Upload
pol-o-frighil
View
231
Download
8
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
Citation preview
DCC
Gaeilge & Fáilte
16. Ean - Márta 13
16. Jan-Mar 13
...scáthán
San eagrán seo:
Scéal na Gaeilge
Seachtain na
Gaeilge 2013
Féile Bheag na
Leabhar
Lá na Gaeilge
Fóram Phobal na
Gaeilge
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Gaeilge agus Fáilte
Cén stair atá ag an Ghaeilge i nDoire? C‟as a dtáinig an teanga agus cén
stádas atá aici sa lá atá inniu ann? Cén dóigh a n-éabhlóideoidh an
teanga sa todhchaí? Seo cuid de na ceisteanna a ba mhian le tionscnamh
Scéal na Gaeilge a fhreagairt; tionscnamh corraitheach nua a bhfuil sé
mar chuspóir aige éabhlóid na teanga a chíoradh agus deis a thabhairt do
phobal na Gaeilge bheith páirteach in insint an scéil.
Tuilleadh ar an tionscnamh ar an eagrán seo.
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
Tá Scéal na Gaeilge maoinithe faoi chlár Culture for All de chuid an
Big Lottery Fund. Is tráthúil an deis í seo do phobal na Gaeilge a scéal a
insint sa bhlian mhór seo: Bliain na Gaeilge agus Bliain Chathair Chultúir
2013, agus cuirfidh an tionscnamh turas na teanga sa cheantar seo ar
taifead do dhaoine a chuireann suim sa scéal i rith agus i ndiaidh na
bliana seo. Tuilleadh eolais ar fáil ó: [email protected]
Istigh: Gailearaí Sheachtain na Gaeilge 2013 i nDoire!
@foramphobal
...scáthán Lch 2
Féile Bheag na Leabhar Seachtain na Gaeilge 2013
Ón 7ú go dtí an 9ú Márta d‟eagraigh Comhairle
Cathrach Dhoire Féile Bheag na Leabhar mar
chuid d‟fhéile litríochta Humdinger. B‟é cuspóir
na féile ná suim i leabhair, léitheoireacht agus
scéalaíocht na Gaeilge a spreagadh i measc páistí.
Cuireadh tús leis an fhéile ar Lá Domhanda na
Leabhar ar an 7ú Márta, nuair a bhí an sárscéalaí
Conallach, Gearóidín Bhreathnach sa chathair le
labhairt le páistí ónár nGaelscoileanna faoi na
leabhair Ghaeilge a ndeachaigh i bhfeidhm orthu.
Bhí an scríbhneoir agus scéalaí iomráiteach
Séamas Mac Annaidh linn ar an 8ú Márta ag
imeacht dar teideal „Scéalta Móra do Dhaoine
Beaga‟ agus bhí greann agus spraoi ag baint lena
chuid finscéalta agus fabhalscéalta.
Chríochnaigh an fhéile ar an 9ú Márta le himeacht
do pháistí chun leabhar „Déanann Rosie Réidh‟ a
sheoladh ag Cultúrlann Uí Chanáin sa chathair.
Scéalaí Gearóidín Bhreathnach in éineacht le múinteoir Séanna Ó Coinn agus
páistí ó Ghaelscoil na Daróige. Leo tá Fiachra Mackel ó shiopa leabhar
An Cló Ceart a chur Aonach Leabhar ar fáil i rith na féile.
...scáthán Lch 3
Féile Bheag na Leabhar Seachtain na Gaeilge 2013
Páistí ó Ghaelscoil Éadain Mhóir a d‟fhreastail ar Fhéile Bheag na Leabhar
Páistí ó Bhunscoil Cholmcille le Gearóidín Bhreathnach ar Lá Domhanda na Leabhar
Tuilleadh grianghraif ar-líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
...scáthán Lch 4
Féile Bheag na Leabhar Seachtain na Gaeilge 2013
Tháinig Féile Bheag na Leabhar chun
críoch spleodrach ar an Satharn 9ú Márta
nuair a sheol Méara na Cathrach, an
Comhairleoir Caoimhín Mac Cathmhaoil
leabhar pictiúr Trisha Deery dar teideal
„Déanann Rosie Réidh‟.
Seo an chéad leabhar do pháistí a
scríobhadh, a maisíodh agus a táirgíodh
anseo go háitiúil. Léigh an t-ealaíontóir
Cara Ní Mhaonaigh an leabhar do na
páistí agus bhí cóisir ann fosta.
Bhí Féile Bheag na Leabhar eagraithe ag
Comhairle Cathrach Dhoire mar chuid
d‟fhéile litríochta Humdinger! agus
maoiníodh an tionscnamh ag
Clár na Leabhar Gaeilge de chuid Fhoras
na Gaeilge.
