Upload
others
View
2
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
1
Stiúrthóir Uisce
An Coimisiún um Rialáil Fóntais
Teideal: Stiúrthóir Uisce
Láthair: An Malartán, Cearnóg Belgard Thuaidh, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24
Tionacht: Buan
Rialálaí neamhspleách fóntais na hÉireann is ea an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU). Déanaimid
uisce, fuinneamh agus sábháilteacht fuinnimh a rialáil ar mhaithe le leas an phobail. Is é ár bhfís
leasanna gearrthéarmacha agus leasanna fadtéarmacha an phobail a chosaint trína chinntiú:
• go soláthraítear fuinneamh agus gás go sábháilte;
• go mbíonn na soilse curtha air;
• go leanann an gá de bheith ag sreabhadh;
• go gcoinnítear soláthar iontaofa uisce ghlain agus go gcóireáiltear fuíolluisce go héifeachtúil;
• gur cothrom agus réasúnta atá praghsanna fuinnimh agus uisce do thomhaltóirí; agus
• gurb é rialáil an dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Ar na dualgais atá ar CRU, tá earnálacha leictreachais agus gáis nádúrtha na hÉireann a rialáil agus tá
sé ar an rialálaí eacnamaíoch ar sheirbhísí uisce agus fuíolluisce poiblí in Éirinn. Déanann CRU rialáil ar
an Margadh Leictreachais Aonair (SEM) mórdhíola uile-oileáin i gcomhpháirt leis an Rialtóir Fóntas, a
mhacasamhail i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin, tá feidhmeanna tábhachtacha ag CRU freisin
maidir le cosaint custaiméirí san earnáil fuinnimh agus san earnáil uisce. Bíonn tuilleadh freagrachtaí
sábháilteachta á gcur ar CRU i gcónaí. I measc na bhfreagrachtaí sin, tá conraitheoirí leictreachais,
suiteálaithe gáis agus LPG agus oibriú sábháilte an líonra gáis ar an gcósta a rialáil ó thaobh cúrsaí
sábháilteachta de d’fhonn beathaí agus maoin a chosaint. Ina theannta sin, is é CRU an rialálaí
sábháilteachta ar ghníomhaíochtaí sábháilteachta a bhaineann le haimsiú peitriliam, lena n-áirítear
gás agus ola amach ón gcósta.
Raon agus Freagrachtaí ról an Stiúrthóra Uisce:
Beidh an té a cheapfar i gceannas ar Rannóg Uisce CRU agus beidh freagracht air/uirthi as
meantóireacht a dhéanamh ar ár bhfoireann shaineolaíoch thiomanta agus as í a threorú agus a
fhorbairt. Ag tuairisciú dó/di go díreach don Choimisiún, beidh an Stiúrthóir Uisce ina bhall/ball
d’fhoireann ardbhainistíochta CRU agus beifear ag súil go gcuirfidh sé/sí go héifeachtach leis na
gníomhaíochtaí agus na cinntí go léir a dhéanfaidh CRU agus go n-imreoidh sé/sí ról tábhachtach i
straitéis, rialachas agus forbairt na heagraíochta.
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
2
Beidh an Stiúrthóir Uisce ina chuid dhílis d’fhís agus straitéis CRU a chomhlíonadh. Beidh freagracht
air/uirthi as rialáil eacnamaíoch Uisce Éireann, as custaiméirí Uisce Éireann a chosaint agus as ról
tábhachtach a chomhlíonadh i seirbhísí uisce agus fuíolluisce in Éirinn a bhunathrú chun feabhais.
Déanfaidh an Stiúrthóir Uisce ionadaíocht do CRU ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal idirnáisiúnta.
Oibríonn CRU laistigh de thírdhreach rialála fóntais a bhogann go gasta agus a fhorbraíonn de shíor.
Ba cheart don duine bheith ábalta a léiriú gur mian leis/léi agus gur féidir leis/léi oiriúnú d’athrú,
lena n-áirítear sannadh freagrachtaí breise nó freagrachtaí malartacha. Is mar Stiúrthóir Uisce ar
dtús a cheapfar an té a cheapfar. Mar sin féin, táthar ag súil go mbeadh an tsolúbthacht, an cumas
agus an inniúlacht ag an té a cheapfar glacadh le feidhmeanna breise agus feidhmiú go héifeachtach
mar Stiúrthóir i gceann ar bith eile de rannóga CRU.
Ba cheart an cumas a bheith ag an Stiúrthóir Uisce cur le saincheisteanna leathana. D’áireofaí na
nithe seo le samplaí díobh sin: CRU a rialú, Straitéis Acmhainní Daonna CRU a chur chun feidhme,
agus cur chuige comhsheasmhach a ghlacadh i leith rialáil líonraí, rialuithe ioncaim, faireachán ar
chomhlíonadh agus forfheidhmiú comhlíonta ar fud líonraí uisce, leictreachais agus gáis.
