32
STRAITÉIS CULTÚIR AGUS CRUTHAITHEACHTA 2018 - 2022

Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

STRAITÉIS CULTÚIR AGUS CRUTHAITHEACHTA 2018 - 2022CHOMHAIRLE CATHRACH AGUS CONTAE PHORT LÁIRGE

Page 2: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Clár ÁbhairClár Ábhair

Brollach ón Mhéara

Brollach ón bPríomhfheidhmeannach

An Chultúr agus an Chruthaitheacht i bPort Láirge

Aisling Éire Ildánach do Phort Láirge

Luachanna Éire Ildánach i bPort Láirge

Príomhchuspóirí do Phort Láirge

Príomhchuspóir 1: Clár Forbartha Inniúlachta Cultúrtha

Príomhchuspóir 2: Buaic-imeachtaí Éire Ildánach

Príomhchuspóir 3 Ciste Clárphleanála Éire Ildánach

Príomhchuspóir 4: Cumarsáid Cláir

Príomhchuspóir 5 Cláir a Fhoinsiú agus Measúnú a Dhéanamh orthu

Forfheidhmiúchán

Príomhtháscairí Rathúlachta

Conclúid

Karan Thompson Consulting Limited Comhairleacht Cultúir, Turasóireachta & Tionscail Chruthaithigh

Nollaig 2017

Page 3: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

BROLLACH ÓN MHÉARA

Is cúis ríméid dom mar Mhéara ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge fáilte a chur roimh fhorbairt Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Phort Láirge 2018 - 2022. Is cuid í an straitéis seo de chlár Éire Ildánach Rialtas na hÉireann faoina n-iarrtar gach duine sa tsochaí a spreagadh chun buaic a thualainge ó thaobh cruthaitheachta de a bhaint amach ina hiomláine agus tá sé d'aidhm aici an cultúr a bheith ag croílár gach polasaí rialtais.

Is é is Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Phort Láirge ann, ráiteas faoi intinn straitéiseach Phort Láirge maidir le soláthar aislinge Chlár Éire Ildánach sa chontae agus plean a léirítear conas a thabharfar faoi phríomhchuspóirí straitéiseacha agus conas a chuirfear i bhfeidhm iad thar thréimhse chúig bliana dar tús an bhliain 2018.

Ag ceartlár na straitéise tá cur chuige maidir le forbairt sa chontae a bheith faoi stiúir ag cultúr agus go sonrach an cur chuige maidir le cúram sainordaithe Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ó thaobh Chumasú na Cruthaitheachta de i ngach Comhphobal a chomhlíonadh. Tugann an straitéis seo deis do Phort Láirge na straitéisí faoi leith atá aici cheana agus a bhfuil cúrsaí cultúir, ealaíon, oidhreachta, leabharlinne, cartlainne, srl. ag roinnt le gach ceann acu a ailíniú, agus cuireann deis ar fáil maidir le foghlaim chomhroinnte ar fud na Comhairle Cathrach agus Contae trí Fhoireann Cultúir Éire Ildánach a bhunú go háitiúil.

Táim ag tnúth leis go mbeidh dea-thorthaí na straitéise seo á íoc le daoine ar bhonn áitiúil agus le gach saoránach i gContae Phort Láirge sna míonna agus sna blianta amach romhainn.

An Comhairleoir Pádraig Ó InnseadúinMéara Chathair agus Chontae Phort Láirge,

Page 4: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

BROLLACH ÓN BPRÍOMHFHEIDHMEANNACH

Tá earnáil chumasach chultúir ag Port Láirge móide féilte, imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhfuil aitheantas orthu go hidirnáisiúnta agus a bhfuil duaiseanna gnóthaithe acu. Le blianta fada anuas tá ceannaireacht shuntasach léirithe ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge maidir le forbairt chultúir. maidir le haitheantas a thabhairt do luach an chultúir agus na cruthaitheachta atá lárnach, ní hamháin ó thaobh dhea-bhail na saoránach ach a bheidh ina bhfórsa tiomána do dhea-riocht gheilleagar an réigiúin amach anseo. Cuirtear san áireamh ansin an tacaíocht a thugtar d'fhorbairtí cultúir ar an mórchóir lena n-áirítear an Triantán Lochlannach, Músaem na Seod Phort Láirge, Lána Garter agus Rian Glas na nDéise. I measc na bpríomhthionscnamh eile tá ár gceannaireacht ar Thairiscint an Triúir Deirfeár maidir le Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020, forbairt Straitéis Cultúir Réigiúnach agus pleananna reatha chun Ceathrú Cultúrtha a fhorbairt i gceantar Shráid Uí Chonaill de Chathair Phort Láirge. Tá straitéisí ealaíon, oidhreachta agus leabharlann i gCathair agus i gContae Phort Láirge ag tacú leis na tionscnaimh sin. Is contae é Port Láirge a infheistíonn sa chultúr mar chuid neadaithe dá próiseas pleanála; 'mar áit a bhfuil meas ar chultúr agus ina gcaitear leis mar acmhainn chun saoil daoine, chun deiseanna agus ionchais do cách a fheabhsú'1.

Tá an Clár Éire Ildánach tógtha mórthimpeall téamaí aitheantais, cultúir agus saoránachta agus feidhmíonn faoi na príomhphrionsabail oibriúcháin a bhaineann le Comhoibrú, le Cumarsáid, leis an bPobal, le Cumasú agus le Clú Domhanda. Tá ról ríthábhachtach ag údaráis áitiúla maidir le Clár Éire Ildánach áitiúil a chur ar fáil ina iomláine ar bhonn áitiúil agus déantar iad a ordú, trína gcuid Foirne Cultúir, Piléar 2 den chlár - An Chruthaitheacht a Chumasú i ngach Comhphobal - a sholáthar.

Ó mhí Aibreáin 2017 i leith chuaigh Foireann Chlár Éire Ildánach Phort Láirge i mbun próiseas fairsing rannpháirtíochta, taiscéalaíochta, comhairliúcháin agus anailíse i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara agus leis an bpobal i gcoitinne chun na príomhchuspóirí straitéiseacha d'fhorbairt chultúir a leagtar amach sa doiciméad seo a bhaint amach. Tá sé mar aidhm ag an Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta tacú le forbairt agus le saibhriú breise maidir le soláthar Chlár Éire Ildánach Phort Láirge trí shraith de phleananna soláthair bliantúla a chumasóidh comhoibrithe leithleacha agus imeachtaí uathúla breise, a bheidh ar siúl go háitiúil ar fud an chontae, a chur chun feidhme.

Táimid ag tnúth le comhshaol cultúrtha saibhrithe i bPort Láirge faoi cheann 2022 agus agus ag súil freisin le féinléiriú cultúir na cathrach agus an chontae a chothú, a fhorbairt agus a fheabhsú tríd an aisling um Éire Ildánach.

