Upload
others
View
1
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
Tuarascáil Bhliantúil 2006
1
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Clár Ábhair
Nóta don Aire 4
Brollach an Choimisiúin 5
Ráiteas an Chleachtais is Fearr 7
1. réamhrá 9
Léirscaoileadh an Mhargaidh Leictreachais 9
Léirscaoileadh an Mhargaidh Gáis 9
2. ráiteas Misin an Cer 11
Forbhreathnú ar na hearnálacha leictreachais agus gáis 11
Leictreachas 11
Gás Nádúrtha 13
3. rannóg an Mhargaidh Mórdhíola agus Giniúna 2006 15
Príomh-Éachtaí i 2006 15
Réamhrá 15
An Margadh Mórdhíola Reatha 15
Socrácháin Reatha Idirthréimhseacha um Thrádáil 15
Cód Trádála & Socrúcháin 15
Praghsanna Neamhchothroime Fuinnimh – Forphraghas agus Doirteadh 15
An Córas Giniúna –Feidhmíocht agus Monatóireacht 16
Monatóireacht an Chórais Ghiniúna 16
Meascán Breosla in earnáil Giniúna na hÉireann 17
Comhaontú chun Scair Margaidh BSL a Laghdú san Earnáil Giniúna Cumhachta 18
Formheas Ioncaim PG an BSL 18
Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí 19
4. rannóg na Margaí Uile Oileáin 2006 21
Príomh-Éachtaí i 2006 21
Réamhrá 21
Cúlra an Tionscadail Uile-Oileáin 21
An Margadh Leictreachais Aonair (MLA) 22
Forbairt an MLA: Go dtí seo 22
An Creatlach Reachtaíochta 23
Anailís Costais is Tairbhe ar an MLA 23
Cód Trádála & Socrúcháin 23
Maolú Cumhachta Margaidh 24
Bunú Oibreoir an Mhargaidh 25
Ullmhacht Rannpháirtithe an Mhargaidh 25
2
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Sruthanna oibre tarchurtha leictreachais MLA 25
Eolas faoin MLA 25
An MLA Beo 25
5. Líonraí Fuinnimh 27
Príomh-Éachtaí i 2006 27
Réamhrá 27
Leictreachas 27
Naisc Geata 2 27
Éiríonn EirGrid Oibríochtúil mar Oibreoir Córais Tarchuir Neamhspleách 28
Idirnascaire Thoir Theas 28
Táillí Úsáide Córais Tarchuir agus Táillí Úsáide Córais Dáileacháin 28
Micrea-Ghiniúint 29
Gás 29
Athbhreithniú Ioncaim Cúig Bliana Bord Gáis (2007 – 2012) 29
Táillí & Ioncaim Tarchuir agus Dáileadh Gáis do 2006/07 30
Polasaí Ceangail Gáis 31
Síneadh an Líonra Gáis 31
Grúpa Miondíola Comhairliúcháin an Mhargaidh Gáis (GMARG) 31
Ráiteas um Thoilleadh Gáis 32
Tionchar ag Leasuithe Tarchuir Gáis Fágála an RA 34
Rochtain ar Líonra 34
Píblíne Theas Thuaidh 34
Stóráil Gháis 35
6. Timpeallacht, Miondíol agus Gnóthaí Tomhaltóra (TMGT) 37
Príomh-Éachtaí i 2006 37
Réamhrá 37
Soláthar Leictreachais 37
Athbhreithniú Ioncaim SLP an BSL 2007 37
Táillí Leictreachais 2007 38
Éagsúlacht Praghas Breosla agus Táillí d’Úsáideoirí Móra Fuinnimh 38
Rialú an Mhargadh Miondíola 39
Rialachán an Mhargaidh Miondíola san MLA 39
Soláthar Gáis 39
Athbhreithniú ar Iomaíocht i Soláthar Gáis 39
Táillí Soláthair Gáis 39
Cosaint Chustaiméara agus Bainistiú na nGearán 40
Cosaint Chustaiméara 40
Seirbhís um Chomhordú na nGearán 40
Bunú Foireann Chúraim Chustaiméara 41
3
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Ábhair Inathnuaite 42
Ceadúnú Giniúna 42
Giniúint Inathnuaite 42
Nochtadh Breosla do 2005 42
7. Sábháilteacht Gáis agus Leictreachais 45
Príomh-Éachtaí i 2006 45
Réamhrá 45
Cúlra 45
Reachtaíocht 45
Sábháilteacht Leictreachais 45
Bainistiú Leanúnach an Chórais Rialála Deonach 45
Sábháilteacht Gáis 46
Plean um Fheidhmiú na bhFreagrachtaí Nua – Leictreachas agus Gás 46
8. rannóg na nOibríochtaí 47
Príomh-Éachtaí do 2006 47
Réamhrá 47
Bogadh Oifige an CER 47
Straitéis Acmhainní Daonna an CER 47
Ionad Eolais Gnó 47
auguisíní 49
Príomhtháirgí Insoláthartha de réir Rannóg do 2007 49
Struchtúr Eagraíochtúil an CER 2007 52
CER Financial Statements for year ending 31 December 2006 54
4
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Nóta don Aire
Don: Uasal Noel Dempsey, TD. An tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha
De réir alt 25(c) de Sceideal an Achta um Rialáil
Leictreachais, 1999, tá áthas orainn an t-ochtú
tuarascáil bhliantúil de chuid an Choimisiúin um
Rialáil Fuinnimh a chur faoi do bhráidse, i ndáil leis
an tréimhse ó 1 Eanáir 2006 go 31 Nollaig 2006.
Tom Reeves
Cathaoirleach
Michael G. Tutty
Coimisinéir
5
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Brollach an Choimisiúin
Tá an earnáil fuinnimh in Éirinn ag pointe tábhachtach
ina cuid forbairt faoi láthair. Seacht mbliana tar éis
don CER tosú ar phróiseas léirscaoilte an mhargaidh
leictreachais in Éirinn, táimid anois ar tí margadh
leictreachais stairiúil uile-oileáin a bhunú agus na
buntáistí iartheachtacha a chuirfidh an margadh seo
ar fáil do chustaiméirí. Mar sin féin ní gan dua a
baineadh amach an pointe seo agus is cinnte gurb í
2006 ceann de na blianta ba dheacra sa phróiseas
léirscaoilte go dtí seo.
Bhí an chuid is mó den aird san earnáil fuinnimh le
linn 2006 dírithe ar mhéaduithe ar phraghsanna na
dtomhaltóirí de leictreachas agus gás. Ar an drochuair,
bhí se mar thoradh ar na costais a iompraíodh sa
chóras leictreachais i rith 2006, go háirithe de bharr
praghsanna breosla idirnáisiúnta arda, go raibh gá le
méadú 12.6% ar phraghsanna leictreachais (1 Eanáir
2007). San earnáil gáis nádúrtha, bhí gá le méadú
33.8% ar phraghsanna gáis ó 1 Deireadh Fómhair
2006. Thosaigh praghsanna mórdhíola ag titim ar ais i
bhFómhar na bliana 2006 agus bhí sé de chumas ag
an gCoimisiún praghas an gháis nádúrtha a laghdú
10% ó 1 Feabhra 2007.
Ar ndóigh, cuirtear fáilte roimh an stop a cuireadh le
méadú na bpraghsanna ola agus gáis i dtreo deireadh
2006 agus ciallaíonn sé go bhfuil sé mar dhúshlán
roimh chách sa tionscal fuinnimh in Éirinn, a chinntiú
go mbaineann an custaiméir an leas is fearr as na
praghsanna breosla idirnáisiúnta ísle seo. Tá an
Coimisiún tar éis tasc a leagtha amach dó féin, a
chinntiú go bhfuil na praghsanna a gearrtar ar na
custaiméirí cóir agus réasúnta agus déanfar
monatóireacht ar na soláthraithe leictreachais agus
gáis uile le linn 2007 chun a chinntiú go bhfaigheann
custaiméirí margadh cóir.
Ní hamháin gur bhliain dheacair ba í 2006 do
chustaiméirí gáis agus leictreachais in Éirinn; rinneadh
taifeadadh ar mhéaduithe suntasacha ar phraghsanna
custaiméara i go leor tíortha Eorpacha agus ar fud an
domhain fhorbartha. Mar sin féin ar an dea-uair,
d’fhan slándáil agus iontaofacht na hÉireann ar an
tsoláthair leictreachais comhsheasmhach agus sásúil le
linn 2006. Le blianta beag anuas tá an iontaofacht seo
tar éis tacú leis an fás ollmhór i ngeilleagair na
hÉireann; murach córas leictreachais agus gáis den
chéad scoth ní bheadh an staid chéanna ar gheilleagar
na hÉireann agus atá anois. Cheadaigh an Coimisiún
breis agus 3 bhilliún le haghaidh infheistíochta sa
líonra leictreachais idir 2001 agus 2005, le 2 bhilliún
eile le bheith infheistithe idir 2006 agus 2010. Le haird
á thabhairt ar an líonra gáis, infheistíodh 360 milliún
idir 2003 agus 2007, agus le linn 2007 formheasfaidh
an Coimisiún pacáiste suntasach infheistíochta agus
uasghrádaithe eile don chúig bliana atá le teacht. Tá
an t-éileamh ar leictreachas agus gás ag fás suas 5% in
aghaidh na bliana in Éirinn. Déanann an chuid is mó
de tíortha eile na hEorpa taifeadadh ar fhás éilimh de
thart ar 1% in aghaidh na bliana.
Tá slándáil agus iontaofacht na soláthairtí ina
dtarraingt mhór d’infheistíocht ón iasacht agus
léiríonn siad buntáiste iomaíoch do ghnólachtaí na
hÉireann. Níl gnóthaí agus custaiméirí cónaitheach in
Éirinn tar éis taithí a bheith acu ar na héarthaí móra
neamh-phleanáilte atáthar tar éis a thaifeadadh le
blianta beaga anuas san Eoraip agus sna Stáit
Aontaithe.
Tom Reeves
Cathaoirleach
Michael G. Tutty
Coimisinéir
6
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Mar sin féin cé gur díríodh aird ar phraghsanna fuinnimh
le linn 2006, chríochnaidh an CER líon suntasach oibre i
réimsí eile chomh maith. Tá roinnt buaicphointí na
bliana, ó thaobh rialacháin de ach go háirithe, liostaithe
thíos:
n Síniú an Chomhaontú Straitéise Sócmhainní CER-BSL
go déanach i 2006. Cuireann an comhaontú seo tús
le sraith imeachtaí a fheicfidh sciar margaidh an BSL
san earnáil giniúna laghdaithe go 40% faoi 2010.
n Dearadh agus forbairt leanúnach an MLA (Margadh
Leictreachais Aonair). Leanann an tionscadal seo ar
aghaidh go seoigh i dtreo an dáta tosaithe ar 1
Samhain 2007 le haghaidh tús an MLA.
n Fógairt chinneadh an Choimisiúin maidir le naisc
Gheata 2 leis na líonraí leictreachais, rud a
thabharfaidh 1,300 MW breise d’fhuinneamh in-
athnuaite (giniúint ghaoithe don chuid is mó) isteach
sa chóras leictreachais sa 2-3 bliana amach
romhainn.
n Foilsiú céad thuarascáil an CER chuig an gCoimisiún
Eorpach ar shlándáil an tsoláthair leictreachais. Tá
dearcadh réamhghníomhach fadradharcach ag an
tuarascáil seo i leith riachtanais leictreachais na
hÉireann go meántéarmach agus cén chaoi a
ndéanfar freastal ar na héilimh seo sa tslí is fearr.
n An cinneadh a rinneadh chun an líonra gáis
nádúrtha a leathnú le hais bealach píblíne na
Gaillimhe-Maigh Eo, chun 11 baile breise a chur san
áireamh.
n Go hinmheánach, chuir an CER tús le bunú fheidhm
Cúraim Chustaiméara nua agus Ionad Eolais Gnó
(IEG). Feabhsóidh na feidhmeanna nua seo
éifeachtúlacht oibríochta an CER agus cuirfidh sé
caighdeán seirbhíse feabhsaithe ar fáil do
gheallshealbhóirí an CER agus do chustaiméirí uile
de chuid na hoibreoirí líonra agus soláthraithe gáis
agus leictreachais.
Ó thaobh na heagraíochta de, rinneadh comhlachas
beirte den Choimisiún le linn 2006, nuair a chinn Regina
Finn Uasal glacadh le post mar Phríomhfheidhmeannach
Ofwat, an rialtóir eacnamaíoch don tionscail uisce agus
séarachais i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Ba mhaith
leis an gCoimisiún an deis seo a thógáil chun buíochas a
ghabháil le Regina as ucht a hobair agus a díograis go
léir le linn a chuid ama leis an CER agus freisin ba
mhaith linn gach rath a ghuí uirthi ina post nua.
Rud tábhachtach eile, ná gur bhog an Coimisiún a
áitreabh oifige go déanach i 2006. Ba mhór an tionscadal
é seo agus mar chuid de sin bhí áitreabh nua oiriúnach
á aithint, mar aon le dearadh agus feistiú timpeallacht
oifige a oirfeadh do struchtúr agus riachtanais an CER.
Ar bhonn siombalach freisin, chuir bogadh oifige an CER
dúshláin ar an eagraíocht chun í féin a athnuachan agus
chun féachaint ar aghaidh le díograis mhéadaithe i leith
na céimeanna i bpróiseas léirscaoilte an mhargaidh atá
amach romhainn sna blianta atá le teacht.
Tiocfaidh an chéad cheann de na céimeanna díobh seo i
2007, le tosú an MLA. Beidh bunú an mhargaidh
trasteorann cheannródaíoch seo ina phointe
ríthábhachtach d’fhorbairt an iomaíochais in earnáil
leictreachais na hÉireann. Freisin beidh oscailt iomlán an
mhargaidh gáis in Éirinn i 2007. Sa bhreis ar sin tá
dóchas ar an gCoimisiún ag an dtráth seo gur féidir
laghduithe breise a bhaint amach ar phraghsanna gáis
agus leictreachais i rith 2007. Tá treochtaí an mhargaidh
mórdhíola do bhreoslaí giniúna dearfach go maith; má
leanann an treocht seo ar aghaidh is dóchúil go
dtiocfaidh laghduithe breise ar phraghsanna gáis agus
leictreachais.
Mar chonchlúid, creideann an Coimisiún gur cor
cinniúna a bhí i 2006; táthar tar éis pointe tábhachtach
a bhaint amach maidir le praghsanna fuinnimh agus
próiseas léirscaoilte an mhargaidh araon. Anois is féidir
le custaiméirí leictreachais agus gáis a bheith ag súil
dearcadh feabhsaithe ó 2007 ar aghaidh. Mar sin féin tá
lear suntasach oibre le déanamh go fóill. Tá an CER
tiomanta chun earnáil fuinnimh na hÉireann a threorú
isteach sa chéim nua agus spreagúil seo.
Tom Reeves
Cathaoirleach
Michael G. Tutty
Coimisinéir
7
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Ráiteas an Chleachtais is Fearr
Is mian linn a shonrú go leanann an Coimisiún agus
go leanfaidh sé ag glacadh an cleachtas is fearr i
réimse an rialachais corparáideach ina chuid
feidhmeanna agus dualgais a bhaint amach. I leith
an ábhair seo, i rith 2006 agus blianta eile roimhe
seo tá an Coimisiún tar éis comhlíonadh go hiomlán
leis an gCód Cleachtais do Rialachas na
gComhlachas Stáit a bhí foilsithe ag an Roinn
Airgeadais i nDeireadh Fómhair 2001. Freisin tá an
Coimisiún tiomanta do chomhlíonadh leis an gCód i
2007 agus i mblianta na todhchaí.
Dearbhaímid nach bhfuilimid go díreach i mbun,
bainteach le nó ag léiriú suime i aon ghnólacht
giniúna leictreachais nó i ngnólacht tarchuir,
imdháileadh nó soláthair leictreachais nó gáis
nádúrtha nó gnólacht fuinnimh ar bith, cibé an mar
rannpháirtí, infheisteoir, comhairleach nó eile.
Maidir leis an tréimhse a chlúdaigh an tuarascáil
seo, níl leas inchláraithe ann, mar a sonraíodh sna
hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001
agus an tAcht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002, dár
gcuid féin, nó, go bhfios dúinn ag céile nó leanbh, ar
féidir leis tionchar ábhartha a bheith orainn, nó
maidir le dualgais ár bpost a chomhlíonadh.
Tom Reeves
Cathaoirleach
Michael G. Tutty
Coimisinéir
Feirm Ghaoithe Kingsmountain, Co. Shligigh
9
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Réamhrá
Tugann Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin um
Rialáil Fuinnimh (CER) don bhliain 2006, breac-
chuntas ar nithe oibre ríthábhachtacha an CER i
2006 agus chuid éachtaí mar aon le tráchtaireacht a
sholáthar ar fhorbairtí an mhargaidh leictreachais
agus gáis in Éirinn le linn 2006. Freisin tá an
tuarascáil bhliantúil deartha chun a bheith mar
dhearcadh den bhliain amach romhainn agus freisin
tabharfar breac-chuntas ar pholasaí an Choimisiúin
do léirscaoileadh na margaí leictreachais agus gáis
in Éirinn.
Léirscaoileadh an Mhargaidh Leictreachais
Thosaigh próiseas léirscaoilte an mhargaidh in
Éirinn sa bhliain 2000, leis na céimeanna luatha
tionscadail oscailte an mhargaidh miondíola, ag
tabhairt cead d’iomaíochas do roinnt de na
húsáideoirí leictreachais is mó sa tír. Tharla oscailt
iomlán an mhargaidh i bhFeabhra 2005 nuair a
cuireadh na struchtúir agus na rialacha i bhfeidhm
chun cead a thabhairt do chustaiméirí leictreachais
uile na tíre a soláthraí leictreachais a athrú.
Le hais na hoibre seo, thosaigh an Coimisiún agus
Oifig Rialtóir Thuaisceart Éireann (NIAER: Údarás
Thuaisceart Éireann um Rialáil Fuinnimh) ar
thionscadal i 2004 chun margadh fuinnimh
mórdhíola uile-oileáin a fhorbairt. Is í an chéad
chéim sa phróiseas seo ná chun margadh
leictreachais mórdhíola a fhorfheidhmiú d’oileán na
hÉireann faoi Samhain 2007. Aithneofar an margadh
seo mar an Margadh Leictreachais Aonair (MLA). Is í
forbairt an MLA ceann de na píosaí is ríthábhachtaí
de phlean léirscaoilte an mhargaidh ar an oileán
seo.
Tá go leor obair shuntasach le déanamh go fóill sula
mbainfear amach an cuspóir de mhargadh lán-
iomaíochta, sna hearnálacha mórdhíola agus
miondíola araon. Cé go bhfuil an sciar margaidh de
réir toirt atá ag Soláthraithe Neamhspleácha os
cionn 50% don chéad uair riamh, tá ar an rogha
iomaíochais dul chomh fada le leibhéal na
gcustaiméirí tís go fóill. Mar sin féin tá an Coimisiún
cinnte de go fóill gur féidir iomaíochas in earnálacha
uile an mhargaidh a bhaint amach, i gcaitheamh
ama. Beidh bunú an MLA ina fhachtóir tábhachtach
de bhaint amach an sprioc seo. Táthar ag súil go
dtiocfaidh méadú breise ar sciar margaidh na
Soláthraithe Neamhspleácha i 2007 agus 2008, go
háirithe mar fhreagra ar bhunú an MLA go déanach
i 2007.
Léirscaoileadh an Mhargaidh Gáis
San earnáil gáis nádúrtha, ba mhór an chonstaic ar
fhorbairt na hiomaíochta in Éirinn é méid an
mhargaidh, le breis is leath-mhilliún custaiméir.
Chomh maith leis sin, níl margadh mórdhíola gáis ná
pointe cothromaithe in Éirinn, agus gás atá ag
teacht go hÉirinn á thrádáil trí mhargadh agus
pointe cothromaithe náisiúnta na RA. Agus cionn is
90% den ghás a úsáidtear in Éirinn á allmhairiú ón
RA, is léir céard iad na constaicí atá ann roimh
éifeachtúlachtaí margaidh a bhaint amach agus cur
chun cinn na hiomaíochta.
Ach in ainneoin na gconstaicí seo, beidh 2007 ina
bliain thábhachtach in éabhlóid an mhargaidh gáis
in Éirinn chomh maith. Tarlóidh oscailt iomlán an
mhargaidh gáis roimh Iúil 2007, nuair a bheidh an
reachtaíocht chuí rite. Tá an margadh thart ar 86%
ar oscailt faoi láthair. Bainfidh an earnáil leas as
cinneadh agus meicníochtaí an CER chomh maith,
a fhorbrófar chun iomaíocht a chur chun cinn sa
mhargadh gáis. Tosaíodh an “Athbhreithniú ar
Iomaíocht sa Soláthar Gáis” i 2006, le breac-chuntas
ar na réamhthorthaí agus moltaí á ndéanamh chun
leas na gcustaiméirí. Tá sé mar aidhm ag an CER a
chinneadh a dhéanamh anois agus tús a chur le cur
i bhfeidhm mholtaí an athbhreithnithe. Forbrófar
tionscnaimh chun freastal a dhéanamh ar
bharainneachtaí scála, maidir le haimsiú gás
10
mórdhíola go háirithe. Déanfar iad seo a fhorbairt
agus aird á tabhairt ar na hathruithe ar réimeas
tarchur gáis na RA, a d’fhéadfadh a bheith forbartha
ag an rialtóir Breataineach, OFGEM (Oifig na Margaí
Leictreachais agus Gáis) le linn 2007.
Chomh maith leis sin, san earnáil gáis, déanfaidh an
Coimisiún a chinneadh maidir leis an athbhreithniú
ioncaim cúig bliana do Ghréasáin Bhord Gáis agus
Soláthar Fuinnimh Bhord Gáis i 2007. Cuirfidh an t-
athbhreithniú seo soiléire agus treoir ar fáil don
tionscal gáis sa chúig bliana amach romhainn agus
léireoidh sé leibhéil na hinfheistíochta sna gréasáin
gáis a dhéanfar, chomh maith le héifeachtúlachtaí
suntasacha a chur i bhfeidhm sna comhlachtaí
rialaithe.
11
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Ráiteas Misin an CER
Ar 16 Feabhra 2007, thug an Coimisiún breac-chuntas
ar an ráiteas misin nuashonraithe atá aige.
Seo a leanas ráiteas misin an CER:
I ndomhan ina bhfuil soláthar agus praghsanna
fuinnimh sár-luaineach, is é misean an CER, agus é ag
feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí, ná a
chinntiú:
n go bhfanann na soilse ar lasadh
n go leanann sreabhadh an gháis ar aghaidh
n go bhfuil na praghsanna a gearrtar cóir agus
réasúnta
n go gcosnaítear an timpeallacht, agus
n go gcuirtear leictreachas agus gás ar fáil go
sábháilte
Tá an Coimisiún tiomanta chun ár bhfeidhmeanna a
chur i gcrích i mbealach cóir, neamhchlaonta agus
trédhearcach. Cuirfimid seirbhís ghairmiúil agus
éifeachtúil ar fáil dár bpáirtithe leasmhara go léir agus
feidhmeoimid go hiontaofa agus go neamhchlaonta an
t-am go léir.
Forbhreathnú ar na hearnálacha leictreachais agus gáis
Deirtear go minic go bhfuil na hearnálacha
leictreachais agus gáis casta agus teicniúil. Sa chuid
seo, tá sí mar aidhm ag an gCoimisiún forbhreathnú
ard-leibhéil neamh-theicniúil a chur ar fáil ar an dá
earnáil agus na comhlachais ríthábhachtacha atá
bainteach le seachadadh an leictreachais agus an
gháis chuig tithe agus gnólachtaí.
Leictreachas
n Struchtúr an mhargaidh: Bíonn córais
Leictreachais Nua-aimseartha roinnte ina margaí
mórdhíola (nó socruithe trádála) agus margaí
miondíola nó soláthair. Déanann an dá mhargadh
seo tagairt don “sreabhadh airgid” sa chóras
leictreachais, in áit shreabhadh fisiciúil an
leictreachais. Ní féidir méid mór leictreachais a
stóráil agus mar sin is gá cothromaíocht leanúnach
a choinneáil idir an dá mhargadh; is é sin idir
leibhéal an leictreachais á bhíonn á ghiniúint agus
á dhíol le soláthraithe leictreachais agus éileamh
na gcustaiméirí ar leictreachais.
n Margaí mórdhíola: Is éard atá i gceist leis an
margadh mórdhíola ná leictreachas á dhíol ag
gineadóir le comhlachtaí soláthair agus idir-
ghníomhaíochtaí iomaíocha idir na gineadóirí
éagsúla. Déanann an margadh miondíola tagairt
do dhíol leictreachais ag na comhlachtaí soláthair
seo leis an gcustaiméir deiridh agus an iomaíocht
atá ann idir na comhlachtaí soláthair éagsúla. Tá
an margadh miondíola ina chóras atá dian ar
chaipiteal, mar thoradh ar an scála agus na costais
infheistíochta a bhíonn ag teastáil chun stáisiún
giniúna a fhorbairt. Ar thaobh eile na seithe, tá an
infheistíocht agus na costais chaipitil a bhaineann
le dul isteach sa mhargadh miondíola, cuibheasach
íseal. De ghnáth is iad na córais billeála agus
margaíochta an eisíocaíocht caipitil is mó a bhíonn
ann roimh dhul isteach sa mhargadh miondíola.
