7
Ag fágáil an bhaile Réamhobair 1 Tá an seans ann go mbeidh tú ag fágáil an bhaile gan mhoill. A. Cad iad na gnéithe den saol nua a bhfuil tú ag súil leo? Cuir na pointí thíos in ord – ag cur uimhir a haon in aice leis an bpointe is mó a bhfuil tú ag súil leis; agus mar sin ar aghaidh. 1. - a bheith i bhfad ar shiúl ó mo theaghlach 2. - casadh le daoine nua 3. - dul amach san oíche nuair is mian liom 4. - mo rogha bia a ithe 5. - staidéar nó obair a dhéanamh ar rud a thaitníonn liom 6. - filleadh abhaile gach deireadh seachtaine 7. - smacht agam ar mo chuid airgid féin 8. - mo sheomra codlata a chóiriú i mo stíl féin 9. - dul go dtí an phictiúrlann i rith an lae

Ag fágáil an bhaile Réamhobair 1

  • Upload
    elda

  • View
    103

  • Download
    13

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Ag fágáil an bhaile Réamhobair 1. Tá an seans ann go mbeidh tú ag fágáil an bhaile gan mhoill. - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Page 1: Ag fágáil an bhaile          Réamhobair  1

Ag fágáil an bhaile Réamhobair 1

Tá an seans ann go mbeidh tú ag fágáil an bhaile gan mhoill.

A. Cad iad na gnéithe den saol nua a bhfuil tú ag súil leo? Cuir na pointí thíos in ord – ag cur uimhir a haon in aice leis an bpointe is mó a bhfuil tú ag súil leis; agus mar sin ar aghaidh.

1. - a bheith i bhfad ar shiúl ó mo theaghlach2. - casadh le daoine nua3. - dul amach san oíche nuair is mian liom4. - mo rogha bia a ithe5. - staidéar nó obair a dhéanamh ar rud a thaitníonn

liom6. - filleadh abhaile gach deireadh seachtaine7. - smacht agam ar mo chuid airgid féin8. - mo sheomra codlata a chóiriú i mo stíl féin9. - dul go dtí an phictiúrlann i rith an lae10. - casadh le daoine leis na suimeanna céanna

B. Cad a bhí ag an duine in aice leat?

Page 2: Ag fágáil an bhaile          Réamhobair  1

Ag fágáil an bhaile Réamhobair 2

Ach‘Is glas iad na cnoic i bhfad uainn’

An mbeidh aon ní ag cur imní ort agus tú leat féin sa saol mór? Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus déanaigí ransú smaointe ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine óga an chéad

bhliain a fhágann siad an baile.

Page 3: Ag fágáil an bhaile          Réamhobair  1

Ag fágáil an bhaile Réamhobair 3

Beidh tú ag éisteacht le dalta scoile, a bhfuil an ardteistiméireacht á déanamh aici i mbliana, ag labhairt faoin saol nua amach roimpi. Sula n-éisteann tú léi, freagair na ceisteanna seo leis an duine in aice leat.

1. Tá canúint Chonnachta ag Clíodhna. Breacaigí síos cúig ghné a chuireann an chanúint sin in iúl.

2. Scríobhaigí sainmhínithe don stór focal seo a bheidh le cloisteáil sa mhír:

- rogha- neamhspleáchas- gaolta- Is ar éigean - gan stró- togha

3. Cén ghné den ghramadach atá sna samplaí seo a leanas?

- mé féin- sise- a fheicimse

Page 4: Ag fágáil an bhaile          Réamhobair  1

Ag fágáil an bhaile Éisteacht

Éist le Clíodhna anois agus freagair na ceisteanna.

