Upload
vanbao
View
246
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1
Cód na Gaeilge Rang 5Ag Fiosrú Focal
Na Consain
IntreoirFaoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh. Sa chlár seo tá trí rannóg i gCéim 6; na gutaí fada, na gutaí gairide agus na consain. Níl sna rannóga seo ach dóigh leis na fuaimeanna a eagrú, níl sé sin déanta in ord tábhachta. Ní gá na leabhair ná na fuaimeanna a dhéanamh in ord áirithe ar bith. Is féidir bogadh ó leabhar go leabhar agus fuaimeanna a chlúdach de réir mar a fheiceann an múinteoir go bhfuil gá leo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht. Is sa leabhar seo a amharcfaidh siad ar na féidearthachtaí a bhaineann leis na consain. Is iad na consain leathana is mó atá anseo, ach amháin nuair atá fuaim iomlán difriúil ann leis an rogha chaol. Tá bealach amháin leis na fuaimeanna seo a léiriú déanta go dtí seo ach anseo, amharcfar ar na féidearthachtaí éagsúla atá ag na fuaimeanna céanna, m.sh. phóg/frog, bus/i bpota.
Liostaí focalMoltar faoi Chéim 6 go mbeidh liosta focal le foghlaim gach seachtain ag gach páiste. Is liosta é seo a fhoghlaimeoidh an páiste trí ghníomhaíochtaí agus straitéisí éagsúla agus ansin, triail, nó scrúdú ar an Aoine. Déanfar gach fuaim, ceann ar cheann, agus moltar seachtain a chaitheamh ar gach fuaim le gníomhaíochtaí ranga agus obair bhaile. Sna liostaí seo tá focail radhairc nó focail mhinice ann agus iad ag teacht le fuaim na seachtaine sin. Rinneadh cinnte de go bhfuil na focail is coitianta ann de réir taighde Breacadh agus COGG chomh maith leis na focail atá sa chlár Féasta Focal de chuid CCEA. Mar sin, beidh na scileanna ag na páistí dul i ngleic le focail trí fhuaimeanna agus trí radharc agus na straitéisí cuí a chur i bhfeidhm san fhoghlaim. Tá aird anseo chomh maith ar na fuaimeanna caola agus leathana agus tá na rannóga déanta dá réir.
2
Obair BhaileTá cúig cheacht ann do gach fuaim don tseachtain. Tá obair bhaile molta ó lá 2 ar aghaidh. Moltar gan an liosta focal a chur abhaile go dtí go mbeidh cúpla ceacht déanta ar scoil agus tuiscint ceart ag an pháiste ar an fhuaim chuí. Má tá tú ag iarraidh an liosta focal a chur abhaile ar an chéad lá déan cinnte de go bpléitear an fhuaim ar scoil agus go mbíonn seans ag an pháiste an fhuaim chuí a chluinstin sa sliocht.
DifrealúTá roghanna breise anseo ar an eolas a bhí ann ag Rang 4. Tá na liostaí focal leagtha amach de réir roghanna agus tá spásanna i ngach liosta le go dtig le páistí a bhfocail féin a chur isteach. Léirítear na roghanna seo ag barr gach liosta. Tá athchleachtadh ar na roghanna a rinneadh i Rang 3 agus 4, ansin tá roghanna nua ann agus, nuair is féidir é, tá rogha bhreise ann mar dhúshlán do pháistí áirithe. Ansin, tá boscaí folamha ann le gur féidir focail a bhaineann le téama, nó focail eile atá de dhíth agus atá ag teacht le fuaim na seachtaine sin, a chur leis an liosta. Is féidir níos lú roghanna a thabhairt do pháistí eile agus ar an dóigh seo is féidir ábaltachtaí éagsúla a theagasc san aon cheacht amháin.