Tugann Figiúr 1.0 thíos breac-chuntas ar na gnáth-
struchtúir sa mhargadh leictreachais, chomh maith
le sreabhadh fisiceach an leictreachais.
FiGiúR 1.0: SreaBhaDh LeICTreaChaIS, FISICeaCh aGUS Sa MharGaDh.
Giniúint
Tarchuir
Dáileadh
Soláthar
Margadh Lán-iomaíochta
Monaplacht
Iomaíochtnach bhfuil
inmharthana go heacnamaíoch nó go sóisialta
Margadh Lán-iomaíochta
Margadh Mórdhíola- Díolann gineadoirí isteach ...
- Ceanaíonn solathróirí amach...
Margadh Miondíola- Bíonn solathróirí ag iomaíocht fá choinne
custaiméirí
- Athraíonn custaiméirí chuig solathróir a chuireann an
luach is fabhraí ar fáil
12
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
n Socruithe trádála mórdhíola reatha:
Tá an fhoireann giniúna taobh istigh den Rannóg
Giniúna agus Sábháilteachta sa CER, freagrach as
rialú na socruithe reatha atá ann do thrádáil
mórdhíola in Éirinn. Sa mhargadh reatha, ní
bhíonn gineadóirí ach ag díol a n-aschuir le
comhlacht soláthair amháin, faoi shocrú trádála
déthaobhach de ghnáth. Sa chuid is mó de na
cásanna, bíonn an gineadóir agus an soláthraí
araon faoi úinéireacht máthairchomhlachta
amháin. Mar shampla, díolann Giniúint
Cumhachta BSL an chuid is mó dá haschur le
Soláthar Custaiméirí BSL (SC BSL).
n an MLa: Tá an Rannóg Margaí Uile-Oileáin atá
taobh istigh den CER, freagrach as dearadh,
forbairt agus cur i bhfeidhm an MLA (Margadh
Leictreachais Aonair), i gcomhair le
comhghleacaithe an CER in oifig Rialtóir
Thuaisceart Éireann. Beidh an MLA ina mhargadh
leictreachais mórdhíola, nó socruithe trádála,
d’oileán na hÉireann. Ciallóidh sé gur féidir le
haon ghineadóir ar an oileán, a aschur cumhachta
a dhíol le soláthraí atá lonnaithe in áit ar bith eile
ar an oileán. Is athrú suntasach é seo ó na
socruithe trádála atá ann faoi láthair.
n Margadh an tsoláthair leictreachais: Tá Rannóg
Timpeallachta, Miondíola agus Gnóthaí
Tomhaltóirí (TMGT) an CER, freagrach as rialú a
dhéanamh ar chomhlachtaí soláthar leictreachais
atá ag oibriú sa mhargadh. Tá an margadh ar
oscailt go hiomlán d’iomaíocht ó Feabhra 2005,
rud a chiallaíonn gur féidir le comhlacht a bhfuil
ceadúnas soláthar leictreachais aige a bheith san
iomaíocht le haghaidh custaiméir leictreachais ar
bith. Tá an iomaíocht go láidir i measc úsáideoirí
móra leictreachais, ach tá an chuid is mó de na
custaiméirí tís á soláthar ag SLP BSL go fóill.
n Líonraí leictreachais: Is gá gréasáin leictreachais
a rialú ar bhealach eile i gcomparáid le rialú na
giniúna agus an tsoláthair leictreachais. Is é an
fáth atá leis seo ná go bhfuil na feidhmeanna
giniúna agus miondíola mar chuid den slabhra
soláthair, ina bhfuil sé indéanta margadh
iomaíoch, leachtach agus feidhmiúil a fhorbairt.
Ar thaobh eile na seithe, níl aon chiall le gréasáin
leictreachais a fhorbairt atá in iomaíocht lena
chéile. Bheadh an infheistíocht chaipitil a bheadh
ag teastáil, ró-mhór.
n Monaplachtaí nádúrtha: Ar na fáthanna seo,
féachtar ar ghréasáin leictreachais mar
mhonaplachtaí nádúrtha agus is gá iad a rialú dá
réir. Tá Rannóg na nGréasán Fuinnimh taobh
istigh den CER, freagrach as rialú an ghréasáin
leictreachais in Éirinn.
n Córais tarchuir agus dáilte: Go bunúsach, tá
dhá chineál de ghréasán leictreachais; an córas
tarchuir agus an córas dáilte. Déanann an córas
tarchuir tagairt do na sreanga ardvoltais a bhíonn
ag iompar leictreachais ó na stáisiúin giniúna atá
níos giorra don an ionad éilimh. Tá fo-stáisiúin
leictreachais lonnaithe ag “nóid” ar an ngréasán;
seo iad na pointí ag a bhfuil na claochladáin
lonnaithe, a laghdaíonn voltas an leictreachais go
dtí leibhéal atá níos oiriúnaí do riachtanais na
gcustaiméirí. Is ionann córas dáilte an leictreachais
mar sin agus na línte meán-voltais agus íseal-
voltais, a bhíonn ag iompar leictreachais ó fho-
stáisiún an chlaochladáin go dtí áitreabh
custaiméara. Tá pointí méadair lonnaithe ag
idirghabháil an chórais dáilte agus áitreabh an
chustaiméara, chun leibhéal an leictreachais atá in
úsáid ag an gcustaiméir a thaifeadadh.
n Úinéireacht líonra leictreachais: Tá na córais
tarchuir agus dáilte do leictreachas in Éirinn, faoi
úinéireacht Ghréasáin an BSL. Déantar tagairt don
chomhlacht seo mar Úinéir na Sócmhainne
Tarchuir (UST) agus Úinéir na Sócmhainne Dáilte
(ÚSD).
n Oibreoir Córais Tarchuir (TSO): Tá an córas
tarchuir leictreachais á oibriú ag comhlacht ar
leith darb ainm EirGrid. Déantar tagairt do EirGrid
mar Oibreoir an Chórais Tarchuir (TSO). Tá an
comhlacht seo freagrach as gineadóirí a thabhairt
isteach nó a bhaint ón gcóras, de réir mar a
mhéadaíonn nó a laghdaíonn an t-éileamh ar
leictreachas i rith an lae. Tá EirGrid freagrach
chomh maith as “Socrú”, arb ionann é agus an
cothromú idir na toirteanna a bhíonn á dtrádáil
idir na gineadóirí agus na soláthraithe tríd an
ngréasán tarchuir agus an t-airgead atá dlite don
trádáil seo.
13
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
n Oibreoir an Chórais Dáilte (OCD): Is é Líonraí
BSL, Oibreoir an Chórais Dáilte (OCD). Is ionann
an ról seo go príomha agus forbairt agus
cothabháil a dhéanamh ar an ngréasán
leictreachais ar meán-voltas agus voltas íseal,
ceangal na dtithe agus na ngnólachtaí nua,
méadrú úsáid an leictreachais agus billeáil na
soláthraithe do na toirteanna leictreachais a
dhíoltar.
Gás Nádúrtha
n Struchtúr an mhargaidh: Is gnách go mbíonn
margaí gáis ag feidhmiú i mbealach atá cosúil
leis na margaí leictreachais, le lastóirí gáis ag díol
gáis le soláthraithe a chuireann billí chuig na
custaiméirí don ghás a úsáidtear. Iompraítear an
gás trí ghréasán óna fhoinse (.i. gás na Mara
Thuaidh) go dtí a cheann scríbe (.i. stáisiún
cumhachta, gnólacht nó teaghlach).
n Margadh mórdhíola: Níl aon mhargadh
mórdhíola ann do ghás in Éirinn. Ina áit sin,
bíonn na lastóirí agus na soláthraithe gáis a
bhíonn ag feidhmiú in Éirinn, ag trádáil sa
mhargadh mórdhíola gáis sa RA. Ceannaítear gás
sa mhargadh seo agus iompraítear é go hÉirinn
trí idirnascaire ó Albain. Tá an phríomh-
fhreagracht as rialú na rialacha agus na nósanna
imeachta d’iompar an gháis go hÉirinn, ar
Rannóg na Líonraí Fuinnimh taobh istigh den
CER. Tá an tasc seo ag brath go mór ar na
rialacha atá i bhfeidhm sa RA.
n Margadh soláthair: Bíonn margadh an
tsoláthair gáis ag oibriú i mbealach atá cosúil le
margadh an tsoláthair leictreachais. Bíonn
soláthraithe gáis in iomaíocht lena chéile le
haghaidh custaiméirí, ar bhunús phraghas agus
chaighdeán na seirbhíse. Níl an margadh gáis ar
oscailt go hiomlán don iomaíocht go fóill agus is
é Soláthar Fuinnimh Bhord Gáis an soláthraí is
mó atá ann go fóill. Tarlóidh oscailt iomlán an
mhargaidh gáis, roimh 1 Iúil 2007, de réir
reachtaíocht an AE. Tá margadh an tsoláthair
gáis in Éirinn á rialú ag an Rannóg Timpeallachta,
Miondíola agus Gnóthaí Tomhaltóirí (TMGT) atá
taobh istigh den CER.
n Líonraí gáis: Bíonn córas tarchuir agus córas
dáilte i gceist le gréasáin gáis chomh maith .
Is monaplachtaí nádúrtha iad na gréasáin gáis
chomh maith, mar go mbíonn siad dian ar
chaipiteal. Tá Rannóg na nGréasán Fuinnimh atá
taobh istigh den CER, freagrach as rialú na
gcóras tarchuir agus dáilte do ghás in Éirinn.
n Córas tarchuir: Tá píblínte iompair
ríthábhachtacha i gceist le córas tarchuir gáis na
hÉireann agus seolann siad gás ar ard-bhrú chuig
na hionaid mór-éilimh.
n Córas dáilte: Is é an córas dáilte an gréasán
áitiúil de phíblínte a dhéanann gás a
sheachadadh ar fud na n-ionad éilimh agus
isteach i ngach pointe nasctha gáis (idir
theaghlach agus ghnó). Bíonn an gás á mhéadrú
ag an bpointe úsáide, mar a bhíonn san earnáil
leictreachais.
n Úinéireacht agus oibriú líonra: Is é Gréasáin
Bhord Gáis úinéir shócmhainn an ghréasáin in
Éirinn. Bíonn an comhlacht seo ag oibriú na
gcóras tarchuir agus dáilte in Éirinn chomh maith
(OCT – Oibreoir an Chórais Tarchuir, OCD –
Oibreoir an Chórais Dáilte).
15
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Rannóg an Mhargaidh Mórdhíola agus Giniúna 2006Príomh-Éachtaí i 2006
n Comhaontú Straitéise Sócmhainní CER-BSL
chun scair giniúna margaidh BSL a laghdú go
dtí 40% faoi 2010
n Athbhreithniú ar ioncaim fhormheasta PG an
BSL do 2007
n Monatóireacht agus anailís ar shlándáil
soláthair agus ar leor-dhóthanacht giniúna
n Foilsiú na Tuarascála don Choimisiún Eorpach
maidir le Slándáil Soláthair na hÉireann
n Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (OSP) do 2007
n Tús le socruithe chun aistriú ón margadh
mórdhíola reatha go dtí margadh MLA nua
Réamhrá
Tá an rannóg na Margaí Mórdhíola Eiseach agus
Giniúna freagrach as ucht an margadh mórdhíola
reatha a fheidhmiú, as slándáil na soláthairtí
leictreachais a chinntiú agus as Giniúint Cumhachta
BSL (PG BSL) a rialú, the gineadóir leictreachais is
mó in Éirinn. Beidh 2007 ar an mbliain thrádála
deiridh a bheidh ag an margadh mórdhíola
leictreachais reatha, de bhrí go mbeidh feidhm le
socruithe trádála an Mhargaidh Leictreachais Aonair
(MLA) nua ar 1 Samhain 2007.
An Margadh Mórdhíola Reatha
Socrácháin Reatha idirthréimhseacha um Thrádáil
Leag treoir bheartais a d’eisigh an tAire Fiontar
Poiblí chuig an CER, de réir Alt 9 (1) (a) den Acht
um Rialáil Leictreachais, 1999, síos na socruithe um
thrádáil reatha leictreachais in Éirinn.
Tá na rialacha maidir le feidhmiú an mhargaidh
leagtha amach sa Chód Trádála agus Socrúcháin,
arna forordú faoi I.R. 49 de 2000. Tá an Cód Trádála
agus Socrúcháin faoi réir ag athbhreithniú
leanúnach ón CER agus an painéal athbhreithnithe
a bhunaigh sé agus cathaoirligh (An Painéal
Athraithe um Chód Trádála agus Socrúcháin).
Sa mhargadh trasdula mórdhíola atá ann faoi láthair
déanann ginteoirí teagmháil dhíreach le soláthraithe
chun leictreachas a dhíol. Caitear le heasnamh nó le
hiomarca fuinnimh maidir leis na conarthaí seo tríd
an margadh neamhchothroime, áit a n-íoctar
leictreachas a dhíoltar isteach ar an margadh ag an
bpraghas Doirteadh, ach gearrtar Forphraghas ar
leictreachas a cheannaítear ón margadh.
Cód Trádála & Socrúcháin
Rinne an Coimisiún athbhreithniú i 2006 agus
rinneadh roinnt leasuithe ar roinnt de na rialacha a
bhaineann leis an socruithe trádála mórdhíola
reatha. Rinne an Coimisiún athbhreithniú go
háirithe ar rialacha, nósanna imeachta agus próisis
an Chóid a bhaineann le clúdach slándála, sonraí a
scaoileadh ar rannpháirtithe an mhargaidh agus ar
na rialacha chun an praghas doirteadh a leagan
amach. D’fhaomh an Coimisiún freisin próiseas
uathoibríoch a thabhairt isteach le haghaidh
athshocrúcháin.
Praghsanna Neamhchothroime Fuinnimh – Forphraghas agus Doirteadh
Bíonn an Coimisiún freagrach gach bliain faoi na
socrúcháin reatha as ríomh na bpraghsanna Iontrálaí
Nua is Fearr agus, ina dhiaidh sin, as na
forphraghasanna agus na praghsanna tánaisteacha
forbhreise.
Rinne an Coimisiún a athbhreithniú bliantúil ar an
BNE, Forphraghsanna agus na Praghsanna
Tánaisteacha Forbhreise agus deimhníodh na
praghsanna a bhí le cur i bhfeidhm do 2007.
Ríomhadh an praghas BNE ag 86.40 / MWh
(CER/06/148).
16
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
An Córas Giniúna – Feidhmíocht agus Monatóireacht
Tá an Coimisiún tiomanta a chinntiú go bhfuil córas
leictreachais na hÉireann sách sábháilte chun leasa a
chuid custaiméirí deiridh a chosaint. Baineann slándáil
an tsoláthair go bunúsach lena chinntiú go bhfuil
dóthain toilleadh giniúna ar fáil sa mhargadh chun an
buaicéileamh a chomhlíonadh gach lá den bhliain.
Feidhmiú an Chórais Ghiniúna
Bhí an Coimisiún i mbun dlúthmhonatóireachta ar
fheidhmiú an chórais ghiniúna, i dtéarmaí feidhmiú
agus infhaighteacht an líonra agus feidhmiú giniúna,
agus stáisiún giniúna nua a thógáil.
Ba ionann an buaicéileamh do 2006 agus 5,035 MW a
taifeadadh an 19 Nollaig 2006. Ba é sin méadú de
4.9% thar an mbuaic a taifeadadh do 2005. In ainneoin
an ráta ard sin, d’fhan an córas leictreachais slán i
2006 agus coinníodh corrlach giniúna os cionn an
méid a theastaigh chun an t-éileamh a chomhlíonadh.
Taispeánann an chairt thíos an treocht san fhás ar
bhuaicéileamh an chórais ó 2000 go dtí 2006.
Tháinig athrú mór ar thoilleadh stáisiún na hÉireann i
2006, i ndiaidh coimisiúnú a dhéanamh ar dhá stáisiún
giniúna móra ag Eachinis/Sealrock agus Tíne, rud a
chuir beagnach 550MW de thoilleadh giniúna inseolta
nua leis an gcóras. Tógadh na stáisiúin sin i ndiaidh
comórtais a d’eagraigh an Coimisiún d’fhonn slándáil
na soláthairtí leictreachais a chosaint. Cuirfidh an dá
stáisiún seo le chéile 10% de thoilleadh giniúna breise
le córas na hÉireann.
Monatóireacht an Chórais Ghiniúna
Tá an Coimisiún ag leanúint lena mhonatóireacht ar
choinníollacha reatha an chórais agus na coinníolacha
a bhfuiltear ag súil leo amach anseo. I gcomhar le
EirGrid, déanann an CER monatóireacht
chuimsitheach chun cuidiú le haon saincheisteanna a
mbíonn éifeacht acu ar slándáil an tsoláthair a aithint
go luath ionas go féidir aon bhearta riachtanacha a
ghlacadh.
Maidir le monatóireacht ar bhonn níos gearrthéarmaí,
tá próiseas monatóireachta seachtainiúil ag an
gCoimisiún agus próiseas monatóireachta laethúil
uaireanta áit a dtagann saincheisteanna móra chun
cinn maidir leis an gcóras. Foilsítear tuarascáil
sheachtainiúil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin
(www.cer.ie) a thugann eolas faoi fheidhmiú an
chórais ghiniúna.
Maidir le monatóireacht níos fadtéarmaí, cuireann an
Coimisiún tuarascáil le chéile gach dhá bhliain ar an
monatóireacht a dhéanann sé ar Shlándáil an
tSoláthair. Táirgítear an tuarascáil sin de réir
M W
Buaicéileamh (MW)
3000
2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006
4000
5000
6000
FiGiúR 2.0: FÁS I MBUaICÉILeaMh 2000 - 2006
17
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
cheangaltas na Treorach Uimh. 2003/54/CE agus
Ionstraim Reachtúil Uimh. 60 de 2005. Sa tuarascáil,
déanann an Coimisiún cur síos ar a chuid
gníomhaíochtaí monatóireachta, cuireann sé na
conclúidí ón monatóireacht sin i láthair agus na
bearta atá á nglacadh, nó atáthar chun a ghlacadh,
chun slándáil soláthar leictreachais na hÉireann a
chosaint.
Rinne an chéad cheann de na tuarascálacha sin, a
foilsíodh i mí Lúnasa 2006, imscrúdú ar na príomh-
réimsí a bhaineann le breosla, líonraí, giniúint agus
éileamh. D’aithin an tuarascáil roinnt
saincheisteanna lárnacha a mbeidh éifeacht acu ar
shlándáil soláthairtí leictreachais na hÉireann sna
blianta seo romhainn. Thug an Coimisiún roinnt
bearta isteach chun na saincheisteanna sin a
bhainistiú agus chun slándáil an tsoláthair a
chosaint.
Go meán - fadtéarmach, feabhsófar slándáil an
tsoláthair le forbairt an idirnascaire leictreachais
bhreise agus le forbairt an Mhargaidh Leictreachais
Aonair, agus an dearcadh uile-oileáin maidir le
slándáil an tsoláthair a bheidh mar thoradh air.
Meascán Breosla in earnáil Giniúna na hÉireann
Thug an tuarascáil faoin slándáil soláthair cuntas ar
an meascán breosla reatha in earnáil giniúna na
hÉireann. Thug na torthaí le fios go rabhthas ag
brath go láidir ar bhreoslaí iontaise allmhairithe mar
gás nádúrtha, gual agus ola chun ár leictreachas a
ghiniúint. Déantar trádáil ar na breoslaí sin go léir ar
mhargaí mórdhíola idirnáisiúnta atá leochaileach. Tá
an iontaofacht seo ar bhreoslaí iontaise allmhairithe
ar cheann de na príomh-chúiseanna go bhfuil
praghsanna leictreachais na hÉireann sách ard i
gcónaí i gcomparáid le go leor tíortha eile as an AE.
Tugann an tábla thíos leide dúinn faoin stáisiún
suiteáilte, de réir breosla, don bhliain 2006:
TÁBLA 1.0: MeaSCÁN BreOSLa aGUS TOILLeaDh GINIÚNa SUITeÁILTe 2006
Cineál Breosla MW % den Iomlán
Suiteáilte MW
Gás 3111 45%Gual 858 13%Ola 1014 15%Hidrea Inseolta 508 7%Móin 346 5%Neamh-inseolta* 1007 15% Iomlán 6843
* Áirítear le neamh-inseolta gaoth, (12%) agus hidrea, bithmhais, CTÉ agus giniúint thionsclaíoch (3% i gceist anseo)
Foinse: Tuarascáil an CER do Choimisiún an AE ar Shlándáil an tSoláthair Leictreachais
Tugann an tábla le fios gurb iad gás, gual agus ola
na príomh-bhreoslaí de réir toilleadh shuiteáilte
(ionann le 73% den toilleadh suiteáilte agus 86% de
thoilleadh inseolta). Tugann imscrúdú ar an aschur
giniúna i ndáiríre tuairim faoin cheannasaíocht gáis
agus guail sa chóras giniúna (féach Figiúr 3.0 thíos):
FiGiúR 3.0: MeaSCÁN BreOSLa I GCÓraS GINIÚNa Na hÉIreaNN (2005)
Gás 44%
Ola 13%
ÁbhairInathnuaithe 8%
Móin 10%
Gual 25%
18
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Comhaontú chun Scair Margaidh BSL a Laghdú san Earnáil Giniúna Cumhachta
D’aontaigh an Coimisiún pacáiste bearta i mí na
Samhna 2006 le Giniúint Cumhachta BSL (ESBPG) a
d’fheicfeadh scair na cuideachta den mhargadh giniúna
leictreachais laghdaithe go dtí thart ar 40% faoin
mbliain 2010. Déantar tagairt den chomhaontú sin mar
Chomhaontú “Straitéis Sócmhainní CER–BSL” agus tá
cur i bhfeidhm an chomhaontaithe sin ar cheann de
phríomh thosaíochtaí an CER do 2007.
Tá foráil sa chomhaontú seo don phacáiste bearta seo
a leanas:
1. Dúnfaidh nó tógfaidh BSL 1,300 MW den stáisiún
cumhachta atá acu faoi 2010. Léiríonn sé beagnach
30% de thoilleadh giniúna reatha BSL. Déanfaidh an
Coimisiún maoirsiú ar an bpróiseas, ag cinntiú go
ndúntar nó go dtógfar na stáisiúin meán-fiúntacha
cuí chun cumhacht margaidh BSL a laghdú;
2. Díolfaidh BSL stáisiún buaic-thoilleadh (208 MW ar
an iomlán), lena n-áirítear suímh agus bonneagar,
ag Ród, Co. Uíbh Fhailí agus Tawnaghmore, Co.
Mhaigh Eo, i 2007;
3. Cuirfear an suíomh ag stáisiúin Dhroichead na
Sionainne agus Béal Átha Liag ar an margadh do
Ghineadóirí Neamhspleácha, i 2007, chun stáisiún
giniúna nua a thógáil agus a nascadh;
4. Cuirfidh BSL suímh nua ar fáil le toilleadh 300 MW
faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2007 agus 700
MW breise faoi 2010.
Comhaontófar plean feidhmiúcháin shonraithe maidir
leis an gclár bearta thuas faoi dheireadh mhí an
Mheithimh 2007. Áireofar leis sin na stáisiúin nó na
suímh áirithe a bheidh le dúnadh nó le tógáil a aithint
chomh maith leis an uair a dtarlóidh na rudaí sin.
Mar achoimre, beidh banc-talún suntasach de shuímh
“a bheidh réidh le giniúint” ar fáil faoi 2010 mar
thoradh ar na bearta seo do Tháirgeoirí Cumhachta
Neamhspleácha chun scair BSL a fhorbairt, chomh
maith lena laghdú sa mhargadh giniúna.
Agus mar chúiteamh ar fheidhmiú an phacáiste
bearta seo, d’aontaigh an Coimisiún tógáil stáisiún
cumhachta nua ~400MW a thógáil a údarú ag
Áth Fhada, Co. Chorcaí. Tá sé de chead ag an CER
díolachán an stáisiúin sin ó BSL a threorú mura mbeidh
dóthain dul chun cinn déanta sa chlár bearta thuas
chun scair margaidh BSL a laghdú. Bronnadh an t-
údarú sin i mí Feabhra 2007.
Is céim mhór chun cinn é an comhaontú seo ó thaobh
forbairt iomaíochta a éascú sa mhargadh leictreachais
in Éirinn. Anuas air sin, mar thoradh ar na bearta seo
beidh BSL níos sruthaithe agus níos éifeachtúla agus
beidh margadh a bheidh ag feidhmiú níos fearr in
Éirinn, ar mhaithe le custaiméirí leictreachais.