Michael WalshPríomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

1 Ath-shamhlú Ár Réigiún - Leabhar Tairisceana, Tairiscint an Triúir Deirfeár maidir le Príomhchathair Chultúir na hEorpa 202 .Lch.10.

Page 5: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

An Chultúr agus an Chruthaitheacht i bPort Láirge Is áit é Port Láirge, an chéad chathair in Éirinn a bhunaigh trádálaithe Lochlannhacha sa 9ú haois, a bhí, ó uair a bhunaithe, saibhir ó thaobh cultúir agus oidhreachta de. Is áit é a bhfuil aitheantas air ar fud an domhain, mar ionad monaraithe criostail agus gloine, mar áit a bhfuil cáil air as a oidhreacht Ghaeilge (é ar an líon beag de cheantair Ghaeltachta fós sa tír) agus mar áit a mbíonn féilte agus cultúr ealaíne sráide cumasach. Is áit é a bhfuil an páirteachas agus an t-idirchaidreamh i réim agus gur gnách gur cuid de shaol a mhuintire páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúir mar atá léiriúcháin amharclannacha áitiúla, ealaíona amhhairc agus liteartha móide pháirteachas saoránach dá chuid i gcleachtadh ealaíon gairmiúil agus neamhghairmiúil. Tá gníomhairí cultúrtha áitiúla ag obair mar fhoireann agus mar chuid de struchtúr an údaráis áitiúil ag cur an comhshaol cultúrtha chun cinn sa chontae, ag tacú le grúpa níos leithne de bhainisteoirí cultúrtha, de chleachtóirí, d'oideachasóirí agus de dhreamanna féachana, agus ag cur creatlach ar fáil ar fud Phort Láirge don chultúr agus don chruthaitheacht.

Is ionann agus taipéis saibhir chultúrtha na cineálacha cultúir atá san áit idir thraidisiúnta agus chomhaimseartha trína gcuirtear réimse de fhéilte idirnáisiúnta ardchaighdeánacha ar an mórchóir maille leis an iliomad d'fhféilte ar an mbeagchóir ar fáil i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an chontae. Cuireann na féilte sin ardáin ar fáil trína ndéantar daoine agus smaointe a nascadh agus is ó phobail i gceantair thuaithe agus uirbeacha ina mbítear ag cleachtadh gníomhaíochtaí amaitéaracha a thagann siad agus is astu a fhásann sármhaitheas idirnáisiúnta. Maidir leis sin is díol spéise ar leith í an Fhéile Spraoi, ní hamháin mar gheall ar a cáil idirnáisiúnta ach de bhrí freisin go gcuirtear féile ar fáil a tharraingíonn ar shamhlaíocht agus ar chruthaitheacht an phobail ar leis í gach bliain; ba fhreagra na cosmhuintire d'fhorbairt na cruthaitheachta agus an chultúir inne dá dhaonra óg, an fhorbairt comhoibríoch le déanaí i dtaca le hIonad Ealaíon Garter Lane a bhain le soláthar na féile SprOg do pháistí.

Is áit é Port Láirge a thógann air féin na cúraimí a bhaineann le daoine agus le háit; is áit é a meastar go bhfuil teacht agus tuiscint ar an oidhreacht lárnach ó thaobh dhea-bhail an phobail agus ina bhfócas don fhorbairt chultúrtha; cuireann an Plean Oidhreachta2 aisling ar fáil trína mbeidh teacht ar ach gné den oidhreacht i bPort Láirge agus trína mbeidh páirtíocht iontu méadaithe. Glactar go fonnmhar leis an gcomhshaol tógtha agus nádúrtha, leis an mbithéagsúlacht ann, le Geopark UNESCO ar Chósta Copar agus le Glasbhealach nua Phort Láirge agur tá an meas agus an taitneamh a bhaintear as an oidhreacht chomhroinnte chun tosaigh ann mar bhealach chun caighdeán saoil agus chun folláine na saoránach a fheabhsú.

2 Plean Oidhreachta Phort Láirge - Daoine agus Áit (2017 – 2022)

Page 6: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Figiúr 1 - Amharclann Lána Garter - Tairseach don chultúr agus don chruthaitheacht

Page 7: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Tacaíonn Seirbhís Ealaíon Phort Láirge, ag obair i gcomhar le beirt Oifigeach Ealaíon lántiomanta a dhéanann freastal ar an gcathair agus ar an gcontae i dteannta a chéile, le forbairt ealaíon áitiúil. Déanann an tSeirbhís Ealaíon comhnascanna agus tacaíonn le hiarrachtaí ealaíonta sa chontae, a fhad is a dhéanann Plean Ealaíon an Chontae3 soláthar de réir trí phríomhthéama a ndirítear orthu, (a) rannpháirtíocht agus rochtain; (b) tacaíocht d'ealaíontóirí agus (c) sainiúlacht agus áit dúchais. Is iad na bunchuspóirí atá aige maoiniú a sholáthar agus cumas a fheabhsú san earnáil ealaíon agus chultúir agus ealaín phoiblí a chur chun cinn agus a thacú. Agus é sin á dhéanamh aige beidh sé ag breathnú amach ar mhúnlaí cleachtaidh idirnáisiúnta, ag dul i mbun páirtíochta ar bhonn réigiúnach, áitiúil agus náisiúnta d'fhonn dea-thoradh ar an gclár oibre straitéiseach sin a thabhairt i gcrích. Tá cathair Phort Láirge ina ceanncheathrú d'eagras forleathan ina ndéantar na healaíona a sholáthar, lena n-áirítear Ionad Ealaíon agus Stiúideonna Lána Garter, Músaem na Seod Phort Láirge, Ballaí Phort Láirge, Ealaíona Óige Phort Láirge, Gailearaí GOMA agus áiteanna eile nach iad. Is ceannródaí Port Láirge freisin maidir le healaíona, sláinte agus folláine agus tá teist chruthaithe air de dheasca comhpháirtíochta fadtéarmaí agus cláreagrúcháin in ospidéil, i suíomhanna cúraim, i spásanna pobail agus sa bhaile, go sonrach trí Iontaobhas Ealaíona Leighis Phort Láirge.

