25
IADT Plean Straitéiseach 2019 PB-01 Plean Straitéiseach 2019–2023 Todhchaíochtaí níos fearr cruthaithe le chéile

Plean Straitéiseach IADT Plean Straitéiseach 2019 · 2019. 2. 27. · 01-02 01 IADT Plean Straitéiseach 2019 01-02 Tá ríméad orm Plean Straitéiseach na hInstitiúide Ealaíne,

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • IADT Plean Straitéiseach 2019

    PB-01

    Plean Straitéiseach2019–2023Todhchaíochtaí níos fearr cruthaithe le chéile

  • 02-03

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    02

    02-03

    02-

    02

    03

    Brollach an Chathaoirligh

    Réamhrá an Uachtaráin

    Comhthéacs / Fachtóirí Seachtracha

    Dul Chun Cinn IADT / Fís Agus Luachanna

    Tosaíochtaí Straitéiseacha go 2023

    Téama 1: Sármhaitheas

    Téama 2: Forás

    Téama 3: Pobal

    Creat Cur Chun Feidhme

    Admhálacha

    01

    03

    06

    14

    24

    27

    31

    35

    39

    41

    Clár Ábhair

  • 01-02

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    01

    01-02

    01-

    01

    02

    Tá ríméad orm Plean Straitéiseach na hInstitiúide

    Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT)

    don tréimhse 2019-2013 a chur i láthair. Is

    plean iontach uaillmhianach é seo a forbraíodh

    le hionchur ó réimse páirtithe leasmhara

    inmheánacha agus seachtracha. Thar ceann an

    Chomhlachta Rialaithe, ba mhaith liom buíochas

    agus aitheantas a thabhairt dóibh siúd go léir a

    chur le forbairt agus cur i gcrích an phlean seo.

    Leagtar amach sa Phlean Straitéiseach

    seo ár bhfís don todhchaí, ina gcuirtear

    IADT in áit uathúil laistigh de réimse an

    ardoideachais in Éirinn, as a dtiocfaidh

    céimithe cruthaitheacha, fiontraíochta agus

    géarchúiseacha ó thaobh na teicneolaíochta de.

    Beidh rath an Phlean Straitéisigh seo ag

    brath go mór ar chomhoibriú leanúnach le

    hearnáil na tionsclaíochta, le gníomhaireachtaí

    rialtais agus lenár bpáirtithe leasmhara.

    Aithním obair iontach fhoireann IADT

    agus gnóthachtálacha ár mac léinn agus ár

    gcéimithe, na daoine atá ríthábhachtach

    i gcónaí do thodhchaí IADT.

    Tá baill Chomhlacht Rialaithe IADT ar aon

    fhocal liom maidir le tábhacht an phlean seo maidir

    le forás agus forbairt leanúnach IADT. Táimid

    ag súil go mór leis an todhchaí, agus an plean

    straitéiseach seo a chinnteoidh ár rath leanúnach

    mar thaca againn, agus tugaimid aghaidh go

    muiníneach ar na laethanta atá romhainn.

    CathaoirleachDavid Holohan

    Brollach an Chathaoirligh

  • 03-04

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    03

    03-04

    03-

    03

    04

    Fáilte go Plean Straitéiseach IADT, 2019 go 2023. Is

    éard atá i bplean straitéiseach ar bith ná deis chun

    fís, spriocanna agus tosaíochtaí na hInstitiúide a

    leagan amach don chéad chéim eile dár bhforbairt.

    Leagtar amach inár bPlean Straitéiseach go 2023

    fís uathúil don Institiúid seo againne. Tá bonn na

    físe seo bunaithe inár n-éiteas agus ar an mbéim

    shainiúil a chuirimid ar earnáil na cruthaitheachta,

    an chultúir agus na teicneolaíochta. Is ceann de na

    príomhdhifearálaithe é seo a dhéanann Institiúid

    Ardoideachais ar leith de IADT in Éirinn. Agus ré

    nua ann anois ina bhfuil tírdhreach an ardoideachais

    ag síorathrú, tá IADT soiléir maidir lena ról mar

    phríomh-institiúid ardoideachais speisialtachta

    na hÉireann in earnáil an chruthaitheacha, earnáil

    an chultúir agus earnáil na teicneolaíochta. Is mór

    againn ár ról uathúil laistigh de thírdhreach an

    ardoideachais in Éirinn agus déanaimid an ról sin a

    cheiliúradh. Ba mhaith linn IADT a chur chun tosaigh

    mar phríomhsholáthraí ardoideachais a bhfuil an-

    cháil air agus próifíl láidir aige ar fud ár ndisciplíní

    go réigiúnach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

    Mar is gnách, tá sé mar aidhm againn céimithe

    den chéad scoth a chur amach sa saol a bhfuil

    ardmheas orthu; a chaitheann saol, lena n-áirítear

    saol oibre, mar fhíorshaoránaigh dhomhanda; a

    chuireann le forbairt a dtionscail féin agus forbairt

    na sochaí go ginearálta, agus a chothaíonn a nasc le

    IADT i gcónaí. Leanaimid orainn de smaointeoireacht

    nua agus cleachtais chruthaitheacha nua a fhorbairt.

    Sa phlean straitéiseach seo, cuirfimid béim

    thábhachtach nua ar raon agus acmhainn

    réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta ár

    ndisciplíní sonracha a leathnú d’fhonn na réimsí

    sin a fhorbairt agus a leathnú tuilleadh.

    Chomh maith leis sin, cuirfimid béim

    níos mó ar idirnáisiúnú, ar thaighde ar líne

    agus ar an bhfoghlaim sholúbtha.

    Aithnímid an tábhacht a bhaineann le

    comhpháirtíochtaí agus comhaontais straitéiseacha

    in Éirinn ag an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta

    agus go hidirnáisiúnta. Cuireann ár bplean

    straitéiseach béim ar na comhpháirtíochtaí

    foirmiúla, na tionscadail chomhoibríocha agus

    an taighde seo a fhorbairt. Tá caidreamh láidir

    againn le hearnáil na tionsclaíochta agus lenár

    bpobal féin, agus leanaimid den bhéim a chuirtear

    air sin a fhorbairt tuilleadh sa straitéis seo.

    Táimid tiomanta do chultúr Institiúide a

    chothú agus a fhorbairt, cultúr a dhéanann

    léiriú ar ár gcroíluachanna agus croí-éiteas, atá

    aitheanta agus glactha chucu féin ag mic léinn

    agus baill foirne, agus atá ina chuid lárnach

    dár n-iompair agus idirghníomhaíochtaí uile

    laistigh de phobal na hInstitiúide seo againne.

    Is bunphrionsabail lárnacha na hnstitiúide

    iad prionsabail an chomhionannais agus na

    cothroime. Tugaimid comhdheiseanna dár

    mic léinn agus baill foirne uile. Ceiliúraimid

    éagsúlacht agus difríochtaí agus féachaimid le

    timpeallacht ionchuimsitheach a sholáthar ina

    léirítear meas ar dhaoine eile agus atá saor ón

    idirdhealú agus ón gciapadh. Táimid tiomanta

    do ghníomhaíochtaí dearfacha a chur i bhfeidhm

    chun dul i ngleic le héagothroime ar bith atá ann.

    Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt

    dóibh siúd uile a ghlac páirt agus an plean

    seo á leagan amach agus á fhorbairt.

    Táim ag súil leis an gcéad chéim eile

    d’fhorbairt IADT mar institiúid Ealaíne, Deartha

    agus Teicneolaíochta uathúil speisialaithe a

    léiríonn fís shoiléir uaillmhianach don todhchaí.

    UachtaránDr Annie Doona

    Réamhrá an Uachtaráin

  • 05-06

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    05

    05-06

    05-

    05

    06

    Comhthéacs

    Fachtóirí Seachtracha

    Cuid a hAon

  • 07-08

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    07

    07-08

    07-

    07

    08

    Cuid a hAon

  • 09-10

    09

    09-10

    09

    ComhthéacsIs é IADT an t-aon Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta in Éirinn a dhíríonn go sonrach ar earnáil an chruthaitheacha, earnáil an chultúir agus earnáil na teicneolaíochta.Tá fréamhacha IADT bunaithe in ealaín agus dearadh, agus tá an Institiúid tar éis forbairt ón gcéad bhonnchúrsa in Éirinn sna 1960idí go Coláiste Ealaíne agus Deartha Dhún Laoghaire sna 1980idí agus go hInstitiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire in 1997.

    Tá sé mar fhís ag IADT i gcónaí a bheith ina hinstitiúid a sheasfadh an fód ar bhonn agus cáil a cúrsaí ealaíne, deartha agus meán, agus disciplíní na daonnachtaí, na teicneolaíochta, na síceolaíochta feidhmí agus an ghnó fiontraíochta a chuimsiú freisin ag an am céanna. Tá an Institiúid faoi bhláth ó bunaíodh í 20 bliain ó shin agus aithnítear anois í mar phríomh-institiúid chruthaitheach, chultúrtha agus teicneolaíochta na hÉireann, as a dtagann céimithe den scoth ar fud raon leathan disciplíní lena n-áirítear réimse na beochana, réimse na scannánaíochta, réimse na healaíne, réimse na daonnachtaí, réimse na teicneolaíochtaí, réimse na síceolaíochta feidhmí agus réimse an ghnó fiontraíochta.

    Forbraíodh an plean straitéiseach seo le linn tréimhse inar tharla athrú mór ó thaobh an ardoideachais. Dá bharr sin, beidh na cúinsí ina mbeidh IADT ag feidhmiú sna cúig bliana atá romhainn i bhfad níos difriúla ó na cúinsí ina raibh sí ag feidhmiú san am atá thart. Cé go gcuirfidh sé sin dúshláin roimh an Institiúid, tiocfaidh deiseanna suntasacha leis freisin ó thaobh an fhoráis agus na forbartha de. Leanfaimid de bhéim ar leith a leagan ar earnáil na cruthaitheachta, an chultúir agus na teicneolaíochta.

    Le rith Acht na nOllscoileanna Teicneolaíochta, 2018 agus bunú na chéad Ollscoile Teicneolaíochta ina dhiaidh sin ar an 1 Eanáir 2019, leagtar amach tírdhreach iomlán difriúil d’Institiúidí Ard-Oideachais (IAOanna) uile, go mór mór dóibh siúd atá ag feidhmiú in earnáil na nInstitiúidí Teicneolaíochta. Le bunú Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath le déanaí, tiocfaidh athrú ar réigiún Bhaile Átha Cliath, áit a raibh ceithre Institiúid Teicneolaíochta roimhe sin. Dá bharr sin, tá cúinsí feidhmíochta difriúla agus deiseanna ar leith ann anois do IADT agus í fágtha mar an t-aon Institiúid Teicneolaíochta amháin i mBaile Átha Cliath.

    Cuid a hAon

    09-10

    IADT Strategic Plan 2019

  • 11-12

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    11

    11-12

    11

    Neamhchinnteacht maidir le

    maoiniú agus easpa beartais

    shoiléir maidir le táillí san

    ardoideachais.

    Riachtanais athraitheacha cohórt

    éagsúil mac léinn a d’fhéadfadh a

    bheith ag céimeanna difriúla ina

    saol agus ina dturais oideachais

    agus ar a bhfuil leibhéil

    dhifriúla tacaíochta de dhíth.

    Próifíl athraitheach iarratais

    mac léinn

    Breis iomaíochta ó Institiúidí

    Ardoideachais eile ar bhonn

    náisiúnta agus idirnáisiúnta.

    Tionscnaimh amhail an Chairt

    Athena Swan a thabhairt isteach,

    agus forbairtí seachtracha eile,

    lena n-áirítear an Rialachán um

    Shonraí Ginearálta a Chosaint

    agus Brexit, a leagan síos

    caighdeáin agus ionchais nua

    d’Institiúidí Ardoideachais.

    Srianta leanúnacha ar an

    airgeadas agus maoiniú poiblí a

    chuirtear ar fáil do IAOanna,

    ar chúiseanna na forbartha

    caipitil go háirithe,agus éagumas

    Institiúidí Teicneolaíochta

    airgead a fháil ar iasacht.

    Caidreamh a chothú le po-

    bail, fiontair, tionscail agus

    soláthraithe an oideachais ar

    bhonn réigiúnach, náisiúnta

    agus idirnáisiúnta chun seirbhís

    níos comhtháite a sholáthar do

    pháirtithe leasmhara uile agus

    ról lárnach a bheith aige ó tha-

    obh earnáil na cruthaitheacha,

    earnáil an chultúir agus earnáil

    na teicneolaíochta a fhorbairt.

    Idirnáisiúnú an ardoideachais

    agus leibhéil mhéadaithe

    soghluaisteachta mac léinn agus

    foirne

    Noirm, cleachtais agus slite

    oibre athraitheacha in earnáil

    na tionsclaíochta, a mhúnlaíonn

    agus a chinneann an t-eolas agus

    na scileanna is gá do chéimithe

    nua agus iad ag dul amach sa

    saol oibre.

    Forás breise sa teicneolaíocht

    dhigiteach a chumasaíonn

    múinteoireacht agus foghlaim

    ardchaighdeáin thar theorain-

    neacha geografacha trí chur i

    láthair ar líne agus roghanna

    solúbtha eile a spreagann ran-

    npháirtíocht san oideachas ó

    chohórt leathan mac léinn.

    Breis éilimh ar ár mbaill foirne

    chun a n-eolas agus scileanna

    a choinneáil suas chun dáta. I

    gcás na foirne acadúla, áirítear

    leis sin an gá atá le forbairt

    ghairmiúil leanúnach a dhéanamh

    chomh maith le páirt a ghlacadh

    i ngrúpaí agus tionscadail

    tionscail-bhunaithe chun a

    modhanna múinte, foghlama agus

    cur i láthair a fheabhsú go

    leanúnach. Chomh maith leis sin,

    bíonn gá ann i gcónaí go gcuireann

    ár bhfoireann ghairmiúil, ár

    bhfoireann bainistíochta agus

    ár bhfoireann tacaíochta lena

    scileanna agus go ndéanann siad

    a a gcuid eolais a fhorbairt

    ionas gur féidir leo freagairt

    d’athruithe inár dtimpeallacht

    oibriúcháin agus bealaí nua oibre

    a ghlacadh chucu féin.

