26

beatha le bua - uk.ccea.org.uk

  • Upload
    others

  • View
    5

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: beatha le bua - uk.ccea.org.uk
Page 2: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

beatha le bua

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 1 29/03/2012 13:27

Page 3: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

Pictiúr Clúdaigh © Getty Images.

Pictiúr le © Getty Images.

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA.

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 2 29/03/2012 13:27

Page 4: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

SONI

A O’

SULL

IVAN

beatha le bua

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 3 29/03/2012 13:27

Page 5: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

Is iomaí réalta spóirt a tháinig chun tosaigh sa tír seo leis na blianta, mar shampla sa pheil, san iomáint, sa rugbaí, sa ghluaisrothaíocht, sa dornálaíocht agus i go leor réimsí spóirt eile. Mar sin féin, is beag réalta lúthchleasaíochta a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha nó i gcomórtáis mhóra eile ar fud an domhain ar son na hÉireann agus a tharraing meas mhuintir na hÉireann. Ar ndóigh, bhí Michelle Smith againn a bhain an oiread sin bonn óir sa snámh sna Cluichí Oilimpeacha in Atlanta i 1996. Ach ansin, baineadh na boinn óir di nuair a fuarthas amach go raibh sí ag glacadh ábhar mídhleathach le cuidiú léi feabhsú go gasta agus í ag traenáil do na Cluichí. In áit bród a bheith ar mhuintir na hÉireann, tháinig díomá agus náire orthu nuair a chaill sí na boinn ansin. Ní mar sin a bhí nuair a tháinig Sonia O’Sullivan chun tosaigh mar reathaí éirimiúil.

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 4 29/03/2012 13:27

Page 6: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© GETTY IMAGES

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 5 29/03/2012 13:27

Page 7: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

SONIA O’SULLIVAN

Bliain i ndiaidh na bliana, bhain sí an oiread sin ar son na tíre gan náire ar bith a tharraingt ar an tír. Lúthchleasaí agus reathaí den scoth a bhí inti agus, b’fhéidir, ar an lúthchleasaí is fearr a tháinig as an tír seo riamh.

Cúlra

Rugadh Sonia O’Sullivan ar 28ú Samhain 1969 ar an Chóbh cóngarach do chathair Chorcaí. Chuaigh sí ar an mheánscoil áitiúil agus is ansin a chuir sí suim sa reathaíocht den chéad uair. Nuair a bhí sí 12 d’aois chuaigh sí féin agus cara di leis an chlub lúthchleasaíochta in aice leis an scoil. Ní raibh an oiread sin suime acu ar dtús is cosúil. Ní raibh ann ach gur shíl siad gur smaoineamh maith a bhí ann. Bhí a fhios acu go dtiocfadh leo imeacht leis an chlub chuig rásaí ag deirí seachtaine in áiteanna eile ar fud na tíre.

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 6 29/03/2012 13:27

Page 8: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

7

SONIA O’SULLIVAN

Admhaíonn sí féin nach raibh sí chomh maith sin uilig ar dtús ach oiread. Bhain sí triail as roinnt imeachtaí éagsúla ach theip uirthi go minic. I ndiaidh tamaill, áfach, tugadh faoi deara go raibh sí ag feabhsú agus go raibh sí láidir agus gasta sna rásaí fada trastíre. Chomh maith leis sin, bhí múinteoir áirithe amháin sa scoil a spreag go mór í. Ba ghnách léi rith ar son na scoile i gcomórtais éagsúla agus ba é an múinteoir sin a chreid go mór inti agus a ghríosaigh chun bua í. Coinníonn sí i dteagmháil leis go fóill. Nach minic múinteoir inspioráideach a dhéanann an difear agus a spreagann daoine óga chun bua?

