32
Measúnú chun Foghlama – Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil Seimineár Réigiúnach ’07 An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh scoileanna ar mhaithe le scoileanna”

Measúnú chun Foghlama – Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

  • Upload
    vesna

  • View
    99

  • Download
    0

Embed Size (px)

DESCRIPTION

An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh scoileanna ar mhaithe le scoileanna”. Measúnú chun Foghlama – Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil Seimineár Réigiúnach ’07. McF – Prionsabail agus Pleanáil. Príomhphrionsabail McF Réasúnaíocht Straitéisí Pleanála. - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Page 1: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

Measúnú chun Foghlama –

Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

Seimineár Réigiúnach ’07

An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile

“Tionscnamh scoileanna ar mhaithe le scoileanna”

Page 2: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

2

McF – Prionsabail agus PleanáilMcF – Prionsabail agus Pleanáil

Príomhphrionsabail McF

Réasúnaíocht

Straitéisí Pleanála

Page 3: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

Is ionann measúnú agus an próiseas atá i gceist le heolas Is ionann measúnú agus an próiseas atá i gceist le heolas a bhailiú faoi fhoghlaim leanaía bhailiú faoi fhoghlaim leanaí

teistiú

aiseolas scagadh

foghlaimfáthmheas

Aidhm an mheasúnaithe

Page 4: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

Dhá Phríomhshaghas MeasúnaitheDhá Phríomhshaghas Measúnaithe

Suimitheach

(Measúnú na Foghlama-MnF)

Múnlaitheach

(Measúnú chun Foghlama-McF)

Cuspóir A fháil amach céard atá ar eolas ag daltaí, céard a thuigeann siad agus céard atá siad in ann a dhéanamh. An dul chun cinn atá déanta acu a thomhas

Cuidiú le daltaí chun foghlaim (measúnú a chothaíonn próiseas na foghlama)

Uainiú Deireadh cúrsa

(tar éis na foghlama)

Leanúnach

(le linn na foghlama)

Samplaí Trialacha agus Scrúduithe Ceistiú

Aiseolas (marcáil & ó bhéal)

Piarmheasúnú agus féinmheasúnú

Rialú Múinteoir agus seachtrach Múinteoir agus dalta

Page 5: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

5

Dhá ‘Bhealach’ aitheanta le Dhá ‘Bhealach’ aitheanta le Measúnú a dhéanamhMeasúnú a dhéanamh

‘An dá cheann…agus’ ní ‘an ceann seo…nó’

Go minic úsáideann cleachtas an mheasúnaithe an dá cheann in éineacht

Cathain a bhíonn béim ar cheann acu níos oiriúnaí ná béim ar an gceann eile?

Page 6: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

6

Luaitear cúig phrionsabal le Luaitear cúig phrionsabal le McF sa seomra ranga:McF sa seomra ranga:

An Rún Foghlama a chomhroinnt Na Critéir Rathúlachta a chomhroinnt Ceistiú ar ardchaighdeán bunaithe ar

na Critéir Rathúlachta Aiseolas a thabhairt bunaithe ar na Critéir

Rathúlachta Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú

Page 7: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

7

An Rún Foghlama a ChomhroinntAn Rún Foghlama a Chomhroinnt

Ba chóir go mbeadh tuiscint shoiléir ag daltaí ar rún foghlama gach ceachta (cuir ar an gclár dubh ag tús an ranga é)

Is é atá i gceist leis an rún foghlama ná an cuspóir atá agat maidir leis na rudaí a bheidh ar eolas ag daltaí, na rudaí a thuigfidh siad nó a bheidh siad in ann iad a dhéanamh ag deireadh an ranga