    Forbairt leanúnach beartas agus

    straitéisí ar bhonn náisiúnta

    a leanann d’earnáil an

    ardoideachais agus an tsochaí

    ina hiomláine a athrú ó bhonn.

    Tá IADT ar an eolas faoi, agus freagróidh siad do, roinnt fachtóirí seachtrach eile, lena n-áirítear:

    Cuid a hAon

    Fachtóirí Seachtracha

    11-12

  • 13-14

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    13

    13-14

    13-

    13

    14

    Cuid a DóCuireann na fachtóirí seachtracha thuasluaite dúshláin roimh IADT agus é ag tosú amach i dtírdhreach iomlán nua. Leis na dúshláin sin áfach, tagann deiseanna. Tá roinnt mhaith machnaimh déanta againn maidir leis an ról a ghlacfaimid sa tírdhreach seo atá athraithe go suntasach agus atá fós ag athrú. Tá sé beartaithe againn fanacht mar choláiste féinrialaithe - bíodh é sin mar Institiúid Ardoideachais nó, i rith ama agus i gcás amháin go gcabhraíonn sé lenár n-uaillmhianacha straitéiseacha a bhaint amach, féadfaimid machnamh a dhéanamh ar dheiseanna amach anseo a thabharfaidh buntáiste dár bhféinrialachas, a choinneoidh ár n-iontaofacht agus a chuirfidh ár mbranda chun cinn. Is maith a thuigimid an áit atá againn i dtírdhreach an ardoideachais in Éirinn, ag coinneáil agus ag forbairt comhaontuithe comhpháirtíochta a thacaíonn le cur chun feidhme an phlean straitéisigh seo, lenár samhail acadúil um shármhaitheas réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta i gcláir shonracha agus le deiseanna ar chomhoibríochtaí agus caidrimh fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla le soláthraithe eile ardoideachais a iniúchadh ar bhonn réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

    An t-aon Institiúid Teicneolaíochta i mBaile Átha Cliath, déanfaidh IADT í féin a athchóiriú ionas gur féidir léi leanúint de bheith ag forbairt agus a bheith chun tosaigh sa timpeallacht athraitheach seo. Cuirimid fáilte roimh an dúshlán nua seo. Forbraítear na tosaíochtaí agus cuspóirí a leagtar amach sa phlean straitéiseach seo chun a chur ar chumas na hInstitiúide dul chun cinn a dhéanamh sa timpeallacht nua seo. Go speisialta, tugann an straitéis seo samhail acadúil nua isteach a chuirfidh ar ár gcumas forbairt a dhéanamh, cláir a sholáthar agus comhpháirtíochtaí a bhunú ar bhonn réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Déanfar an tsamhail seo a fhorbairt agus a athchóiriú thar shaolré an phlean straitéisigh seo, agus úsáidfear é chun tacú le cláir a fhorbairt, chun díriú ar fhorás, chun tosaíochtaí taighde a stiúradh agus chun feabhas a chur ar phróifíl, branda agus cáil na hinstitiúide laistigh de chríocha réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

    Dul Chun Cinn IADT

    Fís Agus Luachanna

    Cuid a hAon

  • 15-16

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    15

    15-16

    15-

    15

    16

    — Cuireadh feabhas ar ár bpróifíl trí aitheantas a fháil don Institiúid

    agus d’obair ár mac léinn, ár mball

    foirne agus ár gcéimithe ag mór-

    ócáidí ardphróifíle idirnáisiúnta

    bronnta gradaim agus eile.

    — Cuireadh go mór le straitéis agus beartas náisiúnta, lena

    n-áirítear páirt ghníomhacha a

    ghlacadh san Fhóram Dearaidh

    Náisiúnta.

    — Forbraíodh Plean Acadúil do IADT agus rinneadh ár bportfóilió clár

    a athbhreithniú agus a fheabhsú.

    — Méadaíodh go mór líon na ndeiseanna socrúcháin oibre

    agus intéirneachtaí do mhic

    léinn ar fud ár gclár go léir,

    agus cuireadh modúil maidir le

    hinfhostaitheacht agus cleachtas

    gairmiúil leis na cláir ar fad

    chun scileanna fiontraíochta

    na mac léinn a fheabhsú, lena

    n-áirítear páirt ghníomhach a

    ghlacadh in Enactus.

    — Cruthaíodh sineirgí ar fud na ndámh ar fad chun tacú

    le hoibriú trasdháimhe agus

    idirdhisciplíneach.

    — Forbraíodh roinnt tionscnamh chun feabhas a chur ar rátaí coinneála

    mac léinn, lena n-áirítear Clár

    Ionduchtaithe nua a thabhairt

    isteach – First Year Matters.

    — Glacadh páirt i gComhdháil Iub-haile na nGréasán Inrochtana

    Eorpach agus forbraíodh roinnt

    tionscnamh inrochtana chun tacú

    le mic léinn lánfhásta, mic léinn

    faoi mhíchumas, agus leo siúd a

    thagann ó chúlra atá faoi mhíb-

    huntáiste maidir le rochtain a

    fháil ar an ardoideachas.

    — Aithníodh IADT mar cheann de na 10 scoil beochana is fearr san

    Eoraip.

    — Bhain IADT maoiniú amach le haghaidh Foirgnimh um Meáin

    Dhigiteacha ar an gcampas.

    — Rinneadh ár gcampas a athchóiriú agus a nua-aoisiú,

    lena n-áirítear foirgneamh na

    leabharlainne agus an Aitriam.

    — Cuireadh feabhas ar rochtain mac léinn ar shaoráidí agus trealamh

    den scoth trí chomhpháirtíochtaí

    agus comhaontuithe seachtracha.

    — Méadaíodh ár bpróifíl taighde, maoiniú um thaighde agus

    gníomhaíocht i measc na foirne.

    — Glacadh páirt ghníomhach i gcomhoibríochtaí tras-

    institiúideacha trí bhraislí

    réigiúnacha, lena n-áirítear

    Braisle Bhaile Átha Cliath

    agus Laighean um Cholún 1

    agus Cuibhreannas Réigiúnach

    Nuálaíochta Bhaile Átha Cliath.

    Leagtar amach sa Phlean Straitéiseach (2014-2018) roimhe seo spriocanna uaillmhianacha na hInstitiúide, agus d’éirigh linn ár dtosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach le linn na tréimhse sin. Leagtha amach sa chuid seo den phlean, tá cuid de phríomhratha na hInstitiúide a baineadh amach le cúig bliana anuas.

    Dul Chun Cinn IADT

    Cuid a Dó

  • 17-18

    17

    17-18

    17-

    17

    18

    Bhíomar uaillmhianach arís agus ár bplean straitéiseach nua á fhorbairt againn, agus é á aithint againn go gcaithfimid dúshlán a chur romhainn barr feabhais a bhaint amach inár dtimpeallacht feidhmíochta nua. Sna codanna seo a leanas den phlean, leagtar amach ár bhFís, ár Luachanna agus ár dTosaíochtaí Straitéiseacha don tréimhse 2019 go 2023.