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 7 29/03/2012 13:27

Page 9: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

Diaidh ar ndiaidh, thosaigh Sonia ag smaoineamh ar an reathaíocht go dáiríre agus í ag rásaíocht ar fud na tíre. Bhí a fhios aici go raibh clár dian traenála de dhíth uirthi agus go mbeadh uirthi an dúthracht a chur isteach. Chuaigh sí i dteagmháil le traenálaí ar leith a bhí ábalta clár crua traenála a thabhairt di. Is cosúil gur chuidigh seo go mór léi feabhsú agus forbairt mar reathaí dáiríre. Ba léir go raibh sí le dul leis an lúthchleasaíocht anois mar shlí bheatha lán-aimseartha. I ndiaidh roinnt blianta, agus í ina déagóir go fóill, fuair sí scoláireacht spóirt d’Ollscoil Villanova i Stáit Aontaithe Mheiriceá le staidéar a dhéanamh ar an chuntasóireacht. Cé nár fhorbair sin í mórán maidir leis an lúthchleasaíocht de ar dtús, bhí a fhios aici ansin go gcaithfeadh sí a saol leis an lúthchleasaíocht, go háirithe leis an reathaíocht.

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 8 29/03/2012 13:27

Page 10: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© SPORTS ILLUSTRATED / GETTY IMAGES

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 9 29/03/2012 13:27

Page 11: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 0

Na luathbhlianta

Tháinig Sonia chun tosaigh go luath ina dhiaidh sin mar bhall d’fhoireann na hÉireann. Bhí an chéad rás idirnáisiúnta aici i 1990 nuair a bhí sí 21 d’aois i gComórtais na hEorpa agus í ar Ollscoil Villanova go fóill. Ghlac sí páirt sa rás 3,000 méadar agus chríochnaigh sí sa 11ú háit. Ní tús maith a bhí ann ach tháinig feabhas uirthi go gasta ina dhiaidh sin. I Mí Eanáir 1991, áfach, ba léir go raibh sí ag éirí níos fearr, nó rith sí rás 5,000 méadar in Boston níos gasta ná duine ar bith eile go dtí sin. I Mí Iúil 1991 bhain sí bonn óir sa rás 1,500 agus bonn airgid sa rás 3,000 méadar i gCluichí Idirnáisiúnta na Mac Léinn i Sasana. I Mí Eanáir 1992, fuair sí an 7ú háit i gComórtas Trastíre an Domhain. Bhí sí ag feabhsú i rith an ama gan dabht agus bhí clú ag teacht uirthi mar

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 10 29/03/2012 13:27

Page 12: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 1

SONIA O’SULLIVAN

reathaí óg éirimiúil. Ansin, ghlac sí páirt sna Cluichí Oilimpeacha den chéad uair in Barcelona an bhliain chéanna. Sa rás 3,000 méadar, tháinig sí isteach sa 4ú háit. Shíl sí gur chóir di bonn a bhaint sa rás sin agus bhí sí míshásta léi féin.

I mbarr a réime

I ndiaidh na gCluichí Oilimpeacha, lean sí ar aghaidh ag rásaíocht ar fud an domhain agus ag tarraingt aird an phobail uirthi féin. Roimh i bhfad, bhí sí ar na lúthchleasaithe is fearr i measc na mban agus í in iomaíocht leis na mná is gasta ar domhan. Faoi dheireadh 1993 bhí sí sa dara háit in Grand Prix na mban, éacht nach beag. Bhí an bhliain ina dhiaidh sin níos fearr arís agus Sonia ag baint cuid mhór comórtas mór ar fud an domhain, go háirithe san Eoraip, mar shampla sna rásaí 1,500 méadar, 2,000 méadar, 3,000 méadar, 5,000 méadar agus an rás míle fosta.