StraitéisíÚsáidtear straitéisí éagsúla anseo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht do gach cineál foghlaimeora. Tá gníomhaíochtaí fisiciúla ann chomh maith le gníomhaíochtaí ‘peann agus páipéar’. Tá cleasanna éagsúla molta chomh maith agus oibreoidh na páistí amach cé acu straitéis is fearr leo. Is ionann breacscríbhneoireacht agus focal a scríobh arís is arís eile, é ceangailte nó i bpatrún éigin. Is ionann bolgán cainte agus carachtar a dhéanamh le bolgán cainte agus an focal a chleachtadh sa bholgán sin. Moltar cearnóga fuaime a úsáid in amanna. Is é sin cearnóga páipéir réamhghearrtha a dtig leis na páistí na focail a chleachtadh orthu. Moltar chomh maith clár bán a bheith ag na páistí le rudaí a thriail agus a chleachtadh gan mothú gur rud buan é.
3
Tá patrún sa dóigh a gclúdaítear an t-eolas ar gach fuaim. Tiocfaidh páistí agus múinteoirí isteach air sin agus déanfar na ceachtanna níos gasta dá réir sin. Baineann Ceacht 5 gach seachtain le teist nó dul siar ar obair na seachtaine sin. Déantar fuaimeanna in ord minicíochta sa Ghaeilge sna focail is mó atá de dhíth ar pháistí don léitheoireacht. Níor chóir níos mó na 10 nó 15 bhomaite a chaitheamh ar na ceachtanna seo. Clúdaítear an chuid is mó de na fuaimeanna sa rannóg seo agus is iad sin na fuaimeanna is riachtanaí don léitheoireacht. Is féidir fuaimeanna eile a dhéanamh má mhothaítear go bhfuil gá leo agus tú ag leanúint leis an phatrún chéanna teagaisc.
In amanna níl ann ach sampla amháin d’fhéidearthacht áirithe ar fhuaim ach tá sé ar an liosta de thairbhe gur focal tábhachtach é. In amanna eile tá na féidearthachtaí ar fad clúdaithe i bpacáiste Rang 3. Déantar daingniú ar na roghanna sin i Rang 4. Níl na fuaimeanna l nó f sa phacáiste seo nó tá an t-eolas seo clúdaithe.
MeasúnúTá sleachta ag cúl an leabhair don deachtú i ndiaidh gach fuaim a chlúdach. Is féidir dul siar ar obair na seachtaine le focail ón liosta nó le deachtú. Tá leathanach taifid ann chomh maith don mhúinteoir.
Fónaic an BhéarlaMoltar an clár Linguistic Phonics a úsáid don Bhéarla nó is é sin an clár is cóngaraí maidir le cur chuige le Fónaic na Gaeilge. Déanfaidh sin na ceachtanna sa dá theanga níos fusa a eagrú agus a leanúint sa bhainistíocht ranga. Le ceachtanna gairide gasta is féidir an dá chlár a dhéanamh gach seachtain. Faoi Chéim 6/Stage 5/6 tá fuaimeanna agus focail áirithe le clúdach agus bheadh liosta Gaeilge agus liosta Béarla le déanamh. Ach, is ionann na straitéisí agus an cur chuige agus mar sin ní gá mórán ama a chaitheamh air.
4
Tá níos mó fuaimeanna le clúdach sa Bhéarla ná sa Ghaeilge sa chéim seo. Má dhéantar an dá chód, Gaeilge agus Béarla go comhthreomhar, is féidir an t-eolas sin sa Chéim seo a dhéanamh níos gasta. Ar ndóigh, má tá rang/múinteoir ag leanúint an cur chuige seo den chéad uair is féidir seachtain a chaitheamh ar gach fuaim ann féin, Gaeilge agus Béarla. Glacfaidh sé seo dhá oiread ama ach cothóidh sé muinín sna cleachtóirí don chéad bhliain eile leis an chlár.
Tréimhse AmaTá 7 seachtaine oibre sa phacáiste seo d’fhuaimeanna na Gaeilge, cé gur féidir cuid de na cluichí a imirt i níos mó ná aon cheacht amháin má tá athchleachtadh agus daingniú de dhíth.
