40
Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017

Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

Tuarascáil Bhliantúil

Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017

Page 2: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017

Clár

1 Ráiteas an Chathaoirligh 1

2 An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta 4

3 Beartais Chuntasaíochta NESDO 12

4 Aguisín 1: Comhaltas Bhord NESDO 15

5 Aguisín 2: Comhaltas Chomhairle NESC 15

6 Aguisín 3: Ráitis Airgeadais arna síniú

ag Bord NESDO 18

Page 3: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

1

Caibidil 1 Ráiteas an Chathaoirligh

Page 4: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

2

Ráiteas an Chathaoirligh

Bunaíodh an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Sóisialach (NESDO) faoin

Acht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach, 2006.

Is é NESDO an comhlacht corparáideach don Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus

Shóisialta (NESC), a chuireann comhairle ar an Taoiseach maidir le saincheisteanna a

bhaineann le beartas straitéiseach i ndáil le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus

timpeallachta inbhuanaithe in Éirinn.

Cuireann NESDO seirbhísí iomlána riaracháin agus tacaíochta ar fáil do NESC agus

cuireann gach tuarascáil, moladh agus conclúid a eascraíonn ó thionscadail an

chomhlachta sin faoi bhráid an Rialtais agus déanann na socruithe maidir le míreanna

den sórt sin a fhoilsiú chomh maith.

Tugann Treoirlínte maidir le Beartais agus Nósanna Imeachta NESDO breac-chuntas

ar shocruithe rialachais chorparáideach na hOifige, lena n-áirítear feidhmeanna agus

freagrachtaí Bhord agus Foireann NESDO. Comhlíonann na Treoirlínte Cód Cleachtais

chun Comhlachtaí Stáit a Rialú agus déantar athbhreithniú orthu ar bhonn rialta. Tá

mé sásta go bhfuil NESDO ag comhlíonadh na dTreoirlínte sin.

Reáchtáil Coiste Iniúchta NESDO ceithre chruinniú le linn na bliana 2017 ar an 17

Aibreán, an 16 Meitheamh, an 29 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig. Tá an Coiste

comhdhéanta de:

An tUasal Ray Henry (Cathaoirleach)

An tUasal Paul McGarry, Roinn an Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

An Dr Helen Johnston, NESC.

Feidhmíonn IAU Roinn an Taoisigh mar acmhainn do Bhord agus do lucht

bainistíochta NESDO ó thaobh dearbhú a sholáthar ar leordhóthanacht agus

éifeachtacht córas rialaithe inmheánaigh na heagraíochta, lena n-áirítear rialuithe

airgeadais, oibríochtúla agus comhlíontachta agus bainistíocht riosca.

Leagtar amach sa doiciméad Nósanna Imeachta maidir le Rialú Inmheánach

Airgeadais NESDO na caighdeáin agus na nósanna imeachta cuntasaíochta ar fad,

lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hairgead tirim, párolla, fáltais, íocaíochtaí,

taisteal agus costas, soláthar, sócmhainní seasta, slándáil teicneolaíocht faisnéise,

rialú buiséid agus coinneáil agus bainistíocht taifead.

Page 5: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

3

I rith na bliana 2017 rinne Coiste Iniúchta NESDO tuarascáil an Aonaid Iniúchta

Inmheánaigh ar na rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm i NESDO chomh maith le

hiniúchtaí ar an gClár Sócmhainní Seasta agus Soláthar NESDO 2017 a iniúchadh. Níor

thángthas ar aon fhadhbanna suntasacha. Dheimhnigh an Coiste Iniúchta go raibh sé

sásta maidir le leordhóthanacht agus oiriúnacht chóras na rialuithe inmheánacha

laistigh de NESDO.

Feidhmíonn an duine céanna sna poist mar Phríomhoifigeach NESDO agus mar

Stiúrthóir NESC, agus íoctar an duine sin maidir lena phost mar Stiúrthóir NESC agus

ní fhaigheann sé aon luach saothair bhreise, díolaíochtaí ná costais bhreise maidir

lena ról mar Phríomhoifigeach NESDO. Íoctar gach comhalta foirne de chuid NESDO

agus NESC, lena n-áirítear an Príomhoifigeach/Stiúrthóir, de réir ciorcláin ábhartha pá

arna n-eisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is deimhin liom go

bhfuil na ciorcláin seo á gcomhlíonadh go hiomlán ag NESDO.

