13
An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2016 - 2018 Marta 2016

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

  • Upload
    buicong

  • View
    224

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2016 - 2018

Marta 2016

Page 2: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

2

Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí

Sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2016-2018 leagtar amach na bearta a dhéanfaimid suas go dtí deireadh 2018 chun na tiomantais atá leagtha amach sa Chairt Custaiméirí a sheachadadh. Tá na gníomhaíochtaí, na táscairí agus na hamlínte leagtha amach de réir na 12 Phrionsabal Treorach um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a comhaontaíodh in 2000. Áirítear sa phlean seo sonraí faoin dóigh a dtomhaisfimid ár bhfeidhmíocht agus an dóigh a dtuairisceoimid na torthaí. Tá cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta seo ar cheann de na príomhstraitéisí a dtabharfaimid fúthu chun tacú leis ár gcuspóirí inár Ráiteas Straitéise a bhaint amach. Cuirfidh oifigigh na Roinne an plean chun feidhme agus comhlíonfaidh siad a ndualgais de réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir Threoir an Ombudsman maidir leis na Caighdeáin um Dhea-Chleachtas d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí.

CUR CHUN FEIDHME NA 12 PHRIONSABAL TREORACH UM SHEIRBHÍS ARDCHAIGHDEÁIN DO CHUSTAIMÉIRÍ

1. Caighdeáin Cháilíochta na Seirbhíse

Ráiteas a fhoilsiú ina ndéantar breac-chuntas ar chineál agus ar cháilíocht na seirbhíse lena bhféadfadh custaiméirí a bheith ag súil, agus é a thaispeáint go suntasach ag pointe an tseachadta seirbhíse.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an bprionsabal seo cuirfimid na tiomantais seo a leanas i bhfeidhm:

Gníomhaíocht Táscaire Amlíne

A chinntiú go bhfuil an Chairt Custaiméirí ar fáil ag na deasca fáiltithe inár bpríomh-oifigí, ar shuíomh gréasáin na Roinne, agus ó na hOifigigh Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí sa Roinn atá liostaithe in Aguisín 2.

A chinntiú go ndéanfar an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí seo a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin agus go mbeidh sé ar fáil i bhformáidí eile ar iarratas.

Beidh an Chairt agus an Plean Gníomhaíochta ar fáil agus ar taispeáint go suntasach i láithreacha cuí.

Ar bhonn Leanúnach

Monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar Chaighdeáin Cháilíochta na Seirbhíse a leagamar amach sa Chairt agus sa Phlean Gníomhaíochta

Suirbhéanna déanta.

Aiseolas ar an suíomh gréasáin.

Gach trí bliana. Ar bhonn leanúnach

.

Page 3: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

3

Tuarascáil a dhéanamh ar dhul chun cinn ár Seirbhíse do Chustaiméirí gach bliain.

Dul chun cinn tuairiscithe sa Tuarascáil Bhliantúil.

Ar bhonn bliantúil

Feasacht mhéadaithe maidir le Caighdeáin Cháilíochta na Seirbhíse agus na dó dhéag Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a chur chun cinn i measc fhoireann na Roinne.

Póstaeir CCS i ngach suíomh. Leideanna CCS in Weekly Wrap (nuachtlitir leictreonach inmheánach na Roinne) agus ar inlíon na Roinne. Oiliúint a chur ar fáil don fhoireann.

Ar bhonn leanúnach

Leanúint ag oibriú leis na húdaráis áitiúla agus le comhlachtaí comhpháirtíochta chun feabhas a chur ar an tSeirbhís do Chustaiméirí.

Dea-chleachtas a chur chun cinn agus moltaí maidir leis an tSeirbhís do Chustaiméirí a chur ar aghaidh.

Ar bhonn leanúnach

2. Comhionannas/ Éagsúlacht

Na cearta um chóir chomhionann arna mbunú le reachtaíocht um chomhionannas a chinntiú agus freastal ar éagsúlacht. Déanfaimid é sin chun cur le comhionannas do na grúpaí atá cumhdaithe faoin reachtaíocht um chomhionannas. Sainaithneoimid bacainní ar rochtain ar sheirbhísí do dhaoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht agus faoi eisiamh sóisialta, agus dóibh siúd a bhfuil bacainní geografacha ar sheirbhísí os a gcomhair agus oibreoimid le réidh a fháil leo.

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

Feasacht na foirne maidir le ról Oifigeach Comhionannais na Roinne a chur chun cinn.