Fígiúr 2 – ‘Well Festival’ 2014 - Géarú ar an gCoisíocht4

Tá seirbhís leabharlainne bríomhar sa chontae anois maille le cláir a chabhraíonn le forbairt pobal chruthaitheacha trí chur chuige idir glúine maidir le foghlaim a chuimsíonn gach aoisghrúpa. Déantar freastal ann do phobail nasctha trí imeachtaí agus deiseanna a chur ar fáil dóibh sa dóigh go mbíonn teacht ar spásanna poiblí ar fud an chontae, rud a chuireann acmhainní, gníomhaíochtaí agus ábhair ar fáil chun fóillíocht a fheabhsú. Soláthraíonn sé cláir bhunúsacha i gcomhpháirtíocht le seirbhísí 3 Straitéis Ealaíon Cathrach agus Contae Phort Láirge, 2016-20214 Cúirtéis www.artsandhealth.ie

Page 8: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

áitiúla eile, ar a n-áirítear cláir scríbhneoirí cónaí, Féile Léitheoireachta agus Leabhar do Pháistí, cláir chultúir ildisciplíneacha, cláir agus gníomhaíochtaí um chuimsitheacht shóisialta agus teacht ar chultúr trí chartlanna, trí oidhreacht, trí staidéar áitiúil, trí fhoilseacháin, trí chur chun cinn, trí acmhainní ar líne etc.

Is contae é atá saibhir ó thaobh éagsúlacht teanga. Tá 'Gaeltacht na nDéise' i bPort Láirge ar cheann de sheacht limistéar Gaeilge in Éirinn ina gcuirtear chun cinn an oidhreacht teanga agus a thábhachtaí atá sí go bródúil agus go paiseanta. Tá dhá pharóiste, An Rinn agus An Sean Phobal, in aice le cósta ina labhraítear an teanga dhúchasach mar theanga bheo, mar theanga phobail, agus tá an ceol, na hamhráin, an damhsa agus an scéalaíocht, na traidisiúin chultúrtha a ghabhann léi, ann ansin ina theannta. Ritheann an cultúr teangeolaíochta sin tríd an gclár oibre maidir le forbairt chultúrtha ag iarraidh deiseanna a aimsiú chun an teanga dhúchais a nascadh le cultúir theanga phobal nua sa chontae.

Tá tugtha faoi deara ag an gComhairle Cathrach agus Contae gur buntáiste é cultúr neadaithe atá faoi stiúir ag clár oibre maidir le saol na saoránach a fheabhsú agus bhíothas chun tosaigh dá réir maidir le forbairt chultúrtha, idir áitiúil agus idirnáisiúnta. Le tamall beag anuas bhí Port Láirge chun tosaigh le tairiscint chun Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2020 a dhéanamh den chathair agus chuir isteach, (in éindí le comhpháirtithe i gCill Chainnigh agus Loch Garman),an chéad Straitéis Cultúir Réigiúnach5 a rinneadh in Éirinn, agus d'fhorbair le déanaí plean d'athghiniúint faoi threoir chultúir trí bhíthin plean a forbraíodh chun Ceantar Cultúir a chur ar fáil i gCathair Phort Láirge a bheadh ina bhonn taca don lucht cruthaitheach agus cultúrtha, d’fhonn a mbuanna a chur chun cinn agus a choinneáil slán.

Feidhmíonn an Straitéis Cultúir Réigiúnach mar dhúshraith dhaingean d'fhorbairt chultúrtha agus chruthaitheach sa réigiún, agus tá trí réimse chun tosaigh maidir leis an dóigh ar macalla a bhfuil ráite fúthu dá bhfuil luaite i Straitéis Chruthaitheach agus Cultúir Phort Láirge.

Clár um Gheilleagar Cruthaitheach agus Cultúir - a thacaíonn le forbairt luchtanna airdill inbhuanaithe i leith cultúir, a chuireann geilleagar na bhféiltí chun cinn agus a fhorbraíonn acmhainní ag leibhéal áitiúil chun tacú le hearnáil na dtionscal cruthaitheach go háirithe.

Forbairt shóisialta faoi stiúir ag cultúr -a fhreagraíonn do cheannaireacht Phort Láirge sa spás Ealaíon agus Sláinte néalríomhaireachta, trína neadaítear saoránaigh i bpleanáil agus i gcláir chuimsitheacha ar son cultúir agus trína gcruthaíonn tacaíochtaí do dhaoine chruthaitheacha i láithreacha tuaithe agus uirbeacha araon.

Clár Athghiniúna Uirbeach agus Tuaithe - trína gcomhlíontar gealltanais maidir le tionscadail athghiniúna fhisiceacha a thacaíonn le forbairt chultúrtha

Forbraíodh an Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta seo chun ailíniú leis an gcúlra thuasluaite maidir le soláthar, a leathnóidh agus a nascfaidh forbairt chultúrtha do mhuintir Phort Láirge as seo amach.

5 ‘Better Together’:Straitéis Chultúir Réigiúnach an Triúir Deirfeár 2016 – 2025

Page 9: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Figiúr 3 - Féile Fiáin an Chomaraigh - Sléibhte an Chomaraigh

Aisling Éire Ildánach do Phort Láirge Is Clár Oidhreachta an Rialtais d'Éirinn 2016 an Clár Éire Ildánach - tionscnamh cúig bliana a chuireann an chruthaitheacht ag ceartlár polasaí poiblí. Is clár é atá bunaithe ar an gcultúr agus a dearadh chun folláine an duine aonair agus an phobail a chur chun cinn maille leis an dea-bhail náisiúnta. An fhís atá aige is ea:

'Go mbeidh de dheis ag gach duine atá ina chónaí in Éirinn an tualaing chruthaitheach atá ann nó inti a bhaint amach ina hiomláine'

Tá an clár ceaptha bheith ina uirlis forfheidhmithe maidir leis na tosaíochtaí a ainmnítear i gcáipéis bheartais an Rialtais, Cultúr 2025 - Éire Ildánach6 ina bhfuil sé scríofa go bhfuil na healaíona agus an cultúr ina gcodanna lárnacha de Stát na hÉireann, ina n-admhaítear a riachtanaí atá sé go mbeadh teacht ar na healaíona níos simplí agus rannpháirtíocht iontu níos éasca, go dtreiseofaí tionscail chruthaitheacha, agus go gcaomhnófaí an oidhreacht ag díriú go háirithe ar theanga, ar thírdhreach agus ar an gcomhshaol.

Tá an Clár Éire Ildánach tógtha mórthimpeall téamaí sainiúlachta, cultúir agus saoránachta agus feidhmíonn faoi na príomhphrionsabail oibriúcháin a bhaineann le Comhoibrú, le Cumarsáid, leis an bPobal, le Cumasú agus le Clú Domhanda. Leagtar amach an plean do Phort Láirge sa tionscnamh

6 Cultúr 2025 - Polasaí Creata Éire Ildánach go dtí 2025. An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. 2016

Page 10: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

náisiúnta sin sa Straitéis seo. Leagtar amach ann tosaíochtaí maidir le forbairt chultúrtha agus cruthaitheach, tá athinsint ann de bhunluachanna an Chláir Náisiúnta Éire Ildánach agus dírítear ann ar fhíorú aisling Phort Láirge;

'Éiceachóras cultúrtha agus cruthaitheach a bhunú i bPort Láirge ina dtógtar ar na bunláidreachtaí atá ann cheana féin, ina méadaítear an inniúlacht chultúrtha ar fud an chontae chun cláir trína léirítear riachtanais an phobail a fhorbairt agus ina mbeidh deiseanna ag gach saoránach ar rochtain, ar pháirtíocht agus ar idirchaidreamh i gcúrsaí cultúir agus cruthaitheachta.'