Áirítear na nithe seo leis na príomhghnéithe de ról an Stiúrthóra Uisce:
- Tacú le Foireann Uisce CRU agus í a threorú, a spreagadh agus a fhorbairt,
- Bainistiú a dhéanamh ar chaidreamh le príomhghníomhaireachtaí agus príomhchomhlachtaí,
lena n-áirítear an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, NewERA, an Fóram Náisiúnta
Uisce, agus Comhchoistí Oireachtais ábhartha,
- Páirt a ghlacadh sa Chomhlacht Comhairleach Uisce agus sa Ghrúpa um Fhaireachán ar Aschuir,
- Comhairle beartais a sholáthar maidir le forbairt na hearnála uisce agus fuíolluisce don Aire
Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, agus obair i ndlúthchomhar le hoifigigh ó Ranna
ábhartha Rialtais,
- Caidreamh éifeachtach a fhorbairt le hUisce Éireann agus le grúpaí difriúla éagsúla páirtithe
leasmhara, lena n-áirítear grúpaí ionadaíocha tomhaltóirí agus grúpaí ionadaíocha tionscail,
- Éifeachtúlachtaí agus feabhsuithe seirbhíse a bhrú chun cinn, agus díriú láidir á leagan ar
chustaiméirí agus ar thorthaí do chustaiméirí, lena n-áirítear an Rialú Ioncaim 5 bliana d’Uisce
Éireann atá le teacht i bhfeidhm ar ball,
- Córas éifeachtach faireacháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh Uisce Éireann,
lena n-áirítear Measúnú Feidhmíochta agus Faireachán ar Chaiteachas Caipitil,
- Córas náisiúnta nua maidir le Muirir Neamhbhaile a sholáthar agus a chur chun feidhme,
- Beartas nua um Nasc Uisce a sholáthar agus a chur chun feidhme,
- Maoirseacht a dhéanamh ar thabhairt isteach an chórais nua maidir le Muirir Ró-úsáide Baile,
- Sainordú reachtach CRU i dtaca le hUisce Éireann agus Plean Straitéiseach agus Plean Oibre
bliantúil CRU a chomhlíonadh, agus cuntasacht éifeachtach ina leith a chinntiú,
- Rannchuidiú go gníomhach le WAREG, an comhlacht Eorpach rialála uisce a bunaíodh le déanaí.
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
3
Bunriachtanais don phost
Oideachas
Cáilíocht leibhéal 8 - 10 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí ar a laghad i ndisciplín ábhartha.
Sonraíocht faoin bPearsa
Chun oibriú go rathúil ag an leibhéal seo, teastóidh ón té a cheapfar athléimneacht, féinmhuinín agus tionchar pearsanta láidir a dtacaíonn taifead gnóthachtála i ról den chineál céanna leis. Beidh ar an té a cheapfar na nithe seo a léiriú:
i. Cuntas teiste ar cheannaireacht láidir intaispeánta a chur ar fáil in eagraíocht i dteannta an treallúis agus an chumais chun cur le gach gné de shainordú CRU agus fís straitéiseach CRU a bhaint amach.
ii. Tuiscint shoiléir, nó an cumas chun tuiscint shoiléir a fhorbairt go tapa, ar an raon éagsúil gníomhaíochtaí agus dúshlán ar fud chlár oibre casta CRU agus ar an tírdhreach leathan earnála agus beartais ina n-oibrímid.
iii. Scileanna anailíseacha, breithiúnais agus cruthaitheacha fadhbréitigh den chéad scoth, taithí ar leasanna iomaíocha agus contrártha a chothromú, cinntí doiligh a dhéanamh agus comhairle a chur ar fáil ina leith agus díriú láidir á leagan ar thorthaí ardchaighdeáin a sholáthar le leas an phobail.
iv. Cumas chun timpeallacht chomhoibríoch atá an-chomhtháite agus dírithe ar an bhfoireann a chruthú agus díriú láidir á leagan ar bhainistíocht feidhmíochta, ar oiliúint, inspreagadh agus fhorbairt na foirne agus ar aistriú eolais d’fhonn tosaíochtaí éagsúla a chomhlíonadh go gasta.
v. Scileanna sármhaithe cumarsáide, idirphearsanta agus tionchair ag leibhéal sinsearach lena bhforbraítear caidreamh éifeachtach le raon casta páirtithe leasmhara, na meáin chumarsáide san áireamh. Cumas chun líonraí agus foirne inmheánacha agus seachtracha a chothú, a bhainistiú agus a ghiaráil.
vi. Stair ghairme lena dtaispeántar soláthar rathúil tráthúil torthaí ardchaighdeáin trí thionscadail chasta ilpháirtí leasmhara le raon disciplíní bainistíochta, lena n-áirítear scileanna láidre bainistíocht feidhmíochta, bainistíocht airgeadais, bainistíocht riosca, bainistíocht cáilíochta agus bainistíocht tionscadal.
vii. Cumas chun athrú a réamh-mheas agus a bhainistiú, chun nithe a chur in ord tosaíochta, chun bheith nuálach agus chun nuálaíocht a bhrú chun cinn i dtimpeallacht chasta a bhogann go gasta.
Taithí/Saineolas Inmhianaithe
i. Taithí shuntasach ar bhainistíocht shinsearach, bíodh sí sa tír seo nó i dtíortha thar lear, sa tionscal uisce nó fóntais nó i gcomhlacht rialála, lena n-áirítear forbairt beartais/straitéise ábhartha agus taithí oibriúcháin ábhartha;
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
4
ii. Tuiscint straitéiseach agus taithí ar na saincheisteanna casta eacnamaíocha, airgeadais, teicniúla, dlí, beartais agus rialála atá ríthábhachtach maidir le rialáil agus forbairt rathúil an tionscail fóntas in Éirinn;
iii. Taithí ar a bheith ag stiúradh agus ag spreagadh in eagraíocht atá ag leathnú go tapa ar mhaithe le raon leathan spriocanna agus cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach;
iv. Taithí ar fhoirne ildisciplíneacha a bhainistiú, lena n-áirítear bainistíocht comhairleach agus fochonraitheoirí;
v. Eolas intaispeánta agus tuiscint ar an gcreat reachtúil, rialála agus beartais faoina n-oibríonn CRU ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear tuiscint shoiléir ar na prionsabail um rialáil níos fearr.
Príomhinniúlachtaí atá ag teastáil le haghaidh feidhmíocht éifeachtach:
Léiríonn an múnla inniúlachta arna eisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an
timpeallacht athraitheach chasta ina n-oibríonn na daoine ag an leibhéal sin. Tacaíonn liosta de
phríomhtháscairí feidhmíochta atá leagtha amach thíos le gach ceann de na príomhinniúlachtaí sa
mhúnla seo.