Formheas ioncaim PG an BSL
Ó 2001 i leith, tá an t-ioncam is féidir le Giniúint
Chumhachta BSL a thuilleamh as díolachán
leictreachais le Soláthar Leictreachais Poiblí BSL (SLP),
chun a chostais cheadaithe a chlúdach, formheasta ar
bhonn bhliantúil ag an gCoimisiún. Tá an t-ioncam
incheadaithe is féidir le GC BSL a shaothrú socraithe ar
bhonn /MWh, ar a dtugtar an praghas mórdhíola PG-
SLP BSL, a bhfuil próifíl de ar fáil bunaithe ar an am
den lá agus séasúir. Is príomh-phraghas é seo mar
gheall ar a thionchar ar phraghas deiridh an
leictreachais a fhaigheann custaiméirí SLP BSL.
I rith 2005 rinne an Coimisiún athbhreithniú
cuimsitheach ar an ioncam is féidir le PG BSL a fháil as
SLP BSL i 2006 agus 2007, sula gcuirtear tús leis an
MLA. Bhí athbhreithniú ar chostais instiúrtha PG BSL
san áireamh, ar nós párolla agus dímheas, chomh
maithe le costais ar nós árachas agus breosla atá
stiúrtha ag an margadh.
Tháinig mórthearc aisghabhála costais dar luach 151
milliún chun cinn le linn 2005 agus 2006. Ba é an
príomh-stiúrthóir taobh thiar den aisghabháil seo ná an
méadú mór gan choinne a tharla de phraghsanna
breosla le linn na mblianta sin. Ba ionann costais
bhreosla PG BSL le linn 2005 agus 2006 agus thart ar
358 milliún níos mó ná a bhí measta i 2005. Rinne
ioncam níos airde ó rannpháirtithe neamhspleácha sa
mhargadh, mar shampla trí dhíolacháin Forphraghais
agus caiteachas ollchóirithe níos ísle, frith-áireamh a
bheag nó a mhór ar an gcostas breosla níos airde. Mar
sin féin, á ghlacadh sin agus costais eile níos ísle san
áireamh, bhí easnamh suntasach ann a bhí le
19
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
haisghabháil i dtaraifí 2007. Shocraigh an Coimisiún
cead a thabhairt do PG BSL an t-easnamh de 151
milliún a aisghabháil thar na chéad 10 mhí de 2007,
sula cuireadh tús leis an MLA.
Chuidigh sé sin le hioncam incheadaithe do PG BSL
ó SLP BSL do 2007 dar luach 778.8 milliún
(CER/06/203). Soláthraíodh Costais Cheadaithe agus
costais Ioncaim 2007 bunaithe ar 10 mhí suas go dtí
an dáta forfheidhmithe don MLA ( Samhain 2007).
Mar thoradh air bhí méadú ar phraghas mórdhíola
leictreachais PG-SLP BSL ó 2006 go 2007 de 20% go
dtí 106.4/MWh.
Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí
Tá an Oibleagáid Seirbhís Poiblí (OSP) leagtha ar BSL
ó Eanáir 2003 i leith agus leasaíodh é ó am go ham
ón uair sin. Leagann sé de dhualgas ar SLP BSL foinsí
cumhachta a fháil ó stáisiúin dhúchasacha shonracha
ina measc foinsí móna, inathnuaite agus inmharthana
eile. Déanann an Coimisiún an costas breise a
bhaineann leis seo a ríomh agus faightear ar ais é i
bhfoirm tháille breise ar a bhille gach custaiméara.
Tá an dleacht OSP leagtha ag an gCoimisiún faoin
Acht um Rialáil Leictreachais 1999 (Oibleagáidí
Seirbhíse Poiblí), Ordú 2002 (I.R. Uimh. 217 de 2002).
Chomh maith leis sin clúdaíonn an dleacht OSP na
costais bhreise don BSL a bhaineann leis an mbuaic-
thoilleadh atá de dhíth chun freastal ar éileamh
leictreachais chomh maith leis na costais riaracháin
a bhaineann le bailiú an dleachta.
Chomh luath is a cheadaíonn an Coimisiún iad,
leithroinntear na costais bhreise seo i measc na
gcustaiméirí deiridh bunaithe ar an uaséileamh a
bhaineann le gach catagóir de chuntais custaiméirí tí,
beaga/meánacha agus custaiméirí móra. Feictear an
OSP mar mhír líne ar leithligh ar bhillí na gcustaiméirí
deiridh.
Cheadaigh an Coimisiún an suim iomlán a bhí
le haisghabháil tríd an dleacht seo i 2006
(CER/06/147) mar 2,786,166, i gcomparáid le figiúr
de 44,173,042 don bhliain 2006. Tharla an difríocht
sin den chuid is mó mar gheall ar mhéadú sa
Phraghas Iontrálaí Nua Is Fearr agus ríomhtar na
costais bhreise a bhíonn le haisghabháil trí dleacht
OSP in aghaidh an Phraghais sin. Agus é i mbun
machnaimh ar leibhéal na gcostas a bhí le
haisghabháil tríd an dleacht OSP i 2007 agus an
dleacht an-íseal a bhí mar thoradh air, shocraigh an
Coimisiún an dleacht do 2007 a shocrú ag neamhní.
Tá sé sin socraithe ar an mbunús nach mbeadh an
obair riaracháin a bhainfeadh leis an dleacht a bhailiú
ó gach custaiméir trom i gcomparáid leis na costais a
bheadh le haisghabháil. Cuirfear costais OSP ar
aghaidh chuig costais cheadaithe OSP na bliana ina
dhiaidh sin (2008).
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
21
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Rannóg na Margaí Uile Oileáin 2006
Príomh-Éachtaí i 2006
n Foilsíodh leagan 1.0 den Chód Trádála agus
Socrúcháin don MLA i Feabhra 2006
n Straitéis maidir le Maolú Cumhachta Margaidh
don MLA in Aibreán 2006
n Athchalabrúchán ar dháta seachadta MLA i mí
Lúnasa 2006 lena chinntiú go raibh gach
rannpháirtí agus geallsealbhóir ullmhaithe
n Cinneadh maidir le Meicníocht Íocaíochta
Toilleadh i mí Iúil 2006
n An chéad chomhairliú maidir le Coinníollacha
do Cheadúnas Oibreoirí an Mhargaidh i Meán
Fómhair 2006
n Tionscnaíodh Bille an Mhargaidh Leictreachais
Aonair san Oireachtas i mí na Samhna 2006
n Foilsíodh Ordú Thuaisceart Éireann le haghaidh
comhairliú i Samhain 2006
Réamhrá
Feidhmíonn Rannóg na Margaí Uile Oileáin go
heisiach laistigh den CER chun an Margadh Fuinnimh
Uile Oileáin a fhorbairt. Oibríonn an Rannóg i
gcomhpháirtíocht le hÚdarás um Rialú Fuinnimh
Thuaisceart Éireann (NIAER) ar an bpríomh
thionscnamh beartais seo.
Is é an chéad dualgas a bhaineann le Margadh
Fuinnimh Uile-Oileáin (AIEM) a fhorbairt ná an MLA
a fhorbairt (Margadh Leictreachais Aonair). Ciallaíonn
sé sin socruithe trádála leictreachais mórdhíola nua a
bhunú d’oileán na hÉireann. Is é an príomh-stiúrthóir
taobh thiar de bhunú an MLA ná iomaíochas
mórdhíola a chur chun cinn idir gineadóirí ar fud na
hÉireann agus Thuaisceart Éireann agus na buntáistí
gaolmhara a bheidh ann do chustaiméirí sa dá
dhlínse.
Bhí tábhacht le 2006 sa mhéid go rinneadh forbairt
bhreise ar an MLA, le dul chun cinn suntasach déanta
ar shruthanna oibre deartha agus forfheidhmiúcháin
an MLA. Rinne an Coimisiún agus an NIAER cinneadh
tábhachtach freisin maidir leis an dáta a rachadh an
MLA beo i mí Lúnasa 2006. Rachaidh an MLA beo an
1 Samhain 2007, seachas 1 Iúil 2007 mar a bhí tugtha
le fios roimhe sin. Rinne na hÚdaráis Rialála an
cinneadh sin lena chinntiú go raibh na rannpháirtithe
agus na geallsealbhóirí go léir ullmhaithe. Ní cóir
beag is fiú a dhéanamh den tábhacht a bhaineann le
forbairt an MLA do phróiseas saoirse an mhargaidh
agus tá an dá rialtóir muiníneach go bhfuil an
tráthchlár forfheidhmiúcháin don MLA ceart lena
chinntiú go ndéantar seachadadh rathúil ar an
margadh nua.
Cúlra an Tionscadail Uile-Oileáin
Thionscnaigh an tAire Cumarsáide, Mara agus
Acmhainní Nádúrtha in Éirinn agus an tAire Fiontar,
Trádála agus Infheistíochta i dTuaisceart Éireann an
Margadh Fuinnimh Uile-Oileáin i 2003 trí Grúpa
Stiúrtha Margaidh Fuinnimh Uile-Oileáin a bhunú.
Cuimsíonn an grúpa stiúrtha seo ionadaithe as an dá
roinn rialtais agus freisin an Coimisiún agus an NIAER.
Leagadh amach spriocanna an AIEM le foilsiú na
Cáipéise Creatlaí Forbartha i mí na Samhna 2004.
Leagann an phríomh-cháipéis beartais seo amach
spriocanna straitéiseacha an AIEM agus freisin na
tosaíochtaí gearr agus meán-téarmacha a gcaithfear
aghaidh a thabhairt orthu, iad seo a leanas ina
measc:
n bonneagar margaidh agus líonra;
n socruithe agus infheistíocht trádála margaidh;
n ceannaireacht agus cumhacht an mhargaidh;
n forbairt inbhuanaithe;
n dearadh reachtúil agus riaracháin;
n dearadh margaidh miondíola.
22
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
An Margadh Leictreachais Aonair (MLA)
Shínigh an dá rialtóir Meabhrán Tuisceana (MOU) i
Lúnasa 2004, ag leagan amach na bprionsabal faoi
bhféadfaí margadh leictreachais mórdhíola coitianta
a fhorbairt. Is é an MLA an chéad táirge
insoláthartha ollmhór den AIEM. Ar an 1 Samhain
2007 cuirfear deireadh le socruithe margaidh
leictreachais reatha agus cinn ar leithligh in Éirinn
agus i dTuaisceart Éireann faoi seach agus tiocfaidh
margadh aonair nua ina áit ar an oileán trí chéile.
Is tionscadal úrnua ar fud an dá dhlínse é forbairt
an MLA.
Forbairt an MLA: Go dtí seo
TÁBLA 2.0: SONraÍ FOrBarTha aN MLa
Gné MLa Sonraí ForfheidhmiúcháinLuath Dhearadh an
MLa
Thug na hÚdaráis Rialála próiseas comhairlithe fhorleathan chun críche go luath
i 2005 agus tógadh cinneadh ina dhiaidh sin ar dhearadh ardleibhéil an
mhargaidh. Foilsíodh dréacht den dearadh, atá difriúil ó shocruithe a bhí in Éirinn
agus i dTuaisceart Éirinn i mí Mhárta 2005 (AIP/SEM/06/05). Ina dhiaidh sin
tháinig an Cinneadh Pháipéir ar an Dearadh Ardleibhéil i Meitheamh 2005 (AIP/
SEM/42/05).Gnéithe den Dearadh n Leagann an cinneadh amach go mbeidh an MLA mar chomh-dhearadh
éigeantach áit a gceannófar agus a ndíolfar an leictreachas ar fad trí chiste
lárnach.
n Beidh leibhéal de minimus (10MW) i gceist, agus ní bheidh dualgas ar
ghineadóirí díol isteach sa chiste má théitear faoin leibhéal sin.
n Is é an t-Oibreoir Margaidh Aonair (SMO) a leagfaidh amach an ghiniúint ar
thairiscintí a chuirfidh gineadóirí isteach agus seolfaidh Oibreoirí an Chórais
iad sin amach ansin. Ciallaíonn sé sin go mbeidh an ghiniúint is ísle costais
socraithe chun an t-éileamh a chomhlíonadh in aon tréimhse trádála
leathuaire.Socrú an Mhargaidh Socrófar an margadh ar bhonn leathuaire agus gheobhaidh gach gineadóir
sceidealta Praghas Imeallach an Chórais (SMP) chun a gcuid costais imeallacha
gearr-thréimhseacha a chlúdach.Meicníocht Íocaíochta
Toilleadh
Beidh Meicníocht Íocaíochta Toilleadh ann agus leis sin íocfar ranníocaíocht le
gineadóirí anuas ar a gcuid costais seasta bunaithe ar an bhfáil a bheidh orthu
chun giniúna.Srianta tarchuir Leagfar an margadh amach ar bhonn neamhsrianta ach ar ndóigh beidh srianta
ar na córais. I gcásanna den sórt sin gheobhaidh na gineadóirí íocaíochtaí as iad
a ghlacadh nó a dhiúltú ag amanna a mbeidh srianta i bhfeidhm.Cód Trádála &
Socrúcháin
Tabharfar sainmhíniú agus bonn taca don mhargadh sa Chód Trádála agus
Socrúcháin, an conradh a leagann amach na rialacha, oibleagáidí agus dliteanais
trádála go léir.Cumhacht an
Mhargaidh
Cuid thábhachtach eile den MLA a bheidh i Straitéis Maolaithe Cumhachta an
Mhargaidh. Cuirfidh an straitéis sin teorainn le gineadóirí a mbeidh sciar mhór
den mhargadh acu chun an SMP a dhíchumadh agus cumhacht margaidh a
chleachtadh a bheadh díobhálach do rannpháirtithe eile agus go bunúsach do
chustaiméirí.Beartas Tarchurtha Le forbairt an MLA feicfear freisin comhbheartas nasctha tarchurtha éadomhain
ar bhonn uile-oileáin a bhí mar thiománaí ag go leor cinntí a bhain le cúrsaí
tarchurtha.
23
Tugann an léaráid thíos cuntas ar dhearadh an
Chiste MLA ag an ardleibhéal, ag tabhairt le fios go
ndíolfar agus go gceannófar an leictreachas ar fad
amach as ciste aonair chomh maith le conarthaí
fálaithe chun an riosca a bhaineann le luaineachtaí
praghsanna an chiste a mhaolú.
Pléitear gach gné den MLA thíos le cur síos ar an
dul chun cinn a rinneadh le linn 2006.
An Creatlach Reachtaíochta
Tá tábhacht ollmhór leis go mbeadh reachhtaíocht
chomhthreomhar mar bhonn taca ag an MLA sa dá
dhlínse. Le linn 2006, rinneadh dul chun cinn maith
ó thaobh dréacht reachtaíocht MLA a fhorbairt sa
dá dhlínse. Tá reachtaíocht in Éirinn agus i
dTuaisceart Éireann mar thaca le tabhairt isteach an
MLA - “Bille um Rialáil Leictreachais (Leasú)
(Margadh Leictreachais Aonair) 2006” nó “Bille
MLA” agus an tOrdú sa Chomhairle, an “tOrdú
Leictreachais do Thuaisceart Éireann (Margadh
Leictreachais Aonair) 2007 (Samhain 2006)” nó
“Ordú TÉ”- ag dul tríd an bpróiseas reachtúil san
Oireachtas agus i Westminster faoi seach go luath i
2007.
Beidh foráil sa SMLA go sonrach le haghaidh, inter
alia, iad seo a leanas:
n Coiste um Mhargadh Leictreachais Aonair (an
Coiste MLA) a bhunú;
n dualgais agus feidhmeanna an Choimisiúin
maidir leis an Margadh Leictreachais Aonair;
n cumhachtaí sonracha a sholáthar chun ceadúnas
d’Oibreoir Margaidh Leictreachais Aonair a
eisiúint d’fhonn feidhmiú an MLA a éascú;
n cumhachtaí idirthréimhseacha/rialála chun
athruithe a dhéanamh ar choinníollacha
ceadúnais a mheastar a bheith riachtanach/
caoithiúil do thabhairt isteach an MLA;
n foráil don CER ráiteas muirear ó oibreoir an
mhargaidh a fhormheas agus;
n socruithe agus comhaontuithe a bhaineann le
líonraí tarchurtha uile-oileáin a nascadh agus a
úsáid.
Táthar ag súil an Bille MLA a achtú i 2007 chomh
luath is a rachaidh sé trí dhá theach an Oireachtais.
Anailís Costais is Tairbhe ar an MLA
Rinne na hÚdaráis Rialála anailís costais is tairbhe
iomlán ar an MLA i 2006 (AIP/SEM/207/06). Bhí an
tuarascáil den tuairim go mbeidh iomaíochas níos
fearr, cumhacht margaidh laghdaithe, coigiltis
chomhshaoil, comhordú níos fearr ar an oibríocht
tarchurtha agus éifeachtacht níos fearr ar institiúidí
rialála ó thaithí mar gheall ar an MLA, gan trácht ar
na buntáistí eacnamaíochta a bhainfidh leis.
D’fhéach an tuarascáil seo ar scóip ama 10 mbliana
ag cur an MLA i gcomparáid le cnámh scéil de ghnó
mar is gnáth áit a mbeidh na struchtúir reatha fós in
Éirinn agus i dTuaisceart Éireann.
Cód Trádála & Socrúcháin
Beidh an Cód Trádála agus Socrúcháin (T&SC) mar
ghné lárnach de na socruithe MLA, is é sin an
conradh iltaobhach a gcaithfidh siad seo a leanas a
bheith bainteach leis:
(a) gach páirtí ag ceannach fuinnimh nó ag díol
fuinnimh leis an gCiste; agus
(b) Oibreoir an Chórais Tarchurtha (ina chumas féin
agus ina chumas mar pháirtí ag an
gcomhfhiontar conartha a chuimseoidh an
tOibreoir Margaidh Aonair), Oibreoir an Chórais
Dáilte agus Úinéir na Sócmhainne Tarchurtha i
ngach ceann den dá dhlínse, agus na Soláthróirí
Sonraí Méadracha a sholáthraíonn seirbhísí
méadraithe do na tionscail leictreachais faoi
seach.
FiGiúR 4.0: DearaDh MLa
Giniúint Tarchur Dáileachán Soláthar
Conarthaí Fálaithe Airgeadais
Ciste
CPM
24
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Leagfaidh an T&SC amach go sonrach agus le
dóthain cruinnis na cearta agus na hoibleagáidí a
bhainfidh le gach páirtí faoin MLA agus beidh
seasamh aige mar thaifead bríomhar dleathach agus
ceangailteach de na socruithe trádála MLA.
Foilsíodh leagan 0.10 den T&SC go déanach i 2005,
agus aontaíodh é idir na hÚdaráis Rialála agus
Oibreoirí an Chórais chun an bunús a leagan síos
den tsonraíocht a úsáidtear chun córas TF an
mhargaidh láir a chur ar fáil. I ndiaidh
comhairliúcháin phoiblí maidir le leagan 0.10 agus
leasú na cáipéisí chun léiriú níos fearr a thabhairt ar
na socruithe trádála atá molta, foilsíodh leagan 1.0
den T&SC an 15 Feabhra 2006.
Tá próiseas rialaithe athraithe foirmiúil bunaithe idir
na hÚdaráis Rialála agus Oibreoirí an Chórais chun
athruithe molta ar an T&SC a bhainistiú agus a
chomhordú.
Anuas air sin, chuir comhairleoirí dlí na nÚdarás
Rialála tús le hathbhreithniú sonraithe ar leagan 1.0
den T&SC go déanach i 2006 lena chinntiú go bhfuil
an cháipéis láidir ar bhonn dlíthiúil agus go
bhféadfar í a chur i bhfeidhm go hiomlán de réir a
cuid téarmaí.
Maolú Cumhachta Margaidh
Agus an MLA á fhorbairt, is eol do na hÚdaráis
Rialála go bhfuil gá a chinntiú nach féidir le haon
rannpháirtí ar an margadh mí-úsáid a bhaint as
cumhacht an mhargaidh agus beag is fiú a
dhéanamh de bhuntáistí an MLA. Leis sin, rinne na
hÚdaráis Rialála forbairt ar straitéis chun cumhacht
an mhargaidh a mhaolú. D’fhoilsigh na hÚdaráis
Rialála a gcinneadh ar Mhaolú Cumhachta Margaidh
(AIP/SEM/31/06) sa MLA in Aibreán 2006, i ndiaidh
comhairliúcháin. Leag an cinneadh sin amach na
huirlisí a úsáidfidh na hÚdaráis Rialála chun
cumhacht an mhargaidh a mhaolú. Tá cur síos
déanta orthu sin thíos:
TÁBLA 3.0: CUMhaChT aN MharGaIDh a MhaOLÚ Sa MLa
Meicníocht maidir le
Maolú Cumhachta
Margaidh
Cur Síos ar an Meicníocht
1) Conarthaí
Treoraithe
Éilítear ar ghineadóirí le scaireanna móra den mhargadh cumhacht a dhíol ar
aghaidh i dtoirteanna agus teacht le modheolaíochtaí praghsanna atá leagtha
síos ag na hÚdaráis Rialála. Beidh cainníochtú na gconarthaí seo bunaithe ar
chomhchruinniú na ngineadóirí sa mhargadh.
2) Prionsabail
Tairisceana agus
Cumhacht
Margaidh Áitiúil
Éilíonn prionsabail tairisceana ar ghineadóirí tairiscint a dhéanamh ar a
gcostais imeallacha gearrthréimhseacha isteach sa mhargadh.
3) Imfhálú Neartaithe D’fhoilsigh na hÚdaráis Rialála tuarascáil neamhspleách ar shocruithe
imfhálaithe don MLA i 2006 (AIP/SEM/91/06). Déanann imfhálú tagairt
d’fheidhmiú neamhspleách aonaid ghnó dhifriúla den chuideachta chéanna.
Bhí an tuarascáil seo den tuairim go bhfuil na ceangaltais imfhálaithe giniúna
atá i bhfeidhm faoi láthair réasúnach agus le foramharc rialála, gur leor iad
chun aghaidh a thabhairt ar imní maidir le tras-fordheonú agus cóir
fhabhrach.
4) Monatóireacht ar
an Margadh
Cuirfear monatóir margaidh i bhfeidhm a bheidh neamhspleách ar
rannpháirtithe uile an mhargaidh agus beidh feidhm thuairiscithe aige do na
hÚdaráis Rialála. Beidh sé mar fheidhm aige monatóireacht a dhéanamh ar
an margadh lena chinntiú go mbeidh sé iomaíoch.
25
Bunú Oibreoir an Mhargaidh
Éilíonn an dearadh MLA ar tugadh cuntas air i
gcinneadh-pháipéar ardleibhéal 2005 go mbeadh
Oibreoir Margaidh Aonair i bhfeidhm chun an
margadh a leagan amach, íocaíochtaí iontrála a
shocrú agus sreafaí-airgid eile a bhaineann leis an
margadh a riaradh. Lena chinntiú go rachaidh an
MLA beo i gceart ar an 1 Samhain 2007, caithfear an
MLA a bhunú sula gcuirfear tús le Trialacha an
Mhargaidh i mí Iúil 2007.
Leis sin, tá ceadúnais d’oibreoirí an mhargaidh
dréachtaithe ag na hÚdaráis Rialála a leagann
oibleagáidí ar SONI Limited (“SONI”) agus EirGrid
plc (“EirGrid”) agus a éilíonn orthu Comhaontú
d’Oibreoir an Mhargaidh a dhéanamh chun críche
an gnó SMO a bhunú agus a chur i bhfeidhm.
Foilsíodh na ceadúnais sin le haghaidh comhairliú
phoiblí.
Tá rialacha sonraithe chun an SMO a bhunú agus a
chur i bhfeidhm athsoiléirithe freisin agus san
áireamh i gCód Trádála agus Socrúcháin an MLA.
Anuas air sin, d’oibrigh an hÚdaráis Rialála i
gcomhar le SONI agus EirGrid lena chinntiú go
mbeidh na córais a éilíonn an SMO i bhfeidhm sula
gcuirfear tús le trialacha an mhargaidh i mí Iúil 2007.
Leag na hÚdaráis Rialála síos réamhthuairimí ar
rialúchán an SMO freisin le linn 2006.
Ullmhacht Rannpháirtithe an Mhargaidh
Beidh ullmhacht rannpháirtithe chun dul i mbun an
mhargaidh nua go hiomlán mar fhachtóir suntasach
sa chinneadh chun an MLA a dhéanamh beo.
Luíonn an fhreagracht maidir le hullmhacht
rannpháirtithe le gach rannpháirtí aonair ar an
margadh. Mar sin féin, is faoi na hÚdaráis Rialála a
bheidh sé a chinntiú go mbeidh an t-eolas ag na
rannpháirtithe a bheidh ag teastáil uathu chun tacú
lena gcuid gníomhaíochtaí ullmhachta inmheánacha.
Chun feidhmiú laistigh den MLA, caithfidh
rannpháirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid
próiseas gnó reatha agus ar na córais TF a bheidh
riachtanach chun tacú leis na próisis sin. Caithfidh
móramh na ngníomhaíochtaí ullmhachta sin a
bheith tugtha chun críche faoin 16 Iúil 2007, d’fhonn
a bheith rannpháirteach i dTrialacha Margaidh MLA.
Caithfidh an chuid eile de na gníomhaíochtaí
ullmhachta a bheith comhlánaithe sula gcuirfear tús
le feidhmiú tráchtála iomlán an MLA ar an 1
Samhain 2007.
