5
18 Daonlathas An Daonlathas Cad is ciall leis an daonlathas? Tagann an focal Gaeilge daonlathas ón fhocal daoineagus ón fhocal flaitheasa chiallaíonn riail – tagann an téarma Béarla democracy ón Ghréigis: demosa chiallaíonn na gnáthdhaoine agus kratosa chiallaíonn cumhacht. Mar sin de, ciallaíonn an daonlathas go bhfuil na gnáthdhaoine i mbun na tíre (nó cibé eagraíocht atá i gceist). Mar shampla, is féidir leis na gnáthdhaoine tionchar a imirt ar an rialtas. Tá cearta agus saoirse de dhíth chun an daonlathas a bhaint amach – m.sh. an ceart le vótáil agus an tsaoirse lena gcuid tuairimí a chur in iúl. Dhá chineál daonlathais Nuair is féidir le gach duine vóta a chaitheamh ar cheist tugtar an daonlathas díreach air. Mar shampla, san Eilvéis agus i stáit áirithe i SAM déantar cinní trí reifrinn agus trí chruinnithe baile. Nuair a thoghann na vótálaithe ionadaí chun na ceisteanna a shocrú (m.sh. teachta Dála/ Feisire parlaiminte, comhairleoir áitiúil, comhalta Tionóil nó Feisire Eorpach i bParlaimint na hEorpa) déanann siadsan na cinní ar son na vótálaithe agus mura bhfuilimid sásta leo is féidir linn na hionadaithe a athrú ag an chéad toghchán eile. Tugtar an daonlathas ionadaíoch ar chóras mar seo. Tharla Réabhlóid SAM i 1776 nuair a throid siad cogadh in éadan Shasana a bhí i mbun na tíre. Cuireadh poblacht ar bun le huachtarán in áit an rí. Dúirt uachtarán amháin, Abraham Lincoln, gurb é is daonlathas ann “rialtas ag na daoine, de na daoine, do na daoine”. Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an dá chineál córais seo? Tharla Réabhlóid na Fraince i 1789. Baineadh an cloigeann den rí a raibh an chumhacht uilig aige – agus cuireadh ar bun poblacht ina raibh an chumhacht ag na gnáthdhaoine. Ba é an mana a bhí acu: liberté, egalité, fraternité. Stair an daonlathais nua-aimseartha

Daonlathas An Daonlathas...ag an rialtas cumhacht a úsáid, go fiú mura n-aontaíonn siad le polasaí áirithe. Tá an t-údarás céanna ag na cúirteanna agus ag na póilíní,

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Daonlathas An Daonlathas...ag an rialtas cumhacht a úsáid, go fiú mura n-aontaíonn siad le polasaí áirithe. Tá an t-údarás céanna ag na cúirteanna agus ag na póilíní,

18

DaonlathasAn Daonlathas

Cad is ciall leis an ‘daonlathas’?Tagann an focal Gaeilge daonlathas ónfhocal ‘daoine’ agus ón fhocal ‘flaitheas’a chiallaíonn riail – tagann an téarmaBéarla democracy ón Ghréigis: ‘demos’a chiallaíonn na gnáthdhaoine agus‘kratos’ a chiallaíonn ‘cumhacht’. Mar sinde, ciallaíonn an daonlathas go bhfuil nagnáthdhaoine i mbun na tíre (nó cibéeagraíocht atá i gceist). Mar shampla, isféidir leis na gnáthdhaoine tionchar aimirt ar an rialtas. Tá cearta agussaoirse de dhíth chun an daonlathas abhaint amach – m.sh. an ceart le vótáilagus an tsaoirse lena gcuid tuairimí achur in iúl.

Dhá chineál daonlathaisNuair is féidir le gach duine vóta achaitheamh ar cheist tugtar andaonlathas díreach air. Mar shampla,san Eilvéis agus i stáit áirithe i SAMdéantar cinní trí reifrinn agus tríchruinnithe baile.

