8
Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: 1.Cad is brí le canúint? Cén difríocht atá idir canúint agus blas? 2.Cad iad canúintí na Gaeilge? 3.Cad atá i gceist leis an gCaighdeán Oifigiúil? 4.Cén fáth a bhfuil an Caighdeán Oifigiúil ann? Canúintí Réamhobair 1

Canúintí Réamhobair 1

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Canúintí Réamhobair 1. Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Cad is brí le canúint? Cén difríocht atá idir canúint agus blas? - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Page 1: Canúintí                 Réamhobair 1

Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaíGaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh na ceisteanna seoleis an duine in aice leat:

1. Cad is brí le canúint? Cén difríocht atá idir canúint agus blas?

2. Cad iad canúintí na Gaeilge? 3. Cad atá i gceist leis an gCaighdeán

Oifigiúil?4. Cén fáth a bhfuil an Caighdeán Oifigiúil

ann?

Canúintí Réamhobair 1

Page 2: Canúintí                 Réamhobair 1

(a) Conas a deirtear na rudaí seo i do chanúint áitiúil? An féidir leat iad a rá in aon slí eile?

boy, girl, children, grandmother, grandfather, table, also, terrible, easy, old, sick, painful

(b) Conas a déarfá ‘How are you?’ agus ‘Where are you from?’ sna trí mhórchanúint? Cuir na freagraí sna colúin chuí.

(c) Tá ciall difriúil ag an bhfocal ‘láithreach’ i gcanúint na Mumhan ná mar atá i gcanúint Chonnacht agus Uladh. Cad is brí leis i gcanúint na Mumhan? Agus sa dá chanúint eile? An samhlaíonn tú go gcothódh an difríocht sin míthuiscintí ar bith? Smaoinigh ar chomhthéacs ina gcothófaí míthuiscint.

Canúintí Réamhobair 2

Canúint na Mumhan

Canúint Chonnacht

Canúint Uladh

Page 3: Canúintí                 Réamhobair 1

Éist le Cormac Ó Comhraí ó Scoil ChuimsitheachChiaráin ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus adtuiscint ar na canúintí agus freagair na ceisteannaseo:

1. Cathain is mó a chloiseann daltaí Gaeltachta canúintí eile, dar le Cormac?

2. Cad é an saghas Gaeilge is mó a chloiseann daltaí taobh amuigh dá gcanúint féin, dar le Cormac?

3. Cén fáth a bhfuil sé deacair stór focal ó chanúintí eile a thabhairt do na daltaí?

4. Cé a bhíonn ‘ag brú’ rudaí ar na daltaí, dar leo féin?

Canúintí Éisteacht

Page 4: Canúintí                 Réamhobair 1

Do chanúint féin

(a) Deir Cormac go bhfuil ‘muintir na Gaeltachtauafásach bródúil as a gcanúint féin’. Liostáil napríomhthréithe a bhaineann le do chanúint féinagus cúpla focal/nath cainte atá bainteach léi aritheann leat.

(b) Cad iad na tréithe, a bhaineann le dochanúint áitiúil, is mó a chothaíonn deacrachtaíd’fhoghlaimeoirí nó do chainteoirí eile Gaeilge?

Canúintí Iarobair 1

Page 5: Canúintí                 Réamhobair 1

(a) Bíonn difríochtaí sa bhéim a leagtar ar fhocail ilsiollacha sna canúintí.Bíonn an bhéim ar shiolla amháin i gCanúint na Mumhan agus ar shiollaeile i gCanúint Chonnacht agus Uladh e.g. buidéal (M) agus buidéal(C&U).

Cuir an bhéim san áit cheart ar na focail seo:

bainisteoir (M) bainisteoir (C&U)drámaíocht (M) drámaíocht (C&U)ealaín (M) ealaín (C&U)íoslódáil (M) íoslódáil (C&U)

(b) Déanann cainteoirí dúchais earráidí sa litriú uaireanta ag brath ar angcanúint atá acu. Mar shampla, uaireanta bíonn mearbhall ar mhuintirUladh agus litríonn siad an focal CORCAIGH mar seo: CORCAÍ. An chúisatá leis sin ná gur mar sin a fhuaimnítear ó thuaidh é. Ní dhéanfadh cainteoir Muimhneach an earráid áirithe sin mar fuaimnítear an –AIGHar shlí dhifriúil. Earráid a dhéanann muintir na Mumhan go minicná an focal ARD a litriú mar seo: ÁRD - toisc go bhfuil an A fada go maith sa bhfuaimniú. Gan trácht ar mhuintir Chonnacht agus an uimhir iolra atá acu...nó acub!

An féidir leat smaoineamh ar shamplaí eile? Cad iad na hearráidí is mó adhéanann tusa sa litriú de bhrí go gcuireann an chanúint beagán ar straetú?

Canúintí Iarobair 2

Page 6: Canúintí                 Réamhobair 1

I gcás na n-abairtí seo ar fad thíos, abair cén chanúint atái gceist, canúint Chonnacht, canúint na Mumhan nócanúint Uladh.

1. Tá mé tinn tuirseach den aimsir seo.2. N’fheadar faic na ngrást mar gheall air sin.3. Bíonn sí anseo chuile lá.4. An bhfuil an t-airgead agat fá choinne an ticéid?5. Nach bhfuil Máire in éindí leat?6. An rabhais amuigh aréir?7. Tá sé sin togha, a mhac!8. An dtig leat cupán tae a thabhairt domh?9. Tá mo sciathán nimhneach.10.Bhíos ag caint le Séamus ó chianaibh.

(b) Athscríobh na habairtí thuas nach mbaineann le do chanúint féin i do chanúint féin.

Canúintí Iarobair 3

Page 7: Canúintí                 Réamhobair 1

Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat.

1. Cad atá i gceist le ‘Gaeilge na Leabhar’?

2. An mbíonn sé níos deacra duitse rudaí áirithe a léamh as Gaeilge seachas as Béarla? Cén cineál rudaí agus cén fáth, meas tú?

3. Cad atá i gceist ag Cormac nuair a deir sé:‘breathnaíonn roinnt [daltaí] air mar ghéilleadh don rud atá á bhrú orthu ón taobh amuigh ó dhaoine nach labhraíonn Gaeilge ar bhealach nádúrtha’

4. Cad a tharlaíonn nuair a chaitear focal nua a chumadh do rud éigin as Gaeilge (má thagann rud éigin nua ar an saol e.g. an t-idirlíon, fón póca, fón cliste etc.)? Cén próiseas atá ann chun focal nua a chumadh?

Canúintí Iarphlé 4

Page 8: Canúintí                 Réamhobair 1

Ábhar machnaimh

Caitheann cainteoirí dúchais Gaeilge go leor scileanna a bheith acu –eolas an-mhaith ar a gcanúint féin, eolas réasúnta ar chanúintíeile agus eolas an-mhaith ar an gcaighdeán (go háirithe tar éisna scoile agus iad ag obair trí mheán na Gaeilge).

Ach tá na scileanna sin acu sa Bhéarla chomh maith a bhuíochas dona meáin chumarsáide mar, féach, nach bhfuil na canúintí Béarlaseo an-difriúil óna chéile?

1. Béarla an gheiteo i Nua-Eabhrac2. Béarla Bhanríon Shasana3. Béarla na tuaithe in Éirinn

Tá tú in ann daoine a thuiscint agus iad ag baint úsáide as nacanúintí éagsúla sin i mBéarla.

Dá mhinice is a chloiseann tú na canúintí eile in úsáid is ea is fearr athuigfidh tú iad!

Canúintí Iarphlé 5