12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Tionól Gaeltachta ‘14 2. Scoláirí SAM sa Ghaeltacht 2. Ainm Gaeilge In Easnamh 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Buaiteoirí na Seachtaine 5. Barrliosta na Leabhar 6. Picnic Mhór Chomhluadar 6. Bus Choláiste Feirste 7. Cúis Dhoire 7. Rí-Rá Ar RnaG 8. Tuismitheoirí na Gaeltachta 9. Glasaigh na Gaeilge 9. Gearóid Ag Na Gradaim 10. Lá Stocaireachta Ó Dheas 10. Toghcháin 2014 11. Aighneachtaí 11. Tuarascáil an Choimisinéara 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí Eagrán 9.3 23 Meitheamh 2014 B arúntacht bheag in iarthuaisceart Mhaigh Eo atá in Iorras. Is é Béal an Mhuirthead an príomhbhaile agus is ceantar Gaeltachta é leithinis Mhuirthead le háilleacht nádúrtha, fhiáin an Atlantaigh ar an dá thaobh de. Is ar thránna aoibhne agus ar bhóithríní ársa Iorrais atá ár dtriail do Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2014 ó 3 - 6 Iúil i mbliana. Tá clú agus cáil ar Chuan an Fhóid Duibh agus ar Chuan Oilí, agus fáilteofar roimh fhoghlaimeoirí agus roimh chainteoirí dúchais araon chun a scíth a ligean cois cuain linn ar an saoire Gaeltachta seo. Tá praghas den scoth ar fáil le Conradh na Gaeilge, áit a bhfuil pacáistí éagsúla ar fáil ón Déardaoin - Domhnach agus ón Aoine – Domhnach (€240 agus €190 an duine faoi seach). Áirítear leaba, bricfeasta agus béilí um thráthnóna sna pacáistí, mar aon le himeachtaí sóisialta agus siamsaíochta chun sult a bhaint as an gceantar sciamhach seo i gcomhluadar iomlán Gaeilge. Tá turas bád chuig Inis Geidhe beartaithe maidin Aoine, fad agus atá fáilte roimh an bpobal áitiúil agus roimh lucht an Tionóil araon freastal ar an seimineár maidir le Stádas Ghaeltacht Mhaigh Eo in Áras Inis Gluaire ar 8.00in oíche Aoine. Beidh turas treoraithe ar an leithinis ar siúl Dé Sathairn mar aon le rogha imeachtaí breise (níl na himeachtaí seo clúdaithe sa táille áfach). Más craic, ceol agus áilleacht an iarthair atá á lorg agat, tar go dtí an Tionól Gaeltachta! Áirithintí: [email protected] Tionól Gaeltachta 2014

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

Embed Size (px)

DESCRIPTION

SAN EAGRÁN SEO: 1. Tionól Gaeltachta 2014 2. Scoláirí SAM sa Ghaeltacht 2. Ainm Gaeilge In Easnamh 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Buaiteoirí na Seachtaine 5. Barrliosta na Leabhar 6. Picnic Mhór Chomhluadar 6. Bus Choláiste Feirste 7. Cúis Dhoire 7. Rí-Rá Ar RnaG 8. Tuismitheoirí na Gaeltachta 9. Glasaigh na Gaeilge 9. Gearóid Ag Na Gradaim 10. Lá Stocaireachta Ó Dheas 10. Toghcháin 2014 11. Aighneachtaí 11. Tuarascáil an Choimisinéara 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Citation preview

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Tionól Gaeltachta ‘142. Scoláirí SAM sa Ghaeltacht2. Ainm Gaeilge In Easnamh3. Nuacht Áitiúil4. Teicneolaíocht na Teanga4. Gaeilge na Cruinne5. Buaiteoirí na Seachtaine5. Barrliosta na Leabhar6. Picnic Mhór Chomhluadar6. Bus Choláiste Feirste 7. Cúis Dhoire7. Rí-Rá Ar RnaG8. Tuismitheoirí na Gaeltachta9. Glasaigh na Gaeilge9. Gearóid Ag Na Gradaim10. Lá Stocaireachta Ó Dheas10. Toghcháin 201411. Aighneachtaí 11. Tuarascáil an Choimisinéara12. Is Leor Beirt12. Saor-Chomhairle Dlí