    — Neartaíodh ár gcaidrimh le hearnáil an Bhreisoideachais agus

    Oiliúna agus forbraíodh Meabhrán

    Tuisceana le roinnt Coláistí

    Breisoideachais.

    — Bunaíodh comhpháirtíochtaí foirmiúla le IAOanna idirnáisiúnta

    agus rinneadh tuilleadh forbartha

    ar ár gClár Erasmus.

    — Glacadh páirt i Springboard agus tionscnamh gníomhachtúcháin

    mhargadh an tsaothair.

    — Neartaíodh ár rannpháirtíocht le hearnáil na tionsclaíochta

    agus forbraíodh cláir, idir

    chláir chreidiúnaithe agus

    neamhchreidiúnaithe, a bhí dírithe

    ar earnáil na tionsclaíochta i

    gcomhar le roinnt eagraíochtaí

    comhpháirtíochta.

    — Neartaíodh an caidreamh atá againn lenár bpobal trí rannpháirtíocht

    mac léinn agus foirne i

    dtionscnaimh phobail agus cláir

    mheantóireachta a chothú.

    — Rinneadh infheistíocht i bhforbairt foirne agus tugadh

    tacaíocht d’Fhorbairt Ghairmiúil

    Leanúnach.

    — Tugadh isteach roinnt tionscnamh comhionannais agus éagsúlachta

    agus glacadh páirt sa Chairt

    Athena Swan.

    — Tugadh isteach tionscnaimh a bhí dírithe ar stíl mhaireachtála

    cothrom agus ar an dea-shláinte

    fhisiciúil agus mheabhairshláinte

    a chur chun cinn i measc mhic

    léinn agus fhoireann IADT.

    — Bunaíodh feidhm mhargaíochta agus cuireadh i bhfeidhm roinnt

    tionscnamh chun feabhas a chur ar

    bhranda IADT.

    — Neartaíodh cáil na Scoile Náisiúnta Scannánaíochta

    trí comhpháirtíochtaí

    seachtracha a fhorbairt le

    heagraíochtaí craoltóireachta,

    trí chomhaontuithe a bhunú

    le scoileanna scannánaíochta

    idirnáisiúnta, agus trí bhaill

    iomráiteacha den tionscail

    scannánaíochta a úsáid chun

    sraith léachtaí na Scoile

    Náisiúnta Scannánaíochta a

    chur i láthair.

    — Athfhorbraíodh suíomh gréasáin IADT.

    — Cuireadh feabhas ar an mbéim a leagtar ar éifeachtúlacht agus

    inbhuanaitheacht fuinnimh ar fud

    na hInstitiúide.

    17-18

    Cuid a Dó

    IADT Strategic Plan 2019

  • 19-20

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    19

    19-20

    19-

    19

    20

    Fís Is ceannaire í IADT i réimse an ardoideachais a chuireann fócas speisialaithe ar fhorbairt dhéantóirí, mhúnlóirí, theicneolaithe, smaointeoirí, scéalaithe agus chruthaitheoirí na todhchaí a bhíonn chun tosaigh agus i mbun nuálaíochta i saol digiteach athraitheach na linne seo.

    Cuid a Dó

  • 21-22

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    21

    21-22

    21

    Ag gcroílár gach a ndéanaimid, tá bunchuspóir

    ár nInstitiúide: is é sin oideachas a chur

    ar ár mic léinn agus é a chur ar a gcumas

    an mianach atá iontu féin a bhaint amach. Is

    mór againn an chruthaitheacht, an nuálaíocht

    agus an fhiontraíocht atá acu agus an méid

    a chuireann siad le todhchaí IADT, ár

    ndisciplíní, agus an tsochaí ina hiomláine

    a mhúnlú.

    Tá cultúr na sármhaitheasa ag croílár gach

    a ndéanaimid. Lorgaímid deiseanna chun ár

    nInstitiúid agus ár ndisciplíní a chur chun

    cinn agus a fhorbairt, agus feabhas a chur

    ar an luach a chuirimid ar fáil do mhic

    léinn, do bhaill foirne agus do pháirtithe

    leasmhara.

    Féachaimid le hInstitiúid shábháilte

    thacaíochta a chruthú a chuireann folláine

    agus dearfacht chun cinn, agus a chuireann ar

    chumas mac léinn agus ball foirne an mianach

    atá iontu féin chomh maith lena spriocanna

    oideachais agus gairme a bhaint amach.

    Tá ardmheas againn ar ár bhfoireann. Is mór

    againn an méid a chuireann siad i gcónaí le

    sármhaitheas, oibríochtaí agus le forbairt

    acadúil IADT, agus an ról atá acu maidir le

    éispéireas dearfach a chothú do mhic léinn.

    Tá an tsaoirse smaointeoireachta, an tsaoirse

    tuairimíochta agus an tsaoirse fiosrúcháin

    ina gcuid dhílis agus riachtanach den

    phobal seo againne. Is mór againn dearcaidh

    agus tuairimí ár bhfoirne acadúla agus

    an t-ionchur cothrom agus saineolaíoch a

    dhéanann siad ó thaobh an teagaisc, ó thaobh

    na foghlama agus ó thaobh an taighde de.

    Is bunphrionsabail lárnacha na Institiúide

    iad prionsabail an chothromais agus na

    cothroime. Cinnteoimid comhdheiseanna

    d’ár mic léinn agus baill foirne uile.

    Ceiliúraimid éagsúlacht agus difríochtaí

    agus cuirimid timpeallacht ionchuimsitheach

    ar fáil ina léirítear meas ar dhaoine

    eile agus atá saor ón idirdhealú agus ón

    gciapadh. Táimid tiomanta do thionscnaimh

    ghníomhaíochta dearfacha a chur i bhfeidhm

    chun dul i ngleic le héagothroime.

    Táimid freagrach go sóisialta agus meabhrach

    i gcónaí ar chúrsaí saoránachta. Caithimid

    go heiticiúil, go hiontaofa agus go hionraic

    le daoine i ngach a ndéanaimid. Léirímid

    meas ar an gcomhshaol agus déanaimid ár

    ndícheall chun é a chosaint, agus cuirimid

    cleachtais inbhuanaithe chun cinn i gcónaí.

    Cothaímid agus cuirimid chun cinn pobail

    chleachtais; ag comhoibriú, ag tabhairt

    aghaidh ar noirm agus ag glacadh smaointí

    chugainn féin le cruthaitheacht, le

    fuinneamh agus le machnamh criticiúil.