Nuair a thoghann na vótálaithe ionadaíchun na ceisteanna a shocrú (m.sh.teachta Dála/ Feisire parlaiminte,comhairleoir áitiúil, comhalta Tionóil nó FeisireEorpach i bParlaimint na hEorpa) déanann siadsanna cinní ar son na vótálaithe agus mura bhfuilimidsásta leo is féidir linn na hionadaithe a athrú ag anchéad toghchán eile. Tugtar an daonlathasionadaíoch ar chóras mar seo.

Tharla Réabhlóid SAM i 1776nuair a throid siad cogadh inéadan Shasana a bhí i mbun natíre. Cuireadh poblacht ar bun lehuachtarán in áit an rí. Dúirtuachtarán amháin, AbrahamLincoln, gurb é is daonlathas ann“rialtas ag na daoine, de nadaoine, do na daoine”.

Cad iad na buntáistíagus namíbhuntáistí abhaineann leis an dáchineál córais seo?

Tharla Réabhlóid na Fraince i1789. Baineadh an cloigeann denrí a raibh an chumhacht uilig aige– agus cuireadh ar bun poblachtina raibh an chumhacht ag nagnáthdhaoine. Ba é an mana abhí acu:

liberté, egalité, fraternité.

Stair an daonlathais nua-aimseartha

Page 2: Daonlathas An Daonlathas...ag an rialtas cumhacht a úsáid, go fiú mura n-aontaíonn siad le polasaí áirithe. Tá an t-údarás céanna ag na cúirteanna agus ag na póilíní,

An bhfuil gach sochaí daonlathach?Tá a lán tíortha sa lá atá inniu ann a mhaíonn go bhfuil siad daonlathach. Ach tátíortha ann go fóill nach bhfuil na cearta ná an tsaoirse chéanna acu. Tá roinntstát ann ina bhfuil deachtóireacht i bhfeidhm – sin nuair atá an chumhacht uilig agceannaire amháin (deachtóir). Tá difear idir na stáit dhaonlathacha fosta – inamanna bíonn uachtarán i mbun na tíre, in amanna Príomh-Aire; tá difear sadóigh a dtarlaíonn an vótáil agus na toghcháin.

An eite chlé agus an eite dheisNuair a bhailítear le chéile grúpa de smaointe polaitiúla atá ceangailte le chéiletugtar idé-eolaíocht air. Mar shampla, is idé-eolaíochtaí iad an sóisialachas (gobhfuil cearta na sochaí níos tábhachtaí ná cearta an duine aonair), anliobrálachas (nach bhfuil rud ar bith níos tábhachtaí ná cearta agus saoirse anduine aonair) agus an coimeádachas (gur chóir dúinn rudaí a choinneáil mar abhí siad).

I ndiaidh Réabhlóid na Fraince shuigh na grúpaí ar mhaith leo an seanchóras aathrú ar lámh chlé an rí; shuigh na grúpaí a bhí ag iarraidh an córas a choinneáilmar a bhí ar lámh dheis an rí. Sa lá atá inniu ann má chreideann tú i smaointefaoin chóras a athrú agus níos mó sóisialachais a chur i bhfeidhm deirtear gobhfuil tú ar an eite chlé sa pholaitíocht; má chreideann tú i smaointe faoin tsochaía choinneáil mar a bhí deirtear go bhfuil tú ar an eite dheis (m.sh. coimeádach).

Seo thíos speictream polaitiúil: bogann daoine ar an líne de réir mar a athraíonnsiad a dtuairimí faoi cheisteanna áirithe.

cumannach liobrálach

sóisialach coimeádach

An eite chlé An eite dheis

faisisteach/Naitsíoch

Daonlathas

19

Page 3: Daonlathas An Daonlathas...ag an rialtas cumhacht a úsáid, go fiú mura n-aontaíonn siad le polasaí áirithe. Tá an t-údarás céanna ag na cúirteanna agus ag na póilíní,

20

Daonlathas

Na rudaí a dhéanann sochaí arbith daonlathachCad iad na rudaí a léiríonn go bhfuilsochaí daonlathach?