Tá NESDO tiomanta a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht um Íoc Pras Cuntas,

1997. Cloíodh lena beartas maidir le híocaíocht a dhéanamh ar na sonraisc go léir

laistigh de chreataí ama forordaithe le linn na bliana, agus rinneadh nócha a trí faoin

gcéad (93%) d’íocaíochtaí laistigh de 15 lá ó dháta fála na sonrasc. Ní rabhthas faoi

dhliteanas ús a íoc maidir leis an fhoráil a bhaineann le híocaíochtaí malla.

Dearbhaím nár tharla aon imeachtaí móra tar éis dháta an chláir comhordaithe le linn

na bliana 2017.

Martin Fraser

Cathaoirleach

An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Sóisialach

Page 6: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

4

Caibidil 2 An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta

Page 7: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

5

Clár Oibre NESC 2017

D'fhoilsigh NESC na tuarascálacha seo a leanas in 2017:

Ag Dul i dtreo Eacnamaíocht Chiorclach in Éirinn: Tugtar le fios (i dTuarascáil NESC

Uimh. 144) go bhfuil cleachtais na heacnamaíochta ciorclaí ag dul ó neart go neart,

ach go bhfuil gníomh ag teastáil chun cur leis an mbuntáiste luath. Léirítear sa

tuarascáil roinnt de na ceannródaithe sin is mó atá chun cinn in eacnamaíocht

chiorclach na hÉireann, a gcoinníonn a gcuid dtáirgí agus a gcuid seirbhísí acmhainní

in úsáid ar feadh tréimhse níos faide, a bhaineann an luach is mó astu agus a

fhaigheann táirgí agus ábhair ar ais.

Cuimsítear sa tuarascáil seo deich gcás-staidéar a rinneadh ar ghnóthaí agus ar

fhiontair shóisialta. Léirítear sa taighde, arna chur i gcrích ag an Dr Simon O’Rafferty,

na deiseanna atá ar fáil do ghnóthaí agus d'fhiontair shóisialta, agus tarraingítear aird

ag an am céanna ar na dúshláin rialála agus shóisialta a bhaineann le héascaíocht a

dhéanamh ar an aistriú chuig eacnamaíocht chiorclach.

Ina tuarascáil, d'fháiltigh an Chomhairle roimh an taighde as léargais úra a chur ar fáil

ar an eacnamaíocht chiorclach in Éirinn trí athruithe i ndearadh táirgí, próisis

táirgeachta, bainistíocht dramhaíola, tomhaltas agus soláthar. Leag an Chomhairle

béim go léirítear sa taighde go bhfuil pócaí nuálacha nach mbeifí ag súil leis i roinnt

gnóthaí dea-bhunaithe atá suite ar theorainn na heacnamaíochta geilleagraí.

Áirítear réimse cuideachtaí agus fiontair shóisialta sna cás-staidéir a bhfuil béim

leagtha orthu sa tuarascáil: gnólacht a dhéanann trealamh IT a athchóiriú agus a

athmhonarú; monaróir a dhéanann múirín nach bhfuil aon mhóin ann; eagraíocht a

bhaineann tochtanna óna chéile agus a athchúrsálann iad; cuideachta eile a

chuireann oideachas, fostaíocht pobail agus oiliúint ar fáil trí throscán, péint, rothair

agus faisean a athúsáid, a dheisiú agus dearadh saolré; gnólacht a dhéanann snáithín

stáplach poileistear as Teireataláit Pholaitéine (PET) athchúrsáilte; cuideachta atá ag

tiontú teas dramhaíola atá ar fáil in uisce te ina fhuinneamh; eintiteas atá ag cruthú

sineirgí idir gnóthaí a bhfuil an iomarca ábhar nó ábhair nach bhfuil ag teastáil uathu

acu; saindearthóir troscán ag a bhfuil bua faoi leith aige i ngluaiseacht fheidhmeach i

ndaoine; obair a mheaitseálann miondíoltóirí bia a bhfuil fuílleach bia acu le

carthanachtaí; agus scéim roinnte carranna.