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 11 29/03/2012 13:27

Page 13: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 2

Gan dabht, bhí sí i mbarr a réime faoin am seo. Faoi dheireadh na bliana, bhí sí sa 3ú háit i measc na mban. Bhí 1995 mar an gcéanna agus í ag baint rásaí sna comórtais uilig. Bhain sí 11 as 12 de na rásaí os cionn 1,500 méadar an bhliain sin. Bhain sí an Grand Prix don 4ú bliain i ndiaidh a chéile. Bhí 1996 lán chomh maith di. Ní raibh ann ach beirt bhan a rinne an rás 1,500 méadar taobh istigh de 4 nóiméad an bhliain sin, agus bhí Sonia ar dhuine acu. Choinnigh sí a háit mar churadh an rás 5,000 méadar.

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 12 29/03/2012 13:27

Page 14: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

1 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© GETTY IMAGES

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 13 29/03/2012 13:27

Page 15: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 4

Na Cluichí Oilimpeacha 1996

I 1995 agus go luath i 1996 bhí súil Sonia ar na Cluichí Oilimpeacha arís a bheadh in Atlanta sna Stáit. Bhí cuid mhór daoine ag súil go ndéanfadh sí go maith, go háirithe muintir na hÉireann. Bhí an t-ullmhúchán cuí déanta aici. Bhí sí ag baint na rásaí móra uilig go dtí sin. Bhí na Cluichí le bheith ann i Mí Iúil na bliana sin agus bhí Sonia mar rogha na coitiantachta bonn óir a bhaint sa dá rás mhóra 1,500 agus 5,000 méadar. Tháinig an rás 5,000 méadar aníos ar dtús ach nuair a chonacthas go raibh Síneach beag darb ainm Wang Junxia le bheith ann fosta, tháinig amhras ar dhaoine go dtiocfadh le Sonia an rás a bhaint. Bhí go leor in Éirinn ag coimhéad go géar ar an teilifís an oíche sin agus iad ag dúil le bonn óir. Ní thiocfadh leo é a chreidiúint, áfach, nuair a

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 14 29/03/2012 13:27

Page 16: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 5

chonaic siad Sonia báite in allas agus í ag titim siar agus siar sa rás go raibh sí ar deireadh. Ba léir go raibh rud éigin cearr. Ní raibh sí ábalta an rás féin a chríochnú agus d’éirigh sí as ar fad. Bhí tinneas goile uirthi agus d’éirigh sí iontach lag le linn an rása. Bhí díomá an domhain uirthi ansin agus ar mhuintir na hÉireann chomh maith. Bhain Wang Junxia an rás ar scor ar bith. Ghlac Sonia páirt sa rás 1,500 méadar ina dhiaidh sin, ach bhí sí ró-lag go fóill. Tháinig sí isteach sa dara háit ón deireadh. Teip iomlán a bhí ann di. Shíl daoine go raibh deireadh léi ansin.

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 15 29/03/2012 13:27

Page 17: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

Na Cluichí Oilimpeacha 2000

I ndiaidh na gCluichí Oilimpeacha in Atlanta, bhí an chuma ar an scéal nach dtiocfadh Sonia ar ais agus go raibh a ré caite. Ní dhearna sí chomh maith sin uilig i 1997 ar chor ar bith. Ach i 1998, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh sí ag teacht ar ais go láidir arís. Thosaigh sí ag baint arís sna himeachtaí móra, go háirithe sa 5,000 agus sa 10,000 méadar. Bhí sí ar ais ar a seanléim agus b’fhéidir níos fearr ná riamh. Ach sa bhliain 1999, ghlac sí sos iomlán. Bhí sí ag dúil le leanbh. Rugadh iníon di i Mí Iúil na bliana sin. Níor shíl duine ar bith go mbeadh sí ag smaoineamh ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí le teacht aníos in Sydney na hAstráile i 2000. Ach, 10 lá i ndiaidh an leanbh a bheith aici, bhí sí amuigh ag traenáil arís.