D’fhonn iarrachtaí Ullmhachta Rannpháirtithe a
éascú, tá roinnt bealaí cumarsáide leagtha síos ag na
hÚdaráis Rialála agus ag Oibreoirí an Chórais le
rannphártithe. Is iad na Sainghrúpaí na
príomhbhealaí cumarsáide, atá bunaithe chun
ionchur a fháil ó rannpháirtithe agus eolas a roinnt
ar chlár forbartha an MLA. Bhí ról suntasach ag na
grúpaí sin i bhforbairt dhearadh an MLA.
Sruthanna oibre tarchurtha leictreachais MLA
Thionscnaigh na hÚdaráis Rialála agus rinne siad dul
chun cinn ar roinnt sruthanna oibre a bhaineann le
comhchuibhiú na líonraí tarchurtha leictreachais
agus rialacha tarchurtha i 2006. I measc na
sruthanna oibre sin tá cur chuige comhordaithe a
fhorbairt maidir le pleanáil an chórais ó thuaidh agus
ó theas den teorainn, comhchodanna a chur le
chéile de chód Greille agus comhchuibhiú ar
sheirbhísí coimhdeacha. Anuas air sin déanfaidh na
hÚdaráis Rialála forbairt freisin ar fhachtóirí
coigeartaithe caillteanais tarchurtha uile-oileáin
chomh maith le beartas luchtaithe maidir le húsáid
tarchurtha an chórais i 2007.
Eolas faoin MLA
Bhunaigh na hÚdaráis Rialála láithreán gréasáin
choiteann chun tacú le cumarsáid agus
trédhearcacht i dtaca le forbairt an MLA. Is féidir
gach cáipéis agus eolas ábhartha a fháil ann ag
www.allislandproject.org.
An MLA Beo
Cé go bhfuil obair mhór le déanamh chun an MLA a
chur i bhfeidhm tá na hÚdaráis Rialála, agus na
geallsealbhóirí ar fad atá páirteach, fós dírithe agus
tiomanta maidir le seachadadh rathúil a dhéanamh
ar an margadh nua ar an 1 Samhain 2007.
27
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Líonraí Fuinnimh
Príomh-Éachtaí i 2006
n Ceadú polasaí Geata 2 le breis is 1300MW de
ghiniúint inathnuaite a cheangal.
n Treoir do EirGrid ar breis is 800MW de ghnáth-
ghiniúint a cheangal agus ar ghaol le próiseas
Geata 2
n Bunú EirGrid mar Oibreoir Córas Tarchuir
neamhspleách (TSO)
n Seoladh próiseas comórtas d’Idirnascaire Thoir
Theas
n Tosú athbhreithniú ioncaim cúig bliana 2007-
2012 ar Líonraí Bord Gáis
n Formheas polasaí ceangail nua BGE ag síniú
líonra gáis go bailte nua.
n Cinneadh ar an líonra gáis nádúrtha a
shíneadh go bailte in iarthar na hÉireann
n Forbairt beart le tionchar mór-athruithe ar
chóras tarchuir gáis an RA ar Éirinn a
bhainistiú
Réamhrá
Tá an Rannóg Líonraí Fuinnimh freagrach as na
líonraí tarchuir agus dáileacháin leictreachais agus
gáis a rialú agus cinntiú go gcoimeádtar agus go
bhforbraítear na hacmhainní náisiúnta straitéiseacha
seo go heacnamaíoch agus de réir leas fadtéarmach
an tomhaltóra Éireannaigh.
Tá an Rannóg roinnte ina trí fhoireann: Tarchur
Leictreachais, Líonraí Tráchtála agus Oibríochtaí
Líonra.
Príomh-chuspóir den Rannóg seo ná rochtain
chothrom ar na líonraí a cinntiú do gach gineadóir,
lastóir agus custaiméirí eile. Ciallaíonn sé seo, i
gcleachtas, féachaint go gcomhlíonann na hoibreoirí
líonraí gáis agus leictreachais a gcuid feidhmeanna
ar bhealach cóir, trédhearcach, neamh-
idirdhealaitheach agus éifeachtúil. Freisin tá príomh-
fhreagrachtaí ar an Rannóg as cláir infheistíochta
líonra a cheadú, monatóireacht a dhéanamh ar a
gcur i bhfeidhm, táillí tarchurtha agus dáileacháin a
leagadh, díospóidí a shocrú agus polasaí líonra a
fhorbairt ar cheisteanna áirithe de réir mar a
thagann siad chun cinn.
Seo a leanas na príomh-mhíreanna oibre lena raibh
baint ag an Rannóg i rith 2006.
Leictreachas
Naisc Geata 2
Ó Aibreán 2005 pléitear le gach iarratas ceangail ó
ghineadóirí inathnuaite faoi chóras próiseála grúpa.
Bealach i bhfad níos praiticiúla agus comhionainne
atá anseo le plé leis an líon iarratas den sórt sin gan
fasach ná an córas próiseála aonair a bhí ann
roimhe.
D’fhoilsigh an Coimisiún a chinneadh ar cheangail
Geata 2 do na líonraí tarchuir agus dáileacháin
leictreachais ar 14 Samhain 2006. Treoraíonn an
polasaí seo an t-oibreoir córas tarchuir [EirGrid]
agus an t-oibreoir córas dáileacháin [Líonraí BSL]
ceangail a thairiscint do bhreis is 1,300MW de
thionscadail inathnuaite. Clúdaíonn Geata 2 121
tionscadal inathnuaite nua ar fud na tíre, ar
tionscadail gaoithe iad an chuid is mó acu .
Faoi dheireadh 2006 bhí beagnach 1,200 MW de
ghiniúint inathnuaite ceangailte don chóras
leictreachais. Méadóidh Treoir Geata 2 an leibhéal
ábhar inathnuaite ar an gcóras go breis is 2,500 MW
faoi 2010, ag glacadh leis go nglactar le gach
tairiscint eile. Ba cheart go gcabhródh sé seo le
hÉireann dul go héasca thar a sprioc d’ábhair
inathnuaite de 15% de thomhailt ó fhoinsí
inathnuaite faoi 2010, mar atá leagtha amach ag
beartas an Rialtais.
28
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
I dteannta leis an Treoir seo ar thairiscintí Geata 2,
threoraigh an Coimisiún do na hoibreoirí córais
cumas ceangail a choimeád do 860 MW de chumas
gnáthghiniúna san Iarthuaisceart. D’éirigh sé seo as
iarratais ceangail ó Bhord Gáis Éireann (BGE) agus ó
Ghiniúint Cumhachta an BSL ar dhá phlanda CCGT
(Gástuirbín Chomhthimthriallta). Bhí an treoir
maidir leis an iarratas ó Ghiniúint Cumhachta BSL
ag brath ar ghealltanas ón gcomhlacht sin ar chlár
fairsing straitéise sócmhainne dúnadh agus
dífheistithe plandaí, mar a chuirtear síos air sa chuid
“Aontú Scair Mhargaidh BSL san Earnáil Ghiniúna
Cumhachta a Laghdú”. Céim mhór chun tosaigh i
slándáil soláthair a chur chun cinn agus i gcomórtas
sna margaí giniúna agus soláthair a chur chun cinn a
bheidh anseo agus bhí sé bunaithe ar an gcritéar
leas níos leithne an phobail.
Éiríonn EirGrid Oibríochtúil mar Oibreoir Córais Tarchuir Neamhspleách
In Iúil, tháth-cheangal EirGrid, an comhlacht
neamhspleách leis an stát, an fheidhm TSO (oibreoir
córas tarchurtha) ó Eangach Náisiúnta an BSL (EN
BSL), rannóg gnó laistigh den BSL. Cinneadh ar
EirGrid a ainmniú mar TSO neamhspleách go
hiomlán na hÉireann siar i 2000 ach cuireadh moill
air mar gheall ar dhíospóid dhlíthiúil leis an
gCoimisiún agus mar gheall ar aontú a fháil ar
aistriú foirne. I Meitheamh 2006 cheadaigh an
Coimisiún an Scéim Aistrithe idir EirGrid agus BSL.
Ba é sin an chonstaic dhlíthiúil dheireanach sula
ndeachaigh ceadúnas TSO EirGrid i bhfeidhm go
hiomlán ó 1 Iúil.
Bhí an Coimisiún an-sásta breathnú ar bhaint amach
na mórchloiche míle seo i gclár léirscaoilte fuinnimh
na hÉireann agus tá sé ag obair le EirGrid agus leas
gach rannpháirtí agus custaiméir deiridh de chuid
an tionscal leictreachais á chur ar aghaidh. Tá
EirGrid ag súil go mbogfaidh sé chuig áitreabh nua
go luath i 2008.
idirnascaire Thoir Theas
Le roinnt blianta anuas tá an Coimisiún ag cur chun
cinn go gníomhach forbairt Idirnascaire Thoir Theas
idir Éire agus an Bhreatain agus thug sé tuairisc don
Rialtas ar roinnt múnlaí eile don tionscadal seo a
fhorbairt. In Iúil 2006 scríobh an Rialtas chuig an
gCoimisiún ag dearbhú a thacaíochta don tionscadal
seo agus ag iarraidh ar an gCoimisiún socrú a
dhéanamh do chomórtas d’idirnascaire 500 MW
faoin bhfarraige a dhearadh agus a thógáil le bheith
i bhfeidhm ag an dáta is luaithe agus is féidir roimh
2012. Is le EirGrid a bheidh an t-idirnascaire nuair
atá sé tógtha.
Ó chinneadh an Rialtais, d’oibrigh an Coimisiún gar
do EirGrid ag forbairt struchúir agus pleananna
riachtanacha an tionscadail le cinntiú go dtógtar an
t-idirnascaire de réir riachtanais an Rialtais. Bhí an
príomhdhíriú i 2006 –agus le haghaidh céad leath
2007 – ar an mbealach cábla roghnaithe, pointí
ceangail ar an dá chóras, suíomh stáisiúin tiontaire a
thabhairt chun críche, ar shonraíochtaí teicniúla a
cheapadh agus ar an gcreatlach comórtais a
fhorbairt leis an forbróir roghnaithe a roghnú.
Rinneadh dul chun cinn maith ar an tionscadal go
dtí seo. Cuireadh an reachtaíocht riachtanach le
tacú leis an tionscadal ar bun. Tá an Coimisiún ag
súil go mbeidh an bealach roghnaithe faoi lár 2007
agus go reáchtálfaí an comórtas leis an tógálaí a
roghnú faoi dheireadh 2007 nó go luath i 2008.
Táillí úsáide Córais Tarchuir agus Táillí úsáide Córais Dáileacháin
Seo a leanas príomh-ghnéithe chinneadh an
Choimisiúin ar an bpíosa oibre seo (foilsíodh an
socrú i Deireadh Fómhair 2006):
n Clúdaíonn an t-ioncam ceadaithe do tharchur
costais seirbhíse tarchuir éifeachtúil agus nua-
aimseartha, lena n-áirítear clár mór tógála agus
athchóirithe líonra a mhaoiniú.
n Léiríonn na táillí TUoS ceadaithe do 2006 méadú
20.3 faoin gcéad ar an meán-táille aonaid i
gcomparáid le 2005. Ba cheart cuimhneamh go
29
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
raibh meán-táille 2006, é féin, níos ísle ná táille
freagrach 2005 ag 6%.
n Baineann na príomh-chúiseanna leis an méadú
le costais infheistíochta leanúnacha sa chóras
tarchuir agus leis na híocaíochtaí cúitimh
sriantachta méadaithe do ghineadóirí i bhfreastal
ar éileamh an chórais atá ceangailte faoi seach le
hathruithe ar phraghsanna breosla.
n Tá na táillí Dáileacháin Úsáide Córais (DUoS) do
2007 níos airde ag 8.5% do 2007 ná 2006 i
dtéarmaí ainmniúla.
n Clúdaíonn ioncam dáileacháin an costas a
bhaineann le leictreachas a dháileadh tríd an
líonra dáileacháin chuig suímh úsáideora deiridh
agus íocann soláthraithe leictreachais iad don
DSO .
n Ar cheann de na príomh-chúiseanna a chuir leis
an méadú ar an táille DUoS ná an leibhéal
eisceachtúil ceangal nua don líonra dáileacháin i
2006 áit nach n-íocann custaiméirí ceangailte
ach 50% de chostas an cheangail nua. I 2006 bhí
breis is100,000 ceangal nua don líonra.
Micrea-Ghiniúint
Tagraíonn micrea-ghiniúint do shuiteáil aonad
giniúna leictreachais ar scála beag mar thuirbíní
gaoithe a dhéantar go tipiciúil ag custaiméirí lena
dtoirt allmhairithe leictreachais a laghdú agus
costais a laghdú sa bhealach sin. I Deireadh Fómhair
2006 d’eisigh an Coimisiún páipéar dár teideal
“Arrangements for Micro Generation” (CER/06/190).
Leagann an páipéar seo amach an creatlach do
shuiteáil micrea-ghiniúna agus iarrann sé tráchta ar
shocruithe um méadú agus easpórtáil fuinnimh
easpórtáilte. Mar gheall ar an líon mór freagraí a
bhfuarthas ar an ábhar seo bhí an Coimisiún ag
freagairt na gceisteanna a ardaíodh agus ag leagadh
amach na chéad chéimeanna eile i Ráithe 1 2007.
Gás
Athbhreithniú ioncaim Cúig Bliana Bord Gáis (2007 – 2012)
Thosaigh an Coimisiún athbhreithniú ioncaim
sonraithe cúig bliana ar ghníomhaíochtaí líonra
Bord Gáis Éireann (BGN) i rith 2006. Áirítear leis
seo athbhreithniú stairiúil ar oibríochtaí líonra,
costais líonra agus anailís ar a mbearta
infheistíochta le haghaidh chéad cúig bliana eile.
Tá an t-athbhreithniú seo le críochnú i Meán
Fómhair 2007 agus ag an uair sin beidh plean soiléir
ag CER don líonra gáis a fhorbairt go dtí 2012.
I rith an phróiseas athbhreithnithe, beidh CER ag
breathnú ar chaiteachas caipitiúil agus oibríochta
BGN thar an tréimhse 5 bliana. Is iad na príomh-
réimsí caiteachais chaipitiúil ná an líonra gáis a
shíniú chuig ceantair nua agus uasghrádú agus
cothabháil an líonra reatha. Is iad na príomh-réimsí
caiteachais oibríochta ná costais craptha gáis,
costais léamh méadar, rátaí, costas agus tacaíochta
líonra agus freisin cothabháil líonra . Beidh an CER
ag déanamh athbhreithnithe ar an ráta toraidh cuí a
ligtear do BGN thar an tréimhse cúig bliana.
Tionscadal an-tábhachtach do thionscal an gháis
san iomlán atá anseo toisc go gcabhróidh sé leis an
leibhéal infheistíochta atá riachtanach le líonra gáis
le geilleagar nua-aimseartha, dinimiciúil agus
méadaitheach a thacú thar na chéad cúig bliana eile
a shocrú.
Léiríonn Figiúr 5.0 thíos éileamh ar ghás in Éirinn ó
1997 mar atá leagtha amach sa Ráiteas Toillte Gáis.
Ar cheann de phríomh-chuspóirí an athbhreithnithe
ioncaim tá cinntiú go gcothabháiltear an líonra gáis
go dóthanach agus tógfaidh an Coimisiún agus
Líonra Bord Gáis ar shonraí líonra stairiúla le
héileamh fortheilgthe a thuar do na cúig bliana atá
romhainn.
30
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Táillí & ioncaim Tarchuir agus Dáileadh Gáis do 2006/07
Mar atá amhlaidh le leictreachas, is iad táillí líonra
gáis gnéithe den táille úsáideora deiridh a dhéanann
suas costas deireanach gáis do chustaiméirí. Íoctar
iad do Líonraí Bord Gáis (BGN) leis an gcostas a
bhaineann le gás a tharchur agus a dháileadh tríd
an líonra chuig suímh úsáideora deiridh a chlúdach.
Léiríonn an tábla an t-ioncam ceadaithe do BGN le
haghaidh 2007:
TÁBLA 4.0: IONCaIM CheaDaIThe LÍONraÍ BOrD GÁIS 2006/07
Tarchur – Córas
ar an gCladach
Tarchur –
Idirnascairí
Tarchur – Inis Dáileadh
Ioncam Ceadaithe BGN
2006/07
126 milliún 6 milliún 3.4 milliún 180 milliún
Mar thoradh ar an ioncam ceadaithe do tharchur
bhí fíorlaghdú táille do lastóirí Moffat agus na hInse
de 10.3% agus 1.7% faoi seach i gcomparáid le táillí
2005/06. Ba iad na príomh-chúiseanna leis an
laghdú seo ná coigiltis ar rátaí údaráis áitiúil agus
fo-ghnóthú laghdaithe do 2005/06 (5m i gcoinne
réamhaisnéis 15m).
FiGiúR 5.0: ÉILeaMh GÁIS IOMLÁN De rÉIr CarNÁIL
1997 1997 1997 1997 1997 1997 1997 1997 1997
0
1000
2000
3000
4000
5000
I&C Giniúint CumhachtaCónaitheach
msc
m/b
liain
31
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Ach mhéadaigh an ghné táillí toillte den táille
dáileacháin ag 5.2% thar 2005/06 agus bhí an ghné
táille tráchtearra níos airde ag 3.8%, boilsciú san
áireamh, i dtéarmaí ainmniúla do 2006/07. Ba iad na
príomh-chúiseanna leis an méadú seo ná an méadú
ar chostais craptha gáis, leibhéal níos airde sásamh
custaiméara ná mar a tuaradh, rátaí údaráis áitiúil
níos airde ná mar a bhíothas ag súil leo agus costais
níos airde ag baint le fógraíocht sábháilteachta agus
caiteachas eile a bhaineann le sábháilteacht.
Polasaí Ceangail Gáis
In Aibreán 2006 threoraigh an Coimisiún do Líonraí
Bord Gáis polasaí ceangail nua (CER/06/033) a chur
i bhfeidhm. Leag sé seo amach critéir sonraithe le
méaduithe líonra a luacháil le cothrom a bhaint
amach idir an líonra a mhéadú ar thaobh amháin
den scéal agus iomaíochas praghsanna gáis a
mhéadú ar an taobh eile den scéal.
Chuaigh an polasaí seo in ionad na bpolasaithe
ceangail a bhí ar bun ó 2003. Do gach custaiméir tá
gnóthú costais ceangail deighilte anois idir táillí
aitheantais, táillí forlíontacha bunaithe ar thástáil
eacnamaíoch agus táillí.
Tá roinnt tairbhí ag baint leis an bpolasaí nua:
n Tá táillí ceangail níos éasca le tuiscint agus le
meas do chustaiméirí;
n Cinntíonn sé go bhfuil polasaí soiléir agus
trédhearcach i roinnt réimsí ina raibh an polasaí
roimhe tostach (m.sh. eastáit neamh-gháis);
n Molann sé ualaigh nua a cheangal don líonra áit
a bhfuil ceangal den sórt sin éifeachtach go
heacnamaíoch go fadtéarmach.
Comharthaíonn an measúnú tosaigh ar thionchar an
pholasaí athbhreithnithe ar tháillí líonra go raibh
méadú beag ar leibhéil táille go gearrthéarmach
mar thoradh ar ghníomhaíocht ceangail méadaithe,
ba cheart iad a fhríth-áireamh go méantéarmach
agus go fadtéarmach ag méadú níos mó ar ualaigh
sa todhchaí.
Síneadh an Líonra Gáis
Fógraíodh cinneadh an CER ar shíniú an líonra gáis
nádúrtha go aon bhaile déag ar bhealach píblíne na
Gaillimhe-Maigh Eo ar 3 Samhain 2006. Rinneadh an
fógairt seo tar éis Céim 1de staidéar ar
inmharthanacht bailte nua a cheangal ar an
mbealach píblíne seo.
Is iad an t-aon bhaile déag a cheanglófar ná Baile
Átha an Rí, Creachmhaoil, Áth Cinn agus Tuaim i
gCo. na Gaillimhe agus Béal an Átha, Béal Átha
hAmhnais, Caisleán an Bharraigh, Crois Mhaoilíona,
An Cnoc agus Cathair na Mart i gCo. Mhaigh Eo.
Rinneadh bailte a mheas le ceangal don líonra ina
n-aonar agus i ngrúpaí áit a raibh sé ábhartha, de
réir na gcritéar sa Pholasaí Ceangail mar a
cheadaigh agus a d’fhoilsigh an CER in Aibreán 2006
(féach thuas). Rinneadh an luacháil seo ar bhunús
costas tairbhe ag díriú ar chostas an líonra nua a
mhéadú i gcoinne an t-ioncam a shaothrófaí ó
custaiméirí nua ag ceangal sna bailte seo. Go
bunúsach rinneadh luacháil ar bhailte ar bhunús an
éilimh ionchais ar ghás agus ar an gcostas a
bhainfeadh leis an baile sin a cheangal don líonra
thar thréimhse 25 bhliain.
Tá Líonraí Bord Gáis ag súil go mbeadh na chéad
bailte ceadaithe ceangailte acu roimh dheireadh
2007, agus go gceanglófar na bailte eile i 2008.
Grúpa Miondíola Comhairliúcháin an Mhargaidh Gáis (GMARG)
Is é atá i nGrúpa Miondíola Comhairliúcháin an
Mhargaidh Gáis (GMARG) ná comhlachas tionscail
féinrialaitheach a bunaíodh le treoir a sholáthar do,
agus comhsheasmhacht a sholáthair idir céimeanna
forbartha agus forfheidhmithe na hoscailte iomlán
don mhargadh sa mhargadh miondíola gáis. Tá
roinnt príomh-réimsí oibre lena raibh baint ag
GMARG i rith 2006 liostaithe thíos:
32
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
TÁBLA 5.0: ÉaChTaÍ GMarG DO 2006
réimse Oibre
GMarG
Cur Síos ar Dhul Chun Cinn i 2006
Méadair Réamh-
íocaíochta
D’fhoilsigh CER páipéar ar Mhéadrú Réamhíocaíochta i Lúnasa 2006
(CER/06/157). D’fhoráil sé seo do méadair réamhíocaíochta a chur ar fáil go
náisiúnta do gach custaiméir sa mhargadh oscailte. Tá plé ar bun ag GMARG faoi
láthair ar na riachtanais do mhéadair reámh-íocaíochta agus na córais a shainiú
le timpeallacht il-lastóra a thacú. Is é an dáta ar a rachaidh méadrú
réamhíocaíochta beo ná Márta 2008.
Tionscadal MaP Gáis Cuireadh tús leis an Tionscadal MaP Gáis i 2006 trí an GMARG chun córas
Teachtaireachta Margaidh TF a fhorbairt don mhargadh gáis. Tá ceithre chéim ag
baint leis an tionscadal;
- sainmhíniú próisis mhargaidh agus luacháil teicneolaíochta,
- dearadh sonraithe córais,
- tógáil córais, agus,
- aistriú córais.
Críochnaíodh an chéad chéim i Meán Fómhair 2006 agus tá an dara céim ar bun
faoi láthair. Tá an tionscadal MaP Gáis le críochnú faoi dara ráithe 2008.
Oscailt Mhargaidh
Iomlán
Lean an GMARG ar aghaidh i rith 2006 chun dul chun cinn a dhéanamh i mbunú
na struchtúir riachtanacha chun tacú le hoscailt mhargaidh iomlán sa Mhargadh
Gáis. Tá oscailt mhargaidh iomlán le tarlú ar 1 Iúil 2007 ar a dhéanaí agus mar
chuid den tionscadal beidh síneadh na hoscailte mhargaidh gáis chun an earnáil
chónaitheach a thógáil san áireamh.
Ráiteas um Thoilleadh Gáis
In Iúil 2006 d’fhoilsigh an Coimisiún a cheathrú
Ráiteas um Thoilleadh Gáis (RTG) bliantúil reachtúil.
Soláthraíonn an ráiteas seo réamhaisnéis de
thoilleadh líonra, sreabhadh agus éileamh
custaiméara ar chóras gáis nádúrtha na hÉireann
thar na chéad ocht mbliana eile, agus is é an
meastachán is fearr ar dhóthanacht cumas tarchuir
na hÉireann i gcás réimse cnámhscéalta.
Leagann Figiúr 6.0 agus 7.0 faoi seach amach teilgin
do mhéadú ar éileamh ar ghás san earnáil
chónaitheach agus san earnáil tionscail suas go dtí
2013. Tógadh na cairteacha seo ó Ráiteas um
Thoilleadh Gáis 2006 agus déantar anailís ar theilgin
a rinneadh i 2006 faoin “Cnámhscéal Lárnach
Éilimh”.