    LuachannaMar bhuntaca le hobair IADT, tá an tacar seo de chroíluachanna:

    Cuid a Dó

    Meas a Léiriú ar ár Mhic Léinn

    Sármhaitheas

    Timpeallacht Tacaíochta

    Meas a Léiriú ar ár bhFoireann

    Pobail Chleachtais

    Freagracht Shóisialta, Iontaofacht agus Eitic

    Cothromas agus Éagsúlacht

    Saoirse Acadúil

    21-22

  • 23-24

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    23

    23-24

    23-

    23

    24

    Cuid a Trí

    Tosaíochtaí Straitéiseacha go 2023

  • 25-26

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    25

    25-26

    25-

    25

    26

    Aithnítear sa phlean seo 11 tosaíocht straitéiseacha a mbaineann comhthábhacht leo, ar fud trí réimse téamacha:

    Tosaíochtaí Straitéiseacha go 2023

    Cuid a Trí

    TÉAMA 1

    Sármhaitheas

    TÉAMA 2

    Forás

    TÉAMA 3

    Pobal Caidreamh a Chothú le Pobal IADT agus Tacaíocht a Thabhairt do Phobal IADT

    Caidreamh a Chothú le Foireann IADT agus Tacaíocht a Thabhairt d’Fhoireann IADT

    Ár gCultúr a Fhorbairt

    Oideachas a chur ar Mhic Léinn

    Taighde a Dhéanamh agus Eolas a Fhorbairt

    Cumarsáid Gastacht agus Éifeachtúlacht Oibríochtúil a Mhéadú

    Mic Léinn a Mhealladh

    Institiúid Idirnáisiúnta a Fhorbairt

    Comhoibriú agus Comhpháirtíochtaí a Fhorbairt

    Ár Scileanna agus Ár gCaidrimh le hEarnáil na Tionsclaíochta a Neartú

  • 27-28

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    27

    27-28

    27-

    27

    28

    Taighde a Dhéanamh agus Eolas a FhorbairtDéanfaimid ár n-acmhainn agus ár gcumais taighde, forbartha, fiontraíochta agus

    nuálaíochta a neartú, agus ár ngníomhaíochtaí a dhíriú ar dhisciplíní sonracha.

    — Ár gcláir a fhorbairt agus a chothú i gcomhréir lenár spriocanna maidir le sármhaitheas réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach.

    — Cláir shonracha a fhorbairt go caighdeáin na sármhaitheasa atá le fáil i réimse an ardoideachais go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cláir shonracha a chur ar fáil ag an mbunleibhéal agus ag an leibhéal fochéime, iarchéime agus gairmiúil.

    — Réimse modúl comhroinnte a dhearadh a chuirfidh bonn comhsheasmhach lenár gcláir maidir le croíscileanna a fhorbairt ar fud disciplíní éagsúla agus cruthaitheacha.

    — Athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcláir agus iad a fhorbairt ionas go ndéanann siad scileanna teicneolaíochta, cruthaitheacha agus fiontraíochta a chomhtháthú ar fud na gclár ar fad.

    — Athbhreithniú, athnuachan agus athstruchtúrú ó bhonn a dhéanamh ar réimse ár gclár reatha, ag déanamh iad a athnuachan nó a athainmniú, nó a n-acmhainn a mhéadú nó a laghdú, nó cláir nua ar fad a fhorbairt de réir mar is gá.

    — Socrúchán oibre agus/nó tionscadail oibre agus cur i gcrích modúil roghnacha/chomhroinnte a dhaingniú sna cláir uile.

    — Bealaí seachadta na gclár a leathnú agus seachadadh ar líne agus seachadadh cumaisc a thabhairt isteach chun solúbthacht bhreise a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí.

    — Feabhas a chur ar ár ról agus ár gcumais a leathnú mar sholáthraí oideachais ghairmiúil chun an fhoghlaim fhadsaoil a spreagadh agus a thacú ar fud disciplíní sonracha.

    — Idirnáisiúnú ár gcuraclaim a fheabhsú. Cultúir eile a aithint agus a ghlacadh chugainn féin agus éagsúlacht a chur chun cinn ar fud na gclár uile.

    — Borradh a chur faoi líon na gclár iarchéime atá ar fáil agus á ndéanamh.

    — Tosaíochtaí disciplíne a aithint a ligfidh do IADT díriú ar an tsármhaitheas taighde agus leanúint de mhodhanna cleachtais taighde a dhéanamh a cheadaíonn rannpháirtíocht iomlán, agus a shaothraíonn agus a dhaingníonn cultúr láidir taighde ar a mbeidh ardmheas laistigh den Institiúid.

    — Infheistíocht a dhéanamh inár n-infrastruchtúr agus tacaíochtaí taighde chun pobail taighde a fhorbairt agus a chothú. Tacaíocht agus spreagadh a thabhairt don fhoireann chun cineálacha cleachtais taighde a fhorbairt agus a iniúchadh.

    — Comhpháirtíochtaí agus comhoibríochtaí taighde a fhorbairt ar go réigiúnach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, ag leanúint deiseanna a fheabhsaíonn cáil na hInstitiúide maidir le sármhaitheas taighde ar fud earnáil an chruthaitheacha, an chultúir agus na teicneolaíochta.

    — Leanúint de thacaíocht a thabhairt do chuideachtaí nuathionscanta a léiríonn tosaíochtaí na hInstitiúide tríd an ngorlann gnó dár gcuid, agus a n-ionchur i bhforbairt todhchaí ár nInstitiúide agus an gheilleagair náisiúnta a éascú agus a spreagadh.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    Mic léinn agus iarchéimithe ar shaoránaigh domhanda iad, atá ag cur go gníomhach le forbairt a dtionscal agus na sochaí go ginearálta, agus a chothaíonn a nasc le IADT i gcónaí.

    1.2

    Toradh Straitéiseach

    Oideachas a chur ar Mhic LéinnCuirfimid teagasc agus foghlaim ardchaighdeáin atá bunaithe ar fhiosrúchán ar fáil, a

    spreagann agus a dhaingníonn fiosracht, nuálaíocht, cruthaitheacht agus fiontraíocht ar

    fud ár ndisciplíní ar fad.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    1.1

    Taighde, forbairt, fiontraíocht agus nuálaíocht a bheith daingnithe i gcultúr IADT, agus an Institiúid a bheith aitheanta as a hionchur i gcur chun cinn réimsí tosaíochta taighde na hInstitiúide.

    Toradh Straitéiseach

    Cuid a Trí

    TÉAMA 1

    Sármhaitheas

  • 29-30

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    29

    29-30

    29-

    29

    30

    Gastacht agus Éifeachtúlacht Oibríochtúil a MhéadúDéanfaimid ár struchtúir agus próisis inmheánacha a fhorbairt trí infheistíocht a

    dhéanamh sa teicneolaíocht a thacaíonn lenár n-oibríochtaí, agus cinnteoimid go

    bhfeidhmíonn an Institiúid dúinn go léir ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach.

    — Ár gcroí-teachtaireachtaí branda a fhorbairt. Cuirfimid iad seo i láthair agus in iúl trí fheachtais leanúnacha chun ár scéal a insint, chun tacú lenár rath agus chun béim a chur ar na rudaí a fhágann gur institiúid ar leith atá in IADT.