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
5
English Irish
Managing Relationships Caidreamh a Bhainistiú
Leads People Bheith i gCeannas ar Dhaoine
Collaborates & Communicates Comhoibriú agus Cumarsáid a Dhéanamh
Expertise & Self Development Saineolas agus Féinfhorbairt
Drive & Resilience Treallús agus Athléimneacht
High Performance & Delivering Results Ardfheidhmíocht agus Torthaí a Sholáthar
Delivery Focus Díriú Soláthair
Thinks Strategically Smaointeoireacht Straitéiseach
Public Service Values Luachanna Seirbhíse Poiblí
Táscairí Feidhmíochta Éifeachtaí (curtha in oiriúint don Ról mar Stiúrthóir i CRU) Bheith mar eispéireas de Luachanna Seirbhíse Poiblí Is é is feidhmíocht éifeachtach ann:
i. Freastal ar leas an phobail ar aon dul le Misean, Fís agus Luachanna CRU ii. Gníomhú go macánta i gcónaí
iii. Caitheamh le daoine eile go measúil iv. Bheith freagrach as a ghníomhartha féin v. Oibriú go gairmiúil agus go hionraic
Smaointeoireacht Straitéiseach Is é is feidhmíocht éifeachtach ann:
i. Fís don eagraíocht agus don earnáil a chruthú agus bheith ag súil leis na riachtanais chun í a sholáthar
ii. Anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna casta go mear agus bheith ag súil le hiarmhairtí seachthairbhe
iii. Cur chuige ar fud an chórais a ghlacadh agus naisc, rioscaí agus an cumas le haghaidh nuálaíochta sa timpeallacht leathan a shainaithint
iv. Bheith i gceannas ar chleachtais um measúnú riosca a chur chun feidhme agus gabháil do thógáil chothromaithe rioscaí
v. Misneach a thaispeáint agus cinntí doiligh á ndéanamh
Caidreamh a Bhainistiú: Bheith i gCeannas ar Dhaoine Is é is feidhmíocht éifeachtach ann:
i. A bheith ina cheannaire infheicthe fuinniúil a dhéanann teagmháil iomlán le daoine eile ii. Foirne trasfheidhmiúla agus idir-eagraíochta a thógáil agus tacú leo
iii. Freagracht a tharmligean agus cuntasacht a chinntiú i ndaoine eile iv. Spriocanna dúshlánacha a shocrú agus bainistíocht feidhmíochta éifeachtúla a chur chun
feidhme v. Oiliúint a chur ar dhaoine eile agus tacú leo an méid a chuireann siad leis agus a bhforbairt a
bharrfheabhsú
Caidreamh a Bhainistiú: Comhoibriú agus Cumarsáid a Dhéanamh go Cinnteach Is é is feidhmíocht éifeachtach ann:
i. Páirt iomlán agus ghníomhach a imirt san fhoireann ardbhainistíochta maidir leis an eagraíocht a mhúnlú agus a threorú
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
6
ii. Cumarsáid a dhéanamh ar bhealach gairmiúil agus inchreidte, ionchais daoine eile a bhainistiú
iii. Idirbheartú agus tionchar a imirt go sciliúil agus go cinnteach iv. Saincheisteanna agus castachtaí páirtí leasmhair a réamh-mheas agus freagairt dóibh ar
bhealach eolach cuiditheach v. Caidreamh oibre éifeachtach a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara
vi. Comhoibriú, comhpháirtíochtaí agus líonraí a éascú go hinmheánach agus go seachtrach chun comhspriocanna a bhaint amach
Díriú Soláthair: Ardfheidhmíocht agus Torthaí a Sholáthar Is é is feidhmíocht éifeachtach ann:
i. Glacadh le freagracht as a ghníomhartha agus a chinntí féin ii. A chinntiú go n-úsáidtear raon iomlán na ndisciplíní bainistíochta chun torthaí
ardchaighdeáin a sholáthar go gasta agus laistigh den bhuiséad iii. Dúshlán a chur ar phróisis chun acmhainn eagraíochta, freagrúlacht agus díriú ar leas an
phobail a fheabhsú iv. Cur chun feidhme rathúil a chinntiú trí raon modhanna soláthair, lena n-áirítear páirtithe
seachtracha a úsáid v. Díriú ar thascanna tosaíochta chun torthaí a uasmhéadú
vi. Lúb aiseolais láidir a chinntiú idir forbairt beartais rialála agus cur chun feidhme an bheartais sin
Díriú Soláthair: Treallús agus Athléimneacht Is é is feidhmíocht éifeachtach ann:
i. Tionscnaíocht a thaispeáint agus leibhéil arda treallúis agus fuinnimh phearsanta a chothabháil
ii. Iltosaíochtaí casta a threorú agus a bhainistiú go héifeachtach iii. A thuairimí féin a chur in iúl go muiníneach agus go cinnteach iv. Bheith stuama agus úsáid a bhaint as straitéisí tacaíochta pearsanta chun cur le díriú a
choinneáil agus téarnamh as díomá v. Dearcadh dearfach agus gairmiúil a choinneáil i gcásanna deacra
Saineolas Speisialtóra agus Féinfhorbairt Is é is feidhmíocht éifeachtach ann:
i. Eolas fónta a choinneáil ar shaincheisteanna eagraíochta, earnála, beartais, reachtacha, teicneolaíochta agus idirnáisiúnta agus ar an tionchar leathan atá acu ar thomhaltóirí agus ar leas leathan an phobail
ii. Saineolas ar réimsí ábhartha a nuashonrú agus a thaispeáint ar bhonn leanúnach iii. Bheith féinfheasach agus deiseanna a iarraidh chun gníomhú ar réimsí ar son a fhorbartha
féin iv. Aiseolas a iarraidh agus a chleachtais agus a iompraíochtaí féin a athbhreithniú v. A bheith á mheas mar shaineolaí ina réimse/réimsí speisialachais féin
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
7
Príomhchoinníollacha Seirbhíse
Ginearálta
Tá an ceapachán faoi réir ag na hAchtanna Rialacháin Seirbhíse Poiblí 1956 go dtí 2005, an tAcht um
Bainistíocht Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 agus aon Acht eile atá i bhfeidhm idir
an dá linn sa tSeirbhís Phoiblí/sa Státseirbhís.