Chinn an Chomhairle, áfach, go bhfuil acmhainneacht iomlán eacnamaíocht

chiorclach na hÉireann le sainaithint fós. Cé gur gnéithe lárnacha iad den chur chuige

ciorclach go mbeadh éifeachtúlacht acmhainne i gceist agus go ndéanfaí dramhaíl a

Page 8: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

6

íoslaghdú, tá sé d'acmhainneacht aige a bheith i bhfad níos forleithne ná sin. Tuigeann

go leor rialtas anois gur cuid den aistriú chuig eacnamaíocht agus sochaí íseal-

charbóin iad an eacnamaíocht chiorclach agus an bhitheacnamaíocht. Mar gheall ar

léargais thábhachtacha ó Albain, ón Ísiltír agus ón bhFionlainn léirítear an ról

tábhachtach atá ag tacaíochtaí nuálacha maidir le teacht a bheith ar tháirgí, seirbhísí

agus teicneolaíochtaí nua. Tá tacaíocht beartais láidir agus lárnach ag teastáil chun an

eacnamaíocht chiorclach a neadú i dtosaíochtaí beartais náisiúnta, lena n-áirítear

beartais a bhaineann le fiontar, réigiúin, an tuath agus gníomhú ar son na haeráide.

D'fhéadfadh cur chuige tacúil i leith na heacnamaíochta ciorclaí in Éirinn cuidiú le

fiontair na hÉireann buntáiste iomaíoch a bhaint amach.

Machnamh ar Bheartas Bonneagair agus ar Fhorbairtí Institiúide sa RA: (Páipéar

Rúnaíochta 12 NESC) Sa pháipéar seo, déantar cur síos agus déantar machnamh ar

fhorbairt chur chuige na RA maidir le beartas agus pleanáil bonneagair. Is é is cuspóir

leis fráma tagartha a chur ar fáil chun beartas bonneagair a fhorbairt in Éirinn agus

muid ag filleadh ar leibhéil níos airde infheistíochta. Dírítear sa pháipéar ar

shaincheisteanna institiúideacha agus rialachais: an chaoi a ndéantar pleananna i

leith an bhonneagair a chur le chéile, agus an chaoi a ndéantar cinntí i leith beartas a

dhéanamh, arna bhfreagairt ag páirtithe leasmhara, a chur i bhfeidhm, a chothabháil

agus a mheas.

Luachanna an Nádúir: Ó Bhunúsach go Ríthábhachtach (Sraith Taighde Uimh. 10 an

NESC) Sa pháipéar seo, leis an Dr Craig Bullock, déantar cur síos ar an gcaidreamh atá

idir luachanna daoine agus an timpeallacht nádúrtha, caipiteal nádúrtha agus

seirbhísí éiceachórais ach go háirithe. Scrúdaítear péire de phríomhdhearcthaí an

disciplíne maidir le luachanna: mar a chaitear le luachanna san eacnamaíocht

nuachlasaiceach, agus an cás ar son go leor luachanna soch-chultúrtha arna gcur ar

aghaidh ag disciplíní dá leithéid ar nós na síceolaíochta sóisialta agus na

heacnamaíochta éiceolaíche. Chomh maith leis sin déantar cur síos ar

mhodheolaíochtaí éagsúla chun na luachanna seo a spreagadh, ina n-úsáidtear cuir

chuige cáilíochtúla nó cainníochtúla. Ar deireadh, tugtar roinnt tuairimí ar an

gcaidreamh le hinbhuanaitheacht, ar chaighdeán an tsaoil agus ar chuntasaíocht

comhshaoil.

Meas ar an Nádúr: Dearcthaí agus Saincheisteanna: (Sraith Taighde Uimh. 11 an

NESC) I bpáipéar an Dr Bresnihan féachtar ar chuid de na hargóintí a thacaíonn le cur

chuige an Chaipitil Nádúrtha a ghlacadh agus ar bhealaí ina gcuirtear ina n-aghaidh.

Tugtar achoimre ar na dearcthaí éagsúla agus caolchúiseacha a bhíonn ann ar an

mbealach trínar chóir meas a bheith ar an nádúr ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de

agus ar conas mar is féidir na luachanna seo a aistriú ina straitéisí caomhnaithe. Mar

gheall air sin, is mó seans go mbeidh díospóireacht níos leithne ann maidir le bealaí

éagsúla ar féidir linn féachaint ar an nádúr, meas a bheith againn uirthi agus í a eagrú

ar bhealaí ina ndearnadh neamhaird uirthi le fiche nó tríocha bliain anuas.

