chur chun cinn, a chosaint agus a fhírinniú san Ollscoil agus in áiteanna eile. Tá gach uile mhac léinn, tar éis dó an tobhach

mic léinn a íoc, ina bhall de Chomhaltas na Mac Léinn sa ghnáthchúrsa. De bhua na ballraíochta seo, tá tú i dteideal

úsáid a bhaint as na seirbhísí uile de chuid an Chomhaltais ar nós comhairle maidir le cúrsaí leasa agus oideachais, Shiopa

Chomhaltas na Mac Léinn agus Bheár an Choláiste. I dteannta na seirbhísí sin, déanann an Comhaltas ionadaíocht duitse ar

gach coiste de chuid na hOllscoile. Oibrímid as láimh a chéile leis an Ollscoil chun a chinntiú go dtugtar cluas duit agus go

dtarraingítear anuas aon ábhar imní atá agat. Cuirimid comhairle ar fáil, déanaimid brústocaireacht agus labhraímid thar do

cheann ón lá ionduchtaithe go dtí lá bhronnadh do chéime.

Reáchtálann Coiste Feidhmiúcháin Chomhaltas na Mac Léinn an Comhaltas ar bhonn leanúnach agus bíonn sé freagrach

as feidhmeanna agus gníomhaíochtaí ionadaíochta an Chomhaltais ó lá go lá. Bíonn ar an gCoiste Feidhmiúcháin

15 oifigeach a bhíonn ainmnithe agus tofa agaibhse, baill an Chomhaltais, gach bliain. Tá an Coiste Feidhmiúcháin freagrach

as eolas agus comhairle a chur ar fáil duit faoi shaol an mhic léinn ó shaincheisteanna a bhaineann le cúrsaí acadúla go

dtí saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí leasa, airgeadais, cóiríochta, comhionannais, clubanna, leis an nGaeilge agus a

thuilleadh.

I measc na 15 comhalta den Choiste Feidhmiúcháin, tá triúr oifigeach lánaimseartha a fhaigheann tuarastail. Is iad siúd:

An tUachtarán

LeasUachtarán/An tOifigeach Leasa

LeasUachtarán/an tOifigeach Oideachais

q1

Page 4: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

4 Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie

Céard a dhéanann siad?

An tUachtarán Déanann an tUachtarán gníomhaíochtaí Chomhaltas na Mac Léinn a chomhordú agus oibríonn sé in éineacht le Bainistíocht na hOllscoile chun an timpeallacht acadúil agus cáilíocht na beatha is fearr a bhaint amach do mhic léinn de chuid OÉ Gaillimh. Bíonn an tUachtarán freagrach as cúrsaí airgeadais an Chomhaltais, as feachtais de chuid an Chomhaltais a chomhordú, agus feidhmíonn sé mar phríomhurlabhraí an Chomhaltais. Bíonn an tUachtarán ar réimse leathan de na coistí de chuid na hOllscoile, lena n-áirítear Údarás na hOllscoile, an Coiste Acmhainní Airgeadais agus an Bunachoiste um Pleanáil Straitéiseach.

Bíonn an tUachtarán ina chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn Teo. chomh maith, cuideachta atá in úinéireacht Chomhaltas na Mac Léinn a dhéanann Beár an Choláiste, Siopa Chomhaltas na Mac Léinn, Smokey’s Café, The Hub Café, The Wall Café agus Caifé na Gaeilge a bhainistiú.

Mar aon le bheith ina stiúrthóir de Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn Teo., bíonn an tUachtarán ina stiúrthóir de na cuideachtaí seo a leanas:

•Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn Teo: Cuideachta in úinéireacht Chomhaltas na Mac Léinn atá freagrach as foilseacháin de chuid an Chomhaltais a tháirgeadh.

•College Campus Radio Teo: Cuideachta atá freagrach as Flirt FM

•Cumann Céimithe na Gaillimhe Aonad Sláinte do Mhic Léinn Teo: Cuideachta atá freagrach as an Aonad Sláinte.

2

Page 5: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie 5

Céard a dhéanann siad?