Má dhéantar Gaeilge agus Béarla go comhthreomhar caithfear 7-10 seachtaine ag an leibhéal seo. Má dhéantar Gaeilge agus Béarla gach dara seachtain caithfear suas le 20 seachtain ag an leibhéal seo. Tá an tréimhse ama ag bráth ar thaithí an ranga, an mhúinteora agus ar pholasaí na scoile.
Tá 15 fhuaim le clúdach sa Bhéarla agus 7 bhfuaim le clúdach sa Ghaeilge. Tá f/ph déanta – má tá seo á dhéanamh den chéad uair is féidir na ceachtanna ar f/ph a úsáid atá sna pacáistí roimhe seo. Tá f/ph mar chuid den mheasúnú mar dhul siar.
Seo iad na féidearthachtaí ar fad atá ag na consain Ghaeilge. Déanfar gach fuaim sa leabhar seo ach tá roinnt féidearthachtaí ag an leibhéal seo agus roghnaíodh na cinn is mó a measadh a bheadh de dhíth don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht i Rang 5. Tá 8 bhfuaim ann san iomlán (níl ceachtanna ann ar an f). Tá 7 bhfuaim le déanamh sa phacáiste seo, mar sin.
5
Na fuaimeanna Béarla atá le clúdach sa Chéim seo;
le Jacqueline de Brún
b, bp, b’fh
bus, i bpota, b’fhada
d, dt, d’, d’fh
dath, i dtaca, d’oscail, d’fhan
d, dt, j, d’, d’fh
déan, i dtír, jíp, d’ith, d’fhís
f, ph
graf, mo phota
g, gc, d
gan, i gcúl, dul
h, ch, th, sh
halla, chuig, tháinig, sheasm, mb, m’
amach, i mbaile, m’aintín
n, nn, nd
nócha, gránna, i ndráma
f, ff, ph, gh
fan, cuff, nephew, tough
m, mm, mb, mn
mad, hammer, thumb, columnn, nn, kn, gn
spin, sunny, knock, gnaw
j, ge, g, gy, dge
just, hedge, magic, Egypt, badger
h, wh
hope, whole
d, dd, ed
dark, daddy, calledk, c, ck, ch
kettle, cat, reckon, chemist
sh, ch, s(u)
shine, chef, surelych, tch
chop, hatch
g, gg, gu, gh
gate, wiggle, guess, spaghettiv, ve
visit, glove
r, wr, rh
rat, write, rhubarbs, ss, se, sc, c, ce
soft, distress, house, science, circle, mice
l, ll, al, el, il, le, ol
lamp, spill, hospital, vessel, tonsil, puzzle, symbol
w, wh
wave, whisper
7
Gach Íomhá agus Léaráid © thinkstock.com
Ceacht 1 – 5: b 8–13
Ceacht 1 – 5: d (dán) 14–19
Ceacht 1 – 5: d (déan) 20–25
Ceacht 1 – 5: g 26–31
Ceacht 1 – 5: h 32–37
Ceacht 1 – 5: m 38–43
Ceacht 1 – 5: n 44–49
Sleachta don deachtú 50
Leathanach Taifid an Mhúinteora 51
Clár
Ceacht 1: b
8
Céim 6c
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim b.
Bhí buachaill óg ag siúl i bpáirc i bPáras. Bhí sé ag obair i bpuball leis an sorcas. B’fhusa aige siúl bunoscionn nó bhí obair aige sa sorcas agus b’fhearr leis sin a dhéanamh. Go tobann mhothaigh sé boladh bréan. Banana nó bainne a shíl sé?
Scríobh na focail leis an fhuaim b. Déan an fhuaim le dath difriúil. Faigh focail eile i do leabhar léitheoireachta leis an fhuaim seo.