...scáthán Lch 5
Cultúr le Comhrá Tionscnamh Podchraoltaí Seolta
CULTÚR LE COMHRÁ Sheol an Méara, Caoimhín Mac Cathmhaoil, sraith nua phodchraoltaí ar na
mallaibh a dtugann deis d‟fhoghlaimeoirí teacht ar fhoghlaim na Gaeilge go furasta cibé áit a bhfuil
siad. Tá na podchraoltaí nua seo ar fad saor in aisce agus ar fáil anois ag: www.culturlann-doire.ie
Sa ghrianghraf tá Ciara Nic Lochlainn - Cultúrlann Uí Chanáin, An Méara Caoimhín Mac Cathmhaoil
agus Dolores O‟Reilly, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Chultúrlann Uí Chanáin, Doire.
Scéim an Fháinne agus Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ag Cultúrlann Uí Chanáin
Bhí Seachtain na Gaeilge ar dóigh ag lucht foghlamtha na Gaeilge ag Cultúrlann Uí Chanáin!
D‟éirigh go geal le Scéim an Fháinne nuair a thug 20 foghlaimeoir faoi scrúduithe an Chúpla Focal,
an Fháinne Airgid agus an Fhainne Óir. D‟éirigh le gach duine sna scrúduithe agus is léir go bhfuil
an-obair go deo ar siúl ag gach duine de na foghlaimeoirí agus na múinteoirí mar aon.
Bhí tráth na gceist Sheachtain na Gaeilge ar siúl do na foghlaimeoirí, agus tháinig an Méara
Caoimhín Mac Cathmhaoil leis na fáinní a bhronnadh. Dúirt Ciara Nic Lochlainn, Comhordaitheoir
Oideachais sa Chultúrlann “Is rud iontach go bhfuil Seachtain na Gaeilge chomh gnóthach seo
againn sa chathair. Ba léir go bhfuil gach foghlaimeoir agus Gaeilgeoir iontach bródúil as an
Ghaeilge atá acu, agus iad chomh sásta sin í a úsáid le linn na seachtaine seo go háirithe!”.
Má tá suim ag duine ar bith i gcúrsaí Gaeilge nó sna himeachtaí atá thuasluaite bá chóir teagmháil a
dhéanamh le Ciara Nic Lochlainn ag Cultúrlann Uí Chanáin ar T: 028 71 264132 nó seol ríomhphost
chuig: [email protected] Tuilleadh eolais faoi chúrsaí agus imeachtaí ag Cultúrlann Uí
Chanáin ar fáil ar-líne ag www.culturlann-doire.ie
...scáthán Lch 6
Léargas Clár Foghlama Gaeilge do Pháistí Bunscoile
Is clár fhoghlaim na Gaeilge é Léargas, atá curtha ar fáil ag Cultúrlann Uí Chanáin agus maoinithe ag
an Roinn Oideachais do pháistí i ranganna 5, 6 agus 7. Tá an clár ar siúl i 13 bunscoil Bhéarla faoi
láthair, agus tá 1,500 dalta páirteach ann agus ag foghlaim na Gaeilge!
I rith Sheachtain na Gaeilge chuir na páistí léirithe ardáin ar siúl, ina raibh gach aon pháiste sa scéim
páirteach iontu. Bhí réimse mór tallanna i gceist leis na léirithe seo mar amhráin, dhánta, dhrámaí,
rannta agus dhamhsaí. Sa dara cuid de Sheachtain na Gaeilge tháinig na páistí atá i Rang 7 isteach
chuig Cultúrlann Uí Chanáin, áit ar thug siad faoi thráth na gceist agus rang damhsa céilí, a bhí
curtha ar fáil ag Mary Mc Guiggan ó Mary Mc Guiggan Irish Dancing Events.
Má tá suim ag scoil ar bith bheith páirteach i Léargas, bá chóir teagmháil a dhéanamh le Ciara Nic
Lochlainn ag Cultúrlann Uí Chanáin ar T: 028 71 264132 nó seol ríomhphost chuig:
[email protected] Seo thíos cúpla grianghraf ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge Léargas
Daltaí ó Bhunscoil Bhaile Stíl, Doire le foireann Léargas
Páistí ó Bhunscoil Hollybush le foireann Léargas
...scáthán Lch 7
Éigse Cholm Cille „An Ghaeilge ar an Oileán Úr‟
Is iomaí Gael arbh éigean dó a aghaidh a thabhairt ar an Oileán Úr lena bheatha a thabhairt i dtír. Is
amhlaidh atá an scéal ó bhí an tOchtú hAois Déag ann agus is amhlaidh atá go fóill. Ag Éigse Cholm
Cille 2013 rinneadh scagadh agus spíonadh ar an nasc stairiúil agus cultúrtha údaí idir Éirinn agus
an tOileán Úr. I measc na gcainteoirí a thug léacht ar an ábhar bhí: Colleen Dube ón Fulbright
Commission, An tOllamh John Kelly ó The Ireland Canada University Foundation agus an t-Ollamh
Peadair Ó Tomhnair ó Ollscoil Newbrunswick. Seo thíos roinnt grianghraf ón deireadh seachtaine.