E agrán 9.3 23 Meitheamh 2014

Barúntacht bheag in iarthuaisceart Mhaigh

Eo atá in Iorras. Is é Béal an Mhuirthead an príomhbhaile agus is ceantar Gaeltachta é leithinis Mhuirthead le háilleacht nádúrtha, fhiáin an Atlantaigh ar an dá thaobh de. Is ar thránna aoibhne agus ar bhóithríní ársa Iorrais atá ár dtriail do Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2014 ó 3 - 6 Iúil i mbliana. Tá clú agus cáil ar Chuan an Fhóid Duibh agus ar Chuan Oilí, agus fáilteofar roimh fhoghlaimeoirí agus roimh chainteoirí dúchais araon chun a scíth a ligean cois cuain linn ar an saoire Gaeltachta seo. Tá praghas den scoth ar fáil le Conradh na Gaeilge, áit a bhfuil pacáistí éagsúla ar fáil ón Déardaoin - Domhnach agus ón Aoine – Domhnach (€240 agus €190 an duine faoi seach). Áirítear leaba, bricfeasta agus béilí um thráthnóna sna pacáistí, mar aon le himeachtaí sóisialta

agus siamsaíochta chun sult a bhaint as an gceantar sciamhach seo i gcomhluadar iomlán Gaeilge. Tá turas bád chuig Inis Geidhe beartaithe maidin Aoine, fad agus atá fáilte roimh an bpobal áitiúil agus roimh lucht an Tionóil araon freastal ar an seimineár maidir le Stádas Ghaeltacht Mhaigh Eo in Áras Inis Gluaire ar 8.00in oíche Aoine. Beidh turas treoraithe ar an leithinis ar siúl Dé Sathairn mar aon le rogha imeachtaí breise (níl na himeachtaí seo clúdaithe sa táille áfach). Más craic, ceol agus áilleacht an iarthair atá á lorg agat, tar go dtí an Tionól Gaeltachta! Áirithintí: [email protected]

Tionól Gaeltachta 2014

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Cumarsáide,

Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte TD, seasamh leis an ngealltanas a thug sé i nDáil Éireann ar 29 Samhain 2011 nuair a dúirt go mbeadh sé sásta ainm Gaeilge a bhrandáil ar chomhlacht stáit nua ar bith a bunaíodh. Chuir Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh an seasamh seo, mar sin ba mhór an t-ábhar iontais dúinn a chloisteáil gur shínigh an tAire Rabbitte ordú le hainm an chomhlachta Bord Gáis Éireann a athrú go hErvia ar 20 Meitheamh 2014. Níl seo ag teacht leis an méid a bhí le rá aige sa Dáil agus táimid ag éileamh air an t-ordú seo a leasú láithreach. Bheadh

aon phleanálaí teanga in ann a léiriú go bhfuil tacaíocht ag teastáil go hoifigiúil ón Stát le stádas agus le híomhá na Gaeilge a chur chun cinn. Ísliú stádais don teanga atá san ordú chun Ervia a bhaisteadh ar Bhord Gáis Éireann. Ní chosnódh sé

pingin ar an Stát ainm as Gaeilge a chur ar an gcomhlacht nua comhtháite, ach chuirfeadh sé le stádas agus le híomhá na teanga. Is bocht an scéal é go bhfuil ainmneacha nua báistithe ag an Rialtas le déanaí ar chomhlachtaí stáit as Béarla, ar nós Electric Ireland agus Irish Water. Tá deis ag an Aire Rabbitte an nós seo a bhriseadh - cuir iallach air an t-ordú a athrú trí scríobh chuige ag [email protected] inniu!

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 16 Iúi l 2014

Scoláirí SAM sa GhaeltachtChuir an tAire

Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD fáilte roimh an gcéad ghrúpa riamh de scoláirí meánscoile ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar bronnadh D á m h a c h t a i n í Samhraidh Gaeltachta orthu i mbliana. Tugann na dámhachtainí seo ó Choimisiún [Fulbright] na hÉireann – na Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil deis do shaoránaigh Mheiriceá, atá i mbun staidéir ar an nGaeilge agus ag múineadh na teanga, páirt a ghlacadh i gcúrsaí Gaeilge 2 - 6 seachtaine i nGaeltachtaí

na hÉireann le linn an tsamhraidh, Gaeltacht na Gaillimhe, Chorca Dhuibhne agus Dhún na nGall ina measc. Chomh maith leis an 20 scoláire meánscoile ar bronnadh dámhachtain orthu, bronnadh Dámhachtain

Samhraidh Gaeltachta ar 41 mhac léinn bunchéime, iarchéime agus oibrí ar shaoránaigh SAM iad. Tacaíonn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Crannchur Náisiúnta leis na dámhachtainí. Tuilleadh eolais: www.fulbright.ie