9
Céim 6c Ceacht 2: b
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: b, bp, b’fh.
bainne bunoscionn
b’fhusa barraíocht
i bponc b’fhalsa
boladh i bpáirc
buachaill i bpian
bualadh i bpéire
10
Céim 6cCeacht 2: b
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus scríobh i mbolgán cainte é.
Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu. Roghnaigh do straitéis féin.
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
______ ______ ______
11
Céim 6c Ceacht 3: b
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim b.
Cuir i roimh na focail seo agus scríobh arís ar an líne iad. Cad é a tharlaíonn ag tús na bhfocal?
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Obair BhaileScríobh abairtí le focail a thosaíonn le p agus i rompu.Roghnaigh straitéis agus bain triail as focail a scríobh.
pota Parás puball pacáiste parlaimint palás
12
Céim 6cCeacht 4: b
Tá an fhuaim b ar iarraidh sna focail seo. Scríobh isteach an ceann ceart. Ansin scríobh an focal iomlán ar an líne faoi.
b bp b’fh
Obair BhaileCuir líne faoi gach b ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir.
…ainne …usa i …onc
…arraíocht …earr …oladh
i …atrún …unoscionn i …ian
…anana á…alta i …áras
13
Céim 6c Ceacht 5: b
Scríobh na dóigheanna ar féidir an fhuaim seo a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Bain triail as na focail anseo.
________ ________ ________
Ceacht 1: d (dán)
14
Céim 6c
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim d.
Scríobh na focail leis an fhuaim d. Déan an fhuaim le dath difriúil. Faigh focail eile i do leabhar léitheoireachta le d.
Thug d’aintín airgead dom agus chuir mé i dtaisce é. D’fhan mé tamall fada agus d’fhág mé an t-airgead i mbosca. Chaill mé an bosca. Lá amháin d’aimsigh mé an bosca arís agus d’oscail mé é. Bhí sé lán! Cheannaigh mé éadaí leis.
15
Céim 6c Ceacht 2: d (dán)
damhsa i dtaisce
d’aintín duine
ár dtábla d’fhág
damáiste ar dtús
d’fhan dóigh
d’oscail éadach
d’aimsigh
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: d, dt, d’, d’fh.
16
Céim 6cCeacht 2: d (dán)
______ ______ ______ ______
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus déan ar chearnóga fuaime é.
Obair Bhaile
Sórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu. Roghnaigh do straitéis féin.
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
17
Céim 6c Ceacht 3: d (dán)
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim d.
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Cuir do roimh na focail seo.
oráiste aintín uncail úll airgead
18
Céim 6cCeacht 4: d (dán)
Cleacht focail ó do liosta ar na patrúin thíos.
Obair Bhaile
Cuir líne faoi gach d ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir nó mar bhreacscríbhneoireacht.
19
Céim 6c Ceacht 5: d (dán)
Scríobh na dóigheanna ar féidir an fhuaim seo a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Bain triail as na focail anseo.
________ ________ ________
Ceacht 1: d (déan)
20
Céim 6c
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim d.
Is maith liom súgradh le mo liathróid sa ghairdín. D’imir mé le mo chara inné ach bhris muid fuinneog. Bhí muid i dtrioblóid. Inniu, tá mé ag déanamh júdó sa teach. Déanfaidh mé iarracht gan a bheith i dtrioblóid inniu.
Scríobh na focail leis an fhuaim d. Déan an fhuaim le dath difriúil. Faigh focail eile i do leabhar léitheoireachta leis an d seo.
21
Céim 6c Ceacht 2: d (déan)
déanfaidh d’imigh
i dteach pirimid
d’ísligh i dtreo
digit d’imir
júdó liathróid
i dtír gairdín
i dtrioblóid
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: d, d’, dt, j.
22
Céim 6cCeacht 2: d (déan)
______ ______ ______ ______
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus déan ar chearnóga fuaime é.
Obair Bhaile
Sórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu. Roghnaigh do straitéis féin.
23
Céim 6c Ceacht 3: d (déan)
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim d.