    — Cleachtais chumarsáide straitéiseacha a fhorbairt i ndáil le cláir shonracha, chun an t-aitheantas ar na cláir sin a fheabhsú ag an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

    — Cáilíocht agus saineolas fhoireann IADT a chur chun cinn go seachtrach ar mhaithe le baill foirne a chumasú chun go gcuirfidh siad le plé náisiúnta agus idirnáisiúnta agus le forbairt phróifíl IADT.

    — Aitheantas láidir ar fho-bhrandaí príomha na hInstitiúide a aithint agus a chur chun cinn ar bhonn réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta, i.e. an Scoil Náisiúnta Scannánaíochta agus an Media Cube.

    — Cinnteoimid go bhfuil ár bpróisis agus nósanna imeachta uile éifeachtúil agus go ndéanann siad freastal ar riachtanais ár bhfoirne, ár mac léinn agus ár bpáirtithe leasmhara eile.

    — Forbróimid campas digiteach chun solúbthacht agus próisis a fheabhsú, chun ualach riaracháin a laghdú agus chun éifeachtúlachtaí do mhic léinn agus do bhaill foirne a spreagadh ar fud na hInstitiúide.

    — Rannpháirtíocht a dhéanamh leis an bhfoireann chun deiseanna ar fheabhsú leanúnach a aithint agus éifeachtúlachtaí a phróiseáil, agus an oiliúint agus tacaíocht riachtanach a chur i bhfeidhm chun ligean dóibh bealaí nua oibre a ghlacadh chucu féin.

    — Bealaí inmheánacha cumarsáide a fhorbairt chun tacú le rannpháirtíocht trasdháimhe, agus béim a chur ar rath, garspriocanna agus gnóthlachtaí na mac léinn agus na mball foirne chomh maith le hiad a chur chun cinn.

    — Bealaí cumarsáide inmheánacha a fhorbairt agus a bheachtú tuilleadh chun trédhearcacht agus roinnt an eolais agus smaointí a chinntiú.

    — Próiseas meastóireachta a fhorbairt a thacaíonn le hathbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar IADT, a spreagann feabhsú leanúnach agus a cheadaíonn solúbthacht chun freagairt d’athruithe sa timpeallacht inmheánach agus sheachtrach.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    Teachtaireacht shoiléir chomhsheasmhach a chur in iúl do pháirtithe leasmhara maidir le sármhaitheas IADT mar phríomhsholáthraí an oideachais chruthaithigh, chultúrtha agus teicneolaíochta a bhfuil clú agus próifíl láidir aige ar fud na ndisciplíní ar bhonn réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

    1.4CumarsáidDéanfaimid branda IADT a fheabhsú agus a athnuachan. Cuirimid ár bhfís agus an

    t-eispéireas a chuirimid ar fáil in iúl chun a chinntiú go bhfuil tuiscint shoiléir chomónta

    ann ar IADT. Cuirfimid lenár bpróifíl ar bhonn réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    1.3

    Próisis agus oibríochtaí inmheánacha atá reatha, éifeachtúil, éifeachtach agus cumasaithe go digiteach de réir mar is iomchuí, agus a thugann aghaidh ar riachtanais mhac léinn agus riachtanais foirne ina ngníomhaíochtaí agus ina gcaidrimh uile ar an gcampas.

    Cuid a Trí

    TÉAMA 1

    Sármhaitheas

    Toradh Straitéiseach Toradh Straitéiseach

  • 31-32

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    31

    31-32

    31-

    31

    32

    Institiúid Idirnáisiúnta a FhorbairtLeanfaimid dár mbranda, dár bpróifíl agus dár gcáil a fheabhsú go hidirnáisiúnta.

    Aithneofar IADT go hidirnáisiúnta mar rogha na mac léinn, na foirne agus na

    gcomhpháirtithe i ndáil le cláir shonracha.

    — Cláir shonracha den chaighdeáin feabhais réigiúnaigh, náisiúnta agus idirnáisiúnta a fhorbairt ar fud ár ndisciplíní agus réimse iom-lán clár a chur ar fáil de réir mar is cuí laistigh de na disciplíní sin, lena n-áirítear oideachas ag an mbunleibhéal agus ag an leibhéal fo-chéime, iarchéime agus gairmiúil.

    — Ár n-acmhainn a leathnú agus líon ár mac léinn a mhéadú i réimsí clár inar mó leibhéal an éilimh ná leibhéal na hacmhainne reatha.

    — Ionadaíocht níos leithne mac léinn a mheal-ladh ó áiteanna difriúla ar fud na hÉireann, ar fud an Aontais Eorpaigh agus ar fud an domhain.

    — Leanúint de mhic léinn ó chúlraí is lú ion-adaíochta a mhealladh agus a thacú.

    — Réigiúin tosaíochta a aithint le haghaidh forbartha idirnáisiúnta. Caidrimh reatha a fhorbairt agus caidrimh nua a chruthú le piaraí idirnáisiúnta.

    — Deiseanna a lorg chun comhoibriú a dhéanamh ar chláir áirithe le soláthraithe idirnáisiúnta ardoideachais a bhfuil cáil an bhairr feabhais orthu.

    — Deiseanna agus tacaíochtaí malairte idirnáisiúnta a leanúint do mhic léinn agus baill foirne i gcláir áirithe.

    — Struchtúir agus próisis a fhorbairt chun tacú le IADT teacht chun a bheith ina Institiúid idirnáisiúnta aitheanta.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    Institiúid atá a spriocanna foráis bainte amach aige agus a mheallann mic léinn éagsúla chun staidéar a dhéanamh ar chláir atá aitheanta go réigiúnach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

    2.2Mic Léinn a MhealladhLeanfaimid de líon na mac léinn a mhéadú ar fud ár ndisciplíní uile. Díreoimid go

    straitéiseach ar fhorás i gcomhréir lenár spriocanna chun an tsármhaitheas réigiúnach,

    náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    TÉAMA 2

    Forás

    2.1

    Tá IADT aitheanta in Éirinn agus thar lear mar cheannaire idirnáisiúnta i gcláir shonracha, a mheallann mic léinn agus baill foirne éagsúla, agus a dhéanann caidrimh a chothú le hearnáil na tionsclaíochta agus céimithe a chur amach a bhfuil sé ar a gcumas acu a bheith ina gcinnirí agus ina nuálaithe i saol athraitheach atá nasctha go digiteach.

    Cuid a Trí

    Toradh Straitéiseach Toradh Straitéiseach

  • 33-34

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    33

    33-34

    33-

    33

    34

    Ár Scileanna agus Caidrimh le hEarnáil na Tionsclaíochta a NeartúNeartóimid ár naisc le hearnáil na tionsclaíochta agus déanfaimid plé le saineolaithe

    tionscail, chun a chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha ag ár gcéimithe chun barr

    feabhais a bhaint amach ina ngairmeacha todhchaí.

    — Déanfaimid caidrimh le piaraí acadúla, spei-sialtóirí agus saineolaithe tionscail a leanúint agus a fhorbairt ar bhonn réigiúnach, náisiún-ta agus idirnáisiúnta.

    — Tacaíocht a thabhairt do dheiseanna gairmiúla agus oideachais den scoth le haghaidh mac léinn, do dheiseanna uasoiliúna do bhaill foirne agus do dheiseanna comhpháirtíochta do IADT.