Áiríodh iad seo a leanas ar na himeachtaí NESC a reáchtáladh in 2017:

Ag Dul i dtreo Eacnamaíocht Chiorclach in Éirinn – Cruinniú Comhchéime, Ar an 5

Aibreán 2017, d'óstáil NESC cruinniú comhchéime ar na deiseanna agus ar na dúshláin

straitéiseacha a bhaineann le cleachtais agus beartais na heacnamaíochta ciorclaí a

Page 9: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

7

chur chun cinn in Éirinn. Le linn an phlé, díríodh ar dhúshláin eacnamaíochta,

shóisialta agus comhshaoil bunaithe ar shamplaí faoi leith den taithí a bhí ag

cuideachtaí agus fiontair shóisialta na hÉireann. Chomh maith le bheith dírithe ar

Éirinn, áiríodh mar chuid den cheardlann rannpháirtíocht as an Ísiltír agus as Albain,

tíortha ina bhfuil dul chun cinn déanta i gcleachtais agus i mbeartais na

heacnamaíochta ciorclaí. Fad is a bhí pacáiste thogra an AE maidir leis an

eacnamaíocht chiorclach á thabhairt chun críche, rinneadh machnamh ar cheist

thábhachtach: cén chruth a bheadh ar chur chuige uaillmhianach i leith eacnamaíocht

chiorclach na hÉireann a fhorbairt? Ar na cainteoirí de chuid na hÉireann, áiríodh: An

Dr Simon O’Rafferty; Cecil Conaty, Wellman/Indorama; An Dr Sarah Miller,

Rediscovery Centre; agus Tim Duggan, Enrich Soils. Áiríodh ar na cainteoirí

idirnáisiúnta: Paola Migliorini, Stiúrthóireacht i bhfeighil na hEacnamaíochta Ciorclaí,

An Coimisiún Eorpach; An tOllamh Jacqueline Cramer, Ollscoil Utrecht; Ramon

Arratia, Ball Corporation; Iain Gulland, Zero Waste Scotland, agus Emma Shaw, The

Library of Things.

Page 10: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

8

Comhráite i ndáil le hEacnamaíocht Chiorclach in Éirinn–Seoladh na Tuarascála, an

25 Deireadh Fómhair, 2017. Sheol NESC an tuarascáil taighde, Ag Dul i dtreo

Eacnamaíocht Chiorclach in Éirinn: Cás-staidéir na hÉireann, a scríobh an Dr Simon O’

Rafferty mar aon le Tráchtanna na Comhairle. Déantar taifead sa taighde ar na

deiseanna agus ar na dúshláin atá roimh dheich n-eagraíocht cás-staidéir agus iad ag

obair chun cleachtais níos ciorclaí a thabhairt isteach ina ngnóthaí agus ina múnlaí

fiontraíochta sóisialta. Cuireann an cur chuige 'ón mbun aníos' seo i leith scrúdú a

dhéanamh ar an eacnamaíocht chiorclach go mór le hábhar na díospóireachta atá ag

teacht chun cinn in Éirinn.

Cruinnithe Idirnáisiúnta Chomhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Bhallstáit an AE (ESCanna)

Ghlac NESC páirt i gcruinniú bliantúil Chomhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta

bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Tionóladh cruinniú 2017 Chomhairle Eacnamaíochta, Sóisialta agus Comhshaoil i mí

an Mheithimh i Málta. Chomh maith le heolas a roinnt ar obair na gcomhairlí agus ar

an riocht atá ar an dialóg shóisialta agus shibhialta i ngach ceann de na ballstáit,

pléadh an téama 'I dTreo Margadh Fostaíochta atá Cothrom agus Ionchuimsitheach i

gComhthéacs na Soghluaiseachta laistigh den Aontas' ag an gcruinniú.

Cruinnithe Idirnáisiúnta de chuid Líonra Eorpach na gComhairlí um Fhorbairt Inbhuanaithe (EEAC)

Reáchtáladh an 25ú Comhdháil Bhliantúil de chuid Líonra Eorpach na gComhairlí

Comhairleacha um Fhorbairt Inbhuanaithe (EEAC) ar an 12 Deireadh Fómhair 2017 i

Maastricht, an Ísiltír. Bá é teideal na himeachta ná: I dTreo Chlár Oibre 2030 agus ina

dhiaidh: Comhoibriú san Eoraip laistigh d'idirphlé saoránaigh-eolaíocht-beartas nua.