Pá
Is é seo a leanas an tuarastal don phost:
€132,948, €138,959, €145,474, €151,974 - An Ráta Ranníocaíochta Pearsanta Pinsin
€126,333, €132,045, €138,233, €144,421 - An Ráta Ranníocaíochta Neamhphearsanta Pinsin
Nóta Tábhachtach Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire gur ag bun an scála a thosófar agus nach mbeidh an ráta luach saothair, lena n-áirítear dul chun cinn incriminteach, faoi réir idirbheartaíochta agus go bhféadfar é a choigeartú ó am go ham de réir bheartas pá an Rialtais. Tabhair faoi deara: Ag brath ar chúinsí aonair, d’fhéadfadh gur dhifriúil lena bhfuil thuas a bheadh
an tuarastal chun críocha sochair aoisliúntais a ríomh.
Tarraingítear aird na nIarrthóirí ar an Nóta Tábhachtach maidir le Sochair Inphinsin atá leagtha
amach sa rannán um Aoisliúntas agus Scor thíos.
Tionacht
Tá an ceapachán seo chun post buan bunaithe atá faoi réir tréimhse promhaidh 6 mhí.
Feidhmeanna, Cumhachtaí agus Dualgais
Ní fhéadfaidh an té a cheapfar dul i mbun cleachtadh príobháideach ná a bheith bainteach le haon
ghnó seachtrach a chuirfeadh isteach ar chomhlíonadh na ndualgas oifigiúil nó a bheadh bunoscionn
leis an bpost ar bhealach ar bith.
Láthair
Tá an post seo lonnaithe i dTamhlacht, Baile Átha Cliath 24. Nuair a bhíonn sé/sí as láthair ón
mbaile/oifig ar dhualgas oifigiúil, íocfar costais taistil agus liúntais chothabhála chuí leis an té a
cheapfar, faoi réir ghnáthrialacháin na hearnála poiblí/na státseirbhíse.
Uaireanta freastail
Beidh feidhm ag téarmaí an Achta um Eagrú Ama Oibre, más cuí, maidir le fostaíocht an té a
cheapfar sa phost seo. Oibríonn CRU seachtain 39 n-uaire (gan sosanna scíthe a áireamh). Beidh ar
an té a cheapfar uaireanta breise a dhéanamh ó am go ham, de réir mar a fhéadfaidh a bheith
réasúnach agus riachtanach le haghaidh chomhlíonadh ceart a c(h)uid dualgas faoi réir na
dteorainneacha a leagtar síos sna rialacháin ama oibre. Clúdaíonn an ráta luach saothair is iníoctha
aon dliteanas i leith freastal breise a eascróidh ó am go ham.
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
8
Beidh ar iarrthóirí freisin cloí leis na nósanna imeachta uile a bhaineann le Córas Ama agus Freastail
an Choimisiúin.
Saoire Bhliantúil
Chomh maith leis na gnáthlaethanta saoire poiblí, is í an tsaoire bhliantúil a ghabhann leis an bpost
seo ná 30 lá oibre.
Saoire Bhreoiteachta
Íocfar pá le linn saoire bhreoiteachta chuí-dheimhnithe, ar choinníoll nach mbeidh aon fhianaise ann
go bhfuiltear míchumasach go buan le haghaidh seirbhíse, de réir bheartas CRU maidir le Saoire
Bhreoiteachta agus de réir fhorálacha na gciorclán ábhartha maidir le saoire bhreoiteachta.
Aoisliúntas agus Scor
Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha aoisliúntais cuí atá i réim i CRU a thairiscint don té a
cheapfar an tráth a thairgfear ceapachán. Go ginearálta, beidh na socruithe aoisliúntais cosúil leo
siúd de chuid na Scéime Pinsin Seirbhíse Poiblí Aonair (“Scéim Aonair”) atá i bhfeidhm sa
Státseirbhís. Tá sonraí iomlána faoin Scéim ar fáil ag www.per.gov.ie/pensions
Sa chás gur oibrigh an ceapaí i bpost inphinsin sa tseirbhís phoiblí (téarmaí nach mbaineann leis an
scéim aonair) sna 26 seachtaine sular ceapadh é/í nó go bhfuil sé/sí ar shos gairme nó ar shaoire
speisialta le pá/gan phá, is féidir go mbeidh téarmaí difriúla i bhfeidhm. Déanfar teidlíocht pinsin na
gceapaithe sin amach maidir lena stair fostaíochta sa tseirbhís phoiblí.
Is mar seo a leanas atá na príomhfhorálacha atá i bhfeidhm maidir le ballraíocht den Scéim Aonair:
Aois Inphinsin
Is ag aois 66 bliana is túisce atá pinsean iníoctha (ag méadú go dtí aois 67 agus 68 i gcomhréir le
hathruithe ar an aois le haghaidh an Phinsin Stáit).
Nóta Tábhachtach: Cinntear sochair inphinsin de réir alt 9 den Acht um Bearta Éigeandála
Airgeadais ar Mhaithe le Leas an Phobail, 2010.
Aois Scoir:
Ní mór do chomhaltaí na scéime dul ar scor ag 70 bliain d’aois.
Lacáiste Pinsin
I. Más rud é go raibh an té a cheapfar fostaithe cheana féin sa Státseirbhís nó sa tSeirbhís
Phoiblí agus go bhfaigheann sé/sí pinsean ón Státseirbhís nó ón tSeirbhís Phoiblí, nó más rud
é go bhfuil pinsean Státseirbhíse/Seirbhíse Poiblí á íoc le linn a (h)athfhostaíochta, beidh an
pinsean sin faoi réir lacáiste de réir an Achta um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus
Forálacha Eile), 2012.
