50
33 Draíocht le Drámaíocht An Bhonnchéim, EC1 & EC2 Eochairchéim 1 Drámaíocht Eochairchéim 1 Eochairchéim 1 Is áis iontach í an drámaíocht le scileanna cumarsáide na bpáistí a fhorbairt. Tacaíonn an drámaíocht le páistí a bheith níos muiníní, éisteacht níos fearr, idirghníomhú sóisialta a chur chun cinn. Is fíor go gcuidíonn an drámaíocht le scileanna labhartha agus éisteachta na bpáistí. In Eochairchéim 1 is féidir an drámaíocht a chur chun cinn tríd na modhanna seo a leanas. Gníomhaíochtaí praiticiúla, scéalaíocht, amhráin, cluichí agus súgradh; Rólghlacadh a dhéanamh le samhlaíocht a spreagadh, le comhoibriú le daoine eile, agus le tuiscint níos fearr a fháil ar theanga agus ar chumarsáid; Gníomhaíochtaí drámaíochta a dhéanamh sa rang mar chuid de ghrúpa nó i mbeirteanna; Straitéisí drámaíochta ar nós pictiúr reoite, tabló agus suíochán te a chomhlíonadh sa rang; Deis a thabhairt do pháistí a bheith ag aisteoireacht os comhair lucht féachana – ag tuiscint cad é an rud é script, ardán, seit agus frapaí. Tuilleadh Eolais, féach http://www.nicurriculum.org.uk/docs/irish_medium/ foundation/IrishMediumPrimaryCurriculum.pdf. Dráma Eochairchéim 1

Dráma Eochairchéim 1

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

33Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Eochairchéim 1Drámaíocht Eochairchéim 1

Eochairchéim 1

Is áis iontach í an drámaíocht le scileanna cumarsáide na bpáistí a fhorbairt. Tacaíonn an drámaíocht le páistí a bheith níos muiníní, éisteacht níos fearr, idirghníomhú sóisialta a chur chun cinn. Is fíor go gcuidíonn an drámaíocht le scileanna labhartha agus éisteachtana bpáistí.

In Eochairchéim 1 is féidir an drámaíocht a chur chun cinn tríd na modhanna seo a leanas.• Gníomhaíochtaí praiticiúla, scéalaíocht, amhráin,

cluichí agus súgradh;• Rólghlacadh a dhéanamh le samhlaíocht a

spreagadh, le comhoibriú le daoine eile, agus le tuiscint níos fearr a fháil ar theanga agus ar chumarsáid;

• Gníomhaíochtaí drámaíochta a dhéanamh sa rang mar chuid de ghrúpa nó i mbeirteanna;

• Straitéisí drámaíochta ar nós pictiúr reoite, tabló agus suíochán te a chomhlíonadh sa rang;

• Deis a thabhairt do pháistí a bheith ag aisteoireacht os comhair lucht féachana – ag tuiscint cad é an rud é script, ardán, seit agus frapaí.

Tuilleadh Eolais, féachhttp://www.nicurriculum.org.uk/docs/irish_medium/foundation/IrishMediumPrimaryCurriculum.pdf.

DrámaEochairchéim 1

34Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Eoch

airc

héim

1

Straitéisí Foghlama Drámaíochta d’Eochairchéim a hAon

Suíochán Te Cuirtear ceisteanna ar charachtair faoi luachanna, spriocanna, caidrimh agus gníomhartha. Is féidir leis na ceistitheoirí róil a ghlacadh orthu féin, m.sh. iriseoir, staraí, duine a bhí ar an láthair, srl. Is féidir leis an mhúinteoir a bheith mar charachtar sa suíochán te ar dtús agus ansin deis a thabhairt do pháistí eile.

I gcás finscéalta, is féidir leis an charachtar sa suíochán te ceisteanna a fhreagairt faoi eachtraí áirithe, m.sh. Mamó sa scéal Cochaillín Dearg – ‘Cad é a tharla nuair a tháinig an mac tíre chun tí?’, srl. Nó Daidí sa scéal Hansel agus Gretel – ‘Cad é a tharla nuair a d’fhag sé na páistí sa choill?’ ‘An raibh iontas air nuair a chonaic sé na páistí ag teacht ar ais?’ Nó An Prionsa as Luaithríona – ‘An ndeachaigh sé chuig mórán tithe chun Luaithríona a chuardach?’ ‘Ar aithin sé Luaithríona láithreach nuair a bhuail sé isteach chuig a teach?’

Pictiúr Reoite Is féidir pictiúr reoite a dhéanamh i ngrúpaí beaga nó mar rang iomlán le híomhá nó bomaite ar leith a chruthú. Tá pictiúr reoite cosúil le grianghraf nó pictiúr. Baintear úsáid as an chorp le pictiúr a dhéanamh. Is féidir fuaimeanna, scríbhneoireacht, bolgáin chainte a chur leis. Tig le páistí a gcuid mothúchán nó smaointe a chur in iúl má chuireann an múinteoir lámh lena ngualainn.