ToghcháinTugann gach sochaí dhaonlathach deisdá cuid saoránach a dtuairimí a chur iniúl agus bheith páirteach sa chóraspolaitíochta trí thoghcháin. Tugann natoghcháin ar an rialtas éisteacht leis nadaoine. Mura mbíonn na daoine sásta isféidir leo an rialtas a athrú. Caithfidh natoghcháin tarlú go rialta (gach 3-5bliana) agus bheith saor (rogha iarrthóiríann). Tá cineálacha éagsúla toghchánann: olltoghchán (tarlaíonn toghchán inachan cheantar chun Feisirí a roghnúdon pharlaimint nó do rialtas náisiúnta);toghcháin áitiúla (le comhairleoirí athoghadh ar an Chomhairle Áitiúil); agusreifrinn (nuair atá vóta ar cheist amháinann). Tá dóigheanna éagsúla le vótáilann fosta – m.sh. le X d’iarrthóir amháinnó le 1,2,3 . . . srl. le rogha níos leithnea dhéanamh).

An córas páirtíTá páirtithe polaitiúla ann – grúpaídaoine a bhfuil na smaointe agus napolasaithe céanna acu agus a eagraíonnchun suíocháin a bhaint i dtoghcháin

agus ansin cumhacht a fháil sa Pharlaimint nó sa Chomhairle srl. chun nasmaointe s’acu a chur i bhfeidhm. Is iad na páirtithe is mó anseo DUP, Sinn Féin, UUP agus SDLP.Sa deisceart tá Fianna Fáil, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, anComhaontas Glas, an Páirtí Daonlathach agus an Páirtí Sóisialach.Sa Bhreatain is iad na páirtithe is mó Páirtí an Lucht Oibre, Páirtí nagCoimeádach agus an Páirtí Liobrálach Daonlathach.

An pharlaimintIs í an Pharlaimint an áit a ndéanann na polaiteoirí plé ar chúrsaí agus a ritheannsiad reachtaíocht (dlíthe). Tugtar an tOireachtas air sa deisceart. In amanna tádhá ‘sheomra’ ann: san Oireachtas tá an Dáil agus an Seanad ann; sa Bhreataintá Teach na dTeachtaí agus Teach na dTiarnaí ann; i SAM tá Teach nanIonadaithe agus an Seanad ann. Cuireadh parlaimint áitiúil ar bun doThuaisceart Éireann i 1999 – an Tionól – ach bhí sé ar fionraí ó 2002 de thairbheargóintí idir na páirtithe.

Page 4: Daonlathas An Daonlathas...ag an rialtas cumhacht a úsáid, go fiú mura n-aontaíonn siad le polasaí áirithe. Tá an t-údarás céanna ag na cúirteanna agus ag na póilíní,

21

Daonlathas

Ceann an StáitNuair atá poblacht ann is é an t-uachtarán Ceann an Stáit. Tá uachtarán agPoblacht na hÉireann, SAM, an Fhrainc agus tíortha nach iad. Nuair atá ríochtann tá rí (nó banríon) ina Cheann Stáit – m.sh. sa Ríocht Aontaithe (anBhreatain).

An Príomh-AireIs é an Príomh-Aire ceannaire an pháirtí a bhfuil an méid is mó suíochán acu sapharlaimint. Sa Bhreatain tá sé i mbun an rialtais – Tony Blair, ceannaire Pháirtían Lucht Oibre atá ann faoi láthair. I bPoblacht na hÉireann tugtar ‘an Taoiseach’ar an duine seo – Bertie Ahern, ceannaire Fhianna Fáil atá ann faoi láthair.

An ceart le locht a fháilI dtír nach bhfuil daonlathach tá sé contúirteach locht a fháil ar an deachtóir nó ara rialtas – b’fhéidir go gcuirfear i bpríosún thú nó chun báis. I dtír dhaonlathach táan ceart agat locht a fháil ar an rialtas, do thuairim a chur in iúl go neamhbhalbh

agus feachtas a dhéanamh faoicheisteanna. Lena chois sin, tásaoirse ag na meáinchumarsáide tuairimí éagsúla achur i gcló nó a chraoladh. Gominic i dtír dhaonlathach bíonnBille Ceart ann – liosta dechearta an duine sa tír sin chundaoine a chosaint. Tá na ceartaseo an-tábhachtach chun andaonlathas a choinneáil slán.