An fhoireann ar an eolas faoi ról an Oifigigh Chomhionannais agus faisnéis scaipthe.

Ar bhonn leanúnach

Feasacht na foirne maidir le comhionannas agus éagsúlacht a chur chun cinn trí sheisiúin faisnéise, oiliúint, agus ailt in Weekly Wrap.

Imeachtaí oiliúna/seisiúin faisnéise tionólta. Ailt foilsithe.

Ar bhonn leanúnach

Athbhreithniú rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeartas um chomhionannas sa Roinn tríd an bpróiseas 1Comhpháirtíochta.

Athbhreithniú déanta ag an gCoiste Comhpháirtíochta ar bheartais.

Ar bhonn leanúnach

Na prionsabail um Chód Cleachtais maidir le Fostaíocht Daoine faoi Mhíchumas i Státseirbhís na hÉireann a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na

Prionsabail curtha i bhfeidhm. Spriocanna fostaíochta bainte amach.

Ar bhonn leanúnach

1 Bealach is ea an próiseas Comhpháirtíochta chun tabhairt ar bhaill a bheith páirteach i gcinnteoireacht agus i réiteach

fadhbanna san áit oibre trí chomhairliúchán agus trí chumarsáid trí Choiste ionadaíoch a bhuaileann le chéile 4 huaire in aghaidh na bliana de ghnáth.

Page 4: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

4

spriocanna fostaíochta faoi chuid 5 den Acht um Míchumais 2005.

Clár oibre bliantúil a chur i bhfeidhm trí Fhoireann Cur i bhFeidhm Rochtana na Roinne a dhíríonn ar fheabhas a chur ar na seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumais.

Clár Oibre Bliantúil curtha i bhfeidhm. Feabhsuithe intomhaiste taispeánta i suirbhéanna CCS agus i suirbhéanna na foirne inmheánaí.

Ar bhonn bliantúil Suirbhéanna gach trí bliana.

A chinntiú go bhfuil comhionannas agus éagsúlacht lárnach d’fhorbairt beartas agus reachtach na Roinne.

Reachtaíocht agus prionsabail um chomhionannas cloíte leo.

Ar bhonn leanúnach

3. Rochtain Fhisiciúil Oifigí poiblí glana, inrochtana a chur ar fáil ina gcinnteofar príobháideachas, ina gcloífear le caighdeáin um cheird agus sábháilteachta agus, mar chuid de sin, rochtain do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine eile a bhfuil riachtanais shainiúla acu a éascú.

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

Ár gcóiríocht a chothabháil go dtí caighdeán atá inghlactha do na custaiméirí agus don fhoireann araon.

Aiseolas ó chustaiméirí agus ón bhfoireann agus ó shuirbhéanna.

Ar bhonn leanúnach, agus suirbhéanna a dhéanamh gach trí bliana

A chinntiú go bhfuil ráitis sláinte agus sábháilteachta cothrom le dáta i bhfeidhm maidir le hoifigí na Roinne, agus go bhfuil nósanna imeachta sábháilteachta imleora i bhfeidhm i gcás éigeandálaí

Ráitis Sláinte agus Sábháilteacht i bhfeidhm.

Ar bhonn leanúnach

Áiseanna cumarsáide cuí a sholáthar do dhaoine a bhfuil lagú éisteachta orthu in áiteanna amhail láithreacha fáiltithe agus seomraí cruinnithe.

Áiseanna cumarsáide curtha ar fáil de réir mar is gá.

Ar bhonn leanúnach

A chinntiú go ndéantar promhadh míchumais ar oibreacha na bhfoirgneamh úr ar fad.

Promhadh míchumais déanta. De réir mar is gá.

4. Faisnéis Cur chuige réamhghníomhach a ghlacadh maidir le faisnéis a chur ar fáil atá soiléir, tráthúil agus beacht, atá ar fáil ag gach pointe teagmhála, agus a fhreastalaíonn ar riachtanais na ndaoine ag a

Page 5: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

5

bhfuil riachtanais shainiúla. A chinntiú go mbainfear leas iomlán as an acmhainneacht a chuirtear ar fáil leis an Teicneolaíocht Faisnéise agus go gcloíonn an fhaisnéis atá ar fáil ar ár suíomhanna gréasáin leis na treoirlínte ar fhoilsiú gréasáin. Leanúint le cur chun cinn simpliú rialacha, rialachán, foirmeacha, bileoga eolais agus nósanna imeachta.

