24
1 An Teist Aistrithe Teist Ilrogha Gaeilge Teist Chleachtaithe Páipéar 39 Fad Ama: 50 bomaite

Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

1

An Teist Aistrithe

Teist Ilrogha Gaeilge

Teist Chleachtaithe

Páipéar 39

Fad Ama: 50 bomaite

Page 2: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

2

Intreoir Tá scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta ann ó chineálacha difriúla leabhar. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe astu. Cuirfear ceisteanna ort maidir leis na sleachta féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta. De réir mar a oibríonn tú tríd an leabhar déan tagairt don Ghluais agus don Chlár am ar bith a ba mhaith leat.

Clár leathanach Scéal Aintín Áine faoi Yeti 3 Ríomhairí Glúine sa Seomra Ranga 9 Goraillí 10 Siúcra 14 Roald Dahl 15 Ceisteanna Ginearálta 20 Gluais 21 Leabharliosta 21 Innéacs 21

Page 3: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

3

Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

Scéal Aintín Áine faoi Yeti

An bhfaca tú arracht riamh? Chonaic mise. Cuir ceist ar Aintín Áine! Tá a

fhios aicise, nó chonaic sise é, chomh maith. Ach cuirfidh mé tús ceart leis

an scéal faoi Aintín Áine.

Tá suim ag Aintín Áine i dtrí rud. An chéad rud eachtraíocht. Bhí sí san

oiread sin áiteanna nach cuimhin liom na hainmneacha uilig. I ngach áit bhí

eachtra aici.

“Níl neart agam air, a Tharlaigh,” a mhínigh Aintín Áine. “Ní bhím ar lorg

eachtraí ach bíonn eachtraí agam cibé.” Cé go raibh cineál bróin uirthi bhí

loinnir ina shúile nuair a labhair sí. Ar bhealach, sílim gur cuma léi faoi na

heachtraí.

An dara rud a bhfuil suim ag Aintín Áine ann ná pictiúir a phéinteáil.

Péinteálann sí go hiontach gasta agus úsáideann sí go leor leor dathanna.

An tríú rud a bhfuil suim ag Aintín Áine ann ná arrachtaí. A-r-r-a-c-h-t-a-í,

arrachtaí!

“Níl a leithéid de rud ann,” arsa mise nuair a luaigh sí iad. “Cumann

daoine iad.”

“Sin an rud a shíl mise fosta, go dtí gur ith Ollphéist Loch Nis mo

cheamara,” arsa Aintín Áine.

Rinne mé gáire mór. “Ná bí amaideach, a Aintín Áine!” arsa mise chomh

luath agus a tháinig m’anáil ar ais. “Ollphéist Loch Nis! Níl a leithéid ann!”

“An bhfuil sé sin fíor?” arsa Aintín Áine.

“Tá,” arsa mise léi, agus rinne mé gáire eile. Samhlaigh aintín a

chreideann in arrachtaí!

Dhírigh Aintín Áine an scuab phéinte ar mo chloigeann. “Is minic nach

mbíonn na rudaí atá a fhios ag gach duine fíor, a Tharlaigh,” ar sise. “An

raibh a fhios agat, bhí an t-am ann nuair a chreid gach duine go raibh torthaí

úra go holc do pháistí? An raibh a fhios agat go raibh a fhios ag daoine, am

amháin, go raibh dó gréine folláin agus maith duit. Tá mé ag insint duit, a

Tharlaigh, is cuma liom cad é atá ar eolas ag gach duine eile. Tá a fhios

1

5

10

15

20

25

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 4: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

4

agam an rud atá ar eolas agamsa, agus tá a fhios agam cé a d’ith mo

cheamara.”

“Ceart go leor, a Aintín Áine,” arsa mise. “Creidim thú. Má deir tú go

bhfaca tú Ollphéist Loch Nis, glacfaidh mé le d’fhocal air. Inis dom faoi na

harrachtaí eile a chonaic tú.”

D’amharc Aintín Áine orm go hamhrasach. “Ná déan gáire,” ar sí. “Tá

mé i ndáiríre. Má insím duit faoi na créatúir a casadh orm níor mhaith liom

tú a fheiceáil ag gáire.”