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Cuir na briathra seo san aimsir chaite. Cad é a tharlaíonn don túsfhuaim? Léigh amach iad.
imir ísligh éalaigh imigh éist
24
Céim 6cCeacht 4: d (déan)
Cuir isteach an d ceart sna focail ar na liathróidí thíos. Ansin scríobh an focal iomlán ar an líne.
Obair Bhaile
Cuir líne faoi gach d ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir nó mar bhreacscríbhneoireacht.
In amanna déanann d fuaim eile. Faigh samplaí agus mínigh cén fáth a bhfuil an fhuaim seo difriúil.
…éanfaidh
liathrói…
…’imir
i …each
gair…ín
pirimi…
…údó
…igit
…’imigh
25
Céim 6c Ceacht 5: d (déan)
Scríobh na dóigheanna ar féidir an fhuaim seo a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Ná déan dearmad!Bain triail as na focail anseo.
______ ______ ______ ______
Ceacht 1: g
26
Céim 6c
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim g.
Glacaim páirt i gcomórtais i gcónaí. Is maith liom gradam a fháil. Bhí mé páirteach i gcomórtas Gaeilge i gConamara lá gaofar agus níor bhain mé. Meancóg a bhí ann agus rinne mé gáire faoi. Níor mhaith liom bheith gruama faoi sin!
Scríobh na focail leis an fhuaim g. Déan an fhuaim le dath difriúil. Faigh focail eile i do leabhar léitheoireachta le g.
27
Céim 6c Ceacht 2: g
gaofar glanfaidh
i gcomórtas Gaeilge
gradam i gcarbhán
gáire i gcogar
an gcailleann meancóg
ina gcónaí an gcasann
glacfaidh i gcultúr
dul
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: g, gc, d.
28
Céim 6cCeacht 2: g
______ ______ ______
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus déan ar chearnóga fuaime é.
Obair Bhaile
Sórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu. Roghnaigh do straitéis féin.
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
29
Céim 6c Ceacht 3: g
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim g.
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Cuir i roimh na focail seo. Cad é a tharlaíonn don túsfhuaim?
cogar Conamara cónaí caisleán carr
30
Céim 6cCeacht 4: g
Léigh na focail thíos. Dathaigh na cineálacha éagsúla g. Úsáid an cód datha seo:
glacfaidh i gcarbhán glanfaidh
i gcultúr an gcailleann an gcasann
i gcomórtas i gcogar dul
meancóg gradam gránna
ganntanas ar gcúl i gcónaí
Anois, aimsigh focail eile i do leabhair léitheoireachta. Scríobh ar an tábla thuas iad agus dathaigh iad ag úsáid an chóid.
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
g glas gc gorm d dearg
31
Céim 6c Ceacht 5: g
Scríobh na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Tá mé ag dul a bhaint! Nach mé atá gasta!Bain triail as na focail anseo.
________ ________ ________
Ceacht 1: h
32
Céim 6c
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim h.
Chuaigh mé isteach sa halla Dé hAoine agus ní raibh mé róshásta ar chor ar bith. Bhí hurlamaboc ann nuair a d’éalaigh an hamstar. Bhí salachar gach áit. Shuigh mé síos agus d’fhan mé orthu socrú. Shocraigh siad sa deireadh ach drochshampla a bhí ann amach is amach.
Scríobh na focail leis an fhuaim h. Déan an fhuaim le dath difriúil. Faigh focail eile i do leabhar léitheoireachta le h.
33
Céim 6c Ceacht 2: h
hurlamaboc chuaigh
róshásta mar shampla
chonaic shuigh
smugachán salachar
hamstar thosaigh
tháinig shocraigh
otharcharr chuig
a shocrú
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: h, th, ch, sh.
34
Céim 6cCeacht 2: h
______ ______ ______ ______
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus déan ar chearnóga fuaime é.
Obair Bhaile
Sórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu. Roghnaigh do straitéis féin.
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
35
Céim 6c Ceacht 3: h
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim h.