33
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
FiGiúR 6.0: ÉILeaMh GÁIS BLIaNTÚIL TUarTha DON earNÁIL ChÓNaITheaCh
FiGiúR 7.0: ÉILeaMh GÁIS BLIaNTÚIL TUarTha DON earNÁIL TIONSCaIL aGUS TrÁChTÁLa
msc
m/b
liain
An Earnáil Chónaitheach – Réamhaisnéisí Bliantúla um Éileamh ar Ghás
Stairiúil 2005 Lárnach 2006 Lárnach
300’00 ’01 ’02 ’03 ’04 ’04/’05 ’05/’06 ’06/’07 ’07/’08 ’08/’09 ’09/’10 ’10/’11 ’11/’12 ’12/’13
600
900
1200
1500
msc
m/b
liain
An Earnáil Tionscail agus an Earnáil Tráchtála – Réamhaisnéis um Éileamh Bliantúil ar Ghás
’01 ’02 ’03 ’04 ‘05 ’05/’06 ’06/’07 ’07/’08 ’08/’09 ’09/’10 ’10/’11 ’11/’12 ’12/’13
500
1000
1500
2000
Stairiúil
(fágann an t-eolas stairiúil amach IFI)
2005 Lárnach 2006 Lárnach
Chruthaigh torthaí Ráiteas 2006 arís go bhfuil an
córas daingean go leor le dul i ngleic leis an gcuid is
mó de chnámhscéalta éilimh. Ach d’fhéadfadh an
córas san Albain bheith dlúth ar feadh roinnt ama
dá dtarlódh tuilleadh moille nó dá mbeadh tuilleadh
deacrachtaí le foinsí soláthair dúchasacha, lena n-
áirítear an Choirib. Seo a leanas cuid de na bearta
atá á meas le dul i ngleic leis na srianta féideartha
seo;
n Dreasachtaí tráchtála a fhorbairt chun buaic-
éileamh lae a laghdú;
n Bonneagar breise a fhorbairt san Albain;
n Tástáil feidhmiúcháin ar bhonneagar reatha na
hAlban ag Bord Gáis Éireann (BGE).
34
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Shocraigh an tuarascáil seo freisin go bhfuil
athruithe ar mhargaí gáis taobh amuigh d’Éirinn ag
dul i bhfeidhm níos mó de réir a chéile ar mhargadh
na hÉireann agus nach mór aird a dhíriú ar na
hathruithe ar tharchur gáis san RA a d’fhéadfadh
tionchar a bheith acu ar shlándáil soláthair na
hÉireann.
Tionchar ag Leasuithe Tarchuir Gáis Fágála an RA
I Meitheamh 2005, d’fhógair an Rialaitheoir
Briotanach Ofgem go bhfuil sé beartaithe aige
athruithe ar Chóras Fágála an Chóras Tarchuir
Náisiúnta (NTS) a thógáil isteach faoi Mheán
Fómhair 2007 d’áirithintí toillte faoi Dheireadh
Fómhair 2010. Is cosúil go mbeidh tionchar mór ag
na hathruithe seo ar oibríochtaí lastóirí agus
iompróirí in Éirinn, Tuaisceart Éireann agus Oileán
Mhanann.
I rith 2006, thionól an CER fóraim tionscail agus
chuaigh sé i gcomhairle le rannpháirtithe margaidh
agus é ag iarraidh na priacail ar fad a bhaineann leis
na leasuithe seo a aithint agus an réiteach is cuí le
plé leis na príomhábhair cúraim a fhorbairt. D’eisigh
an CER páipéar comhairlithe (CER/06/222) ag
leagadh amach roinnt roghanna féideartha eile i
Deireadh Fómhair 2006. Tar éis freagraí don
chomhairliú seo, foilsíodh páipéar cinnidh CER a
leag amach beart an CER Páirtí Singil a fhorbairt
agus a bhunú ag Moffat le hidirbheartú ar chóras
tarchuir an RA. Bheadh an comhlachas seo
freagrach as ucht toilleadh fágála líonra a áireamh
ag Moffat ar son lastóirí agus iompróirí le sruth ag
Moffat.
Rochtain ar Líonra
Forálann Rialachán 1775/2005/CE do réimse
coinníollacha do rochtain ar líonraí tarchuir gáis
nádúrtha. Áirítear leo seo seirbhísí rochtana tríú
páirtí, bainistíocht plúchta, trédhearcacht eolas
córais, cothromú agus trádáil toillte. Is é cuspóir
Rialachán EC1775 ná “dul i ngleic leis na constaicí
eile os comhair an mhargadh inmheánaigh a
chríochnú maidir le trádáil gáis”.
De réir shonraíochtaí an Rialacháin ar sheirbhísí
Rochtana Tríú Páirtí, chuir Líonraí Bord Gáis (BGN),
Tionscal agus an CER prionsabail agus rialacháin
gnó ar aghaidh le táirge daingean toillte a chur i
bhfeidhm go míosúil agus go laethúil ag gach pointe
iontrála agus ag roinnt pointí fágála ar an gcóras
tarchuir gáis . Beidh na táirgí seo ar fáil d’úsáideoirí
líonra ó 1 Meitheamh 2007 agus soláthróidh siad
solúbthacht do phunainn toillte úsáideoirí líonra ag
tabhairt cead dóibh a gcuid áirithintí toillte a
dhéanamh éagsúil laistigh de bhliain de réir éilimh
agus/ nó carnadh custaiméirí nua.
Píblíne Theas Thuaidh
Coimisiúnaíodh an Píblíne Tarchuir Theas Thuaidh ó
Bhaile Mhic Gormáin, Co. na Mí go Bealach Cláir,
Co. Aontroma i Deireadh Fómhair 2006. Is é príomh-
chuspóir an phíblíne seo ná gás a iompar tríd an dá
idirnascaire faoin bhfarraige le hÉirinn go Baile Mhic
Gormáin agus chuig custaiméirí i dTuaisceart
Éireann ó sin. Cruthaíonn sé líonra tarchuir gáis uile-
oileáin, ag ceangal eangaigh gáis na hÉireann agus
Tuaisceart Éireann den chéad uair.
Tar éis comhairliú, d’eisigh an CER ceadúnas do
BGE(UK) le Píblíne Tarchuir a fheidhmiú agus a
chothabháil i bPoblacht na hÉireann, a foilsíodh i
bhFeabhra 2007. Leagann an ceadúnas seo amach
roinnt coinníollacha ag cur oibleagáide ar BGE(UK):
n oibriú éifeachtach agus sábháilte an phíblíne
laistigh de Phoblacht na hÉireann a chinntiú
n cloí le haon treoracha ón mBainisteoir
Éigeandála Líonra i bPoblacht na hÉireann
n comhoibriú agus idir-ghníomhú le gnóthais gáis
nádúrtha eile
n córas rochtana idirbheartaithe a oibriú i gcás go
n-iarann tríú páirtithe rochtana
35
Stóráil Gháis
Ar 1 Meitheamh 2006 chuir Marathon Oil Ireland
Ltd céad fhearas stórála gáis na hÉireann i
bhfeidhm. D’athfhorbair Marathon taiscumar Cionn
tSáile Theas Thuaidh le spás a thabhairt le táirgeadh
breise samhraidh ó thaiscumair Chionn tSáile &
Bhaile Choitín a stóráil. Ó sin, d’úsáid siad cumas
stórála iomlán an taiscumair agus shuiteáil siad
áiseanna le cainníochtaí a dtáirgthe féin ón
samhradh go dtí an geimhreadh a ath-phróifíliú. Ach
níl an cumas stórála iomlán ag teastáil uathu a
thuilleadh chun na críche seo agus d’eagraigh siad
an fearas chun an cumas iomlán a chur ar fáil do
thríú páirtithe.
Tá an fearas ceangailte don líonra iompair san Inis
Co. Chorcaí a ligeann do ghás sreabhadh isteach
agus amach ón bhfearas. Cuirfear gás isteach san
fhearas stórála i rith mhíonna an tsamhraidh nuair
atá laghdú ar leibhéil éilimh ar ghás. Ansin ceadófar
do lastóirí gáis gás a thógáil amach ón bhfearas
stórála i rith mhíonna an gheimhridh faoi na
socruithe atá leagtha amach sa Chód Oibríochtaí
agus ar bhealach cosúil le gach pointe iontrála eile
ar an gcóras tarchuir.
Feirm Ghaoithe 48mw Airtricity, Bindoo Co. an Chábhain
37
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Timpeallacht, Miondíol agus Gnóthaí Tomhaltóra (TMGT)Príomh-Éachtaí i 2006
n Táillí agus athbhreithniú ioncam SLP an BSL do
2007
n Táillí Soláthair Fuinnimh Bord Gáis (SBG) do
2007 agus forbairt Fhoirmle na dTáillí Rialaithe
(FTR) do 2007
n Bunú struchtúir agus polasaí nua um chúram
custaiméara
n Rialachas leanúnach an mhargaidh miondíola
léirscaoilte leictreachais agus ullmhú le
haghaidh na hathruithe riachtanacha ar
chaighdeáin teachtaireachta um MLA
n Ullmhú SC an BSL le haghaidh margadh an
MLA
n Ceadúnú giniúna
n Nochtadh breosla ag soláthraithe
Réamhrá
Tá an rannóg Timpeallachta, Miondíola agus Gnóthaí
Tomhaltóra (TMGT) freagrach as ucht rialáil na
margaí soláthair (margaí miondíola) le haghaidh
leictreachas agus gás in Éirinn. Féachann an rannóg
thar forbairt polasaí tomhaltóra mar a bhaineann sé
le custaiméirí gáis agus leictreachais agus cinntíonn
sé go bhfuil na struchtúir margaidh cearta i bhfeidhm
chun tacú le hiomaíocht sna margaí miondíola.
Freisin forbraíonn an rannóg TMGT polasaithe an
Choimisiúin um ábhair inathnuaite agus
timpeallachta.
Tá an rannóg freagrach as ucht anailís a dhéanamh
ar bhearta Seirbhísí Custaiméira an BSL (SC BSL)
chun struchtúir agus leibhéil na dtáillí leictreachais a
athrú chomh maith le rialáil a dhéanamh ar na
hioncaim ceadaithe go bliantúil do SC BSL. Freisin
déanann an rannóg TMGT athbhreithniú ar tháillí
Soláthar Fuinnimh Bord Gáis (SBG) don mhargadh
intíre chomh maith le Foirmle na dTáillí Rialaithe
(FTR) do chustaiméirí tionscail agus tráchtála.
Mar chuid de théarmaí tagartha leathnaithe an
Choimisiúin maidir le cosaint tomhaltóra bhunaigh
an Coimisiún foireann Chúraim Chustaiméara (FCC) i
2006 a dhéanann suas cuid den rannóg
Timpeallachta, Miondíola agus Gnóthaí Tomhaltóra.
Áiríonn gníomhaíochtaí na foirne nua seo déileáil le
ceisteanna agus gearáin ó chustaiméirí de
sholáthraithe leictreachais agus gáis (gearáin áirithe i
gcoinne na n-oibreoirí líonra freisin) chomh maith le
monatóireacht ar fheidhmíocht na soláthraithe gáis
agus leictreachais uile sa mhargadh. Freisin beidh an
fhoireann chúraim chustaiméara mar lárionad an
CER le haghaidh polasaí tomhaltóra a fhorbairt agus
cosaint tomhaltóra a chur chun cinn.
Leagann na codanna seo a leanas amach na
príomhmhíreanna oibre a raibh an rannóg TMGT
freagrach astu agus an toradh a bhí orthu i rith 2006:
Soláthar Leictreachais
Athbhreithniú ioncaim SLP an BSL 2007
I 2006, thug an Coimisiún faoi athbhreithniú ar
aighneacht Soláthair Chustaiméara an BSL (SCBSL) ar
chostais ar sholathar leictreachais i 2007, an dara
bliain den rialú praghais cúig bliana. D’fhormheas an
Coimisiún costais de 133.5m (CER/06/205) de réir
foirmle rialaithe don tréimhse 2006 -2010.
Sa bhreis ar sin ionchorpraíonn rialú ioncaim SC BSL
dreasachtaí chun leibhéil feidhmíochta seirbhíse
custaiméara a fheabhsú. I 2006 cuireadh meicníocht
dreasachta ‘Caighdeán Seirbhíse’ i bhfeidhm ar Ionad
Náisiúnta um Theagmháil Custaiméara an BSL
(‘NCCC’) (CER/06/107). Chuir an CER ceithre
dhreasacht faoi leith i bhfeidhm ar an BSL;
n Luas an fhreagra gutháin
n Ráta tréigthe glaonna
n Torthaí suirbhé athghlao custaiméara
n Torthaí suirbhé glaoiteoirí rúndiamhra
38
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Leagadh amach spriocanna sonracha i gcoinne gach
ceann de na réimsí seo agus ghearrfaí píonós nó
duais airgeadais má tá feidhmíocht an BSL os cionn
nó faoi bhun na spriocanna leagtha. Léiríonn na
torthaí tosaigh le haghaidh 2006 feabhas soiléir ar
leibhéil feidhmíochta i gcomparáid leis na blianta
roimhe, leis an BSL ag baint amach roinnt mhaith de
na spriocanna feidhmíochta leagtha ag an
gCoimisiún.
Táillí Leictreachais 2007
Cuireann SCBSL táillí ar fáil do chustaiméirí nach
gceannaíonn leictreachas ó sholáthraithe eile.
Léiríonn na táillí seo na costais fabhruithe SC BSL
agus é ag soláthar leictreachais do chustaiméirí
deiridh. Áirítear leo seo an costas a bhaineann le
fuinneamh a fháil sa mhargadh giniúna mórdhíola,
le leictreachas a tharchur agus a dháileadh trí líonraí
agus costais aonad gnó soláthair féin an SCBSL. Tá
an Coimisiún freagrach gach bliain as ucht anailís a
dhéanamh ar chostais agus ar tháillí molta an BSL
chun na costais seo a fháil ar ais. Ba é an toradh a
bhí ar athbhreithniú táille an Choimisiúin do 2007
ná méadú 12.6% ar mheán-phraghas an
leictreachais d’úsáideoirí deiridh do 2007
(CER/06/252). Ba í an phríomhfhachtóir sa mhéadú
seo ná méadú i gcomhábhar giniúna na táille mar
thoradh go príomha ar phraghsanna arda breosla
idirnáisiúnta i rith 2005 agus 2006.
D’fhormheas an Coimisiún ar dtús méadú níos airde
ar tháillí de 19.7% ar an meán. Mar sin féin tháinig
an cinneadh seo ag an am céanna le tús ar laghdú i
bpraghsanna breosla idirnáisiúnta. Tar éis
athbhreithniú breise (a rinneadh i Samhain 2006) ar
chostais fortheilgthe an BSL do 2007, bhí an
Coimisiún in ann an méadú praghais a laghdú go
12.6%
TÁBLA 6.0: TÁILLe SCBSL 2007 MeÁN-MhÉaDÚ De rÉIr CaTaGÓIr TÁILLe
Catagóirí Táille SLP an BSL Meán-
Mhéadú
Táille SLP
(%)
Intíre 12.6%
Gnáthúsáid Neamh-Intíre 12.5%
Éileamh Íosta ar Vóltas Íseal 12.6%
10-20kV STOD 12.5%
38kV STOD 13%
110kV STOD 12.5%
Soilsiú Poiblí 20.2%
Meán Iomlán 12.6%
I dteannta le leibhéal na dtáillí do 2007 a
fhormheas, d’fheidhmigh an Coimisiún struchtúr
táille ‘Am Lae Séasúrach’ do chustaiméirí móra a
úsáideann fuinneamh leis na costais a bhaineann le
leictreachas a cheannach ag amanna éagsúla den lá
agus den bhliain a léiriú.
Agus é ag fógrú na táillí molta do 2007 i Meán
Fómhair 2006, chinn an Coimisiún deireadh a chur
le rialáil táille d’úsaideoirí móra fuinnimh. Shonraigh
an Coimisiún ina chinneadh go raibh sé den tuairim
go raibh leibhéal dóthanach toilleadh giniúna ag
leibhéal uachtair an mhargaidh chun cead a
thabhairt do gach custaiméir táirgeadh soláthair
iomaíoch a fháil ó Sholáthraí Neamhspleách.
Éagsúlacht Praghas Breosla agus Táillí d’úsáideoirí Móra Fuinnimh
I samhradh 2006 chuaigh an Coimisiún i gcomhairle
maidir leis an bhféidearthacht de mheicníocht
éagsúlaithe praghsanna breosla a thabhairt isteach i
dtáillí leictreachais do 2007 (CER/06/144). Ligfeadh
sé seo do ghné den táille gluaiseacht de réir
treochtaí i bpraghsanna breosla idirnáisiúnta, le gás
mórdhíola ach go háirithe. Ach ní raibh custaiméirí
ar son meicníochta den sórt sin ag an uair sin.
Ó sin agus de réir mar atá laghdú ag teacht ar
phraghsanna breosla idirnáisiúnta, d’iarr custaiméirí
39
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
ar an gCoimisiún ath-mheasúnú a dhéanamh ar an
bhféidearthacht de mheicníocht éagsúlaithe
praghsanna breosla a fhorbairt i dtáillí. Tá sé de rún
ag an gCoimisiún tuilleadh comhairliú a dhéanamh ar
an gceist seo i 2007.
Rialú an Mhargadh Miondíola
Is é an grúpa rialaithe tionscail (GRT) don mhargadh
miondíola leictreachais an príomh-ghrúpa don
dearadh margadh miondíola a chomhordú agus a
rialú. Tá an Coimisiún ina chathaoirleach ar an
ngrúpa seo agus cinntíonn sé go bhfuil na córais agus
na próisis riachtanacha ar bun le tacú le forbairt
leanúnach an mhargadh miondíola. I rith 2006, bhí
ceann de phríomh-fhócais an ghrúpa GRT ar chinntiú
go n-aithníodh na hathruithe riachtanacha ar
theachtaireachtaí an mhargadh miondíola (an
bonneagar TF a thacaíonn leis an bPróiseas Athraithe
Soláthraithe – AS) le tacú le bunú an MLA i 2007
agus gur glacadh céimeanna le hathruithe deartha a
dhéanamh.
Rialachán an Mhargaidh Miondíola san MLA
Cé gur bhunaigh na hÚdaráis Rialúcháin (CER agus
NIAER) straitéis mhiondíola le plé le cumhacht
margaidh san MLA (féach Tábla 3.0), tháinig sé chun
solais go bhféadfadh bearta rialúcháin breise bheith
ag teastáil le feidhmiú cóir agus ceart na margaí
mórdhíola agus miondíola leictreachais araon a
chinntiú tar éis cur i bhfeidhm MLA. Beidh sé mar
aidhm ag na bearta margadh miondíola seo
leictreachas a sholáthar do chustaiméirí ar an
bpraghas is eacnamaíche. Chuige seo thosaigh na
hÚdaráis Rialúcháin ar obair ar obair cláir a fhorbairt
agus a chur i bhfeidhm do rialú an BSL agus an NIE
araon san MLA. Áiríonn réimse na hoibre seo na
nithe seo a leanas:
n Ceadúnú gnóthaí Soláthraithe Leictreachais Poiblí
(SLP), ó thuaidh agus ó dheas ón teorainn;
n Rialachán a gcuid táillí agus ioncaim cheadaithe
ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí;
n Forbairt agus forfheidhmiú oibleagáid
ceannacháin eacnamaíche do SCBSL;
n Ríomh an phraghais tagarmharcála OSP;
n Tairiscint na gconarthaí neamhstiúrtha ag na
gineadóirí sealbhóra;
n An fhorbairt d’Ardán na Bainistíochta Riosca.
Soláthar Gáis
Athbhreithniú ar iomaíocht i Soláthar Gáis
I Márta 2006, chríochnaigh an Coimisiún a chéad
chéim dá athbhreithniú ar iomaíocht sa mhargadh
gáis incháilithe. D’fhoilsigh sé cáipéis chomhairlithe
ag leagadh amach réamhthorthaí, agus ag cur síos ar
bhearta éagsúla a bhainfeadh custaiméirí leas astu trí
rogha custaiméara níos mó, praghsanna iomaíocha
agus seirbhísí ar chaighdeán ard a chur chun cinn
(CER/06/070). Ba í dara céim an athbhreithnithe seo
(a bhí críochnaithe den chuid is mó faoi Nollaig
2006) ná luacháil sonrach ar gach beart a aithníodh,
ag tógáil san áireamh na freagraí a fuarthas ar an
gcomhairliúchán roimhe agus taithí idirnáisiúnta cuí i
léirscaoileadh margaí gáis.
Roimh an gcéim feidhmiúcháin dheireanaigh, beidh
an Coimisiún ag tabhairt deis breise do pháirtithe
leasmhara trácht a dhéanamh ar bhearta sonracha a
bhfuil sé de chumas acu glantairbhí custaiméara a
sholáthar, dar leis an gCoimisiún. Áirítear leo seo
tionscnaimh chun plé leis na heacnamaíochtaí scála i
bhfoinsí gáis mórdhíola a fháil, le léiriú costas táillí
Fuinneamh Bord Gáis um chustaiméirí gáis
Neamhmhéadraithe Laethúil (NL) a fheabhsú, agus
le heolas a sholáthar a d’éascódh comparáid a
dhéanamh le tairiscintí iomaíocha. Foilseoidh an
Coimisiún tuilleadh comhairliú ar an ábhar seo go
luath i 2007.
Táillí Soláthair Gáis
I Meán Fómhair 2006, cheadaigh an Coimisiún
méadú 33.8% do Sholáthar Fuinnimh Bord Gáis
(SBG) i dtaobh le táillí do chustaiméirí cónaitheacha
agus suímh tionscail nó tráchtála ag caitheamh níos
lú ná 5.3GWh in aghaidh na bliana . Chuaigh an
méadú táille seo i bhfeidhm ar 1 Deireadh Fómhair
2006. Bhí sé níos ísle ná an figiúr 38.34% a d’iarr SBG,
a léiriú chinneadh an Choimisiúin ioncaim éilithe
áirithe a dhí-cheadú i dtaobh athruithe na bliana
roimhe.
40
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Tar éis 1 Deireadh Fómhair, bhí laghdú mór ar
phraghsanna gás mórdhíola san RA agus bhí SBG in
ann méideanna breise gáis a fháil ag praghsanna a
bhí níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leo ar dtús. Ar
bhunús aighneachta breise ó SBG, shocraigh an
Coimisiún go raibh sé cuí ina áit treorú do SBG
athrú thíos 10% ar tháillí NDM a chur i bhfeidhm le
héifeacht ó 1 Feabhra 2007.
Cosaint Chustaiméara agus Bainistiú na nGearán
Cosaint Chustaiméara
Ar 22 Meán Fómhair 2006, d’fhoilsigh an Coimisiún
cinneadh ar Chód Cleachtais do Bhilleáil
Custaiméirí do sholáthraithe leictreachais agus gáis
nádúrtha (CER/06/185). Tháinig an cinneadh seo
tar éis comhairliú fairsing le soláthraithe gáis agus
leictreachais agus leag sé amach treoirlínte do
sholáthraithe maidir le billeáil custaiméirí. Leag an
Coimisiún amach cúig phríomh-threoirlíne nárbh
mór do sholáthraithe cloí leo; leagadh amach roinnt
forálacha éagsúla faoi gach treoirlíne. Baineann na
cúig phríomh-threoirlíne leo seo a leanas:
n Frámaí ama, timthriallta agus roghanna billeála
n Roghanna íocaíochta do chustaiméirí
n Táillí agus praghsanna
n Eolas ar an mbille
n Réiteach gearán agus cúiteamh
D’ordaigh an Coimisiún do sholáthraithe cóip
d’ábhar a mbille a chur isteach go bliantúil nó sula
ndearna siad aon athruithe móra air le ceadú ag an
gCoimisiún. Freisin cuirfidh soláthraithe tuarascáil
bhliantúil isteach don Choimisiún ar líon, nádúr
agus réiteach na ngearán i dtaobh billeála.
Seirbhís um Chomhordú na nGearán
I rith 2006, lean Rannóg Timpeallachta, Miondíola
agus Gnóthaí Tomhaltóra an Choimisiúin ar aghaidh
ag feidhmiú mar chomhéadan an Choimisiúin leis
an bpobal. Fuarthas 891 gearán tomhaltóra san
iomlán i gcoinne comhlachtaí ag feidhmiú sna
hearnálacha gáis agus leictreachais sa tréimhse seo,
méadú 53% ar fhigiúir 2005. As an líon iomlán seo,
tugadh taifead ar 397 cás i ráithe 4 de 2006; ag léiriú
45% de na fiosrúcháin iomlána don bhliain agus
méadú 253% ón tréimhse chéanna sa bhliain
roimhe. Bhí gearáin maidir leis an earnáil
leictreachais freagrach as 395 nó 44% den iomlán.
Bhain an t-iarmhéid de 496 cás (56%) le gás
nádúrtha. Léiríonn an chairt thíos an líon cásanna ar
phléigh an Coimisiún leo ó Dheireadh Fómhair 2005
go deireadh 2006.
FiGiúR 8.0: LÍON CÁSaNNa LÁIMhSeÁILTe aG aN Cer DeIreaDh FÓMhaIr 2005 – NOLLaIG 2006
Líon Cásanna FCC
Iomlán na gcásanna ardaithede réir míosa
30
60
90
120
150
DFom05
Samh05
Noll05
Ean06
Feb06
Mar06
Aib06
Beal06
Meith06
Iúl06
Lún06
MFom06
DFom06
Samh06
Noll06
Iomlán na gcásannadúnta de réir míosa
Iomlán taca ag EOM
41
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
FiGiúR 9.0: BrISeaDh SÍOS Na NGearÁN BaINTeaCh Le LeICTreaChaS I 2006
FiGiúR 10.0: BrISeaDh SÍOS Na NGearÁN BaINTeaCh Le GÁS I 2006
Comharthaíonn na cairteacha seo go raibh an líon
ab airde gearán i gcoinne Soláthar Custaiméara an
BSL agus Líonraí Fuinnimh Bord Gáis; is í an
phríomhchúis leis seo ná go sholáthraíonn SCBSL
formhór na gcustaiméirí leictreachais intíre, agus gur
sholáthar SBG gach custaiméir gáis intíre i 2006.