II. Más rud é go raibh an té a cheapfar fostaithe cheana féin sa Státseirbhís, áfach, agus gur
bronnadh pinsean air/uirthi faoi shocruithe luathscoir shaorálaigh (seachas an Scéim
Dreasachta Luathscoir (SDLS) nó LSS/SIS Chiorclán 7/2010 ón Roinn Sláinte, a fhágann nach
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
9
bhfuil duine incháilithe le haghaidh an chomórtais, mar a léirítear thuas), scoirfidh teideal
chun an phinsin sin le héifeacht ó dháta an athcheapacháin. D’fhéadfadh go ndéanfar
socruithe speisialta, áfach, chun seirbhís roimhe sin de chuid an té a cheapfar a ríomh chun
críocha aon aoisliúntais a bheidh an té a cheapfar i dteideal é a fháil sa todhchaí.
III. Ciorclán 102/2007 ón Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le Scéim Luathscoir do
Mhúinteoirí Rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna Scéim Luathscoir do Mhúinteoirí a
thabhairt isteach. Tá sé mar choinníoll de chuid na Scéime Luathscoir gurb amhlaidh,
seachas sna cásanna a leagtar amach i míreanna 10.2 agus 10.3 den doiciméadacht ciorcláin
iomchuí agus sna cásanna sin amháin, más rud é go nglacann múinteoir le luathscor faoi
Shraitheanna 1, 2 nó 3 den scéim sin agus go bhfostaítear é/í in aon cháil i réimse ar bith san
earnáil phoiblí, scoirfear láithreach de phinsean a íoc leis an duine sin faoin scéim. Tosófar
arís ar íocaíochtaí pinsin, áfach, nuair a scoirfear den fhostaíocht sin nó ar an lá a shlánóidh
an duine 60 bliain d’aois, cibé acu is déanaí, ach nuair a thosófar ar íocaíochtaí pinsin arís,
beidh an pinsean bunaithe ar sheirbhís ináirithe iarbhír an duine mar mhúinteoir (i.e. ní
dhéanfar na blianta breise a tugadh roimhe sin a chur san áireamh nuair a bheidh an
íocaíocht pinsin á ríomh).
Scor de bharr Easláinte
I gcás gur scoir duine ó chomhlacht Státseirbhíse/Seirbhíse Poiblí mar gheall ar easláinte, d’fhéadfaí
athbhreithniú a dhéanamh ar phinsean an duine sin ón bhfostaíocht sin de réir na rialacha a
bhaineann le scor de bharr easláinte laistigh de scéim pinsin na fostaíochta sin.
Fabhrú Pinsin
Leis an Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí, 2012, cuireadh teorainn 40 bliain leis an tseirbhís iomlán is
féidir a áireamh i gcomhair pinsin i gcás go raibh duine ina c(h)omhalta de níos mó ná scéim pinsin
seirbhíse poiblí reatha amháin.
Asbhaint a Bhaineann le Pinsean
Tá an ceapachán faoi réir na hasbhainte a bhaineann le pinsean de réir an Achta um Bearta
Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail, 2009.
Nochtadh Faisnéise
Ceanglófar ar gach duine a cheapfar an fhaisnéis ar fad a bhaineann le haon fhostaíocht roimhe sin
sa tseirbhís phoiblí a nochtadh agus dearbhú ina leith sin a shíniú d’fhonn teideal pinsin seirbhíse
poiblí an duine sin a chinneadh i gceart.
NÓTA TÁBHACHTACH
Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go bhféadfadh go mbeidh pá éagsúil agus
coinníollacha éagsúla i gceist más rud é, díreach roimh an gceapachán, gur Státseirbhíseach nó
Seirbhíseach Poiblí atá ag fónamh faoi láthair é/í an té a cheapfar.
Is iad sin thuas na príomhchoinníollacha seirbhíse agus níl sé beartaithe gur liosta cuimsitheach
atá ann de na téarmaí agus de na coinníollacha fostaíochta ar fad a leagfar amach sa chonradh
fostaíochta a chomhaontófar leis an iarrthóir a cheapfar.
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
10
Is féidir go gcruthófar painéal le haghaidh folúntais oiriúnacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn.
An Próiseas Roghnúcháin –
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh trí ríomhphost agus doiciméid a) go d) a liostaítear thíos a
iamh.
a) CV cuimsitheach ina léirítear go soiléir do chuid éachtaí agus taithí i do ghairm go dtí seo. Féach
Nóta Treorach faoin Curriculum Vitae in Aguisín I.
b) An “Fhoirm Príomhéachtaí” (Aguisín II).
c) Cairt eagraíochta ina léirítear an post atá agat faoi láthair laistigh den fhoireann Ardbhainistíochta
(nó an post is déanaí a bhí agat má tá tú dífhostaithe faoi láthair), féach Aguisín III.
d) Litir chlúdaigh ghairid/ráiteas pearsanta gairid (i.e. nach mó ná 2 leathanach) ina leagtar amach
cén fáth gur mhian leat a bheith curtha san áireamh don phost agus na scileanna agus an taithí atá
agat a chreideann tú a bheith oiriúnach do riachtanais an phoist mar Stiúrthóir Uisce.
Tabhair faoi deara gur cheart doiciméid a) – d) a chur isteach mar cheangaltán amháin.
An Dáta Deiridh - Ní mór d’iarratas a bheith curtha faoi bhráid Yvonne Fisher, Bainisteoir Acmhainní
Daonna, ag [email protected] (tráth nach déanaí ná 12am meán oíche) Dé hAoine an 20 Iúil
2018.
