Upload
pol-o-frighil
View
224
Download
1
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire (Iúil - Meán Fómhair 2012)
Citation preview
DCC
Gaeilge agus Fáilte
14. Iúil - MF 12
14. July - Sept 12
...scáthán
San eagrán seo:
Scéal na Gaeilge
Fleadh 2013
Cúrsa Béaloidis
Glórtha na nOileán
Líofa 2015
Fóram Phobal na
Gaeilge
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
Gaeilge agus Fáilte
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach Dhoire agus Fhóram Phobal na Gaeilge
„Scéal na Gaeilge 2013‟ a fhógairt. Seo tionscnamh a oibreoidh le pobal
na Gaeilge i nDoire le scéal na teanga a insint. Tiocfaidh pobal na Gaeilge
le chéile le bheith ag obair ar mhórthaispeántas a dhéanfaidh taifead ar
éabhlóid na teanga agus ar fhás phobal na Gaeilge sa chathair agus sa
cheantar máguaird. Seolfar an tionscnamh mar chuid de cheiliúradh
Chathair Chultúir 2013 agus beidh deis ag gach aon duine ar suim leis nó
léi bheith páirteach. Scaipfear tuilleadh eolais faoi seo go luath.
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
Tá „Scéal na Gaeilge 2013‟ maoinithe faoi Culture for All de chuid an Big
Lottery Fund agus ceapadh an smaoineamh ag Fóram Phobal na Gaeilge.
Fógróidh an Chomhairle Chathrach deiseanna le bheith páirteach sa
tionscnamh . Tuilleadh eolais ar fáil ó: [email protected]
...scáthán Lch 2
Sraith Léachtaí Glórtha na nOileán, Iarsmalann an Túir, Doire
Cuireadh tús le sraith léachtaí teanga Glórtha na nOileán ag Iarsmalann an Túir, Doire ar an
Déardaoin 27ú Meán Fómhair. Seo sraith a bhfuil sé mar aidhm aici an Ghaeilge, an Béarla agus
Albainis Uladh a thaiscéaladh i gcomhthéacs ár gcomhoidhreachta. Thug an t-údar agus eagarthóir
Róise Ní Bhaoill léacht ar Bhailiúchán Wilhelm Doegen, bailiúchán de thaifeadtaí a rinneadh sna
1930í i gCúige Uladh agus ar fud an oileáin. Dhírigh an léacht seo ar thréithe Ghaeilge Oirthear
Uladh agus ar an tionscnamh béaloidis a bhí mar údar ag an bhailiúchán. D‟fhreastail breis agus 30
duine ar an imeacht. Sa ghrianghraf seo tá an t-aoichainteoir Róise Ní Bhaoill le Margaret Edwards,
Oifigeach Oideachais le Comhairle Cathrach Dhoire. Tá dhá léacht eile sa tsraith agus is féidir an clár
a íoslódáil ónár leathanach Facebook: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Fleadh Cheoil 2013 Suirbhé
Buíochas le gach aon duine a
glac le cuireadh ó Choiste na
Gaeilge de chuid Fhleadh
Cheoil na hÉireann 2013
suirbhé a chomhlánú le tacú
leis an choiste imeachtaí
Gaeilge a eagrú a mbeidh
ráchairt ag an phobal Gaeilge
orthu. Más mian leat torthaí
an tsuirbhé a fháil déan
teagmháil leis an Oifigeach
Gaeilge ar an líne Ghaeilge
T: 028 71376579 nó seol
ríomhphost chuig
Oibrithe Deonacha Deiseanna ag Fleadh Cheoil 2013
Ar mhaith leat bheith mar chuid den fhéile cheoil is mó ariamh le
bheith anseo i nDoire? Tá deiseanna éagsúla ar fáil do dhaoine
éagsúla beag beann ar aois nó líofacht sa Ghaeilge bheith mar
pháirt d‟Fhleadh Cheoil na hÉireann 2013. Má bheidh ar tú ar fáil
agus sásta cuidiú a thabhairt, bí i dteagmháil le do chuid sonraí.
...scáthán Lch 3
Breithlá Líofa 2015
Méara Dhoire, An Comhairleoir Caoimhín Mac Cathmhaoil ag Cóisir Bhreithlae Líofa
2015 a ceiliúradh ag Cultúrlann Uí Chanáin ar an 5ú Meán Fómhair 2012. In éineacht
leis sa ghrianghraf tá Ursula Uí Dhonnaile, Oifigeach Forbartha Líofa 2015, Ciara Nic
Lochlainn, Comhordaitheoir Léargas agus Pádraig Mac Conmidhe agus Fiachra Mackel
ó Chultúrlann Uí Chanáin a bhí i mbun clárúchán ar an lá féin. Grúpa iomlán thíos.
