Upload
pol-o-frighil
View
246
Download
5
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Chathrach Dhoire
Citation preview
Business Name
Gaeilge agus Fáilte
12. Ean~Márta 12
12. Jan~Mar 12
...scáthán
Fleadh Cheoil na
hÉireann 2013
Seachtain na
Gaeilge 2012
Féilire na Gaeilge
Fóram na Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge ó
Chomhairle
Cathrach Dhoire
Sonraí an Oifigigh
Ghaeilge
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 i nDoire: Tá sí againn! Beidh Fleadh
Cheoil na hÉireann 2013 i nDoire Cholm Cille agus comhghairdeas tuillte
acu go léir a d’oibrigh go díográiseach leis an fhéile a mhealladh aneas.
Seo an chéad uair don Fhleadh bheith sa taobh seo tíre agus an chéad
uair di bheith i gcathair. Tá imeacht den scoth geallta agus cruthúnas
breise gurb í Doire an ceann scríbe cultúrtha is mó ar an oiléan!
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht go Doire 2013
Gaeilge agus Fáilte
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
...scáthán Lch 2
Seachtain na Gaeilge 2012 ~ Siúl siar ar imeachtaí na bliana
Tá deireadh tagtha le Seachtain na Gaeilge 2012 agus tá sé tráthúil amharc siar ar imeachtaí na Féile
San eagrán seo caithfidh muid súil ar réimse na n-imeachtaí a eagraíodh le Seachtain na Gaeilge
2012 a cheiliúradh . Tá grianghraif ó réimse de na himeachtaí léirithe ar an nuachtlitir seo ach tá
tuilleadh le feiceáil ar ár leathanach Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
I mbliana thosaigh Seachtain na Gaeilge le Éigse Cholm Cille, féile litríochta na
Gaeilge á eagraítear gach bliain ag Ollscoil Uladh agus chríochnaigh sí beo agus
bríomhar ar Lá Fhéile Pádraig le Paráid Charnabhal an Earraigh de chuid na
Comhairle Cathrach. I measc buaicphointí na féile i mbliana bhí Léacht Sheachtain
na Gaeilge~Turas Teanga na Gaeilge le Seoirse Ó Dochartaigh, Scéim an Fháinne a
fhásann níos mó agus níos fearr gach bliain agus Lá na nGaelscoileanna - imeacht
bliantúil a thugann deis do Ghaelscoileanna na cathrach theacht le chéile. Agus
Doire mar bhaile ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus Cathair Chultúir 2013 bhí
spiorad an dóchais agus an athnuachana mar théama faoi bhun na n-imeachtaí ar fad!
Tuilleadh ar líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Féilire na Gaeilge, Doire ~ Cad é atá ag tarlú i do cheantar?
Bí ar an eolas faoi imeachtaí atá ag tarlú i do cheantar trí shúil a
chaitheamh ar ár leathanach Facebook (seoladh thíos) agus cuir d’iontráil
lenár n-eolaire. Má chláraíonn tú linn gheobhaidh tú eolas faoi shaol na
Gaeilge i nDoire Cholm Cille go minic mar aon leis an nuachtlitir seo gach ráithe. Cláraigh leis an
Oifigeach Gaeilge, Pól Ó Frighil trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]
Fóram Phobal na Gaeilge - Ar mhaith leat bheith i do bhall?
Ar mhaith leat bheith i do bhall ar Fhóram Phobal na Gaeilge, Doire? Tagann an fóram le chéile gach
ráithe le cúrsaí Gaeilge anseo sa chathair a phlé. Ar an fhóram faoi láthair tá Comhairle Cathrach
Dhoire, Cultúrlann Uí Chanáin, Ollscoil Uladh, Gaelscoileanna na Cathrach agus éagsúlacht de
dhaoine aonair ar suim leo ról gníomhach a imirt i saol na Gaeilge anseo go háitiúil. Más maith leat
tuilleadh eolais a fháil ar Fhóram Phobal na Gaeilge nó mas suim leat bheith is do bhall bí i
dteagmháil le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire ar ár Líne Ghaeilge
T: 028 71376 579 nó seol ríomhphost chuig [email protected]
...scáthán Lch 3
The Honest Sod, Dráma Gaeilge/Albainis Uladh
Tá Comhairle Cathrach Dhoire ag obair i gcomhar le The Verbal Arts Centre agus cumann
drámaíochta Blue Eagle Productions le dráma agus ceardlanna deachaidrimh i nGaeilge agus
Albainis Uladh dar teideal The Honest Sod a chur ar fáil i mbunscoileanna na cathrach.