Ó bunaíodh Éire Ildánach in 2017, chuir Foireann Cultúir Phort Láirge cleachtais oibre nua chun cinn d’fhonn cur chuige comhtháite maidir le forbairt chultúrtha sa chontae a chur ar fáil. De thoradh na comharoibre tá cláir chomhoibritheacha curtha i dtoll a chéile acu idir réimsí feidhmiúla i gComhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge trína dtapaítear, a oiread agus is féidir, na deiseanna ar acmhainní, ar mhargaíocht agus ar chumarsáid chomhroinnte ar fud na dtionscal cultúir agus cruthaitheach. Bhí ról lárnach ag an bhfoireann maidir le forbairt na straitéise sin, ag cur faisnéise ar fáil le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí, ag obair i gcomhar le pobail áitiúla chun éisteacht lena gcuid tuairimí maidir le conas ab fhéidir leis an údarás áitiúil an chruthaitheacht a chumasú go háitiúil agus ag teacht le chéile chun na tosaíochtaí straitéiseacha a leagtar amach sa doiciméad seo, agus meicníochtaí maidir lena soláthar go rathúil le himeacht ama, a ainmniú. Leanfaidh siad ar aghaidh ag treisiú an chaidrimh oibre seo a fhad is a bheidh feidhm ag an gclár, ag cinntiú go mbeidh cur chuige soiléir ann maidir le tacaíocht chultúrtha agus maidir le forbairt agus le clárphleanáil, cur chuige trína léireofar cuspóirí na bpleananna agus na straitéisí ábhartha atá ann cheana don chontae agus don aisling, Éire Ildánach.

Luachanna Éire Ildánach i bPort LáirgeIs cosúil Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Phort Láirge a bhfuil tuiscint inti ar bhunluach an chultúir maidir le sochaí fhorásach, agus ar cheart gach saoránach páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht cultúir sa chontae, agus an clár Éire Ildánach ina ndírítear ar théamaí sainiúlachta, cultúir agus saoránachta. Tagraítear inti do thábhacht na hoidhreachta cultúir agus na Gaeilge agus tagraítear chomh maith do léiriú cruthaitheach agus do shainiúlachtaí cultúrtha pobal nua trína bhfeabhsaítear agus a saibhrítear an comhshaol cultúrtha. Cuireann sí creatlach i láthair trínar féidir inniúlachtaí cultúrtha a mhuintir a chur chun cinn, ag cur ar a gcumas imeachtaí, gníomhaíochtaí agus cláir, a léirítear a bhfuil de dhíth orthu ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus domhanda, a dhearadh, a fhorbairt, a sholáthar agus a chothú. Léirítear inti tuairim na Foirne Cultúir, na príomhpháirtithe leasmhara agus an pobail i gcoitinne agus iad ag smaoineamh ar a bhfuil de dhíth orthu le go mbeidh'éiceachóras cultúir agus cruthaitheach faoi bhláth i bPort Láirge.

Tá foras an doiciméad seo le fáil i bprionsabail an chláir Éire Ildánach, Comhoibriú, Cumarsáid, Pobail, Rannpháirtíocht, Uileghabhálacht agus Cumasú. Tugtar breac-chuntas sna míreanna a leanas ar an gcaoi a léirítear na prionsabail sin sa straitéis:

Comhoibriú Cleachtais oibre nua a chur chun cinn ar mhaithe le comhroinnt acmhainní, (m.sh. úsáid bhreise d'ionaid áitiúla chun críocha cultúrtha) agus clárfhorbairt trasfheidhmeach (m.sh. Tionscadal Logainmneacha na

Page 11: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

bPáirceanna agus Bring Your Own Chair) idir na gníomhairí cultúrtha difriúla san Fhoireann Cultúir i bPort Láirge.

Cumarsáid Is bunghealltanas na Foirne Cultúir ar bhonn áitiúil feasacht a mhúscailt maidir le clár Éire Ildánach ar fud Phort Láirge. Is mó is is infheicthe a bheidh an clár de thoradh thiomantas na Foirne chun múnla cumarsáide cuimsitheach a fhorbairt mar chuid den chlár, a bheidh an tionscnamh, agus deiseanna chun bheith páirteach sa chlár ag tacú leis. Ina theannta sin cruthóidh sé pointe fócais amháin d'fhorbairt chlárphleanála cruthaithí agus cultúrtha ar fud feidhmeanna éagsúla údaráis áitiúil a chuireann seirbhísí a bhaineann le cultúr ar fáil.

Pobal Is éard is ciall le pobal anseo pobail ar fud an chontae ar a n-áirítear lucht ealaíne agus cultúir agus a mbainisteoirí, lucht freastail ar imeachtaí cultúrtha, pobail Ghaeilge, páistí agus daoine óga agus pobail nua ar baile dóibh Port Láirge. Bhíomar ag díriú sa chlár oibre straitéiseach ar phobail a chumasú chun teacht le chéile lena n-acmhainn chultúrtha a threisiú, trí chlár a thógáil a chuirfeadh an inniúlacht ó thaobh pleanáil chultúrtha agus forbartha de chun cinn, agus trí thacaíochtaí maoinithe a sholáthar do chláir agus do ghníomhaíochtaí agus imeachtaí cultúrtha ainmnithe.

Páirteachas Toradh tábhachtach sa chás go mbeidh rath ar an gclár Éire Ildánach ar bhonn áitiúil is ea go mbeidh fianaise bhreise ann ar rannpháirtíocht chultúrtha ag leibhéal áitiúil agus contae araon. Beidh eilimint de pháirtíocht chultúrtha ag gach clár.

Uileghabhálacht Is bunchuid d'fhorbairt chláir áitiúil i bPort Láirge cheana féin fiúntas na huileghabhálachta. Oibríonn an tAonad um Chomhtháthú Sóisialta sa chathair agus Comhpháirtíocht Limistéir Phort Láirge i dteannta a chéile lena chinntiú go gcuirtear an uileghabhálacht in iúl sna tacaíochtaí agus sna cláir ábhartha uile. Ba bhunchuid na gníomhaireachtaí sin den phróisis tairisceana i leith Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa agus tá baint acu freisin le forbairt reatha plean le haghaidh Ceathrú Cultúrtha do Phort Láirge. Cinnteoidh obair leanúnach comhoibritheach leis na comhpháirtithe gníomhaireachta sin go mbeidh an uileghabhálacht lárnach i gclár oibre Éire Ildánach.

