Nuair a chuaigh Amy ar scoil, níor bhraith sí ró-mhaith. Bhí tinneas cinn uirthi agus bhí

Preview:

DESCRIPTION

Nuair a chuaigh Amy ar scoil, níor bhraith sí ró-mhaith. Bhí tinneas cinn uirthi agus bhí sí fliuchshrónach. Nuair a shroich sí an seomra ranga shuigh sí síos in aice le Natasha. Chonaic sí go luath nach raibh Natasha ag brath ró-mhaith ach oiread. An bhfuil tú ceart go leor, a Natasha?. - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Nuair a chuaigh Amy ar scoil, níor bhraith sí ró-mhaith. Bhí tinneas cinn uirthi agus bhí sí fliuchshrónach. Nuair a shroich sí an seomra ranga shuigh sí síos in aice le Natasha. Chonaic sí go luath nach raibh Natasha ag brath ró-mhaith ach oiread.

An bhfuil tú ceart go leor, a Natasha?

Níl i ndáiríre, ach dúirt mo mhamaí liom go gcaithfinn teacht ar scoil *casacht*

*casacht*

Sin a dúirt mo Mhamaí liom freisin. Nílim ag casachtach, áfach. Ba chóir duit do bhéal a chlúdach i ndáiríre.

Ag am lóin, chuaigh Amy agus Natasha go dtí an leithreas. Bhí ocras ar Natasha agus bhí fonn uirthi a lón a ithe.

Brostaigh ort Amy, tá ocras orm!

Fan nóiméad, caithfidh mé mo chuid lámh a ní.

Ná bac. Ní ním iad riamh agus níl dochar ar bith déanta dom.

I rith am lóin bhí Amy ag labhairt lena cara Harry faoina tinneas cinn agus a srón fhliuch.

Tá sé thar a bheith tinn, agus ceapaim go bhfuilim chun tosú ag casachtach.

Nach bhfuil antaibheathaigh agat sa bhaile a d’fhéadfása a thógáil?

Nach maith an smaoineamh é sin. Tá roinnt fágtha ón uair a raibh

ionfhabhtú cluaise ar mo dheirfiúr. Cuirfidh mé ceist ar mo mhamaí.

Tar liom agus iarrfaimid cabhair ó Bhean Warren.

A Harry bocht. Lig dom féachaint air. Níl sé ró-dhona.

Cuirfimid greimlín air.

Á, tá mo ghlúin ag cur fola.

I ndiaidh dóibh a lón a ithe, chuaigh na leanaí amach ag súgradh. Thit Harry agus fuair sé gearradh domhain ar a ghlúin.

Téigh abhaile agus fan i do leaba. Tóg roinnt pianmhúchán don

tinneas cinn más gá.

Ach tá sí tinn, caithfidh tú antaibheathaigh a thabhairt di.

Tá brón orm, ach níl aon ghá leo.

Nuair a tháinig Amy abhaile, shocraigh a máthair í a thabhairt chuig an dochtúir. Dúirt sé go raibh slaghdán trom uirthi.

Ní raibh tú ar scoil inniú, an bhfuil tú ceart go leor?

Níl d’éirgih mo ghlúin an-phianmhar i rith na hoíche agus thóg mo Mhamaí chuig an

dochtúir mé. Dúirt sé go raibh mo ghearradh ionfhabhtaithe.

Nach uafásach an rud é. Ar thug sé pianmhúcháin duit?

Níor thug, thug sé antaibheathaigh dom chun cabhrú leis an ionfhabhtú a throid ach dúirt sé liom leanúint

orm á dtógáil go dtí go mbeidís críochnaithe.

Ní raibh Harry ar scoil an chéad lá eile, agus mar sin bhuail Amy isteach chuige ar a bealach abhaile ón scoil.

Recommended