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

Friotal soiléir a úsáid i bhfoirmeacha agus i mbileoga eolais, ag baint leas, más féidir, as caighdeáin chomhaontaithe i ndáil le roghanna “Éasca le Léamh” srl.

Aiseolas ó chustaiméirí, lena n-áirítear trí thorthaí suirbhéanna.

Ar bhonn leanúnach, agus suirbhéanna a dhéanamh gach trí bliana

Rannpháirtíocht níos mó agus níos bríche a dhéanamh leis na meáin shóisialta chun príomhfhaisnéis a chur i láthair pobail níos leithne chomh maith le leibhéal níos mó idirghníomhaíochta lenár ngeallsealbhóirí a chur chun cinn.

Athbhreithniú déanta ar ghníomhaíochtaí na meán sóisialta ar bhonn rialta chun cúrsaíocht faisnéise agus úsáide a chinntiú.

2016 agus faoi bhealach

A chinntiú go bhfuil suíomhanna gréasáin na Roinne cothrom le dáta agus go bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil soiléir, tráthúil agus beacht.

Aiseolas ó chustaiméirí trí thorthaí suirbhéanna.

Ar bhonn ráithiúil, agus suirbhéanna a dhéanamh gach trí bliana

Dearcthaí custaiméirí a iarraidh i suirbhéanna custaiméirí ar bith a dhéanann an Roinn maidir le hinrochtaineacht faisnéise.

Inrochtaineacht faisnéise tomhaiste i suirbhéanna.

Suirbhéanna gach trí bliana.

Clár Reachtach na Roinne a chur i bhfeidhm, de réir na bprionsabal um rialáil níos fearr.

Clár curtha i gcrích ar aon dul leis an dea-chleachtas.

Ar bhonn leanúnach

5. Tráthúlacht agus Cúirtéis Seirbhísí ardchaighdeáin a sheachadadh le cúirtéis, íogaireacht agus an moill is lú, rud a chothóidh timpeallacht chóimheasa idir an soláthraí agus an custaiméir. Ainmneacha teagmhála a thabhairt i ngach cumarsáid chun éascaíocht idirbheart leanúnach a chinntiú

Page 6: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

A chinntiú go bhfuil an fhoireann go léir ar an eolas faoi na treoirlínte agus na nósanna imeachta maidir le glaonna agus comhfhreagras teileafóin a fhreagairt.

Treoirlínte scaipthe agus ar an inlíon. Meabhrúcháin/leideanna in Weekly Wrap agus/nó seisiúin faisnéise foirne.

Ar bhonn leanúnach

Díriú ar chaighdeáin na seirbhíse atá leagtha amach inár gCairt Custaiméirí a chomhlíonadh go comhsheasmhach agus athbhreithniú a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht.

Aiseolas ó chustaiméirí trí chumarsáid le geallsealbhóirí agus ó shuirbhéanna.

Ar bhonn leanúnach, agus suirbhéanna a dhéanamh gach trí bliana

Na ceanglais reachtúla uile maidir le freagairt a thabhairt ar fhiosruithe FOI agus AIR a chomhlíonadh.

Ceanglais reachtúla comhlíonta.

Ar bhonn leanúnach

Leanúint le méid na n-íocaíochtaí déanacha a laghdú.

Feabhsuithe leanúnacha. Ar bhonn leanúnach

Úsáid córais R-Ionadaithe agus R-chuirí a chur chun cinn agus tacú leo.

Meabhrúcháin/leideanna eisithe in Weekly Wrap. Tacaíocht theicniúil curtha ar fáil.

Ar bhonn leanúnach

6. Gearáin Córas dea-phoiblithe, inrochtana, trédhearcach agus éascú le húsáid a choinneáil chun déileáil le gearáin faoi cháilíocht na seirbhíse a soláthraíodh.

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

A chinntiú go bhfuil an fhoireann go léir ar an eolas faoinár Nós Imeachta um Ghearáin ó Chustaiméirí tríd an gCairt Custaiméirí agus treoir don fhoireann maidir le gearáin a láimhseáil a fhoilsiú ar an inlíon agus ár gCairt Custaiméirí a bheith ar taispeáint go suntasach inár

An Chairt Custaiméirí ar fáil ar an inlíon. Treoir don fhoireann maidir le gearáin a láimhseáil ar an inlíon. Meabhrúcháin/leideanna maidir le gearáin táirgthe go rialta in Weekly Wrap. Póstaeir CCS curtha suas in áiteanna suntasacha.

