64
CEOL LÁN, ASLAN Agallamh le fathaigh rac-cheol na hÉireann PANGUR BÁN An írinne faoi shaol an chait, óna bhéal féin EURO 2012 Treoir A go U don mhórchomórtas sacair DIRTY 9S An saol agus an scéal le buachaillí ceolmhara Bhaile Átha Cliath IRIS GHAEILGE DON NUA-AOIS MEITHEAMH 2012 | EAG. 27 €5 | £4

NÓS 27 - Meitheamh 2012

  • Upload
    nos

  • View
    257

  • Download
    18

Embed Size (px)

DESCRIPTION

An chéad eagrán den leagan athsheolta de NÓS le The Dirty 9s, Aslan, Pangur Bán, Zombies, Euro 2012, Lucsamburg, Gráinne Maher...

Citation preview

Page 1: NÓS 27 - Meitheamh 2012

ceol lán, AslAnAgallamh le fathaigh rac-cheol na hÉireann

PAngur BánAn fhírinne faoi shaol an chait, óna bhéal féin

euro 2012Treoir A go U don mhórchomórtas sacair

DIRTY 9SAn saol agus an scéal le buachaillí ceolmhara Bhaile Átha Cliath

ir is ghae ilge don nua-aois

mei the amh 2012 | e ag . 2 7

€5 | £4

Page 2: NÓS 27 - Meitheamh 2012

fáilte

Page 3: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* fáilte

nós 3

DÉAnAimis nÓsIs fada an bóthar nach mbíonn casadh ann mar a deir siad, agus is amhlaidh an scéal leis an iris seo atá á léamh agat inniu. Seoladh NÓS ar líne ar Lá Fhéile Pádraig 2008 agus, spreagtha ag aiseolas dearfach, níorbh fhada gur bheartaigh an fhoireann tús a chur le leagan snasta clóite a bhainfeadh anáil as gach a leagfadh súil air. Foilsíodh eagrán míosúil ar feadh i bhfad gan aon mhaoiniú, le dearadh agus ábhar comhaimseartha na hirise ag dul i bhfeidhm go mór ar Ghaeil i gcóngar agus i gcéin. In ainneoin na cabhrach iontaí ó scríbhneoirí deonacha agus ón phobal léitheoireachta araon, d’éirigh cúinsí eacnamaíochta ró-dhian d’fhoilseachán pobalbhunaithe gan chuidiú stáit agus socraíodh teacht amach mar fhorlíonadh leis an nuachtán Gaelscéal ar feadh seala. Ba mhaith an chomhpháirtíocht í a choinnigh beocht bhríomhar san fhís go mbeadh iris nua-aoiseach ag pobal na Gaeilge a bheadh in ann seasamh le haon iris eile ar domhan, in aon tír, in aon teanga. Anois tá an fhís sin á fíorú arís, a bhuí le cumas agus spiorad na rannpháirtithe agus cúnamh ó Fhoras na Gaeilge, agus an uair seo tá diongbháilteacht agus dóchas cinnte ann go bhfanfaidh an iris ar an fhód.

Is le háthas mór mar sin a chuirim fáilte romhaibh ar ais chuig leathanaigh spleodracha na hirise seo agus chuig an ghnáth-mheascán de

cheol, scannáin, teicneolaíocht, leabhair, taisteal, stíl agus eile. Mar a fheiceann sibh tá dearadh úr againn, dearadh a léiríonn an fhorbairt atá déanta ó bunaíodh NÓS ceithre bliana ó shin. Ní hé sin an t-aon chuid den iris atá nua áfach mar go bhfuil cúpla rannóg bhreise ann, mar atá ‘Amuigh’, gailearaí Gaelach de na himeachtaí beoga éagsúla a bhíonn ag tarlú ó cheann ceann na tíre, agus ‘Gníomhaíochas’, a chuirfidh i gcuimhne dúinn nach féidir linn luí siar má tá muid chun an saol seo a fheabhsú. Agus is rud é sin ina gcreideann NÓS go láidir. Ní hamháin go bhfuil an iris anseo chun siamsa suimiúil (tá súil againn!) i bhur dteanga féin a chur ar fáil daoibhse, ár léitheoirí, ach ba mhian linn smaointe forásacha, oscailte, onnghníomhacha, radacacha a scaipeadh chomh maith. Is trí phlé, comhoibriú, samhlaíocht agus gníomh a dhéanfaidh muid an domhan níos cothroime, níos glaise, níos fearr. Tá na gnéithe céanna de dhíth agus muidne ag tabhairt faoi sprioc ríthábhachtach eile, sin todhchaí ár bhféiniúlachta agus ár dteanga féin a chinntiú. Téimis ina bhun le fuinneamh agus le spraoi mar sin, agus déanaimis na nósanna nua atá ag teastáil.

Míle buíochas ó chroí libh arís as bhur dtacaíocht, bainigí súp as eagrán 27 agus bígí linn ar an turas iontach atá amach romhainn, mar iris agus mar phobal.

t o m a í ó c o n g h a i l e

Page 4: NÓS 27 - Meitheamh 2012

4 nós

nósGaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil

chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach

Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

An iris

eagarthóirTomaí Ó Conghaile

rannpháirtitheBen Ó Faoláin, Cillian de Búrca, Pól Mac Craith, Neansaí Nic an Tiompánaigh, Úna B,

Micheál Mac an Bheatha, Úna-Minh Caomhánach, Niamh Ní Shúilleabháin,Seanán Ó Coistín, Àdhamh Ó Broin, Eoin Mac Aodha Bhuí, Cathal Mac Dhaibhéid,

Scott de Buitléir, Mike Mahon, William Murphy, Wolfgang Staudt

teagmháilCultúrlann McAdam Ó Fiaich

216 Bothár na Bhfál, An Cheathrú Ghaeltachta

Béal Feirste, BT12 6AH

[email protected]

Aguisín: Ar eagla go mbeadh duine agaibh ag iarraidh glaoch a chur orainn le scéal, grianghraif nó díreach don chraic, beidh uimhir ghutháin againn go luath! :-)

faigh cóipTá NÓS ar díol in ollscoileanna, ionaid chultúrtha agus siopaí áirithe ar fud na

hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Comh maith le hairgead a shábháil, faigheann

síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 41.

Page 5: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

nós 5

nós 5

istighCeolLéirmheasanna 6Albam Clasaiceach 9Dirty 9s 10Aslan 14Féile Anamcheoil BÁC 16Liricí na Míosa 17Ag Teacht Aníos 18

SCáileán Léirmheasanna 20Scannán Clasaiceach 23Pangur Bán 24

TeiCCuid Súl 26Méimeanna 27Buail an Knappa 28

leabhairZombie Survival Guide 30

an lárClúdaigh NÓS go dtí seo 32

Saol Treoir A go U - Euro 2012 34Dordán sna Dugaí 38

glac SíntiúSCuir NÓS i do lámha 41

taiStealLucsamburg 42

gníomhaíochtGaisce ár Linne - Gaeilge na hAlban 44An Féinics Gaelach 46

dearadhFearghal Mac Pháidín 48Cultúrlann Uí Chanáin 50

StílTábhacht na T-léine 52Gráinne Maher 54

amuigh An Cabaret Craiceáilte 60Oíche IMRAM 61

Page 6: NÓS 27 - Meitheamh 2012

ceoltóirí Éagsúla - Future Sounds of Jazz Volume 12compost

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *Cad é seo go díreach? Ón uair ar eisigh Michael Reinboth (úinéir cheirníní Compost na Gearmáine) an chéad Future Sounds of Jazz siar sa bhliain 1995 tá an tsraith FSOJ ina fathach i measc na mbailiúchán ceoil. Nuair a seoladh FSOJ Vol. 1 an uair úd bhí an margadh ag cur thar maoil le ceol trip hop leathmheasartha; gach

mac máthair le samplóir ag maoímh go raibh an todhchaí le haimsiú i lúibíní snagcheoil seinnte ad nauseum thar breakbeat úspánta funk.

Bhí léamh difriúil ag Reinboth, áfach – roghnaigh sé mar thusphointí FSOJ creatlach solúbtha rithimiúil an tsnagcheoil, chomh maith le blas tobchumtha na stíle, agus shocraigh sé a mhacasamhail a aimsiú i réimse an cheoil leictreonaigh. Tá an cur chuige céanna fós ag Reinboth seacht mbliana déag ar aghaidh, rud a fhágann afrobeat aimbiach ina shuí taobh le glitch-hop misniúil do na cluasáin agus buamaí house don urlár rince ar Future Sounds of Jazz 12.

An bhfuil aon mhaith ann? Is fiú costas an bhailiúcháin ar athmheascán Acid Pauli de ‘Swing Bop’ le Der Dritte Raum – port mall house a bhláthaíonn le stáidiúlacht damhsóra bhailé.

Ar an láimh eile, tá ‘Be Africa’ le Bibi Tanga chomh fíneálta le hord mór ach más rian mór rince afro-house a chuirfidh Leftfield i mbarr a réime i gcuimhne duit atá uait, ní gá dul níos faide ná é. Tá leagan tógalach Mittel de ‘Shaman’ le Wareika ar nós Eno ag dul i ngleic le hoidhreacht afrobeat. Tá poirt bhreátha ann ó Deep Space Orchestra, Jupiter Tuning Centre, Sepalcure agus Leatherette leis.

Laigí? Tá an t-uafás tech-house leadránach ann a chuirfeadh fonn codlata ort ó leithéid Santos, Andreas Saag agus Simon Weiss. Mairfimid beo gan rianta laga folktronica mar ‘Home’ le Scrimshire.

An breithiúnas: Nuair a scarfar an grán ón cháith tá cnuasach iontach le haimsiú in Future Sounds of Jazz 12, ach le 23 rian ar

6 nós

fad ann tá an eisiúint seo ró-fhada agus tá teipthe ar Reinboth an caighdeán a choimeád sách ard tríd is tríd.

ceoltóirí Éagsúla - Sing Up For The Boys In Greenindiecater

Léirmheas le Pól Mac Craith * * * * *Le haghaidh Chorn Sacair an Domhain i 2010 shocraigh an lipéad idirlín as Baile Átha Cliath, Indiecater, go gcuirfeadh siad albam le chéile le hamhrán nuachumtha faoi choinne gach ceann den 32 foireann a bhí ag glacadh páirte sa chomórtas.

Tá coincheap cosúil leis acu arís do

Chraobhchomórtas na hEorpa ach an babhta seo is amhráin nuachumtha ar son na hÉireann amháin atá ar Sing Up For The Boys In Green.

Smaoineamh deas a déarfadh sibh agus bheadh an ceart agaibh chomh maith mar is bailiúchán saoithiúil é seo de phopcheol ailtéarnach réimhchúiseach a thugann faoiseamh don éisteoir ón ghnáth-thruflais a eisítear do na mórchomórtais idirnáisiúnta sacair.

Tá greann ina théama lárnach ag roinnt de na hamhráin, ó ‘Aldo Vs Yellow Hat’ le My Brother Woody, a dhéanann cur síos ar an eachtra a tharla idir John Aldridge agus oifigeach taobhlíne le linn cluiche i gCorn Domhanda ’94, go dtí an ‘Manuela Spinelli’ galánta de chuid an bhanna Mheiriceánaigh Adam and Darcie a thugann sórt ómóis d’aistritheoir deisbhéalach Giovanni Trapattoni.

Tá traiceanna eile ann a ghlacann siar muid chuig an raic i Saipan na Seapáine deich mbliana ó shin, ceann amháin a mholann cumas Kevin Kilbane agus cinn eile a bhreathnaíonn chun tosaigh go comórtas mór na bliana seo.

Deir an t-albam féin go bhfuil an chumadóireacht nua ar fad tiomnaithe do na himreoirí a bheas ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann sa Pholainn agus san Úcráin agus níl aon amhras go mbeadh na rianta seo ina bhfuaimrian taitneamhach ag aon duine a bheas ag ceol ar son na mbuachaillí i nglas an samhradh seo.

ceol

Page 7: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

nós 7

david Kosky & damien o’Kane - The Mystery Inchpure records

Léirmheas le Neansaí Nic an Tiompánaigh * * * * *Nuair a bhím ar tí turas fada a dhéanamh, leagaim amach cad é an ceol a chuirfeas mé ag dul sa charr leis an bhóthar a ghiorrú domh. Is annamh, nuair a bhíonn an cinneadh seo le déanamh agam go roghnaím albam bainseo. Cé go mbím ag seinm ar an ghléas seo mé féin, is deacair aon éagsúlacht

rómhór a aimsiú sna rianta ar na halbaim mhaithe bhainseo atá agam ar mo iPod, fiú No Place Like Home le Gerry O’Connor nó Pick It Up le hEnda Scahill.

Is cosúil gur marmite an cheoil thraidisiúnta é ceol an bhainseo – tá daoine ann a bhfuil dúil mhór acu ann, agus tá daoine ann mar an gcéanna a bhfuil gráin acu air. Tá mé féin sa chéad ghrúpa, ach is geall le bia Síneach liom ceol an bhainseo: bíonn blas air ó am go ham, ach dá mbeadh orm á ithe achan lá, ba ghairid go n-éireoinn bréan de. Ar an dóigh sin, is doiligh domh éisteacht le halbam bainseo ó thús deiridh.

Nuair a chuaigh mé a bhrabhsáil ar iTunes cúpla seachtain ó shin, ní raibh lá rúin agam mar sin albam mar seo a cheannacht, ach d’éist mé leis na gearrthógaí de The Mystery Inch, agus tugadh orm sílstean go mb’fhéidir go n-athróinn m’intinn faoi albaim bhainseo.

Dhíol mé an t-ocht bpunt agus thug mé liom ar an iPod é. Ón chéad éisteacht, chuir mé iontas san éagsúlacht mhothaithe a d’éirigh leo a bhaint amach thar rianta uilig an albaim. Tá rianta gasta ann a léiríonn cumas teicniúil O’Kane agus Kosky beirt. Chomh maith leis sin, léiríonn ‘Marga’s’ (rian 4) agus ‘Bowelshifter’ (rian 9) go bhfuil mianach íogair ealaíonta iontu, rud atá in easnamh go minic ag ceoltóirí óga a bhfuil máistreacht theicniúil bainte amach acu.

Tá scríofa sna nótaí (a fhaightear mar íoslódáil leis an albam) gur shuígh Kosky agus O’Kane síos le chéile sa stiúideo agus gur thug siad faoin albam gan mórán pleanála déanta acu roimh ré.

Is fíor go bhfuil úire agus fuinneamh bunúil le sonrú san albam seo, rud a fhaightear ó uair go chéile in albam nuair a dhéantar ar shiúil le róléiriúchán agus gimicíocht. Tá seo ar fáil in albaim ar nós The Lonesome Touch le Martin Hayes, Skin And Bow le Folan & Davey nó At First Light le McGoldrick & McSherry. Níl mé cinnte an bhfuil The Mystery Inch inchurtha leis halbaim chlasaiceacha siúd, ach tá sé ar na halbaim úra

is taitneamhaí a chuala mé le fada, agus tá mé ag déanamh gurb iomaí bóthar a ghiorrfas sé domh go fóill sula n-éirí mé tuirseach de.

lazer sword - MemorymonKeytown

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *Tá na nerds in uachtar. Ní bheadh sé de mhisneach, mar riail, ag iriseoirí a gcuid ceoil féin-léirithe a chur os comhair an tsaoil. Ní hionainn eolas agus cumas; tuigtear go maith go bhfuil an t-uafás ceoil lagmheasartha ag cúngú na mbealaí leathanbhanda cheana féin. Agus dá mba rud é go raibh fís agus

talann an Aphex Twin nó Kraftwerk acu is beag an seans go mbeidís ag plé le huirísleacht na hiriseoireachta in aon chor. Ach más gá le heisceacht amháin mar chruthúnas ar riail ar bith, is iad Lazer Sword, beirt iar-iriseoirí leis an iris XLR8R i San Francisco, an eisceacht sa chás seo.

Anáileoir gnéasach slíocach dorcha de chéirnín atá i Memory. Toradh ar shaineolas Lazer Sword i dtaobh scór bliana de cheol rince leictreonach crua-sreangaithe le teaspach te an ógánaigh. Tá gnéithe de gach saigheas dord-cheol leictreonach le clos air, ó p-funk Detroit go fuaim footwork Chicago na linne seo, chomh maith le sligí de jungle na nóchaidí, crunk

Page 8: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

8 nós

myrian makenwa - La ExtraordinariaKindred spirits

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *Cé chomh ‘laidineach’ is atá Meiriceá Laidineach? Is iad na buaiteoirí údair na staire, is fíor, agus is de thoradh na cóilínithe ón seú aois déag i leith a labhraítear Spáinnis nó Portaingéilis mar phríomhtheanga sa chuid is mó den mór-roinn ó dheas de California.Ach i gcás fiú tír amháin, An Cholóim, meastar

go bhfuil ós cionn 80 teanga á labhairt go laethúil, agus is teangacha dúchasacha Indiacha 60 acu sin. Téir go San Basilio De Panlenque in iarthuaisceart na tíre agus aimseoidh tú pobal beag, bunaithe ag sclábhaithe Afracacha a d’éalaigh sa seachtú aois déag a bhfuil an teanga chrióil Palenque á labhairt acu, í ina meascán de theanga Kikongo an Chongó agus Angóla agus teangacha a máistrí Ibéaracha.

Ní gá dhuit tomadh go ró-dhomhain chun lorg géinte measctha na Colóime ar oidhreacht cheoil na tíre a aimsiú ach an oiread. Tá an salsa ann, cinnte, ach tháinigh ceol cumbia na tíre ar an saol nuair a thosnaigh sclábhaithe ó iarthar na hAfraice a’dhul i ngleic le huirlisí na mbundúchasach, uirlisí mar an guacharaca agus na feadóga millo agus kuisi. Meastar go raibh inimircigh Ghearmánacha freagrach as áit lárnach an chairdín i gcumbia agus is iad na Spáinnigh a rug an giotár leo go dtí an chóisir úd.

Bog ar aghaidh 300 bliain go 1981 agus tá muintir chósta Cairibeach na Colóime fós faoi gheasa ag ceol na hAfraice – na

hip hop, ceol iar-dubstep Hudson Mohawke agus dub-techno monailiotach Bheirlín na náididí.

Ach ná bíodh aon eagla ort go bhfuil Memory ina shaothar ómóis – cinntíonn cur chuige luathchosach glic Lazer Sword go dtarraingeofar isteach ina dtaipéis shonach go hiomlán thú. Mar sin, cé go bhfuil tionchar Juan Atkins (athair baistí cheol techno) le braith go láidir i gcás poirt mar ‘Missed A Spot’, tá Atkins athlonnaithe ag Lazer Sword ó Detroit a dhúchais go cóisir-ghnéis ar bord spásárthach go Véineas.