An Próiseas Roghnúcháin
Is féidir go mbeidh an méid seo a leanas i gceist leis an bPróiseas Roghnúcháin:
i. gearrliostú na n-iarrthóirí, ar bhonn na faisnéise atá ina gcuid iarratas d’fhonn líon na n-
iarrthóirí a laghdú ar shlí gurbh fhusa líon na n-iarrthóirí ag na hagallaimh a láimhseáil;
ii. réamhagallamh comórtais;
iii. tástáil shíciméadrach;
iv. dara hagallamh comórtais
Gearrliostú
a) Is é a bheidh i gceist leis an gcleachtadh gearrliostaithe ná go ndéanfaidh bord saineolaithe
scrúdú ar an bhfaisnéis atá i d’fhoirm iarratais agus go ndéanfaidh sé measúnú uirthi in
aghaidh na gcritéar réamhchinnte, bunaithe ar riachtanais an phoist.
Mar sin, tá sé chun do leasa féin cuntas cruinn mionsonraithe ar do chuid cáilíochtaí/taithí a
thabhairt i d’iarratas.
b) Cuirfear faoi réir tástáil shíciméadrach na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh freastal ar
agallamh dara babhta. D’fhéadfadh go n-iarrfaí ar iarrthóirí cur i láthair a dhéanamh os
comhair an phainéil agallaimh. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh nach mbeidh
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
11
ach tréimhse ama ghearr ar fáil (roinnt laethanta) chun an cur i láthair a chríochnú agus a
chur isteach roimh an dáta agallaimh.
c) Táthar ag súil go reáchtálfar agallaimh an chéad bhabhta don ról seo an 2 Lúnasa 2018, go
ndéanfar tástáil shíciméadrach idir an 6 Lúnasa agus an 17 Lúnasa 2018, agus go reáchtálfar
agallaimh an dara babhta an 29 Lúnasa 2018.
Tabhair faoi deara: Tá na dátaí sin faoi réir athrú. Deimhneofar na dátaí i gcuirí chun agallaimh.
d) Maidir leis na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh freastal ar agallaimh dara babhta,
iarrfar orthu sonraí teagmhála a chur ar fáil do theistiméir amháin a rachfar i dteagmháil
leis/léi roimh agallamh an dara babhta a dhéanamh.
Teistiméireachtaí
Bheimis buíoch díot dá dtosófá ag déanamh breithniú ar ainmneacha daoine a mheasfá a bheith ina
dteistiméirí oiriúnacha a bhféadfaimis dul i gcomhairle leo (2 - 3 ainm agus sonraí teagmhála). Ní gá
go gcuirtear d’fhostóir reatha san áireamh sna teistiméirí, ach ba cheart dóibh a bheith ábalta
teistiméireacht a chur ar fáil ar do shon. Is féidir leat a bheith cinnte nach ndéanfaimis na sonraí a
bhailiú agus dul i dteagmháil le teistiméirí ach dá ndéanfaí breithniú ort tar éis chéim an
réamhagallaimh.
Faisnéis thábhachtach eile
Ní bheidh CRU freagrach as aon chostais a thabhóidh iarrthóirí.
Ní thugann cead isteach duine chuig comórtas, nó cuireadh chun agallaimh, le fios go nglacann CRU
leis go gcomhlíonann an t-iarrthóir sin coinníollacha uile an chomórtais nó nach bhfuil an t-iarrthóir
dícháilithe de réir dlí chun a c(h)eapacháin.
Sula moltar aon duine don cheapachán seo, déanfaidh CRU gach fiosrúchán a cheaptar is gá chun
oiriúnacht an iarrthóra sin a shocrú. Ní féidir socrú deiridh a dhéanamh ná ní féidir glacadh leis go
bhfuil socrú deiridh déanta go dtí go mbeidh gach céim den phróiseas earcaíochta críochnaithe go
hiomlán. I gcás go ndéanfaidh an duine a mholtar lena c(h)eapadh diúltú don cheapachán, nó má
scarann sé/sí leis tar éis dó nó di glacadh leis an gceapachán, féadfaidh CRU, dá rogha féin, an dara
duine a roghnú agus a mholadh lena c(h)eapadh bunaithe ar thoradh an chomórtais seo.
Tábhacht na Rúndachta - Faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2013,
pléifear le hiarratais faoi chuing rúin.
Glacadh leis go bhfuil iarrthóir as comórtas - Glacfar leis go bhfuil a n-iarrthóireacht tarraingthe siar
ag iarrthóirí nach bhfreastalaíonn ar agallamh ag an am cuí san áit chuí nó nach soláthraíonn, má
iarrtar a leithéid orthu, cibé fianaise atá de dhíth ar CRU i dtaca le hábhar ar bith a bhaineann lena n-
iarrthóireacht.
Faisnéis ghinearálta - Déanfaidh CRU iarrataí ar athbhreithniú a mheas de réir fhorálacha na gcód
cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CPSA). Is féidir le
hiarrthóir athbhreithniú a dhéanfaidh duine sa chomhlacht earcaithe (an t-athbhreithneoir tosaigh) a
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
12
iarraidh. Sa chás go bhfuil iarrthóir míshásta fós tar éis an athbhreithnithe tosaigh sin, féadfaidh sé/sí
a iarraidh go ndéanfaidh “eadránaí cinntí” scrúdú ar sheoladh an athbhreithnithe tosaigh.
Mar mhalairt ar a bhfuil thuas, is féidir le hiarrthóir féachaint leis an ábhar a réiteach ar bhonn
neamhfhoirmiúil mar atá leagtha amach thíos. Sa chás go bhfuil iarrthóir míshásta fós tar éis aon
phlé den sórt sin, is féidir leis/léi athbhreithniú foirmiúil a iarraidh.
Tá na Cóid Chleachtais ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí,
www.cpsa.ie.