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Cuir ró roimh na focail seo. Focal amháin a bheidh ann, m.sh. róshean. Cad é a tharlaíonn do s?
salach sásta sultmhar snasta
36
Céim 6cCeacht 4: h
Dathaigh na boscaí thíos ina bhfuil focail leis an fhuaim h. Úsáid an cód datha seo:
Anois, aimsigh focail eile i do leabhair léitheoireachta. Scríobh ar an tábla thuas iad agus dathaigh iad ag úsáid an chóid.
smugachán róshásta
mar shampla hamstar
hurlamaboc salachar
otharcharr thosaigh
chonaic shuigh
tháinig chuaigh
chuig shocraigh
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
h dearg th gorm ch glas sh buí
37
Céim 6c Ceacht 5: h
Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Bain triail as na focail anseo.
______ ______ ______ ______
Ceacht 1: m
38
Céim 6c
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim m.
“An mbogann an mamach mór sin?” arsa m’aintín le m’uncail. “An ag magadh atá tú?” arsa m’uncail. “Sin m’asal nua. Beidh sé ag teacht liom maidin amárach. Thig leis fanacht i mbothán taobh amuigh.”
Scríobh na focail leis an fhuaim m. Déan an fhuaim le dath difriúil. Faigh focail eile i do leabhar léitheoireachta le m.
39
Céim 6c Ceacht 2: m
mamach i mbun m’uncail
mórtasach i mbaile m’úll
amárach i mbosca m’fhocal
magadh m’airgead m’fholcadán
maidin m’asal m’fhad
Seo liosta focal na seachtaine seo. Roghanna: m, mb, m’, m’fh..
40
Céim 6cCeacht 2: m
______ ______ ______ ______
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus déan ar chearnóga fuaime é.
Obair Bhaile
Sórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu. Roghnaigh do straitéis féin.
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
41
Céim 6c Ceacht 3: m
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim m.
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Cuir mo roimh na focail seo. Scríobh amach an leagan nua.
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
úll oráiste uncail aintín airgead ocsaigin
42
Céim 6cCeacht 5: m
Scríobh isteach an m ceart sna focail thíos. Ansin, scríobh an focal iomlán ar an líne. Déan d’fhocail féin sa bhosca ag an bhun.
…amach
i …un
a…árach
…’fholcadán …órtasach
…aidin
…’asal
i …aile
…’airgead
…..ad
…’uncail
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
43
Céim 6c Ceacht 5: m
Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim seo a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Is mumaí mé! An mise do mhumaí?Bain triail as na focail anseo.
________ ________ ________
Ceacht 1: n
44
Céim 6c
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim n.
Bhí páirt agam i ndráma na scoile ag an Nollaig. Ar ndóigh, bhí náire orm nuair a rinne mé dearmad ar na línte. Rinne mé cuntas i ndóanna go ciúin agus go tobann tháinig na línte chugam. I ndáiríre níor mhaith liom páirt i ndráma arís.
Scríobh na focail leis an fhuaim n. Déan an fhuaim le dath difriúil. Faigh focail eile i do leabhar léitheoireachta le n.
45
Céim 6c Ceacht 2: n
nuacht anonn
anlann nathair
tógann i ndáiríre
nádúrtha tagann
i ndóanna náire
go tobann ar ndóigh
nuair Dún na nGall
i ndráma
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: n, nn, nd..
46
Céim 6cCeacht 2: n
______ ______ ______
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus déan ar chearnóga fuaime é.
Obair Bhaile
Sórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu. Roghnaigh do straitéis féin.
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
47
Céim 6c Ceacht 3: n
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim n.
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Cuir i roimh na focail seo. Cad é a tharlaíonn don túsfhuaim?
dáiríre dráma Dún na nGall doras
48
Céim 6cCeacht 4: n
An bhfaca …uala an cartú… sin? Tá sé grea…
mhar, …ach bhfuil?
