Upload
pol-o-frighil
View
230
Download
5
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Nuachtlitir Ghaeilge Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin
Citation preview
...scáthán Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
Eagrán 28, Earrach 2015
www.derrystrabane.com/gaeilge
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
@foramphobal @dcsdcouncil
………………………………………………………………………………….
Doire Gearrliostaithe do Phríomhchathair Eorpach na nÓg
Stádas Phríomhchathair Eorpach na nÓg i ndán dúinn? Tá céim mhór chun tosaigh tógtha ag Comhairle
Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ina cuid iarrachtaí le stádas mar Phríomhchathair Eorpach na
nÓg don bhliain 2019 a bhaint amach. Chuir trí chathair déag iarratas isteach agus gearrliostáladh cúig
chathair a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas moltóireachta, Doire ina measc.
I rith thréimhse ullmhúcháin an iarratais chuaigh Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin
i gcomhairle le heagraíochtaí in earnáil na Gaeilge le tacaíocht don iarratas a iarraidh agus tá muid buíoch
do chách a thacaigh linn! Má éiríonn leis an chathair an gradam mór seo a bhaint, beidh féilire bliana
curtha le chéile le freastal ar dhaoine óga idir 16-24 d’aois. Fógrófar an buaiteoir ag Tionól Ginearálta
Fhóram Eorpach na nÓg sa Bhulgáir i mí na Samhna 2016. Ba mhaith leis an Chomhairle iarraidh ar an
phobal leanstan de bheith ag tacú leis an iarracht i rith an chéad chéim eile den chomórtas. #eyc19
Cathair na nÓg 2019
Lch 2
Rith 2016 Tagann Pobal an tSratha Báin amach ina sluaite
Rith 2016 - Seoladh Rith mar fhéile náisiúnta nua in Éirinn i Márta 2010, chun labhairt agus úsáid ghinearálta na
Gaeilge a chur chun cinn. B’é aidhm fhéile Rith ná ardú croí, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge. Chuir pobal na Gaeltachta, scoileanna bunleibhéil agus
meánleibhéil, in iúl!
RITH 2016 Tháinig pobal na Gaeilge ar an tSrath Bán amach ina sluaite le fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh
Rith 2016 a thuirling ar an bhaile ar an Aoine 14 Márta. Bhí Méara Chathair Dhoire an Comhairleoir Elisha
McCallion agus Méara Dhún na nGall an Comhairleoir Ciarán Ó Brógáin i láthair ar an lá le teacht le chéile
leis an phobal chun an imeacht a cheiliúradh. Ag deireadh an reatha, reáchtáil Méara Elisha ceiliúradh
ceoil agus císte ag oifigí Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin áit a ghabh sí
chomhghairdeas le gach duine a ghlac páirt agus a thacaigh le rath a chur ar an imeacht.
Scoilphobal Ghaelscoil Uí Dhochartaigh
Reathaithe ag rith trí bhaile an tSratha Báin mar chuid de Rith 2016
Rith 2016
Lch 3
Rith 2016 Fáiltiú Oifigiúil
Méara Dhoire & an tSratha Báin Elisha McCallion le Méara Dhún na nGall an Clr Ciarán Ó Brógáin
Bronnadh Rith 2016 D’eagraigh Méara Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ceiliúradh oifigiúil ag oifigí na Comhairle ar an tSrath Bán le buíochas a ghabháil le heagraithe Rith 2016 agus le buíochas a ghabháil leis na reathaithe as ucht a gcuid tacaíochta. Eagraíodh an fáiltiú iar-imeachta seo mar cheann d’imeachtaí an Mhéara ar Chlár Comórtha Céad Bliain 1916 agus mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016. Tá tuilleadh grianghraf ón imeacht ar fáil ag www.facebook.com/formaphobalnagaeilge
Ó chlé: Máirtín Ó Maolmhuaidh, Marcas Mac Ruairí, Elisha McCallion, Máire Ní Dhochartaigh agus Seán Ó Daimhín
Lch 4
Leigh & Pléigh 1916 Grúpa Léitheoireachta nuabhunaithe
Aistritheoirí á lorg Pairlaimint na hEorpa
Deiseanna d’Aistritheoirí i bPairlimint na hEorpa I láthair na huaire, tá aistritheoirí Gaeilge á lorg in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa (ASTRAD) i Lucsamburg. Is é an príomhról atá ag aistritheoirí in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin ná aistriúcháin ar ardchaighdeán a chur ar fáil i bParlaimint na hEorpa chomh maith le comhairle a thabhairt faoi chúrsaí teanga. Táthar anois ag féachaint le comhaltaí nua foirne a fhostú ar conradh i Seirbhís Aistriúcháin na Gaeilge. Má tá spéis agat cur isteach ní mór cuairt a thabhairt ar an nasc a leanas: www.europarl.europa.eu/trad/ga/irish_translators_ga.html
Tá Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na
nGall, i gcomhar le Leabharlanna TÉ i nDoire
agus i dTír Eoghain, i ndiaidh togra nua
léitheoireachta pobail a sheoladh dar teideal
‘Léigh agus Pléigh 1916’, agus táthar ag iarraidh
ar dhaoine aonaracha, clubanna leabhar, agus ar
ghrúpaí Gaeilge páirt a ghlacadh sa togra.