1. Cén ollscoil ar mhaith le Clíodhna freastal uirthi agus cad ba mhaith léi a dhéanamh ansin?

2. Cad é an rud is mó a bhfuil Clíodhna ag súil leis ina saol nua?

3. An mbeidh mórán daoine a bhfuil aithne aici orthu i mBaile Átha Cliath cheana?

4. Cad a chuireann imní uirthi faoin mbaile a fhágáil?

5. Cén fáth a mbeidh sí go maith ag tabhairt aire di féin?

Page 5: Ag fágáil an bhaile          Réamhobair  1

Ag fágáil an bhaile Iarobair 1

Féach ar an réamhrá seo ón alt Mo chéad bhliain ar an ollscoil le Johanna Ní Mhurchú ar www.beo.ie. Cuir líne faoi gach mothúchán a fheiceann tú ann.

An chéad bhliain ar an ollscoil – do na mílte daoine, bíonn meascán mothúchán i gceist lena linn. Tá a fhios agam féin gur mhothaigh mé iad go léir – eagla, neirbhíseacht, réamhaíocht. Ach den chuid ba mhó, bhí mé ag tnúth go mór leis an tréimhse nua, spreagúil sin i mo shaol.Caithfidh mé a rá, áfach, nuair a bhí orm mo rudaí go léir a phacáil agus mo sheomra codlata sa bhaile a fhágáil, tháinig deora le mo shúile. Ach dá mbeadh a fhios agam cad a bhí i ndán dom, bheinn ag sileadh deora áthais!

Cé acu abairt atá ceart: Tá eagla orm nó Tá mé eagla?

Cén forainm réamhfhoclach a théann leis na mothúcháin seo?

Agus cad faoi na cinn seo? Tá níos mó ná forainm réamhfhoclach amháin ag teastáil!

Page 6: Ag fágáil an bhaile          Réamhobair  1

Ag fágáil an bhaile Cluiche

Cad é an forainm réamhfhoclach ceart?

-----------------------------------------------------------------------------

Nach bhfuil áthas __________ faoina torthaí Ardteistiméireachta?

Ní bheidh Seán anseo mar tá sé tinn. Tá brón __________.

Níl Máire ag súil leis an mbaile a fhágáil. Tá imní __________.

Tá Niall an-dathúil agus tá súile gorma __________.

Ná tabhair ar na páistí é sin a ithe. Beidh déistin __________.

Níor cheart dúinn dul ansin nó beidh éad __________.

Bíonn deartháir Aoife de shíor ag magadh __________.

Ní maith le Colm madraí. Tá eagla __________ __________.

Tá cuma an-andúchasach ar Áine agus tá gruaig dhubh _______.

Níl meas (mé) __________ __________ (Cathal nó Cian).

Nach bhfuil muinín (tú) __________ __________ (Nora)?

Níor chreid Tomás na torthaí a fuair sé. Bhí iontas __________.

Bhí náire __________ mar ní raibh aon bhronntanas againn dó.

Page 7: Ag fágáil an bhaile          Réamhobair  1

Ag fágáil an bhaile Plé

Seo iad na ceisteanna a chuir Siobhán ar Chlíodhna. Beidh tú féin agus an duine in aice leat ag cur na gceisteanna céanna ar a chéile anois. Caith tamall ag ullmhú do chuid freagraí sula bpléifidh sibh na ceisteanna le chéile.

1. Cad atá sé i gceist agat a dhéanamh tar éis na hArdteiste?

2. Agus cad iad na rudaí is mó a bhfuil tú ag súil leo i do shaol nua?

3. An dóigh leat go mbeidh tú ag roinnt árasáin le cairde agus an bhfuil aithne agat ar dhuine ar bith atá ag bogadh go dtí an áit chéanna leat féin?

4. Agus cad iad na rudaí is mó a chuireann imní ort faoin saol atá amach romhat, más ann dóibh ar chor ar bith?

5. An mbeidh tú go maith ag coinneáil i dteagmháil le do mhuintir?

6. An mbeidh tú go maith ag tabhairt aire duit féin nuair a fhágfaidh tú an baile?

7. Agus beidh tú ábalta cúrsaí airgid agus mar sin a bhainistiú gan stró?