Page 12: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Cumasú Beidh Foireann Cultúir Phort Láirge ag iarraidh tríd an straitéis seo na pobail áitiúla a chumasú lena slí beatha a fheabhsú trí léiriúchán cultúrtha. Cuirfidh forbairt an chláir inniúlachta cultúrtha ar chumas daoine áitiúla 'úinéireacht' a fháil ar chlárphleanáil chultúrtha ionas go mbeidh siad ag obair le chéile chun a bplean áitiúil féin don chultúr a shainiú, plean a bheidh ina léiriú ar a riachtanais áitiúla i gcomhthéacs forbairt cultúir agus cruthaitheachta níos leithne sa chontae.

Figiúr 4 - Tionól Niocláis Tóibín

Page 13: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Príomhchuspóir Straitéise do Phort Láirge Forbraíodh príomhchuspóirí straitéise do Phort Láirge ar bhonn thorthaí an phróisis chomhairliúcháin agus rannpháirtíochta agus na tuisceana ar an gcomhshaol cultúrtha i bPort Láirge trí chomhdhearcadh a mhapáil go cruthaitheach, próiseas ar cuireadh tús leis i rith an phróisis tairisceana i leith Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa in 2015. Cuireadh freagraí ar fáil i gcúrsa an phróisis a chuir ar chumas na foirne an liosta de phríomhchuspóirí a leagtar amach thíos a chur i dtoll a chéile. Ní príomhstraitéisí iadsan nach féidir bheith le chéile. Tá idirnascanna bunúsacha ann a dhéanann coimpléasc de thacaí a fhónann do fhorbairt agus do léiriú cultúrtha agus cruthaitheach.

Figiúr 1 - Féile Ealaíne Sráide Idirnáisiúnta Spraoi - le linn an táirgthe

Tugann na Príomhchuspóirí aghaidh go sonrach ar Philéar 2 de chreat náisiúnta Éire Ildánach maidir le cruthaitheacht a chumasú i ngach pobal ach tá forluí freisin leis na piléir eile trí mheicníochtaí soláthair agus trí fheabhas atáthar ag cur ar chláir agus ar fhorbairtí cultúrtha atá sa Chontae cheana féin. Tá cur síos ar roinnt samplaí ábhartha anseo thíos:

Piléar Eilimint de Chlár Éire Ildánach

Cumas Cruthaitheach gach Páiste a chumasú

Ag Obair le Giniúint Ceoil i bPort Láirge chun imeacht tacaíochta a sholáthar do Éire Ildánach gach bliain.

Ag infheistiú inár mBonneagar Cruthaitheach agus Cultúrtha

Ceathrú Cultúr a Fhorbairt i bPort Láirge agus Straitéis Cultúir Réigiúnach a chur i bhfeidhm Cláir d'fhorbairt chultúrtha a fhorbairt in éindí le WIT (Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge) agus le WWETB (Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman) mar chuid d'fhorbairt WCQ (Céanna Cathrach Phort Láirge).

Page 14: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Na Tionscail Chruthaitheacha: Éire mar Ionad Feabhais maidir le Táirgeadh Na Meán Cumarsáide

Cúnamh chun deiseanna ar chothú agus ar ghníomhachtú tionscail chruthaitheacha a chur chun cinn i gCeathrú Cultúrtha Phort Láirge. Deiseanna tualainge maidir le clár i nGaeilge a fhorbairt le Nemeton TV etc.

Ár gCáil Domhanda a Aontú Deiseanna ar idirchaidreamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta a chur i láthair trí chlár ‘Creative Spirits’ an AE agus trí chlár Seimineár Idirnáisiúnta bliantúil a fhorbairt.

Príomhchuspóir 1: Clár Forbartha Inniúlachta CultúrthaF Díríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin,

rud a léireoidh cuspóir Phort Láirge mar 'Chathair Foghlama' Tugadh faoi deara le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí gur mhian go mbeadh teacht ag daoine ar bhonn áitiúil ar sholáthar cultúir. Mar fhreagairt don chall sin cuirfidh an Fhoireann Cultúir clár foghlama chomhroinnte i dtoll a chéile, ina mbeidh ceardlanna éascaithe faoi stiúir saineolaithe cultúrtha agus cruthaitheacha ar fáil, d’fhonn inniúlachtaí cultúrtha i gcathair agus i gcontae Phort Láirge a fheabhsú.Cuirfidh an clár seo faoi deara go mbeidh sé ar chumas pobal áitiúil a n-inniúlacht chultúrtha féin a chur chun cinn, gníomhaíochtaí agus imeachtaí cultúrtha a chlárphleanáil, a tháirgeadh, agus a bhainistiú go háitiúil d’fhonn an caighdeán maireachtála a fheabhsú ar bhonn áitiúil. Is mó a thiocfaidh an uileghabhálacht chun cinn ar a sheal sna comhphobail de thoradh sin, is mó is léir a bheidh sainiúlachtaí agus na cultúir shonracha i réimsí éagsúla sa chontae (m.sh. Gaeilge i gceantair Ghaeltachta, an oidhreacht nádúrtha ar feadh réigiúin le cósta srl), tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le taisteal ó cheantair tuaithe go dtí an chathair - áit a dtáirgtear cultúr de ghnáth - - agus cruthófar lucht airdill áitiúla dá bharr le haghaidh cultúr agus rannpháirteachas cruthaitheach, rud a chuirfidh nascacht nádúrtha leis an éiceachóras cultúrtha níos leithne ar fud an chontae ar fáil.

Bearta 1.1. Creatlach cláir ‘Pobail Chruthaitheacha’ a chur chun cinn chun forbairt imeachtaí agus ghníomhaíochtaí cultúrtha i bpobail áitiúla a thacú

1.2. Fógra Oscailte a chur i láthair na bpobal chun páirt a ghlacadh sa chlár ‘Pobail Chruthaitheacha’; cuirfear saineolaithe ar fáil tríd an gclár chun oibriú le daoine atá ag gníomhú sa phobal áitiúil d’fhonn cabhrú leo a gcuid chlár áitiúil a shainiú, a dhearadh ó thaobh cruthaitheachta agus cultúir de, agus d’fhonn cúnamh a sholáthar chun maoiniú a aimsiú faoi Chiste Clárphleanála Bliantúil Éire Ildánach

1.3. Foireann d'Uirlisí Oibre Pobal Chruthaitheach a fhorbairt don Phobal Chuthaitheach agus ceardlanna a chur ar fáil q chuideoidh le forbairt cultúrtha agus cruthaitheach, áitiúil agus inbhuanaithe.

1.4. Úsáid a bhaint as gníomhairí chultúrtha atá ann cheana féin chun tuiscint agus acmhainn forbartha agus bainistithe clárphleanáil chultúrtha go háitiúil a fheabhsú trí chlár um 'Meantóir Cultúrtha', arna thacú ag Oifig Fiontraíochta Áitiúil Phort Láirge.