Samplaí:- Ag deireadh an ranga seo ba cheart go mbeifeá in ann

gaineamh, salann agus uisce a dheighilt óna chéile- Ag deireadh an ranga seo ba cheart go mbeifeá in ann

carachtar … a thuiscint- Ag deireadh an ranga seo ba cheart go mbeifeá in ann

léaráid de … a tharraingt

Page 8: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

8

Ag Comhroinnt Ag Comhroinnt na gCritéar Rathúlachtana gCritéar Rathúlachta

Tabhair critéir shoiléire shothuigthe atá bainteach leis an rún foghlama do na daltaíSampla:- ba cheart go mbeifeá in ann gaineamh, salann agus uisce a dheighilt óna chéile agus tú ag baint úsáide as modhanna áirithe, agus ba cheart go dtuigfeá na fáthanna go bhfuil siad deighilte

Cabhraigh le daltaí chun na caighdeáin a bhfuil siad ag díriú orthu a aithint – taispeáin dóibh obair dhaltaí eile a shroich na critéir rathúlachta agus mínigh na fáthanna gur shroich

Page 9: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

9

Ceistiú ar ArdchaighdeánCeistiú ar ArdchaighdeánCruthaigh atmaisféar ranga ina mbraitheann na daltaí go léir slán maidir le seans a thógáil agus le botúin a dhéanamh

Cén sainmhíniú a bheadh agat ar cheist mhaith? (Cén fáth ceisteanna a chur sa rang?) Ceann a thugann ar na daltaí smaoineamh Ceann a spreagann plé Ceann a bhfuil freagra ag gach dalta uirthi Ceann a bhfuil aidhm aici…

Tá daltaí ann nach dtugann freagraí sa rang ar chúiseanna éagsúla.Conas a spreagann tú na daltaí seo le freagraí a thabhairt sa rang?

Page 10: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

10

Ceistiú Ceistiú

Agus muid ag féachaint ar cheistiú sa seomra ranga ba chóir dúinn breathnú ar:

Tráth feithimh Éagsúlacht sa cheistiú Forbairt eochaircheisteanna (le haghaidh céimeanna

tábhachtacha sa cheacht) Caighdeán na gceisteanna (Cén fáth go..? An bhféadfá

míniú a thabhairt ar…?) Ceisteanna dea-phleanáilte Níos mó ná dalta amháin páirteach sa fhreagairt

Page 11: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

11

Aiseolas trí RáiteasAiseolas trí Ráiteas

Cé chomh soiléir is a bhíonn an t-aiseolas a thugaimid do dhaltaí? ‘caithfidh tú iarracht níos fearr a dhéanamh’ ‘déan tuilleadh forbartha ar na smaointe seo’ ‘iarracht mhaith, coinnigh suas í’ ‘gá le breis sonraí anseo’

Cén chiall a bhaineann an dalta as an aiseolas? ‘léiríonn tic gur dócha gur maith leis é’ ‘tá a lán scríbhneoireachta ag an deireadh – ciallaíonn sé seo

go bhfuil sé go dona’ ‘seo ceann de na cinn is fearr agam mar tá an scríbhneoireacht

néata, sheiceáil mé an litriú agus chuir mé isteach an dáta’

Page 12: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

12

Aiseolas trí RáiteasAiseolas trí Ráiteas

Gan ach ráiteas mar mharcáil v bronnadh marcanna- Freagraíonn daltaí níos fearr do ráitis chuiditheacha

seachas grádanna amháin - Cuireann marcanna an bhéim ar an gcomórtas agus ní ar

an dul chun cinn pearsanta, téann siad i gcoinne na foghlama comhoibrithí

- Cuireann marcanna lagmhisneach ar dhaltaí a ghnóthaíonn torthaí ísle

- Ní thugann marcanna comhairle d’fhoghlaimeoirí maidir le conas is féidir feabhas a chur ar a gcuid oibre

Page 13: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

13

Aiseolas ÉifeachtachAiseolas Éifeachtach

An uair is éifeachtaí d’aiseolas ná nuair a chuireann sé in iúl do na daltaí:

a Láidreachtaí

a Laigí

an chéad chéim Eile (agus conas)

(L.L.E.)