Leasuachtarán / An tOifigeach Oideachais Tugann an tOifigeach Oideachais cúnamh do mhic léinn le deontais, le scrúduithe, leis an leabharlann agus le háiseanna ríomhaireachta. Oibríonn sé le Bainistíocht na hOllscoile d’fhonn seirbhísí acadúla do mhic léinn a fheabhsú. Bíonn sé ar choistí éagsúla de chuid na hOllscoile, lena n-áirítear an Chomhairle Acadúil, an Buanchoiste Acadúil, an Coiste Araíonachta agus an Coiste Acmhainní Pleanála Acadúla. Déanann an tOifigeach Oideachais Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn a chomhordú agus an Fóram Oideachais a eagrú chomh maith. Baineann cuid mhaith de phost an Oifigigh Oideachais le plé a dhéanamh le ceisteanna ó mhic léinn aonair.

Leasuachtarán / An tOifigeach Leasa Tugann an tOifigeach Leasa cúnamh do mhic léinn le fadhbanna a bhaineann le cóiríocht, cúram leanaí, staidéar, sláinte, airgead agus leas sóisialta. Oibríonn sé go dlúth le cuideachtaí a sholáthraíonn cóiríocht ar an gcampas agus le cumainn áitritheoirí. Bíonn sé ar réimse leathan de na coistí de chuid na hOllscoile, lena n-áirítear an Coiste Sábháilteachta agus Grúpa Pleanála agus Bainistíochta Ionaid na hOllscoile. Déanann sé an Fóram Leasa agus feachtais éagsúla eile atá go mór os comhair an phobail a eagrú chomh maith ar nós Sheachtain na Meabhairshláinte agus na Seachtaine um Feasacht agus Treoir ar Shláinte Ghnéis (SHAG). Baineann cuid mhaith de phost an Oifigigh Leasa le plé a dhéanamh le ceisteanna ó mhic léinn aonair.

De ghnáth, bíonn duine de na leasuachtaráin ar Údarás na hOllscoile in éineacht le hUachtarán Chomhaltas na Mac Léinn

Page 6: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

6 Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie

Cén fáth ar chóir dom

dul san iomaíocht?

Má éiríonn leat, beidh tú fostaithe ar bhonn lánaimseartha ar feadh bliana (Iúil – Meitheamh) agus gheobhaidh tú taithí nach mbeadh tú ag súil léi i do chéad phost.

Gheobhaidh tú ollthuarastal bliantúil de €22,000 agus 20 lá saoire bliantúla chomh maith.

Infhostaitheacht agus TaithíBeidh seasamh maith agat tar éis duit an coláiste a fhágáil de thoradh ar an bpáirt a ghlac tú i mbainistíocht eagraíochta a bhfuil níos mó ná 16,000 ball aici. Forbróidh tú scileanna ceannaireachta agus eagrúcháin agus foghlaimeoidh tú faoi chúrsaí airgeadais, faoin daonlathas, faoin oideachas, faoin mbainistíocht imeachtaí agus go leor leor eile. Ó chomhaontuithe a idirbheartú leis an Ollscoil go dtí dámhachtainí a bhronnadh ar na mílte mac léinn. Ó fheachtais a sheoladh d’fhonn athrú dearfach a bhaint amach, go dtí páirt a ghlacadh i bhfoireann ceannairí, is scileanna iad seo ar fad a chabhróidh leat béim a leagan ar do bhuanna i gcomórtas le daoine eile agus post á lorg agat i ndiaidh an choláiste. Má éiríonn leat sa toghchán, beidh deis agat do rian féin a fhágáil ar an ról.

Cibé post a roghnóidh tú, gheobhaidh tú taithí ar chathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe, ar fheachtais a sheoladh, ar bhuiséid a bhainistiú, ar chumarsáid a dhéanamh agus ar fhoirne a neartú.

3

Page 7: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie 7

Cén fáth ar chóir dom

dul san iomaíocht? Imreoidh tú tionchar díreach ar shaol an mhic léinnImríonn Comhaltas na Mac Léinn tionchar suntasach ar shaolta mic léinn de chuid OÉ Gaillimh. Cé acu an mbítear ag troid ar son uaireanta oscailte na leabharlainne a shíneadh i gcaitheamh na Cásca ionas go bhféadfá an tráchtas iontach tábhachtach sin a chríochnú, nó ag cur tús le Comórtas Dámhachtainí Fiontar d’fhonn an nuálaíocht agus an fhiontraíocht a chothú – beidh deis iontach agat mar Cheannaire Mic Léinn dul i bhfeidhm ar shaolta níos mó ná 15,000 mac léinn a fhreastalaíonn ar OÉ Gaillimh.