Ainm Gaeilge In Easnamh

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilCeanannas

Beidh litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge lárnach arís ag an Hay Festival,

féile litríochta idirnáisiúnta i gCeanannas Mór na Mí ó 2 - 6 Iúil 2014. Beidh seó físiúil do ghasúir óga ag Fibín, cuirfidh páistí seó beo ardáin le Lúrapóg Larapóg i láthair do pháistí freisin, agus fillfidh Tadhg Mac Dhonnagáin le haghaidh dreas ceoil, rannta agus gáire. Don léitheoir aibí, beidh Rónán Mac Con Iomaire i gcomhrá le Seán Bán Breathnach faoina leabhar nua Rocky Ros Muc, pléifidh na hiriseoirí Cathal Mac Coille, Harry McGee, Gearóid Ó Muilleoir agus Máirín Ní Ghadhra an leabhar nua-fhoilsithe Scéal Scéil, agus beidh ócáid ómóis speisialta i gcuimhne Mhaidhc Dainín Uí Shé ina dtabharfar aitheantas dá chuid scríbhneoireachta agus dá oidhreacht sa réimse. Seolfaidh Mícheál De Mórdha a leabhar nua Hitler Miaow agus beidh Raidió na Life ag craoladh beo ón láthair, agus suíomh lárnach ag Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge ann chomh maith. Tuilleadh eolais: www.hayfestival.org/kells

Tír Eoghain

Tá dianchúrsa Gaeilge á reáchtáil i nGaeltacht Thír Eoghain ó 9.30rn

– 3.30in ó 30 Meitheamh – 4 Iúil 2014. Beidh ranganna ar 3 leibhéal éagsúla ar siúl le freastal ar réimse fhoghlaimeoirí teanga - bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal – agus cuirfear sólaistí agus lón éadrom ar fáil thar an 5 lá. Tá £60 an duine ar an gcúrsa agus ní mór áit a chur in áirithint le Caithlín Ní Bhroinn ar +44 (0)28 87757800. Tuilleadh eolais: www.gaeltachtthireoghain.com

Manchain

Tá go dtí 2 Meán Fómhair 2014 ag Gaeilgeoirí le féith na scríbhneoireachta

iarratas a chur isteach ar chomórtais Fhéile Ealaíon Manchain 2014. Tá £50 ag dul don chéad áit agus £25 don dara áit sa chomórtas gearrscéalta agus sa chomórtas filíochta araon, agus bronnfar na duaiseanna ar na buaiteoirí ag an bhFéile féin níos déanaí i mbliana. Ní mór go mbeadh gach iarratas faoi bhun 5,000 focal, clóscríofa agus

neamhfhoilsithe roimhe seo. Gach eolas: www.milg.org.uk/index.html

Páras

Tá sé beartaithe ag pobal na Gaeilge i bPáras An

Samhain-sur-Seine, Seachtain na Gaeilge ar leith, a reáchtáil i bpríomhchathair na Fraince ón Máirt 25 go dtí an Domhnach 30 Samhain 2014. Tá tráth

na gceist, scannáin Ghaeilge, Aifreann, dráma, léiriú CLG ar chluichí Gaelacha, siúlóid staire threoraithe um shráideanna Pháras, oíche chomhrá, céilí fáiltiú le fíon agus filíocht luaite leis an gclár sealadach go dtí seo. Merriman i dtír Molière! Gach eolas: www.paris-gaelique.com

Sydney

Reáchtáil Scoil na Gaeilge Sydney Scoil Gheimhridh 2014 in Chevalier Resource

Centre, Kensington, ó 6 – 9 Meitheamh i mbliana. Bhí ranganna teanga ar fáil do 5 leibhéal foghlama ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí líofa, agus bhí tráth na gceist, aoi-chainteoirí, ceolchoirm agus ceardlanna filíochta, amhránaíochta, ceoil, ióga agus damhsa ar siúl um dheireadh seachtaine. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl sa Chlub Gaelach in Sydney gach Luan ó 6.00 – 8.00in freisin. Tuilleadh eolais: www.IrishLanguageSchoolSydney.org.au

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 16 Iúi l 2014

Tá feidhmchlár úr dátheangach cruthaithe ag Cairde Teo. i

gcomhar le Macha Media agus Digital Key Productions. Cluiche eachtrúil do pháistí atá i nDúshlán Chú Chulainn a amharcann ar oidhreacht shaibhir Cheilteach Eamhain Mhacha. Tá Rí Conchúr Mac Neasa agus an Chraobh Rua faoi gheasa ag barr Eamhain Mhacha agus is é an laoch mór Cú Chulainn an t-aon duine atá in inmhe cuidiú leo éalú - ach tá sé ar shiúl i mbun troda! Is faoin imreoir atá sé mar sin, geis Mhacha a bhriseadh agus Conchúr agus a chuid fear a scaoileadh saor. Tá an aip ar fáil i

mBéarla agus as Gaeilge agus úsáideann sé físeáin le laochscéalta Setanta agus Chú Chulainn a insint. Tá Cú Chulainn’s Challenge ar fáil le híoslódáil in aisce ón App Store nó ar Android.