Ar bhonn leanúnach

BOURKE_H
Typewritten Text
BOURKE_H
Typewritten Text
Page 7: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

n-oifigí.

Ár nós imeachta um ghearáin a phoibliú ar bhonn leathan trínár suíomh gréasáin www.housing.gov.ie/ga agus ár gCairt Custaiméirí.

An Chairt Custaiméirí in áit shuntasach ar an suíomh gréasáin.

Márta 2016

Monatóireacht a dhéanamh ar fhiosruithe agus ar ghearáin a fhaightear trí chuntas ríomhphoist CCS na Roinne agus a fhaigheann Oifigigh CCS.

Fiosruithe pléite agus gearáin déileáilte leo.

Ar bhonn leanúnach

Gach gearán a eascraíonn ar aon dul leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Chairt Custaiméirí a phlé.

Gearáin déileáilte leo dá réir sin.

Ar bhonn leanúnach

7. Achomhairc

Mar an gcéanna, córas atá curtha ar bhonn foirmeálta, atá dea-phoiblithe, inrochtana,

trédhearcach agus éasca le húsáid a choinneáil maidir le córas achomhairc/athbhreithnithe do chustaiméirí nach bhfuil sásta leis na cinntí i ndáil le seirbhísí.

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

A chinntiú go bhfuil custaiméirí ar an eolas faoi na roghanna atá ar fáil dóibh nuair a bhíonn siad míshásta le cinneadh a rinne an Roinn i ndáil le seirbhísí msh. FOI.

Sásra achomharc corpraithe i scéimeanna.

Ar bhonn leanúnach

8. Comhairliúchán agus Measúnacht

Cur chuige struchtúrtha a chur ar fáil maidir le comhairliúchán lánbhrí leis an gcustaiméir, agus

rannpháirtíocht ag an gcustaiméir, i ndáil le forbairt, seachadadh agus athbhreithniú seirbhísí. Measúnacht lánbhrí ar sheachadadh seirbhíse a chinntiú.

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

Leanúint le dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ar aon dul leis na Treoirlínte um Chomhairliúchán do Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí.

Comhairliúchán déanta ar aon dul leis na treoirlínte. Torthaí na gcomhairliúchán poiblí foilsithe agus/nó corpraithe i bhforbairt beartas/reachtach.

Ar bhonn leanúnach

7

Page 8: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

8

Modhanna atá ar fáil a úsáid, lena n-áirítear teicneolaíocht, chun cuidiú le hionchur a fháil ó gheallsealbhóirí leasmhara.

Éiríonn an próiseas comhairliúcháin níos fusa agus níos inrochtana trí úsáid na dteicneolaíochtaí úra.

Ar bhonn leanúnach

Leanúint le suirbhé a dhéanamh ar Údaráis Áitiúla agus ar ghníomhaireachtaí maidir lenár seirbhís do chustaiméirí gach trí bliana agus dul i ngleic le ceisteanna a aithnítear ar bhonn leanúnach.

Suirbhéanna déanta, anailísithe agus ceisteanna a tháinig chun cinn pléite.

Suirbhéanna gach trí bliana.

Leanúint le suirbhéanna a dhéanamh ar chustaiméirí i ndáil le cáilíocht na seirbhíse a fhaigheann siad uainn.

Cárta tuairimí ar fáil ar an suíomh gréasáin. Suirbhé mórscála déanta gach trí bliana.

Ar bhonn leanúnach Suirbhéanna gach trí bliana.

9. Rogha Rogha a chur ar fáil, más féidir, i seachadadh seirbhíse lena n-áirítear modhanna íocaíochta, suíomh na bpointí teagmhála, uaireanta oscailte agus amanna seachadta. Leas a bhaint as teicneolaíochtaí atá ar fáil agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn chun rochtain agus rogha, agus cáilíocht seachadta a uasmhéadú.

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

A chinntiú go bhfuil faisnéis ar fáil, ar iarratas, i bhformáid atá oiriúnach don chustaiméir m.sh. Braille, ríomhphost, cóip pháipéir, éasca le leamh, fuaim.

Sástacht tomhaiste le suirbhéanna. Aiseolas ó chustaiméirí.

Suirbhéanna gach trí bliana. Ar bhonn leanúnach

Leanúint le suíomhanna gréasáin na Roinne a fheabhsú, ag tabhairt aird ar aiseolas ó chustaiméirí, chun raon níos leithne rogha a chur ar fáil do chustaiméirí maidir le faisnéis agus seirbhísí a rochtain.