Beidh tú ag troid ar son na mílte mac léinnI measc na ról tábhachtach a bheidh agat, is é an ceann is tábhachtaí ionadaíocht a dhéanamh do mhic léinn. Ó shaincheisteanna éagsúla maidir leis an bhfoghlaim agus leis an múinteoireacht, go dtí cothrom na féinne a thabhairt do mhic léinn sa phobal, beidh tú freagrach as a chinntiú go dtugtar cluas géar do ghuth na mac léinn ar an gcéad dul síos.

Beidh tú i gceannas ar eagraíocht ar leithlighMar Cheannaire Mic Léinn, beidh tú ar cheann de na seachtar daoine a bheidh freagrach as Comhaltas na Mac Léinn a stiúradh. Beidh sé ar do chumas treo agus obair eagraíochta a mhúnlú, rud atá seans ann nach mbeidh deis agat a dhéanamh arís. Gan trácht ar an bhfoireann ghairmiúil a bheidh ann chun tacú leat, is léir go mbeidh deis iontach agat roinnt athruithe móra a dhéanamh.

4

Page 8: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

8 Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie

Cén chaoi ar féidir liom

dul san iomaíocht?

CáilitheachtNí mór duit bheith i do bhall de Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh. Sin an méid! Tá gach uile mhac léinn cláraithe ina bhall den Chomhaltas cheana, mar sin, lean ort ag léamh.

Roghnaigh PostAr an gcéad dul síos, más rud é go mbeidh tú ag leanúint ar aghaidh le do chúrsa in 2013/2014, beidh ort an bhliain sin a chur siar. Ní bheidh tú in ann an dá rud a dhéanamh ag an am céanna.

Ar an dara dul síos, ba chóir duit cíoradh a dhéanamh ar an gcur síos iomlán ar na poist. Tá freagrachtaí éagsúla i gceist le gach aon phost agus gheobhaidh tú taithí éagsúil de thoradh orthu. Déan machnamh ar na scileanna atá agat a chiallódh go mbeifeá i d’iarrthóir maith ar phost áirithe. Labhair leis na hoifigigh reatha faoina dtaithí ar na poist agus faoi na heispéiris a bhraith siad agus iad i mbun na hoibre.

Ainmnigh Tú Féin Chun tú féin a ainmniú, ní mór duit foirm ainmniúcháin a chomhlánú, agus sonraí maidir le 20 mac léinn de chuid OÉ Gaillimh a lua uirthi i dteannta a sínithe. Beidh na foirmeacha ainmniúcháin le fáil ó Oifig Chomhaltas na Mac Léinn agus ar shuíomh Idirlín Chomhaltas na Mac Léinn as Déardaoin, an 21 Feabhra amach. Caithfear foirmeacha ainmniúcháin comhlánaithe a chur isteach chuig Oifig Chomhaltas na Mac Léinn tráth nach déanaí ná 5.00i.n. Dé Céadaoin, an 27 Feabhra. Ná fág go dtí an nóiméad deireanach é! Tá an spriocdháta docht daingean.

5

Page 9: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie 9

CÉN CHAOI feachtas a reáchtáil?Chun an toghchán a bhuachan, caithfidh tú a chur ina luí ar thromlach de na daoine gur tusa an duine is fearr don phost, go bhfuil tuiscint agat ar mhic léinn agus go ndéanfaidh tú ionadaíocht dóibh i ndáil le saincheisteanna atá tábhachtach dóibh.

Foireann an FheachtaisChun feachtas maith a reáchtáil, is inmholta duit foireann a chur le chéile a thacóidh leat. Ní bheidh ag teastáil uait ach cúpla duine, ach tabharfaidh siad tacaíocht ríthábhachtach duitse le linn sheachtain an fheachtais.

ForógraTugtar i d’Fhorógra breac-chuntas ar na beartais, na pleananna agus na smaointe a chuirfeá i bhfeidhm dá dtoghfaí thú. Labhair le do chuid cairde agus páirtithe ranga faoina bhfuil ag teastáil uathu do Chomhaltas na Mac Léinn. Déan machnamh ar do phleananna agus ar an gcaoi a gcuirfeá i bhfeidhm iad. Ní gá duit gach uile mhionsonra a chur faoi chaibidil, ach níor chóir duit oideachas in aisce nó a leithéid a ghealladh do chách gan machnamh a dhéanamh ar an dream a d’íocfadh as!

