Upload
pol-o-frighil
View
232
Download
11
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
Citation preview
Business Name
Gaeilge agus Fáilte
15. DF~Nollaig 12
15. Oct~Dec 12
...scáthán
Bliain na Gaeilge
Cathair Chultúir
Scéal na Gaeilge
Fóram Phobal
na Gaeilge
Scéim an
Fháinne
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
Oifigeach
Gaeilge
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
2013 - Bliain Chathair Chultúir agus Bliain na Gaeilge
Gaeilge agus Fáilte
Déan coinne le Doire! Tá bliain mhór romhainn,
bliain nach ndéanfaidh muintir Dhoire ná muintir an
iarthuaiscirt dearmad uirthi go ceann i bhfad!
Seo chugainn Bliain Chathair Chultúir 2013 nuair a bheas
súile an domhain dírithe orainn agus Bliain na Gaeilge
2013 nuair a dhéanfaidh muid ceiliúradh ar a bhfuil bainte
amach ag pobal na Gaeilge leis an teanga a chaomhnú
agus a chothú le 120 bliana anuas. Tá breis agus 100
imeacht ar chlár cultúrtha na bliana seo chugainn agus
Clár Gaeilge ar fáil anois. Blaiseadh beag den chlár istigh.
An Bhliain Mhór
...scáthán Lch 2
Cathair Chultúir 2013
Ó Eanáir go Nollaig 2013 beidh an
Ghaeilge á cur chun cinn mar chuid de
fhéile Chathair Chultúir 2013. Déan
coinne le Doire, beidh a lán ar siúl!
I mí Eanáir 2013 cuirfear tús le
tionscnamh Scéal na Gaeilge a
inseoidh scéal na teanga i nDoire sa
stair agus sa lá atá inniu ann.
Beidh Seachtain na Gaeilge 2013 sa
chathair níos mó ná riamh roimhe
agus reáchtáilfear Féile Bheag na Leabhar - féile bheag léitheoireachta do pháistí le Gaeilge ar an
chlár don chéad uair in 2013. Sa mhí céanna beidh Éigse Cholm Cille ar siúl ag Ollscoil Uladh agus
‘An Ghaeilge ar an Oileán Úr’ mar théama ag an fhéile. I rith Sheachtain na Gaeilge beidh Coláiste
an Phobail agus Cultúrlann Uí Chanáin ag comheagrú Seachtain an Fháinne agus imeachtaí sóisialta
dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge. Cuirfear imeachtaí leis an chlár Gaeilge seo de réir a chéile.
I mí Aibreáin beidh féile scannán Guth Gafa anseo don chéad uair agus i mí Meithimh déanfaidh
pobal Dhoire mórcheiliúradh ar shaol Cholm Cille le Scoil Samhraidh Cholm Cille. Ná caill buaic-
imeacht an luathshamhraidh Filleadh Cholm Cille - mórthaispeántas ar abhainn an Fheabhail!
Is í mí Lúnasa - mí an cheoil nuair a éireoidh an clár níos gnóthaí arís le teacht Fleadh Cheoil na
hÉireann 2013 go dtí an chathair don chéad uair! Tuilleadh faoi seo: www.2013fleadh.ie
I Meán Fómhair fillfidh Oíche Chultúir agus sraith léachtaí Glórtha na nOileán a fhiosraíonn an gaol
idir cultúr, teanga agus féiniúlacht. Agus ceiliúrfar Breithlá Líofa 2015 sa mhí céanna. Ag deireadh
na bliana, seolfar féile thaibhithe iomlán úrnua dar teideal Éamann a’ Craic. Tuilleadh le theacht!
Ar an 25ú Deireadh Fómhair, seoladh
clár oifigiúil Chathair Chultúir 2013.