Is ionsaí mearbhlach de bhuillí juke agus liricí díchuingeacha R&B é ‘Toldyall’ agus tá íoróin ghlic ag baint leis na liricí ‘it all sounds sane’ i gcás foinn lúbach díthiúinte ‘Sane’. Ach ní gá do Lazer Sword bheith ag brath ar an aiteas chun an lá a thabhairt leo, sheasfadh poirt ‘house’ ar nós ‘People’ agus an ‘Let’s Work’ iontach

fuaimeanna beomhara afrobeat, high life agus soukus na linne a bhí á dtabhairt abhaile ón Afraic ag mairnéalaigh. Tógtar córais mhóra fuaime darb ainm picos agus bailíonn na sluaite ó na ceantair bhochta imeallacha amuigh faoin aer le haghaidh cóisirí “therapy” – deis chun a n-oidhreacht Afracach a cheiliúradh agus faoiseamh a fháil ó dheacrachtaí an tsaoil.

Is sa ré úd a rinneadh teafad ar La Extraordinaria le Myrian Makenwa faoi stiúir Rafael Machucha. Ní fios go dtí an lá seo cérbh iad na ceoltóirí ach thug Machucha saoirse iomlán dóibh a bhfís cheoil a leanúint.

An toradh ab ea seod de cheirnín, ceann a thugann leargas láidir sonach ar an ré úd sa Cholóim – cleamhnas eachtrúil idir rithimí laidineacha, dord frithbhuailte Cairibeach agus eilimintí de cheolta high life, afrobeat agus soukous. Ceirnín lán de phoirt gharbha hiopnósacha a dhéanann an ‘teiripe’ thuas-luaite a sholáthar.

laura sheeran - What The World Knowsflaming June records

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *Éiríonn na focail ‘I cried all night all day, and I didn’t even get a kiss’ as smúiteán de cheol gotach chun tús a chur le halbam uimhir a trí leis an nGaillimheach óg Laura Sheeran. Is saothar dorcha ó chroí cráite é ‘What The World Knows’; éillín amhrán spreagtha ag an ngrá nár mhair agus ag an mbás féin.

Ach más uilíoch iad mar théamaí, cinntíonn cur chuige leithleach Sheeran agus í i mbun taifeadta go bhfuil fiúntas thar an ngnáth ag baint leis an mórchuid de ‘What The World Knows’.

Tá éifeacht sa tslí a sníonn glór na dordveidhle agus sintéiseoirí analógacha i measc buillí máirseála leictreonacha an amhráin ‘What The World Knows’ a chuirfeadh eitleoga ar do chroí. Agus nuair a chanann Sheeran ‘don’t trust me, my heart is black’ ar ‘Red Light’ tá an ceol chomh dubh bagrach sin nach bhfuil de rogha agat ach í a chreidiúint.

Ag amannta téann sí thar fóir – tá nádúr catairseach ag baint le hamhráin mar ‘Lonesome Soldier’ agus ‘Until Danger’s Gone’ a chiallaíonn go bhfuil sé ina mhíchompord éisteacht leo. Ach ní féidir amhlaidh a rá faoi iontaisí mar ‘Forever Love’ (a chuireann luath-cheol Sinéad O’Connor i gcuimhne don scríbhneoir seo) agus an ‘The Devil’s Tongue’ géartheangach. Saothar do laethannta dorcha do shaoil.

Page 9: NÓS 27 - Meitheamh 2012

nós 9

Johnny cash - At Folsom Prison1968

Bhí bá i gcónaí ag an laoch seo de cheoltóir le daoine imeallaithe – d’eisigh sé albam ar son bhundúchasaigh Mheiriceá sa bhliain 1964 darb ainm ‘Bitter Tears’ – ach ní léiríonn aon rud an bhá seo níos fearr ná an meas agus an ceangal a bhí ag Cash leo siúd a bhí i ngéibheann.Thosaigh an fear óg as

Arkanas ag cur ceolchoirmeacha ar fáil i bpríosúin éagsúla ar fud na Stát Aontaithe ag deireadh na ‘50í ach ní go dtí go bhfuair sé an lámh in uachtar ar a fhadhb le drúgaí, a chuir isteach ar a shaol ceoil le linn na ‘60í, gur thaifead sé albam iomlán ó láthair phríosúin.

An charcair a roghnaigh sé ná Príosún Folsom i gCalifornia, an áit cheanna ar ar bhunaigh sé an t-amhrán íocónach ‘Folsom Prison Blues’ trí bliana déag roimhe sin tar éis dó clár faisnéise faoin phríosún míchlúiteach a fheiceáil.

Ina chuideachta ar an lá a sheinm sé os comhair na bpríosúnach i 1968 bhí June Carter, a phós sé ní ba mhoille sa bhliain chéanna, Carl Perkins agus an Tennessee Three. Rinne siad dhá ghig ar maidin agus de réir gach tuairisc go ndeachnaigh a dtaispeántas ceoil go mór i bhfeidhm orthu sin a

bhí i láthair.Meascán den mhiotas agus den réaltacht, is amhráin

ghriothalacha iad siúd atá ar an albam a chuidigh go mor le híomhá Cash mar ‘An Fear i nDubh’ a chruthú.Seans go bhféadfaí a rá go bhfuil áibhéil áirithe i gceist le gnéithe den phearsantacht chéanna – ní dócha, mar shampla, gur scaoil Cash fear i Reno díreach chun é a fheiceáil ag fáil bháis, mar a deir ceann dá línte is iomráití – ach tá fírinne éigin le brath ann chomh maith agus chuir focail ábhartha amhráin ar nós ‘25 Minutes to Go’ agus ‘Cocaine Blues’ go mór le hatmaisféar na ceolchoirme, agus an albaim dá réir.

Cuireann Cash in iúl dá lucht éisteacht gur féidir leis cás na gcimí a thuiscint ach ag an am céanna cuireann sé siamaíocht ar fáil dóibh, éalú ó ghnáthshaol an phríosúin atá ag teastáil go géar uathu. Tá beocht, faobhar ar leith ag an cheol ar an albam clasaiceach seo agus tagann a acmhainn grinn agus a léamh domhain ar an saol tríd na liricí agus an cur i láthair go soiléir.

Má thaithin na hamhráin go mór leis na fir i bPríosún Folsom, thaitin sé chomh maith céanna leis an lucht éisteachta nuair a eisíodh an t-albam féin roinnt míonna ina dhiaidh.

Thug an rath nua seo cic do shaol ceoil Cash agus chuir sé ar ais ar an bhóthar é i ndiaidh tréimhse ar an imeall. Bhí an oiread sin éilimh ar an albam gur cinneadh taifeadadh príosúin eile a dhéanamh agus tháinig ‘At San Quentin’ amach an bliain dar gcionn.

B’eisiúint cheannródaíoch é ar go leor bealaí mar sin ach níos mó ná sin tá fíor-eisint Johnny Cash le cloisteáil ann. A fhad is a bhíonn daoine ag éisteacht le ‘At Folsom Prison’, beidh lasair an laoich féin ag lonrú go geal.

alBamclasaiceach

Page 10: NÓS 27 - Meitheamh 2012
Page 11: NÓS 27 - Meitheamh 2012

Tá an dara halbam á chur le chéile ag an mbanna

Duibhlinneach, The Dirty 9s, i láthair na huaire. Bhuail Tomaí

Ó Conghaile leo le labhairt faoina dtreo nua ceoil, faoina

dturas go Toronto agus faoin Ghaeilge.

salach,gnéasach, gaelach

Page 12: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

12 nós

electric Picnic, Canadian Music Week, Arthur’s Day, Hard Working Class Heroes, An Cabaret Craiceáilte… tá bealach fada siúlta ag na Dirty

9s ó thóg siad leo an comórtas ceoil Deis Roc siar i 2008 ach níl siad réidh leis an luas a mhoilliú go fóill, ná baol air.

Tá na buachaillí óga as an ardchathair – a bhaist a mbanna in ómós an leasainm atá ag a mbus áitiúil i mBaile Átha Cliath, an uimhir 39 salach – tar éis cúpla bliain a chaitheamh i mbun gigeanna in Éirinn agus thar lear agus tá lucht dílis éisteachta cruthaithe acu dá bharr. Le cuidiú an e10,000 a bhuaigh siad ar chlár ceannródaíoch TG4, d’eisigh na leaids a gcéad albam, Stop Screaming, Start Dreaming, i 2010 agus thuill traiceanna ar nós ‘Lucy Opus’ agus ‘Corridors’ ardmholadh i measc na gcriticeoirí. Ar na buaicphointí a d’eascair as eisiúint an albaim bhí an turas a thug an banna go Toronto Cheanada anuraidh le páirt a ghlacadh i Seachtain Cheoil na tíre, onóir mhór d’aon ghrúpa ceoltóirí.

“Bhí áthas an domhain orainn nuair a tugadh an deis dúinn seinm ann,” arsa Cian Mac Cárthaigh, príomh-ghiotaraí an ghrúpa.

“Is iomaí gig ar bhain muid sult mór as ó thosaigh muid ach is dócha go seasann an cheolchoirm sa Horseshoe Tavern i dToronto amach dúinn. Bhí muid tar éis seachtain a chaitheamh sa chathair faoin am sin, agus bhí rudaí ag dul go maith, ach fós féin bhí muid imníoch go leor mar ba showcase mór dúinn é.

“Tá an-chuid staire ag baint leis an Horseshoe, sheinm leithéidí na Rolling Stones ar an ardán céanna thar na blianta, ach d’éirigh go maith linn agus ní dhéanfaidh mé dearmad ar an atmaisféar iontach a bhí ann ar an oíche.”

Tá Cian agus na baill eile, Fergal Moloney, Keith Brett agus Paul Rice, ar ais sa bhaile anois agus ag ullmhú le haghaidh an dara halbam, a bheas píosa beag éagsúil ón chéad cheann agus ón tsingil ghreamúil ‘Hey!’ a d’eisigh siad ní ba luaithe i mbliana.

“Tá muid ag scríobh agus ag taifeadadh i Stiúideonna Camelot in iarthuaisceart Chontae Átha Cliath agus tá an suaimhneas ansin ag tabhairt seans dúinn ár gceol féin a fhiosrú agus a aimsiú i gceart,” arsa Cian.

Page 13: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

nós 13

“Tá spreagadh á fháil againn ó áiteanna difriúla, tá muid ag éisteacht faoi láthair le leithéidí Foals, Bombay Bicycle Club, Arctic Monkeys, The National agus Lisa Hannigan, agus beidh an chéad albam eile seo ag dul i dtreo nua.

“Beidh níos mó uirlisí le cloisteáil air, synths agus veidhlín mar shampla, agus tá muid ag baint taitnimh as an bpróiseas.” Le leid a fháil ar an fhuaim úr seo ní gá ach éisteacht leis an amhrán ‘Stranded’ a thaifead siad do Hotpress le déanaí agus a bhfuil meascán deas ann de mhéaldráma agus d’fhuinneamh leithleach an bhanna, glór Fergal á thionlacan go séimh ag guth taibhsiúil baineann.

Fiú más ag dul i dtreo nua atá siad, tá Cian cinnte go mbeidh an grúpa go fóill ag cloí leis an nós atá acu amhráin Ghaeilge a chumadh agus a sheinm.Chuaigh an leagan de ‘Hey!’ a rinne siad go speisialta faoi choinne albam Rí-Rá / SnaG i mbliana go mór i bhfeidhm ar chluasa Gaelacha, ach cad a shíleann Cian d’earnáil an nuacheoil Ghaeilge i gcoitinne?

“Tá feabhas ag teacht air i rith an ama agus is maith an rud é mar tá sé an-tábhachtach go mbíonn liricí Gaeilge le cloisteáil i ngach stíl ceoil,” ar sé.

“Tá sé deas a fheiceáil freisin go bhfuil bannaí ceoil amuigh ansin gan Gaeilge ar bith atá sásta iarracht a dhéanamh amhrán inár dteanga féin a chasadh le linn Sheachtain na Gaeilge nó nuair atá siad istigh i Raidió na Life i mbun seisiúin.“Má leanann muid ar fad leis beidh caighdeán níos airde ag an nuacheol Gaeilge i gceann cúpla bliain. Caithfidh mé a rá chomh maith go bhfuil an-chuid déanta ag Rónán Mac Aodha Bhuí leis an gCabaret Craiceáilte chun an earnáil a spreagadh.”

Cé nach dóigh le Cian go bhfuil an margadh do cheol chomhaimseartha Gaeilge mór go leor go fóill go ligfeadh sé do bhannaí theacht i dtír ar liricí Gaeilge amháin, síleann sé go bhfuil nideog ann, nideog a bhfuil an-éagsúlacht ag baint léi.

“Ceann de na rudaí is fearr faoin cheol Gaeilge i láthair na huaire ná go bhfuil réimse leathan ann ó taobh stíleanna de, agus is rud iontach sláintiúil é sin. Tá Mo Hat Mo Gheansaí an-difriúil ó leithéidí MC Muipéad mar shampla agus cabhróidh an réimse seo le méadú an mhargaidh sa todhchaí.”

Tá na Dirty 9s ag cur leis an réimse sin i gcónaí, i mBéarla agus i nGaeilge, agus beidh a lucht leanúna dátheangach ag súil go mbeidh siad ag déanamh amhlaidh go ceann i bhfad eile.

www.thedirty9s.net@thedirty9s

Page 14: NÓS 27 - Meitheamh 2012

Caitheann Cillian de Búrca tamall i mbun comhrá le fathaigh rac na hÉireann faoin 30 bliain atá caite acu ar an mbóthar

agus faoi ainm a n-albaim is déanaí

Page 15: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

nós 15

B’fhada an t-aistear é do laochra rac-cheoil na hÉireann, Aslan, ó thosaigh siad amach ag cleachtadh le chéile ina dtithe féin i sráidbhaile Fhionnghlaise siar sa bhliain 1982.

Ó tháinig siad le chéile, tá na mílte albam díolta acu, thaistil siad an domhan agus tá a lucht leanúna i measc na ndreamanna is dílse dá raibh ag aon bhanna ceoil Éireannach riamh.

Ní uasphointí amháin a bhí i ndán dóibh áfach. Scar an banna ar feadh tréimhse sna hochtóidí nuair a d’éirigh fadhb drugaí an phríomhcheoltóra, Christy Dignam, as smacht agus ceapadh go raibh deireadh leo go hiomlán. Ina ainneoin sin, tá cúis cheiliúrtha ag fir Bhaile Átha Cliath i mbliana agus iad 30 bliain ar an fhód.

“Níor cheap muid go mairfeadh muid 30 bliain. I bhfírinne dúirt muid go mbeadh sé go maith bliain amháin a fháil amach as,” a deir Dignam, agus is féidir a chloisteáil ina ghlór go bhfuil sé lán dáiríre. “Is cinnte nach mothaíonn tú an t-am ag dul isteach, braithim féin nár thosaigh muid ach trí seachtaine ó shin!”

Agus is léir nach bhfuil an draíocht caillte ag na buachaillí go fóill tar éis dá n-albam is déanaí, Nudie Books and Frenchies, dul díreach go huimhir a haon i gCairt Éireannach na nAlbam. Is aisteach an t-ainm é do cheirnín ach tá ciall ar leith leis do Aslan agus iad ag amharc siar ar an 30 bliain deireanach, mar a mhíníonn Christy; “Nuair a bhí muid ag tosnú amach agus ag dul anonn go Sasana, bhí sé de nós ag ár gcairde theacht chugainn ag rá ‘Seo duit £10, tabhair roinnt nudie books agus Frenchies (coiscíní) abhaile dom!’ mar bhí a leithéid mídhleathach in Éirinn san am sin. Nuair a bhí muid ag déanamh an albaim nua seo chuimhnigh muid ar an méid a chuaigh i bhfeidhm orainn le 30 bliain anuas, agus theastaigh uainn an frása sin a úsáid.”

Is iomaí onóir atá bainte amach ag buachaillí Aslan thar na blianta - luann Christy an t-am ar sheinm siad ag Caisleán Shláine le David Bowie mar shampla – ach ní cosúil gur éirigh siad sotalach, nó ró-mhuiníneach, riamh.

“Tá rud amháin faoi mhuintir na hÉireann; muna bhfuil tú maith go leor, bí cinnte go ndéarfaidh siad leat é!” a deir

Christy. “Ar bhealach, tá mé fós ag fanacht ar dhuine teacht chugam lá éigin chun a rá, ‘Éist, seans go bhfuil tú ag cur dallamullóg ar dhaoine eile, ach tá a fhios agam, tá tú shit!’ Ach is maith sin i ndáiríre mar ní ligeann sé duit do chaighdeán a ísliú.”

Is é Nudie Books and Frenchies an seachtú albam stiúideo atá déanta ag an ghrúpa. Ní amháin sin, ach eisíodh scannán faisnéise go luath an mhí seo caite ina gcuirtear síos ar stair an bhanna. Taispeánann Please Don’t Stop seanfhíseáin chartlainne ó cheolchoirmeacha, camchuairteanna agus agallaimh le baill an bhanna iad féin. Is scannán neamhspleách é a rinneadh ar bheagán airgid, mar a fhógraíonn siad féin; “Scannán déanta ag an lucht leanúna don lucht leanúna,” ach táthar ag súil go mbeidh sé ar fáil ar DVD roimh dheireadh na bliana seo, in éineacht le DVD speisialta den cheolchoirm cheiliúrtha a bheas ar siúl staidiam Thamhlachta ar 30 Meitheamh.

Beidh an cheolchoirm speisialta seo ar siúl i rith an lae ar fad ag tosnú ó 1in, le tacaíocht ó ghrúpaí ar nós na Kaiser Chiefs agus Roy Seven. “Is rud iontach dúinne gur féidir linn an gig seo a chur ar fáil dár lucht leanúna,” a deir Billy McGuinness. “Chas muid i neart áiteanna difriúla thar na blianta ach seo seans dúinn ceiliúradh in ionad mór a chruthóidh atmaisféar ar leith, agus tá muid ag súil go mór leis.” Tá na ticéidí ar díol anois agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.aslan.ie.

Cuireann Cillian de Búrca an clár dátheangach, Guaranteed Irish, i láthair gach Domhnach ar 8in ar Classic Hits 4FM. Is féidir éisteacht ar 94 – 105 FM nó ar www.classichits.ie

Ceol lán, saol lán, aslan

“Ar bhealach, tá mé fós ag fanacht ar dhuine teacht chugam lá éigin chun a rá, ‘Éist, seans go bhfuil tú ag cur dallamullóg ar

dhaoine eile, ach tá a fhios agam, tá tú shit.’ ”Christy Dignam

Page 16: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

16 nós

FÉILE anamchEoIL BhaILE ÁTha cLIaThcearnóg mhuirfean, Bác

Agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch ar an deireadh seachtaine deiridh de mhí na Bealtaine bhailigh na sluaite le chéile le haghaidh an 6ú Dublin City Soul Festival i lár na cathrach. Is meascán fionnuar d’ealaín, bia agus ceol é an Fhéile seo agus ina measc siud a bhí ar an ardán ar an Domhnach bhí na cailíní seo, Karen Cowley agus Caoimhe Barry, ón bhanna Wyvern Lingo as Brí Chualainn. Táthar á rá go bhfuil rudaí móra i ndán don ghrúpa seo a chuireann fuaimeanna réchúiseacha i láthair an éisteora agus beidh an chéad singil s’acu ag teacht amach gan mhoill. Coimeád cluas amach dó!