    — Deiseanna oideachais a iniúchadh maidir le comhaontais fhoirmiúla agus neamhfhoirmiú-la a dhéanamh.

    — Ár gcaidreamh le hearnáil an Bhreisoideachais a neartú chun bealaí isteach na mac léinn in IADT a fhorbairt agus a fheabhsú.

    — Caidrimh láidre a leanúint agus a fhorbairt lenár gcéimithe ionas gur féidir leo leanúint de bhonn eolais a chur le forbairt leanúnach IADT, de bheith ina n-ambasadóirí don Institiúid agus de naisc nua le hearnáil na tionsclaíochta a chur ar fáil do IADT.

    — Leanfaimid agus forbróimid caidrimh le saineolaithe tionscail go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus spreagfaimid saineolaithe tionscail chun dul i dteagmháil le IADT.

    — Infheistiú a dhéanamh i dtrealamh agus teicneolaíocht chun freastal a dhéanamh ar riachtanais teagaisc agus foghlama ár mac léinn agus foirne, ionas a chinntiú go leanann ár bpobal de na scileanna criticiúla atá riachtanach chun dul chun cinn a dhéanamh ina ndisciplíní a fhorbairt agus a choinneáil, chun barr feabhais a bhaint amach in earnáil na tionsclaíochta agus chun feidhmiú i saol atá nasctha go digiteach.

    — Deiseanna a chur chun cinn agus a spreagadh dár bhaill foirne chun rannpháirtíocht a dhéanamh i dtionscnaimh le ceannródaithe tionscail náisiúnta agus idirnáisiúnta i spriocréimsí de shármhaitheas acadúil.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    Tá IADT tar éis réimse comhpháirtíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a fhorbairt le páirtithe leasmhara tábhachtacha agus aithnítear é mar rogha an chomhpháirtí go réigiúnach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta i ndáil le cláir shonracha.

    2.4Comhoibriú agus Comhpháirtíochtaí a Fhorbairt Neartóimid ár gcaidrimh reatha lenár gcomhpháirtithe. Lorgóimid deiseanna nua chun

    comhoibriú agus comhar a dhéanamh chun IADT a chur ar aghaidh.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    TÉAMA 2

    Forás

    2.3

    Aithnítear go gcuireann IADT sruth tallainne láidir ar fáil a chomhcheanglaíonn eolas, scileanna agus infhostaitheacht a fhreagraíonn go cruthaitheach agus go héifeachtach do riachtanais earnáil na tionsclaíochta, riachtanais ár bpobail agus riachtanais na sochaí go ginearálta.

    Cuid a Trí

    Toradh Straitéiseach Toradh Straitéiseach

  • 35-36

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    35

    35-36

    35-

    35

    36

    Caidreamh a Chothú le Foireann IADT agus Tacaíocht a Thabhairt d’Fhoireann IADT Tá ár bhfoireann ag croílár rath IADT. Leanfaimid d’aitheantas a thabhairt dá rannpháirtíocht

    agus tiomantas leanúnach do mhic léinn agus do rath foriomlán ár nInstitiúide. Déanfaimid

    tuilleadh infheistíochta i bhforbairt foirne chun baill foirne a chumasú chun a spriocanna

    gairme féin a bhaint amach.

    — Eispéireas a chur ar fáil atá dírithe ar na mic léinn agus a thacaíonn le mic léinn trí ghnéithe uile a dturais oideachais - acadúil, sóisialta agus riaracháin - chomh maith lena bhfolláine phearsanta a chinntiú.

    — Cur lenár gcur chuige reatha maidir le guth a chinntiú do mhic léinn agus meon na comhpháirtíochta le mic léinn a chothú chun a rannpháirtíocht leanúnach ó thaobh fhorbairt na hInstitiúide a éascú agus a chumasú.

    — Tús áite a thabhairt dár dtimpeallacht campais agus spás fisiciúla a dhearadh agus a fhorbairt, lena n-áirítear feidhmiú céimneach ár bPlean maidir le hInfheistíocht Chaipitiúil.

    — Infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh agus teicneolaíocht chun freastal ar riachtanais reatha agus todhchaí mac léinn agus ball foirne.

    — Timpeallacht foghlama níos inrochtana agus níos solúbtha a fhorbairt atá in ann freastal ar riachtanais todhchaí ár mac léinn agus ball foirne ó thaobh teagaisc agus foghlama de.

    — Tionscnaimh a fhorbairt chun dul i ngleic leis an ngá atá le cóiríocht mac léinn a chur ar fáil, chomh maith le spás áineasa agus sóisialta do mhic léinn agus baill foirne.

    — Ar dtimpeallacht champais a fhorbairt agus a leagan amach mar acmhainn phobail fháilteach a mheallann agus a spreagann ár bpobal áitiúil chun a bheith rannpháirteach inti agus í a úsáid.

    — Tionscnamh inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt i ndáil le hInstitiúid atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus tíosach ar fhuinneamh a fheidhmiú.

    — Iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna chun lorg ár gcampais a leathnú i gceantar Dhún Laoghaire agus i gcathair Bhaile Átha Cliath maidir le spásanna oideachais agus sóisialta a chur ar fáil dár mhic léinn agus baill foirne.

    — Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chreat foirmiúil a aithníonn rannpháirtíocht ár bhfoirne go léir ar fud na ndisciplíní uile agus a thugann luach a saothair dóibh, agus a thacaíonn le gníomhaíochtaí.

    — Aitheantas a chothú ar cheannaireacht na gclár agus fealsúnacht láidir cleachtais a chinntiú i ndáil leis na croí disciplíní.

    — Réimse tionscnamh a fhorbairt tuilleadh chun foireann ardchaighdeáin a mhealladh, a choinneáil agus a fhorbairt, foireann a chothaíonn léargas agus smaointí úra agus a sholáthraíonn teagasc, foghlaim agus tacaíocht ardchaighdeáin do mhic léinn.

    — Clár um Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach a dhearadh agus a chur chun feidhme tuilleadh le haghaidh ball foirne uile chun pobal ardfheidhmíochta agus solúbtha a chinntiú agus meon an fhoráis a chumasú.

    — A chur ar chumas ball foirne na scileanna agus inniúlachtaí todhchaí atá riachtanach dóibh chun dualgais a ról a chomhlíonadh ar bhealach sásúil agus chun tacaíocht a thabhairt do phobal éagsúil mac léinn.

    — Tacaíocht a thabhairt dár bhfoireann chun a saineolas féin a fhorbairt, a ngréasáin ghairmiúla a chothú, cur le dioscúrsa agus smaointeoireacht an phobail, agus a naisc le hearnáil na tionsclaíochta a fheabhsú.

    — Infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh agus teicneolaíocht chun freastal a dhéanamh ar riachtanais foirne agus chun tacú le forbairt dhigiteach luathaithe.

    — Réimse tionscnamh a fhorbairt atá dírithe ar shláinte agus folláine foirne, agus a spreagann agus a chuireann chun cinn meabhairshláinte agus sláinte fhisiciúil dearfach agus cothromaíocht oibre is saoil.