Bhronn an tUasal Paul Kavanagh, ambasadóir na hÉireann chun

na Síne, fáinní ar mhic léinn ó Beijing Foreign Studies University a ghnóthaigh caighdeán ard i labhairt na Gaeilge tar éis dóibh modúl sa Ghaeilge a dhéanamh in Ionad an Léinn Éireannaigh, i gcomhphairtíocht le hIonad na dTeangacha OÉ Má Nuad. Bhí an searmanas ar siúl mar chuid de Lá Oscailte na hAmbasáide i mBéising ar 12 Meitheamh 2014. Léiriú speisialta ar ghnéithe éagsúla de chultúr na hÉireann dírithe ar mhic léinn ollscoile sa tSín a bhí sa Lá Oscailte do Dhaoine Óga in Ambasáid na hÉireann i mBéising, agus tá an ócáid á reáchtáil ag foireann na

hambasáide go bliantúil ar mhaithe le heolas a chur ar fáil do mhic léin mar gheall ar deiseanna oideachais

in Éirinn agus iad a mhealladh chun cuairt a thabhairt ar an tír. Cuireann foireann na hambasáide béim faoi leith ar an gcultúr Gaelach agus iad ag déanamh a ndícheall an tír a chur chun cinn sa tSín. Bhí an Ghaeilge mar ghné

lárnach in imeachtaí an lae, idir léachtaí agus amhránaíocht ar an tsean-nós, ach ba é Bronnadh na bhFáinní buaicphointe an lae. Dúirt Gao Ni ó Dàtóng na Síne, iníon léinn atá ag tabhairt faoin MA sa Léann Éireannach: “Tá suim mhór agam i gcultúr na hÉireann agus measaim go bhfuil teanga na tíre lárnach sa chultúr sin.”

Teicenolaíocht na Teanga

Gaeilge na Cruinne

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

Fuair Seachtain na Gaeilge beagnach 6,000 iarratas ar na comórtais scoile

ar fad a bhí a reáchtáil ag foireann na féile i mbliana, fíric a léiríonn an obair iontach atá á déanamh ag múinteoirí fud fad na tíre ag cur na Gaeilge chun cinn sna seomraí ranga. Bhí caighdeán an-ard ar na hiarratais agus áirítear daltaí ó scoileanna ó nach mór gach contae in

Éirinn i measc bhuaiteoirí na bliana seo, Gaillimh, Baile Átha Cliath, Sligeach, An Cabhán, Ros Comáin, Ard Mhacha, Corcaigh, Cill Mhantáin, An Iarmhí, An Lú, Luimneach, Laois, Ciarraí, Tiobraid Árann, Dún na nGall agus Tír Eoghain san áireamh. Ba bhuaiteoir idirnáisiúnta é Cian Hade ón European School of Brussels fiú, agus an duais bhlagála faoin rannóg Bliain 4 – 6 á gnóthú aige ón mBruiséil! Comhghairdeas ar leith le Gaelscoil na Mí as gradam na scoileanna 2014 a thabhairt léi. Gach eolas: www.snag.ie

Samhradh sona ó gach duine ins An Siopa Leabhar! Seo a leanas na leabhair is mó díolta le cúpla mí anuas:

Páistí agus Daoine Óga1. Éalú as Páras - Leabhar Breac, Alain

Surget, €7.502. Ababú a Ghúgaí - Walker Éireann,

Chris Haughton, €8.503. Cath Chluain Tarbh - Coiscéim,

Clíodna Cussen, €7.504. Aibítir - Blackstaff Press, René Mullin5. Fáilte go Sesame Street - Edco, €7.50

Daoine Fásta1. An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit

- Coiscéim, Maura Lynskey, €7.502. Anamlón Bliana: ó dhialanna an

Ríordánaigh - Cló Iar-Chonnacht, Tadhg Ó Dúshláine (Eagarthóir), €25

3. A Grammar of Modern Irish - Pól Ó Murchú, €25

4. Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meáin - Cois Life, Breandán Delap (Eagarthóir), €15

5. Rocky Ros Muc - Cló Iar-Chonnacht, Rónán Mac Con Iomaire, €15

Eolas & orduithe:[email protected] +353 (0)1 4783814 +353 (0)1 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Buaiteoirí na Seachtaine

Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 16 Iúi l 2014

Thosaigh An Phicnic Mhór 2014 le chéad ócáid an deireadh seachtaine

teaghlaigh i Lios na Scéithe, Co. Fhear Manach Dé hAoine, 16 Bealtaine 2014. Deireadh seachtaine ag ceiliúradh an Ghaeilge sa teaghlach atá i gceist leis an mhórócáid bhliantúil de chuid Comhluadar mar chuid den tacaíocht a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge. Ó Chorcaigh go Béal Feirste, ó Chill Mhantáin go Gaeltachtaí Chiarraí, na Gaillimhe agus 20 ionad eile, bhailigh clanna le chéile faoin ngrian agus faoin bhfearthainn Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, iad ag baint sult as an spraoi agus as an gcomhluadar lánGhaeilge.