Page 17: NÓS 27 - Meitheamh 2012

Díreach mar atá Just The Way You Are, Bruno Mars

súile, súile, níos gile ná na réalta sa spéir is,a gruaig, a gruaig, titeann sí go foirfe ar a guaillí,tá sí galánta, deirim léi achan lá.

tá a fhios agam, tá a fhios agam, nuair a mholaim í ní chreideann sí mé,tá sé, tá sé chomh brónach sin nach dtuigeann sí mé,Achan uair a deir sí ‘an bhfuil mé go deas?’, deirim léi…

nuair a tchím d’aghaidh, níl rud ar bith a d’athróinn riamh,tá tú go hálainn, díreach mar atá,do mhiongáire, chuirfeadh sí stop leis an domhan ar feadh seal’,tá tú go hálainn, díreach mar atá.

a béal, a béal, chomh bog, is maith liom í a phógadhgáire, gáire, is féidir léi mo chroí a thógáil,tá sí galánta, deirim léi achan lá.

ó a stór, a stór, a stór, a stór, ná hathraigh tú féin,ó tá tú foirfe mar atá, i mo bharúil féin,creid mé nuair a deirim go bhfuil tú ar dóigh, ar dóigh.

nuair a tchím d’aghaidh, níl rud ar bith a d’athróinn riamh,tá tú go hálainn, díreach mar atá,do mhiongáire, chuirfeadh sí stop leis an domhan ar feadh seal’,tá tú go hálainn, díreach mar atá.

Sásta Go Deo I’m Yours, Jason Mraz

chonaic mé mo chailín agus bhí sí go hálainn,níl bean ar bith eile atá leath chomh hálainn,thit muid beirt i ngrá agus muid ar an trá,phóg tú mé agus bhí mo chroí leáite,thit muid amach agus bhí mo chroí cráite,anois tá muid i ngrá agus tá gach rud go breá.

is maith liom bheith anseo, nach deas bheith beo, sásta go deo, anseo,ná bac le fearg is brón, suígh ar do thóin, sásta go deo, anseo.

oscail do shúile is bí liom féin,is rachaidh muid beirt i bhfad i gcéin,Bí liom go deo na ndeor, a stór.oscail do shúile is bí liom féin,is rachaidh muid beirt i bhfad i gcéin, bí liom go deo na ndeor, a stór.

chonaic mé mo chailín agus bhí sí go hálainn,níl bean ar bith eile atá leath chomh hálainn,thit muid beirt i ngrá agus muid ar an trá,phóg tú mé agus bhí mo chroí leáite,thit muid amach agus bhí mo chroí cráite,anois tá muid i ngrá agus tá gach rud go breá.

is maith liom bheith anseo, nach deas bheith beo, sásta go deo, anseo,ná bac le fearg is brón, suígh ar do thóin, sásta go deo, anseo.

Tá sé ina chleachtas le blianta anuas in Éirinn cnaga móra cheol an Bhéarla a aistriú go dtí ár dteanga féin ach tá borradh ar leith tar éis theacht faoin nós seo le gairid. Ina theannta sin tá líon na mbannaí a chumann amhráin nua i nGaeilge ag fás i gcónaí chomh maith, forbairt atá fíor-thábhachtach go deo do thodhchaí ár dteanga. Le freastal ar an éileamh seo ar nua-amhráin Ghaeilge i measc an phobail, gach mí anseo foilseofar liricí ó chuid de na hamhráin is coitianta atá á gceol ag Gaeil i láthair na huaire.

* ceol

nós 17

liricí na míosa

JJ Ó DochartaighAn mhí seo is é an laoch líne as Doire, JJ Ó Dochartaigh, ar dheis, atá á chur faoin spotsolas againn. Thosaigh JJ ag aistriú na n-amhrán is fearr leis ó na cairteacha agus é ag obair sna coláistí Gaeltachta – tá cúpla amhrán nuachumtha Gaeilge curtha le chéile aige fosta – agus anois tá breis agus 56,000 radharc Youtube ag a chuid físeán ceoil. I measc na dtiúineanna is mó ráchairt atá déanta ag JJ tá aistriúchán ar ‘Just The Way You Are’ le Bruno Mars agus a leagan féin de ‘I’m Yours’ le Jason Mraz. Bainigí triall astu!

Page 18: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

18 nós

Page 19: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

nós 19

BaILE oíchE - comóraDh ar BÁc FaoI ScÁTh na hoíchEthe workman’s club, Baile átha cliathdé céadaoin 6 meitheamh, 8.30inticéid: €10 / €8

An chathair istoíche: claochlú. Sráideanna a bhí tréigthe cuireann rithimí an cheoil beocht iontu arís; sráideanna eile a bhí plódaithe le hoibrithe oifige tamall gearr ó shin, iad ina dtost anois. Déantar rud álainn den rud a bhí gránna; tugann an bháisteach sciomradh do na sráideanna chun go ndamhsódh an solas orthu. Méadaítear ar an nglór agus scaiptear macalla na mbonnán. Bíonn an oíche ag glaoch chun na samhlaíochta sa tslí go mbaintear síneadh as scáileanna agus cruthaítear púcaí ag solas ón stáisiún peitril nó ó shiopa an chúinne.

Seó speisialta dátheangach ilmheánach é Baile Oíche: An Tionscadal a dhéanann ceiliúradh ar thírdhreacha na hardchathrach istoíche. Eagraithe ag IMRAM mar chuid d’Fhéile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, beidh saothar nua le ceathrar filí á choimisiúnú agus iad ag freagairt d’íomhánna ó na grianghrafadóirí Jim Berkeley agus Mark Granier.

Déanfaidh Margaret Lonergan a cuid féin de na híomhánna sin a theilgfear ar scáileán agus beidh ceol speisialta mar thionlacan leis an méid sin go léir le Seán Mac Erlaine, ceoltóir agus cumadóir nótáilte, ar clé.

Ticéid agus eolas le fáil ag www.dublinwritersfestival.com

ag teacht aníos

SonGS oF ThE ScrIBEionad eaglais Úinitéireach, Baile átha cliathdé sathairn 9 meitheamh, 6inticéid: €10 / €8

Mórócáid filíochta, próis agus amhránaíochta leis an amhránaí iomráiteach as ceantar Oirialla, Pádraigín Ní Uallacháin a bheas á tionlacan ar an oíche ag Dónal O’Connor agus Macdara Ó Graham.

Beidh ceathrar scríbhneoirí eile ag léamh as saothar a coimisiúnaíodh go speisialta ar théama na scríbhneoireachta féin, ina measc Éilís Ní Anluain, Darach Ó Scolaí, Kevin Power agus Leontia Flynn.

Page 20: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

20 nós

scáileán

casa de mi padrematt piedmont, 16

Léirmheas le hÚna B * * * * * ‘Teach m’Athar’ is ainm don scannán seo a bhfuil Will Ferrell sa phríomhpháirt, Armando Alvarez, an mac is sine de chuid rainseora thíos i Meicsiceo, áit a bhfuil na fir chróga, na mná galánta agus na bithiúnaigh lán d’olc, áit a bhfuil an prós gonta agus an oiread contúirtí ann agus atá clíséanna.

Tá an scannán seo suite sa lá atá inniu ann agus is é Andrew Steele, a bhí ag obair ar Saturday Night Live, a scríobh an script.

Filleann deartháir óg Armando ar a fhód dúchais lena bhean gheallta Sonia. Is fearr go mór leis an athair, Papá Alvarez (Pedro Armendáriz Jr.), Raul agus tugann sé gach estúpido ar Armando. Ach don chuid is mó is é a fhaightear sa scannán seo ná plámás, an chorrshúil á caitheamh, liopaí i mbun creatha agus ó am go chéile sceiteanna grinn gan chéill (scata ban i sciortaí gearra agus a leithéid). Tá na feistis go hiontach, bíonn Armando gléasta go traidisiúnta i gculaith an bhuachaill bhó fad agus a bhíonn a dheartháir óg Raul gléasta ar nós Al Pacino i Scarface, culaith reitreo air a bhfuil lorg cócaoin air agus péire spéaclaí móra gréine ar a aghaidh.

Tosaíonn rudaí ag éirí teasaí nuair a théann Raul ag troid le tiarna drugaí, La Onza nó ‘an tUnsa’ (Gael García Bernal), bithiúnach ceart a mbíonn cailíní i mbicínithe thart air agus meatáin mhóra air mar a bheadh meaisínghunnaí ann.

Is léir gur bhain García Bernal and Luna an-sult as bheith ag gléasadh suas sna feistis ach is é an trua é nach bhfuil an scéal chomh reitreo agus atá na héadaí.

Is beag dáiríreacht atá ag baint le Casa de Mi Padre agus is furasta glacadh leis an scige agus leis an ghreann den chuid is mó. Ach nuair a fheiceann Armando agus a chomrádaithe fear á chur chun báis is doiligh gan bheith ag smaoineamh ar an sléacht a tharla i Meicisceo de dheasca chogadh na ndrugaí.

Déanann an scannán scigaithris ar leithéidí Grindhouse le Quentin Tarantino agus Robert Rodriguez. Ach is seánra de scannán é seo a bhfuil Tarantino agus Rodriguez luaite go mór leis agus ní éiríonn le Andrew Steele agus le Matt Piedmont, léiritheoir Casa de Mi Padre, an seánra a thabhairt leo ina iomláine.

Bíonn Will Ferrell ag labhairt Spáinnise ó thús go deireadh an scannáin gan deacracht ar bith agus is dócha gurb é seo an rud is greannmhaire ar fad faoi Casa de Mi Padre. Déanann sé ábhar magaidh as soineantacht an charachtair, mar atá de nós aige a dhéanamh, agus ar an dóigh seo bíonn cuma an amadáin ar Armando.

Baineann Bernal agus Luna an-spraoi as bheith ag pleidhcíocht thart mar bhuachaillí bó agus is ar éigean in amanna gur féidir leo an gáire a cheilt agus iad ar an scáileán, rud a bhaineann beagáinín den fhírinneacht atá ag baint le carachtar Ferrell.

Tríd is tríd is fearr i bhfad an scannán seo nuair a stopann na carachtair ag ligean orthu féin go bhfuil tábhacht leis an scéal bómánta agus nuair a ligeann siad den ghreann bheith ann díreach ar mhaithe leis an ghreann féin.

Page 21: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Scáileán

nós 21

marvel avengers assembleJoss whedon, 12a

Léirmheas le Cillian de Búrca * * * * * Seo an ceann a raibh leantóirí Marvel ag fanacht air le tamall – tar éis dúinn aithne a chur orthu ina scannáin féin, tagann Ironman, Thor, Captain America agus eile le chéile mar fhoireann na Avengers.

Leis an domhan i mbaol, caithfidh na laochra seo (Robert Downey Jr., Chris Hemsworth, Chris Evans, Mark Ruffalo, Scarlett Johansson, Jeremy Renner) agus Nick Fury (Samuel L. Jackson), ceannaire an ghrúpa rúnda rialtais S.H.I.E.L.D, oibriú le chéile chun dul i mbun troda le Loki, deartháir Thor sula gcuireann sé an cine daonna ar fad faoi chois.

Déanann an stiúrthóir Joss Whedon iarracht mhaith

radharc cothrom a thabhairt ar na carachtair go léir, idir Captain America ag iarraidh dul i ngleic le saol sa 21ú aois, ciontacht Thor go gcaithfidh sé troid lena dheartháir, díomas Ironman nó an eagla ar Bruce Banner (The Hulk) roimh a chumhacht féin, ach dom féin níl aon amhras gurb é Tony Stark/Ironman (Robert Downey Jr.) a sheasann amach mar réalt an scannáin.

Más aicsean atá á lorg agat níl aon ghanntanas in The Avengers, faigheann gach pearsantacht radharc troda dá gcuid féin agus is iontach an rud é go bhfuil an méid sin grinn fite fuaite tríd go léir. Níl sé riachtanach na scannáin eile a fheiceáil roimh ré ach cuireann sé go mór leis má thuigtear cén áit as a dtagann na carachtair ar fad agus conas a fuair siad a gcuid cumhachtaí nó scileanna.

Scannán gasta nár chóir d’aon léitheoir ghreannáin Marvel a chailleadh mar sin má tá tusa sa rannóg sin agus má imíonn seo ón phictiúrlann sula n-éiríonn leat suí síos os a chomhair le bocsa grán rósta i do lámh acu bheidh díoma ort.

Page 22: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* scáileán

22 nós

the dictatorlarry charles, 16

Léirmheas le Cillian de Búrca * * * * *

Tá Sacha Baron Cohen, an duine a thug Ali G, Borat agus Brüno dúinn, ar ais arís agus an carachtar is déanaí dá chuid, Admiral General Aladeen, ar an scáileán mór. Deachtóir as an Mheánoirthear é Aladeen a thagann go dtí an tIarthar le labhairt leis na Náisiúin Aontaithe. Is léir go bhfuil Cohen ag spocadh as iar-dheachtóirí ar nós Saddam Hussein agus Ghadaffi ach go háirithe, agus cé go bhfuil seans ann nach n-aontóidh gach duine leis an chur chuige ní mór a rá go ndéanann sé sár-jab de.

Sna scannáin Borat agus Brüno chonaic muid na carachtair as an ghnáth seo ag bualadh agus ag caint le daoine nár thuig gur fear grinn a bhí in Cohen ach níl The Dictator go hiomlán mar an gcéanna.

Is scannán grinn ar bhealach níos tráidisiúnta é, bíonn na radhairc ar fad eagraithe agus tá script daingean ann. Is cinnte nach laige í sin ar ndóigh agus tá stíl aithnidiúil grinn Cohen fós le mothú ann, is é sin le rá go bhfuil go leor conspóide ann ó thús deireadh.

Ní hé an scannán is fearr atá déanta aige go dtí seo; deir go leor gur bhuail Cohen barr a réime amach nuair a rinne sé Borat agus caithfidh mé féin aontú leis sin.

Thuill scannán ardchaighdeáin le hainm cosúil leis, The Great Dictator, ainmniúchán Oscar don réalta Charlie Chaplin

snow white and the huntsmanrupert sanders, 12a

Réamhamharc

Castar an scéal traidisiúnta do pháistí go hiomlán ar a chloigeann sa scannán nua seo le Kirsten Stewart agus Charlize Theron. Is í Snow White (Stewart) an t-aon bhean ar domhan atá níos áille ná an bhanríon olc (Theron) mar sin, ar chomairle a scátháin dhraíochta, socraíonn an bhanríon í a mharú.

Tá go leor cainte ar an scannán seo le tamaillín mar gheall ar na héifeachtaí iontacha atá in úsáid ann agus mar gheall ar an íomhá dhorcha atá curtha ar an síscéal iomráiteach, síscéal a chuaigh i bhfeidhm ar na milliúin tríd an leagan geal áthasach a chuir Disney amach 75 bliain ó shin.

Beidh le feiceáil an mbeidh dúil ag an lucht féachana sa léamh crua comhaimseartha seo ach leis na léiritheoirí a rinne Alice in Wonderland agus The Sixth Sense taobh thiar de táthar ag súil le taispeántas den chéad scoth. Beidh an t-atmaisféar atá cruthaithe ag na grafaicí ríomhghinte (CGI) mar chuid mhór den tarraingt sin agus beidh an t-amhrán speisialta ‘Breath Of Life’ a thaifead Florence + The Machine don scannán ina chuidiú chomh maith.

Tá Snow White and the Huntsman á eisiúint i bpictiúrlanna Éireannacha ar 1 Meitheamh.

siar i 1940 ach cé nach bhfuil aon sárthaispeántas clasaiceach déanta ag príomhcharachtar an chinn seo tá go leor grinn neamh-PC agus conspóide ann le sásamh a thabhairt d’aon duine ar spéis leo a leithéid.

Page 23: NÓS 27 - Meitheamh 2012

nós 23

Ken loach - Land and Freedom1995

Is fearr an aithne atá againne in Éirinn ar an stiúrthóir Sasanach Ken Loach mar gheall ar an scannán buach The Wind That Shakes The Barley ná mar gheall ar an gcuid eile dá shaothar scáileáin ach tá go leor seod eile stiúrtha aige thar na blianta.

Ceann acu sin ná Land and Freedom ón bhliain 1995, scannán a phléann le casachtaí Chogadh Cathartha na

Spáinne agus a thugann léiriú réalach ar an dioscúrsa a bhí ag dul ar aghaidh ina measc siúd a throid ar son na Poblachta agus in éadan Náisúntóirí Faisisteacha Franco siar sna ‘30í.

Tosaíonn an plota i 1994 le bás David Carne, seanfhear as Learpholl a dtagann a ghariníon, Kim, ar ghrianghraif agus litreacha ón tréimhse a chaith sé ag troid sa Spáinn. I measc a chuid giuirléidí tá dornán de chré Spáinneach clúdaithe in éadach dearg.

Ón spléachadh siar a fhaigheann muid ar a shaol, tugtar le fios gur bhall idéalaíoch den Pháirtí Cumannach é David

(Ian Hart) a thaistil amach le páirt a ghlacadh sa troid i gcoinne fhórsaí Franco, díreach mar a rinne thart ar 300 Éireannach ag an am céanna, fir a gcuimhnítear orthu san amhrán clúiteach faoi na Briogáidí Idirnáisiúnta ‘Viva la Quince Brigada’ de chuid Christy Moore.

Téann David isteach sa POUM, an grúpa réabhlóideach Marxach, i mBarcelona agus glactar an lucht féachana ar thuras leis agus é ag traenáil agus ag troid in éineacht lena chomrádaithe i gcoinne an Fhaisisteachais. Tá cosúlachtaí ann idir scéal an scannáin agus leabhar íocónach George Orwell, Homage To Catalonia, agus de réir a chéile faigheann muid léargas ar an gcoimhlint inmheánach a tharla sa taobh Poblachtach, le scrios á dhéanamh ar mhílíste daonlathach David ag Cumannaigh Stalineacha a bhí ag iarraidh smacht a imirt ar aon ghrúpa le dearcadh nó cur chuige éagsúil.