“Ní bheidh mé,” a gheall mé.

“Chonaic mé Yeti, uair amháin,” a thosaigh Aintín Áine. “Is arracht mór

sneachta é an Yeti atá ina chónaí sna Himiléithe.”

“Cad é an chuma a bhí air?” a d’fhiafraigh mé.

“Bhuel, bhí sé níos airde ná mise, agus bhí sé clúdaithe le fionnadh bán,

cosúil le béar bán,” arsa Aintín Áine. “Bhí súile beaga dubha aige, spága

móra air, agus bhí sé ag ithe banana.”

“Níl bananaí ar fáil sna Himiléithe,” arsa mise. “Fásann bananaí in

áiteanna teo.”

“Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a

lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

d’ith sé é. Ina dhiaidh sin, bhí banana eile de dhíth air, ach ní raibh a

thuilleadh agam, agus thug mé cúcamar dó.”

“Cad é a rinne sé leis an chúcamar?” a d’fhiafraigh mé.

“Chaith sé liom é agus d’imigh sé ina rith,” ar sí.

“An bhfaca tú arracht eile?”

“Chonaic mé ollphéist sna Bahámaí uair, agus chonaic mé Troll

Tiúilipe in Rotterdam. Ach an t-arracht is suimiúla a chonaic mé, an tArracht

Scuab Phéinte i nGleann na nArrachtaí,” a d’fhreagair Aintín Áine.

“Cá háit a bhfuil Gleann na nArrachtaí?” a d’fhiafraigh mise.

Chroith Aintín Áine a ceann. “Ní thig liom a rá leat,” ar sise ag tógáil

milseáin. “Níl Gleann na nArrachtaí ar an léarscáil.”

30

35

40

45

50

55

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 5: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

5

Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.

Cé acu trí rud, in ord aibítreach, a bhfuil suim ag Aintín Áine iontu? A arrachtaí, eachtraí, péinteáil

B péinteáil, eachtraí, arrachtaí

C péinteáil, arrachtaí, eachtraí

D arrachtaí, péinteáil, eachtraí

E eachtraí, péinteáil, arrachtaí Cén dóigh ar chuir Aintín Áine aithne ar Ollpheist Loch Nis? A chonaic sí grianghraf de

B d’ith sé a ceamara

C ní raibh sí riamh in Albain

D chonaic sí rud san uisce a shíl sí a bhí in ollpheist

E d’ith sé a banana Cad é a shíl daoine fadó faoi thorthaí úra? A go raibh siad iontach daor

B go raibh siad olc do pháistí

C gur chóir iad a ithe ag an Nollaig amháin

D go raibh siad blasta agus iad measctha le chéile mar shailéad

E nár chóir iad a chur ar phíotsa Cad é eile a shíl daoine a bhí folláin agus maith duit fadó? A tiúilipí ó Amsterdam

B cucamar sna Himiléithe

C dó gréine

D toitíní

E torthaí úrá

1

2

3

4

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 6: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

6

Cá bhfuil an Yeti ina chónaí? A in Albain

B sna Bahamaí

C sna Himiléithe

D Rotterdam

E níl sé le fáil ar léarscáileanna Cad é a sciob an Yeti ó Aintín Áine? A banana

B tiúilip

C cúcamar

D ceamara

E scuab phéinte Cá bhfuil Gleann na nArrachtaí? A in Albain

B sna Himiléithe

C sna Bahamaí

D Rotterdam

E níl sé le fáil ar léarscáileanna Cad is ciall leis an fhrása ‘glacfaidh mé le d’fhocal air’ ar líne 32? A creidfidh mé tú

B déarfaidh mé na focail chéanna leat

C cuirfidh mé an méid a deir tú in iúl do dhaoine eile

D déanfaidh mé mo mhachnamh ar an méid a deir tú

E ní chreidfidh mé focal a deir tú

5

6

7

8

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 7: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

7

Cé acu an dá aidiacht ar líne 2? A fhios agus leis

B ceart agus maith

C aicise agus chomh

D ach agus ná

E cuirfidh agus chonaic

Cé acu an réamhfhocal ar líne 53? A mé

B uair

C sna

D agus

E Troll

9

10

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 8: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

8

Tá meancóga litrithe sa sliocht seo. Ar gach líne uimhrithe tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.