I rith na bliana ba é an cur chuige ar ghlac an
Coimisiún leis ná réiteach cairdiúil na ngearán idir
sholáthraithe agus custaiméirí a éascú, agus cé gur
féidir leis cinntí agus treoracha a eisiúint i scríbhinn,
i dtaobh na ngearán a bhfuarthas i 2006, níl sé seo
tar éis a bheith riachtanach.
Bunú Foireann Chúraim Chustaiméara
Ar 1 Deireadh Fómhair 2006, agus é ag
comhlíonadh a fhreagrachtaí méadaithe sa réimse
de chosaint tomhaltóra, a dáileadh faoi Ionstraim
Reachtúil (IR) 452 de 2004 (do Ghás Nádúrtha) agus
IR 60 de 2005 (do Leictreachas), chur an Coimisiún
tús le feidhm thiomanta cúraim chustaiméara, agus
é mar aidhm aige an tseirbhís a sheoladh go
hiomlán i gcéad leath 2007. Faoin reachtaíocht,
dáileadh freagracht ar an gCoimisiún as díospóidí a
réiteach do thomhaltóirí sna margaí miondíola
leictreachais agus gáis agus caighdeán ard cosanta a
chinntiú do chustaiméirí deiridh agus iad ag plé le
soláthraithe ceadúnaithe. Tá an fhoireann seo
tiomanta chun bainistíocht gearán, fiosrúchán agus
iarratas do phróisis eolais, do chustaiméirí
teaghlaigh agus custaiméirí fiontar beag go meán-
fhiontar, agus áit a bhfuil díospóidí neamhréitithe
idir tomhaltóirí agus a soláthraí fuinnimh, tá an
fhoireann tiomanta chun cinntí a dhéanamh a bhfuil
na sealbhóirí ceadúnais ceangailte leo. I dteannta
leis na feidhmeanna bainistíochta gearán, glacfaidh
an fhoireann cúram tomhaltóirí freagracht as:
n Monatóireacht dhéanamh ar chloí soláthraithe
agus oibreoirí líonra leis na cairteacha
custaiméara éagsúla;
n Aiseolas a sholáthar ar athruithe polasaí a
d’fhéadfaí a mheas ó thaobh an tomhaltóra de
ar bhunús fiosrúchán agus gearán a fuarthas;
n Gníomhaíochtaí oideachais a bhaineann le
tomhaltóirí a bhainistiú lena n-áirítear forbairt
agus cothabháil gnéithe tomhaltóra an suíomh
gréasáin CER, agus foilsiú litríochta éagsúla a
bhaineann le tomhaltóirí bainteach le CER;
n Socruithe tuairiscithe inmheánach agus
seachtracha maidir le tomhaltóirí a bhainistiú;
n Leibhéil seirbhíse agus cairt custaiméara na
foirne a bhainistiú.
Soláthraíí Neamhspleácha 28%
Leictreachas Ginearálta 4%Líonraí BSL 29%
SEP BSL 39%
Soláthróirí Neamhspleácha 2%
Gás Ginearálta 3%Líonrai BG 13%
SFBG 82%
42
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Ábhair inathnuaite
Ceadúnú Giniúna
Bronnann an Coimisiún ceadúnais chun leictreachas
a ghiniúint agus údaraithe chun stáisiúin ghinte a
thógáil faoi Ailt 14 agus 6 den Acht um Rialáil
Leictreachais, 1999. Déantar iarratais ar son Údarú
chun stáisiún ginte a Thógáil nó a Athógáil a mheas
de réir na gcritéirí atá sonraithe san Acht um Rialáil
Leictreachais, 1999 (Ordú Critéirí um Dhearbhú
Údaruithe, 1999 (I.R. Uimh. 309 de 1999). Léiríonn
anailís ar obair cheadúnaithe a rinneadh i 2006 gur
úsáid gach stáisiún giniúna a údaraíodh agus a
ceadúnaíodh sa bhliain 2006 foinse fuinnimh
inathnuaithe .i. gaoth, hidreafhuinneamh,
fuinneamh gréine agus CTÉ. Rinneadh 80.71 MW
san iomlán de toilleadh suiteáilte a cheadúnú chun
leictreachas a ghiniúint mar a thaispeánann Figiúr
6.0, agus 108.25.95MW údaraithe le tógáil nó le
atógáil. Cheadúnaigh an Coimisiún 4 ghineadóir
gaoithe, 1 ghineadóir gréine PV, 1 hidreaghineadóir
agus 1 ghineadóir CTÉ i 2006.
Giniúint inathnuaite
Agus é ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna, tá sé
dhualgas ag an gCoimisiún féachaint chuig an ngá le
húsáid fuinnimh inathnuaite, inbhuanaithe nó
foirmeacha eile fuinnimh a chur chun cinn. Leag an
Rialtas an sprioc de 15% de chaitheamh
leictreachais ó fhoinsí inathnuaithe faoi 2010 agus
comharthaíonn figiúir dheireanacha go bhfuil Éire ar
an treo ceart leis an sprioc seo a bhaint amach. I
2006 cuireadh 213 MW breise de ghiniúint gaoithe
leis an gcóras leictreachais, chiallaigh sé seo go
raibh 744 MW de ghaoth ar an gcóras faoi
dheireadh 2006. Léiríonn Figiúr 11.0 thíos an fás ar
ghaoth ceangailte leis an eangach náisiúnta ó 2000.
Chuir an fás seo le toilleadh giniúna inathnuaithe
suiteálaithe ar an iomlán, a tháinig suas go1,161
MW faoi dheireadh 2006.
FiGiúR 11.0: FÁS ar ThOILLeaDh GaOIThe SUITeÁILTe (2000-2006)
0
100
200
300
400
500
600
700
800
Tarchur ceangailte
Toille
adh
Sui
teái
lte (M
W)
Dáileadh ceangailte
2006200520042003200220012000
Nochtadh Breosla do 2005
Faoi Rialachán 25 de I.R. Uimh. 60 de 2005,
ordaítear don Choimisiún cinntiú go soláthraíonn
soláthraithe eolas iontaofa ar gach bille agus ábhar
fógraíochta a chuirtear chuig custaiméirí maidir le
cur gach foinse fuinnimh le meascán breosla iomlán
an tsoláthraí i gceist agus na tionchair bhainteacha
ar an dtimpeallacht thar an mbliain roimhe. Go
luath i 2006, chinn an Coimisiún ar an
modheolaíocht a d’úsáidfí le meascán breosla gach
soláthraí sa mhargadh a shocrú (CER/06/117).
Leagann Tábla 7.0 amach na figiúir meascán breosla
do gach príomh-sholáthraí leictreachais agus iad
liostaithe de réir cineál breosla do 2005. .
43
TÁBLA 7.0: MeaSCÁN BreOSLa SOLÁThraÍ LeICTreaChaS De rÉIr CINeÁL BreOSLa DO 2005
Soláthraí CTÉ Gual Ola Gás Móin Ábhair
Inathnuaite
Airtricity 0% 7% 4% 9% 2% 78%
Soláthar Fuinnimh Bord Gáis 1% 6% 3% 88% 1% 1%
Cumhacht TÉ 10% 18% 10% 20% 4% 38%
Energia 2% 14% 6% 74% 2% 2%
Soláthar Custaiméara BSL 1% 32% 17% 30% 12% 8%
Fuinneamh Neamhspleách BSL 0% 10% 5% 81% 2% 2%
Iomlán 1% 24% 12% 46% 8% 9%
45
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Sábháilteacht Gáis agus Leictreachais
Príomh-Éachtaí i 2006
n Bunú foirmeálta na foirne sábháilteachta
leictreachais agus gáis;
n Forbairt tosaigh d’fheidhmeanna sábháilteachta
gáis agus leictreachais an CER in oirchill ar
fhreagrachtaí nua sa réimse seo a sholáthrófaí
faoin Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha)
2006.
Réamhrá
Bhunaigh an Coimisiúin an fhoireann sábháilteachta
gáis agus leictreachais i 2006. Tá an fhoireann
freagrach as ucht maoirseacht rialála na rialacha
sábháilteachta do cheantair áirithe de chuid na
rannóga gáis nádúrtha agus leictreachais in Éirinn,
mar a leagtar amach go príomhúil faoin Acht
Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006.
Cúlra
Ba é obair tosaigh na foirne sábháilteachta
leictreachais agus gáis a bhí i gceist ná leanúint na
hoibre a bhí ar fáil sa cheantar seo agus dul i
gcaidreamh leis an Roinn Cumarsáide, Mara agus
Acmhainní Nádúrtha (RCMAN) ar fhorbairt na
bhforálacha sábháilteachta de chuid an Achta
Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha).
Ghlac dhá theach an Oireachtais leis an Acht agus
shínigh an tUachtarán é ar 24 Nollaig 2006.
Leathnaíonn sé feidhmeanna an Choimisiúin chun
rialachán na ngníomhaíochtaí ag conraitheoirí
leictreachais, suiteálaithe gáis agus adhleacóireachta
gáis nádúrtha, maidir le sábháilteacht, a chuimsiú.
Reachtaíocht
Maidir le tionscal conraitheoireachta leictreachais, tá
sé de dhíth ar an gCoimisiún faoin Acht Fuinnimh
(Forálacha Ilghnéitheacha) 2006 comhlachas nó
comhlachais a cheapadh chun a bheith ina
gComhlachas Maoirseachta de Shábháilteacht
Leictreachais. Beidh ar chonraitheoirí leictreachais
iarratais a chur isteach chun a bheith ina mbaill den
chomhlachas seo agus beidh orthu critéar áirithe a
chomhlíonadh mar atá leagtha síos ag an gCoimisiún,
chun a bheith ina gConraitheoirí Leictreachais
Cláraithe. Beidh an chumhacht ag an gComhlachas
seo baill a nochtadh agus a smachtú agus beidh sé
féin faoi réir iniúchadh ón gCoimisiún chun a chinntiú
go bhfuil na caighdeáin forordaithe á chomhlíonadh.
Ar an gcuma céanna, maidir le sábháilteacht gáis,
beidh sé de dhíth ar an gCoimisiún comhlachas a
cheapadh chun a bheith ina Chomhlachas
Maoirseachta de Shábháilteacht Gáis le haghaidh
suiteálaithe gáis nádúrtha. Sa bhreis ar sin cuireann
an tAcht freagrachtaí fairsinge ar an gCoimisiún i leith
sábháilteacht gáis nádúrtha a rialú agus a chur chun
cinn, lena n-áirítear bunú creatlaigh sábháilteachta
gáis nádúrtha le haghaidh gnóthais gháis. Tá sé de
dhíth ar an gCoimisiún faoin Acht tuairisciú go
bliantúil don Aire ar fheidhmiú an chreatlaigh.
I 2007 beidh fócas na foirne sábháilteachta laistigh
den Choimisiún dírithe ar fheidhmiú na bpríomh-
fhorálacha seo.
Sábháilteacht Leictreachais
Bhí obair na foirne sábháilteachta i réimse na
sábháilteachta leictreachais dírithe ar dhá phríomh-
réimsí i 2006 – athbheochan agus bainistiú an chórais
rialála deonach in áit don tionscal conraitheoireachta
leictreachais agus an fhorbairt de phlean le haghaidh
feidhmiú freagrachtaí sábháilteachta leictreachais an
Choimisiúin faoin Acht.
Bainistiú Leanúnach an Chórais Rialála Deonach
I rith 2006, d’athbhunaigh an Coimisiún Painéal
Athbhreithnithe Critéir na gConraitheoirí
Leictreachais (ECCRP). Is fóram tionscail é seo le
46
hionadaíocht ó na comhlachais féin-rialála do
chonraitheoirí leictreachais, ECSSA agus RECI,
Comhairle Leictre-Theicniúil na hÉireann (ETCI)
agus Líonraí BSL. Tháinig obair an choimisiúin chun
buaice i 2006 le foilsiú leagan nua den Chritéar
d’Eisiúint Ceadúnais Rialála do Chomhlachas Rialála
Ceadúnaithe Conarthacha Leictreachais, an
‘Cháipéis Chritéir’, a sholáthraíonn breac-chuntas ar
ról agus freagrachtaí na páirtithe éagsúla faoin
gcóras reatha.
Sábháilteacht Gáis
I rith 2006 lean an Coimisiún an obair leis an
gCoiste Sábháilteachta Gáis chun imscrúdú a
dhéanamh ar eachtraí sábháilteachta gáis agus
staitisticí sábháilteachta tionscail a athbhreithniú.
Spreagadh an Coimisiún chun a thabhairt faoi deara
nach raibh ach cúig eachtraí sábháilteachta gáis i
2006 agus ní raibh bás nó gortú tromchúiseach aon
duine mar thoradh orthu.
Plean um Fheidhmiú na bhFreagrachtaí Nua – Leictreachas agus Gás
Chomh maith leis an obair a rinneadh i leith an
chórais reatha, freisin thosaigh an Choimisiún ar an
bpróiseas chun plean a fhorbairt d’fheidhmiú a
chuid freagrachtaí reachtaíochta nua i leith
sábháilteacht leictreachais.
An chéad phríomh-thionscadal de chuid an
Choimisiúin sa réimse seo ná foilsiú ‘Cáipéis Físe’.
Leagfaidh sé seo amach na nithe seo a leanas:
n cuspóirí ardleibhéil an chórais rialála nua,
n na bealaí trína dhéanfaí iad seo a bhaint amach
agus thomhas,
n na socruithe rialachais a gcuirfear in áit chun
feidhmiú éifeachtach an chórais nua a chinntiú.
Tá sé ar intinn an cháipéis seo a fhoilsiú le haghaidh
comhairle poiblí sa chéad leath de 2007.
Chomh maith leis an obair a rinneadh i leith an
Choiste Sábháilteachta Gáis, thosaigh an Coimisiún
ar an bpróiseas chun plean a fhorbairt d’fheidhmiú
a chuid freagrachtaí nua i leith sábháilteacht gáis.
47
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Rannóg na nOibríochtaí
Príomh-Éachtaí do 2006
n Comhlíonadh Tionscadal Bogadh Oifige an CER
n Dearadh agus feidhmiú Straitéise AD an CER
n Bunú Ionad Eolais Gnó (IEG)
Réamhrá
Go príomha is é atá i gceist le Rannóg na
nOibríochtaí laistigh den CER ná rannóg tacaíochta
inmheánaigh don cheithre rannóg polasaithe agus
rialála. Tá Rannóg na nOibríochtaí déanta suas den
Roinn AD, an Roinn Airgid agus an tIonad Eolais Gnó
(IEG) a bunaíodh le déanaí. Is iad seo a leanas na
príomh-bhuaiceanna do 2006:
Bogadh Oifige an CER
Bhog an Coimisiún chuig oifigí nua go déanach i
2006. Is comhartha d’fhás an CER sa dhá nó trí bliana
atá imithe é an riachtanas chun bogadh go hoifigí
níos fairsinge agus níos nua-aimseartha, de réir mar a
leathnaíodh feidhmeanna agus freagrachtaí an
Choimisiúin trí reachtaíocht éagsúil. Anois tá an CER
suite ag an seoladh seo a leanas:
An Coimisiúin um Rialáil Fuinnimh,
The Exchange,
An Cearnóg Belgard Thuaidh,
An Tamhlacht,
Baile Átha Cliath 24
Níl aon athrú ar na huimhreacha gutháin agus facs
agus na seoltaí rphoist.
Baineadh amach an bogadh oifige go rathúla i rith
tréimhse na Nollag 2006 sa chaoi go laghdófaí an
míchaoithiúlacht a d’fhéadfadh a bheith leagtha ar
gheallshealbhóirí an CER.
Straitéis Acmhainní Daonna an CER
D’fhormheas an Coimisiún feidhmiú straitéise AD an
CER le tosú i 2006. Tá an straitéis seo deartha chun
acmhainní foirne an CER a fhorbairt chun cúnamh a
thabhairt don Choimisiún agus é i mbun a chuid
dualgais rialála, chomh maith le héifeachtachta
eagraíochtúil agus caighdeán seirbhíse a fheabhsú
chuig an earnáil fhuinnimh in Éirinn. Díríonn straitéis
AD an CER ar fhorbairt na scileanna rialála agus
bainistíochta d’fhoireann an CER, ag feabhsú
cumarsáidí agus bainistiú feidhmíochta.
ionad Eolais Gnó
Bhunaigh an CER Ionad Eolais Gnó (IEG) i 2006.
Cabhróidh an IEG leis an gCoimisiún i bhfeabhsú a
chuid éifeachtacht agus caighdeán seirbhíse do
gheallshealbhóirí. Déanfar struchtúir bainistiú
faisnéise laistigh den CER a láidriú; freisin feabhsóidh
sé seo luas agus caighdeán an eolais gur féidir leis an
CER a sholáthar go seachtrach. Sa bhreis ar sin,
táthar tar éis an IEG a bhunú mar oifig preasa an
CER i ndiaidh méadú suntasach i bhfiosrúcháin agus
glaonna ó na meáin chumarsáide le blianta beaga
anuas.
I dteannta na seirbhíse feabhsaithe seo do
gheallshealbhóirí seachtracha, freisin cabhróidh an t-
ionad eolais gnó leis an gCoimisiún trína phróiseas
pleanála inmheánach. Cabhróidh struchtúir pleanála
feabhsaithe leis an gCoimisiún i mbaint amach a
chuid cuspóirí rialála le feabhsú éifeachtacht.
Freisin déanann an IEG comhordú ar imoibrithe an
CER le comhlachais Eorpach ar nós an CEER (Coiste
na Rialaitheoirí Fuinnimh Eorpach) agus an ERGEG
(Grúpa na Rialaitheoirí Eorpach do Leictreachas agus
Gás). Is é aidhm na grúpaí seo ná polasaí agus
straitéis coitianta a fhorbairt i measc na rialaitheoirí
fuinnimh Eorpacha go léir.
49
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Aguisíní
Aguisín 1: Príomhtháirgí insoláthartha an CER do 2007
Ar 16 Feabhra 2007, d’fhoilsíodh an CER a dheich
bpríomh-thasc le haghaidh dul chun cinn i 2007. Is
príomhchuspóirí straitéiseach iad seo d’fhorbairt na
margaí leictreachais agus gáis liobrálaithe in Éirinn.
Is iad seo a leanas deich bpríomh-thasc an CER don
bhliain 2007:
n Feidhmigh Comhaontú Straitéise Sócmhainní
Giniúint Chumhachta an BSL
n Feidhmigh Margadh Leictreachas Aonair (MLA)
agus déan forbairt bhreise ar Phleananna
Margaidh Fuinneamh Uile Oileáin (PUO)
n Comhlíon Líonraí Bord Gáis agus Soláthar
athbhreithnithe ioncaim 5-bliana
n Feidhmigh Plean Cúraim Chustaiméara
n Déan socrú don dearadh agus seoladh de
chomórtas don Idirnascaire Thoir-Thiar
n Athbhreithnigh agus formheas praghsanna
leictreachas agus gáis do 2008
n Feidhmigh polasaí Geata 2 agus tabharfar aird ar
na céad céimeanna eile
n Déan bainistiú ar thionchar in Éirinn de leasuithe
reatha i socruithe piocúlachta tarchuir gáis an
RA
n Forbair struchtúir d’fheidhmiú ár bhfreagrachtaí
sábháilteachta
n Feidhmigh Straitéis AD agus forbairt an Ionaid
Eolais Gnó (IEG)
Soláthraíonn an tábla seo a leanas breac-chuntas ar
na príomh-thascanna oibre agus dátaí seachadta le
haghaidh gach Rannóg den CER do 2007.
TÁBLA 8.0: PrÍOMhThÁIrGÍ INSOLÁTharTha De rÉIr raNNÓG DO 2007
Foireann na Margaí Mórdhíola Láithrigh agus Giniúna
Dáta Tosaithe i
2007
Dáta Críche i
2007
Feidhmiú Comhaontú Straitéise Sócmhainní CER-BSL Eanáir 2007 Leanúnach i rith
2007
Forfheidhmiú Maolú Cumhachta Margaidh MLA Eanáir 2007 Samhain 2007
Samhaltú Margaidh MLA Feabhra 2007 Samhain 2007
Rialúchán PG an BSL in MLA Eanáir 2007 Nollaig 2007
Rith Margaidh Reatha Eanáir 2007 Samhain 2007
Monatóireacht Giniúna agus PG an BSL Eanáir 2007 Nollaig 2007
Slándáil an tSoláthair Eanáir 2007 Nollaig 2007
Ceadúnais Ghiniúna san MLA Eanáir 2007 Iúil 2007
50
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
rannóg na Margaí Uile-Oileáin
Dáta Tosaithe i
2007
Dáta Críche i
2007
Comhaontuithe Comh-Rialála agus Reachtaíocht an MLA Eanáir 2007 Samhain 2007
Dearadh Margaidh agus Trádáil agus Socrú Cóid Eanáir 2007 Samhain 2007
Ceadúnú MLA Eanáir 2007 Samhain 2007
Dearadh Meicníochta Íocaíochta Toillte Eanáir 2007 Samhain 2007
Straitéis Maolaithe na Cumhachta Margaidh Eanáir 2007 Samhain 2007
Plean SIMDRAC (Méadrú agus Sonraí) Eanáir 2007 Samhain 2007
Saincheisteanna Líonra agus Tarchur Eanáir 2007 Samhain 2007
Trasdul agus Ullmhacht Margaidh Eanáir 2007 Samhain 2007
Oibreoir Margaidh agus Pleananna Oibreora Córais Eanáir 2007 Samhain 2007
rannóg na Líonraí Fuinnimh
Dáta Tosaithe i
2007
Dáta Críche i
2007
Athbhreithniú ioncam cúig bliana Líonraí Bord Gáis (2007 - 2012) Eanáir 2007 Lúnasa 2007
Tionscadal Idirnascaire Thoir – Thiar Eanáir 2007 Nollaig 2007
Leasuithe Tarchuir Gáis an RA (Tionchar ar Éire) Eanáir 2007 Nollaig 2007
Saincheisteanna Naisc Leictreachais lena n-áirítear Feidhmiú
Geata 2
Eanáir 2007 Nollaig 2007
Saincheisteanna Líonraí MLA (lena n-áirítear comhoiriúnú
tarchuir)
Eanáir 2007 Samhain 2007
Ciogal bliantúil de tháirgí insoláthartha na Líonraí Gáis agus
Leictreachais (táillí, fachtóirí caillteanais, réamhaisnéisí).