Thug lucht eagraithe na comhdhála faoi deara gur mar gheall ar thaidhleoireacht, ar

chomhairle beartais bunaithe ar eolaíocht agus ar ghealltanais pholaitíochta a

rabhthas ábalta Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras

a chur i gcrích. D'áitigh siad áfach, go raibh gá le hathsmaoineamh a dhéanamh ar an

idirphlé idir eolaíocht, beartas agus sochaí le go bhféadfaí Clár Oibre 2030 a chur i

bhfeidhm. Áiríodh mar chuid den chomhdháil go roinnfeadh saineolaithe a bhfuil

aitheantas idirnáisiúnta acu agus lucht ceaptha beartas eolas ar a chéile, agus go

mbeadh cainteanna comhchéime ann ar réimse ábhar gaolmhar. D'fhreastail

rannpháirtithe ó bhallstáit éagsúla de chuid an AE – i.e cathaoirligh ar chomhairlí

comhairleacha, comhaltaí comhairle, lucht ceaptha beartas, ceannairí tuairimíochta

agus saineolaithe éagsúla.

Page 11: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

9

Cruinnithe NESC a tionóladh le linn 2017

I ndiaidh athbhunú na Comhairle, eagraíodh trí chruinniú in 2017: an 23 Bealtaine, an

24 Meán Fómhair agus an 18 Nollaig. Mar chuid den téarma nua seo den Chomhairle

bhí ainmní amháin ar iarraidh ann in aghaidh gach piléir mar gheall ar athrú in

ionadaíocht Roinne Rialtais. Ní raibh ach triúr den seachtar ball neamhspleácha

socraithe.

Le linn 2017, rinne an Rúnaíocht an iliomad cur i láthair ar obair an NESC, bhí sí

rannpháirteach chomh maith i réimse comhdhálacha, seimineár agus ceardlann agus

d’fhreastail ar líon coistí agus ar ghrúpaí oibre. Tá roinnt de na gníomhaíochtaí sin

liostaithe thíos.

Bhí an Stiúrthóir, an Dr. Rory O’Donnell, ina chomhalta ar na comhlachtaí seo a leanas:

An Grúpa um Rialachas Eacnamaíoch, an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha;

Grúpa Maoirseachta Atógáil Éireann, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais

Áitiúil;

Cathaoirleach Ghrúpa Chomhairleach an Chreata Náisiúnta Pleanála;

Grúpa Stiúrtha d'athbhreithniú ar threoir maidir le hanailís costais is tairbhe,

IGEES, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; agus

Grúpa Stiúrtha don Dialóg Náisiúnta maidir le Gníomhú ar son na hAeráide (NDCA)

An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

Tugadh cuireadh don Stiúrthóir le bheith ina aoichainteoir agus ina rannpháirtí ag na himeachtaí seo a leanas:

‘‘Cáin Chorparáide: Cothroime, Freagracht agus Ceannaireacht’, Baile Átha Cliath,

mí Feabhra;

'Imeacht Seirbhíse Poiblí Sinsearach maidir leis an gCreat Náisiúnta Pleanála',

Coiste Feidhmiúcháin Líonra Rúnaí Cúnta na Státseirbhíse (ASN), Baile Átha Cliath,

mí Feabhra;

'Comhdháil Bhliantúil Chumann Pleanála UCC', Corcaigh, mí Feabhra;

'Úinéireacht nó Cíos' 'Céard atá i ndán d'Éirinn', Seimineár de chuid na

Gníomhaireachta Tithíochta, Baile Átha Cliath, mí Márta;

'An Léargas Nua Réigiúnach: Treonna Nua' Cumann na Léann Réigiúnach, Baile

Átha Cliath, mí Meithimh;

Aitheasc chuig Bord Ceartas Sóisialta na hÉireann, Loch Garman, mí Meithimh;

Page 12: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

10

Rannpháirtí in athbhreithniú IMF ar chur chuige na hÉireann maidir le rialachas

agus bainistíocht a dhéanamh ar infheistíocht chaipitil phoiblí agus ar bhonneagar,

Baile Átha Cliath, mí Iúil agus

Siompóisiam Idirnáisiúnta na Cóiré ar Dhialóg Shóisialta, trí skype, mí na Samhna.

Page 13: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

11

An Dr. Larry O'Connell (Eacnamaí Sinsearach):

Le linn 2017 bhí an Dr O'Connell ina chomhalta de:

Grúpa Anailísíochta Tithíochta, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil;

Grúpa Stiúrtha Tionscadail do Chleachtadh Thodhchaí na Teicneolaíochta, An

Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta;

Coiste Monatóireachta an Chláir Forbartha Tuaithe (RDP) 2014-2020 agus

Grúpa Comhairleach Inniúlachta Gáis.