Eagraíodh na hócáidí spraíúla seo ag ionaid éagsúla ar fud na tíre chun go bhféadfadh glúin nua de chainteoirí Gaeilge aithne a chur ar sheanchairde agus ar chairde nua araon trí mheán na Gaeilge.

Fógraíodh gurb iad daltaí ó Choláiste Feirste agus ó Acadamh Ríoga Bhéal

Feirste buaiteoirí an dúshláin thaistil Life’s Better Schools de chuid Translink le déanaí. D’éirigh leis an nGaelcholáiste líon na n-aistear i gcarranna príobháideacha a ísliú 21% mar chuid den dúshlán teacht ar bhealaí taistil níos sláintiúla agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht chun na scoile, agus bhain siad seirbhís bhus in aisce ó Translink dá bharr. Is íorónta an scéal é mar sin go bhfuil gá ag an mheánscoil lánGhaeilge le hiompar tiomnaithe don scoil go fóill, agus gur shiúil tuismitheoirí ó Thuaisceart Bhéal Feirste go Coláiste Feirste chun aird a tharraingt ar fhaillí na Roinne Oideachais i leith na ceiste seo ag tús na míosa. Mar thoradh air seo, labhair CTR Shinn Féin Carál Ní

Chuilín agus Gerry Kelly leis an Aire Oideachais John O’Dowd chun buarthaí na dtuismitheoirí a chur in iúl dó agus

thug le fios go raibh plé an–dearfach acu leis, ag fáiltiú roimh thiomantas an Aire chun riachtanais iompair dhaltaí Choláiste Feirste ó Thuaisceart Bhéal Feirste a shásamh ar na mallaibh. Rinneadh athbhreithniú breithiúnach san Ardchúirt ó thuaidh ar

cinneadh na Roinne Oideachais gan bus scoile a chur ar fáil do dhaltaí ag freastal ar Choláiste Feirste i mí Dheireadh Fómhair 2011, agus glacadh cinneadh i bhfabhar bhord ghobharnóirí na scoile. Rinneadh tagairt d’fhaillí na Roinne i gcomhlíonadh an dualgais atá uirthi an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn faoin reachtaíocht agus faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhreithiúnas a tugadh in 2011.

Picnic Mhór Chomhluadar

Bus Choláiste Feirste

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Cúis DhoireD’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh

an chinneadh cúiseanna in aghaidh Dermot Douglas - a thug a chuid mionsonraí don PSNI as Gaeilge ar 6 Márta 2014 - a tharraingt siar an mhí seo caite. Cúisíodh an fear 49 bliana d’aois faoi reachtaíocht sceimhlitheoireachta nuair a thug sé a ainm agus a sheoladh as Gaeilge i gcathair Dhoire. Léiríonn an cás an géarghá atá le hAcht Gaeilge ó thuaidh chun cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint sna 6 Chontae. Tá 250 oifigeach de chuid an PSNI cláraithe leis an togra Líofa 2015 chun Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú, ach tá

reachtaíocht cheartbhunaithe mar aon le tuilleadh traenála agus tuisceana fós ag teastáil i dtaca le cearta teanga i sochaí ilteangach agus ilchultúrtha an Tuaiscirt sa lá atá inniu ann.

Tá láithreoirí Raidió Rí-Rá le cloisteáil go náisiúnta ar an

gcóras FM in Éirinn den chéad uair riamh, agus an clár Rí-Rá Ar RnaG á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar bhonn trialach an samhradh seo! Tá an clár úrnua le cloisteáil ó 9.00 – 10.00in gach oíche Mháirt – Aoine mar chuid den chomhfhiontar ar leith idir an t-aon chairtstáisiún lánGhaeilge do dhaoine óga, agus an tseirbhís náisiúnta agus idirnáisiúnta raidió don Ghaeltacht agus do lucht na Gaeilge ar fud an domhain. Is iad Cillian de Búrca agus Síne Nic an Ailí ó Raidió Rí-Rá láithreoirí Rí-Rá Ar RnaG agus tá an clár á chraoladh mar chuid den togra Anocht FM de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bíonn na hamhráin is déanaí ó na cairteacha á

gcasadh ar an gclár mar aon leis na scéalta popnuachta is déanaí ó shaol an cheoil agus na scannánaíochta.