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 16 29/03/2012 13:27

Page 18: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

1 7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© GETTY IMAGES

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 17 29/03/2012 13:27

Page 19: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 8

Faoin am ar tháinig na Cluichí aníos bhí sí réidh. Bhí a súil ar an rás 5,000 méadar agus rinne sí go hiontach sna babhtaí uilig. Ansin, sa rás ceannais, bhain sí an bonn airgid – bua iontach ann féin. Ní raibh ann ach nár bhain sí an bonn óir. Ba é seo an t-éacht is mó aici agus bhí sí thar a bheith sásta léi féin nó níor shíl sí go dtiocfadh léi é a dhéanamh. Ba é seo buaicphointe a saoil sa lúthchleasaíocht. Bhí muintir na hÉireann ag ceiliúradh go mór fosta. Bhí laoch eile acu anois. Ní raibh Éireannach ar bith eile a bhain bonn sna Cluichí Oilimpeacha go dtí sin diomaite de Michelle Smith sa snámh i 1996 (a chaill iad sa deireadh) agus John Treacy sa reathaíocht i 1984. Lean sí ar aghaidh an bhliain sin ag baint rásaí móra eile amhail an Grand Prix sa rás 5,000 méadar agus Maratón Bhaile Átha Cliath den chéad uair.

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 18 29/03/2012 13:27

Page 20: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

1 9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© POPPERFOTO / GETTY IMAGES

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 19 29/03/2012 13:27

Page 21: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 0

SONIA O’SULLIVAN

Ómós

I ndiaidh na bliana 2000, ba léir go raibh an chuid ab fhearr dá saol sa lúthchleasaíocht thart. Ní dhearna sí mórán iontach ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1991, ghlac sí sos eile leis an dara leanbh a bheith aici. Tháinig sí ar ais arís go láidir i 1992, áfach, agus bhain sí roinnt rásaí móra agus boinn in imeachtaí móra ar fud an domhain. Ach ó 2003 ar aghaidh bhí sí ag meath go mór agus níor bhain sí an oiread sin níos mó. Ach, ní cúis náire di é, nó bhí an oiread sin déanta aici cheana féin. Ar feadh roinnt blianta, bhí sí ar na lúthchleasaithe is fearr ar domhan i measc na mban. Gan amhras, bhí sí ar na lúthchleasaithe is fearr a tháinig as Éirinn riamh. Mar a spreagadh ise nuair a bhí sí ar scoil, oibríonn sí sa lá atá inniu ann ag iarraidh daoine

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 20 29/03/2012 13:27

Page 22: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

2 1

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

SONIA O’SULLIVAN

© GETTY IMAGES

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 21 29/03/2012 13:27

Page 23: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 2

SONIA O’SULLIVAN

óga eile a spreagadh fosta. Dúirt sí féin gur mhaith léi ‘rud éigin a thabhairt ar ais’. Leanann sí ar aghaidh ag iarraidh an lúthchleasaíocht a chur chun cinn, go háirithe i measc daoine óga. Léirigh sí san am a chuaigh thart go gcaithfidh daoine a bheith tiomanta má tá siad le bheith san iomaíocht ag an leibhéal is airde sa spórt ná i rud ar bith eile sa saol. Léirigh sí fosta gur féidir teip teacht ort chomh maith ach gur féidir an bua a fháil air sin agus teacht ar ais níos láidre ná riamh. Tá ceacht ansin dúinn uilig, b’fhéidir, is é sin gan éirí as. Is féidir le Sonia a bheith bródúil as a bhfuil déanta agus bainte amach aici. Is féidir le muintir na hÉireann a bheith lán chomh bródúil as Sonia chomh maith.

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 22 29/03/2012 13:27

Page 24: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

2 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© GETTY IMAGES

SONIA O’SULLIVAN

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 23 29/03/2012 13:27

Page 25: beatha le bua - uk.ccea.org.uk

JC739 CEA_O'Sullivan A5 Book (RED).indd 24 29/03/2012 13:27

Page 26: beatha le bua - uk.ccea.org.uk