Ríomhairí Glúine sa Seomra Ranga

Chuig le ríomhairí glúine a bheith úsáideach sa seomra ranga. Tá sé furasta go leabhar clóbhualadh ar eochair-chlár agus thig le daoine clóbhualadh go gasta fosta agus bheadh an pheanaireacht soléite ag gach duine. Le ríomhaire glúine, bheadh na daltaí ceangailte leis an idirlíon agus ábalta teacht ar eolas go réidh agus iad ag gul do thopaicí. Tá cuid mhór cluichí idirghníomhacha ar fáil fosta agus ligfeadh sin do dhaltaí sult a baint as an fhoghlaim. Is iomaí dalta fosta nach bhfuil ríomhaire acu sa bhaile, bheadh ríomhaire pearsanta ar scoil iotnach maith dó agus é ag fiosrú teicneolaíochta. Tá ríomhairí glúine níos farr ná ríomhairí deisce mar thig le daltaí ubair le chéile i ngrúpaí leo.

11 A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

12

13

14

15

16

17

18

19

20

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 9: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

9

Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

Goraillí

Is clann ainmhithe iad na príomhaigh ina n-áirítear moncaithe, ápaí agus

daoine. Is iad na goraillí an speiceas is mó de na príomhaigh. Thig le

goraille fireann lánfhásta bheith chomh hard le 6 throigh agus chomh trom le

500 punt.

Amhail daoine, tá 5 ladhar ar gach cos agus 5 mhéar ar gach lámh ag gach

goraille, le hordóga agus ladhracha móra is féidir a chur i gcoinne na méar,

tá cluasa beag ar thaobh an chloiginn agus 32 fiacla acu sa bhéal. Rud

difriúil fúthu i gcomparáid le daoine, áfach, go bhfuil a sciatháin láimhe níos

faide agus níos láidre ag goraillí, agus tá a ladhracha móra cosúil le

hordóga. Tá a gcoirp clúdaithe i ngruaig thiubh, dhorcha. Tá goraillí iontach

cliste agus tá réimse leathan mothúchán acu, amhail daoine. Déanann siad

gáire nuair a chiglíonn tú iad agus caoineann siad nuair a ghortaítear iad nó

nuair atá brón orthu. Nuair a chaoineann siad, áfach, ní bhíonn deora ann,

bíonn siad ag caoineadh le fuaimeanna amháin.

Tá lámha iontach fada ag goraillí agus úsáideann siad na hailt ar na lámha

le cuidiú leo siúl, is é sin siúlann siad ar na cosa ach cuireann siad ailt a

lámha ar an talamh ag an am céanna. Ní minic a sheasann siad go hiomlán

in airde, ach amháin nuair atá siad ag léiriú ionsaithe nó nuair atá siad

iontach tógtha.

Thig le goraillí bheith beo go dtí go bhfuil siad thart fá 35 san fhiántas nó

suas go dtí 50 bliain agus iad i mbraighdeanas. Bíonn an goraille baineann

lánfhásta nuair atá sí idir 10 agus 12 bliain d’aois agus bíonn an goraille

fireann fásta idir 11 agus 13 bliain d’aois. Tugtar goraille droimairgid ar an

ghoraille fireann de bharr go n-athraíonn an ghruaig dhubh ar a dhroim go

gruaig liath. Bíonn goraillí nua-bheirthe beag agus anbhann nuair a

bheirtear iad. Bíonn siad ag brath ar an mháthair ar feadh 3 bliana ar a

1

5

10

15

20

25

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 10: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

10

laghad. Fásfaidh siad i dteaghlach a mhúinfidh dóibh an dóigh le bia a

aimsiú, neadacha a thógáil agus aire a thabhairt don óg. Cónaíonn goraillí i

ngrúpaí de 6 – 12 darb ainm banda nó trúpa, a chuimsíonn goraille

droimairgid amháin, cúpla goraille baineann agus a n-óga.