Labhair leIS NA mic léinnBeidh sé ríthábhachtach duit labhairt le daoine chun do dheis sa toghchán a fheabhsú. Ní hionann labhairt le daoine agus bileoga a chaitheamh os a gcomhair: is éard atá i gceist léi ná comhrá, ceisteanna a chur, agus do bheartais a chur in oiriúint dóibh. Ach, ná déan dearmad go mbeidh ort cothrom a bhaint amach idir an gá le do bheartais a phlé le daoine agus iad a chur ina luí orthu agus an gá le bheith sciobtha – caithfidh tú labhairt le cuid mhaith daoine laistigh de thréimhse an-ghairid. Is fiú sluán a úsaidúsáid dá bharr sin, go háirithe mar gheall ar go mbeidh seans ann go ndéanfaidh sé cuimhne daoine a spreagadh agus iad sa bhoth vótála ag breathnú ar liosta fada ainmneacha. Is maith an smaoineamh é cuairt a thabhairt ar léachtaí chomh maith, ach ná déan dearmad cead a fháil ón léachtóir roimh ré.

6

Rudaí le coinneáil

i gcuimhne

Page 10: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

10 Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie

Cuir do sheasamh ina luí orthuTá mic léinn ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi na hathruithe a dhéanfá agus faoin mbealach a thiocfadh na hathruithe sin i bhfeidhm orthu. Ní leor “vótáil domsa” a rá leo; ní foláir duit na fáthanna a mhíniú dóibh. Is maith an smaoineamh é béim a leagan ar bhearta atá ar bun agat cheana (roimh an Toghchán) nó bearta a rinne tú roimhe seo chun léiriú dóibh go seasann tú le d’fhocal.

Póstaeir, bileoga eolais agus ábhar fógraíochta eileDéan deimhin de go mbíogann do phóstaer an tsúil, go bhfuil sé gonta agus go dtugann sé teachtaireacht shoiléir do mhic léinn. Déan deimhin de nach bhfuil aon bhotún litrithe ná gramadaí ann agus go bhfuil d’ainm sofheicthe agus soléite. Is áiseanna iontacha iad suíomhanna Idirlín agus na meáin shóisialta, ach coinnigh i gcuimhne nach bhfuil cead agat iad a oscailt don phobal go dtí 6:00i.n., Dé Domhnaigh, an 3 Márta.

Bí in oiriúint leis na rialachaTugtar i Sceideal 1 de Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn breac-chuntas ar na rialacha a bhaineann leis an mbolscaireacht i dtoghcháin de chuid Chomhaltas na Mac Léinn. Léigh go cúramach iad agus déan cinnte de go bhfuil siad léite ag gach ball de d’fhoireann chomh maith. Coinnigh i gcuimhne chomh maith go bhfuil feidhm ag Cód Iompraíochta na hOllscoile agus ag dlíthe ginearálta chomh maith! Is tusa a bheidh freagrach as gach gné de d’fheachtas, mar sin, bí an-chúramach mura bhfuil tú cinnte faoi rud éigin ar eagla na heagla.

Coinnigh an dáta i gcuimhneNá déan dearmad daoine a chur ar an eolas faoi na bealaí a fhéadfaidh siad vótáil. Luaigh dáta an toghcháin ar ábhair de chuid d’fheachtais agus cuir i gcuimhne do mhic léinn go mbeidh cárta aitheantais OÉ Gaillimh ag teastáil uathu chun vótáil.

Ardaigh do Ghuth

7

Page 11: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

Na neamhfhírinní

a dhíbhirt!8

For more information visit www.su.nuigalway.ie 11

Is ríthábhachtach iad na toghcháin chun a chinntiú go dtugtar cluas do ghuth na mac léinn laistigh den Ollscoil agus de Chomhaltas na Mac Léinn. Tá a lán mic léinn den tuairim nach mbaineann siad leo agus nach n-imríonn siad tionchar orthu. Is iad seo a leanas roinnt neamhfhírinní a chloistear go minic faoi oifigigh agus faoi na toghcháin.

