6
Eagrán 21 Aibreán-Meitheamh 2014 Eagrán 21 ...scáthán Gaeilge & Fáilte Féile Pan Cheilteach 2014 Lá Siamsaíochta ag Bunscoil Cholmcille Slí Cholmcille Blúiríní & Fógraí Oifigeach Gaeilge Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire www.facebook.com/foramphobalnagaeilge Gaeilge & Fáilte: Mar chuid dá hiarrachtaí le spreagadh a thabhairt don phobal úsáid a bhaint as seirbhísí na Comhairle trí Ghaeilge, tá Comhairle Cathrach Dhoire ag cur ranganna Gaeilge ar fáil dá foireann ón bhliain 2008 i leith, agus tá blath ag teacht ar an fhoghlaim! I rith Sheachtain na Gaeilge cuireadh an grúpa is déanaí d’fhoghlaimeoirí faoi scrúdú béil le fáinne a ghnothú agus tá lúcháir ar an Chomhairle gur éirigh le gach duine a chuaigh faoi scrúdú. O thosaigh Scéim Theagasc na Gaeilge sa Chomhairle in 2008 tá 19 fáinne bronnta ar an fhoireann agus cáilíochtaí éagsúla bainte amach ag fostaithe, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Dioplóma sa Ghaeilge le hOllscoil na hÉireann san áireamh. San eagrán seo, léiríonn muid na bealaí gur féidir leat do chuid gnó a dhéanamh le Comhairle Cathrach Dhoire trí mheán na Gaeilge! @foramphobal

Scathan #21

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire (Aibreán - Meitheamh 2014)

Citation preview

Page 1: Scathan #21

DCC

Eagrán 21

Aibreán-Meitheamh 2014

Eagrán 21

...scáthán

Gaeilge & Fáilte

Féile Pan

Cheilteach 2014

Lá Siamsaíochta

ag Bunscoil

Cholmcille

Slí Cholmcille

Blúiríní & Fógraí

Oifigeach Gaeilge

Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire

www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Gaeilge & Fáilte: Mar chuid dá hiarrachtaí le spreagadh a thabhairt don

phobal úsáid a bhaint as seirbhísí na Comhairle trí Ghaeilge, tá Comhairle

Cathrach Dhoire ag cur ranganna Gaeilge ar fáil dá foireann ón bhliain

2008 i leith, agus tá blath ag teacht ar an fhoghlaim! I rith Sheachtain na

Gaeilge cuireadh an grúpa is déanaí d’fhoghlaimeoirí faoi scrúdú béil le

fáinne a ghnothú agus tá lúcháir ar an Chomhairle gur éirigh le gach

duine a chuaigh faoi scrúdú. O thosaigh Scéim Theagasc na Gaeilge sa

Chomhairle in 2008 tá 19 fáinne bronnta ar an fhoireann agus cáilíochtaí

éagsúla bainte amach ag fostaithe, Teastas Eorpach na Gaeilge agus

Dioplóma sa Ghaeilge le hOllscoil na hÉireann san áireamh. San eagrán

seo, léiríonn muid na bealaí gur féidir leat do chuid gnó a dhéanamh le

Comhairle Cathrach Dhoire trí mheán na Gaeilge!

@foramphobal

Page 2: Scathan #21

...scáthán Lch 2

Gnóthaíonn foireann Chomhairle Cathrach Dhoire fáinní

Scéim Theagasc na Gaeilge: Lucht freastail bhunrang Gaeilge ag Comhairle Cathrach Dhoire a

ghnóthaigh fáinní le linn Sheachtain na Gaeilge 2014. Sa ghrianghraf thuas ó chlé tá: Robbie Irwin

(Roinn Chomhshaoil), David Mullan (Roinn Chomhshaoil), Julie McGeehan (Iarsmalann an Túir),

Thomas Caroll (Roinn Chomhshaoil), Pól Ó Frighil (Oifigeach Gaeilge/Oide an Chúrsa), Colum Lynch

(Halla na Cathrach), agus Jim Gallagher (Roinn Chomhshaoil). Tá 19 fáinne bronnta ar oibrithe ó

thosaigh Scéim Theagasc na Gaeilge in 2008, trí fháinne óir san áireamh. #gaeilgeagusfáilte

Déan do ghnó leis an Chomhairle Cathrach trí Ghaeilge

Cuir glaoch orainn: Tá líne Ghaeilge ar leith ag an Chomhairle. Cuir scairt

ar T: (028) 71 376 579 le labhairt go díreach leis an Oifigeach Gaeilge nó

le teachtaireacht a fhágáil i nGaeilge ar an ghlórphost.

Scríobh chugainn: Is féidir leat scríobh chuig an Chomhairle Chathrach i

nGaeilge agus freagra a fháil i nGaeilge. Cuir do litir chuig:

Comhairle Cathrach Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN.

Cuir ríomhphost chugainn nó tabhair cuairt orainn ar-líne: Is féidir leat

ríomhphost a chur chuig [email protected] nó tabhair cuairt ar

ár leathanaigh Ghaeilge ar líne: www.derrycity.gov.uk/gaeilge

Facebook: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Twitter: @foramphobal

gaeilge

& fáilte

Page 3: Scathan #21

...scáthán Lch 3

Féile Pan Cheilteach 2014 Seoladh Oifigiúil

Seoladh Oifigiúil na Féile Pan Cheiltí ag Cultúrlann Uí Chanáin. Tá gailearaí grianghraf ón fhéile ar fáil trí chuairt

a thabhairt ar chuntas Flickr na Comhairle Cathrach: https://www.flickr.com/photos/derrycitycouncil/

Féile Pan Cheilteach 2014 Clár na dTeangacha Ceilteacha

An Dr Niall Comer ó Ollscoil Uladh a thug léacht ar

‘Logainmneacha Dhoire’ ag Iarsmalann an Túir mar chuid

de chlár na dTeangacha Ceilteacha de chuid na féile.