Téann an príomhcharachtar ar aistear tuisceana le linn an scannáin agus tugann cúinsí an chogaidh air misneach áirithe a chailliúint, go háirithe tar éis do Blanca (Rosana Pastor), comhthródaí ar thit sé i ngrá léi, bás a fháil. Ní chailleann sé a chuid prionsabal sóisialach áfach – creideann sé i gcónaí i maitheas an lucht oibre agus ina gceart chun smacht bheith acu ar a dtodhchaí féin, mar dhaoine aonair agus mar phobal.

Sa deireadh filleann sé ar Shasana le dornán cré dhearg agus ag críoch an scannán ar fad feictear a ghariníon Kim ag scaipeadh na cré céanna ar a uaigh, a dorn san aer in ómós dá sheanathair.

Scéal cumhachtach faoi thréimhse chorrach i stair na hEorpa ó dhuine de shár-scannánóirí ár linne.

scannánclasaiceach

Page 24: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* scáileán

24 nós

SaoL an chaIT BhÁIn

Thuill an tsraith fhaisnéise Scéal na Gaeilge ardmholadh nuair a bhuail sí ár scáileáin teilifíse ní ba luaithe i mbliana, lena míreanna físiúla bríomhara agus a

teachtaireacht léargasach mhuiníneach ag dul i bhfeidhm go mór ar lucht féachana agus ar lucht critice araon. Tar éis don chlár ‘Sraith na Bliana’ a bhuachan ag

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais le déanaí, shíl muidne ag NÓS go mbeadh sé tráthúil labhairt le duine de réaltaí móra na sraithe… An Dochtúir Alan Titley féin,

a deir sibh? Ní hé, ach Pangur Bán!

Page 25: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* scÁileÁn

nós 25

Tá clú agus cáil ort mar gheall ar dhán a scríobhadh fút agus tú i do chónaí i Mainistir ar mhór-roinn na hEorpa. Cén cineál saoil a bhí agat an t-am sin?

I mbaois m’óige a bhí mé, agus ag ceapadh go mbeadh naoi saol agam go deo. Bhí mé breá sásta in Éirinn i ndáiríre ach ansin bhí orm dul go dtí an Eoraip leis ‘an té a bhí mo bheathú’, ní cuimhin liom cén t-ainm a bhí air.Bhí an saol maith go leor cé go mbeadh ‘an té a bhí mo bheathú’ i gcónaí ag iarraidh rudaí a scríobh agus am saor aige. Ós rud é go raibh ‘an té a bhí mo bheathú’ chomh dona ag scríobh na ‘dánta’ seo, bhíodh orm féin iad a athchóiriú. Ar ndóigh is mise atá freagrach as an dán a bhfuil tú ag tagairt dó.An rud is fearr faoin Eoraip ná go mbíonn na luchóga níos milse agus iad ag ithe cáis dheas na mór-roinne.

An bhfuil luchóga chomh blasta sin i ndáiríre?

Ní hamháin go bhfuil siad blasta ach tá an-chraic ag baint leo freisin. Cé mhéad rud gur féidir leat a bheith ag spraoi leis sula n-itheann tú iad? An bhfuil tú in ann XBOX a ithe? An bhfuil tú in ann leadóg a imirt le sceallóga?

Luaigh tú gur tú féin atá freagrach as ‘Pangur Bán’. An bhfuil tú in ann aon léargas a thabhairt dúinn air sin?

Tá sé an-simplí. ‘An té a bhí mo bheathú’ a scríobh an dán sin... bhuel thosaigh sé é agus bhí orm féin é a chríochnú dó. Ah, mo shean-chomrádaí! Airím uaim é. Thuig sé mé, ní ar nós scoláirí an lae inniu (Alan Titley mar shampla) nach dtuigeann saol an chait. Is mór an trua nach bhfuil naoi saol ag roinnt daoine chomh maith. Dá mbeadh sé fós linn bheadh sé fós in ann mé a bheathú.

Inis dúinn cad é mar a fuair tú an gig ar Scéal na Gaeilge?

Bhuel, is mé a bhí mar an chéad rogha. An t-aon fhadhb a bhí ann ná go raibh mé ró-dhathúil, greannmhar agus umhal agus go mbeadh daoine chomh tugtha liom nach mbeadh aird ar bith acu ar an gclár é féin. Sin an uair ar thosaigh na léiritheoirí ag caint faoi ‘comh-láithreoir faoi oiliúint’, a bheadh mar chothromaíocht ar mo chuid áilleachta. Ar ndóigh len é seo a bhaint amach bhí orthu duine a roghnú a bhí leadránach, tirim agus mall. Sin é an fáth a raibh Titley foirfe don jab!

Is léir ón méid atá ráite agat go dtí seo go raibh teannas éigin ar scáileán idir tú féin agus láithreoir na sraithe Alan Titley. An bhfuil sé seo fíor?

Is é atá i gceist agat ná, “idir tú féin, láithreoir na sraithe, agus Alan Titley?” Ní raibh aon teannas ag an tús ach de réir mar a bhí muid ag dul ar aghaidh bhí sé ag éirí níos éadmhaire faoi na

buanna nádúrtha a bhí agam. Bhí mise an-deas leis, bhí mé fiú ag tabhairt ‘an té a bhíonn mo bheathú’ air mar léiriú ar chomh mór a bhí mé leis. Agus muid sa stiúideo lá amháin d’iarr mé air mála eile luchóga a bhailiú dom. Chaill sé an bloc! Bhuail sé cic orm. Buíochas le Dia go raibh an ceamara ar siúl ag an am. Murach sin ní chreidfeadh éinne gur tharla sé.

An raibh mórán teilifíse déanta agat roimhe?

Seans maith nach gcreidfeá seo... ní raibh aon teilifís déanta agam! Ní ag magadh atá tá mé. Bhí mé iontach nádúrtha. An t-aon fhadhb a bhí agam ná a bheith ag iarraidh Titley a thraenáil. Tá rudaí ann fiú nach bhfuil mise in ann a dhéanamh.

Anois go bhfuil blaiseadh faighte agat ar shaol na teilifíse mar sin, an bhfeicfidh muid ar an scáileán arís tú nó an bhfuil pleananna ar bith eile agat?

Níl cinneadh déanta agam go fóill. Tá go leor daoine mo chuartú i ndiaidh dom Scéal na Gaeilge a dhéanamh. Níl ach méid áirithe duit féin gur féidir leat a thabhairt don chosmhuintir, ach tá chuile dhuine ag cuartú píosa díom. Níl sé éasca a bheith iontach.

Agus ar deireadh a Phanguir, conas a choinníonn tú d’fhionnadh chomh bán sin? Daz?

Céard é Daz? Chuile mhaidin ithim cúig luchóg bhán bruite in uachtar.

Ba é an comhlacht léiriúcháin ROSG a thug deis do Phangur Bán dul ar an scáileán. Is féidir an cat clúiteach, mar aon le carachtair eile ó stair dhathannach ár dteanga, a fheiceáil i Scéal na Gaeilge go fóill ar an TG4 Player ag www.tg4.ie

Page 26: NÓS 27 - Meitheamh 2012

26 nós

teic

an lasair Bheo

Bladhmanna, cáisleáin daoine, ceoltóirí, puipéid, ridirí, foirne spóirt, damhsóirí… tháinig siad sin ar fad agus tuilleadh amach ar shráideanna Vic na Catalóine leis lipdub is mó ar domhan a dhéanamh ag deireadh 2010. Ghlac 5,771 duine páirt san olliarracht spleodrach seo, iad ar fad bailithe le chéile le teachtaireacht bhreá bhríomhar a thaifeadadh ar son neamhspleáchas Catalunya, agus tá breis agus 1,750,000 duine tar éis breathnú air ar líne. Ní nach ionadh go raibh na Catalónaigh san fhíseán chomh tógtha sin i mbun reatha agus an t-amhrán iontach ‘La Flama’ de chuid Obrint Pas ag réabadh an aeir acu!

www.youtube.com/watch?v=mutmlugwrp8

ná Buail an fhuinneog!

Tá sé déanta ag duine againn a chiceáil liathróid peile riamh. Is é sin iarraidh a thabhairt cic cleasa de shaghas éigin a dhéanamh, bíodh sé ar an bpáirc imeartha, sa ghairdín nó ar an tsráid. Bhuel tá buachaillí óga as contae na Mí tar éis an scil seo a thabhairt chuig leibhéal eile ar fad leis na ciceanna is dochreidte dá bhfacthas riamh curtha i gcrích acu ag a dteach féin. Ag preabadh na liathróide ó dhíonta, crainn agus ón talamh, éiríonn leis na peileadóirí seo a sprioc, fonsa císpheile, a aimsiú i gcónaí. Ní fios ar ndóigh cá mhéad iarracht a rinne siad chun an físeán a chur le chéile ach is cuma, tá sé cúl amach.

www.youtube.com/watch?v=dhiouy7l5hc

ag rothaíocht abhaile

Má tá suim agat i bhfíseáin mhórthaibhseacha agus muna bhfuil eachtraí iontacha Danny MacAskill agus a rothar feicthe agat go fóill, buail an nasc thíos láithreach. Fear de bhunadh Eilean Sgitheanach na hAlban é Danny a bhfuil a chumas ar dhá roth i ndiaidh draíocht a chur ar na sluaite i gcéin agus i gcóngar. Tá a ghearrscannán Way Back Home feicthe ag mó ná 20 milliún duine ar Youtube agus níl aon amhras ann go bhfuil a leasainm ‘Danny MegaSkill’ tuillte go maith ag an nGael óg seo. Mar sin gabh agus breathnaigh air, bain sult as, bíodh ionadh ort ach ná bain triail as na cleasa sin sa bhaile!

www.youtube.com/watch?v=cj6ho1-g6tw

CuiD súl l

“they have really, really, really long trunks... and that’s cool”

An bhfuil an chéad fhíseán a foilsíodh ar Youtube riamh feicthe agat go fóill? Bhuel ná bíodh an oiread sin sceitimíní ort mar is gearrthóg 19 soicind é a thaifead Yakov Lapitsky dá chara agus comh-bhunaitheoir ag tsuímh, Jawed Karim, ag Zú San Diego seacht mbliana ó shin. Gnáthfhíseán simplí ach ar chúis éigin is ábhar iontais é do Karim go bhfuil tiúchosaigh iontach fada ag eilifintí...?! Bhuel, is píosa de stair an idirlín é anois agus tá breis agus 8 milliún radharc faighte aige ó cuireadh ar líne é ar 23 Aibreán 2005.

www.youtube.com/watch?v=jnQXac9iVrw

Page 27: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* teic

nós 27

An tIdirlíon, áit a dtugann deis don ghnáthduine an oíche ar fad a chaitheamh ag breathnú ar chait ag seinm ar an bpianó ar YouTube, daoine anaithnide a leanúint ar Twitter agus cúpla uair an chloig a chur isteach ag stánadh ar íomhánna greannmhara ar Tumblr.

Ach le déanaí tá rud éigin eile ar an bhfód, rud éigin a bhfuil cuid mhór againn dúghafa leis, rud éigin atá tar éis greim iomlán a fháil ar ár n-aird. Sin é go díreach, tá méimeanna – nó memes mar is fearr aithne orthu i mBéarla – tar éis ár scáileáin ríomhaireachta a bhualadh ina sluaite.

Muna bhfuil taithí agat ar an bhfeiniméan seo go fóill, ah bhuel, is dócha nach mbeidh go deo faoin am seo. Ach níl balla Facebook ann gan méim de shórt éigin le feiceáil air agus tá an t-idirlíon plódaithe leo.

De réir cara-is-fearr an scoláire, nó an suíomh Wikipedia mar a thugann daoine eile air, ciallaíonn ‘meme’ “an idea, behavior or style that spreads from person to person within a society” nó i dtéarmaí níos simplí, nós nó treocht.

Ach go bunúsach is éard atá i gceist leis na méimeanna reatha seo ná íomhánna le

fotheidil chliste thíos fúthu atá cruthuithe le haghaidh siamsaíocht agus grinn.

Le réabhlóid na teicneolaíochta tá an nós seo d’íomhánna le fotheidil gan teorainn, iad a scaipeadh mar a bheadh víreas ar fud an ghréasáin; ‘technologically impaired duck’, ‘cereal guy’ agus ‘not sure if Fry’ san áireamh.

Anois tá méimeanna i nGaeilge le fáil le leathanach Facebook cruthuithe dóibh. Foilsithe i mí Mhárta na bliana seo ag Ciara Heneghan, tá níos mó ná 700 ‘likes’ ag an leathanach darb ainm ‘Memes na Gaeilge’ anois, le rannpháirtithe ar fud na hÉireann agus na cruinne.

Is scéalta grinn ón taobh istigh de shaol na teanga an chuid is mó dóibh, le tagairtí do Chonradh na Gaeilge, an Ardteist agus rudaí eile mar sin. Saghas margadh nideoige atá ann mar a dearfá ach lucht leanúna láidir aige fós. Tá an chuma ar an scéal go leanfaidh na memes seo ar aghaidh le níos mó carachtar á gcrúthú ag úsáideoirí i gcónaí. Pé dearcadh atá agat ar fhás rabach na méimeanna is cinnte gur dearfach deas an rud é a fheiceáil go bhfuil an Ghaeilge ag éirí níos láidre ar líne i rith an ama.

an mhÉIm I rÉIm Ú n a - m i n h c a o m h á n a c h

Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne agwww.raidionalife.com

Aon mhéimeanna maithe agat féin? Seol chugainn iad ar [email protected]

Page 28: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* teic

28 nós

Tá ceamara digiteach ar leith eisithe ag an gcomhlacht táirgí baile IKEA le déanaí agus tá go leor airde tarraingthe cheana féin ag a dhearadh comhaimseartha – tá an chuid is mó de déanta as cairtchlár dála an scéil. Ach ní hé sin an fáth ar chuir muidne anseo in oifigí NÓS suim ann, ach mar gheall ar a ainm.Knäppa is teideal don cheamara úr seo, atá á scaipeadh saor in aisce i roinnt siopaí IKEA ar fud na hEorpa faoi láthair, agus is focal Sualainnise é a chiallaíonn, sea tá sé agat, cnaipe!

Ba iad na Lochlannaigh a thug dúinn an focal le haghaidh an ruda sin a choinníonn do chóta nó do bhríste ceangailte le chéile den chéad uair agus déalraíonn sé anois go bhfuil siad ag teacht ar ais chugainn chun an focal a chur i gcuimhne dúinn arís eile.

Ceamara beag simplí é atá funcaí ina bhealach féin, dath cairtchláir air agus maidín USB aige ionas gur féidir leat do chuid grianghrafanna a íoslódáil chuig do ríomhaire, sula gcaitheann tú an ceamara isteach sa bhocsa athchúrsála. Táirge de chuid an dearthóra Jesper Kouthoofd, oibríonn an Knäppa trí chnaipe a bhualadh, mar a bheifeá

ag súil leis, agus is féidir leis 40 pictiúr ag 2.3 meigiphicteilín a ghlacadh, nach bhfuil chomh holc sin le haghaidh píosa páipéar crua.

Ionas nach dtógtar grianghraif agus é ina luí i do mhála nó póca, is ionann an cnaipe do chomhla an lionsa agus an cnaipe do chumhacht an cheamara féin, rud atá áisiúil go leor.

San fhíseán bolscaireachta atá curtha le chéile ag IKEA faoi, deir Kouthoofd go bhfuil súmáil ag an cheamara fiú, is é sin lámh an ghrianghrafadóra a shíneadh amach i dtreo an ábhair atá le grianghrafú mar sin is léir go bhfuil greann agus spraoi ag baint leis an ngléas beag éiceabhách seo! Ach cén chúis a bhfuil IKEA tar éis ceamara cairtchlár le hainm cineál Gaelach a eisiúint, iad á dtabhairt amach saor in aisce? Bhuel tá siad ag iarraidh ort grianghraf a ghlacadh de na táirgí eile de chuid IKEA atá sa bhaile agat agus iad a sheoladh isteach chucu le taispeáint dóibh conas a oireann siad do do theach.

Ní gá cloí leis an smaoineamh sin ar ndóigh mar sin má dhéantar an ceamara seo a thairscint duit sna míonna amach romhainn, glac leis agus buail an Knäppa!

BuaIL an Knäppa!

Page 29: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* teic

nós 29

Page 30: NÓS 27 - Meitheamh 2012

30 nós

Agus mé i mo shiopa áitiúil leabhar ar na mallaibh tháinig mé ar rud brónach tragóideach. Bhí an ‘Zombie Survival Guide’ faoi fhicsean acu!

Daoibhse atá ar an eolas, tuigfidh sibh go bhfuil sé seo ar na leabhair is tábhachtaí a scríobhadh riamh i stair ár gcine. Ghlac mé gur dearmad a bhí ann mar sin agus shocraigh mé go gcuirfinn in iúl dóibh go ciúin agus go tuisceaneach. Caithfidh tú bheith cúramach faoi na rudaí seo, níl duine ar bith ag iarraidh scanradh a chur ar an phobal.

Iar dom a rá leis an chúntóir faoin bhotún áfach baineadh geit asam.“Ficsean atá ann,” a dúirt sí. Bhuail fearg mé ach choinnigh mé smacht orm féin. “Go raibh maith agat as do mhacántacht,” a dúirt mé, “ach ná bí ag teacht chugamsa ag iarraidh mo chabhairse nuair a thiocfas an lá, ní bheidh mé in ann cabhrú ach le mo theaghlach féin.”

Sea, bhí sí ag gaire ansin, ach seo an duine céanna a bhéas ag bualadh ar fhuinneoga mo SUV speisialta ag impí orm “leanbh s’aici a ghlacadh”. Ní ghlacfaidh áfach.

Agus ní mhothóidh mé ciontach ar chaoi ar bith. Tá a rogha féin ag gach duine agus, más duine thú atá ag roghnú

bheith ullmhaithe, ní mór a thuiscint gur cuid den ullmhú céanna é bheith cinnte go mbeidh tú ábalta iad sin nach bhfuil ullmhaithe a fhágáil i do dhiaidh.

Ní dhéanfaidh siad ach tú a mhoilliú agus ná déanaimis dearmad nach gá do na z-annaí stopadh faoi choinne sos ná bia.Maidir leis an ‘Zombie Survival Guide’ féin, ní aon amhras ach go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an HSE agus ag an gCoimisinéir Teanga. Cén fáth, mar shampla, nach bhfuil an leabhar seo ar fáil i nGaeilge?

Seo ceann de na leabhair is suntasaí dár foilsíodh riamh agus leabhar a bhfuil todhchaí an chine dhaonna ag brath air. Tá sé aistrithe go beagnach gach mórtheanga ar domhan agus díolta amach ar fud na cruinne, léiriú go bhfuil an pobal mór ag ullmhú don bhriseadh amach, rud atá dosheachanta i ndeireadh na dála.