Aiseolas ó chustaiméirí. Sástacht tomhaiste le suirbhéanna.

Ar bhonn leanúnach Suirbhéanna gach trí bliana.

10. Comhionannas na dTeangacha Oifigiúla Seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach agus a gceart a chur in iúl do chustaiméirí go ndéileálfaí leo i cibé ceann de na teangacha oifigiúla a roghnaíonn siad.

Page 9: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

9

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

Scéim 2013-2016 na Roinne faoi Acht na dTeangacha 2003 Oifigiúla a chur i bhfeidhm.

Scéim curtha i bhfeidhm ar aon dul leis na tiomantais atá leagtha amach.

Ar bhonn leanúnach

An fhoireann a spreagadh agus tacú leo chun Gaeilge a fhoghlaim agus/nó feabhas a chur ar a scileanna Gaeilge.

Oiliúint curtha ar fáil, go háirithe don fhoireann a dhéileálann go díreach le custaiméirí.

Ar bhonn leanúnach

Oibriú le hOifig an Choimisinéara Teanga

Rannpháirtíocht ar bhonn leanúnach. Tuairisceán Bliantúil curtha i gcrích.

Ar bhonn leanúnach Ar bhonn bliantúil

11. Comhordú níos Fearr Cur chuige níos comhordaithe agus níos comhtháite maidir le seachadadh seirbhísí poiblí a chothú.

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

Leanúint ag oibriú le Ranna eile, go háirithe trí fhochoistí comh-aireachta agus struchtúir tras-earnála ábhartha chun dul i ngleic le hábhair leasa choitinn.

Cur chuige comhordaithe maidir le forbairt beartas / reachtach agus cur i bhfeidhm.

Ar bhonn leanúnach

Leanúint le cumarsáid agus comhairliúchán le hearnáil an rialtais áitiúil a neartú chun seachadadh seirbhísí barrfheabhsaithe don saoránach a chinntiú.

Sástacht earnáil an rialtais áitiúil leis an leibhéal cumarsáide agus comhairliúcháin arna tomhas trí shuirbhéanna.

Suirbhéanna gach trí bliana.

Leanúint ag oibriú le comhlachtaí faoi choimirce na Roinne chun cur i bhfeidhm éifeachtúil an tsainordaithe a chumasú.

Sástacht na gcomhaltaí i dtéarmaí an leibhéil chumarsáide agus tacaíochta ón Roinn, arna tomhas trí shuirbhéanna.

Suirbhéanna gach trí bliana.

Leanúint ag oibriú le hearnálacha eile lena n-áirítear earnáil na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha Comhshaoil, earnáil na struchtúr deonach agus an

Sástacht na ngrúpaí sin i dtéarmaí an leibhéil chumarsáide agus tacaíochta ón Roinn, arna tomhas trí shuirbhéanna.

Suirbhéanna gach trí bliana.

Page 10: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

10

earnáil comharchumann agus an earnáil ghnó.

12. Custaiméirí Inmheánacha A chinntiú go n-aithnítear an fhoireann mar chustaiméirí inmheánacha agus go bhfuil an tacaíocht chuí á fáil acu agus go dtéitear i gcomhairle leo maidir le ceisteanna um sheachadadh seirbhíse.

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

Leanúint le tacaíocht a thabhairt don phróiseas Comhpháirtíochta.

Próiseas gníomhach comhpháirtíochta i bhfeidhm, lena n-áirítear foghrúpaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna.

Ar bhonn leanúnach

Leanúint le feidhmeanna cumarsáide inmheánaí na Roinne a fhorbairt, lena n-áirítear:

Forbairt leanúnach an inlín

Táirgeadh Weekly Wrap

Seisiúin faisnéise na foirne a eagrú

Tionscnaimh chuimsitheacha agus eolacha um chumarsáid inmheánach curtha i bhfeidhm.

Ar bhonn leanúnach

Riachtanais oiliúna agus forbartha na foirne a shainaithint tríd an gcóras PMDS.

Oiliúint curtha ar fáil mar a d’iarradh.

Ar bhonn leanúnach

Suirbhéanna rialta a dhéanamh chun sástacht na gcustaiméirí inmheánacha a dhearbhú agus dul i ngleic leis na ceisteanna a thiocfaidh chun cinn.