...scáthán Lch 4
Gaeilge ag Ollscoil Uladh Ceann Roinne Nua
Comhghairdeas leis an Dr Malachy Ó Néill a
ceapadh mar Cheann ar Scoil Theanga agus
Litríocht na Gaeilge de chuid Ollscoil Uladh a
bhfuil a cheanncheathrú suite ag campas Mhig
Aoidh anseo i nDoire.
As Ard Bó i gContae Thír Eoghain ó dhúchas é,
d‟imir an Dr Ó Néill ról lárnach maidir leis an
gcéad naíscoil Ghaeilge, Naíscoil Eoghain, a
bhunú ar an gCorr Chríochach i 2008.
Oibreoidh Scoil nua Theanga agus Litríocht na
Gaeilge go dlúth le hInstitiúid Taighde an Léinn
Éireannaigh agus Cheiltigh, faoi cheannas an
Ollaimh Ailbhe Uí Chorráin, a bhfuil a
ceanncheathrú aici ag campas Mhig Aoidh.
Tá taighde ar Léann Éireannach agus Ceilteach ar
an Ollscoil rátáilte sna chéad trí áit ar fud
ollscoileanna na Ríochta Aontaithe
sa réimse ábhair seo.
Lean an Dr. Ó Néill leis; “Is é is aidhm dúinn
teagasc agus taighde a sholáthar a imreoidh
dea-thionchar ar an phobal áitiúil agus a
rannchuideoidh go mór le scoláireacht
idirnáisiúnta.
“Faoi láthair, tá muid in ann cúrsaí lánaimseartha agus cúrsaí páirtaimseartha araon a thairiscint sa
dá chathair is mó sa Tuaisceart, rud a thacóidh leis na pobail Ghaeilge i mBéal Feirste agus i nDoire
atá ag fás, agus is deis iontach í seo do gach duine siúd lena mbaineann.” - An Dr Ó Neill
Dioplóma i Léann an Traidisiúin Léiriúcháin Suime á n-iarraidh
Is mian le hOllscoil na hÉireann - Gaillimh, Diolpóma i Léann an Traidisiúin a chur ar fáil ach fios
bheith acu maidir le líon na ndaoine a mbeadh suim acu an cúrsa a dhéanamh. Tá an cúrsa féin
dírithe ar dhaoine ar spéis leo oiliúint a fháil ar a gcultúr dúchais agus ar an bhéaloideas. Cuireann
an cúrsa béim ar chaitheamh aimsire traidisíúnta, ar shlite beatha traidisúnta bainteach le muintir
agus tír, an scéalaíocht agus ar nósanna agus tuiscintí eile de chuid na muintire. Cuirfear an cúrsa ar
fáil go páirtaimseartha thar dhá bhliain ollscoile. Díreoidh an chéad bhliain isteach ar Shiamsaíocht
agus Dheasghnátha agus Tuiscintí Traidisiúnta agus díreoidh an dara bliain isteach ar Oidhreacht
Fhisiciúil agus Stairiúil, Mhuir agus Tír agus ar na hEalaíon Béil. Ag an phointe seo fáiltítear roimh
léiriúcháin suime sa chúrsa. Más mian leat do chuid suime a léiriú déan teagmháil le: Ciara Nic
Lochlainn, Cultúrlann Uí Chanáin, T: 028 7126 4132 nó seol ríomhphost chuig: ciara@culturlann-
doire.ie nó déan teagmháil le hAcadamh na hOllscolaíocht Gaeilge: [email protected]
Bí ar an eolas is déanaí ar-líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
...scáthán Lch 6
Oifigeach Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá
seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má
tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig ag www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a
bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá
eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn.
Má tá formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.
Fóram Phobal na Gaeilge Bí linn ar Facebook
Ná déan dearmad gur féidir leat eolas faoi do chuid imeachtaí a
chur ar Eolaire na Gaeilge ar shuíomh idirlín Fhoras na Gaeilge.
Nuair a chláraíonn tú do chuid imeachtaí ar an suíomh beidh
teacht ag daoine ar fud fad an oileáin ar d‟eolas. www.gaeilge.ie
Ar chláraigh tú go foil? www.facebook.com/foramphobalnagaeilge