Cén leithscéal atá ag Dinny McGinley faoi sin? Níl ábhar buairimh aigesean áfach. Tuigtear go bhfuil scáthlán frith-zombaithe ag rialtas na hÉireann i sléibhte Chill Mhantáin agus go bhfuil sé beartaithe acu ‘tosú ar ais’ ar na hoileáin amach as cósta an Iarthair. Nach dtuigeann sibh anois

ApAcAilipsis nAZombAithe

M i c h e á l M a c a n B h e a t h a

Tá an rialtas ullamh, ní mór duitse bheith réidh chomh maith

leaBhair

Page 31: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Leabhair

nós 31

cén fáth a raibh teach ag Charlie Haughey in Inis Mhic Uileáin sna Blascaodaí? Ach déan dearmad faoi sin – níl aon áit ansin duitse ná do theaghlach, goimbíní agus seoiníní amháin a bhéas i bhfolach thíos ansin. Cá rachaidh Sinn Féin? Tuigtear go bhfuil bunáit á hullmhú acu i mBéal Feirste le blianta, Muileann Mhic Chonmhaí in iarthar na cathrach, ach arís, ‘Iad Féin’ amháin a bhéas daingnithe istigh ann.

Tá sinn féin linn féin a chairde, tá sé suas dúinne amháin maireachtáil tríd an apacailipsis atá romhainn. Mar sin, ná déan dearmad, i ndeireadh na dála, nach ann ach dhá chineál duine ar an saol seo: iad siúd atá ullmhaithe d’oll-ionsaí na zombaithe agus iad siúd nach bhfuil. Cén cineál thusa?

Cad is féidir leat a dhéanamh?1

Is é an rud is fearr gurbh fhéidir leat a dhéanamh ná tú féin a choinneáil aclaí. Beidh tú ag rith cuid mhór má éiríonn leat theacht fríd an chéad bhriseadh amach agus thiocfadh dó go mbeidh leanbh ar do dhroim, mar aon le bia a iompar agat chomh maith. Ná cuir ar an mhéar fhada é – tosaigh ag traenáil inniu.

2Coinnigh do shúile is do chluasa oscailte – ní inseoidh rialtas ar bith an fhírinne duit, caithfidh tú féin bheith airdeallach. Amharc amach le haghaidh nuachta ar nós ‘círéibeacha’ gan chúis cosúil leis na cinn a bhí i Londain anuraidh. Ní iompar frithshóisialta a bhí ann mar a dúradh linn ar an teilifís ach briseadh amach zombaithe leis na fabhtaigh ag ionsaí gach rud arbh fhéidir leo. Bhí na tinte móra a ndearnadh úsáid astu chun na coirp a dhó le feiceáil fosta ach fiú ansin d’éirigh leis an rialtas an dallamhullóg a chur ar an chuid is mó againn.Ar a bharr sin déarfaidh siad go bhfuil ‘Zombie Film’ á scannánú. Sin a rinne siad anuraidh in Albain ag an am céanna a raibh na ‘círéibeacha’ ar siúl i Sasana ach ar ndóigh ní scannán a bhí i gceist ar chor ar bith.

3Ullmhaigh do theach. Bí cinnte é a dhaingniú chomh maith agus is féidir leat. Cinntigh go bhfuil go leor bia (sláintiúil!) stóráilte agat nó d’fhéadfá bheith ann ar feadh na mblianta. Agus ar ndóigh beidh foinse uisce de dhíth.

4An bhfuil caoi mhaith ar do charr? Seo rud tábhachtach, samhlaigh cad a tharlóidh má bhriseann do ghluaisteán síos le linn oll-ionsaí zombaithe. Tubaiste a bheadh ann.

5Airm. Seo an cheist is ciotaí mar ní féidir leat dlíthe do thíre féin a bhriseadh. Más féidir AK47 a cheannach, tá go maith,

ach is tearc iad na tíortha ina mbeadh a leithéid ar fáil. Déan dearmad faoi ‘samurai swords’ chomh maith, tá siad ró-leochaileach, ró-dheacair a úsáid agus beagnach dodhéanta a fháil. Is an rud is fearr duit a fháil ná lámhchrann piocóide.

Na leabhair traenála is fearr:The Zombie Survival GuideThe Wilderness Survival Guide: The Practical Skills You Need for the Great OutdoorsSurvival Retreat: A Total Plan for Retreat DefenseEddie McGee's Complete Book Of Survival

Ná scannáin traenála is fearr:28 Days Later / 28 Weeks LaterI am LegendDawn of the Dead

Na rudaí is tábhachtaí: Foinse uisceNa daoine cearta bheith leatNa hairm cheartaAn dearcadh ceart

Page 32: NÓS 27 - Meitheamh 2012
Page 33: NÓS 27 - Meitheamh 2012

Bí LInn ar an turas nua amach romhainn!

AslAnDuis mollis, est non commodo luctus, nisi erat

PAngur BánAenean eu leo quam

Euro 2012Treoir A go U

DIRTY 9SInteger posuere erat a ante venenatis dapibus posuere velit aliquet. Fusce dapibus, tellus ac.

ir is ghae ilge don nua-aois

e ag . 2 7 | me i the amh 2012

eolas faoi shíntiÚis nóS ar leathanach 41

Page 34: NÓS 27 - Meitheamh 2012

34 nós

a AmhráinB’éacsa ‘alcól’ a lua faoin chéad litir seo ach níor mheas muid gur mhaith an rud é tosnú le clísé

mar sin roghnaigh muid, eh, cúrsaí ceoil. Gach uair a mbíonn Éire i mórchomórtas sacair ní bhíonn aon easpa ceoltóirí – nó neamhcheoltóirí! – atá sásta tiúin a chumadh in onóir na hócáide agus tá réimse maith againn arís i mbliana, cé nach bhfuil aon cheann acu inár dteanga féin. Beidh sé i gcónaí deacair na clasaicigh ó thréimhse Jack a shárú ach tá Joxer agus a bhean Ghearmánach le feiceáil i gceann de na físeáin cheoil ar Youtube agus tá Damien Dempsey, The Dubliners, Danny O’Reilly agus eile le cluinstin san amhrán oifigiúil ‘The Rocky Road To Poland’ mar sin tá súil againn go mbeidh cúis mhaith ann éisteacht leo ar na haerthonnta sa mhí seo amach romhainn.

B BaghcatSeans nach fios do chuid mhór faoin cheann seo ach tá ceannairí áirithe polaitiúla ag maíomh

nach rachfadh siad chuig na cluichí de chuid Euro 2012 a bheas lonnaithe san Úcráin. An t-ábhar atá acu ná iar-Phríomh-Aire na tíre, Yulia Tymoshenko, atá i ngéibheann faoi láthair agus a thug faoi stailc ocrais le déanaí tar éis go bhfuair sí bualadh ó ghardaí príosúin. Tá baill ón Aontas Eorpach, chomh maith le hUachtarán Choimisiún na hEorpa José Manuel Barroso, ag rá gur gabhadh Tymoshenko de bharr cúiseanna polaitiúla agus gur chóir don iar-stát Sóivéadach í a scaoileadh saor láithreach. Tá an Príomh-Aire reatha Viktor Yanukovych ag séanadh na líomhaintí ar ndóigh – é a lua aige nár cheart spórt a pholaitiú – agus ní dócha ag an bpointe seo go mbeidh mórán tionchair ag bagairt an bhaghcait ar pholaitíocht na hÚcráine.

c An ChróitIs í an fhoireann sciliúil seo ó na Balcáin atá mar chéad iomaitheoir ag Éirinn in Euro

2012, iad ag tabhairt aghaidhe ar a chéile

ar 10 Meitheamh i bPoznan na Polainne. D’aimsigh foireann Slaven Bilic áit sa chraobhchomórtas nuair a chríochnaigh sa dara háit ar chúl na Gréige i ngrúpa cáilithe F agus tá siad ag uimhir 8 ar domhan dar le rangú FIFA. Bhuaigh siad a ngrúpa – ag cur na Gearmáine isteach sa dara háit – sa chomórtas in 2008 ach, ina ainneoin sin ar fad, tá taifead níos fearr ag Éirinn sna cluichí idir an dá thír. Beidh iarracht iomlán de dhíth ó na hÉireannaigh má tá muid chun toradh a ghnóthú ina n-eadán an babhta seo arís ach is cinnte nach mbeidh imreoirí na Cróite ag súil leis an gcoimhlint ach an oiread. Cuid mhór ag brath ar an gcéad chluiche seo.

D DunphyBíodh grá nó gráin agat air, beidh an tráchtaire sacair is conspóidí sa tír ar ais ar ár

scáileáin an samhradh seo agus é ag roinnt a chuid saineolais linn i rith an chomórtais. Ní bhíonn drogall ar Eamon a thuairim a chur in iúl in am ar bith, go

a go u...euro 2012

* Ceol

saol

Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sacair na hEorpa ar 8 Meitheamh agus den chéad uair le 24 bliain beidh deis ag daoine ó Dhoire go dtí an Daingean, ó Bhaile na hAbhann go Baile

Brigín, agus níos faide i gcéin, tacaíocht a thabhairt do gheansaithe glasa na Poblachta ag an bpríomhchomórtas idirnáisiúnta Eorpach. Cén chraic agus corraíl atá romhainn mar

sin? Cad iad na rudaí a thabharfaidh sainmhíniú ar an gcomórtas dúinn mar Éireannaigh? Tugann muid sracfhéachaint anseo ar chuid de na mórthéamaí...

Page 35: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* saol

nós 35

háirithe nuair a bhíonn a fhios aige go dtuillfidh sé aiseolas suntasach, agus mar is gnách beidh a leathbhádóir John Giles in éineacht leis chun cur leis an díospóireacht. Titeann an fhreagracht chun smacht a choinneáil orthu beirt ar an seanfhondúir é féin, Bill O’Herlihy, atá ag cur i láthair a 17ú mórchomórtas sacair… is é a 17ú ceann! Má thosaíonn Dunphy ar chaint níos dóchasaí seans go mbeadh níos mó againn ag iarraidh go mbainfeadh sé féin an líon céanna amach lá éigin.

E Éire Is é an fáth ar ndóigh a bhfuil an oiread sin suime sa chraobhchomórtas i mbliana

ná go bhfuil foireann s’againn féin san iomaíocht den chéad uair ó bhí 1988 ann, agus nach mór an difear a dhéanann sé! Tá muid tar éis theacht tríd chúig chomórtas Eorpacha nár chuir mórán splaince sa tír ach tá an scéal iomlán éagsúil an iarraidh seo leis an bpobal ar fad ag súil go mór le tacaíocht ghlórach

a thabhairt do Trap agus na leaids. Chuir siad gliondar ar ár gcroíthe nuair a cháiligh siad i mí na Samhna le bua cuimsitheach ar an Eastóin agus mothaíonn muidne anseo ag nós* go dtabharfaidh siad údar áthais nó dhó eile dúinn sna seachtainí beaga amach romhainn. Dalej Irlandia!

F FútbolTá na Spáinnigh, curaidh reatha na hEorpa agus an Domhain, sa ghrúpa céanna linn agus an saol

mór agus a mháthair ag dreim go mór le scileanna fútbol Villa, Iniesta, Xabi agus a gcairde a fheiceáil arís ar an ardán mór idirnáisiúnta. D’éirigh leo an chéad áit a bhaint amach sna babhtaí cáilithe gan aon stró – bhain siad gach cluiche dá gcuid go furasta – agus, mar a bheifeá ag súil, tá siad mar rogha na coitiantachta don chomórtas uilig. Níl aon amhras ann go bhfuil cumas ar leith ag ‘La Roja’ ach theip ar an dá fhathach ó La Liga, Barça agus Real Madrid, i Sraith na Seaimpíní i mbliana, rud a léiríonn nach mbíonn

foirne ó stát na Spáinne dochloíte i gcónaí.

G GiovanniMilan, Juventus, Inter, Bayern Munich, Benfica, An Iodáil féin... is iomaí foireann a raibh an

tUasal Trapattoni i gceannas orthu thar na blianta ach is í Éire an t-aon fhoireann a bhfuil an breithlá céanna ag a naomh agus atá ag an mbainisteoir glic Iodálach. Sea, rugadh Il Trap ar 17 Márta - cheap go leor daoine gur sórt comhartha a bhí sa méid sin féin - ach tá an ceangal atá aige leis an tír níos teo anois tar éis dó ár bhfoireann náisiúnta a stiúradh chuig na craobhchomórtais Eorpacha. Ar ndóigh bheadh an beart céanna déanta aige don Chorn Domhanda deiridh ach amháin gur chuir Francach éigin a lámh isteach sa scéal. Tá siad ann a deir go mbíonn beartaíocht Trapattoni ró-chosanta ach ghlac sé chomh fada seo muid agus ní mór bheith sásta leis sin. An dtabharfar saoránacht oinigh na hÉireann dó? Beidh le feiceáil.

Page 36: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* saol

36 nós

h Henri DelaunayCé? Is é, sin an cheist a chuir muidne chomh maith go dtí go bhfuair muid amach gur in onóir

an fhir seo as an Fhrainc a ainmnítear an corn a bhronntar ar bhuaiteoirí Chraobhchomórtas na hEorpa.

B’fhear é a chaith a shaol uilig le cúrsaí sacair, é ina bhall boird de chuid FIFA agus ina Ardrúnaí ar UEFA. Ba é Delaunay a chéadmhol Craobhchomórtas Eorpach Sacair a bhunadh chomh fada siar leis an bhliain 1927 agus fíoraíodh an fhís a bhí aige i 1960 nuair a imríodh an chéad chomórtas ina thír dhúchais.

Ach taobh amuigh den obair sin ar fad, ar na scéalta is iontaí faoi tá an fhíric gur éirigh sé as bheith i réiteoir nuair a shlog sé an fhéadóg iomlán tar éis don liathróid é a bhualadh san aghaidh... abha!

I An IodáilIs beag duine nach bhfuil dúil acu i saol agus i gcultúr na hIodáile, a bhfoireann agus a stair sacair

san áireamh, ach cuirfear an bhá sin ar leataobh ar 18 Meitheamh nuair a théann na buachaillí i nglas chun páirce leis na buachaillí i ngorm sa chluiche deireanach i nGrúpa C. Dúinne atá ar an saol seo fada go leor, ní dhéanfaidh muid dearmad a choíche ar an dóigh ar chuir Totò Schillaci deireadh le Italia ’90 na hÉireann sa Róimh 22 bliain ó shin ach bhain muid díoltas amach orthu i SAM ceithre bliana ina dhiaidh sin. D’éirigh go maith le foirne na hÉireann i gcoinne na n-Iodálach ó shin i leith agus beidh dóchas ag Trap go mbeidh a imreoirí in ann an lámh in uachtar a fháil ar a thír dhúchais.

L LiricíNó ganntanas liricí ba chóir dúinn a rá. Is ag tagairt d’amhrán oifigiúil an chomórtais ‘Endless

Summer’ leis an amhránaí Gearmánach Oceana atá muid leis an gceann seo. Dhá bhliain ó shin las Shakira agus K’nann Corn an Domhain san Afraic Theas le cúpla amhrán beoga a raibh brí leo ach ar an drochuair ní féidir bheith chomh

tógtha céanna le téamthiúin Euro 2012. Déanann Oceana athrá ar thart ar 30 focal san iomlán agus, cé go gcuirfidh sé fonn damhsa ar dhuine nó beirt, níl cliú dá laghad againn cén fáth a bhfuil sí ar oileán gainmheach Cairibeach san fhíseán ceoil… b’fhéidir go bhfuil iontas i ndán dúinn uilig roimh dheireadh an chomórtais.

m McCleanCuireadh áthas ar go leor nuair a fógraíodh go raibh an cliathánaí óg as Doire,

James McClean, sa phainéal náisiúnta don samhradh seo. Níor imir sé in aon chluiche san fheachtas cáilithe do Euro 2012 ach chuaigh McClean go mór i bhfeidhm ar dhaoine i Sasana agus sa bhaile le linn dó bheith ag imirt do Sunderland le séasúr anuas. Bhí brú áirithe ar Trapattoni é a chur san áireamh don Chraobhchomórtas dá bharr agus rinne sé amhlaidh ag tús mhí na Bealtaine. Má chuir an cinneadh gliondar ar thacadóirí na Poblachta, go háirithe ar na céadta míle tacadóir ar

Page 37: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* saol

nós 37

na taobh ó thuaidh na teorainn, ní raibh an éifeacht chéanna aige ar dhílseoirí tuaisceartacha a mhaslaigh é tríd an ngréasán sóisialta Twitter. Is léir ó fhreagra McClean áfach nach gcuireann mórán isteach air, ar nó as an bpáirc imeartha.

n NéarógaBeidh go leor mothúchán á n-aireachtáil againn ar fad le linn an chomórtais, ó iontas,

áthas agus díoma go fearg, brón agus faoiseamh. Is é an mothúchán is mó a bhíonn le brath le linn na gcraobhacha móra – go háirithe agus na cluichí breá cóngarach mar is dual do chuid mhór acu ag an leibhéal seo – ná imní. Tá sé ina ghné lárnach d’aon spórt bheith neirbhíseach ach nuair is féidir leis na himreoirí díriú ar an dúshlán amach rompu is minic a bhíonn an lucht leanúna neirbhíseach go dtí an deireadh. Mar sin bíodh do rogha leigheas ar na néaróga agat i gcónaí, bíodh sé pionta, toitín, cupán tae, gréim láimhe ar dhuine in aice leat nó do lámha féin thar do shúile.

o OlimpiyskySeo an áit ar mhaith le gach foireann bheith ar lá deireanach an chomórtais, 1 Iúil. Imreofar

an cluiche ceannais sa staid Oilimpeach seo i gCív, páirc a osclaíodh ar dtús sa bhliain 1923. ‘Staidiam Dearg Trotsky’ an t-ainm a bhí air an t-am sin ach tá saol na hÚcráine athraithe go mór ó shin agus baisteadh an teideal reatha air in 1996. Beidh 70,050 duine istigh ann ag breathnú ar bhuaicphointe na craoibhe i mbliana ach tá sé píosa beag ró-luath go fóill le tuar cé a bheas ann.

p An PholainnTá taithí mhaith ag na mílte Polannach ar ár dtír féin ach ní féidir an rud céanna a rá faoin

taithí atá ag na Gaeil ar an Pholainn. Tá naisc cruthaithe idir an dá thír le tamall de bhlianta anuas agus táthar ag meas go gcuirfear fáilte mhór roimh imreoirí agus tacadóirí na hÉireann araon agus iad ag tabhairt cuairte ar Poznan agus

Gdansk do chluichí na ngrúpaí. Tír bhródúil í le stair ársa agus tírdhreach ilchineálach, tá go leor ar tairiscint ag an Pholainn d’aon chuairteoir atá ag iarraidh sos beag a thógáil ó fhéasta an tsacair. Tá tromlach na mbailte agus na gcathracha lán le foirgnimh ghalánta mheánaoiseacha agus tá tránna breátha ar an gcósta, rud atá áisiúil go leor dóibh siúd a bheas ag taisteal ó thuaidh don choimhlint leis an Spáinn. Agus ar luaigh muid an ‘piwo’ (leann) den scoth fós?

r Robbie KeaneMá tá laoch reatha ag lucht sacair na tíre is é an tUasal Ó Catháin an fear sin. Ag imirt faoi

láthair do LA Galaxy sna Stáit, tá a chroí istigh ina thír dhúchais i gcónaí agus níl aon imreoir níos fearr chun ról an chaptaein a ghlacadh sa mhórchomórtas Eorpach. Thug sé a sheacht ndícheall i ngach cluiche a d’imir sé d’Éirinn riamh agus táthar ag súil lena thuilleadh den phaisean céanna sin a fheiceáil sa Pholainn. Agus an geansaí glas á chaitheamh aige bíonn sé i gcónaí in ann píosa draíochta a dhéanamh agus beidh dóchas mór aige féin go gcuirfidh sé lena churiarracht náisiúnta de 53 cúl thar an samhradh. Ar aghaidh leat Keano!