Cuireann an tUltach ó Dhoire agus an Laighneach ó Bhaile Átha Cliath éisteoirí ar an eolas faoi fhéilte ceoil, faoi ghigeanna agus faoi chúrsaí reatha na réaltaí móra in Éirinn agus thar lear, agus míníonn Traic

Ó Braonáin, Cathaoirleach an chairtstáisiún: “Is deis ar leith í seo do Raidió Rí-Rá lucht éisteachta níos mó a mhealladh le cluas a chur leis an gcairtstáisiún tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, fad agus a chuirfidh an clár Rí-Rá Ar RnaG ar chumas Raidió na Gaeltachta freastal ar spriocmhargadh éisteachta níos óige ag an am céanna.” Minicíocht: 92.6 - 94.4 & 102.7 FM

Rí-Rá Ar RnaG

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 16 Iúi l 2014

Tuismitheoirí na GaeltachtaFógraíodh ag Cruinniú Cinn Bhliana

Thuismitheoirí na Gaeltachta le déanaí go bhfuil maoiniú de €40,000 in aghaidh na bliana ceadaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta Donncha Mac Fhionnglaoich don eagraíocht ar feadh tréimhse 3 bliana, .i. allúntas €120,000 ar an iomlán. Cuirfidh sé seo ar chumas na heagraíochta plean 3 bliana a chur i bhfeidhm le cúnamh agus tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil do t h e a g h l a i g h Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge, nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Mar thús le hobair an tsamhraidh, fáilteoidh Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh dhéagóirí ó Ráth Chairn, Co. na Mí, ag Campa Samhraidh Cumarsáide 2014 Chonamara arna eagrú i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus a bheidh ar bun in Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Tá spásanna ar fáil ar an gcampa go fóill ach teagmháil a dhéanamh leo ag [email protected] / +353 (0)87 3382885. Chomh maith leis sin, beidh ionadaí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta (Conamara) ag labhairt ag an Siompóisiam in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, ar 10.00rn maidin Shathairn, 28 Meitheamh 2014. Reáchtálfar cruinniú le tuismitheoirí Ghaoth Dobhair san ionad céanna níos déanaí an lá céanna fosta, áit a bheidh cur i láthair faoi obair na heagraíochta agus seans ann clárú le craobh Dhún na nGall

ar €10 ó 8.00in ar aghaidh. Beidh Campa Samhraidh Cumarsáide Ghaoth Dobhair á reáchtáil do dhéagóirí 12 – 15 bliana d’aois i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta i nGaoth Dobhair ó 30 Meitheamh - 4 Iúil 2014. Amhlaidh an champa i gConamara, beidh scileanna praiticiúla cumarsáide - ceamara, fuaim, eagarthóireacht,

r í omha i reacht - mar aon le scileanna c u m a r s á i d e pearsanta - cur i láthair, plé smaointe, obair foirne agus eile –

á sealbhú ag na daoine óga, uilig trí mheán na Gaeilge. Tá 15 áit ar an chúrsa seo agus costas €35 an duine air ach teagmháil a dhéanamh le Máire Nic Niallais ar +353 (0)87 674 0673 / +353 (0)74 9560657 / [email protected] chun áit a chur in áirithint. Más mó spéise atá ag na gasúir san aisteoireacht os comhair an cheamara ná san eagarthóireacht laistiar de, tá Campa Samhraidh Drámaíochta á reáchtáil ins An Dánlann i gCarraig an tSeascáin ó 7 - 11 Iúil 2014. Cúrsa drámaíochta do pháistí ó 5 - 11 bhliain d’aois le Suzanne Uí Ghallchóir agus Marina Nic Giolla Bhríde atá ann agus beidh gné ealaíne i gceist chomh maith, áit a bheidh na páistí ag obair ar an seit don dráma beag Dé hAoine i gcomhar le háisitheoir ealaíne. Tá 20 áit ar an champa seo ar chostas €35 an duine agus is féidir áit a chur in áirithint le Suzanne ag +353 (0)87 252 9258 / [email protected]. Tuilleadh eolais: www.tuismitheoiri.ie

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Glasaigh na GaeilgeTá an Comhaontas Glas tar

éis Cairt Teanga nuafhaofa a sheoladh don pháirtí, rud a leagann amach an chaoi a gcothóidh sé dátheangachas agus mar a chuirfidh sé fáilte roimh úsáid na Gaeilge sa pháirtí féin idir seo agus an chéad Olltoghchán eile. Dréachtófar Cairt nua ina dhiaidh sin agus í bunaithe ar aiseolas, ar cheachtanna a foghlaimíodh agus ar taithí a fuarthas i gcur i bhfeidhm na chéad Chairte. Agus é ag caint faoin gCairt, dúirt Seán Ó