Baill de Choiste Eagrúcháin Éigse Cholm Cille 2013
An tOllamh Ailbhe Ó Corráin - Ollscoil Uladh, An Dr Regina Uí Chollatáin - Coláiste na
hOllscoile, Baile Átha Cliath agus an Dr Peadar Mac Gabhann - Ollscoil Uladh
Scaifte a bhí i láthair ag Éigse Cholm Cille 2013 ag Ollscoil Uladh, Doire
...scáthán Lch 8
Lá na Gaeilge Doire
An Méara, Caoimhín Mac Cathmhaoil le páistí ó Ghaelscoil Éadain Mhóir a
d‟fhreastail ar Lá na Gaeilge 2013 agus a chur siamsaíocht ardáin i láthair.
Ar an Satharn 16ú Márta tháinig na sluaite chuig cearnóg Halla na Cathrach le LÁ NA GAEILGE
a cheiliúradh. Seo an chéad imeacht dá chineál a eagraíodh sa chathair. Bhí léirithe ardáin ann
ónár nGaelscoileanna agus Céilí Mór le Mary McGuiggan. Bhí Margadh na Cathrach Múrtha ar
siúl ar an lá mar aon le hAonach Leabhar Gaeilge agus ollphuball ina raibh eagraíochtaí Gaeilge
ón cheantar seo ar fáil le heolas a roinnt leis an phobal faoi shaol na Gaeilge. Ár mbuíochas le
gach duine a ghlac páirt agus a tháinig ar an lá agus leis an Mhéara a mhaoinigh an ócáid!
Lá na Gaeilge 2013
...scáthán Lch 9
Lá na Gaeilge Doire
Ag ceardlann ealaíon san ollphuball Gaeilge ar Lá na Gaeilge 2013
Stiofán Ó Dochartaigh ó Choláiste Chineál Eoghain leis an Mhéara
Ionadaithe ó choiste Fhleadh Cheoil na hÉireann leis an Mhéara
Lá na Gaeilge Doire
Tuilleadh grianghraif ar-líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Mic léinn ó Chumann Gaelach Choláiste Mhig Aoidh leis an Mhéara
Níor chuir fuacht an lae isteach ar dhamhsóirí an Chéilí Mhóir!
...scáthán Lch 11
Oifigeach Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá
seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má
tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil
foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait
ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá
formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.
Scéal na Gaeilge mar chuid de thionscnamh BT Portráid na Cathrach
Ná déan dearmad gur féidir leat eolas faoi do chuid imeachtaí a
chur ar Eolaire na Gaeilge ar shuíomh idirlín Fhoras na Gaeilge.
Nuair a chláraíonn tú do chuid imeachtaí ar an suíomh beidh
teacht ag daoine ar fud fad an oileáin ar d‟eolas. www.gaeilge.ie
CONRADH GEARRTHÉARMA AR FÁIL: Tá taighdeoir/
éascaitheoir á lorg ag Comhairle Cathrach Dhoire le
tionscnamh Scéal na Gaeilge a fhorbairt i gcomhar le
pobal na Gaeilge i nDoire. Beidh ar an duine a cheapfar
oibriú i gcomhar leis an phobal le Scéal na Gaeilge sa
cheantar seo a dhoiciméadú, ag díriú isteach ar an
teanga sa stair, sa lá atá inniu ann agus inár
gcomhthodhchaí. Má tá suim agat cur isteach ar an deis
seo is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Pól Ó Frighil,
Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire le foirm
iarratais a iarraidh. Cuir glaoch ar T: 028 71 376 579 nó
seol ríomhphost chuig [email protected]. Is é an
Luan an 8ú Aibreán ag 12:00in an spriocdháta.
FÓRAM PHOBAL NA GAEILGE-DOIRE: Fóram iondaíoch grúpaí Gaeilge is ea Fóram Phobal na
Gaeilge~Doire a thagann le chéile go rialta le cúrsaí Gaeilge sa cheantar comhairle a phlé. Cuirtear
fáilte roimh chách! Más mian leat bheith curtha ar an liosta ríomhphoist le bheith i láthair ag an
chéad chruinniú eile cuir in iúl don Oifigeach Gaeilge, Pól Ó Frighil, trí scairt a chur ar T: (028)
71376579 nó seol ríomhphost chuig [email protected]. Fáilte roimh chách!