Beidh imeacht ceiliúrtha ar an Luan 23 Bealtaine
ag Leabharlann na Cathrach i nDoire le deis a
thabhairt do dhaoine a léigh an chéad leabhar
’Seachtar an Cásca’ le hAindrias Ó Cathasaigh
dul i mbun plé fán saothar agus le héisteacht le
caint leis an údár é féin a bheas sa chathair ar
cuairt. Ní mór Gaeilge mhaith a bheith agat leis
na leabhair a léamh ar do chompórd. Más mian
leat clárú le páirt a ghlacadh sa togra seo, iarrtar
ort teagmháil a dhéanamh le:
Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge,
Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an
Chontae, Leifear, T: 074) 9172496.
Lch 5
Seirbhísí Gaeilge Gaeilge & Fáilte
Lch 6
Seirbhísí Gaeilge Gaeilge & Fáilte
Lch 7
Scéim Fáinne Comhairle Chathair Doire & an tSratha Báin
Scéim Fáinne - I rith Sheachtain na Gaeilge 2016 ghnóthaigh roinnt foghlaimeoirí de chuid fhoireann Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin fáinní i ndiaidh dóibh dul faoi scrúdú béil. Sa ghrianghraf thuas ó chlé tá: Clare Morris, Charlotte Connolly, Robbie Houston agus Amanda Biega. San iomlán d’éirigh le naonúr fostaithe de chuid na Comhairle dul faoi scrúdú béil agus fáinne a ghnóthú mar chuid de chlár Theagasc na Gaeilge atá arna eagrú sa Chomhairle ón bhliain 2009 go dtí an lá inniu.
Sara Kadar, fáilteoir ag The Foyle Arena a ghnóthaigh Fáinne Airgid le hoide an chúrsa Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge
Gaeilge & Fáilte ag
Do Chomhairle Áitiúil
Lch 8
Príomhdhuais Ghlór na nGael bainte ag Cultúrlann Uí Chanáin
Comhghairdeas le Cultúrlann Uí Chanáin
Tá lúcháir an domhain ar Chultúrlann Uí Chanáin i ndiaidh dóibh an Príomhdhuais Náisiúnta a bhaint i gComórtas Ghlór na nGael 2015. Bronntar an duais seo ar choistí Ghlór na nGael a bhfuil sár-obair déanta acu ag cur chun cinn na Gaeilge agus beidh an Corn i nDoire go ceann bliana anois. Bhí foireann na Cultúrlainne i gCaisleán Dhún Búinne don oíche bronnta nuair a bhain siad an Corn agus seic €20,000. Comhghairdeas leo ar fad as an dea-obair!
Tá Cultúrlann Uí Chanáin ar an lárionad Gaeilge is mó ar oileán na hÉireann agus tá réimse d’áiseanna suite san ionad ilfeidhmeach atá lonnaithe ar Mhórshráid Shéamais i gcroílár Chathair Dhoire. San iomaíocht don phríomhdhuais seo bhí Cultúrlann Uí Chanáin - Doire, Glór Charn Tóchair - Co. Dhoire agus Comhlacht Forbartha na nDéise - Co. Phort Láirge.
Is léir go bhfuil Doire ionadaithe go láidir sa chomórtas náisiúnta seo rud a chruthaíonn go bhfuil an teanga á forbairt le diograis mhór sa taobh seo tíre. Tá tuilleadh eolais faoi Chultúrlann Uí Chanáin ar fáil ag www.culturlann-doire.ie nó trí ghlaoch a chur ar T: 028 7126 4132
Ionadaithe ó Bhord agus Foireann Chultúrlann Uí Chanáin a bhain an Phríomhdhuais Náisiúnta i gComórtas Ghlór na nGael
Comhghairdeas le
Cultúrlann Uí Chanáin
Lch 9
Lch 10
………………………………………………………………………………….
Oifigeach Gaeilge
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Chathair Dhoire &
Cheantar an tSratha Báin
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
www.derrystrabane.com/gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó
Fhoras na Gaeilge:
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís
uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm
uait i nGaeilge téigh chuig www.derrystrabane.com/gaeilge Má tá eolas uait ar
aon seirbhísí eile sa Chomhairle déan teagmháil linn. Má tá aon fhormáid eile
den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn. GAEILGE & FÁILTE
Lean muid ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Tá muid ar líne - Is féidir leat fanacht cothrom
chun dáta lena bhfuil ag tarlú sa cheantar
Comhairle ó thaobh na Gaeilge de trí ‘like’ a
thabhairt dár leathanach pobail ar Faceboook
faoin ainm ‘Fóram Phobal na Gaeilge’ áit a
fhéicfidh tú blúiríní eolais agus scéilíní faoi
imeachtaí, thionscnaimh agus ghníomhaíochtaí
Gaeilge sa phobal mar aon le heolas faoi
sheirbhísí Gaeilge na Comhairle.
@foramphobal
……………………………………………………………
An úsáideann tú na meáin shóisialta? Is féidir leat úsáid a bhaint as na meáin shóisial-
ta le teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle trí Ghaeilge. Tá leathanach Gaeilge ag an Chomhairle
ar Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge agus is féidir leat teacht orainn ar Twitter
fosta ag @foramphobal. Ach más fearr leat an tseandóigh, seo thíos ár sonruithe teagmhála. Labhair
Déan teagmháil le do Chomhairle Aitiúil
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Labhair linn...Gaeilge agus Fáilte