Page 15: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Príomhchuspóir 2 Buaic-imeachtaí Éire Ildánach

Forléargas Casfaidh foireann Cultúir Éire Ildánach ar a chéile gach bliain chun sraith d'imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí cultúrtha ar ardchaighdeáin a fhorbairt agus a chur i láthair; beidh nasc idir iad agus an gcomhthéacs áitiúil ó thaobh forbairt chultúrtha agus chruthaitheach de ar fud na bpleananna um ealaíona, oidhreacht, leabharlánaíocht agus iarsmalanna, i bplean WCQ agus sa Straitéis Cultúir Réigiúnach agus beidh comharobair ar siúl idir iad agus eagraíochtaí tábhachtacha cultúrtha agus cruthaitheacha eile sa chontae. Beidh an chlár seo ilghnéitheach agus léireofar ann an aisling is croílár den chlár Éire Ildánach sa chomhthéacs áitiúil. Tógfaidh sé ar na tionscnaimh a cuireadh ar fáil don chlár in 2017, ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin agus ar thorthaí an tsoláthair ón gclár oibre faoi fhorbairt chruthaitheach i bPort Láirge

Bearta D'fhéadfaí a chuimsiú sna samplaí:2.1 Obair a dhéantar i gcomhar leis an tSeirbhís Leabharlanníochta/Oidhreachta chun clár staire béil a fhorbairt do phobail ar fud Phort Láirge. 2.2 Déanfar tionscadal 'Na Logainmneacha' a fhorbairt a thuilleadh agus a leathnú le haghaidh scoileanna áitiúla ag iniúchadh deiseanna rannpháirtíochta chruthaithí do pháistí agus do dhaoine óga i suíomhanna scoile.2.3 Ag Obair le Giniúint Ceoil i bPort Láirge chun ócáid tacaíochta do Éire Ildánach a sholáthar gach bliain.2.4 Seimineár/Imeacht Chruthaitheach Bhliantúil - a leanann den Seimineár um Thionscail Gloine in 2016-go háirithe i réimse forbartha geilleagar féile, lena n-áirítear amharclannaíocht agus taispeántas sráide.2.5 Obair le WCQ chun sraith bhliantúil 'Saotharlann Chruthaitheach' a fhorbairt - foghlaim a roinnt agus smaointe nuálacha d'fhorbairt chultúrtha agus chruthaitheach idir cleachtóirí agus bainisteoirí a chur chun cinn.

Príomhchuspóir 3 Ciste Clárphleanála Éire Ildánach

Forléargas Glaoch bliantúil ar mhaoiniú do phobail áitiúla chun dul i mbun pleanála, forbartha, bainistithe agus cur i láthair go háitiúil maidir le cláir chultúrtha áitiúla a dtugann clár Éire Ildánach tacaíocht dóibh.

Bearta 3.1 Aip maoinithe glaoigh ar iarratais a fhorbairt maille le treoirlínte struchtúrtha chun cláir a léiríonn tuiscint ar áit dhúchais, ar shainiúlacht agus ar chultúr a fhorbairt; a thógann ar chomhthéacs stairiúil maidir le hamharchlannaíocht/drámaíocht, litríocht, oidhreacht, teanga srl. áitiúil nó atá nuálaíoch ó thaobh cur i láthair de, a léiríonn pobal cruthaitheach scafanta nua i bPort Láirge.

3.2 Ceardlanna áitiúla a sholáthar - i gcomhar leis na Ceardlanna um Fhoireann Uirlise Oibre na bPobal Cruthaitheach d’fhonn tuiscint ar éileamh maoinithe áitiúil a chinntiú.

3.3 Deiseanna a chur ar fáil maidir le forbairt cláir fheabhsaithe d’fhonn geilleagar na bhféilte a thacú go háitiúil agus ar fud an réigiúin.

Page 16: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Figiúr 6 - Athléiriú i gCaisleán Dhún Garbhán

Príomhchuspóir 4: Cumarsáid an Chláir

Forléargas Múnla cumarsáide a mhúsclóidh feasacht ar chlár Éire Ildánach ar fud an chontae, agus gnéithe clárphleanála sainiúla a fheabhsóidh rochtain, páirtíocht agus an t-idirchaidreamh le cultúr agus leis an gcruthaitheacht, a fhorbairt.

Bearta 44.1 Tuilleadh forbartha ar chumarsáid inmheánach idir baill na Foirne Cultúir

d’fhonn a chinntiú go mbeidh deiseanna ar chomhobair agus ar fhorbairt tionscadail infheicthe go tráthúil

4.2 Creatlach cumarsáide a chur le chéile chun a chinntiú go mbeidh aon phointe teagmhála amháin ar fáil do chláir uile Éire Ildánach Phort Láirge

4.3 Treoirlínte brandála soiléire a sholáthar do thionscadail a mhaoinítear mar chuid de thionscnamh Éire Ildánach

4.4 Úsáid cumasc de na meáin chumarsáide traidisiúnta agus sóisialta chun teachtaireacht Éire Ildánach faoi chláir a chraobhscaoileadh ar fud an chontae (go háirithe i dtaca le húsáid raidió áitiúil, na meán sóisialta agus Port Láirge i do Phóca)

Príomhchuspóir 5 Cláir a Fhoinsiú agus Measúnú a Dhéanamh orthu

Forléargas Socrú oibre a dhéanamh chun deiseanna ar chomhroinnt acmhainní a uasmhéadú

Page 17: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

d’fhonn clár Éire Ildánach a fheabhsú

Bearta 55.1 Deiseanna ar úsáid roinnte spásanna go háitiúil le haghaidh páirtíocht agus

gníomhaíochtaí cultúrtha - m.sh. oifigí Ealaíon, leabharlanna lasmuigh d'uaireanta oibre etc., a shainiú.

5.2 Casfaidh an Fhoireann Cultúir ar a chéile gach ráithe chun plé a dhéanamh in athuair ar chlár oibre forbartha an bhunchláir d’fhonn deiseanna ar naisc idir cláir a bhféadfaí tacaíocht a thabhairt dóibh tríd an gclár Éire Ildánach a uasmhéadú.

5.3 Acmhainn riarachán cláir páirtaimseartha a sholáthar do bhainistíocht chlár Éire Ildánach

5.4 Dul i mbun oibre le Roinn na nDaonnachtaí in WIT chun buntaighde a dhéanamh ar threochtaí reatha maidir le lucht airdill i ndáil le páirtíocht agus le hidirchaidreamh cultúrtha

5.5 Dul i mbun oibre le Roinn na nDaonnachtaí in WIT chun taighde a dhéanamh ar an oiread a théann soláthar clár Éire Ildánach i gcion ar rannpháirtíocht lucht airdill agus ar an idirchaidreamh le cláir Éire Ildánach.