Caithfidh tú a bheith páirteach sa ChomhaltasNí chaithfidh! Tabharfar oiliúint duit maidir leis an ról ionas go mbeidh tú ar an láneolas faoina mbeidh i ndán duit sula dtosóidh tú.

Ní mac léinn mór le rá mé, ní bheidh mé in ann an bua a bhaint amachNí bhaineann sé le cé acu an mac léinn mór le rá thú nó nach tú. Cuirfear tús leis an bhfeachtas ag 6:00in tráthnóna Dé Domhnaigh agus beidh an toghchán féin ar siúl Déardaoin. Mar sin, beidh neart ama agat chun mangaireacht a dhéanamh ó dhoras go doras agus ó bhord go bord sa bhialann agus i mBeár an Choláiste, agus focal a bheith agat leis na mílte mac léinn. Cuir roinnt uaireanta ó chairde leat san áireamh chun póstaeir a chrochadh agus bileoga a scaipeadh agus beidh tú chomh mór le rá le haon iarrthóir eile.

Ní féidir le hOifigigh dada a bhaint amach in aon bhliain amháinIs iomaí ar féidir le hoifigigh a bhaint amach laistigh de bhliain – cé acu an bhfuil siad ag déanamh brústocaireachta ar an Ollscoil d’fhonn seirbhísí feabhsaithe a fháil nó ag eagrú mórimeachtaí, féadann siad dul i bhfeidhm ar gach gné de shaol na hOllscoile. Ar ndóigh, tá seans ann nach mbeidh tú in ann gach uile aidhm atá agat a bhaint amach i

gcaitheamh do théarma oifige, ach ní chiallaíonn sé sin nach fiú na hoifigigh.

Caithfidh tú a lán airgid a chaitheamh ar d’fheachtasNí fíor é sin! Tá cosc iomlán ar bhronntanais agus earraí bolscaireachta de réir na rialacha, mar sin, fiú má tá fonn ort airgead a chaitheamh, beidh sé deacair go leor duit! De ghnáth, faigheann an chuid is mó d’iarrthóirí póstaeir agus bileoga eolais clóite. Má chaitheann tú píosa ama ag fáil meastachán ó chlódóirí éagsúla, beidh iontas ort faoin luach a gheobhaidh tú ar do chuid airgid. Is iad t-léinte feachtais a bhíonn ar an dara costas is mó. Ar chuntar nach bhfuil tú ag dul sa tóir ar t-léinte síoda déanta ag Armani é féin, gheobhaidh tú luach ar do chuid airgid má chaitheann tú uair amháin ag fáil praghsanna ó chuideachtaí éagsúla.

Tá mo rang i mbun taithí oibre faoi láthair, ní fhéadfaidh siad vótáil domThug Comhaltas na Mac Léinn an Córas Cianvótála isteach anuraidh; áis a chuireann ar chumas mic léinn nach féidir leo rochtain ar ionad vótála vótáil ar líne. Is simplí é a úsáid. Caithfidh mic léinn clárú chun an Córas Cianvótála a úsáid roimh an toghchán. Beidh siad in ann é seo a dhéanamh trí shuíomh Idirlín Chomhaltas na Mac Léinn lena gcuntais choláiste. Tá sé an-shimplí go deo agus beidh Comhaltas na Mac Léinn á chur chun cinn ar feadh an Toghcháin. Beidh sé rí-oiriúnach do mhic léinn atá i mbun taithí oibre, gafa le gníomhaíochtaí do chumainn nó do chlubanna, nó fiú do dhaoine nach bhfuil fonn orthu ciúáil ag an ionad vótála.

Page 12: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

12 Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie

Ní hé an bua bun agus barr an scéil

Nuair a dhéanann tú machnamh air, bíonn níos mó cailliúnaithe ná buaiteoirí ann i gcónaí – agus níor chóir náire ar bith a bheith ar na cailliúnaithe sin. Fuair go leor iarrthóirí nach raibh tofa poist iontacha i ndiaidh an choláiste. Smaoinigh ar a bhfaighidh tú de thoradh ar dhul sa choimhlint sa toghchán: Ní hamháin go mbeidh cuma mhaith air ar do CV, ach gheobhaidh tú taithí iontach ar spriocdhátaí a chomhlíonadh, bhuiséid a bhainistiú, bheith cruthaitheach, oibrithe deonacha/daoine a bhainistiú, óráidíocht phoiblí agus fheachtas a reáchtáil.