Buachalla, Cathaoirleach Ghrúpa Polasaí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais gur “dearbhú poiblí é an doiciméad seo faoi thiomantas an Chomhaontais Ghlais do spreagadh fhás na Gaeilge sa pháirtí féin” agus go leagann sé plean foirmiúil

amach don dá bhliain le teacht faoin mbealach a dhéanfar seo i ngach gné den pháirtí. Tuilleadh eolais: www.greenparty.ie [email protected]

Ní hamháin gur éirigh leis an duine is óige ar an ngearrliosta duais a

thabhairt léi ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais nuair a bhain Doireann Ní Fhoighil an gradam d’Aisteoir na Bliana don ról s’aici sa ghearrscannán Rúbaí, ach bronnadh Buaic-Ghradam 2014 ar Ghearóid Ó Cairealláin ag searmanas na bliana seo. As ceantar na bhFál i mBéal Feirste do Ghearóid, agus tá sé gníomhach i saol agus i ngluaiseacht na Gaeilge ó bhí sé ina dhéagóir. Bhunaigh Gearóid an nuachtán seachtainiúil, Preas an Phobail, i Meán Fómhair 1981 sular bhunaigh sé féin agus Eoghan Ó Néill an chéad nuachtán laethúil Gaeilge, LÁ, in 1984. Ba thráchtaire aitheanta é Gearóid ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ, agus bhí lámh aige i mbunú fiche

tionscadal Gaeilge, ina measc sin Raidió Fáilte, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Meánscoil Feirste. Toghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge é in

1995. Leag stróc Gearóid sa bhliain 2006, stróc chomh tromchúiseach sin gur fógraíodh marbh é. Ach bhréagnaigh sé na saineolaithe agus cé gur fhág an stróc an taobh clé dá chorp gan mhothú, tá sé gníomhach i saol na Gaeilge ó shin. Léirigh

sé an dráma Wheelchair Monologues faoina shaol i gcomhar le Compántas Amharclainne Aisling Ghéar i mí Feabhra 2014 agus tá Gearóid ina Chathaoirleach ar Bhord Chultúrlann McAdam Ó Fiaich faoi láthair. Anuas air sin, bíonn sé ag craoladh ar Raidió Fáilte, aistríonn agus comhléiríonn sé drámaí, agus is colúnaí é ar an suíomh nuachta www.nuacht24.com.

Gearóid Ag Na Gradaim

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

Reáchtáil Conradh na Gaeilge lá eolais

do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath don chúigiú bliain as a chéile ar 11 Meitheamh 2014. Ba léir ón gcanbhásáil do na toghcháin áitiúla is déanaí go bhfuil géarghá ag an bpobal le tuilleadh deiseanna chun a mbuairimh a phlé go díreach lena n-ionadaithe poiblí, agus is deis bhliantúil í ócáid eolais agus chomhairliúcháin an Chonartha chun ionadaithe polaitíochta na

tíre a chur i gcomhairle le pobal labhartha na Gaeilge i dtaca le polasaithe agus le cinntí a imríonn tionchar ar an bpobal céanna. Phléigh polaiteoirí ó dheas reachtaíocht ríthábhachtach teanga, stádas na Gaeilge san Eoraip agus maoiniú na bhforas Gaeilge agus

Gaeltachta le hionadaithe ón eagraíocht abhcóideachta agus le daoine áitiúla ó na dáilcheantair éagsúla. Cuireadh béim ar chearta daonna phobal na teanga a chosaint thuaidh theas freisin.

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 16 Iúi l 2014

Lá Stocaireachta Ó Dheas

D’fhiafraigh Conradh na Gaeilge ar gach iarrthóir sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha a reáchtáladh an mhí seo caite, an mbeadh siad toilteanach seirbhís as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla ón údarás áitiúil, agus an mbeadh siad sásta go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016. D’iarr Conradh na Gaeilge ar iarrthóirí ó thuaidh an mbeadh siad sásta abhcóideacht a dhéanamh go poiblí chun Acht na Gaeilge a reachtú i bParlaimint Westminster freisin, agus ar iarrthóirí Eorpacha an mbeadh siad sásta Gaeilge a labhairt go rialta agus mar ghnáthchleachtas i bParlaimint na hEorpa, nó a gcuid

Gaeilge a fheabhsú mura bhfuil siad compordach le caighdeán a gcuid Gaeilge faoi láthair. Mhol Conradh na Gaeilge do gach vótálaí ceist áitiúil

a chur ar iarrthóirí áitiúla chomh maith, agus chláraigh baill an phobail na freagraí a fuaireadar ó na hiarrthóirí éagsúla leis an gConradh. Ár míle buíochas le gach duine a ghlac páirt sa suirbhé; beidh an t-eolas seo f í o r t h á b h a c h t a c h leis na hionadaithe a

toghadh a cheangal leis na gealltanais a rinne siad ar son na teanga mar chuid dá gcanbhásála. Beidh Conradh na Gaeilge i dteagmháil go leanúnach le Feisirí Pharlaimint na hEorpa agus leis na comhairleoirí a toghadh chun iad a spreagadh chun gnímh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta san am atá le teacht.