Figiúr 7 - Joe Caslin - Ballaí Phort Láirge 2017

Page 18: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Forfheidhmiú

Tosaíochtaí <}0{> Eilimintí agus Gníomhaíochtaí Cláir<}0{>

Freagarthacht<}0{>

Bliain an tSoláthair

2018 2019 2020 2021 2022

Príomhchuspóir 1 Clár Forbartha Inniúlachta Cultúrtha

1.1 Creatlach cláir ‘Pobail Chruthaitheacha’ a chur chun cinn chun forbairt imeachtaí agus ghníomhaíochtaí cultúrtha i bpobail áitiúla a thacú

Foireann Cultúir/Saineolaí

CultúrthaQ1 / Q2

1.1.1 Bunréimsí d'fhorbairt inniúlachta go háitiúil a aontú Grúpa Oibre na Foirne Cultúir Q1

1.1.2 Suíomhanna atá le rothlú amach amach i mbliain 1 a shainiú Grúpa Oibre na Foirne Cultúir Q1

1.2 Glaoch Oscailte do phobail chun páirt a ghlacadh i gclár na bPobal Cruthaitheach'a chur i láthair

Riarachán Tionscadal Éire Ildánach Q2 Q2 Q2

1.3 Foireann Uirlisí Oibre a Fhorbairt don Phobal Chruthaitheach

Grúpa Oibre na Foirne Cultúir le

cúnamh ó shaineolaí cultúrtha

Q2

1.3.1 Ceardlann a chur ar fáil a bheidh ina chúnamh maidir le forbairt chultúrtha agus cruthaitheach, áitiúil agus inbhuanaithe. Saineolaí seachtrach Q2

1.3.2Ceardlanna ar Fhoireann Uirlisí Oibre an Phobail Chruthaithigh a sholáthar do dhaoine ar le pobail chultúrtha agus chruthaitheacha áitiúla iad (bailte contae/tuaithe - glac leis go dteastóidh 3 lá in aghaidh bliana cláir amháin)

Saineolaí seachtrach Q3 Q3 Q3

1.4 Caidreamh oibre a bhunú le Oifig Fiontair Áitiúil Phort Láirge chun clár meantóireachta cultúrtha agus cruthaitheach a fhorbairt

Brid Kirby, Billy Duggan, Jane

CantwellQ4

Page 19: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

1.4.1 Clár meantóra a chur i gcrích do ghrúpaí pobail rannpháirteacha (glactar leis go mbeidh 10 ngrúpa gach bliain)

LEO/WAP Phort Láirge Q4 Q4 Q4 Q4 Q4

Príomhchuspóir 2 Buaic-imeachtaí Éire Ildánach

2.1. Dul i mbun Oibre le Seirbhís Leabharlannaíochta/Oidhreachta chun clár staire béil a fhorbairt agus a sholáthar do phobail ar fud Phort Láirge.

Seachfhoinsiú Leabharlanna/Oidhreachta/Cartlanna/Gaeilge

Q3 Q2 Q2 Q2 Q2

Cuspóirí Príomhaí Eilimintí agus Gníomhaíochtaí Cláir Freagarthacht Bliain an tSoláthair

2.2Déanfar tionscadal 'Ranganna Cruthaitheacha' a fhorbairt chun deiseanna ar idirchaidreamh chruthaitheach do pháistí agus do dhaoine óga i suímh scoile a fhiosrú.

Seachfhoinsiú ó ealaíontóirí/shaineolaithe

Q2

2.2.1 Glaoch a chruthú ar speisialtóirí maidir le healaíona áitiúla san oideachas chun clár Áitainmneacha a sholáthar do scoileanna áitiúla

Riarachán Tionscadail Éire Ildánach Q3

2.2.2 Soláthar chlár na nÁitainmneacha do scoileanna a mhéadú gach bliain Riarachán Tionscadail Éire Ildánach Q1 Q1 Q1

2.2.3 Rothlú amach Thionscadal na nAinmneacha Páirceanna (Ag glacadh le 3 lá in aghaidh na scoile i gcás gach ceann de na 8 scoil go bliantúil)

Riarachán Tionscadail Éire Ildánach Q2 Q2 Q2

2.3 Dul i mbun Oibre le Giniúint Ceoil i bPort Láirge chun imeacht taispeántais bhliantúil a sholáthar.

Riarachán Tionscadail Ealaíon agus Éire Ildánach agus MG Phort Láirge

Q1 & Q2 Q1 & Q2 Q1 & Q2 Q1 & Q2

2.4 Seimineár/Imeacht Chruthaitheach Bhliantúil

Riarachán Tionscadail Ealaíon agus Éire Ildánach agus MG Phort Láirge

Q4 Q4 Q4 Q4 Q4

2.5 Dul i mbun Oibre le WCQ chun sraith bhliantúil 'Saotharlann Chruthaitheach' a fhorbairt

Foireann WCQ/ Leabharlanna KC Q1 & Q2 Q1 & Q2 Q1 & Q2 Q1 & Q2

2.6 Ciste cláir le haghaidh eilimintí breise cláir a cheadú d’fhonn freagairt do chlár oibre cultúrtha agus cruthaitheach a bhfuil forbairt faoi Foireann Cultúir Bliantúil Bliantúil Bliantúil Bliantúil Bliantúil

Príomhchuspóir 3 Ciste Clárphleanála Éire Ildánach

3.1Aip maoinithe glaoigh ar iarratais a fhorbairt maille le treoirlínte struchtúrtha chun cláir a léiríonn tuiscint ar áit dhúchais, ar shainiúlacht agus ar chultúr a fhorbairt; a thógann ar chomhthéacs stairiúil maidir le

Foireann Cultúir Q3

Page 20: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

hamharchlannaíocht/drámaíocht, litríocht, oidhreacht, teanga srl. áitiúil nó atá nuálaíoch ó thaobh cur i láthair de, a léiríonn pobal cruthaitheach scafanta nua i bPort Láirge.

3.2Ceardlanna áitiúla a sholáthar - i gcomhar leis na Ceardlanna um Fhoireann Uirlise Oibre na bPobal Cruthaitheach d’fhonn tuiscint ar éileamh maoinithe áitiúil a chinntiú.