Page 14: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

14

Piarmheasúnú agus FéinmheasúnúPiarmheasúnú agus Féinmheasúnú

Féinmheasúnú Tá na daltaí páirteach sa mheasúnú ar a bpíosa oibre

féin agus tá siad freagrach as an measúnú sin (Tá fios na gcritéar rathúlachta ag na daltaí)

Piarmheasúnú Tá na daltaí páirteach i measúnú obair dhaltaí eile

(ba chóir go mbeadh tuiscint shoiléir ag na daltaí ar cad atá á lorg acu in obair a gcomhdhaltaí)

Is minic a théann piarmheasúnú agus féinmheasúnú in éineacht. Is féidir le piarmheasúnú bheith mar chabhair ag féinmheasúnú. Faigheann daltaí léargas ar a gcuid oibre féin trí bhreithmheas a thabhairt ar obair a gcomhpháirtithe

Page 15: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

15

Piarmheasúnú agus FéinmheasúnúPiarmheasúnú agus Féinmheasúnú

Tá cuid mhór buntáistí ag piarmheasúnú agus ag féinmheasúnú thar obair atá measúnaithe ag an múinteoir, de réir na litríochta.

Éilíonn siad ar dhaltaí freagracht a ghlacadh as a gcuid oibre féin (bheith réamhghníomhach ina leith)

Spreagann siad an fhoghlaim trí phlé agus chíoradh (iarrtar ar dhaltaí a dtuairimí a chosaint)

Cuireann siad leis an inspreagadh agus leis an tsuimTugann siad ar dhaltaí machnamh a dhéanamhForbraíonn siad scileanna comhoibrithe

Page 16: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

16

Straitéisí le haghaidh Straitéisí le haghaidh FéinmheasúnaitheFéinmheasúnaithe

Soilse tráchtaIarrtar ar dhaltaí cód dathanna a úsáid le tuiscint reatha ar thorthaí foghlama a léiriú

Samplaí oibreTugtar samplaí oibre do dhaltaí. Iarrtar orthu an píosa oibre is fearr a aithint maraon le botúin choitianta agus cad iad na cúiseanna atá leo

Scéimeanna marcálaTugtar scéim mharcála do dhaltaí agus iarrtar orthu í a úsáid chun a bhfreagraí féin a cheartú

Page 17: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

17

Straitéisí le haghaidh Straitéisí le haghaidh PiarmheasúnaithePiarmheasúnaithe

Tosaigh le céim bheag agus bog ar aghaidh de réir a chéile m.sh. Iarr ar an 1ú Bhliain cóipleabhair a mhalartú, a sheiceáil go bhfuil lipéid curtha ar léaráidí, go bhfuil eochairfhocail do thopaicí in úsáid

Tabhair freagraí do thriail dóibh agus iarr orthu trialacha a chéile a cheartú (triail ghairid)

Iarr ar dhaltaí ceisteanna TS nó AT a fhreagairt, tabhair scéim mharcála dóibh agus iarr orthu ceisteanna a chéile a cheartú

Page 18: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

18

Modheolaíochtaí Teagaisc McFModheolaíochtaí Teagaisc McF

Gan ach ráiteas mar mharcáil Ionchur ó dhaltaí i gcinntí faoi obair bhaile Daltaí ag scríobh ceisteanna do thrialacha Daltaí ag cur ceisteanna Ceistiú ag an múinteoir (gan lámha in airde!) Tráth feithimh Obair ghrúpa (ar chleachtaí ranga) Féinmheasúnú ag daltaí (soilse tráchta) Piarmheasúnú ag daltaí Eile…

Page 19: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

19

Cén fáth Measúnú chun Foghlama -Cén fáth Measúnú chun Foghlama -taighdetaighde

Spreagann McF daltaí le bheith níos gníomhaí agus níos freagraí mar rannpháirtithe ina gcuid foghlama féin