Itheann goraillí suas le 50 punt de bhia gach lá agus is luibhiteoirí iad den

chuid is mó. Itheann siad duilleoga, sméara, plandaí, torthaí, bláthanna, toir,

fíniúnacha agus, in amanna, mionbheithígh, amhail seangáin, teirmítí,

cruimheanna, cuiteoga agus larbha feithide.

Sa nádúr, déanann goraillí cumarsáid lena chéile le comharthaíocht choirp,

gnúis na haghaidhe, fuaimeanna agus buillí ar an bhrollach. Ní thig leo

labhairt, ach tuigeann siad teanga dhaoine. Múineadh teanga chomharthaí

do ghoraillí agus iad i mbraighdeanas, a úsáideann siad le cumarsáid a

dhéanamh le daoine.

Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.

Cé acu an ráiteas fíor thíos? A thig le goraille fásta baineann bheith 6 troigh in airde agus 500 punt de mheáchan a bheith aici

B thig le goraille fásta fireann bheith 6 troigh in airde agus 500 punt de mheáchan a bheith ann

C bíonn na goraillí fireanna ina leath den méid de na goraillí baineanna

D níl goraillí chomh gruagach le daoine

E thig le goraille fásta fireann bheith níos airde ná 5 troigh in airde agus 400 punt de mheáchan a bheith aici Cad é a thugtar ar ghrúpa goraillí? A luibhiteoir

B droimairgid

C trúpa

D neas

E speicéas

21

22

30

35

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 11: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

11

Cad é an príomh-dhifear fisiceach idir goraillí agus daoine? A an líon méar agus ordóg

B an áit a bhfuil na cluasa

C an líon fiacla

D na mothúcháin

E tá lámha agus cosa níos faide agus níos láidre ag goraillí Cá fhad a dtig le goraillí bheith beo san fhiantás? A 11 – 13 bliain

B 35 bliain

C 10 – 12 bliain

D 50 bliain

E 6 – 12 bliain Cad é an t-ainm atá ar an speicéas d’ainmhithe óna dtagann goraillí? A feoiliteoirí

B cait mhóra

C daoine

D príomhaigh

E luibhiteoirí Cad chuige a seasfadh goraille go díreach in airde? A lena ailt a chosaint

B má tá sé ag léiriú ionsaithe nó má tá sé tógtha

C le hamharc ar dhuine ina shúile

D le hamharc thar rudaí arda

E le cuma a chur air féin go bhfuil sé níos airde ná an bhaineann

23

24

25

26

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 12: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

12

Cad é mar a thig le goraillí cumarsáid a dhéanamh le daoine? A thig le daoine teanga labhartha na ngoraillí a thuigbheáil

B teanga chomharthaí

C teanga an choirp

D gnúis aghaidhe

E boladh a úsáid Cé acu léiriú mothúchán atá ag goraillí agus daoine i gcoitianta? A ag caoineadh le deora

B ag scairteach nuair a bhíonn siad sona

C ag gáire nuair a chiglítear iad

D ag fanacht ciúin nuair a bhíonn siad ag machnamh

E ag crith nuair a bhíonn eagla orthu Cad is ciall leis an fhocal ‘braighdeanas’ ar líne 21? A aird a dhíriú ar rud go mion

B san áit nádúrtha a bhíonn ag duine nó ainmhí

C gnáthóg níos fearr

D gan a bheith saor nó i do thimpeallacht nádúrtha

E áit atá iontach geal agus te Cé acu an comhfhocal ar líne 23? A tugtar

B droimairgid

C fireann

D fásta

E idir

27

28

29

30

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 13: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

13

Cé acu na focail le fléiscín i bparagraf 4? A beag agus anbhann

B nua agus bheirthe

C droim agus airgead

D lán agus fhásta

E banda agus trúpa Cén chuid den chaint é ‘ach’ ar líne 16? A ainmfhocal

B briathar

C aidiacht

D réamhfhocal

E cónasc Cé acu focal ó pharagraf 5 a chiallaíonn ‘a itheann plandaí amháin’?