S SasanaTá foireann amháin a spreagann go leor mothúchán teasaí i measc lucht tacaíochta na hÉireann

agus is í sin ár n-iar-mháistrí trasna na farraige. Coimhlint chairdiúil í sa lá atá inniu ann ach ní ionann sin is a rá ar ndóigh nach bhfaighfidh na foirne eile i nGrúpa D go leor gártha molta ina gcluichí i gcoinne na Sasanach. Ag deireadh an lae is rud nádúrtha é go mbeadh pobal a ndearnadh coilíniú air ag iarraidh díoltas spórtúil a bhaint amach ar na coilínigh ó am go chéile, is cuma cad a deir athscríbhneoirí na staire. Tá féidearthacht ann fosta go mbuailfeadh

Éire le Sasana sa bhabhta ceathrú ceannais... cad é a tharla i gCraobh na hEorpa ’88 arís? ;-)

T Ticéid Thosaigh an rás le haghaidh ticéidí do Euro 2012 a luaithe is a bhuaigh Éire 4-0 in éadan na

hEastóine, nó roimhe sin fiú, agus tá sé ag dul ar aghaidh go fóill. Fuair UEFA 12 milliún iarratas san iomlán do thicéidí i mbliana, ardú 17% ar an gcomórtas deiridh, agus tá go leor Éireannach atá ag iarraidh seilbh a fháil ar chuid acu sin. Is é an réimse costais do na ticéidí ná e30 le haghaidh suíocháin ar chúl na gcúl ag cluiche grúpa go dtí e600 faoi choinne an ardáin mhóir ag an gcluiche ceannais, cé go bhféadfadh siad dul le haghaidh níos mó ná sin ar an margadh dubh. Tá sé de nós ag lucht leanúna na Poblachta taisteal ina sluaite chuig na mórchomórtais sacair – sciar mór acu gan aon ticéad – mar sin má tá an t-ádh ort ticéad bheith agat coinnigh breá sábháilte é idir seo agus an cluiche!

u An ÚcráinMás gann go leor eolas na nÉireannach ar an Pholainn, is lú arís an méid atá ar eolas

ag an mórchuid againn faoi óstach eile an chomórtais. Mar pháirt den Aontas Sóivéadach go dtí 1991, bhí deacrachtaí eacnamaíochta agus polaitíochta go leor ag an Úcráin ó bhain siad neamhspleáchas amach agus tá ceannairí ag amharc ar Euro 2012 mar dheis chun íomhá dhearfach a chruthú don tír. Is mian leo ballraíocht an Aontais Eorpaigh a fháil amach anseo agus beidh daoine áirithe san Eoraip ag coinneáil súil níos géire ar cad a tharlaíonn taobh amuigh den pháirc san Úcráin ná ar conas a éiríonn lena cuid imreoirí. Ach ag caint ar a bhfoireann, tá siad ag uimhir 15 san Eoraip dar le UEFA, díreach áit amháin taobh thiar dínn féin.

TrEoIr a Go ucén fáth a go u, a deir tú, seachas a go Z? Bhuel tá muid ag úsáid aibítir na gaeilge ar ndóigh, nach bhfuil aon Z istigh ann, ná na litreacha craiceáilte eile sin ar nós J, K, Q, V, w, y! tá a fhios agat anois!

Page 38: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* saol

38 nós

DorDÁn Sna DuGaíBréathnaíonn Niamh Ní Shúilleabháin ar an bhforbairt

ar leith atá ag tarlú i gceantar amháin i ndeisceart na

príomhchathrach

ó smionagar na ré órga tá glúin óg d’fhiontraithe ag teacht chun cinn i gceantar athfhorbartha i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil borradh suntasach faoin

gheilleagar áitiúil. Is ait le mórán daoine áfach gur cuireadh tús leis an réabhlóid faoi scáth an fhoirgnimh Nama ar Shráid na Canálach Móire.

“D’oscail an chuid is mó de na caiféanna, bialanna agus pubanna sa cheantar seo ó thit an tóin as an eacnamaíocht i mí Dheireadh Fómhair 2008,” a deir Ross Staunton, úinéir Foodgame, café beag atá i mbéal phobal na hArdchathrach le déanaí.

Page 39: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* saol

nós 39

Tugann na gníomhairí eastáit atá fós ag treabhadh leo sa mhargadh ‘Silicon Dock’ ar an gceantar atá in aice leis an Rinn, Dumhach Thrá agus Droichead na Dothra i mBaile Átha Cliath 4. Is é an t-aon áit sa chathair ina bhfuil éileamh ar árasáin agus ina bhfuil praghas na gcíosanna ag méadú an t-am go léir, agus cé nach rud dearfach é sin don ghnáthdhuine ar an tsráid tá na gníomhairí ar bís.

Cuireadh tús leis an bhforbairt nuair a lonnaigh fathach an idirlín a cheanncheathrú Eorpach ar Shráid na Bearú gar do Dhuga na Canálach Móire in 2003. Ach níorbh ann go dtí gur cheannaigh Google na foirgnimh ar an tsráid chéanna dhá bhliain ó shin gur tuigeadh luach an cheantair agus na deiseanna atá ann d’fhiontraithe dar le Staunton.

Ag stánadh anuas ar an saol cúig urlár déag faoina scáth agus ar na tithe beaga dhá úrlár atá mórthimpeall air, tá foirgneamh Montevetro ar cheann de na foirgnimh is mó luach a díoladh in Éirinn le blianta anuas. D’íoc Google €99 milliún air in 2011 agus tá suas le 2,000 duine fostaithe ag an gcomhlacht sa cheantar máguaird.

Ag féachaint duit ar na fuinneoga san fhoirgneamh ard tá líon mór bratach mar a chífeá sa seomra glas ag an gcomórtas Eorafíse. Ag siúl timpeall bíonn teangacha éagsúla na hEorpa le cloisteáil ar gach cúinne agus daoine óga sofaisticiúla i mbun cainte lena chéile.

I bhfochair Google sa cheantar tá na líonraí sóisialta idirnáisiúnta, Facebook agus LinkedIn, comhlachtaí cluichíochta cosúil le Zynga chomh maith le comhlachtaí néalríomhaireachta. Sméar mullaigh na gceannródaithe idirnáisiúnta is ea iad agus tá siad chun tosaigh ar fad sa saol digiteach.

Tá an daonra ag méadú sa cheantar agus i gcomparáid leis an gcuid eile don tír tá go leor eachtrannach ag lonnú ann. Tuairiscíodh sa daonáireamh in 2011 go raibh méadú 53% ar líon na ndaoine a bhí ag cur fúthu i gceantar na ndugaí theas i mBaile Átha Cliath, ardú ó 17,414 in 1996 go 26,703 in 2011. Cuirfear leis amach anseo agus tá Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath ag tuar go mbeidh breis agus 10,000 duine eile fostaithe sa cheantar roimh 2015.

Ar an gcéad shráid eile, coiscéim ó bhloc arásán The Gasworks a d’fhág an forbróir talún Liam Carroll ar an trá fholamh agus i bhfiacha móra, bunaíodh an caifé agus delicatessen Foodgame in 2010. Caifé beag is ea é ach tá sé ag luascadh i láthair na huaire. Taobh istigh tá ceol comhaimseartha leictreonach le cloisteáil, tá dath fíochmhar ar gach balla agus tá ealaíon ó na 1970í measctha le páipéar balla Willow Pattern.

“Sea tá an caifé éagsúil go maith. Ach is liomsa é agus léiríonn sé mo phearsanacht. Ní raibh sé beartaithe agam ach ní thaitníonn an stíl a bhíonn le feiceáil i gcaiféanna eile liom. Ní raibh eagla orm riamh seasamh amach ón slua agus measaim go bhfuil na bialanna eile sa cheantar mar an gcéanna,” a deir Ross Staunton go húdarásach.

Cuireadh oiliúint ar Ross i scoil chócaireachta Bhaile Uí Mhaolmhuaidh (Ballymaloe, i gContae Chorcaí) agus bhunaigh

sé an caifé agus delicatessen tar éis dó filleadh ón Astráil dhá bhliain ó shin. Tá cáil as cuimse ar na bialanna go léir i láthair na huaire. Trasna an bhóthair ar Ascaill na bhFolcadán tá Juniors ann ó bhí 2008 ann chomh maith leis an tigh tábhairne gastranómach The Chophouse. Bíonn na sluaite ag lorg boird iontu ag an deireadh seachtaine ach go háirithe tráth a mbíonn cluiche ar siúl i staid Aviva.

Tá siad ann a déarfadh gur feiniméan scothaicme é seo ach dar le Ross gur comhphobal ceart atá i gceist agus go mbíonn na comhlachtaí go léir ag brath ar a chéile. Tuigeann na bialanna go bhfuil luach ar airgead á lorg ag daoine anois. “Níl siad ann ar mhaithe le brabús mór a dhéanamh mar a bhíodh le linn na mblianta rathúla,” a deir sé. Tá an bhéim ar tháirgí áitiúla orgánacha i Foodgame agus tá an téama céanna le feiceáil ar bhiachláir na mbialanna go léir mórthimpeall.

“Is fearr linn táirgí a fháil ó fheirmeoirí beaga, mar shampla bíonn liamhás ó Luimneach againn, chorizo ó Chontae Chorcaí agus cáis ghabhair ó Chontae an Chláir. Bíonn táirgí

Page 40: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* saol

40 nós

úra againn gach lá mar sin bíonn an biachlár teoranta go maith. Glac leis nó imigh leat!” a deir Ross. “Ach is fearr go mbeadh sé níos lú mar tá an bia ar ardchaighdeán, tá scéal níos deise ann don chustaiméir agus táimid ag tacú le gnólachtaí beaga áitiúla ag an am céanna”.

Siar Ascaill na bFolcadán d’oscail tigh tábhairne nua The Bath agus caifé nua Farmer Browns le sé mhí anuas. Tá beirt dheirfiúir óga ó chathair Luimnigh, Finnuala agus Grace Caffrey, i mbun an chaifé agus tá ag éirí go hiontach leis dar le Finnuala. Tá Farmer Browns beag chomh maith ach arís tá pearsantacht láidir le sonrú ann. Tá na gréithe éagsúil óna chéile agus tá cuma reitreo ar an áit.

“Caifé suaithinseach is ea é agus an dealramh air gur chuireamar síneadh le cistin mo mháthar,” a deir Finnuala.

Mar is ionann le Foodgame tá biachlár teoranta i Farmer Browns ach tá na táirgí is fearr ar fáil ann ar phraghas réasúnach. Bíonn an caifé ar oscailt gach lá go dtí a sé ach bíonn dinnéar ar fáil níos déanaí dhá oíche sa tseachtain. Táthar ag súil an tseirbhís seo a leathnú thar cheithre oíche sa tseachtain gan mhoill.

Bíonn cístí breátha ar fáil le n-ithe i rith an lae agus bíonn cuma reitreo go maith ar na donnóga seacláide, cístí líomóide agus cístí cáise agus iad leagtha amach ar na seastáin seanfhaiseanta le tionlacan ceoil ó James Brown agus The Drifters.

“Tá daoine ag taisteal d’aon turas trasna na cathrach chun cuairt a thabhairt orainn agus ar na bialanna nuabhunaithe eile” a deir Finnuala.

Tá sí dóchasach go maith faoina bhfuil i ndán don bhialann amach anseo. “Tá sé deacair gan amhras ach tá tuiscint againn ar na custaiméirí agus tá táirge den scoth á chur ar fáil againn. Beidh go leor deiseanna sa cheantar seo amach anseo táim cinnte”.

Foodgamecaifé/ deli10 Bóthar na lotaí theasBaile átha cliath 4áirithintí: +353 1 281 5002Tá an biachlár teoranta go maith ach déantar gach rud ar an láthair gach lá. Ní bheidh lón arú inné á n-ithe agat arís.

Farmer Brown’s Eatery and marketcaifé / Bialannascaill na bhfolcadánBaile átha cliath 4áirithintí: +353 852326335Cistin bheag ina bhfuil an bhéim ar tháirgí úra ó mhargaí feirmeoirí. Biachlár úr gach lá agus bíonn an-tóir

ar The Starvin Marvin Breakfast agus rogha lae an phríomhchócaire dar teideal ‘Farmer Wants a Wife’ ag an deireadh seachtaine.

Junior’scaifé / Bialann2 ascaill na bhfolcadánBaile átha cliath 4áirithintí: +353 1 664 3648Bialann bheag bhídeach atá ar thús cadhnaíochta. Ardmholadh faighte ó chriticeoirí agus ón phobal mar aon. Tá pizzeria eile leo ‘Paulies’ ar bharr na sráide.

Slattery’s teach tábhairne

62 sráid na canálach móireBaile átha cliath 4Teach tábhairne traidisiúnta suite ar an gcúinne idir Ascaill na bhFolcadán agus Sráid na Lotaí Theas. Bíonn an áit seo plódaithe tar éis na hoibre le daoine ó Google, Facebook agus ó chomhlachtaí idirnáisiúnta eile.

The Bathteach tábhairne26 ascaill na bhfolcadánBaile átha cliath 4Pub nua faoi stiúir Brian O’Malley a bhíodh ag bainistiú an chlub oíche ‘Krystle’. Bí ag súil le lucht tacaíochta rugbaí chúige Laighean - tá a dheartháir Eoin ar an bhfoireann.

Page 41: NÓS 27 - Meitheamh 2012

glAc síntiús linnPut nÓs in your hAnDs

roghnAigh síntiús:Éire €50 / £40sasana, alba, cymru £50an eoraip €80cuid eile den domhan €90

+ fAigh gach eagrán sa phost gach mí.+ sáBháil 17% ar phraghas clúdaigh na hirise.+ Bí ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta nÓs.

+ íoc anois ar líne le cárta creidmheasa trí PAyPAl ag www.nosmag.comnó le seic/ordú poist leis an bhfoirm seo thíos.

ainm / name:

Seoladh / Address:

rphost / email:

Fón / Phone:

nÓscultúrlann mcadam ó fiaich216 Bóthar na bhfálBéal feirsteBt12 6ah

Page 42: NÓS 27 - Meitheamh 2012

*

* TaisTeal

42 nós

Má tá saoire bheag éagsúil ag teastáil uait an samhradh seo ach níl an fonn ort dul ró-fhada ó Éirinn, is fiú go mór smaoineamh ar thírín álainn i lár na hEorpa. Is í an t-aon ard-diúcacht ar domhan, lán le hoidhreacht agus le háilleacht agus ina bhfuil teangacha as gach cearn á labhairt inti, teanga dhúchasach nach bhfuil mórán eolais fúithi taobh amuigh den tír san áireamh. Seo é Lucsamburg dar ndóigh, áit fhíorbheag ach áit a gcoinneoidh gnóthach thú mar sin féin.

Tá Lucsamburg lonnaithe idir an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Bheilg agus tá rian de gach comharsan le brath ann, go háirithe tionchar an dá thír is mó lena ais. Tá sé beagáinín níos mó ná contae Loch Garman, sin 2,586 km2 mór (nó beag más fearr leat), a fhágann go bhfuil sé ar an 179ú tír is mó ar domhan. Toisc go bhfuil sé chomh beag sin, ní gá a lán ama a chaitheamh ann chun an tír a fheiceáil.

Príomhchathair ghleoiteIs áit álainn í an chathair féin atá suite go drámatúil ar chlais mhór atá 70 méadar ar doimhne. Tógadh dún go hard os cionn na claise sa bhliain 963 aguus tá taise an dúin sin le feiceáil go fóill. Tá droichid arda trasna na claise anois agus is féidir siúl go héasca trasna na cathrach. Tá dhá cheantar sa chathair – le Ville Haut (an baile uachtarach) agus an Grund (an ceantar íochtarach).

Tá sráideanna Ville Haut caol agus oiriúnach do shiúlóirí. Tá a lán bialanna, siopaí éadaí agus margaí ann. Tá níos mó bialanna le réalta Michelin in aghaidh an duine i Lucsamburg ná in aon chathair eile ar dhroim na cruinne. Fair amach do na caiféanna den chéad scoth i lár na cathrach

ina bhfuil cístí, sócamas, seacláidí agus borróga le feiceáil sna fuinneoga. Cuirfidh sé uisce le d’fhiacla bheith ag féachaint orthu. Bíonn na foirne sna caiféanna mórálach as a dtaispeántas taibhseach de chístí caithiseacha.

B’fhéidir agus tú ag siúl tríd na sráideanna, nach n-aithneofá go raibh tú lasmuigh den áras ríoga, áras an Ard-Diúic. Is pálás beag é ar thaobh amháin de shráid gar don phríomhchearnóg agus is é foirgneamh oifigiúil cheann an stáit, Diúic Henri, é. Bíonn beirt shaighdiúir ar faire lasmuigh den phálás agus de ghnáth bíonn go leor turasóirí ag glacadh grianghraf.

I measc na bhfoirgneamh agus na n-iontas eile arbh bhfiú breathnú orthu sa Ville Haut tá an ard-eaglais agus iarsmalann na tíre, Musée National d’Histoire et d’Art. Is fiú foirgneamh na hiarsmalainne a fheiceáil mar go bhfuil sé tógtha ar thaobh na haille. Tá cuma uaimheanna ar na hurláir is íochtaraí agus nuair a thaistealaítear san ardaitheoir gloine, is féidir breathnú ar na hurláir ar thaobh amháin agus amach ar an gclais mhór ar an taobh eile.