Tá sé ráite go bhfuil an neartú gnóthachtála a bhaineann le measúnú múnlaitheach ar na cinn is mó a tuairiscíodh riamh mar thoradh ar idirghabháil oideachasúil (ECFE/OECD, 2005)

Leanann dul chun cinn i bhfoghlaim daltaí measúnú múnlaitheach agus is i gcás na ndaltaí laga is mó an dul chun cinn(Black and Wiliam, King’s College London, 2000)

Page 20: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

20

Cén fáth Measúnú chun Foghlama –Cén fáth Measúnú chun Foghlama –pleanáil agus feabhsú scoilepleanáil agus feabhsú scoile

Spreagann sé múinteoirí chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas ranga

Daingníonn sé cultúr cleachtais nuálaigh Cothaíonn sé cultúr comhoibríoch i measc múinteoirí

laistigh de réimsí ábhar agus ó réimsí éagsúla ábhar Cuireann sé an teagasc agus an fhoghlaim ar chlár na

forbartha scoile Ba chóir tarraingt ar McF níos minicí i gcomhar le

modhanna eile measúnaithe (Tuarascálacha Cigireachta Scoile 2006-07)

Page 21: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

21

C & FC & F

Roinnt samplaí ó scoileanna…

Page 22: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

22

Ag tabhairt Measúnú chun Foghlama isteach i do scoil

Page 23: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

23

Ag pleanáil le haghaidh McF – Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 1Céim 1

Feasacht na foirne maidir le prionsabail McF srl.Bileog oibre 1 – Cleachtas measúnaithe aonair

Cinneadh maidir le conas McF a thabhairt ar aghaidh: - ranna ábhar? - grúpaí éagsúla?

Machnamh ar chleachtas measúnaithe ag roinn ábhair/ tascghrúpa McF – Bileog oibre 2

Athbhreithniú roinne ábhair/tascghrúpa McF ar McF – Bileog oibre 3

Page 24: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

24

Ag pleanáil le haghaidh McF – Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 2Céim 2

Roghnaigh straitéisí ar fiú triail a bhaint astu le spriocghrúpa daltaí (go minic 1ú Bhliain, Idirbhliain & 5ú Bliain) – Bileog oibre 3

Bain úsáid as Teimpléad Plean Gnímh

Leag síos critéir m.sh. Rannpháirtíocht níos fearr nó dáilte níos cothroime, feabhas i dtorthaí trialacha, rátáil sásaimh níos airde, feabhas ó thaobh cruthúnas grúpaí daltaí ar leith, próifíl iompair feabhsaithe, breis freagraí ar cheisteanna agus iad níos saibhre…

Comhaontaigh róil, tréimhse ama, acmhainní, modhanna monatóireachta agus meastóireachta

Page 25: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

PLEAN GNÍMH MEASÚNAITHE PLEAN GNÍMH MEASÚNAITHE

GRÚPA:_________________GRÚPA:_________________DÁTA:____________DÁTA:____________

Is féidir le múinteoirí aontú ar triail a bhaint as líon teicnící féachaint an bhfuil aon dul chin cinn suntasach san fhoghlaim, san inspreagadh nó i gcuimsiú na ndaltaí go léir. Is féidir athbhreithniú tar éis tréimhse áirithe ama a phlé féachaint an bhfuil an teicníc ina cabhair agus an scaipfí amach níos leithne í, an leanfaí léi, an stopfaí í nó an leasófaí í.

STRAITÉIS‘McF’

SPRIOC-GHRÚPA (RANG, BLIAIN,)

MÉID AMA LEAGTHA SÍOS DON

CHLEACHTAS

GNÍOMHAÍOCHTAÍ(CÉARD ATÁ LE

DÉANAMH?)