A larbha

B toir

C luibhiteoirí

D teirmití

E cruimheanna Cé acu an briathar ar líne 31? A itheann

B suas

C bhia

D punt

E luibhiteoirí

32

33

34

31

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 14: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

14

Sa sliocht seo tá meancóga ann le ceannlitreacha agus poncaíochta. Ar gach líne uimhreacha tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.

Rogha Gach Bia

An maith leat milseáin. Is minic a bhíonn siúcra i milseán ach an raibh a fhios agat go mbíonn siúcra le fáil i gcuid mhór bianna eile, Is maith le go leor daoine rudaí milse ach níl, sé maith dúinn barraíocht rudaí milse a ithe. tá sé dochreidte ach tá cúig lánspúnóíge déag de shiúcra le fáil i gcanna deoch fiosaí. Tagann an chuid is mo den Siúcra a ithimid ó dhá chineál planda, is é sin cána siúcra agus biatas siúcra Fásann cána siúcra in áiteanna atá te agus fliuch. “Fásann biatas siúcra in áiteanna a mbíonn na laethanta measartha te agus na hoícheanta fionnuar.

35 A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

36

37

38

39

40

41

42

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 15: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

15

Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

Roald Dahl

Rugadh Roald Dahl i Llandaf, an Bhreatain Bheag, ar an 13ú Meán Fómhair

1916. B’as an Iorua dá thuismitheoirí agus thug siad an t-ainm Roald air

mar gheall ar thaiscéalaí na bPol, Roald Amundsen.

I 1920, nuair a bhí Roald 3 bliana d’aois, fuair a deirfiúr seacht mbliana

d’aois, Astri, bás ón aipindicíteas. Seachtainí ina dhiaidh, fuair a athair bás

den niúmóine agus é 57 bliain d’aois nuair a bhí sé ar thuras iascaireachta

san Antartach. Shocraigh ar mháthair Roald fanacht sa Bhreatain Bheag de

bharr gur mhian le Harald go bhfaigheadh a bpáistí sár-oideachas i

scoileanna na Breataine, agus shíl sé gurb iad na scoileanna is fearr iad.

Bhí dúil mhór ag Roald sa léitheoireacht agus é ag fás. D’inis a mháthair

scéalta dó faoi throill agus créatúr eile ó fhinscéalta na hIorua. Ba

dhialannaí iontach é a athair agus, ó bhí sé ocht mbliana d’aois, thosaigh

Roald dialann rúnda dá chuid féin. Lena dheimhniú nach dtiocfadh lena

dheirfiúracha í a léamh, choinnigh sé í i gcanna uiscedhíonach ceangailte le

craobh ag fíor-bharr chrann chnó capaill sa ghairdín. Bhí a fhios ag Roald

nach dtiocfadh lena dheirfiúracha an crann a dhreapadh chun é a fháil.

Gach lá, dhreapfadh sé an crann agus scríobhfadh sé ina dhialann agus é

ina shuí go hard sa chrann.

Nuair a bhí sé 9 mbliana d’aois, thosaigh Roald ar scoil chónaithe. Ní nach

ionadh, bhí cumha aige don bhaile agus scríobh sé litir dá mháthair gach

seachtain. Lean sé leis an nós seo go dtí go bhfuair sí bás 32 bliain níos

moille. Níor bhain sé sult as a bhlianta scoile. Bhí Dahl as cuimse ard agus

bhí sé thar barr ag spóirt, dornálaíocht agus scuais ach go háirithe. Shíl a

mhúinteoir Béarla, áfach, nach raibh sé “ábalta a smaointí a bhreacadh síos

ar pháipéar.” Bua amháin den scoil ná go raibh sé cóngarach don

mhonarcha seacláide clúiteach Cadburys. In amanna, chuirfeadh an

1

5

10

15

20

25

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 16: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

16

chomhlacht seacláide boscaí de sheacláidí nua chuig an scoil ar mhaithe le

tástáil ag na daltaí. Seo an tinfeadh do cheann de na leabhair is cáiliúla

s’aige.