Eanáir 2007 Nollaig 2007
Comhlíonadh agus Monatóireacht Ceadúnais Eanáir 2007 Nollaig 2007
Ionchur CER go Polasaí Eorpach trí CEER agus ERGEG Eanáir 2007 Nollaig 2007
Díospóidí Líonra Bealtaine 2007 Nollaig 2007
51
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
rannóg na Timpeallachta, Miondíola agus Gnóthaí Tomhaltóra
Dáta Tosaithe i
2007
Dáta Críche i
2007
Athbhreithniú ioncaim cúig bliana Soláthair Bord Gáis Eanáir 2007 Lúnasa 2007
Táillí Bord Gáis: Praghsáil agus struchtúir Eanáir 2007 Lúnasa 2007
Iomaíocht i dTionscadal Margaidh Gáis Miondíola Eanáir 2007 Samhain 2007
Margadh leictreachais miondíola agus trasdul go MLA Eanáir 2007 Samhain 2007
Táillí agus Athbhreithniú Ioncaim Soláthair Custaiméara BSL do
2008
Aibreán 2007 Samhain 2007
Méadrú Cliste agus Bainistiú an Éilimh Eanáir 2007 Aibreán 2007
Cosaint Chustaiméara- seoladh an phlean cúraim chustaiméara Eanáir 2007 Nollaig 2007
Cóireáil na hÁbhair Inathnuaite san MLA Eanáir 2007 Meán Fómhair
2007
Nochtadh Meascáin Breosla san MLA Eanáir 2007 Meitheamh 2007
Micrea-ghiniúint Eanáir 2007 Meitheamh 2007
Iniúchadh OSP Bliantúil Márta 2007 Lúnasa 2007
Foireann Sábháilteachta Leictreachais agus Gáis
Dáta Tosaithe i
2007
Dáta Críche i
2007
Radharc do Rialúchán an Tionscail Conraitheoireacht Leictreach Eanáir 2007 Meitheamh 2007
Critéir na gComhlachas Maoirseoireachta de Shábháilteacht
Conraitheoireachta Leictreach
Eanáir 2007 Meitheamh 2007
Ceapadh na gComhlachas Maoirseoireachta de Shábháilteacht
Conraitheoireachta Leictreach
Eanáir 2007 Samhain 2007
Radharc do Chreatlach Rialála na sábháilteachta Gáis Márta 2007 Deireadh
Fómhair 2007
Clár Rialacháin an Suiteálaí Gáis Feabhra 2007 Deireadh
Fómhair 2007
52
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Aguisín 2: Struchtúr Eagraíochtúil an CER 2007
Madeline Drew Byrne
Fáilteoir
Margaret Gill
Fáilteoir
Niamh Drew
Bainisteoir Acmhainní
Daonna
alison Marks
Comhordaitheoir Acmhainní
Daonna
Gary O’Connell
Riarthóir TF Cinn
Darren red
Riarthóir TF
Jim Lawlor
Bainisteoir saoráidí
ann White
Riarthóir Acmhainní
Daonna
Folúntas
Coimisinéir
Breda Coss
Bainisteoir Airgeadais
elane Wallace
Cúntoir Cuntais
MichelleNugent
Riarthóir Airgeadais
SiobhanKeating
Oifigeach Soláthair
eugene Coughlan
Stiúrthóir nan-Oibríochtaí
Paul Brandon
Bainisteoir Ionad Eolas Gnó
Tara Scully
Oifigeach Ionad Eolas Gnó
Sandra Morgan
Riarthóir Ionad Eolas Gnó
Garrett Fitzgerald
Bainisteoir Sábháilteachta
Karen Trant
Anailísí
Sheenagh rooney
Bainisteoir Giniúna
Dana Kelleher
Anailísí
eamon Murtagh
Bainisteoir Sábháilteachta
Gáis
Fiona hannon
Anailísí
eugene Coughlan
Stiúrthóir Giniúna agus
Sábháilteachta
Meave richardson
Cúntóir Pearsanta
Karen Kavanagh
Bainisteoir Soláthar
Leictreachaisagus GT
Caroline Johnston
Anailísí
David egan
Anailísí
edward Gallagher
Bainisteoir Soláthar Gáis
agus GT
MargaritaWood
Anailísí
enda Brennan
Bainisteoir Cúram
Custaiméirí
Liz Kavanagh
Oifigeach Cúram Custaiméirí
Julie Deal
Riarthóir Cúram Custaiméirí
Veronka Kelly
Riarthóir Cúram Custaiméirí
aoife Crowe
Bainisteoir In-athnuachaintí agus Ceadúnú
Dermot Lynch
Anailísí
Cathy Mannon
Stiúrthóir Timpeallachta, Miondíola agus
Gnóthaí Tomhaltóirí
Derbhla McCarthy
Cúntóir Pearsanta
Tom reeves
Coimisinéir
Catherine Kearns
Cúntóir Pearsanta
Paul O’Neill
Bainisteoir Tionscadail
Clive Bowers
Anailísí
Michelle Gillan
Riarthóir Tionscadail
PaulMcGowan
Stiúrthóir PUO
Maria Coyne
Cúntóir Pearsanta
Tim O’Brien
Bainisteoir Líonraí Tráchtála
Martin McCarthy
Analyst
Sean Mac an Bhaird
Anailísí
eric Mullane
Anailísí
Keelin O’Brien
Bainisteoir Líonraí
Oibriúcháin
Jill Murray
Anailísí
robert O’rourke
Anailísí
andrew ebrill
Bainisteoir Tarchuir
Leictreachais
Siobhan Dinneen
Anailísí
John Lynch
Anailísí
John Orme
Anailísí
JohnO’Connell
Bainisteoir
Denis Cagney
StiúrthóirLíonraí
Fuinnimh
Kathyann Purcell
Cúntóir Pearsanta
Michael Tutty
Coimisinéir
Michelle Whelan
Cúntóir Pearsanta
DavidNaughton
Bainisteoir
Philip Newsome
Anailísí
James Curtin
Anailísí
53
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
Madeline Drew Byrne
Fáilteoir
Margaret Gill
Fáilteoir
Niamh Drew
Bainisteoir Acmhainní
Daonna
alison Marks
Comhordaitheoir Acmhainní
Daonna
Gary O’Connell
Riarthóir TF Cinn
Darren red
Riarthóir TF
Jim Lawlor
Bainisteoir saoráidí
ann White
Riarthóir Acmhainní
Daonna
Folúntas
Coimisinéir
Breda Coss
Bainisteoir Airgeadais
elane Wallace
Cúntoir Cuntais
MichelleNugent
Riarthóir Airgeadais
SiobhanKeating
Oifigeach Soláthair
eugene Coughlan
Stiúrthóir nan-Oibríochtaí
Paul Brandon
Bainisteoir Ionad Eolas Gnó
Tara Scully
Oifigeach Ionad Eolas Gnó
Sandra Morgan
Riarthóir Ionad Eolas Gnó
Garrett Fitzgerald
Bainisteoir Sábháilteachta
Karen Trant
Anailísí
Sheenagh rooney
Bainisteoir Giniúna
Dana Kelleher
Anailísí
eamon Murtagh
Bainisteoir Sábháilteachta
Gáis
Fiona hannon
Anailísí
eugene Coughlan
Stiúrthóir Giniúna agus
Sábháilteachta
Meave richardson
Cúntóir Pearsanta
Karen Kavanagh
Bainisteoir Soláthar
Leictreachaisagus GT
Caroline Johnston
Anailísí
David egan
Anailísí
edward Gallagher
Bainisteoir Soláthar Gáis
agus GT
MargaritaWood
Anailísí
enda Brennan
Bainisteoir Cúram
Custaiméirí
Liz Kavanagh
Oifigeach Cúram Custaiméirí
Julie Deal
Riarthóir Cúram Custaiméirí
Veronka Kelly
Riarthóir Cúram Custaiméirí
aoife Crowe
Bainisteoir In-athnuachaintí agus Ceadúnú
Dermot Lynch
Anailísí
Cathy Mannon
Stiúrthóir Timpeallachta, Miondíola agus
Gnóthaí Tomhaltóirí
Derbhla McCarthy
Cúntóir Pearsanta
Tom reeves
Coimisinéir
Catherine Kearns
Cúntóir Pearsanta
Paul O’Neill
Bainisteoir Tionscadail
Clive Bowers
Anailísí
Michelle Gillan
Riarthóir Tionscadail
PaulMcGowan
Stiúrthóir PUO
Maria Coyne
Cúntóir Pearsanta
Tim O’Brien
Bainisteoir Líonraí Tráchtála
Martin McCarthy
Analyst
Sean Mac an Bhaird
Anailísí
eric Mullane
Anailísí
Keelin O’Brien
Bainisteoir Líonraí
Oibriúcháin
Jill Murray
Anailísí
robert O’rourke
Anailísí
andrew ebrill
Bainisteoir Tarchuir
Leictreachais
Siobhan Dinneen
Anailísí
John Lynch
Anailísí
John Orme
Anailísí
JohnO’Connell
Bainisteoir
Denis Cagney
StiúrthóirLíonraí
Fuinnimh
Kathyann Purcell
Cúntóir Pearsanta
Michael Tutty
Coimisinéir
Michelle Whelan
Cúntóir Pearsanta
DavidNaughton
Bainisteoir
Philip Newsome
Anailísí
James Curtin
Anailísí
54
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
RÁiTiS AiRGEADAiSDon bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2006
Ábhar
Tuarascáil an Choimisiúin 55
Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur i láthair Tithe an Oireachtais 56
Ráiteas Fhreagrachtaí na gComhaltaí 58
Ráiteas ar Rialú Airgeadais Inmheánach 59
Ráiteas faoi Pholasaithe Cuntasaíochta 60
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais 62
Ráiteas ar Iomlán an nGnóthachan agus na gCaillteanas Aitheanta 62
Clár Comhardaithe 63
Ráiteas faoi Shreabhadh Airgid 64
Nótaí do na Ráitis Airgeadais 65
55
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
TUARASCÁiL AN CHOiMiSiúiN DON BHLiAiN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAiG 2006
Tá áthas orm na ráitis airgeadais iniúchta de chuid an Choimisiúin um Rialáil Fuinnimh don bhliain dar chríoch
31 Nollaig 2006 a chur i láthair.
Bliain Airgeadais
Tá dhá mhí dhéag sa tréimhse cuntasaíochta go dtí an 31 Nollaig 2006.
Príomhghníomhaíochtaí
Chuir Éire an Treoir Leictreachais ón Eoraip i bhfeidhm nuair a rinneadh dlí den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999
agus bunaíodh an Coimisiún um Rialáil Leictreachais (CER) an 14 Iúil 1999. Leagan an reachtaíocht sin mar aon le
síniú Ionstraim Reachtúil 445 i 2000 amach cumhachtaí agus dualgais an CER agus soláthraítear creat oibre le
hiomaíochas a thabhairt isteach i nginiúint agus i soláthar leictreachais in Éirinn. Bhunaigh An tAcht Gáis
(Eatramhach) (Rialáil), 2002 CER mar rialálaí an gháis nádurtha in Éirinn faoin teideal an Coimisiúin um Rialáil
Fuinnimh. Tugadh na cumhachtaí don CER is gá chun críche ceadúnú agus rialáil mar gheall ar sheachadadh,
dháileadh, stóráil agus sholáthar an gháis nádúrtha agus chun críche orduithe maidir le soláthar, seachadadh,
dáileadh agus díol an gháis nádúrtha a eisiúint. Faigheann an Coimisiún an maoiniú iomlán ó ioncam tobhaigh
agus ceadúnais a fhaightear ó na rannpháirtithe tionsclaíocha cuí.
Torthaí
Tá sonraí maidir le torthaí airgeadais an Choimisiúin don bhliain leagtha amach sna Ráitis Airgeadais agus sna
nótaí a ghabhann leo.
iniúchóirí agus Cuntais
Ceanglaíonn mír 25 den Sceideal leis an Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, arna leasú leis an Acht Gáis
(Eatramhach) (Rialáil), 2002 ar an gCoimisiún ráitis airgeadais a ullmhú i bhfoirm ina bhféadfaidh an tAire
Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha iad a cheadú le comhthoiliú an Aire Airgeadais. Cuirfidh an
Coimisiún cuntais i ndáil le gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Chomh luath agus is féidir
i ndiaidh an iniúchta bíonn ar an gCoimisiún cóip de na cuntais sin chomh maith le tuarascáil iniúchta an Ard-
Reachtaire Cuntas agus Ciste a thíolacadh don Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.
Coiste iniúchta
Is iad baill an Choiste Iniúchta ná An tUasal Michael G. Tutty (Cathaoirleach), An Dr. Paul McGowan agus An
tUasal Maurice Carey (Seachtrach). Is iad a phríomhfheidhmeanna ná comhairle a thabhairt ar conas ar féidir leis
an gCoimisiún a phríomhrioscaí airgeadais agus oibríochta a riar, éifeachtacht na rialuithe inmheánacha a mheas,
measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna airgid agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú chinnti an
Choimisiúin a eascraíonn ó mholtaí an Choiste Iniúchta.
I ndiaidh proisis forthairisceana iomaíoch i 2005, cheap an Coiste Iniúchta PricewaterhouseCoopers mar Iniúchoiri
Inmheánacha ar feadh tréimhse trí bliana. Le linn 2006 d’iarr an Coiste ar na hIniúchóirí Inmheánacha díriú
ar athbhreithniú den chóras foriomlán de Rialacháin Inmheánacha Airgeadais sa CER, ráiteas a thabhairt ar a
n-éifeachtacht agus moltaí a thabhairt ar ghnéithe a ba chóir a fheabhsú. Le linn na bliana, tugadh faoi
athbhreithniú leantach de Iniúchadh Inmheánach de na Próisis Soláthair agus Bainistíocht Riosca a rinneadh i
2005.
Tom reeves
Thar ceann an Choimisiúin
56
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
TUARASCÁiL AN ARD-REACHTAiRE CUNTAS AGUS CiSTELE CUR i LÁTHAiR TiTHE AN OiREACHTAiS
Tá ráitis airgeadais An Choimisiúin um Rialáil Fuinnimh don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2006 iniúchta
agam faoin Acht um Rialáil Leictreachais, 1999 arna leasú leis an Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil), 2002.
Tá na ráitis airgeadais, a ullmhaíodh faoi na beartais chuntasaíochta arna leagan amach sna ráitis,
comhdhéanta de na Beartais Chuntasaíochta, an Cuntas Ioncaim agus Caiteachas, an Clár Comhardaithe,
an Ráiteas ar Shreabhadh Airgid, Ráiteas Gnóthachan agus Caillteanas Aitheanta Iomlán agus na nótaí
gaolmhara.
Freagrachtaí an Choimisiúin agus an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi seach
Tá an Coimisiún freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú da réir an Achta um Rialáil Leictreachais, 1999
arna leasú leis an Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil), 2002, agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.
Ullmhaíonn an Coimisiún na ráitis airgeadais de réir Cleachtais Chuntasaíochta a nGlactar Leis go Coitianta
in Éirinn. Tá freagrachtaí cuntasaíochta Chomhaltaí an Choimisiúin leagtha amach sa Ráiteas um
Fhreagrachtaí Bhaill an Choimisúin.
Is é m’fhreagrachtsa ná na ráitis airgeadais a iniúchadh de réir cheanglas ábhartha dlí agus rialúcháin agus
Caighdeán Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (Ríocht Aontaithe agus Éire).
Tuairiscím mo thuairim maidir le cibé an dtugann na ráitis airgeadais léargas fíorcheart, de réir Cleachtais
Chuntasaíochta a nGlactar Leis go Coitianta in Éirinn. Tuairiscím freisin cibé, dar liom, an raibh leabhair
chuntais chuí coinnithe. Lena chois sin, deirim cibé an dtagann na ráitis airgeadais leis na leabhair chuntais.
Tuairiscím ar aon chás ábharta nár feidhmíodh suimeanna airgid chun na gcríoch a bhí beartaithe nó sa
chás nach leanann na hidirbhearta do na húdaráis a rialaíonn iad.
Tuairiscím freisin mura bhfuil an fhaisnéis agus na mínithe ar fad faighte agam agus atá riachtanach chun
críocha m’iniúchta.
Scrúdaím an Ráiteas maidir le Rialú Inmheánach Airgeadais le féachaint an léirítear ann gur chomhlíon an
Coimisiún on Cód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit agus tuairiscím ar aon chás ábhartha
nach ndéanann sé amhlaidh, nó más rud é go bhfuil an ráiteas míthreorach nó nach dtagann sé le faisnéis
eile atá ar eolas agam de bharr na ráitis airgeadais a bheith iniúctha agam. Ní cheanglaítear orm a
bhreithniú cibé angclúdaíonn an Ráiteas maidir le Rialú Inmheánach Airgeadais gach priacal agus rialú
airgeadais, ná teacht ar thuairim maidir le héifeachtacht na nósanna imeachta maidir le priacail agus rialú.
Léighim eolas eile sa Tuarascáil Bhliantúil, agus breithním cé acu an bhfuil sé i gcomhréir leis na ráitis
airgeadais iniúchta. Breithním na himpleachtaí do mo thuarascáil má thagaim ar an eolas de aon mhíráitis
dealraitheacha nó neamhréireachtaí ábhartha leis na ráitis airgeadais.
57
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
TUARASCÁiL AN ARD-REACHTAiRE CUNTAS AGUS CiSTE AR LEAN
An Bunús atá le mo Thuairim ar na Ráitis
I mbun m’fheidhme mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, rinne mé m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais de
réir Caighdeán Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (Ríocht Aontatithe agus Éire) arna n-eisiúint ag an
mBord um Chleachtais Iniúchóireachta agus trí thagairt a dhéanamh do na nithe ar leith is gá a chur san
áireamh i ndáil le cúrsaí bainisteoireachta agus oibriúcháin a ghabhann le comhlachtaí Stáit. Déantar scrúdú
mar chuid den iniúchadh, ar bhonn tástála, ar fhianaise a bhaineann suimeanna agus rialtacht na n-
idirbheart airgeadais a chuirtear san áireamh sna ráitis airgeadais, agus leis na hidirbhearta a fhoilsítear
iontu. Chomh maith leis sin, cuimsíonn an t-iniúchadh measúnacht ar na meastacháin agus ar na
breitheanna suntasacha a rinneadh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, agus measúnacht le féachaint an n-
oireann na beartais chuntasaíochta don bhail atá ar chúrsaí an Choimisiúin, ar feidhmíodh na beartais sin ar
bhealach leanúnach agus ar foilsíodh iad ar bhealach sásúil.
Pheanáil mé agus rinne mé m’iniúchadh sa chaoi is go bhfaighinn an fhaisnéis agus na mínithe ar fad a
mheas mé a bheith riachtanach ionas go mbeadh leordhóthain fianaise agam a d’fhágfadh cinnteacht
réasúnach ann go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé calaois nó neamhrialtacht nó
earráid eile is cúis leis sin.
I dteacht ar mo thuairim, rinne mé meastóireacht ar a shásúla is a cuireadh faisnéis i láthair sna ráitis
airgeadais san iomlán freisin.
Tuairim
Is é mo thuairim go dtugann na ráitis airgeadais léargas fíorcheart, de réir Cleachtais Chuntasaíochta a
nGlactar Leis go Coitianta in Éirinn, ar riocht ghnóthaí an Choimisiúin ag 31 Nollaig 2006 agus ar a ioncaim
agus ar a chaiteachtas don bhliain dar críoch sin.
Is é mo thuairim go raibh leabhair chuntais chuí coinnithe ag an gCoimisiún. Tá na ráitis airgeadais ag
teacht leis na leabhair chuntais.
Gerard Smyth
Le haghaidh agus thar ceann an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
17 Lúnasa 2007
58
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
RÁiTEAS FHREAGRACHTAÍ NA GCOMHALTAÍ
Ceanglaíonn mír 25 den Sceideal atá ag gabháil leis an Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, arna leasú le
hAlt 22 den Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil), 2002 ar an gCoimisiún ráitis airgeadais a ullmhú i bhfoirm ina
bhféadfaidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha iad a cheadú le comhthoiliú an Aire
Airgeadais agus iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntais agus Ciste lena n-iniúchadh. Agus an
Coimisiún ag ullmhú na ráitis airgeadais seo, ceanglaítear air:
n polasaithe cuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus iad a fheidhmiú ar bhonn seasmhach
n breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh a bhíonn réasúnach agus ciallmhar
n na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh mura mbíonn sin mí-oiriúnach
n aon imeacht ábharthach ó chaighdeáin chuntasaíochta infheidhmithe a nochtú nó a mhíniú.
Tá an Coimisiún freagrach as leabhair chuntais chuí a choinneáil, a léiríonn le cruinneas réasúnach ag aon
tráth staid airgeadais an Choimisiúin agus a chuirfidh ar a chumas a chinntiú go gcomhlíonann na ráitis
airgeadais Alt 22 den Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil), 2002. Bíonn freagracht ar an gCoimisiún sócmhainní
an Choimisiúin a chosaint freisin agus as céimeanna réasúnacha a ghlacadh chun calaois agus aon
mhírialtachtaí eile a chosc agus a bhrath.
Tom reeves
Thar ceann an Choimisiúin
59
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
RÁiTEAS AR RiALú AiRGEADAiS iNMHEÁNACHThar ceann an Choimisiúin um Rialáil Fuinnimh admhaím ár bhfreagracht as a chinntiú go gcoinnítear agus
go bhfeidhmítear córas rialaithe airgeadais inmheánach éifeachtach.
Ní féidir leis an gcóras ach dearbhú réasúnta seachas cinnte a thabhairt go bhfuil sócmhainní cosanta, idirbhearta
údaraithe agus taifeadta i gceart, agus go bhfuil cosc ar dhearmaid ábhartha nó mírialtachtaí nó go mbraitear iad
in am tráthúil.
Tá céimeanna glactha ag an gCoimisiún lena chinntiú go bhfuil timpeallacht rialaithe chuí ar bun trí:
n Fhreagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta a shainmhíniú go soiléir;
n Ghnáthaimh fhoirmiúla a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus sócmhainní na
heagraíochta a chosaint;
n Chultúr freagrachta a fhorbairt thar gach leibhéal den eagraíocht.
Tá próisis curtha ar bun ag an gCoimisiún chun rioscaí gnó a aithint agus a mheasúnú trí:
n Nádúr, méid agus tionchar airgeadais na rioscaí os comhair an chomhlachta a aithint lena n-áirítear an méid
agus na catagóirí atá inghlactha dó;
n An chosúlacht go dtarlóidh rioscaí aitheanta a mheas;
n Obair go dlúth leis an Rialtas agus le Gníomhaireachtaí éagsúla lena chinntiú go bhfuil tuiscint shoiléir ar chuspóirí
an Choimisiúin agus tacaíocht á thabhairt do straitéisí an Choimisiúin chun na cuspóirí seo a bhaint amach.
Tá an córas rialaithe airgeadais inmheánaigh bunaithe ar chreatlach de eolas bainistíochta rialta, ghnáthaimh
riaracháin lena n-áirítear dualgais a roinnt, agus chóras dáilte agus freagrachta. Cuimsíonn sé ach go háirithe:
n Córas buiséadta cuimsitheach le buiséad bliantúil a bhíonn athbhreithnithe agus comhaontaithe ag Baill an
Choimisiúin;
n Athbhreithnithe rialta ag an gCoimisiún ar thuarascálacha airgeadais bliantúla agus tréimhsiúla a léiríonn
feidhmíocht airgeadais i gcoinne réamh-mheastacháin;
n Spriocanna a shocrú chun feidhmíocht airgeadais agus eile a thomhas;
n Disciplíní bainistíochta tionscadail foirmiúla.
Tá feidhm iniúchta inmheánach ag an gCoimisiún, a oibríonn i gcomhréir leis na Cóid Chreatlaí Dea-chleachtais
leagtha amach sa Chód Cleachtais um Chomhlachtaí Stáit a Rialú. Cuirtear obair an iniúchta inmheánaigh ar
an eolas trí anailísiú a dhéanamh ar an riosca atá os comhair an chomhlachta, agus bíonn pleananna iniúchta
inmheánaigh bunaithe ar an anailís seo. Tá an anailísiú riosca agus na pleananna iniúchta inmheánaigh formhuinithe
ag an gCoiste Iniúchta agus formheasta ag an gCoimisiún. Cuireann an tIniúchóir Inmheánach tuarascáil ar
ghníomhaíocht iniúchta inmheánaigh ar fáil don Choimisiún, go bliantúil ar a laghad. Bíonn tuairim an Iniúchóra
Inmheánaigh ar fhóntacht agus éifeachtacht an chórais rialaithe airgeadais inmheánaigh san áireamh sa tuarascáil. Tá
monatóireacht agus athbhreithniú an Choimisiúin ar éifeachtacht an chórais rialaithe airgeadais inmheánaigh curtha
ar an eolas ag obair an iniúchóra inmheánaigh, an coiste iniúchta a dhéanann maoirsiú ar obair an iniúchóra
inmheánaigh, na bainisteoirí feidhmiúcháin laistigh den Choimisiún atá freagrach as an gcreatlach rialaithe airgeadais
a fhorbairt agus a choinneáil, agus tráchtanna déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina litir bhainistíochta.
Rinneadh athbhreithniú ar éifeachtacht an chórais rialaithe airgeadais inmheánaigh i 2006.
Thar ceann an Choimisiúin
Tom reeves
Cathaoirleach
60
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
RÁiTEAS FAOi PHOLASAiTHE CUNTASAÍOCHTA
1. BUNúS NA GCUNTAS
Tá na ráitis airgeadais ullmhaithe faoin modh fabhraithe cuntasaíochta, ach amháin mar atá léirithe
thíos, agus de réir prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo faoi chomhghnás an chostais
bhuanaidh. Glactar le Caighdeáin Tuarascála Airgeadais atá molta ag na comhlachtaí cuntasaíochta
aitheanta de réir mar is infheidhme dóibh.
2. AiTHEANTAS iONCAiM
Tugtar ioncam tobhaigh Leictreachais agus Gáis chun cuntas thar an tréimhse lena mbaineann sé.
Tugtar ioncam ceadúnais ó údaruithe chun tógáil, giniúint agus soláthar a dhéanamh chun cuntas sa
bhliain a n-eisítear an ceadúnas.
3. SÓCMHAiNNÍ DOCHTA AGUS DÍMHEAS
Luaitear sócmhainní dochta ag costas lúide dímheas carntha. Ríomhtar dímheas chun sócmhainní
dochta a dhíscríobh thar a saol úsáideach measta faoin modh dronlíneach ag na rátaí seo a leanas:
Daingneáin agus Feistis 15%
Trealamh Oifige 15%
Crua-earraí Ríomhaireachta 331/3%
Bogearraí Ríomhaireachta 50%
Feabhsúchán léasachta 4%
4. AiRGEADRA COiGRÍCHE
Déantar idirbheartaíochtaí a bhíonn ainmnithe in airgeadra coigríche a bhaineann le hioncaim agus le
costais a aistriú go euro ag na rátaí malartaithe a bhíonn i bhfeidhm ar na dátaí sin a tharla na
hidirbheartaíochtaí.
Aistrítear sócmhainní agus dliteanais airgid a bhíonn ainmnithe in airgeadra coigríche ag an ráta
malartaithe a bhíonn i bhfeidhm ag dáta an Chláir Chomhardaithe.