CRITÉIR RATHÚLACHTA

(CONAS A BHEIDH A FHIOS AGAT AN BHFUIL

AG ÉIRÍ LEIS?)

DÁTA LE hAGHAIDH

ATHBHREITH-NITHE

Page 26: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

26

Ag pleanáil le haghaidh McF – Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 3Céim 3

Cuir modheolaíochtaí aontaithe i bhfeidhm agus lean modhanna aontaithe breathnóireachta, monatóireachta agus measúnaithe

Buaileadh ranna ábhar/tascghrúpaí McF le chéile le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus le ceisteanna agus deacrachtaí atá ag teacht chun solais a phlé

Page 27: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

27

Ag pleanáil le haghaidh McF – Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 4Céim 4

Réitíodh gach roinn ábhair/tascghrúpa McF tuairisc roimh lánseisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar McF sa scoil iomlán

Imlínte na tuairisce- na rudaí ar bhaineamar triail astu (straitéisí, rangú

daltaí, amscála, cúinsí comhthéacs) - na rudaí a tharla

- na rudaí a chruthaigh go maith (déan tagairt do na critéir rathúlachta)- na rudaí nár éirigh leo- ceachtanna foghlamtha – aidhmeanna don am atá

romhainn

Page 28: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

28

Ag pleanáil le haghaidh McF – Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 5Céim 5

Socraigh lánchruinniú den fhoireann go léir chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tionscnamh McF

Taispeánadh gach roinn/tascghrúpa ‘póstaer’ nó déantar cur i láthair gairid bunaithe ar an tuairisc

C & F gairid tar éis gach cur i láthair Bíodh seisiún le plé iomlánach i ndiaidh an taispeántais/an chur i

láthair agus é mar aidhm aige na príomhbhuntáistí agus na cúiseanna imní a aimsiú

Aontaigh obair leanúnach don tionscnamh i bprionsabal: - An ndaingneoidh agus an leathnóidh ranna ábhar cleachtas

McF/an mbeidh ann do ghrúpaí tionscnaimh nua McF chun tús a chur le cleachtas leanúnach McF?

- An bhfuil impleachtai ann do pholasaí uile-scoile?- An féidir go mbeadh tiomantas ann go mbainfí úsáid níos

forleithne as straitéisí McF?- An gá go bhfiosródh coiste traschuraclaim an cúram?

Page 29: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

29

Ceardlann – Ceardlann – Ag tabhairt McF isteach inár ScoilAg tabhairt McF isteach inár Scoil

Dúshláin? Conas dúshláin a shárú (céard iad na rudaí ar éirigh leo i scoileanna?)

Eochairthosca le haghaidh rathúlachta

Page 30: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

30

Tosca Pleanála le cur san áireamhTosca Pleanála le cur san áireamh Réamhphleanáil Am srl. Róil agus Cúraimí Teagmhais aon uaire – ag tacú le modhanna

reatha/polasaithe Critéir ó dhaltaí maidir le rathúlacht Ábhair acmhainní Eolas do thuismitheoirí Cur i bhfeidhm Tionscnaimh Meastóireacht

Page 31: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

31

Measúnú chun FoghlamaMeasúnú chun FoghlamaAcmhainní Ar LíneAcmhainní Ar Líne

‘Inside the Black Box: Raising Standards through Assessment’ (Black & Wiliam)(www.pdkintl.org/kappan/kbla9810.htm)

CNCM – McF(www.ncca.ie)

Assessment for Learning – QCA(www.qca.org.uk/295.html)

The Standards Site(www.standards.dfes.gov.uk/keystage3/respub/afl_ws)

Page 32: Measúnú chun Foghlama –  Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil

32

Acmhainní Ar Líne 2Acmhainní Ar Líne 2

www.ltscotland.com/assess

www.assessment-reform-group.org.uk

www.kcl.ac.uk

Foilseacháin ar Mheasúnú ar fáil ar:

www.kcl.ac.uk/depsta/education