Upload
kaiyo
View
86
Download
5
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Cad é go díreach is Oibrí Imirceach ann ?. Scríobh go díreach cé nó cad é is Oibrí Imirceach ann dar leat. - PowerPoint PPT Presentation
Citation preview
Scríobh go díreach cé nó cad é is Oibrí Imirceach ann dar leat.
Cad é go díreach isOibrí Imirceach ann?
I dTuaisceart Éireann líonann oibrithe imirceacha folúntais sna hearnálacha acadúlachta, feirmeoireachta, táirgeacht bia, sláinte agus lónadóireachta.
Is duine é oibrí imirceach a imíonn as a t(h)ír dhúchais féin le fostaíocht a chuardach áit éigin eile. Baineann na focail de ghnáth sa lá atá inniu ann le daoine nach bhfuil sé de rún acu fanacht go buan sa tír nua.
Folúntas poist Is ea Ní hea Máinlia Ospidéil
Díoltóir 'Big Issue'
Oibrí Tógála
Múinteoir
Cúntóir Miondíola
Próiseálaí Feola
Gúnadóir
Bainteoir Torthaí
Cé acu de na folúntais seo a leanas a líonfadh oibrí imirceach dar leat?
Cé acu seo thíos ar oibrí imirceach é/í dar leat?
Tá roinnt téarmaí difriúla ann a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar dhaoine a imíonn óna dtír dhúchais agus a
thagann go Tuaisceart Éireann le fostaíocht a fháil.
OibríImirceach
An dtig leat an difear idir na cineálacha seo oibrithe imirceacha a aithint?
Comhlánaigh Áis 2 "Meaitseáil na Téarmaí" le cuidiú leat cinneadh a dhéanamh
Iarrthóir Tearmainn
Dídeanaí Inimirceach
Na 10 dtír dhúchais óna dtagann oibrithe imirceacha go Tuaisceart Éireann den chuid is mó, liostaítear iad ar an chéad sleamhnán eile.
Cá mhéad acu is féidir leat a ainmniú?
An dtig leat tír a ainmniú óna dtiocfadh oibrí imirceach go Tuaisceart Éireann?
An Pholainn 12,020
An Liotuáin 4,987
An Phortaingéil 3,605
An tSlóvaic 3,469
An India 2,486Na hOileáin Fhilipíneacha 1,524
An Laitvia 1,358
Pobiacht na Seice 1,338
An tSín 1,317
An Úcráin 867
Na 10 dtír dhúchais is mó as ar tháinig oibrithe imirceacha go Tuaisceart Éireann 2003-2006
Áis 3 in úsáid in bhur ngrúpaí de 4 daltaí,
an dtig libh roinnt de na tosca 'brú 'agus
'tarraingt' seo a ainmniú?
Cad chuige a roghnaíonn daoine Tuaisceart Éireann mar áit fostaíochta?
Na fáthanna a bhfágann daoine a dtíortha dúcháis
Na fáthanna a dtagann daoine go Tuaisceart
Éireann
• Tuarastail níos airde anseo
• Earcaíocht ghníomhach as siocair easpa foirne
• Deiseanna le scileanna a fheabhsú agus gairmeacha a chur chun cinn
• Costas maireachtála níos ísle i dTuaisceart Éireann
• An deis le tír úr a thriail
Cad chuige a roghnaíonn daoine Tuaisceart Éireann mar áit fostaíochta?
• Easpa fostaíochta sa tír dhúchais
• Cogadh nó bochtanas sa tír dhúchais
• Caighdeán maireachtála íseal sa tír dhúchais
• Míshocracht pholaitiúil
Ní gá do Náisiúnaigh ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch cead a iarraidh cónaí agus obair a dhéanamh anseo. Orthu siúd tá daoine ón Aontas Eorpach (AE), ó Limistéar Saorthrádála na hEorpa (ar a n-áirítear an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) agus ón Eilvéis.
Roinnt fíricí orthu siúd a bhfuil cead acu fostaíocht a chuardach i dTuaisceart Éireann
Tá saoirse gluaiseachta de cheart ag Náisiúnaigh ó na Stáit Aontachais AE Nua i stáit eile de chuid an AE ach caithfidh siad clárú le Gníomhaireacht Teorann an RA san Oifig Gnóthaí Baile nuair a fhaigheann siad post.Orthu siúd tá daoine ó na Tíortha A8 a tháinig isteach san AE i mí na Bealtaine 2004:
Poblacht na Seice An Liotuáin An Eastóin An Pholainn An Ungáir An tSlóvaic An Laitvia An tSlóivéin
(Tháinig an Chipir agus Málta isteach in 2004 fosta, ach ní chuirtear na srianta seo i bhfeidhm orthu agus caitear leo mar a bheadh stáit a tháinig isteach roimhe.)
Caitheadh ar dhóigh dhifriúil leis na tíortha aontachais is déanaí, an Bhulgáir agus an Rómáin (A2) leis na tíortha A8. Tig le náisiúnaigh ó na tíortha sin a bheith anseo ach tá cead oibre de dhíth orthu do bhunús gach cineál fostaíochta.
Is náisiúnaigh choigríche iad Sealbhóirí Ceadanna Oibre ó thíortha diomaite díobh siúd a luadh cheana féin. Déantar ceadanna a eisiúint nuair a chruthaíonn fostóirí nach raibh siad ábalta an folúntas a líonadh ar bhealach ar bith eile.
Tá sé de cheart ag mic léinn ón choigríoch obair pháirtaimseartha a dhéanamh. Oibríonn siad go minic mar chúntóirí teanga i scoileanna.
Comhlánaigh Áis 5 lena fháil amach cé aige a bhfuil cead a bheith ag obair i dTuaisceart Éireann.
Tasc TFC:
Cuireann Áis 6 roinnt fíricí agus figiúirí ar fáil ar threochtaí imirce i dTuaisceart Éireann.
Úsáid an fhaisnéis le gluaiseacht daoine isteach agus amach as Tuaisceart Éireann agus na poist a dhéanann oibrithe imirceacha a léiriú.
Treochtaí imirce go Tuaisceart Éireann
ó 1991-2008