An Dr Helen Johnston (Anailísí Beartas Sinsearach):

I rith na bliana 2017 bhí an Dr Johnston ina comhalta de:

An Lárionad um Staidéar Trasteorann (Cathaoirleach);

An Grúpa Comhairleach Teicniúil maidir le Táscairí agus Sonraí Bochtaineachta;

Bord Tionscnamh Forbartha Leanaí agus Coiste Comhairleach Taighde Iarthar

Thamhlachta;

An tIonad don Líonra um Fhorfheidhmiú Seirbhísí Éifeachtacha;

An Grúpa Comhairleach um Meastóireacht ar an gClár Cothaithe;

Grúpa Comhairleach Taighde Focus Ireland;

Líonra Bainisteoirí Taighde.

Coiste Comhairleach Áitiúil den Chomhdháil Dhomhanda faoi Shláinte Meabhrach

na mBan; agus

Grúpa Tionscadail Saotharlainne EP-DEM

Tugadh cuireadh di a bheith ina haoichainteoir ag na himeachtaí seo a leanas:

‘Fís ar Fad ach gan Athrú? Cinntitheoirí i gCur i bhFeidhm’, Clár Dochtúireachta

Rialachais na hInstitiúide Poiblí Riaracháin, Baile Átha Cliath, Eanáir;

'Méid na hOibleagáide', Comhdháil maidir le Brí a Thabhairt do Chearta

Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha, Baile Átha Cliath, mí Márta;

'Stát Leasa na hÉireann san Aonú hAois is Fiche', Seoladh Leabhair, Baile Átha

Cliath, mí Márta;

'Rochtain ar Sheirbhísí Ardchaighdeáin', Fóram maidir le hIonchuimsiú Sóisialta,

Baile Átha Cliath, mí Bealtaine;

Page 14: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

12

'Ráthaíocht in aghaidh na Bochtaineachta – Comhairliúchán agus Teagmháil le

Páirtithe Leasmhara', Seimineár Buiséadaithe Comhionannais, Baile Átha Cliath,

mí Meithimh;

'Líonta Tí agus Caighdeán na Seirbhísí Tacaíochta' Scoil Samhraidh Leasa

Shóisialaigh, Baile Átha Cliath, mí Lúnasa;

'Taighde a Bhainistiú i ndáil le beartas', Taighde de chuid an Údaráis Náisiúnta

Míchumais agus Seimineár Oiliúna Beartais, Baile Átha Cliath, mí Meán Fómhair;

‘Fís ar Fad ach gan Athrú? Cinntitheoirí i gCur i bhFeidhm’, Teastas Iarchéime de

chuid Choláiste na Tríonóide san Eolaíocht Forfheidhmithe, Tamhlacht, mí na

Samhna; agus

'An Chúis go mBaineann Tábhacht le hIonchuimsiú Gníomhach: An duine a chur

ag croílár na seirbhíse', Comhdháil INOU, Baile Átha Cliath, mí na Samhna.

Rinne sí taighde agus scríobh sí:

'Ráthaíocht in aghaidh na Bochtaineachta – Próiseas Éabhlóideach i dtreo an

bhochtaineacht a laghdú' in Administration, Iml. 65, Uimh. 3, 2017.

An Dr Damian Thomas (Anailísí Beartas Sinsearach):

I rith na bliana 2017 rinne an Dr Thomas cuir i láthair agus bhí sé rannpháirteach sna

himeachtaí seo a leanas:

'Cur chuige nua do Bheartas Bonneagair – an cás ar son Larionad Beartas

Bonneagair' chuig toscaireacht Bainistíochta Sócmhainní Infheistíochta Poiblí

(PIMA) an IMF, Baile Átha Cliath, mí Iúil;

Comhdháil Bhliantúil na Léann Réigiúnach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath,

mí Meithimh;

Comhdháil Bhliantúil Chumann na Léann Réigiúnach, Baile Átha Cliath, mí Mheán

Fómhair;

agus

An Dr Anne-Marie McGauran (Anailísí Beartas):

I rith na bliana 2017, bhí an Dr. McGauran ina comhalta de:

Bord na heagraíochta Teaghlach Amháin (Cisteoir agus Leas-Chathaoirleach);

Grúpa Comhairleach Chlár um Shláinte Gnéis & Thoirchis Ghéarchéime an FSS

(Cathaoirleach); agus

Grúpa Stiúrtha Monatóireachta Comhtháite an ESRI

Rinne sí cur i láthair agus bhí sí rannpháirteach sna cruinnithe agus sna himeachtaí seo a leanas:

Page 15: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

13

'Leas Sóisialach agus Gníomhachtú do Pháirtnéirí, NERI, Baile Átha Cliath;

'Taithí Lucht Déanta Beartas' Tionscadal Saotharlainne EP Dems, Baile Átha Cliath;

agus

'Beartas Poiblí a chur i bhfeidhm', UCD agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha

Cliath.