Próiseas neamhfhoirmiúil
Féadfaidh an t-iarrthóir leas a bhaint as an Athbhreithniú Foirmiúil laistigh de 5 lá oibre ón tráth a
fhaightear fógra faoin gcinneadh tosaigh agus ba cheart é a thionól de ghnáth idir an t-iarrthóir agus
an duine a chuir an cinneadh in iúl (nó an duine iomchuí).
i. Sa chás go mbaineann an cinneadh atá á chur in iúl le céim eatramhach de phróiseas
roghnúcháin, ní mór an iarraidh ar athbhreithniú neamhfhoirmiúil a fháil laistigh de 2 lá
oibre ón tráth a fhaightear an cinneadh.
ii. Sa chás go bhfuil iarrthóir míshásta fós tar éis aon phlé neamhfhoirmiúil den sórt sin,
féadfaidh sé/sí dul i mbun na nósanna imeachta foirmiúla atá leagtha amach thíos.
iii. Más mian leis an iarrthóir go ndéileálfar leis an ábhar ar mhodh athbhreithniú foirmiúil, ní
mór dó/di é sin a iarraidh laistigh de 2 lá oibre ón tráth a fhaightear an fógra faoi thoradh an
athbhreithnithe neamhfhoirmiúil.
Próiseas foirmiúil
Athbhreithniú tosaigh
i. Ní mór don iarrthóir a (h)ábhar míshástachta i ndáil leis an bpróiseas a chur in iúl i scríbhinn
do Bhainisteoir Acmhainní Daonna CRU, agus na gnéithe sin den ghníomh nó den chinneadh
i ndáil lena (h)iarrthóireacht ar mian leis/léi iad a chur faoi athbhreithniú á leagan amach
aige/aici.
ii. Ní mór iarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre ón tráth a fhaightear an
fógra faoin gcinneadh tosaigh. Sa chás go mbaineann an cinneadh le céim eatramhach de
phróiseas roghnúcháin, ní mór an iarraidh ar athbhreithniú a fháil laistigh de 4 lá oibre.
iii. Ní cheadófar na teorainneacha ama sin a fhadú ach amháin in imthosca den chineál is
eisceachtúla agus is faoi rogha aonair CRU a bheidh sé fadú a cheadú.
iv. De ghnáth, ní mór an toradh a chur in iúl don iarrthóir laistigh de 20 lá oibre ón tráth a
fhaightear an gearán nó an iarraidh ar athbhreithniú. Gheobhaidh an t-iarrthóir toradh an
athbhreithnithe ar mhodh tuarascáil i scríbhinn.
v. Más rud é go bhfuil iarrthóir míshásta le toradh an athbhreithnithe tosaigh, féadfaidh sé/sí a
iarraidh go ndéanfaidh eadránaí cinntí athbhreithniú ar sheoladh an athbhreithnithe tosaigh.
Athbhreithniú ag an eadránaí cinntí
Is é CRU a cheapann an t-eadránaí cinntí. Ní bheidh aon bhaint ag an eadránaí cinntí leis an bpróiseas
roghnúcháin agus déanfaidh sé/sí breith a thabhairt faoi iarrataí ar athbhreithniú i gcásanna ina
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
13
bhfuil iarrthóir míshásta le toradh an athbhreithnithe tosaigh. Is cinneadh críochnaitheach é
cinneadh an eadránaí cinntí i ndáil le hábhair den sórt sin.
i. Ní mór iarraidh a dhéantar chuig an eadránaí cinntí a fháil laistigh de 7 lá oibre ón tráth a
thugtar fógra faoi thoradh an athbhreithnithe tosaigh.
ii. Ní mór toradh an imscrúdaithe a chur in iúl don iarrthóir i bhfoirm tuarascála i scríbhinn
laistigh de 10 lá oibre.
Oibleagáidí Iarrthóirí
Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go ndícháileofaí iad dá dtabharfadh siad faoi chanbhasáil
agus nach mbeadh siad curtha san áireamh sa phróiseas dá bharr.
Ní ceadmhach d’iarrthóirí:
i. faisnéis bhréagach a chur ar fáil go feasach nó go místuama
ii. aon duine a chanbhasáil, trí aslú nó gan aslú
iii. cur isteach ar an bpróiseas nó amhras a tharraingt air ar aon bhealach
Ina theannta sin, sa chás go raibh nó go bhfuil duine a ciontaíodh i gcion ina (h)iarrthóir ag próiseas
earcaíochta, ansin:
i. sa chás nár ceapadh é/í chuig post, beidh sé/sí dícháilithe mar iarrthóir agus
ii. sa chás gur ceapadh é/í tar éis an phróisis earcaíochta atá i gceist, forghéillfidh sé/sí an
ceapachán sin.
Na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003
Nuair a fhaightear an fhoirm iarratais uait, ceapaimid taifead ríomhaire faoi d’ainmse agus cuirtear
cuid mhór den fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú isteach sa taifead sin. Úsáidtear an taifead
pearsanta sin chun d’iarrthóireacht a phróiseáil agus chuige sin amháin agus, má éiríonn leat,
coinneofar faisnéis áirithe a sholáthraíonn tú ar do chomhad Acmhainní Daonna.
Leagtar amach i bhFógra Príobháideachta Earcaíochta CRU conas a chosnaímid cearta
príobháideachta na n-iarratasóirí ar phoist. Is féidir é a aimsiú ar an leathanach Gairmeacha ar
shuíomh Gréasáin CRU.
Má cheapann tú go mbainfeá leas as plé tosaigh rúnda faoi ghné ar bith den deis shuntasach seo,
déan teagmháil le Yvonne Fisher, Bainisteoir Acmhainní Daonna, ar +353 1 4000800 nó cuir
ríomhphost chuici ag [email protected]
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
14
Aguisín I
Nóta Treorach faoin Curriculum Vitae
Níor cheart do Curriculum Vitae (CV) a bheith níos faide ná 3-4 leathanach ar fad agus ba cheart do
chuid éachtaí agus taithí ábhartha i do ghairm go dtí seo a bheith léirithe go soiléir ann. Tá CV
samplach ceangailte thíos ar mhaithe le tagairt. Tabhair faoi deara nach bhfuil sa nóta seo ach treoir
agus níl sé ar intinn an fhormáid a theastaíonn a leagan amach.