5. AOiSLiúNTAS
Feidhmíonn an Coimisiún scéimeanna pinsean sochair sainmhínithe ranníocacha maoinithe faoi Alt 30
agus 31 den sceideal don Acht um Rialáil Leictreachais, 1999. Tomhaistear na sócmhainní scéime pinsin
ag luach cóir. Tomhaistear sócmhainní na scéime pinsean ag luach cothrom. Tomhaistear sócmhainní
scéime pinsean ar bhonn achtúire ag baint úsáide as an modh aonaid tionscadail. Tá an farasbarr de
dhliteanais scéime thar shócmhainní scéime léirithe ar an gClár Comhardaithe mar dhliteanas.
Tá an costas seirbhíse reatha móide an difríocht idir an fáltas measta ar shócmhainní na scéime agus
costas úis dhliteanais na scéime san áireamh sa táille pinsean sa chuntas Ioncaim agus Caiteachais.
Tá gnóthachain agus caillteanais achtúire, a thagann ó athruithe i dtoimhdeana na n-achtúirí agus ó
fharasbairr agus easnaimh thaithí, aitheanta sa ráiteas ar iomlán na ngnóthachan agus na gcaillteanas
aitheanta don bhliain ina tharlaíonn siad.
61
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
RÁiTEAS FAOi PHOLASAiTHE CUNTASAÍOCHTA AR LEAN
6. CÁNACHAS
Níl an Coimisiún dlite Cáin Chorparáide a íoc. Foráiltear do chánachas ar ús éarlais a fhaightear. Níl
ioncam a dhéanann an Coimisiún faoi réir CBL.
7. CUNTAS CAiPiTiL
Léiríonn an cuntas caipitil an luach neamh-amúchta ioncaim a úsáidtear chun críocha caipitil.
8. LEiTHROiNNT COSTAiS
Agus feidhmeanna an Choimisiúin á n-urscaoileadh faoi alt 22 den Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002,
aithníonn na ráitis airgeadais gach gné uile de chostas agus ioncaim ar leithligh maidir leis na
hearnálacha gais agus leictreachais.
Nuair a bhíonn na cuntais ar leithligh á dtarraingt suas ag an gCoimisiún, cloítear le sraith nósanna
imeachta cuntasaíochta do leithroinnt sócmhainní, dliteanas, ioncaim agus caiteachais:
Déantar ioncaim, speansais agus caiteachas caipitil a thabhaíonn gach aon earnáil go díreach a
thaifeadadh i gcuntais ar leithligh na n-earnálacha leictreachais agus gáis. Leithroinntear na costais
roinnte chuig gach aon earnáil go cionmhar de réir an líon foirne a bhíonn fostaithe i ngach aon earnáil.
62
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
CUNTAS iONCAiM AGUS CAiTEACHAiS DON BHLiAiN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAiG 2006
Nótaí 2006 2006 2006 2005Gás Leictreachas Iomlán Iomlán
Euro Euro euro EuroiONCAM
Tobhach 2 2,296,117 11,456,868 13,752,985 8,861,578Táillí Ceadúnaithe 3,290 21,249 24,539 7,439
Ioncam Eile 2 22,777 5,402,439 5,425,216 54,088
OLLIONCaM 2,322,184 16,880,556 19,202,740 8,923,105Aistriú ó/(chuig) cuntas caipitil 7 (783,075) (2,205,692) (2,988,767) 26,932Glan-Ioncam 1,539,109 14,674,864 16,213,973 8,950,037
CAiTEACHAS
Pá & Tuarastal Díreach 3 1,215,720 2,832,562 4,048,282 3,462,937Costais Phinsean 8 92,293 660,707 753,000 459,000Earcú agus Oiliúint 9 62,059 213,738 275,797 156,667Taisteal & Cothabháil 39,574 105,562 145,136 127,414Costais Chóiríochta Oifige 160,022 450,151 610,869 281,597TF & Cumarsáid 55,059 162,536 217,595 77,395Costais Seirbhíse Oifige 28,563 58,329 86,892 72,615Préimheanna Árachais 17,949 50,481 68,430 51,714Fógraíocht 11,684 46,422 58,106 81,562Táillí Gairmiúla & Comhairleoireachta 1,508,420 4,725,097 6,233,517 4,775,899Táillí Iniúchta 2,750 8,250 11,000 10,000Táillí Iniúchta Inmheánaigh 7,002 19,420 26,422 21,623Speansais Eile 21,407 74,632 96,039 76,144Dímheas 44,140 155,280 198,725 140,047Diúscairt sócmhainne 0 (242) (242) 0 3,266,642 9,562,925 12,829,567 9,794,614
Barrachas/(Easnamh) don bhliain (1,727,533) 5,111,939 3,384,406 (844,577)Barrachas tugtha chun cinn 627,878 1,695,760 2,323,638 3,168,215Barrachas Oibríochta ag 31 Nollaig (1,099,655) 6,807,699 5,708,044 2,323,638
RÁiTEAS AR iOMLÁN AN NGNÓTHACHAN AGUS NA GCAiLLTEANAS AiTHEANTA
Farasbarr/(Easnamh) don bhliain 8 3,384,406 (844,577)
Gnóthachan/(Caillteanas) Achtúire ar
Dhliteanais Phinsea
8 61,000 (1,430,000)
Iomlán na nGnóthachan agus
(na gCaillteanas) aitheant
3,445,406 (2,274,577)
Is cuid de na Ráitis Airgeadais iad an Ráiteas faoi Pholasaithe Cuntasaíochta agus na Nótaí 1 go dtí 14.
Tom reeves
Thar ceann an Choimisiúin
63
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
CLÁR COMHARDAiTHEAMHAiL AN 31 NOLLAiG 2005
Nótaí 2006 2005
euro Euro
SÓCMHAiNNÍ DOCHTA
Sócmhainní Inláimhsithe 4 4,300,947 1,312,180
SÓCMHAiNNÍ REATHA
Féichiúnaithe 5 429,416 67,412
Airgead sa Bhanc agus ar láimh 1,108,688 183,152
Taiscí Gearrthéarmacha 6,504,843 4,614,541
CREiDiúNAiTHE (Méideanna dlite laistigh de bhliain amháin)
Creidiúnaithe 6 2,606,058 1,058,759
Maoiniú Stáit Inaisíoctha 13 0 1,500,000
Glansócmhainní reatha seachas Dliteanas pinsean 5,436,889 2,306,346
Dliteanas pinsean (2,565,000) (2,880,000)
Glansócmhainní reatha le Dliteanas pinsean san áireamh 2,871,889 (573,654)
Sócmhainní Iomlána Lúide Dliteanais reatha 7,172,836 738,526
MAOiNiTHE AG
Cuntas Caipitil 7 4,300,947 1,312,180
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais 9 5,708,044 2,323,638
Sócmhainn Pinsean 8 (2,836,155) (2,897,292)
Cúlchistí le sócmhainn pinsean san áireamh 7,172,836 738,526
Is cuid de na Ráitis Airgidis airgeadais iad an Ráiteas faoi Pholasaithe Cuntasaíochta agus na Nótaí
1 go dtí 14.
Tom reeves
Thar ceann an Choimisiúin
64
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
RÁiTEAS FAOi SHREABHADH AiRGiD DON BHLiAiN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAiG 2005
2006 2005
euro EuroRÉiTEACH BARRACHAS OiBRÍOCHTA CHUiG GLAN-iNSREABHADH AiRGiD Ó GHNÍOMHAÍOCHTAÍ OiBRÍOCHTA
Barrachas/(Easnamh) ar Ioncam agus Caiteachas 3,384,406 (844,577)
Coigeartú do mhír neamh-airgid (253,863) 40,416
Dímheas 198,725 140,047
Ús Bainc (217,030) (54,088)
Aistriú (ó)/chuig cuntas caipitil 2,988,767 (26,932)
(Méadú)/Laghdú i bhFéichiúnaithe (362,004) (30,713)
(Laghdú)/Méadú i gCreidiúnaithe 1,547,299 480,794
Glan-Insreabhadh/(eis-Sreabhadh) airgid ó Ghníomhaíochtaí Oibríochta 7,286,300 (295,053)
RÁiTEAS FAOi SHREABHADH AiRGiD
Glan-insreabhadh/(eis-sreabhadh) airgid ó ghníomhaíochtaí oibríochta 7,286,300 (295,053)
Toradh ar Infheistíochtaí
- ús bainc 217,030 54,088
Caiteachas Caipitil
- ceannacht sócmhainní dochta (3,187,492) (113,115)
Bainistíocht Acmhainní Leachtacha
- taiscí gearrthéarmacha (1,890,302) (1,603,733)
Maoiniú – Méadú i bhFiach (1,500,000) 1,500,000
Méadú/(Laghdú) in Iarmhéideanna airgid 925,536 (457,813)
RÉiTEACH GLAN-SREABHADH AiRGiD CHUiG GLUAiSEACHT i NGLAN-CHiSTÍ
Méadú/(Laghdú) in airgead ar láimh sa tréimhse 925,536 (457,813)
Airgead úsáidte chun cur le hacmhainní leachtacha 1,890,302 1,603,733
Airgead tirim (insreabhadh)/eis-sreabhadh ó méadú/laghdú i bhFiacha 1,500,000 (1,500,000)
Athrú i nglan-chistí 4,315,838 (354,080)
Glan-chistí Tosaigh 3,297,693 3,651,773
Glan-chistí Deiridh 7,613,531 3,297,693
Is cuid de na Ráitis Airgidis iad an Ráiteas faoi Pholasaithe Cuntasaíochta agus na Nótaí 1 go dtí 14.
Tom reeves
Thar ceann an Choimisiúin
65
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
NÓTAÍ DO NA RÁiTiS AiRGEADAiSDON BHLiAiN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAiG 2005
1. BUNú AN CHOiMiSiúiN
Bunaíodh an Coimisiún um Rialáil Leictreachais ar 14 Iúil 1999 faoi fhorálacha an Achta um Rialáil
Leictreachais 1999 (uimh. 23 de 1999). As achtú an Achta Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002 leathnaíodh
urlámhas an Choimisiúin chun rialáil an mhargaidh gháis nádúrtha a chur san áireamh ar 30 Aibreán
2002. Tugadh an Coimisiún um Rialáil Fuinneamh mar ainm nua ar an gCoimisiún chun an freagracht
bhreise a léiriú.
Leathnaigh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, le comhaontú an Aire Airgeadais, an
Coimisiún go triúr ball ar 13 Deireadh Fómhair 2004, mar a foráladh faoi Sceideal 1 den Acht um Rialáil
Leictreachais 1999. Ceapadh Tom Reeves, a bhí ina choimisinéir cheana, mar Chathaoirleach an
Choimisiúin. Ceapadh Michael G. Tutty mar choimisinéir ar 13 Deireadh Fómhair 2004 agus ceapadh an
tríú coimisinéir, Regina Finn ar 1 Feabhra 2005. D’éirigh Regina Finn as a post mar Choimisinéir ar 14
Meán Fómhiar 2006.
2. iONCAM
Tobhach
Chun freastal ar speansais an Choimisiúin faoi Alt 22 den Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil), féadfaidh an
Coimisiún tobhach a fhorchur ar na gnóthais fuinnimh iomchuí. D’fhorchuir an Coimisiún tobhach ar na
gnóthais fuinnimh iomchuí do gach aon ghníomhaíocht tarchuir, dáilte, giniúna, soláthair nó seolta, de
réir mar a bheidh, a dhéantar lasmuigh d’Éirinn:
2006 2006 2006 2005 Gás Leictreachas Iomlán Iomlán Euro Euro euro Euro
Giniúint 0 2,534,889 2,534,889 1,654,204
Tarchur 747,772 2,968,320 3,716,092 2,478,996
Dáileadh 747,772 2,968,316 3,716,088 2,479,000
Soláthar 0 2,985,343 2,985,343 1,718,391
Seoladh 800,573 0 800,573 530,987
2,296,117 11,456,868 13,752,985 8,861,578
Cuireann Ioncam Loingseoireacht Gais 56,797 san áireamh maidir le héilimh creidiúnaithe gan urrús ag
an dáta leachtaithe de Irish Fertilizer Industries.
Ioncam eile
Ús Bainc 22,777 194,253 217,030 54,088
Eile 0 5,208,186 5,208,186 0
22,777 5,402,439 5,425,216 54,088
Ioncam eile – Leictreachas
De bhun fhorálacha an Comhaontú Fordheidhmithe Iomaíochta Capacity 2005 dar dháta 24 Nollaig
2003 a rinneadh idir an CER agus Aughinish Alumina, agus an CER agus Tynagh, rinne an Coimisiún na
Bannaí Slánaíochta Fheidhmiúchain de mhéid 5,208,186 i 2006 a aisghairm.
66
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
NÓTAÍ DO NA RÁiTiS AiRGEADAiS AR LEAN
3. FOSTAiTHE AGUS LUACH SAOTHAiR
employee costs during the year:
2006
Gás
Euro
2006
Leictreachas
Euro
2006
Iomlán
euro
2005
Iomlán
Euro
Tuarastail 1,108,410 2,586,209 3,694,619 3,146,149
ÁSPC Fostóra 107,310 246,353 353,663 316,788
1,215,720 2,832,562 4,048,282 3,462,937
Líon Fostaithe 16 47 63
Tháinig tuarastail uile Bhaill an Choimisiúin go 503,049. Tá Tom Reeves – Cathaoirleach, Michael G.
Tutty – Ball. Regina Finn – D’éirigh ball as ar 14 Meán Fómhair 2006.
4. SÓCMHAiNNÍ iNLÁiMHSiTHE
Feabhsúcháin
Léasachta
Euro
Daingneáin
& Feistis
Euro
Trealamh
Oifige
Euro
Crua-earraí
Ríomhair
eachta
Euro
Bog-earraí
Ríomhair
eachta
Euro
Iomlán
Euro
Costas:Amhail an 31 Nollaig 2005 1,376,170 191,524 105,758 254,727 81,610 2,009,789Breiseanna 2,556,338 449,478 114,116 51,547 16,011 3,187,491Amhail an 31 Nollaig 2006 3,932,508 641,002 219,874 306,274 97,621 5,197,279
Dímheas Carntha:Amhail an 31 Nollaig 2005 276,708 124,893 63,153 168,088 64,766 697,608Muirear don bhliain 85,000 34,428 17,688 47,242 14,367 198,725Amhail an 31 Nollaig 2006 361,708 159,321 80,841 215,330 79,133 896,333
Glanluach Leabhair:Amhail an 31 Nollaig 2006 3,570,800 481,681 139,034 90,944 18,488 4,300,947Amhail an 31 Nollaig 2005 1,099,462 66,632 42,603 86,640 16,843 1,312,180
5. FÉiCHiúNAiTHE (DLiTE LAiSTiGH DE BHLiAiN AMHÁiN)
2006 2005
euro Euro
Tobhach – Gás 4,654 5,374
Tobhach – Leictreachas 384,282 37,813
Comh-chostais AIP dlite de NIAER 14,606 0
Réamhíocaíochtaí 25,874 24,225
429,416 67,412
67
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
NÓTAÍ DO NA RÁiTiS AiRGEADAiS AR LEAN
6. CREiDiúNAiTHE (MÉiDEANNA DLiTE LAiSTiGH DE BHLiAiN AMHÁiN)
2006 2005
euro Euro
Creidiúnaithe Trádála (836) 13,262
Fabhrú – Cíos Oifig na nOibreacha Poiblí 300,386 104,145
Fabhrú – Táillí Comhairleoireachta agus Gairmiúla 1,055,617 498,388
Fabhrú – Creidiúnaithe 854,194 147,060
ÍMAT/ÁSPC 247,329 225,917
Párolla 1,056 1,206
Cáin Siarchoinneálach Seirbhísí Gairmiúla 148,313 68,781
2,606,058 1,058,759
7. CUNTAS CAiPiTiL
2006 2006 2006
Gás Leictreachas Iomlán
Iarmhéid Tosaigh 288,165 1,024,015 1,312,180
Aistriú (chuig)/ón gCuntas Ioncaim agus Caiteachais
Cistí leithroinnte chun sócmhainní dochta a fháil 827,035 2,360,456 3,187,492
Méid amúchta ag teacht le dímheas sócmhainní (43,960) (154,765) (198,725)
Glan-mhéid aistrithe 783,075 2,205,692 2,988,767
1,071,240 3,229,707 4,300,947
8. PiNSiN
Oibríonn an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh scéim sochair sainmhínithe, a mhaoinítear le ranníoca ó
fhostaithe agus ón gCoimisiún. Rinne achtúire neamhspleách cáilithe luacháil achtúireach amhail an
31 Eanáir 2002 agus tugadh cothrom le dáta é don 31 Nollaig 2006. Luaitear sócmhainní na scéime ag
a luach lár an mhargaidh amhail an 31 Nollaig 2006.
Is iad na boinn tuisceana airgeadais mhóra a d’úsáid an t-achtúire chun na dliteanais faoin FRS17 a
ríomhadh ná:
ag deireadh
na bliana
31/12/2006
Ag deireadh
na bliana
31/12/2005
Ráta an mhéadaithe sa tuarastal 4.00% 4.00%
Ráta an mhéadaithe na bpinsean san íocaíocht 3.50% 3.50%
Ráta Lascaine 4.70% 4.25%
Bonn Tuisceana Boilscithe 2.25% 2.25%
68
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
NÓTAÍ DO NA RÁiTiS AiRGEADAiS AR LEAN
8. PiNSiN AR LEAN
Ba iad na sócmhainní sa scéim agus an ráta don toradh ionchais ná:
Ag deireadh
na bliana
31/12/2006
ag deireadh
na bliana
31/12/2006
000’s
Ag deireadh
na bliana
31/12/2005
Ag deireadh
na bliana
31/12/2005
000’s
Gnáthscair 7.40% 2,873 6.60% 2,058
Bannaí 3.90% 366 3.10% 350
Maoin/Eile 5.4%/2.5% 840 4.6%/2.0% 208
Luach margadh iomlán na sócmhainní 4,079 2,616
Luach achtúireach dliteanais (6,644) (5,496)
Barrachas/(easnamh) in-aisghabhála
sa scéim
(2,565) (2,880)
Cáin iarchurtha bainteach - -
Glansócmhainn/(dliteanas) phinsin (2,565) (2,880)
ANAiLÍS AR AN MÉiD A CHUiRFÍ CHUN DOCHAiR DON BHARRACHAS OiBRÍOCHTA
Bliain go dtí
31/12/2006
000’s
Bliain go dtí
31/12/2005
000’s
Costas Seirbhíse 1,683 834
Ranníocaí Fostaíochta (1,007) (420)
Costas Sean-seirbhíse - -
(Gnóthachain) / Caillteanais ar Shocraíochtaí & Ciorrúcháín - -
Glan-muirear 676 414
ANAiLÍS AR GHLAN-TORADH SCÉiM PiNSiN
Bliain go dtí
31/12/2006
000’s
Bliain go dtí
31/12/2005
000’s
Toradh ionchais ar shócmhainní scéime pinsin 174 125
Ús ar dhliteanais pinsin (251) (170)
Glan-toradh (77) (45)
ANAiLÍS AR AN MÉiD A BHEADH AiTHEANTA i RÁiTEAS DE NA GNÓTHACHAiN AGUS CAiLLTEANAiS iOMLÁNA
AiTHEANTA (STRGL)
Bliain go dtí
31/12/2006
000’s
Bliain go dtí
31/12/2005
000’s
Toradh iarbhír lúide toradh ionchais ar shócmhainní 137 219
Gnóthachain agus caillteanais ar dhliteanais (868) (324)
Athruithe i mbonn tuisceana 792 (1,325)
Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach aitheanta i STRGL 61 (1,430)
69
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
NÓTAÍ DO NA RÁiTiS AiRGEADAiS AR LEAN
8. PiNSiN AR LEAN
GLUAiSEACHT i MBARRACHAS i RiTH NA BLiANA
Bliain chuig
31/12/2006
000’s
Bliain chuig
31/12/2005
000’s
Barrachas sa scéim ag tús na bliana (2,880) (1,411)
Gluaiseacht sa bhliain:
Costas seirbhíse reatha (676) (414)
Ranníoca Fostaí 1,007 420
Ioncam airgeadais eile (77) (45)
Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach 61 (1,430)
Barrachas/(Easnamh) sa scéim ag deireadh na bliana (2,565) (2,880)
STAiR NA NGNÓTHACHAN AGUS NA GCAiLLTEANAS TAiTHÍ
Bliain airgeadais dar críoch i
2006 2005 2004
Difríocht idir toradh measta agus toradh fíor ar shócmhainní na
scéime méid () 137 219 32
céatadán de shócmhainní na scéime 3% 8% 2%
Gnóthachain agus caillteanais taithí ar fhiachais na scéime
méid () (868) (324) (964)
céatadán d’fhiachais na scéime (13%) (6%) (31%)
Méid iomlán aitheanta sa ráiteas ar iomlán na ngnóthachan agus
na gcaillteanas aitheanta méid () 61 (1,430) (1,103)
céatadán d’fhiachais na scéime 1% (26%) (35%)
SEiRBHÍS iNPHiNSiN CHEANA
Baineann sócmhainní agus dliteanais na scéimeanna pinsin le sochair scoir a thagann as seirbhís leis
an gCoimisiún. Tá teidil aoisliúntais ag beirt bhall den Choimisiún agus seisear baill foirne a eascraíonn
ó sheirbhís le comhlachtaí san earnáil phoiblí roimh dóibh dul isteach sa Choimisiún. Is é an Coimisiún
a íocfaidh aon sochar aoisliúntais maidir le seirbhís roimhe sin agus gheobhaidh sé ar ais é ó na com-
hlachtaí eile seo.
9. EARCAÍOCHT AGUS OiLiúiNT
Maidir leis an tioscnamh “Introduction of ECDL programme to the CER” fuaireadh EUR33,125.50 ón
Chiste Nuálaíochta agus Bainistíocht Athruithe, Fotheideal I den Vóta Cumarsáide, Mara agus
Acmhainní Nadúrtha.
70
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh T UAR A S C Á I L B H L I AN T Ú I L 2006
10. FARASBARR DON BHLiAiN
Faoi réir Alt 20 den Sceideal don Acht um Rialáil Leictreachais, 1999 tá ar an gCoimisiún aon fharasbarr
d’ioncam thar chaiteachas in aon bhliain a chur i bhfeidhm chun a chostais a chomhlíonadh. Dá bhrí sin,
bhí an farasbarr curtha i leith na hearnála leictreachais de €6,622,349 curtha san áireamh agus an t-ord
tobhaigh á shocrú do 2007. Bhí an easnamh a cuireadh i leith na hearnála gail de €1,168,196 curtha san
áireamh agus an t-ord tobhaigh á shocrú do 2007.
11. LEASANNA CHOMHALTAÍ AN CHOiMiSiúiN
Ghlac an Coimisiún le nósanna imeachta de réir Chód Cleachtais do Rialú Comhlachtaí Stáit a d’eisigh
an Roinn Airgeadais i ndáil le faisnéisiú leasanna ag an gCoimisinéir agus cloídh leis na nósanna
imeachta sin sa bhliain. Ní raibh aon idirbheartaíochtaí sa bhliain i ndáil le gníomhaíochtaí an
Choimisiúin a raibh aon leas tairbhiúil iontu don Choimisinéir.
12. GEALLTA – CAiPiTiúLA AGUS EiLE
12.1 Geallta Caipitiúla:
Ní raibh aon chaiteachas caipitiúil údaraithe ná conraithe ag an gCoimisiún ag dáta an chláir
chomhardaithe.
12.2 Léasanna Oibríochta
Tá geallta de _133,895 ag an gCoimisiún atá iníoctha laistigh de dhá mhí dhéag ar scór léasa cúig
bliana is fiche do chóiríocht oifige ag Teach Plaza, Bóthar Belgard, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24,
léasaithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá an t-áitreabh seo á fhágáil ag an gCoimisiún i 2006 ag
braith ar ár n-áitreabh nua a bheith feistithe.
13. MARGADH FUiNNiMH UiLE-OiLEÁiN
Tá reachtaíocht á ullmhú chun ligean do mhargadh fuinnimh uile-oileáin a bheith curtha i bhfeidhm. Tá
caiteachas dar fiú 1,599,937 taobhaithe ag an gCoimisiún i 2005 (149,851 i 2004) maidir le fiosrú a
dhéanamh ar conas a oibreodh margadh dá leithéid. Tá an Coimisiún den tuairim ar bhonn comhairle
dlíthiúil go bhfuil an caiteachas seo laistigh dá chumhachtaí faoin reachtaíocht atá ann cheana agus bhí
an obair seo maoinithe ag tobhaigh. Tá 1.5m curtha ar aghaidh ag an Roinn Cumarsáide, Mara agus
Acmhainní Nádúrtha áfach, chuig an gCoimisiún chun a leithéid de chostais a chlúdach má fhaightear
nach bhfuil sé de chumas ag an gCoimisiún a leithéid a dhéanamh. Féachtar ar an méid seo mar iasacht
agus tá sé inaisíoctha leis an Roinn.
14. RÁiTiS AiRGEADAiS A FHORMHEAS
Rinne an Coimisiún na ráitis airgeadais seo a fhormheas ar 15 Lúnasa 2007.
An Coimisiún um Rialú Fuinnimh
An Malairt
Cearnóg Tuaisceartach Belgard
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24
T: 01 4000800
F: 01 4000850
www.cer.ie