Chomh maith leis sin rinne sí maoirsiú ar thráchtas máistreachta ar easpa dídine ag

Lárionad Léann na nInscí agus na mBan, Coláiste na Tríonóide.

An Dr Jeanne Moore (Anailísí Beartais):

I rith na bliana 2017, bhí an Dr. Moore ina comhalta de:

Grúpa Comhordaithe um Thaighde Náisiúnta Inbhuanaithe;

Meastóir Taighde Inbhuanaithe EPA agus Grúpa Forléargais Náisiúnta; agus

Na Coistí Stiúrtha ar thrí thionscadal taighde EPA.

Tugadh cuireadh di a bheith ina haoichainteoir ag na himeachtaí seo a leanas:

'Muinín an Phobail a Chothú' Díospóireacht Phainéil, Comhdháil Bhliantúil Eirgrid,

Baile Átha Cliath, mí Eanáir;

Cathaoirleach, 'Seisiúin Maidine: na hImpleachtaí a bheidh ag an mBreatimeacht

ar an gComhshaol ar Oileán na hÉireann', Parlaimint na hEorpa, Baile Átha Cliath,

mí Meithimh;

Fóram Domhanda ar an Eacnamaíocht Chiorclach' Heilsincí, an Fhionlainn, mí

Meithimh;

'Dea-iompar: Athrú Iompair agus Athrú Aeráide', Future Earth/Acadamh Ríoga na

hÉireann, Baile Átha Cliath, mí na Samhna; agus

'Coiste um Beartas Comhshaoil, Ibec, Baile Átha Cliath, mí na Samhna.

.

Page 16: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

14

Caibidil 3 Beartais Chuntasaíochta NESDO

Page 17: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

15

Beartais Chuntasaíochta

1.1.1 Coinbhinsiún an Chostais Stairiúil

Ullmhaítear na Ráitis Airgeadais ar bhonn fabhruithe faoi choinbhinsiún an chostais

stairiúil de réir prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta seachas sa chás

go luaitear a mhalairt.

1.1.2 Aithint Ioncam

Aithnítear Deontas i gCabhair a fhaightear ó Roinn an Taoisigh sna Ráitis Airgeadais

ar bhonn fáltais airgid.

Aithnítear ioncam a fhaightear ó dhíolachán foilseachán agus ioncam comhdhála

nuair a dhéantar sonrasc ina leith. Sa chás go léirítear nach féidir na hairgid a fháil,

déantar foráil maidir le fiacha amhrasacha.

Comhoibríonn NESDO le heagraíochtaí eile ar thionscadail chomhchistithe a

d’fhéadfadh seasamh níos faide ná aon bhliain amháin. Aithnítear an t-ioncam seo ar

bhonn fáltais airgid.

1.1.3 Airgeadra Eachtrach

Déantar idirbhearta in airgeadraí seachas an euro a thaifeadadh ag na rátaí arna rialú

ar dháta na n-idirbheart nó ar dháta conraithe. Aistrítear sócmhainní airgeadaíochta

agus dliteanais go euro ar dháta an chláir comhardaithe nó ar dháta conraithe.

Déileáiltear le difríochtaí sa ráta malairte sa Ráiteas Chuntas Ioncaim agus

Caiteachais.

1.1.4 Sócmhainní Inláimhsithe

Léirítear sócmhainní seasta ag costas lúide dímheas carntha. Déantar dímheas a

ríomh chun costas sócmhainní inláimhsithe a dhíscríobh dá luachanna iarmharacha

measta thar a saol úsáideach measta trí thráthchodanna comhionanna.

Tá saol úsáideach measta sócmhainní inláimhsithe le tagairt don dímheas a ríomhtar

mar seo a leanas:

Troscán: 5/10 mbliana;

Trealamh: 5 bliana.

Page 18: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

16

Aoisliúntas

Tá baill foirne NESDO ina mbaill den scéim pinsin d'Fhostaithe Stáit Neamhbhunaithe.

Is scéim neamhranníocach í an scéim seo do phinsean scoir agus do shochair

chnapshuime an oifigigh féin. Tá ranníocaíochtaí iníoctha don Scéim do Chéilí agus

Leanaí. Cuireann NESDO na ranníocaíochtaí sin ar ais chuig an Roinn Airgeadais trí

Roinn an Taoisigh. Dá réir sin, níl aon dliteanas ar NESDO maidir le socruithe

aoisliúntais na foirne seo.

