Upload
duongthien
View
219
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1) Sainmhíniú ar Eacnamaíocht(Rannóg 1)Is eolaíocht shóisialta í an eacnamaíocht. Déanann sí staidéar ar an mbealach go ndáiltear acmhainní gann, a bhfuil úsáidí éagsúla acu, chun teastálacha/riachtanais an chine daonna a shásamh. Bíonn roghanna
eacnamaíocha le déanamh agus bíonn deischostas i gceist.
2) Dlí an Toraidh ComhimeallaighR10, FR1Chun an t-uasmhéid Áirgiúlachta a bhaint amach ba cheart do thomhaltóirí a gcuid ioncam a
chaitheamh ar bhealach go mbeidh an cóimheas idir Áirgiúlacht Theorannach agus praghas mar a chéile do gach earra seirbhís.
MUaMUa == MUbMUbPaPa PbPb
6 util (áirgiúlacht imeallach an 8ú béigeal)
3) NTMA(R3, FR4 Fiachas Náisiúnta)
Is rud maith é do Rialtas na hÉireann bannaí a dhíol (iasacht a thógáil) mar
thoradh íseal (ráta úis íseal). Ciallaíonn sé go laghdaítear an costas atá ar an rialtas maidir le hairgead a bhailiú / airgead a fháil ar iasacht. (Níl sé againn)
4) Olagaplacht(R15, FR2)
Ar ais chuig na bonntuisceana:
D’fhéadfaí labhairt faoi Chairtéal/Claonpháirtíocht chomh maith.
5) Cáin Chúlchéimnitheach(R 3, FR 2)
Ní thógann sé san áireamh ábaltacht an duine an cháin a íoc. Déanann daoine le hioncam ard céatadán níos lú a íoc. Buntáistí le Cáin Indíreach:
1) Obair/Coigilt/Infheistiú: Ní dhéanann sé obair/coigilt ná infheistiú a dhíspreagadh. 2) Simplíocht: Tá an córas simplí agus áisiúil do cháiníocóirí. Bíonn ar dhíoltóirí agus táirgeoirí an cháin a bhailiú.
6) Eacnamaithe Clasaiceacha:
(Handout ar Stair na hEacnamaíochta)
Chreid siad go raibh margadh saor an-tábhachtach maidir le cothromaíocht a bhaint amach.
Dá mbeadh éileamh ró-ard rachadh praghasanna suas. Dá mbeadh soláthar ró-mhór raghadh pragasanna síos.
Bhí siad i bhfábhar cur chuige laissez-faire. Chonaic siad ról teoranta don rialtas - seirbhísí riachtanacha, slándáil srl. (Handout ar Stair na hEacnamaíochta)
7) Ioncamleaisteachas an Éilimh(R12, FR3)
Más é +2.5 ioncamleaisteachas an éilimh (YED) ar earra rachaidh éileamh suas 25% má mhéadaíonn ioncam 10%. An-sofhreagrach. Só-earra/earra sóchais
Má tá tras-phraghasleaisteachas an éilimh (CED) diúltach, is féidir a rá gur earraí comhlántacha iad.
(Praghas suas ar cheann amháin, éileamh síos ar an dá earra)
Nuair a bhíonn an t-éileamh praghasleaisteach, titfidh an t-ioncam iomlán má laghdaítear an praghas.
Nuair a bhíonn mórán earraí gar-ionaid ar fáil, ba chóir go mbeadh
éileamh an-leaisteach ar aon earra acu.
8) Luach an euro:(R8,FR 5 agus 6)
Tá praghas an euro i gcomparáid leis an $ tite le ceithre bliana go
leith anuas / níl an € in ann an oiread céanna dollar a cheannach is a bhí ceithre bliana go leith ó shin. 1) Onnmhairí: Díolfar níos mó onnmhairí as zón an euro mar go bhfuil siad anois níos saoire in airgeadraí eile.
2) Allmhairí: Titfidh an líon allmhairí atá á gceannach mar tá
siad níos daoire i dtéarmaí an euro.
9) Ionchas Saoil: (R7, FR6)
Polasaí Rialtais: Infheistiú sa chóras sláinte: Infheistiú a dhéanamh sa chóras sláinte le gur freastal ar an éileamh breise agus an cineál éilimh a b heidh air.
Leasú chóras na bpinsean: Tástáil acmhainne ar phinsin / an córas cánachais a úsáid chun daoine a spreagadh le pinsin a thógáil amach.
Go mbeadh ar dhaoine níos mó infheistíochta a dhéanamh ina bpinsin féin.