    — Réimse clár comhionannais agus éagsúlachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh, cláir atá dírithe ar earcaíocht, forbairt, ardú céime agus beartais oibre a thacaíonn le teaghlaigh, chun comhhdeiseanna a sholáthar do bhaill foirne uile a ngairmeacha beatha a chur ar aghaidh agus chun dul i ngleic leis an éagothroime más ann di.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    Timpeallacht bheoga ilchampais a chuireann solúbthacht ar fáil, atá iomlán inrochtana, a leathnaíonn ár lorg fisiciúil agus a dhéanann freastal ar riachtanais todhchaí ár mac léinn agus ball foirne.

    3.2Caidreamh a Chothú le Pobal IADT agus Tacaíocht a Thabhairt do Phobal IADT Forbróimid ár dtimpeallacht fhisiciúil agus déanfaimid infheistiú sa teicneolaíocht chun

    eispéireas foriomlán mac léinn agus ball foirne a fheabhsú.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    TÉAMA 3

    Pobal3.1

    Pobal foirne ardchaighdeáin agus ard-spreagtha atá gafa lena a gcuid oibre agus tiomanta dá róil, a fhéachann le freastal a dhéanamh ar riachtanais na mac léinn agus na hInstitiúide, agus dá dtugtar aitheantas agus luach a gcuid saothair dá bharr.

    Cuid a Trí

    Toradh Straitéiseach Toradh Straitéiseach

  • 37-38

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    37

    37-38

    37

    — Timpeallacht oibre agus foghlama a fhorbairt atá sásúil agus forásach, agus a neartaíonn agus a chuireann ar aghaidh luachanna na hInstitiúide chun a chinntiú go dtacaíonn mic léinn agus foireann IADT lena chéile agus go léiríonn siad meas ar a chéile.

    — Cur lenár dtiomantas do chomhionannas agus éagsúlacht. Roinnt tionscnamh cultúrtha a dhearadh agus a chur chun feidhme a thacaíonn leis an éiteas seo.

    — Réimse gníomhaíochtaí agus tionscnamh dearfach a fhorbairt tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar éagothroime ar bith atá ann, chun timpeallacht campais atá cothrom, fáilteach agus neamhchlaonta a chinntiú dár bpobal ina iomláine.

    — Cultúr dearfach a chur chun cinn inár nInstitiúid trí na luachanna atá tábhachtach dúinn a chothú, agus trí oscailteacht agus freagrúlacht a spreagadh agus a éascú de réir mar a fhorbraímid.

    Institiúid chothrom agus ionchuimsitheach a bhfuil éiteas aici ar a dtugann mic léinn agus baill foirne aitheantas agus a chuireann bonn eolais lenár gcaidrimh lena chéile.

    Ár gCultúr a Fhorbairt Tríd an gcultúr seo againne, cuirtear comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú

    chun cinn. Cuirimid an tsármhaitheas chun cinn, agus déanaimid an chruthaitheacht a

    spreagadh agus smaointí nua a lorg.

    Déanfaimid na rudaí seo a leanas:

    TÉAMA 3

    Pobal

    3.3

    Cuid a Trí

    37-38

    Toradh Straitéiseach

  • 39-40

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    39

    39-40

    39-

    39

    40

    Implementation Framework

    Ar mhaithe leis na tosaíochtaí agus cuspóirí straitéiseacha a leagtar amach sa phlean straitéiseach seo a bhaint amach, táthar tar éis sraith de phleananna cur chun feidhme a fhorbairt.

    Section Three

    Leagtar amach sna pleananna cur chun feidhme seo na príomhghníomhaíochtaí atá le cur i gcrích, agus i gcás gach gnímh, tá úinéir, amlíne agus táscairí feidhmíochta ar leith i gceist ionas gur féidir linn a rath a thomhas.

    Ionas gur féidir tosaíochtaí an phlean straitéisigh seo a bhaint amach, beidh gá le tiomantas bainisteoirí agus ball foirne uile ar fud na ndámh, stiúrthóireachtaí agus ranna ar fad agus beidh comhoibriú agus rannpháirtíocht suntasach riachtanach ar fud na hInstitiúide.

    Tabharfaidh creat láidir cur chun feidhme tacaíocht don phlean straitéiseach seo agus ceadóidh sé mon-atóireacht agus tuairisciú ar bhonn rialta le linn tréimhse an phlean straitéisigh.

    39-40

  • 41-42

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    41

    41-42

    41-

    41

    42

    — Foireann Feidhmiúcháin IADT

    — Foireann Bainistíochta IADT

    — Foireann IADT

    — Mic Leinn IADT

    — Aontas na Mac Léinn, IADT

    — Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath & Dhún Laoghaire

    — Houghton Mifflin Harcourt

    — Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta Éireann

    — Comhdháil na gCeardchumann

    — Screen Ireland

    — Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara & Chill Mhantáin

    — Coláiste Breisoideachais an Naigín

    — Comhlacht Rialaithe IADT

    — Alumni IADT

    — Coláiste Breisoideachais Stigh Lorgan

    — Institiúid Bhreisoideachais na Carraige Duibhe

    — Institiúid Bhreisoideachais Bhré

    — Comhairle Contae Dún Laoghaire-Ráth an Dúin

    — Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

    — Cuallacht Stiúrthóirí na hÉireann

    — Boulder Media

    — Coláiste Bhaile Formaid

    — Animation Skillnet

    Buíochas

    Admhálacha

    Ba mhaith le IADT buíochas a ghabháil leis na páirtithe leasmhara seo a leanas as a rannpháirteachas go léir, idir am agus iarrachtaí, i bpróiseas comhairliúcháin na pleanála straitéisí.

    — RTÉ – An tAonad Craolachán Dhigitigh

    — Fiontraíocht Éireann

    — Vogue Business Development

    — Eisner Amper Ireland

    — Accreate Executive Search

    — State Street Financial Services

    — Comhpháirtíocht Dheisceart Bhaile Átha Cliath

    — Ollscoil Mhá Nuad

    — Comhairle Deartha agus Ceardaíochta na hÉireann

    — Design Skillnet

    — Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

    — Institiúid Amharclainne na hÉireann

    — My Shining Armour

    — Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

    — Visual Artists Ireland

    — An Roinn Oideachais agus Scileanna

    — An Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta

    — An tÚdarás um Ard-Oideachas

    — Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann

    — Cumann an Ardoideachais Teicneolaíochta

    — Ollscoil Aalto, an Fhionlainn

    — An tAcadamh Deartha, Eindhoven

    — Coláiste Sheridan Ceanada

    — An Chomhairle Ealaíon

  • 43-44

    IADT Plean Straitéiseach 2019

    43

    43-44

    43-

    43

    44

    Institiúid Ealaíne, Deartha + Teicneolaíochta

    Ascaill na Cille, Dún Laoghaire,

    Co. Bhaile Átha Cliath, Éire, A96 KH79

    + 353 1 239 4000

    [email protected]

    iadt.ie

  • 45-PB

    45

    45-PB

    45

    iadt.ie