Rinne an LeasChéad Aire Martin
McGuinness agus Méara Chathair
Dhoire Caoimhín Mac Cathmhaoil an
clár a sheoladh ar chearnóg Ebrington
ag breacadh lae agus bhí lá lán
imeachtaí ceilúrtha ar fud na cathrach
agus sa cheantar máguaird. Tá réimse
iomhánna ón seoladh agus eolas maidir
leis an himeachtaí atá geallta ar an
bhlian seo chugainn ar fáil anois ag
suíomh idirlín Chathair Chultúir:
www.cityofculture2013.com
Níl anseo ach spléachadh ar a mbeidh ag tarlú ó thaobh
na Gaeilge de. Más suim leat tuilleadh eolais a fháil ar aon
ghné den chlár tabhair cuairt ar an chlár ar–líne ag
www.cityofculture2013.com
...scáthán Lch 3
Seoladh Bhliain na Gaeilge 2013 Doire Cholm Cille
120 Bliain d’Athbheochan na Gaeilge: Ar an 25ú Samhain tháinig pobal na Gaeilge i nDoire le chéile
le 120 bliain d’athbheochan na Gaeilge a cheiliúradh. Le Bliain na Gaeilge 2013 a sheoladh,
d’oibrigh pobail Ghaeilge ó cheantair ar fud fad an oileáin le Conradh na Gaeilge le 120 balún a
scaoileadh chun aird an phobail a tharraingt ar an fheachtas. I nDoire, cé go raibh an lá fuar agus
an ceo trom d’éirigh linn 120 balún a scaoileadh go dtí an spéir ó Dhroichead na Síochána!
Fleadh Cheoil na hÉireann Deiseanna do Cheoltóirí agus Oibrithe Deonacha
Déan teagmháil leis an fhoireann: 028 71264132 nó
seol ríomhphost chuig: [email protected]
Ar mhaith leat bheith páirteach san
imeacht ceoil agus cultúir is mó ar an
oileán? Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ag
teacht go Doire i mí Lúnasa 2013 agus tá
deiseanna ar fáil dóibh siúd ar mian leo
bheith ag glacadh páirte!
Tá deiseanna ar fáil do dhaoine ar suim leo
bheith ag seinm, bheith páirteach in
imeachtaí a eagrú nó a bheith ag obair go
deonach le scileanna agus taithí a fháil.
Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl ón
12ú go dtí an 18ú Lúnasa 2013 agus beidh
sí i nDoire don chéad uair riamh ina cuid
staire!
...scáthán Lch 4
Scéal na Gaeilge - An bhfuil scéilín agat?
An bhfuil scéal agat maidir leis an Ghaeilge i nDoire? D’éirigh le Comhairle Cathrach Dhoire £10,000
a fháil faoi scéim Culture for All de chuid an Big Lottery Fund le cuidiú le pobal na Gaeilge go háitiúl
Scéal na Gaeilge sa cheantar seo a insint. Is éard atá i gceist leis an tionscnamh ná taispeántas mór
léirmhíniúcháin nua a fhorbairt i gcomhar le scoileanna, eagraíochtaí pobail agus réimse páirtnéirí
eile in earnáil na Gaeilge le scéal na teanga a insint. Díreoidh an taispeántas, agus an lámhleabhar a
théann leis, ar an teanga sa stair, an teanga sa lá atá inniu ann, agus ar theanga na Gaeilge inár
gcomhthodhchaí. Fógróidh an Chomhairle Chathrach deis d’éascaitheoir bheith i mbun an mhór-
thionscnaimh seo i mí Eanáir 2013. Beidh an tionscnamh á fhorbairt mar chuid de scéim Portrait of
a City de chuid Chathair Chultúir 2013. Tuilleadh eolais: P. Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, T: 71 376579
Fóram Phobal na Gaeilge - Céad chruinniú eile
Tá 155 duine cláraithe anois le leathanach Facebook Fhóram Phobal na Gaeilge-Doire agus is maith
an áis í le fanacht cothrom chun dáta lena bhfuil ag tarlú sa cheantar comhairle ó thaobh na Gaeilge
de. Tagann Fóram Phobal na Gaeilge-Doire le chéile gach ráithe le tuiscint níos fearr a chothú ar
sholáthar reatha Gaeilge sa cheantar comhairle seo; deiseanna comhoibre a aithint agus le fás agus
forbairt na teanga a phlé. Beidh an chéad chruinniú eile den Fhóram ar siúl ar an Mháirt 22ú Eanáir
ag oifigí Chomhairle Cathrach Dhoire, Bóthar na Trá, Doire ó 2.00-3.30in. Fáilteofar roimh bhaill nua
agus más mian leat bheith i láthair tugtar cuireadh duit do chuid suime a léiriú le Pól Ó Frighil,
Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, T: 028 71 376579, [email protected]
GAEILGE & FÁILTE: Ar thug tú cuairt ar leathanaigh Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire roimhe?