Foireann Cultúir Q3 Q3 Q3 Q3 Q3

3.2.1 Glaoch ar chlár a oscailt do sholáthar clár áitiúil Éire Ildánach Riarachán Tionscadail Éire Ildánach Q4 Q4 Q4 Q4 Q4

3.2.2 Soláthar chiste an chláir a bhainistiú Riarachán Tionscadail Éire Ildánach Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean

Cuspóirí Príomha Eilimintí agus Gníomhaíochtaí Cláir Freagarthacht Bliain an tSoláthair

3.4 Deiseanna a chur ar fáil maidir le forbairt cláir feabhsaithe d’fhonn geilleagar na bhféilte a thacú go háitiúil agus ar fud an réigiúin. Foireann Cultúir Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean

Príomhchuspóir 4 Cumarsáid Cláir

4.1Tuilleadh forbartha ar chumarsáid inmheánach idir baill na Foirne Cultúir d’fhonn a chinntiú go mbeidh deiseanna ar chomhobair agus ar fhorbairt tionscadail infheicthe go tráthúil

Foireann Cultúir Uair sa Ráithe

Uair sa Ráithe

Uair sa Ráithe

Uair sa Ráithe

Uair sa Ráithe

4.2 Creat cumarsáide a chur le chéile chun a chinntiú go mbeidh aon phointe teagmhála amháin ar fáil do chláir uile Éire Ildánach Phort Láirge

Cumarsáid / Arna tacú ag foireann cumarsáide níos

leithne

Q1 & Q2

4.2.1 Ábhar meáin shóisialta Éire Ildánach a bhainistiú Seachfhoinse Q2 agus ar lean Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean

4.2.2 Preasráitis faoi chláir Tionscadail Éire Ildánach a bhainistiú Seachfhoinse Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean

4.3 Treoirlínte brandála soiléire a sholáthar do thionscadail a mhaoinítear mar chuid de thionscnamh Éire Ildánach Cumarsáid Q2 Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean

4.4

Úsáid cumasc de na meáin chumarsáide traidisiúnta agus sóisialta chun teachtaireacht Éire Ildánach faoi chláir a chraobhscaoileadh ar fud an chontae (go háirithe i dtaca le húsáid raidió áitiúil, na meán sóisialta agus Port Láirge i do Phóca)

Seachfhoinse Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean

Príomhchuspóir 5 Cláir a Fhoinsiú agus Measúnú a Dhéanamh orthu

5.1 Deiseanna ar úsáid roinnte spásanna go háitiúil le haghaidh idirchaidreamh agus gníomhaíochtaí cultúrtha - m.sh. oifigí Ealaíon, leabharlanna lasmuigh Uile Q2 Ar lean Ar lean Ar lean Ar lean

Page 21: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

d'uaireanta oibre etc., a shainiú

5.2Casfaidh Foireann Cultúir ar a chéile gach ráithe chun plé a dhéanamh in athuair ar chlár oibre forbartha an bhunchláir d’fhonn deiseanna ar naisc idir cláir a bhféadfaí tacaíocht a thabhairt dóibh tríd an gclár Éire Ildánach a uasmhéadú.

Uile Uair sa Ráithe

Uair sa Ráithe

Uair sa Ráithe

Uair sa Ráithe

Uair sa Ráithe

5.3 Acmhainn riaracháin chláir pháirtaimseartha a sholáthar do bhainistíocht chlár Éire Ildánach Foireann Cultúir Q2

5.4Dul i mbun oibre le Roinn na nDaonnachtaí in WIT chun buntaighde a dhéanamh ar threochtaí reatha maidir le lucht airdill i ndáil le páirtíocht agus idirchaidreamh cultúrtha

Foireann Cultúir Q2

Cuspóirí Príomha Eilimintí agus Gníomhaíochtaí Cláir Freagarthacht Bliain an tSoláthair

5.5Dul i mbun oibre le Roinn na nDaonnachtaí in WIT chun taighde a dhéanamh ar an oiread a théann soláthar clár Éire Ildánach i gcion ar rannpháirtíocht lucht airdill agus ar an idirchaidreamh le cláir Éire Ildánach.

Foireann Cultúir/WIT Q3

5.5.1 Dul i mbun oibre le Roinn na nDaonnachtaí in WIT chun taighde a dhéanamh ar leibhéil na tionscal Cruthaitheach atá ag oibriú i bPort Láirge. Foireann Cultúir/WIT Q3

PRÍOMHTHÁSCAIRÍ NA RATHÚLACHTA

Déanfar creat den staidéar taighde bunaidh a chuirfear ar bun ar fud an chontae i bhfómhar na bliana 2018 chun an rathúlacht a thomhasCuirfidh an staidéar sin faisnéis ar fáil ar anailís mhargaidh maidir le clárphleanáil chultúrtha, le rochtain, le páirtíocht agus le hidirchaidreamh, comhpháirtíochtaí agus beartais le haghaidh forbairt chultúir chomh maith le deis chun breathnú ar shaincheisteanna maidir le bheith ina fhear/bean tuaithe. agus cuimsiú sóisialta.

Déanfar rath a thomhas i bhfoirm leibhéil rannpháirtíochta sa chultúr lena n-áireofar - ach gan a bheith teoranta ag:

Méaduithe ar fhreastal ar imeachtaí cultúrtha Méadú ar bhuiséid le haghaidh cultúir agus forbairt chruthaitheach Bonneagar poiblí breise i gcúrsa an chláir Soláthar réimsí lárnacha cláir atá mar chuid de Phlean Forfheidhmithe Éire Ildánach Rannpháirtíocht mhéadaithe i ngníomhaíocht chultúrtha go háitiúil Glacadh grúpaí áitiúla i gclár forbartha inniúlachta cultúrtha

Page 22: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Glacadh grúpaí áitiúla le haghaidh maoiniú deontais faoin gclár Scaipeadh geografach gníomhaíochtaí cultúrtha ar fud an chontae

Page 23: Straitéis Cultúir Agus Cruthaitheachta 2018 - 2022  · Web viewDíríonn an tosaíocht seo ar inniúlachtaí cultúrtha a fheabhsú ar fud an réigiúin, rud a léireoidh cuspóir

Conclúid

Tugann an Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta seo deis do ghníomhairí cultúrtha i bPort Láirge na pleananna agus na creatlaí atá ann maidir le 'forbairt chultúrtha cheana féin ar fud an chontae a nascadh agus a fheabhsú a thuilleadh. Déanfar iarrachtaí inti bealaí a aimsiú leis an gcultúr agus an gcruthaitheacht a chur i dtús áite i saol na ndaoine; tugtar deiseanna do gach saoránach ar rochtain, idirchaidreamh agus rannpháirtíocht bhreise i ngníomhaíochtaí cultúrtha. Sainítear inti deiseanna d'fhorbairt chultúrtha comhoibritheach agus neadaithe, a fheabhsóidh inniúlacht chruthaitheach daoine aonair agus phobal agus a chinnteoidh soláthar aislinge chlár Éire Ildánach go háitiúil, rud á dhéanfaidh go mbeidh Port Láirge ina áit a gcuirfear luach ar chultúr agus a dtabharfar tacaíocht dó san fhadtéarma.