Toghcháin 2014

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

AighneachtaíTá an Coiste Forbartha

Pobail Áitiúil do Chontae na Gaillimhe, a bunaíodh le gairid, i mbun plean 6 bliana a fhorbairt a bheidh ina lón eolais ag forbairt pobail agus eacnamaíochta sa cheantar amach anseo. Reáchtáil Fóram Pobail Chontae na Gaillimhe cruinnithe comhchomhair leoireachta áitiúla ar fud an chontae i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcaitheamh na míosa chun tuairimí geallsealbhóirí éagsúla a fháil, agus iarrtar ar an bpobal, ar ghrúpaí

áitiúla pobail agus ar pháirtithe leasmhara eile a gcuid tuairimí a roinnt trí shuirbhé a chomhlánú ag www.surveymonkey.com/s/XJSW3HZ chomh maith. Is féidir aighneachtaí a sheoladh chuig [email protected] nó chuig Ann Mallaghan, An tOifigeach Forbartha Pobail, Fiontraíochta agus Eacnamaíochta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh freisin.

Sprioc: Dé Luain, 30 Meitheamh 2014. Tuilleadh eolais: www.gaillimh.ie

Foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil 2013 Oifig an Choimisinéara Teanga ar 17

Aibreán 2014, an deichiú tuarascáil bhliantúil atá foilsithe ó bunaíodh an Oifig deich mbliana ó shin. Rinneadh os cionn 6,000 gearán leis an Oifig maidir le cearta teanga le linn an ama sin; bhain 23% dóibh siúd le Ranna agus le hOifigí Rialtais, 32% le húdaráis áitiúla agus an chuid eile le réimse leathan eagraíochtaí stáit. Le linn na bliana 2013, phléigh Oifig an Choimisinéara Teanga le 775 cás i dtaca le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit á fháil trí Ghaeilge. Fuarthas comhréiteach ar fhormhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí cuí, nó trí chomhairle a chur ar fáil do ghearánaigh. Pléadh le 13 cinn d’imscrúduithe foirmiúla

agus rinneadh an cinneadh gur sáraíodh gnéithe ar leith den reachtaíocht teanga i gcás eagraíochtaí áirithe. Bhain péire

de na himscrúduithe sin leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus le teagasc trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Bhí 98 scéim teanga a chuimsigh 184 comhlacht poiblí daingnithe faoi dheireadh 2013 ach bhí 72 de na 98 scéim teanga sin imithe in éag faoi dheireadh na bliana sin. I gcás na n-údarás áitiúil, bhí 94% de na scéimeanna teanga imithe in éag, rud a léiríonn nach bhfuil córas

na scéimeanna ag feidhmiú i gceart le roinnt blianta anuas. Creideann Conradh na Gaeilge gur chóir go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla mar ábhar práinne. Tuilleadh eolais: www.coimisineir.ie

Tuarascáil an Choimisinéara

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2014

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 16 Iúi l 2014

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

• Féilte Ceoil an tSamhraidh

• Cé iad na ceoltóirí is fearr ag casadh beo, dar leat?• An bhfuil spéis ag cairde leat i gcúrsaí ceoil?• Cén cineál ceoil is fearr leat féin?• An raibh tú ag féile cheoil go fóill an samhradh seo?• An mbíonn tú ag campáil ar láthair na bhféilte?• An dtéann tú chuig féilte ceoil le cairde nó le do mhuintir?• An bhfuil puball de do chuid féin agat?• An dtugann tú do chuid bia féin leat chuig féilte ceoil?• An fearr leat freastal ar fhéile lae nó an fearr leat fanacht don deireadh

seachtaine ar fad?• Cad é an t-uasmhéid a chaithfeá ar thicéad d’fhéile cheoil?• An dóigh leat go bhfuil an-chostas ag baint leis na féilte ar fad?• Cad é an rud is fearr / is measa faoi fhéilte ceoil?• An bhfuil drochcháil ar fhéilte ceoil?• Ar chaill tú guthán póca / mála codlata ag féile cheoil riamh?• An mbíonn an iomarca ólacháin ar siúl ag féilte samhraidh?• An gcabhraíonn féilte ceoil le hearnáil na turasóireachta in Éirinn?• An gcuireann an drochaimsir isteach ar na ceolchoirmeacha?• An dtaistealófá thar lear le freastal ar fhéile cheoil?