Chomh maith leis an méid sin, má tá buarthaí ar leith agat, beidh deis agat na buarthaí sin a ardú os comhair an phobail. Má tharraingíonn na buarthaí sin iúl an phobail, b’fhéidir go dtiocfaidh an Comhaltas i ngleic leo i ndiaidh an toghcháin chomh maith.

9

Page 13: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

13

— Na Rialacha —Sceideal 1 de Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn:

CUID A:An Ceann Comhairimh agus an Toghchóras Déanfaidh an Coiste Feidhmiúcháin Ceann Comhairimh a cheapadh i dtaca le gach sraith toghchán. Beidh an Ceann Comhairimh freagrach as toghcháin a stiúradh…

…Stiúrfar toghcháin faoi Chóras Ionadaíochta Cionmhaire an Aonvóta Inaistrithe (an tAcht Toghcháin, 1923, arna leasú ag an Acht Toghcháin, 1963).

CUID G:

Fógraíocht i dtaca le Toghcháin agus Fothoghcháin

1. Níl cead ag iarrthóir póstaeir a chur ar taispeáint, srl. ach amháin in áiteanna atá ceadaithe de réir Pholasaí Póstaer na hOllscoile. Níl cead ag iarrthóirí na rudaí seo a chur ar taispeáint lasmuigh de thailte na hOllscoile.

2. Níl cead ag iarrthóirí aon bhronntanas, táirge fógraíochta, dearbhán, píosa bia, pas ná ticéad a dháileadh d’fhonn a n-iarrthóireacht a chur chun cinn. Ní cheadaítear ach ábhar clóite agus t-léinte pearsantaithe feachtais a úsáid. Ní cheadaítear comórtais ná bronnadh duaiseanna ach an oiread.

3. Ní cheadaítear urraíocht ná tacú ag tríú páirtí (ach amháin más iarrthóir ainmnithe eile é an tríú páirtí sin) in aon slí nó foirm ar mhaithe le hiarrthóirí nó daoine atá bainteach le hiarrthóireacht iarrthóra. Ní cheadaítear aon bhrandáil, ainm ná lógó de chuid aon tríú páirtí (ach amháin más iarrthóir ainmnithe eile é an tríú páirtí sin) ar ábhar fógraíochta.

4. Ní dhéanfaidh iarrthóir aon ábhar fógraíochta a dháileadh, ná a chur á dháileadh, go dtí 6.00i.n. ar an Domhnach roimh an toghchán. Tá cosc ar fhógraíocht ar aon suíomh Idirlín go dtí an t-am sin chomh maith.

5. Ní cheadaítear aon stocaireacht ná aon ghníomhaíocht chosúil i bhfíorchóngar an bhosca bhallóide arna chinneadh ag an gCeann Comhairimh.

6. Níl cead ag iarrthóirí úsáid a bhaint as ainmhithe chun a n-iarrthóireacht a chur chun cinn.

7. Ní mór do gach iarrthóir, nó duine atá ainmnithe aige, freastal ar chruinniú laethúil in éineacht leis an gCoiste Toghcháin ar feadh an fheachtais toghcháin. Sa chás go ndéanfar gearáin leis an gCoiste Toghcháin i leith iompar iarrthóra, beidh an t-údarás cinnidh ag an gCoiste Toghcháin, tar éis rabhadh a eisiúint don iarrthóir, a mheas nach bhfuil an t-iarrthóir sin incháilithe chun a thofa chun aon phoist ar an gCoiste Feidhmiúcháin. I gcás aon iarrthóra nach gcomhlíonann forálacha sa chuid seo den Bhunreacht, measfar nach bhfuil sé incháilithe chun a thofa chun aon phoist ar Choiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais don toghchán sin.

8. Déanfaidh an Coiste Toghcháin na Rialacháin Toghcháin a léirmhíniú de réir mar a mheasfaidh sé is iomchuí agus beidh an focal deiridh ag an gCoiste Toghcháin.