Déanfaidh bord saineolaithe scrúdú ar na CVanna agus déanfaidh sé measúnú orthu in aghaidh
riachtanais an phoist. Mar sin, tá sé chun do leasa féin a chinntiú go léirítear go cruinn i do CV do
thaifead gnóthachtála go dtí seo i réimsí ar nós bainistíocht daoine, athraithe agus buiséid agus do
theist go dtí seo maidir le heochairthionscadail straitéiseacha.
Leagan Amach Samplach an Curriculum Vitae
Ainm:
Seoladh:
Sonraí teagmhála:
Teileafón: Tabhair faoi deara: Cuir teileafón líne talún agus teileafón póca san áireamh
Seoladh Ríomhphoist:
Cuntas Gairme
TABHAIR FAOI DEARA: Is fearr do chuntas gairme a shonrú leis an bpost is déanaí sa chéad áit agus
an post is faide siar ar deireadh chun go mbeidh an post is déanaí ag an tús. Cinntigh go dtugann tú
sonraí réasúnta cuimsitheach faoi na 10-15 de bhlianta deiridh nó faoi na 3-4 ról is deireanaí ag
brath ar a bhfuil déanta agat. I gcás na bpost ar fad, cinntigh go sonraíonn tú go soiléir do Leibhéal
Bainistíochta, an Buiséad a raibh tú freagrach as agus an Líon Ball Foirne a bhí ag tuairisciú duit.
Ní mór ach cuntas gearr a thabhairt faoi phoist a bhí agat níos mó na 15 bliana ó shin.
Post Reatha: Teideal Poist Cuideachta Dátaí: Ó-Go Tuarastal
i. Príomhfhreagrachtaí agus Príomhéachtaí (cinntigh go gcuireann tú dóthain sonraí ábhartha
san áireamh)
ii. Buiséad …………………
iii. Líon ball foirne…………………
iv. Post Roimhe 1: Teideal Poist Cuideachta Dátaí: Ó-Go Tuarastal
v. Príomhfhreagrachtaí agus Príomhéachtaí (cinntigh go gcuireann tú dóthain sonraí ábhartha
san áireamh)
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
15
vi. Buiséad……………………
vii. Líon ball foirne…………………
Sonraí Oideachais:
Tabhair faoi deara: Sonraigh stádas an ghradaim mura bhfuil sé comhlíonta. Má dhéantar thú a
mheas le haghaidh ceapacháin, féadfar go n-iarrfar ort fianaise ar cháilíochtaí a sholáthar.
Institiúid Gradam (e.g. BA, MBA etc.) Ábhar Bliain a Bronnadh
i. …………. ……… ………… ……………….
ii. …………. ……… ………… ……………….
Oiliúint Eile:
Ábhar Foras Oiliúna Bliain a Críochnaíodh
i. …………………………….. ……………………………. ……………….
ii. …………………………….. ……………………………. ……………….
Ballraíochtaí Gairmiúla etc.:
Leibhéal Ballraíochta Foras/Cumann Gairmiúil
i. ………………………. ……………………………
Faisnéis Bhreise: is féidir gur mhaith leat éachtaí eile a cheapann tú a bheith bainteach leis an ról
áirithe seo a shonrú, mar shampla - róil eile atá agat (mar shampla Ball de Bhord);
Príomhláithreoireachtaí; Scileanna Teanga (leibhéal líofachta); aitheantais tionscail/earnála:
Foilseacháin etc.
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
16
Aguisín II
Príomhéachtaí
Ainm: ______________________ Teideal an Phoist: __________________________________
Tar éis duit na hinniúlachtaí a léamh agus machnamh a dhéanamh ar éilimh an róil, déan cur síos
gairid, i gcás gach ceann de na réimsí thíos (250 focal ar a mhéad an ceann), ar éachtaí ar leith, ar an
méid a chuir tú leis nó ar shaineolas a d’fhorbair tú le linn do ghairmréime go dtí seo a léiríonn go
soiléir d’oiriúnacht do dhul i ngleic le dúshláin an róil.
Aguisín III
Smaointeoireacht Straitéiseach
Díriú Soláthair: a chuimsíonn ‘Ardfheidhmíocht agus Torthaí a Sholáthar’ agus ‘Treallús agus
Athléimneacht’
Caidreamh a Bhainistiú: a chuimsíonn ‘Bheith i gCeannas ar Dhaoine’ agus ‘Comhoibriú agus Cumarsáid
a Dhéanamh go Cinnteach’
Saineolas agus Féinfhorbairt
Leabhrán Faisnéise – Stiúrthóir Uisce le CRU
17
Nóta Treorach faoin gCairt Eagraíochta
Bheimis buíoch díot dá gcuirfeá ar aghaidh cóip de chairt eagraíochta ina léirítear an post atá agat
faoi láthair laistigh den Fhoireann Ardbhainistíochta i d’eagraíocht/i do chuideachta.
Níl aon riachtanas seasta ag gabháil le formáid ar leith agus glacfaimid le cibé formáid a oireann duit
féin (e.g. cairt fhoilsithe reatha ó láithreán Gréasáin/thuarascáil bhliantúil d’eagraíochta), ach ba
mhaith linn a chur in iúl gur iarr an painéal roghnaithe an fhaisnéis seo chun cabhrú leis tuiscint a
fháil ar do phost reatha/is déanaí agus do stádas i gcomparáid le bainisteoirí sinsearacha eile.
Má tá tú neamhspleách nó mura raibh tú páirteach in eagraíocht le déanaí, níl cairt ag teastáil.