Tá méid agus fairsinge na leathanach Gaeilge ar ár suíomh idirlín méadaithe agus nuashonraithe.
Caith súil ar a bhfuil ar fáil ón Chomhairle Cathrach ag www.derrycity.gov.uk/gaeilge. Má tá seirbhís
uait nach bhfuil léirithe ar an láithreán faoi láthair, déan teagmháil linn: [email protected]
Bí ar an eolas is déanaí - www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
...scáthán Lch 5
Scéim an Fháinne - Fáinne Óir don Fháilteoir
Scéim na gCártaí Nollag Ghaelscoileanna Cheantar Comhairle Dhoire
Bronnann an Méara, an Comhairleoir
Caoimhín Mac Cathmhaoil Fáinne Óir ar
Fháilteoir Chomhairle Cathrach Dhoire,
Róisín Bn Mhic Lochlainn i ndiaidh di an
scrúdú a dhéanamh i Márta 2012. Tá
ranganna ag ceithre leibhéal á gcur ar
fáil i mbliana ag an Oifigeach Gaeilge do
19 oibrí ó réimse d’achair sheirbhíse sa
Chomhairle agus téann na mic léinn seo
faoi scrúdú béil i rith Sheachtain na
Gaeilge gach Márta. Ná bíodh leisce ort
labhairt linn i nGaeilge nó seirbhís a
iarraidh orainn. Gaeilge & Fáilte!
A pháistí! Tá áthas ar Chomhairle Cathrach Dhoire Scéim Cártaí Nollag 2012 a fhógairt! Fáilteofar
roimh pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileannna an cheantair Chomhairle seo litir a scríobh chuig
Daidí na Nollag agus freagra a fháil i nGaeilge!
Cad é atá le déanamh mar sin? Iarr ar do rang/anna litir i nGaeilge a scríobh chuig Daidí na Nollag.
Déan cinnte go bhfuil ainm an pháiste agus seoladh baile an pháiste scríofa go soiléir ar an litir
agus cuir an cód poist leis, le do thoil, níor mhaith linn díomá a chur ar aon duine. Seol na litreacha
isteach sa bhosca poist speisialta faoin Chrann Nollag ar Chearnóg Halla na Cathrach, Doire roimh
an Aoine 14ú Nollaig 2012.
Más fearr leat, is féidir litreacha a chur go díreach chuig an Chomhairle Chathrach nó iad a fhágáil
isteach a fhad is go ndéantar seo roimh an spriocdháta. Gheobhaidh gach páiste freagra i nGaeilge
ó Dhaidí na Nollag! Tá an scéim seo oscailte go Ghaelscoileanna i gceantar Chomhairle Cathrach
Dhoire amháin. Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, T: 028 71376 579
...scáthán Lch 6
Oifigeach Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá
seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má
tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig ag www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a
bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá
eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil leis an
Oifigeach Gaeilge ar 028 71 376 579 nó [email protected]
Gaeilge & Fáilte - Seirbhísí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire
Tá réimse Seirbhísí Gaeilge ar fail ó
Chomhairle Cathrach Dhoire.
Is féidir leat:
Litreacha, ríomhphoist, foirmeacha agus
iarratais a chur chugainn i nGaeilge agus
freagra a fháil i nGaeilge
Gaeilge a labhairt linn ar cuairt anseo
Gaeilge a labhairt ar an ghuthán linn
Ateangaire a iarraidh ag cruinnithe linn
Cáipéisí oifigiúla a fháil i nGaeilge
Sráidainm Gaeilge a iarraidh
Leagan Gaeilge de d’ainm a úsáid
Leagan Gaeilge de logainm a úsáid
Níl anseo ach léargas ar sheirbhísí atá ar
fáil. Má tá seirbhís uait nach bhfuil anseo
déan teagmháil linn.
Gaeilge agus Fáilte
Líne Ghaeilge: (028) 71376 579