Page 14: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

14 Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie

0

500

1,000

1,500

2,000

2,500

3,000

3,500

Students' Union Full-Time Officer Elections Voter Turnout 2009 - 2012

2009 2010 2011 2012

CMYCM

MY

CY

CMYK

election graph 1.pdf 1 19/02/2013 18:41

Líon na nDaoine a Vótáil i dToghchán na nOifigeach Lánaimseartha in Aghaidh na Bliana 2009-2012

Page 15: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.su.nuigalway.ie 15

0

10

0

20

0

30

0

40

0

50

0

60

0

10

:00

am

-1

1:0

0p

m1

1:0

0a

m -

12

:00

pm

12

:00

pm

-1

:00

pm

1:0

0p

m -

2:0

0p

m2

:00

pm

-3

:00

pm

3:0

0p

m -

4:0

0p

m4

:00

pm

-5

:00

pm

5:0

0p

m -

6:0

0p

m6

:00

pm

-7

:00

pm

7:0

0p

m -

8:0

0p

m8

:00

pm

-9

:00

pm

Ho

url

y T

urn

ou

t 200

9 -

2012

20

09

20

10

20

11

20

12

0

10

0

20

0

30

0

40

0

50

0

60

0

10

:00

am

-1

1:0

0p

m1

1:0

0a

m -

12

:00

pm

12

:00

pm

-1

:00

pm

1:0

0p

m -

2:0

0p

m2

:00

pm

-3

:00

pm

3:0

0p

m -

4:0

0p

m4

:00

pm

-5

:00

pm

5:0

0p

m -

6:0

0p

m6

:00

pm

-7

:00

pm

7:0

0p

m -

8:0

0p

m8

:00

pm

-9

:00

pm

Ho

url

y T

urn

ou

t 200

9 -

2012

20

09

20

10

20

11

20

12

Líon na nDaoine a Vótáil in Aghaidh na hUaire 2009 - 2012

nfa

r n

a h

ion

aid

la u

ile a

gu

s

an

ra

s C

ian

la a

g 8

.00

in i m

bli

an

a.

Page 16: Leabhran Eolais do Thoghchain Chomhaltas na Mac Leinn 2013 - Oifigigh Lanaimseartha

VótáilIs féidir le mic léinn vótáil ag Ionad Vótála go pearsanta,

nó tríd an gCóras Cianvótála go leictreonach.

Ionaid Vótála le haghaidh Thoghchán na nOifigeach Lánaimseartha,

Déardaoin, an 7 Márta.Áras na Mac Léinn: 11:00rn – 8:00in

An Bhialann : 10:00rn – 8:00in

An Foirgneamh Innealtóireachta: 12:00in – 4:00in

CianvótáilIs áis é an Córas Cianvótála a chuireann ar chumas mic léinn vótáil ar líne. Tá sé

an-úsáideach do mhic léinn atá lonnaithe ar champais sheachtracha agus dóibh siúd atá i mbun socrúchán oibre, ach is féidir le haon mhac léinn feidhm a bhaint as. Féadtar

rochtain ar an gcóras trí shuíomh Idirlín Chomhaltas na Mac Léinn agus tá sé éasca, slán agus faoi rún. Ní gá do mhic léinn ach logáil isteach lena gcuntais choláiste. Is é

an t-aon riachtanas amháin ná go gcaithfidh mic léinn clárú chun an Córas Cianvótála a úsáid roimh Lá an Toghcháin.

Clárú le haghaidh an Chórais Chianvótála: Beidh mic léinn in ann clárú le haghaidh an Chórais Chianvótála idir:

6.00in, Dé Domhnaigh, an 3 Márta

11.59in, Dé Céadaoin, an 6 Márta

Vótáil tríd an gCóras Cianvótála: 10:00rn – 8:00in, Déardaoin, an 7 Márta

Mura gcláraíonn mic léinn roimh ré, ní bheidh siad in ann úsáid a bhaint as an gCóras Cianvótála.

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

Caifé na

Gaeilge...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

SecondhandBookstore

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

GrindsRegister

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

SULockers

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

SUCloakroom

...Do Chomhaltas, Do Sheirbhísí

SU Life

Skills

Ionadaíocht Feachtais LeasaSeirbhísí agusComhairle Oideachais Siamsaíocht

Caithfidh cárta aitheantais OÉ Gaillimh A bheith AR Láimh ag mic léinn chun vótáil.