Le linn na bliana 2017, thug Roinn an Taoisigh triúr comhaltaí foirne ar iasacht do

NESDO, a bhí clúdaithe ag scéimeanna aoisliúntais a bhí i bhfeidhm sa Roinn sin.

Rinne NESDO aisíocaíocht leis an Roinn maidir le tuarastal, ÁSPC fostóra agus

aoisliúntas na gcomhaltaí foirne áirithe seo. D’fhabhraigh aisíocaíochtaí ar bhonn

míosúil agus cuireadh síos ar an Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais iad. Glac Roinn an

Taoisigh freagracht as párolla agus feidhm aoisliúntais maidir leis na comhaltaí foirne

seo.

Page 19: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

17

Aguisíní

Page 20: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

18

Aguisín 1: Comhaltas Bhord NESDO

An tUasal Martin Fraser, Roinn an Taoisigh (Cathaoirleach)

Elizabeth Canavan Uasal, Roinn an Taoisigh

Príomhoifigeach NESDO, An Dr Rory O’Donnell

Aguisín 2: Comhaltas Chomhairle NESC

Is mar seo a leanas a ainmníodh comhaltaí na Comhairle do 2011-2016:

An tUasal Martin Fraser (Cathaoirleach)

Elizabeth Canavan Uasal, (Leaschathaoirleach)

Triúr Comhaltaí ó Ghnólachtaí agus Fostóirí:

Maeve McElwee Uasal, Stiúrthóir Caidrimh Fostóirí, Ibec

An tUasal Tom Parlon, Ard-Stiúrthóir, CIF

An tUasal Ian Talbot, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Chambers Ireland

Triúr Comhaltaí ó Cheardchumainn:

Patricia King Uasal, Ard-Rúnaí, ICTU

An tUasal Tom Geraghty, Ard-Rúnaí, PSEU

An tUasal Shay Cody, Ard-Rúnaí, IMPACT

Triúr Comhaltaí ó ghrúpaí Feirmeoireachta agus Talmhaíochta:

An tUasal Damian McDonald, Ard-Stiúrthóir, IFA

An tUasal John Enright, Ard-Rúnaí, ICMSA

An tUasal TJ Flanagan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, ICOS

Triúr Comhaltaí ó ghrúpaí Pobail agus Deonacha:

An Dr Seán Healy, Social Justice Ireland

Brid O'Brien Uasal, Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe

Page 21: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

19

An tUasal James Doorley, Stiúrthóir Cúnta, Comhairle Náisiúnta na nÓg

Triúr Comhaltaí ó ghrúpaí Comhshaoil:

An tUasal Michael Ewing, Comhordaitheoir, Environmental Pillar

Kate Ruddock Uasal, Leas-Stiúrthóir, Friends of the Earth Ireland

Oonagh Duggan Uasal, Leascheann na Rannóige: Beartas agus Tacaíocht, Cairde

Éanlaithe Éireann

Ceithre Comhaltaí ón tSeirbhís Phoiblí:

An tUasal Derek Moran, Ard-Rúnaí, An Roinn Airgeadais

An Dr Orlaigh Quinn, Ard-Rúnaí, An Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta

An tUasal John McCarthy, Ard-Rúnaí, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtas

Áitiúil

An tUasal Robert Watt, Ard-Rúnaí, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Comhaltaí neamhspleácha arna n-ainmniú ag an Taoiseach:

An tUasal Philip Hamell, Roinn an Taoisigh

An tOllamh Edgar Morgenroth, DCU

An Dr Michelle Norris, Scoil na hEolaíochta Sóisialta Feidhmí, Institiúid Geary UCD

Stiúrthóir NESC, an Dr Rory O’Donnell

Page 22: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

20

Aguisín 3: Ráitis Airgeadais arna síniú ag Bord NESDO

Page 23: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

21

Page 24: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

22

Page 25: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

23

Page 26: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

24

Page 27: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

25

Page 28: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

26

Page 29: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

27

Page 30: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

28

Page 31: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

29

Page 32: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

30

Page 33: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

31

Page 34: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

32

Page 35: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

33

Page 36: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

34

Page 37: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

35

Page 38: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

36

Page 39: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

37

Page 40: Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 …files.nesc.ie/nesdo_documents/NESDO_Annual_Report_2017...Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017 Clár 1 Ráiteas an Chathaoirligh

AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017

38