An Dr Art Hughes ó Ollscoil Uladh a thug dhá léacht:

‘Gaeilge Mhanann’ agus ’Oidhreacht Ind-Eorpach,

Cheilteach agus Ghaelach’ ag Cultúrlann Uí Chanáin.

Page 4: Scathan #21

...scáthán Lch 4

Gailearaí an Phobail Lá Siamsaíochta ag Bunscoil Cholmcille

Scoil Samhraidh Cholm Cille Slí Cholmcille

Páistí ar an timpeallán tachrán

Péinteáil ingne

Seodra don uile dhuine

Iardhaltaí ag baint sult as an lá

Slí Cholmcille Anuraidh, don chéad uair i níos mó ná ceithre chéad bliain ceiliúradh traidisiún meánaoiseach oilithreachta

a bhaineann le Naomh Cholmcille i nDoire agus i mbliana leanadh leis an traidisiún nua athbheoite ar lá na féile, 9ú

Meitheamh. Sa ghrianghraf thuas tá scaifte a tháinig amach ar lá na féile le filleadh ar choischéimeanna Cholmcille.

Page 5: Scathan #21

...scáthán Lch 5

Comórtas Ealaíne na Féile Pan Cheiltí

Cérbh iad na Ceiltigh? Bronann leasmhéara Dhoire an Seanóir Gary Middleton teastais agus duaiseanna

ar bhuaiteoirí chomórtas ealaíne na Féile Pan Cheiltí ó bhunscoileanna áitiúla sa chathair ag bronnadh

oifigiúil i Halla na Cathrach, Doire ar an Mháirt 17ú Meitheamh 2014. Eagraíodh an comórtas seo ag Lisa

Anderson, Oifigeach Caidrimh Pobail atá ag obair le Cultúrlann Uí Chanáin ar chúrsaí deachaidrimh agus

b’é téama an chomórtais ná ‘Cérbh iad na Ceiltigh?’ Comhghairdeas libh ar fad!

Maoiniú ar fáil

Tá scéim deontas Cholmcille de chuid

Fhoras na Gaeilge oscailte faoi láthair

d’iarrthóirí as Éirinn atá ag iarraidh an

nasc le Gaeil na hAlban a neartú agus a

chur chun cinn. Is é an 1ú Lúnasa 2014

an spriocdháta le haghaidh iarratas agus

tá tuilleadh eolais le fáil ó Maolcholaim

Scott, Oifigeach Forbartha, Colmcille,

T: (028) 90 890 983, ríomhphost:

[email protected]

Scéal na Gaeilge

Beidh Scéal na Gaeilge ar taispeáint ag

Cultúrlann Uí Chanáin ón Luan 23

Meitheamh go dtí an Aoine 11 Iúil.

Seo deis le cuairt a thabhairt ar

thaispeántas a rinneadh i gcomhar le

pobal na Gaeilge i nDoire mar chuid

de Chathair Chultúir 2013 agus a

léiríonn scéal na teanga sa cheantar

seo ó thús ama go dtí an lá atá inniu

ann. Tá lámhleabhair ildaite lán-

Ghaeilge agus dhátheangacha ar fáil ó:

Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge T: 028

71 376 579, [email protected]

nó is féidir leat cóip leictreonach saor

in aisce a íoslódáil díreach ó chartlann

ISSUU trí chuairt a thabhairt ar

http://issuu.com/gaeilge/docs/sceal_n

a_gaeilge

Cúrsa Saor in Aisce

Bíonn cúrsa Gaeltachta do dhaoine

fásta ag Comhairle Uladh CLG sna

Dúnaibh gach bliain. Tá an cúrsa

oscailte do gach ball reatha de CLG

agus tá sé SAOR IN AISCE. Beidh an

cúrsa ar siúl ón Luan 21ú go dtí an

Aoine 26ú Iúil 2014 agus tá tuilleadh

eolais ar fáil ó: Dónal Mac an Ailín,

T: 028 3752 1900,

[email protected]

Blúiríní & Fógraí

Page 6: Scathan #21

...scáthán Lch 6

Seirbhísí Gaeilge

Seirbhísí Gaeilge

Chomhairle

Cathrach Dhoire

curtha ar fáil le

caoinmhaoiniú ó:

Pól Ó Frighil

Oifigeach Gaeilge

Comhairle Cathrach Dhoire

98 Bóthar na Trá

Doire BT48 7NN

T: (028) 71 376 579

[email protected]

www.derrycity.gov.uk/gaeilge

FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá

seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má

tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil

foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait

ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá

formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.

Bí linn ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Bí ar an eolas le Fóram Phobal na Gaeilge

Ar mhaith leat bheith ar an eolas is déanaí faoi shaol na Gaeilge i nDoire? Brúigh ’Is maith liom’ ar

leathanach Facebook Fhóram Phobal na Gaeilge-Doire le bheith ar an eolas is déanaí faoina bhfuil

ag tarlú sa cheantar ó thaobh imeachtaí, ranganna is ciorcail chomhrá de. Eagraíonn Fóram Phobal

na Gaeilge cruinniú gach ráithe le deis a thabhairt do ghrúpaí agus dhaoine aonair atá ag obair in

earnáil na Gaeilge go háitiúil theacht le chéile. Más maith leat bheith ar an liosta le heolas a fháil

faoi faoin fhóram déan teagmháil le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, [email protected]