Chuir sé suim i scéalta do pháiste den chéad uair nuair a thosaigh sé ag

cumadh scéalta luí dá iníonacha Olivia agus Tessa. Seo an dóigh ar chum

sé an leabhar James and the Giant Peach. Ba é Charlie and the Chocolate

Factory an dara leabhar a scríobh sé. Bhí rath mór ar an leabhar seo ar fud

an domhain. Tháinig sraith de leabhair mhórdhíola ina dhiaidh le Fantastic

Mr Fox, The BFG, Danny Champion of the World, The Twits, The Witches

agus Matilda san áireamh. Scríobh Roald cuid mhór dá leabhar i mbothán

beag ag bun a ghairdín. Ní raibh sé ábalta clóscríobh agus d’úsáid sé

peann luaidhe nuair a bhí sé ag scríobh. Díoladh breis agus 100 milliún cóip

dá leabhar agus aistríodh iad go 34 teanga. Rinneadh scannáin de chuid

mhór dá leabhair. Fuair sé bás ar an 23ú Samhain 1990, bhí sé 74.

Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.

Cén dóigh ar dheimhnigh Roald nár léigh a dheirfiúracha a dhialann? A choinnigh sé í in airde ar chrann

B scríobh sé le cód

C scríobh sé í nuair a bhí sé ar scoil chónaitheach

D chuir sé í i bhfolach ag bun an ghairdín

E bhí droch-pheannaireacht aige Cad é an t-ainm a bhí ar an chéad leabhar a scríobh Roald Dahl? A Charlie and The Chocolate Factory

B James and the Giant Peach

C Fantastic Mr Fox

D The Twits

E Matilda

43

44

30

35

40

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 17: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

17

Cén aois a bhí sé nuair a thosaigh sé ar scoil chónaitheach? A naoi mbliana d’aois

B trí bliana déag d’aois

C cúig bliana déag d’aois

D trí bliana

E seacht mbliana Cad é an t-ainm a bhí ar cheann amháin dá dheirfiúracha? A Olivia

B Matilda

C Astri

D Tessa

E Amundsen Cé acu an chéad leabhar de Roald Dahl a raibh rath mór air ar fud an domhain? A James and the Giant Peach

B Charlie and The Chocolate Factory

C Fantastic Mr Fox

D The Twits

E Matilda Cén áit ar scríobh Roald an chuid is mó dá leabhair? A i gcrann

B i mbothán

C ar scoil chónaithe

D san Antartach

E i monarcha seacláide

45

46

47

48

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 18: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

18

Cé a bhí den bharúil nach scríbhneoir maith é Roald agus é óg? A a dheirfiúracha

B a dheartháir

C a iníonacha

D a athair

E a mhúinteoir Tógadh Roald Dahl sa Bhreatain mar A shíl a thuismitheoirí go bhfaigheadh sé sár-oideachas ansin

B ní raibh dúil ag a thuismitheoirí san Iorua

C b’as an Bhreatain do Roald Amundsen

D bhí monarcha seacláide Cadbury’s ann

E ní raibh scoileanna cónaitheacha ann san Iorua

Cé acu an cónasc ar líne 10? A as

B mhór

C dúil

D agus

E a Cad is ciall leis an fhocal ‘cumha’ ar líne 20? A na tréithe fisiceacha atá ag rud

B bheith thar a bheith sásta le gach rud

C brón a bheith ort de bharr go gcrónaíonn tú duine nó rud

D bheith idir dhá chomhairle faoi rudaí

E gan a bheith buartha faoi rud ar bith

49

50

51

52

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 19: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

19

Cé acu an réamhfhocal ar líne 38? A bhí

B a

C agus

D ag

E sé Cad is ciall leis an fhrása ‘ní nach ionadh’ ar líne 19? A cnámha a aimsiú sa talamh

B bheith i bhfad ar shiúl

C bheith thar barr

D iontas a bheith ort faoi rud

E gan iontas a bheith ort faoi rud Cé acu an t-ainmfhocal dílis ar líne 19? A Roald

B Thosaigh

C chónaithe

D nuair

E mbialann

54

55

53

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 20: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

20

Ceisteanna Ginearálta

Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, seans go mbeidh ort smaoineamh ar na sleachta atá léite agat. Amharc siar orthu más gá. Amharc ar an Chlár fosta ag tús an leabhráin agus ag an Innéacs, Gluais agus Leabharliosta ag deireadh an leabhráin más gá.