Aisteoirí ón dráma The Honest Sod a insíonn scéal na dteangacha i bPlandáil Uladh
Daltaí ó Bhunscoil Chomhtháite Oakgrove ag ceardlanna The Honest Sod
...scáthán Lch 4
Lá Eolais ar an Ghaeilge ag Comhairle Cathrach Dhoire
Reáchtáil Comhairle Cathrach Dhoire Lá Eolais na Gaeilge i gcomhar le Coláiste an Phobail agus
Cultúrlann Uí Chanáin ar an Chéadaoin 7ú Márta. Tháinig fostaithe na Comhairle agus baill an
phobail mar aon chuig na seastáin eolais le faisnéis a fháil ar shaol na Gaeilge sa chathair.
Ionadaithe ó fhoireann Chomhairle Cathrach Dhoire atá ag foghlaim Gaeilge
Ciara Nic Lochlainn, Comhordaitheoir Oideachais Choláiste an Phobail le cuairteoirí ar an lá
...scáthán Lch 5
Léacht Sheachtain na Gaeilge~Turas Teanga na Gaeilge
Ar an Aoine 9ú Márta thug Seoirse Ó Dochartaigh - an t-ealaíontóir agus ceoltóir - Léacht
Sheachtain na Gaeilge 2012 agus Turas Teanga na Gaeilge mar theideal ar an chaint ilmheáin seo a
chumasc ceol, téacs, íomhánna agus focail. Ag deireadh na léachta seoladh leabhair an ealaíontóra.
Máirtín Mac Meanman, a sheol leabhar Sheoirse Uí Dhochartaigh ‘Oíche go Maidin’
Aoichainteoir Léacht Sheachtain na Gaeilge, Seoirse Ó Dochartaigh i mbun cainte
...scáthán Lch 6
Lá na nGaelscoileanna
Ar an Luan 12ú Márta tháinig Gaelscoil Éadain Mhóir agus Bunscoil Cholmcille le chéile ag
Lá na nGaelscoileanna a eagraíodh ag Comhairle Cathrach Dhoire agus Cultúrlann Uí Chanáin.
Bhí Tráth na gCeist agus Céilí ann ar an lá agus bhain an dá scoil teastais.
Gléasta suas in éadaí an chomhneartaithe ag Lá na nGaelscoileanna 2012
Páistí ó Ghaelscoil Éadain Mhóir agus Bunscoil Cholmcille ag cur aithne ar a chéile
...scáthán Lch 7
Scéim an Fháinne 2012
Sna grianghraif seo tá cuid de na mic léinn a chuaigh faoi scrúdú béil mar chuid de
Scéim an Fháinne agus cuid dár bhfoghlaimeoirí is óige agus is sine iondaithe! Bronnadh teastais
agus fáinní ar na mic léinn agus bhí Tráth na gCeist agus Oíche Shóisialta i ndiaidh an bhronnta.
Iarrthóirí ar Scéim an Fháinne lena dteastais le Ciara Nic Lochlainn agus Pól Ó Frighil
Tuilleadh grianghraf: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
...scáthán Lch 8
Lá Fhéile Pádraig 2012
Tháinig Seachtain na Gaeilge chun críche ar Lá Fhéile Pádraig le
Paráid Charnabhail Fhéile an Earraigh a shnoigh fríd chathair Dhoire ar ár lá náisiúnta.
Tuilleadh grianghraf ón pharáid ar líne ag www.derrycity.gov.uk
Paráid Charnabhal Fhéile an Earraigh ar a bealach trí chathair Dhoire
Beannachtaí na Féile Pádraig 2012!
...scáthán Lch 9
Oifigeach Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá
seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má
tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig ag www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a
bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá
eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn.
Má tá formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.
Gaeilge & Fáilte - Seirbhísí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire
Tá réimse Seirbhísí Gaeilge ar fail ó
Chomhairle Cathrach Dhoire.
Is féidir leat:
Litreacha, ríomhphoist, foirmeacha agus
iarratais a chur chugainn i nGaeilge agus
freagra a fháil i nGaeilge
Gaeilge a labhairt linn ar cuairt anseo
Gaeilge a labhairt ar an ghuthán linn
Ateangaire a iarraidh ag cruinnithe linn
Cáipéisí oifigiúla a fháil i nGaeilge
Sráidainm Gaeilge a iarraidh
Leagan Gaeilge de d’ainm a úsáid
Leagan Gaeilge de logainm a úsáid
Níl anseo ach léargas ar sheirbhísí atá ar
fáil. Má tá seirbhís uait nach bhfuil anseo
déan teagmháil linn.
Bain úsáid as do Ghaeilge!
Líne Ghaeilge: (028) 71376 579