Bhí mé i …ún na nGall i mí Lú…asa. Bhí ló… agai… ar a… trá. Bhí
to…ta móra a….
Chuir mé sala… agus anla… ar mo bhagú…. Sílim go mbeidh ará… agam leis.
I …áiríre, an sílea… tú gur mhaith liom a… bro…tanas sin?
Tá sé grá…a!
Cuir isteach an n ceart sa chaint thíos.
Obair Bhaile
Scríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
49
Céim 6c Ceacht 5: n
Bain triail as na focail anseo. n-n-n-n-nócha uair más maith leat!
Scríobh na dóigheanna ar féidir an fhuaim seo a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
________ ________ ________
50
Céim 6cSleachta don deachtúb
Bhí an buachaill sin bunoscionn i bpáirc. Thug daoine bualadh bos dó. Tá barraíocht bainne againn. Tá boladh bréan air. Cá bhfuil an buachaill sin? Ólfaidh seisean é.
d (dán)Bhí damhsa ag d’aintín sa teach aréir. Bhí sé ar dóigh. Bhí daoine ag damhsa ar bhur dtáblaí. D’aimsigh mé an t-airgead sin a bhí i dtaisce agat. D’fhág tú faoi éadach é agus bhí duine ag amharc air.
d (déan)Déanfaidh mé júdó i dteach Jim. D’imigh seisean amach agus ní raibh mé i dtrioblóid. D’imir mé peil inné leis an liathróid mhór sin. Chaith mé í i dtreo an ghairdín ach d’imigh sí léi.
fIs maith leis an ollphanda ollphlanda a ithe ar phláta ollmhór. Cuireann sé ina phluca é. Tá mé ag fanacht anseo le fada. Fuair an fathach an ollphláta agus dhruid sé an doras de phlab.
g
Lá gaofar a bhí ann inné agus muid i gcarbhán mo mhamó. Bhí mise ag gáire ach ní bheidh mo mhamaí ag dul ar ais. Is breá liom Gaeilge a labhairt lá agus oíche. Bím ag caint i gcónaí, i gcogar agus os ard. Ní dhéanaim meancóg i gcónaí.
h
Tháinig mise anseo in otharcharr. Tháinig Seán ar a rothar. Chonaic muid an hurlamaboc agus ní raibh mé róshásta faoi.Shuigh mé síos agus shocraigh mé mo rothar don turas mór. Bhí salachar ar na rotha ach chuaigh mé chuig an chófra. Bhí an hanla briste.
mChuir mé m’airgead i mbosca agus chuir mé i bhfolach é faoi m’fholcadán. Tháinig m’uncail air ar maidin. Beidh m’fholcadán nua agam amárach. Ná bí ag magadh fúm, ar m’fhocal beidh sé deas!nIs maith an t-anlann an t-ocras. Ar ndóigh, is maith liom anlann fosta nuair a bhíonn ocras orm. Bhí scéal ar an nuacht aréir faoi nathair a bhí i nDún na nGall. Níl sin nádúrtha agus ar ndóigh, ní raibh daoine sásta.
Leathanach Taifid an Mhúinteora
51
Céim 6c
Ainm an dalta –
An fhuaim…...mar atá sna focail/
sna frásaí…Cláraigh, nótaí
b, bp, b’fhábalta i bpatrún
b’fhada
d, dt, d’, d’fh
fadálach i dtaisce d’amharc, d’fhan
d, dt, d’, jdinnéar i dtír d’imir júdó
f, phparagraf
mo phobal
g, gc, dganntanas
an gcasann ag dul
h, th, ch, sh
hanla othar chonaic róshásta
m, mb, m’, m’fh
monarcha i mbosca m’úll
m’fhocal
n, nn, ndnócha gránna
i ndráma
Iarr ar an pháiste an fhuaim a rá agus na focail shamplacha a léamh. Cláraigh an rud a deir an páiste ag úsáid an chóid.
t – tosaithe/ – dul siar déantax – daingnithe