Cad é a thugtar ar leabhar nó iris bheag ina bhfuil pictiúir agus eolas ar earra nó seirbhís ar leith? A bróisiúr B greannán C úrscéal D dialann Cad é a thugtar ar phíosa scríbhneoireachta fada le carachtair agus plota? A dialann B litir C úrscéal D iris Cad é an fheidhm atá le comhartha uaillbhreasa? A le focail labhartha a léiriú B le deireadh abairte a léiriú C le ceist a léiriú D le béim a chur ar rud ar leith Cé acu an aimsir chaite de na focail ‘déan’ agus tabhair’. A dhéan agus thabhair

B rinne agus thabhair

C rinne agus thug

D dhéan agus thug Sa cheist seo caithfidh tú an focal is fearr a roghnú leis an abairt a chomhlánú sa dóigh is go bhfuil ciall léi. Roghnaigh ceann amháin de na freagraí agus marcáil an litir ar do leathanach freagraí Chur Chuir Cuir Cur mé mo chóta orm.

56

58

59

60

DEIREADH NA TEISTE

57

A B C D

Page 21: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

21

Gluais anbhann lag agus leochaileach

braighdeanas gan a bheith saor, bheith i bpríosún de chineál

cumha brón a bheith ort de bharr go gcrónaíonn tú rud nó duine

fiántas an timpeallacht nádúrtha a bhíonn ag ainmhithe

gnúis na haghaidhe an chuma a bhíonn ar d’aghaidh a léiríonn mothúcháin nó rud a chur in iúl leis an aghaidh

luibhiteoir ainmhí a itheann plandaí amháin

príomhach speiceas d’ainmhithe a airíonn moncaithe, goraillí agus daoine

scoil chónaithe scoil a mbíonn daltaí ina gcónaí ann le linn am an téarma

teanga chomharthaí cumarsáid a dhéanamh leis na lámha

trúpa grúpa goraillí

Leabharliosta Sally Odgers, Aintín Áine is a hArracht, 2001

Teist Chleachta Gaeilge GL, Ríomhairí Glúine sa Seomra Ranga, 2013

Teist Chleachta Gaeilge GL, Goraillí, 2013

Janine Scott, Rogha gach Bia, 2000

Teist Chleachta Gaeilge GL, Roald Dahl, 2013

Innéacs arrachtaí lth. 3

goraillí lth. 8

ríomhairí lth. 7

Roald Dahl lth. 14

siúcra lth. 13

Page 22: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

22

Teist 39

Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: TOSAIGH ANSEO

54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

Scór

1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

Leathanaigh 3 – 6

Leathanach 7 (Meancóga Litrithe)

Leathanaigh 8 – 12

Leathanach 13 (Meancóga Poncaíochta)

Leathanaigh 14 – 17

Leathanach 18 (Ceisteanna Ginearálta)

Ainm: ___________________

Dáta na Teiste: ________________

Dáta Breithe: ________________

Page 23: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

23

Teist Gaeilge 39 - Freagraí

54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

Leathanaigh 3 – 6

Leathanach 7 (Meancóga Litrithe)

Leathanaigh 8 – 12

Leathanach 13 (Meancóga Poncaíochta)

Leathanaigh 14 – 18

Leathanach 19 (Ceisteanna Ginearálta)

Page 24: Teist Ilrogha Gaeilge · “Bhí sé ag ithe banana a bhí agam,” arsa Aintín Áine. “Chuir an Yeti a lámh thar mo ghualainn agus ghoid sé mo bhanana, ansin shuigh sé agus

24