Agus cuairt á tabhairt agat ar an Ville Haut, siúl go dtí an Gëlle Fra. Is éard is brí le Gëlle Fra ná An Bhean Órga sa teanga dhúchasach, Lucsambuirgis. Is dealbh de bhean órga le fleasc labhrais ina lámha aici ar mhullach colúin, í in ómós do na fir a throid ar son saoirse Lucsamburg sa Chéad Chogadh Domhanda.

Is áit mhaith í an Gëlle Fra chun dul síos go dtí an Grund (an ceantar íochtarach). Tá céimeanna le hais an ardáin ar a bhfuil an dealbh féin agus tá garraithe, crainn, sruthanna agus cosáin sa cheantar. Tá sé go deas dul a’shiúl i measc na gcrann agus do scíth a ligean sna garraithe. Tá foirgnimh áille i nGrund ach is é an áit is fearr le spraoi a bheith agat istoíche.

DúIchEan DIúIc

Thug seanán Ó coistín cuairt ar thír bheag i gcroílár na

hEorpa ar na mallaibh, agus seo a cheap sé fúithi

* Ceol

taisteal

Page 43: NÓS 27 - Meitheamh 2012

*

* TaisTeal

nós 43

Ardchaighdeán agus ardchostasTugtar faoi deara go han-luath agus tú ag siúl shean-sráideanna áille Lucsamburg gur chathair iontach slachtmhar í. Ní fheictear bruscar de ghnáth. Tá foirgnimh le hailtireacht den scoth maille le garraí agus páirceanna taitneamhacha inti, agus bíonn an aimsir go breá don chuid is mó den bhliain.

Is é an míbhuntáiste is mó d’aon duine ag tabhairt cuairte uirthi as Éirinn, nó as tír ar bith eile a bhfuil a geilleagar ag streachailt faoi láthair, ná gur chathair dhaor í. Tá gnó na baincéireachta ag croí eacnamaíocht Lucsamburg agus tá sé sin le mothú ann. Tá an Banc Eorpach Infheistíochta lonnaithe ansin agus, cé gur minic amhras á chaitheamh ag tíortha eile faoi rúndacht earnáil an airgeadais sa tír, tá an geilleagar ag fás i gcónaí. Fágann an gnó seo ar fad go bhfuil an dara hOlltáirgeacht Intíre (GDP) is airde ar domhan ag an stát beag seo, mar sin bí réidh le luachanna arda a íoc do bhéilí, lóistín, éadaí agus iompar.

Má bhíonn fonn ort éalú ón chathair álainn chostasach seo áfach, tá sé breá éasca dul amach chuig bailte deasa eile ar nós Lachorette agus Vianden. Maítear go bhfuil siad cosúil leis an Eilbhéis agus tá caisleán i lár Lachorette arbh bhfiú cuairt a thabhairt air. Tá an tírdhreach féin galánta glan agus tá a leasainm ‘Croí Glas na hEorpa’ tuillte go maith aige.

Tír le teangaIs tír shuimiúil é Lucsamburg ó thaobh teangacha de chomh maith. Tá a dteanga dhúchais féin, Lucsambuirgis, acu a labhraíonn cách agus a bhfuil thart 320,000 cainteoir san iomlán aici. Is teanga Ghearmánach í le neart focal a d’eascair

ón bhFraincis. Foilsítear na nuachtáin i nGearmáinis ach déantar gnó an rialtais i bhFraincis. Feictear agus cloistear Fraincis agus Gearmáinis ar fud na tíre agus is pobal ilteangach amach is amach iad le líofacht acu sa trí theanga. De bharr go bhfuil sí suite i lár na hEorpa le hais trí thír atá níos mó ná í, agus de bharr go bhfuil a lán daoine ó thíortha eile ag cur fúthu ann, cloistear neart teangacha eile á labhairt sa tírín seo. Bíonn deis agat Fraincis nó Gearmáinis a chleachtadh má théitear ar cuairt air.

Faraor más mian leat teangacha agus atmaisféar seo lár na hEorpa a bhlaiseadh beidh ort dul go tír eile ar dtús mar nach bhfuil aon eitilt dhíreach idir Éirinn agus Lucsamburg. An bealach is fusa chun taisteal ann ná eitilt le Ryanair ó Bhaile Átha Cliath go Charleroi sa Bheilg nó chuig aerfort Frankfurt Hahn sa Ghearmáin agus ina dhiaidh sin taisteal ar bhus go Lucsamburg. Níl ceachtar acu níos mó ná dhá uair a chloig ó Lucsamburg.

lucsambuirgis? sea, lucsambuirgis.

Moien – Hóra / Dia duitAddi / A voir – Slán

Merci – Go raibh maith agatEntschellegt – Gabh mo leithscéal

Wannechglift – Le do thoilPardon – Tá brón orm

Page 44: NÓS 27 - Meitheamh 2012

44 nós

* TaisTeal

* Ceol

gníomhaíochas

Seòmar-cadail na caile crìne, ciaradh feasgairAthair: tha an corra-ghrithinn a’ seasachd air grinneal

a’ chladaich, a chasan caol anns a’ mhuir agus bithidh e a’ coiseachd gu h-aotrom a’ sìreadh iasgan bheaga ri itheadh. Tha e uamharraidh uasal na choltas, le gob fada bàn ‘s còta mar dhath nan neul.

Caile chrìon: còta airson a chumail blàth?Athair: ‘s e. Bhon a bhitheas e fuar corra h-uair aig beul

na h-oidhch’ air a’ chladach.Caile chrìon: a’ bheil beul aig an oidhche?

Athair: tha. Agus aig a’ mhadainn.Caile chrìon: tha beul aig a’ ghrèin agus thig solast na

maidne às.Athair: tha sin ceart. Thig an dorchadas a-mach às beul

na h-oidhche ‘s thèid an solast a-staigh. Cha chluinn thu ach guth a’ ghille-Bhrìde ‘s e a’ snàmh gu socair tron adhar ach slat os ceann na mara rèidhe.

Caile chrìon: ‘s e sin an t-eun as fheàrr leat, an gille-Brìde.

Athair: ‘s e. An gille-Brìde agus an corra-ghrithinn.

GaIScE Ár LInnETugann Àdhamh Ó Broin léargas dúinn ar na dúshláin atá roimh Ghaeil na hAlban sa lá atá inniu ann, agus ar an dílseacht

atá ag teastáil chun iad a shárú. Tá gaisce de dhíth...

Page 45: NÓS 27 - Meitheamh 2012

**

gníomhaíochas

nós 45

Agus ‘s math leam gu mòr an guilbearnach.Caile chrìon: Gu dè a th’ ann an guilbearnach?Athair: ‘s e guilbearnach eun eile, tha breac agus aig a’

bheil gob cam. Tha ‘d a’ fanachd làmh ris a’ chladach cuideachd agus bithidh ead ag itheadh bheòthaichean a gheobh ead anns a’ ghainmheach agus anns an tanalach.

Caile chrìon: math!

Tha mi ‘nis le càirdean, air mo chuairteachadh le daoine nach tuig facal agam co-dhiù, gun aobhar fuaimreag atharrachadh air an son. Tha an seòmar beag ‘s an sluagh mòr, tha ‘n adhar fliuch ‘s na cluasan bodhar.

“Well, bidh cànain, you know, ag atharrachadh fad na h-ùine really, chan urrainn dhut stad a chur air sin,” tha mi air sin a chluinntinn uair no dhà.

“Ach an dà-rìreadh” a’ glaodhaich os àird thar ceòl na fidhle, “bheil sinn ‘g iarraidh gun tig na h-uile mùthadh a thèid oirre à Beurla a-mhàin? An e atharrachadh tha sin, no an e nach eil sinn air tuigsinn gu bheil roghainn againn? Carson, gu dearbh, a tha sinn cho toileach ri rèiteachadh?”

“Cause tha Beurla everywhere a-nis, feumaidh Gàidhlig atharrachadh, d’ you know what I mean, no bàsachaidh i!” coltas gearanach oirre a-nis.

“Carson a their thu sin? Nach abair sinn uile daonnant ris ar clann: na atharraich thusa gas annad fhèin airson daoine eile, tha thu gasda dìreach mar a tha thu?” sùilean a’ caolachadh.

“Actually, chanainn sinn gun teagamh, nam biodh clann agam, ach tha e diofaraichte le cànain. Gaelic will just be left behind!” le sguab a làmh.

“Ach cà’ bheil sinn ag iarraidh dol? Feumaidh tu gabhail ri cuid mhath de na h-atharrachaidhean a thig air an t-saoghal - cha b’fheàirrte tu a bhith rag air fad - ach an atharraicheadh tu an dòigh a th’ ort ‘s an nàdur a th’ annad airson ‘s gum maireadh tu beò? Cò thusa ceann sin?”

Pìnntean MhicAonghais, feall-dha agus deasbad air ais ‘s air aghaidh. ‘S e an t-eadar-dhealachadh nach eil feum agam ‘s nach bith ria’ air cead cainnt làn a bhruidhinn. Shin an deithir eadarainn. Bithidh a’ Ghàidhlig mo chridhe ‘s mo ghaol seasgair annam, air a dìan gu daingean, gu stailceil ‘s mi stallachdach nam dhòigh gu bràth.

Tha mi an achadh a-nis, ceòbanach a’ sìleadh gu gràdhach orm, geumnaich mairt ‘s gearan cnàimhich nam chluas ‘s mi cho taingeil air an dùthaich ge rag reòite fuar mo làmhan. Spruilleachd-sneachd air muin na h-uile crao’ ‘s cnoc. Alba deis beò dìreach làmh rium an cumadh sean-duine chneasda.

“Tha ‘d ag ràidht gu bheil cuid de na Feinn air an tiodhlacadh an t-sin, fa’ bheil na craobhan a’ cinntinn shuas taobh thall an taighe. Tha na beòthaichean gu math toigheach

Gluais Ghaelach

Gille-Brìde – Roilleach (Oystercatcher)Corra-ghrithinn – Corr réisc (Heron)

Guilbearnach – Crotach (Curlew)Mùthadh – Athrú

Carson? – Cén fáth?Coltas – Cuma Daonnant – I gcónaí

Gasda – Iontach, breá Nam biodh – Dá mbeadhFeumaidh tu – Caithfidh tú

Rag – Dolúbtha, righinTaigh-dhealbh – Pictiúrlann

Bruadar – BrionglóidCuideigin – Duine éigin

Co-dhiù – Cá bith, ar aon nós

air dol a-nunn don t-sin,” craiceann mar seiche-muic, corragan mar fhreumhan-dàraich, guth mar bun-steall na Gàidhlig fhèi’. Bu durachdach a dh’ èistinn ‘s bu bheag orm buaireadh, bu ghaillean no Gall e.

Bha uair beò air ar dùthaichNan Gàidheal, mic nan sàr-laoichAn t-sliochd, bhitheadh sinn ‘glaodhaichRon bhlàrRon bhlàr sinn ‘s ro nàmhaid,Gun ghealtair’ ‘s gun aimhreit,Le clann sinn ‘s le càraid,Bha sinn teannBha sinn teann ‘s bha sinn teòm’Air ar n-inntinn nach bu tromOidhcheanan fliuch ‘s a’ gheamradh lom‘Leigeil fuilLeigeil fùil mhath, bhlàth a’ mhairt,Ciaradh feasgair fhuar ‘s a’ ghart,‘S mòr am beud do chall na sgàirteBha uair beò

Dilse ‘s gaisge. Chì thu aig an taigh-dhealbh ead. Cluinnidh tu mun cuairt orra mar rudan sean-nòsach aig nach eil ciall sam bith an-diugh no a-màireach. Buinidh ead do laithean a dh’ aom agus ma bhruidhneas tu mun cuairt orra mar rudan air a’ bheil fiach, tha thu nad sheanair, no cuideigin a tha beò gu laitheil ann am bruadar.

Ach co-dhiù, mur a’ bheil thu ‘g iarraidh a bhith an cuideachd nam Féinn, na gabh thusa dragh, ach feuch gum freagair thu gu ceart ri “dè ‘m beò a th’ ort?”

Innis dhai’ am facal-faire: “tha mi ALLRIGHT” and the pressure to honour your ancestors will be off!

Page 46: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

46 nós

Gaeil in áit taibhsíTugann bás an Tíogair Cheiltigh deis don Fhéinics Gaelach

E o i n M a c a o d h a B h u í

tá corp an Tíogair Cheiltigh caite ar thaobh na sráide, tá taibhsí i réim sna heastáit tithíochta agus tá ciúnas tite ar Éirinn. Líonaimis an ciúnas seo leis an nglór Gaelach,

díbrímis na taibhsí agus cuirimis Gaeilgeoirí isteach ina n-áiteanna agus beathóimis an Féinics Gaelach le fuil an Tíogair Cheiltigh.

Tá Éire i bponc faoi láthair maidir le cúrsaí eacnamaíocha ach tugann staid éagobhsaí na tíre deis iontach do lucht na Gaeilge cur leis an athbheochan. Bealach amháin chun sin a dhéanamh ná eastáit fholmha tithíochta a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge ionas gur féidir leo comhphobail nua

Ghaeilge a bhunú ar fud na tíre.Fógraítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go

bhfuiltear ag súil le líon na nÉireannach a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú ó 80,000 go 250,000 i dtréimhse fiche bliain. Dá mbainfí an sprioc seo amach, bheadh thart ar 5% – seachas 1.7% mar atá ann faoi láthair – d’Éireannaigh ina gcainteoirí Gaeilge roimh 2030 (má chreidimid meastachán an CIA i Méiriceá go bhfuil 4,670,976 duine in Éirinn anois agus má ghlacaimid leis nach dtiocfaidh athrú ró-mhór ar an uimhir sin idir 2010 agus 2030). Ach conas is féidir méadú chomh mór sin ar phobal na Gaeilge a bhaint amach?

Is léir nach féidir leis na Gaeilgeoirí nua ar fad teacht ón nGaeltacht. Ní féidir le comhphobail na nGaeltachtaí fás chomh tapa sin. Beifear ag brath mar sin ar dhaoine ón nGalltacht chun an plean seo a chur i bhfeidhm. Deirtear sa chuid den straitéis dar teideal Tionscnaimh agus Pleananna Teanga Áitiúla lasmuigh den Ghaeltacht gurb í an aidhm ‘a bheidh le plean gnímh áitiúil [ná] muintir na háite agus grúpaí pobail/deonacha a thabhairt le chéile le húsáid na Gaeilge a éascú sa cheantar.’ Ní féidir le duine an Ghaeilge a labhairt mura mbíonn Gaeilgeoirí eile ina t(h)impeall agus i dtimpeallacht ina bhfuil an Béarla uileláithreach ní bhíonn ach na daoine is láidre in ann cloí leis an nGaeilge. Sin é an fáth gur cóir timpeallachtaí lán-Ghaeilge a chruthú agus Gaeilgeoirí amháin a chur iontu.

Is é an moladh atá agam ná triail a bhaint as eastát folamh tithíochta amháin a líonadh le Gaeil líofa. Má éiríonn leo comhphobal Gaeilge ceart a bhunú san eastát taobh istigh de dhá bhliain, d’fhéadfaí an scéim a leathnú amach.

* Gníomhaíochas

46 nós

Page 47: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* Ceol

nós 47

“Ní smaoineamh iomlán réabhlóideach é seo ach oiread, tá taithí

againn ar a leithéid cheana féin: Gaeltacht Bhóthar Seoighe agus

scéimeana cónaithe Gaeilge na gcoláistí tríú leibhéal.”

Ba chóir a chur i gcuimhne nach smaoineamh réabhlóideach é seo ach oiread: tá taithí againn ar a leithéid cheana féin. Cuireadh Gaeltacht nua ar bun sa bhliain 1969 i mBéal Feirste nuair a tháinig cúig theaghlach le chéile chun cónaithe ar Bhóthar Seoighe. Tá an comhphobal Gaeilge sin faoi bhláth anois. Eiseamláir eile is ea na scéimeanna cónaithe Gaeilge atá i bhfeidhm i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; Coláiste na hOllscoile Corcaigh; Coláiste na Tríonóide; Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath agus Ollscoil Luimnigh. D’éirigh leis na scéimeanna seo comhphobail bheaga a chruthú taobh istigh de na hollscoileanna agus cuireann mic léinn na scéimeanna sin le húsáid na Gaeilge san ollscoil gach lá. Tharlódh an rud céanna sna bailte ina mbeadh na heastáit tithíochta Ghaeilge: chuirfeadh na Nua-Ghaeilgeoirí leis an nGaeilge iontu sin chomh maith. Mar aon leis seo, is dócha go mbeadh páistí ag cuid acu agus bheidís seo ag foghlaim na Gaeilge mar a gcéad teanga i nGaeltacht bheag taobh istigh den Ghalltacht.

Labhraímis anois faoin suíomh. Is é an fáth a molaim eastáit tithíochta san iar-Ghaeltacht mar láthair na lonnaíochtaí seo – seachas an Ghaeltacht atá ann cheana féin – ná chun úsáid na teanga a chothú ar fud na tíre agus chun aon aighneas idir muintir na Gaeltachta agus cónaitheoirí nua a

sheachaint. Is minic a mhúsclaítear teannas nuair a lonnaíonn dream úr i measc sheanbhunadh na háite agus níl scoilt den chineál seo ag teastáil i saol na Gaeilge. Is pobal mór amháin muid agus ní mór na ceangail eadarainn a neartú go mór agus ar bhealach tuisceanach. Dá lonnódh cainteoirí Gaeilge in eastáit titíochta in áiteanna éagsúla in Éirinn bheadh seans acu pobal nua Gaeilge a chruthú dóibh féin agus sa chaoi seo thabharfaí spreagadh do mhuintir na Gaeltachta seachas iad a bhagairt.

Ní mór dúinn leas a bhaint as cuid de na 33,000 tithe nua a tógadh i rith shaol an Tíogair Cheiltigh agus atá fós folamh de réir an tSuirbhé Náisiúnta um Fhorbairt Tithíochta mar shuíomh na scéime. D’fhéadfadh an Rialtas eastát faoi leith a chur ar leataobh agus d’fhógrófaí gurbh é sin an t-eastát Gaelach. Bheadh deis ag Gaeilgeoirí ansin iarratas a chur isteach ar theach agus dá n-éireodh leo in agallamh agus i scrúdú scríofa gheobhaidís teach ar phraghas íslithe. D’íocfadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó eagras áirithe Gaeilge, as cuid den phraghas.

Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl anois le fada an lá agus tá neart oibre déanta ar a son. Má tá an Féinics Gaelach chun aiséirí áfach, caithfear spriocanna nua agus smaointí radacacha a bheith againn agus caithfear triail a bhaint as na smaointí sin a chur i bhfeidhm. Cuirimid ár dteanga chun cinn nuair a dhiúltaímid an Béarla a labhairt le Gaeil eile agus is í ár náire í mura mbímid ag labhairt na Gaeilge eadrainn féin. Is fúinn féin atá athbheochan na teanga agus is mar seo a d’fhéadfaimis, mar Ghaeilgeoirí, bás an Tíogair Cheiltigh a athrú ina bhuntáiste don athbheochan sin.