Suirbhéanna déanta, anailísithe agus ceisteanna a tháinig chun cinn pléite. Tacaíocht a chur ar fáil maidir le suirbhéanna foirne laistigh den Chlár Athnuachana.

Suirbhéanna gach trí bliana. De réir mar is gá.

Leanúint le feabhas a chur ar chomhoibriú inmheánach, agus ar shásraí comhroinnte faisnéise.

Sásraí feabhsaithe comhroinnte faisnéise agus seachadta clár i bhfeidhm.

Ar bhonn leanúnach

13. Cosaint Sonraí Le cois na 12 phrionsabal, tá an Roinn tiomanta chomh maith do bhainistíocht a dhéanamh ar bhailiú, próiseáil, stóráil, úsáid agus nochtadh faisnéise áirithe maidir le daoine aonair, mar a cheanglaítear faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

Page 11: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

11

Gníomhaíocht Táscaire Feidhmíochta Amlíne

Athbhreithniú a dhéanamh ar Threoirlínte maidir le slándáil sonraí pearsanta agus sonraí rúnda eile.

Treoirlínte tugtha cothrom le dáta agus scaipthe ar an bhfoireann ar fad.

Samhradh 2016

Athbhreithniú ar an gcomharthaíocht CCTV ag oifigí na Roinne.

Comharthaíocht chuí curtha suas.

Samhradh 2016

Page 12: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

12

AGUISÍN Í

Aguisín 1 - Suíomh agus Sonraí Teagmhála Phríomhoifigí na Roinne

Baile Átha Cliath:

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.

Íosghlao: 1890 20 20 21

Teil: (01) 888 2000 Facs: (01) 888 2888 Ríomh phost: [email protected], [email protected], [email protected]

Béal an Átha:

An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 E8N6.

Íosghlao: 1890 30 50 30 Íosghlao: 1890 20 20 21 Teil: (096) 24200

Facs: (096) 24221 agus (096) 24222 Ríomh phost: [email protected], [email protected], [email protected]

Loch Garman: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, Y35 AP90.

Íosghlao: 1890 20 20 21 Teil: (01) 888 2000 agus (053) 911 7500 Facs: (053) 914 4639 Ríomh phost: [email protected], [email protected], [email protected]

Met Éireann: Cnoc Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath, D09 Y921 Teil: +353-1-8064200 Facs: +353-1-8064247

Déan teagmháil le Met Éireann ag http://www.met.ie/contactus/default_ga.asp

Le hÍosghlao is féidir le glaoiteoirí ó áit ar bith sa tír teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag ráta glao áitiúil.

Tá ár n-oifigí ar oscailt don phobal agus tá seirbhís teileafóin ar fáil ó 9:00am go 5.45pm. Dé Luain go Déardaoin, agus ó 9:00am go 5:15pm Dé hAoine.

Page 13: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Plean ... · réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus de réir . Threoir an Ombudsman maidir leis

13

Aguisín 2 - Líonra um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

Oifigeach CCS don Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil An tUasal Róisín Heuston, Aonad Cumarsáide, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.

Íosghlao*: 1890 20 20 21

Teil: (01) 888 2000 Facs: (01) 888 2888 Ríomhphost: [email protected]

Baile Átha Cliath - Teach an Chustaim

An tUasal Róisín Heuston, Aonad Cumarsáide, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.

Íosghlao*: 1890 20 20 21*

Teil: (01) 888 2000 Facs: (01) 888 2888 Ríomhphost: [email protected]

Béal an Átha

An tUasal Paul Geraghty, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 E8N6. Íosghlao*: 1890 30 50 30*

Íosghlao: 1890 20 20 21 Teil: (096) 24200

Facs: (096) 24221 agus (096) 24222 Ríomhphost: [email protected]

Loch Garman An tUasal Noel Prunty, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, Y35 AP90.

Íosghlao*: 1890 20 20 21 Teil: (01) 888 2000 agus (053) 911 7500

Facs: (053) 914 4639 Ríomhphost: [email protected]

Oifigeach Faisnéise

An tAonad um Thacaíocht Straitéiseach agus Ghnó An tOifigeach Faisnéise, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, Y35 AP90.

Íosghlao: 1890 20 20 21 Teil: (01) 888 2000 agus (053) 911 7300 Facs: (053) 914 4639 Ríomhphost: [email protected]

* Tabhairt faoi deara le do thoil go bhféadfadh na rátaí a ghearrtar as uimhreacha 1890 (Íosghlao) a bheith éagsúil i measc soláthraithe seirbhíse éagsúla.