BunreachtIs é an bunreacht na rialachafaoin chóras polaitíochta. Bíonnrialacha ann faoin vótáil, natoghcháin, cearta na ndaoineagus cumhachtaí an rialtais. Nílcead ag an rialtas na rialachaseo a shárú – is féidir leis nacúirteanna iad a stopadh másháraíonn an rialtas ceann arbith de na rialacha seo. Ar andóigh seo déantar cosaint ar andaonlathas (ní thig leis anrialtas a rogha rud a dhéanamhmar a bheadh deachtóireachtann). Tá bunreacht ag Éirinn,ag an Fhrainc, ag SAM srl. achníl bunreacht scríofa ag an Bhreatain.A Soilse, Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na

hÉireann a céadtoghadh sa bhliain 1997.

Page 5: Daonlathas An Daonlathas...ag an rialtas cumhacht a úsáid, go fiú mura n-aontaíonn siad le polasaí áirithe. Tá an t-údarás céanna ag na cúirteanna agus ag na póilíní,

An chumhacht, an t-údarás agus riail an dlíIs féidir úsáid a bhaint as an chumhacht go dearfach nó go diúltach. Tá anchumhacht ag múinteoir tabhairt ort obair a dhéanamh; tá an chumhacht agmaistín bagairt a dhéanamh ort. I dtír dhaonlathach tá dualgas ar an rialtas anchumhacht a úsáid go críonna agus go cúramach ar son leas na ndaoine. Mádhéanann siad amhlaidh, bíonn na daoine sásta glacadh leis go bhfuil an t-údarásag an rialtas cumhacht a úsáid, go fiú mura n-aontaíonn siad le polasaí áirithe.Tá an t-údarás céanna ag na cúirteanna agus ag na póilíní, de ghnáth. Tugtar riailan dlí air seo.Go minic sa daonlathas tá scaradh na gcumhachtaí ann: ní bhíonn an chumhachtuilig ag dream amháin ach tá sí roinnte idir cheann an stáit, an Príomh-Aire agusan rialtas, an pharlaimint agus na cúirteanna. Ar an dóigh seo ní thig le dreamamháin a rogha rud a dhéanamh – tá siad i gcónaí faoi smacht ag cuid eile denchóras polaitíochta.

Eiseamláirí Daonlathais

Ciallaíonn an daonlathas go bhfuilcumhacht ag na gnáthdhaoine trí vótaíagus trí thoghcháin, agus trí pháirtithepolaitíochta. Is féidir leo an rialtas aathrú ag an chéad olltoghchán eile agusmar sin de caithfidh an rialtas éisteachtleis na gnáthdhaoine. Ach tádóigheanna éagsúla chun an córas seoa chur i bhfeidhm.

An daonlathas le tromlachTugtar ‘eiseamláir Westminster’ ar anchóras seo fosta. Tá sé i bhfeidhm saBhreatain agus sa Nua-Shéalainn ach isbeag áit eile. Tá córas vótála ann darbainm ‘céad duine abhaile’1. Ciallaíonnsé seo go bhfuil an bua ag iarrthóir igceantar (nó toghcheantar) máfhaigheann sé/sí an méid is mó vótaí sa toghchán ansin. Má fhaigheann iarrthóireile a lán vótaí ach é/í sa dara háit sa toghchán ní fhaigheann sé/sí a dhath arbith. Deir daoine áirithe gur córas maith é seo mar go mbíonn dhá pháirtí mhóraann chun an tír a rialú go héifeachtach. Deir daoine eile nach bhfuil sé cothrommar tá vótaí ag a lán páirtithe eile ach ní fhaigheann siad suíochán sa pharlaimintmura mbíonn go leor vótaí acu i dtoghcheantar amháin.

1 ‘first past the post’

Tithe na Parlaiminte in Westminster, Londain.

Daonlathas

22