* Gníomhaíochas

nós 47

Page 48: NÓS 27 - Meitheamh 2012

48 nós

dearadh

Page 49: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* DEARADH

nós 49

fearghal mac pháidín

Is ealaíontóir óg as Sligeach é Fearghal Mac Pháidín atá faoi láthair ag déanamh staidéar ar a cheird sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD) i mBaile Átha Cliath. Is suim leis éagsúlacht ina chuid oibre, ó thaobh meán agus ábhar de, agus is minic a chuid cruthúchán bheith gar don imeall mar gheall ar a ngáirsiúlacht dhána. Bíonn a chuid dealbhóireachta ar taispeáint i gClub Chonradh na Gaeilge, áit a mbíonn a scíth á ligint aige ó am go chéile. Anseo tá samplaí de chartúin atá déanta aige le déanaí.

Page 50: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* DearaDh

50 nós

ag tógáil na todhchaíTá tuilleadh ailtireachta ar nós Chultúrlann uí Chanáin i nDoire ag teastáil ón tír agus ón teanga, dar le Scott De Buitléir

Page 51: NÓS 27 - Meitheamh 2012

*

* DearaDh

nós 51

an Guggenheim i mBilbo, an Louvre i bPáras, Foirgneamh Empire State i Nua-Eabhrac... is liosta le háireamh

iad na cathracha ar domhan a bhfuil ailtireacht íocónach acu a aithnítear i gcéin agus i gcóngar. Cabhraíonn na foirgnimh seo le féiniúlacht a mbailte a chruthú agus is cúis bhróid iad dá lucht cónaithe.

Is féidir an rud céanna a rá faoi fhoirgneamh speisialta i gcathair Dhoire, mar atá Cultúrlann Uí Chanáin.

Tá sé de nós ag Éireannaigh breathnú thar lear – bíodh go Sasana nó, níos minice, do SAM – chun inspioráid a fháil dá gcuid tionscadal in ionad bheith ag breathnú ar ár stair nó ár n-oidhreacht féin. Is iontach an bua é mar sin a bhfuil bainte amach ag na hailtirí John Twomey agus Shiela O’Donnell leis an ionad breá nua-aoiseach seo.atá

Tógtha ar shean-suíomh bácúis ar imeall cheantar Seoirseach na cathrach, tá Cultúrlann Uí Chanáin ina croílár do phobal Gaeilge an iarthuaiscirt le caifé, amharclann 200 suíochán, siopa leabhar, seomraí ranga agus club óige le fáil inti.

Toisc go mbeadh an áit chomh lárnach sin do chur chun cinn na teanga i nDoire agus an ceantar mórthimpeall, d’oibrigh na hailtirí agus An Gaeláras (an grúpa bainistíochta taobh thiar de) le cinntiú go mbeadh níos mó ann sa Chultúrlann ná ceithre bhalla; go n-éireodh léi bheith ina siombal don teanga agus dá pobal sa nua-aois.

Tá an Chultúrlann i measc na

saothar ardchaighdeáin eile atá déanta ag Twomey agus O’Donnell, mar atá músaem i gCúil Raithin, an Lyric Theatre i mBéal Feirste (thuas ar clé), Scoil Raghnallach i mBaile Átha Cliath agus Gailearaí Glucksman i gCorcaigh (thuas ar dheis). Ba pháirtnéaracht mhaith iad na hailtirí agus muintir an Ghaelárais áfach; cuireann Twomey agus O’Donnell béim áirithe ar ábhar tógála atá dúchasach d’Éirinn (ach fós le bheith nua-aimseartha) agus baineann an Gaeláras le cultúr na tíre.

Ba dheacair solas a aimsiú in áit ar nós Mhórshráid Shéamuis, dar le John, atá i lár sheancheantair chathrach atá lán le tithe agus foirgnimh arda. Sin ráite, bhí taithí ag an mbeirt ar bheith ag obair le heaspa spáis i ndiaidh dóibh bheith bainteach le hathchóiriú Bharra an Teampaill sa phríomhchathair.

“Fadhb eile,” arsa John, “ná an caifé agus agus amharclann, a thógfadh an bun-urlár uilig. Ní raibh muid ag iarraidh go gcuirfí na seomraí ranga i bhfolach, ach go mbeidís chomh gníomhach agus fuinniúil leis na háiseanna eile.”

I gcomparáid le foirgnimh eile ar ar oibrigh na hailtirí, a bhfuil oifigí i mBaile Átha Cliath agus Corcaigh acu, is ceantar é Doire a bhfuil brí pholaitiúil le dathanna. Dá mbeadh an iomarca den dath glas, dearg, gorm, bán nó oráiste le feiceáil go héasca san ionad, d’fhéadfadh léamh polaitiúil a dhéanamh air. Mar sin tá meascán de gach sórt datha ann;

balla gorm, geataí dearga, fuinneoga oráiste agus gloine ghlas, iad uilig measctha le chéile leis an gconcréid bhán. Nuair a bhaineann dathanna le taobhanna, baintear neodracht amach nuair a chlúdaítear gach rud. Cé go bhfuil an t-ionad úrnua (i gcomparáid leis na tithe Seoirseacha eile ar an tsráid), tá atmaisféar ann ar nós go raibh an Chultúrlann i nDoire ar feadh na síoraíochta. Mothaíonn sí ársa agus úr ag an am céanna toisc úsáid na concréide agus an adhmaid istigh ann. Leis an solas a thagann isteach ón díon, cuireann sé Brú na Bóinne i gcuimhne duit, ag nascadh na staire leis an lá atá inniu ann. Seans nach raibh Brú na Bóinne ar intinn ag Twomey agus O’Donnell, ach d’admhaigh John go raibh tithe Normannacha na hÉireann ar cheann d’fhoinsí inspioráide don Chultúrlann.

“Is maith liom go bhfaigheann tú amach faoi na seanfhoirgnimh (Normannacha) beagán ar bheagán,” arsa John, “agus is maith é sin do chomhrá cultúrtha i measc an phobail. B’aidhm é sin dúinn leis an ionad seo.”

In ionad na múirphictúirí agus na mbratach atá le feiceáil ar Thaobh an Bhogaidh, tá siombail eile, siombail nua-aimseartha, ag an gcultúr Éireannach/Gaelach i nDoire le Cultúrlann Uí Chanáin. Ach ní bhaineann sé le taobh amháin den phobal ach an oiread, is soiléir go bhfuil an Chultúrlann ina hionad cultúir do gach duine san Iarthuaisceart.

Page 52: NÓS 27 - Meitheamh 2012

52 nós

* TaisTeal

* Ceol

stíl

TÁBhachT na T-LÉInEC a t h a l M a C D h a i b h é i D

Page 53: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* stíl

nós 53

ar theacht an tsamhraidh achan bhliain, tig imní ar chroíthe na bhfear. Agus an aimsir ag dul i bhfeabhas, tuigtear gur mithid dúinn geansaithe teolaí agus cótaí compordacha

an gheimhridh a chur ar leataobh ar feadh seala. Ach caidé a bheas á chaitheamh againn ina n-áit? Is í seo cúis ár gcuid imní, a fheara – athrú.

Má tá tú ag dul thar lear an samhradh beag seo (nach méanar duit), nó fiú má tá tú ag fanacht abhus in Éirinn, is gá an vardús a athrú, a mhodhnú, a athchóiriú.

Ach ní gá go mbeadh an próiseas seo pianmhar. Creid é nó ná creid, taispeánfaidh tú stíl an tsamhraidh le hearra beag simplí amháin – an t-léine.

Cé gur earra clasaiceach é sa lá atá inniu ann, níor bhain an t-léine a stadás íocónach amach go dtí tús na gcaogaidí. Roimhe sin, ní raibh ann ach fó-léine fheidhmiúil narbh fhiú trácht air. Sa bhliain 1953 áfach, nuair a chaith Marlon Brando t-léine faoi sheaicéad slíochta, snasta leathair sa scannán The Wild One, bhí an t-léine umhal anois mar shiombail don reibiliún, don réabhlóid, agus don rac ‘s ról . A bhuí le Brando, agus le leithéidí James Dean agus Elvis Presley ar ndóigh, amharctar ar an t-léine mar bhall éadaigh de rigueur i stíl na bhfear.

Dar liom, níl aon rud níos samhrúla ná bríste sciota agus espadrilles ina bpéirí le t-léine deas simplí, ach le rogha fhairsing t-léinte ar fáil ar an mhórshráid, cad é an ceann is faiseanta?

I ndáiríre, is deacair ceann bunúsach i mbloc-dhath a bhualadh. Oireann sé do gach mac máthar. Chonaic mé raon álainn t-léinte bunúsacha i ndathanna éagsúla agus mé in Urban Outfitters ar na mallaibh, le pócaí brollaigh orthu. Gan ach £10/€15 orthu, mollaimse ceann nó dhó a cheannach láithreach! Agus ná bíodh eagla orainn roimh dhathanna. Cinnte bheadh t-léine dhubh, bhán nó liath deas praicticiúil ach is é an samhradh atá ann! Is fiú dul sa tseans le dath níos gile –

labhandair nó gorm ríoga, mar shampla.Stíl eile atá go mór chun tosaigh an samhradh seo ná

an léine Breton, nó an t-léine stríocach, mar is fearr aithne air. Caite ar dtús ag iascairí agus mairnéalaigh na Briotáine, agus anois lárnach i bhfaisean na farraige (nautical fashion) tá an t-léine stríocach comhchiallach le laethanta brothallacha grianmhara an tsamhraidh.

Tá leaganacha éagsúla den t-léine chlasaiceach seo ar fáil go forleathan, ach seasann an leagan v-mhuiníl i gcnuasacht samhraidh H&M amach domsa. Earra fíor-fhearúil ‘sea an léine Breton, ach an buntáiste is mó a bhaineann leis ná cé chomh hilúsáideach is atá sé. Gléasfar síos go furasta é, mar shampla, le spéaclaí gréine agus brístín Bermuda, nó gléasfar suas go sofaisticiúil é le bléasar, chinos agus bróga cróna (bígí ag barr stíl an tséasúir agus ná caith stocaí!).

T-léine a tháinig chun cinn le linn na n-ochtóidí agus atá anois le feiscint ar fud na háite ná an t-léine ghrafach. Is deacair éalú uaidh, déantar na fírinne. Tá na mílte t-léinte le sluaghán scríofa orthu, nó le grianghraf nó íomha éigin priontáilte orthu ar fáil sna siopaí, ach ní mór a bheith cúramach leo siúd, i mo thuairimse.

Gan aon agó, tá corr-cheann galánta ar fáil ó bhrandaí cosúil le Junk Food, Altru agus AllSaints, agus bíonn cuma iontach orthu le cairdeagan éadrom nó faoi sheaicéad leathair. Ó am go ham, ámh, bíonn t-léinte grafacha ró-ghairéadach, ró-phéacach. I dtaobh na dt-léinte grafacha de mar sin, less is more, mar a deirfeá.

An teachtaireacht is tabhachtaí a bheadh agam daoibh don samhradh seo, a fheara, ná coinnigí simplí é agus beidh libh. Déanaigí dearmad faoi bhur ngeansaithe peile agus bhur hoodies, agus cuimhnigí ar thábhacht na t-léine. Bídis bunúsach, stríocach nó grafach, ceannaigí t-léinte stíliúla atá ar ardchaighdeán. Cosúil le fíon den chéad rogha, tiocfaidh feabhas orthu agus iad ag dul anonn in aois.

Page 54: NÓS 27 - Meitheamh 2012

** stíl

54 nós

Comhrá AGus CAifE lEis An DEArThÓir hATAí AGus sEoDrA GRáINNE MAhER

Page 55: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* * stíl

nós 55

Phléasc Gráinne Maher ar shaol an fhaisin cúpla bliain ó sin. Haitéir agus déantóir seodra, tá a táirgí anois le feiscint ar fud na meán agus ar chuile dhuine ó na réaltaí go dtí na radharc-leanaí féin. Le déanaí, bhuaigh sí Dearthóir Faisin na Bliana sa tuaisceart, rinne sí hata le Lady GAGA a fháiltiú go Béal Feirste, thaispeáin sí ag Solas Nua i Washington DC, chaith Selena Gomez a seodra ag MTV EMA, roghnaigh @poppyD a cuid seodra do WIWT.com agus tá sí á caitheamh ag stílí Cathy O’Connor. Ina ainneoin sin ar fad bhí am aici bualadh linn ag a stiúideo i mBéal feirste le comhrá beag a dhéanamh.

NÓS: Só, ní haon ghnáth-chúlra atá agat do dhearthóir faisin.

Gráinne Maher: Ní hé ná é! D’fhreastail mé ar Choláíste Ealaíne seachas ar chúrsa faisin an chéad lá, áit ar oibrigh mé le ceol, ealaín taibhiúcháin agus ealaín suiteála. Nuair a thosnaigh ar thaighde do mo PhD, dírígh mé ar an tionchar atá ag cultacha ionramhála coirpe ar an nguth. Agus théis sin uilig ghlac mé am amach le clann a bheith agam.

Sáite sa bhaile le triúr leanaí, bhí mé ag iarradh smaoineamh ar ghnó a d’fhéadfainn a reachtáil ón teach nuair a d’admhaigh mé liom féin gur juncaí faisin a bhí ionam i ndeireadh na dála, agus thosaigh mé isteach ar na hataí. Ach sílim gur sheas an bóthar fada liom. Déarfainn go bhfuil an cúlra neamhghnáthach sin le sonrú sa saothar faisin a chruthaím anois - sa chur chuige spásúil, ailtireachta atá agam.

NÓS: Bhí tú bunaithe go maith mar haitéir agus thosaigh tú ansin ag dul don tseodóireacht - conas ar thit sé sin amach?

GM: Bheartaigh mé le haghaidh Earrach/Samhradh 2011 gur mhaith liom muiníl na mainicíní a ghléasadh mar aon lena gcloigne, agus chruthaigh mé réimse sách leathan seodra chuige sin. Uaidh sin, bhuaigh mé an chéad duais i gcomórtas West Coast Cooler, rud a thug nochtadh náisiúnta don Pegasus, agus saolaíodh Pluck & Devour.

Dar ndóigh nuair a chaith Selena Gomez P&D ag Gradaim MTV na hEorpa chuaigh chuile rud ar mire amach ‘s amach… ach nach iontach an rud é a bheith gnóthach! Só, is rud

éagsúil ar fad é ón haitéireacht cinnte, agus d’aoisraon eile fosta b’fhéidir, ach bainim an-taitneamh as, tá sé ag fás i gcónaí.

NÓS: Conas atá an earnáil faisin sa taobh seo tíre?

GM: Spleodrach! Tá an-bhorradh anois ag teacht ar an earnáil neamhspleách ach go háirithe agus is aoibhinn liom sin a fheiceáil. Tá roinnt mhaith dearthóirí óga ag teacht tríd – bhí me féin in ann a saothar siúd a chur faoi bhráid an tsaoil le mo phop-up shop _Proof agus caithfidh mé a rá go bhfuil an-tacaíocht fosta dóibh siúd atá ag teacht i gcrann ó leithéidí Katrina ag sugahfix.com, Cathy ag Belfast Fashion Week agus Tracey ag Style Acadmey. Is geal í an todhchaí gan aon amhras.

NÓS: Agus do thodhchaí féin?

GM: Bhuel táim ar bís go bhfuil P&D ar fáil anois in House of Fraser i mBéal Feirste, agus táim le raon teoranta hataí a chruthú dóibh sul i bhfad. Beidh _Proof ar ais dar ndóigh, agus táimid le P&D Luxe a sheoladh go luath - sóbhranda le sreang-saothar criostail Swarowski agus só-áileacht de chuile shórt.

Tá ár suíomhanna idirlín á bhfeabhasú go mór againn i rith an ama – mar is ansin a dhéanaimid an-chuid dár ngnó – agus beimid ar fáil níos mó i siopaí sa deisceart i mbliana…. ní féidir liom a thuilleadh a rá faoi láthair ach coinnigh cluas amach! Ó, agus beidh raon seodra do mhná an CLG i ndathanna do rogha contae. Hup!

NÓS: Mar fhocal scoir, cad faoi Ghráinne agus an Ghaeilge?

GM (Le meangadh gáire leath-náireach): An tsíor-iníon léinn. Ach tá Gaeilge ag Ciarán, m’fhear céile, agus tá na páistí á dtógáil le Gaeilge againn só beidh orm feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge nó ní thuigfidh mé focal atá á rá sa teach! Chomh maith leis sin, tá sé i gceist agam leaganacha Gaeilge de shraitheanna áirithe seodra cosúil leis an ‘love pendant’ a chruthú.

Mar sin chuala sibh anseo ar dtús é a chairde! Is féidir teacht ar sheodra Ghráinne ag www.pluckanddevour.com agus ar a haitéireacht ag www.grainnemahermillinery.com.

den duine an t-éadach, an hata, an seodra...

Page 56: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* stíl

56 nós

Page 57: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* stíl

nós 57

Page 58: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* stíl

58 nós

Page 59: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* stíl

nós 59

CreidiúintíPeigeasas Turcaide: Grianghrafadóireacht le Jai McFerranSiogarla ‘Love’: Grianghrafadóireacht le Kelly McAllister. Mainicín Rebecca Taylor. Stiúradh Cruthaitheach agus Stíleáil le Katrina Doran do sugahfix.com. Gruaig le Debbie ag Paul Staffords. Smideadh le Sarah Toner.Hata Cleití: Grianghrafadóireacht le Nick WebsterSiogarla ‘Owl-Moon-Star’: Grianghrafadóireacht le Robin CordinerHata Bainise: Grianghrafadóireacht le Stephen Duffin. Gruaig le Jonathan McKelvey. Smideadh le D.J. Griffin.Hata Medusa: Grianghrafadóireacht le Kirth FerrisSiogarla ‘Swagger’: Grianghrafadóireacht le Stephen PotterSelena Gomez le slabhra Gráinne Maher: Getty Images

Page 60: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* * 60 nós

amuigh

an chraIc aG an chaBarETtigh hiúdaí Bhig,gaoth dobhair

Page 61: NÓS 27 - Meitheamh 2012

* **

amuigh

nós 61

oíchE Go maIDIn aG Imramclub chonradh na gaeilge,

Baile átha cliath

Page 62: NÓS 27 - Meitheamh 2012

C

M

Y

CM

MY

CY

CMY

K

IWU_AD.pdf 1 28/05/2012 14:20

Page 63: NÓS 27 - Meitheamh 2012

C

M

Y

CM

MY

CY

CMY

K

IWU_AD.pdf 1 28/05/2012 14:20

Page 64: NÓS 27 - Meitheamh 2012

*