I gcás tagairt á déanamh d’fhinscéalta, is féidir eochairmhóimintí a chruthú, m.sh. Mac Tíre (Na 3 Muca Beaga) ag iarraidh teach na dtrí muca beaga a scriosadh. Is féidir le páistí a bheith mar charachtair nó mar rudaí sa scéal – na tithe, an simléar srl. Nó, Seán (Seán agus an Gas Pónaire) ag ceannach na bpónairí draíochta ón fhear. Thiocfadh le páistí páirt na bó, páirt na bpónairí, srl., a ghlacadh. Nó, Fear Sinséir ar dhroim an mhic tíre – mac tíre, fear sinséir, uisce srl.

An chéad rud eile?Cuirtear stad le scéal ag pointí áirithe agus cuirtear ceist ar pháistí seiftiú a dhéanamh ar an rud, dar leo, a thitfidh amach sa chéad chuid eile den scéal. Is féidir seo a dhéanamh go haonarach, i mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga. Cuireann an ceacht seo le scileanna scríbhneoireacht cruthaitheach na bpáistí.

Má bhíonn leabhair mhóra in úsáid, is féidir stad a chur leis an scéal leath bealaigh tríd agus ceist a chur ar na páistí a léiriú, i bhfoirm pictiúir reoite, cad é a thitfidh amach ag deireadh an scéil. Ar ndóigh, bíonn seo níos éifeachtaí mura mbíonn an leabhar léite ag na páistí roimh ré.

An ScéalaíTugtar deis do pháistí scéal a athinsint. Tugtar maidhc (bréagach, ar ndóigh!) nó siombail de chineál éigin don pháiste a bheas ag insint a chuid den scéal. Is dóigh iontach é seo le dul siar ar thús, lár agus ar dheireadh scéil. Is féidir é a úsáid le heachtraí a bhaineann le carachtair a chur in iúl chomh maith.

Insíonn na páistí an scéal Na Trí Ghabhar Ghrusacha ó thaobh na gcarachtar difriúil de, m.sh. an troll, na trí ghabhar, srl. Sampla eile is ea é An Mealbhacán Mór Uisce – an tseanbhean, an seanfhear, an cailín, an gasúr, srl.

Steiréitíopa CainteI ngrúpaí beaga is féidir le páistí guthanna a bhaineann le daoine nó le rudaí ar leith a chur orthu féin. Is fiú don mhúinteoir nó don rang pictiúir le hainm a chuireann síos ar dhaoine éagsúla a dhéanamh roimh ré. Ar an dóigh seo, is féidir le páiste amháin pictiúr a thaispeáint don ghrúpa agus na páistí eile an guth cuí a chur orthu féin.

Samplaí de guthanna is féidir a dhéanamh – cailleach, banríon, ollphéist, madadh. Is féidir tús a chur leis an cheacht leis an aon fhrása amháin – Sin ceart! Is féidir tógáil air seo trí chomhrá a chur ag dul idir dhá charachtar éagsúla, ach cinnte a dhéanamh de go bhfuil an guth ceart in úsáid go fóill.

Eochairchéim 1

35Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa Chathair

Cúlra an DrámaTá an dráma seo fóirsteanach do Rang 3 agus Rang 4. Beidh píosaí don dráma níos deacra do Rang 3, ach is cinnte go dtuigfidh siad ciall an dráma. Is féidir na línte a shimpliú do pháistí más gá nó iad a dhéanamh níos fóirsteanaí don rang. Tá seacht radharc sa dráma agus dá bharr sin bíonn rogha ag an mhúinteoir; is féidir seacht ndráma bheaga a dhéanamh, nó do rogha radharc a roghnú, nó an dráma iomlán a léiriú. Thiocfadh an dráma seo a dhéanamh in Eochairchéim 2 chomh maith.

Cuireann an dráma seo síos ar bheirt pháistí, Domhnall agus Gráinne, atá ina gcónaí ar an tsráid gan teach, gan dídean. Sa chéad radharc, feictear iad ag cuimhneamh siar ar am a raibh siad níos sona agus níos teo. Sula dtiteann siad beirt ina gcodladh, feiceann Gráinne réalta reatha sa spéir. Socraíonn sí ar mhian a dhéanamh. Ach, ní bhíonn a fhios againn go deireadh an dráma cén mhian a rinne sí.

Is eachtra é an dráma seo a bhogann siar siar go dtí aimsir Mhéibhe agus Táin Bó Cuailgne. Fágann Méabh nóta don bheirt páistí, agus é scríofa in Ogham. Ní mór do Dhomhnall agus do Ghráinne ciall an nóta a oibriú amach. Buaileann siad le cuid mhór daoine éagsúla ag iarraidh cuidiú orthu an nóta a oibriú amach. San am céanna, faightear spléachadh ar scéalta eile laistigh den dráma. Mar shampla, Séadanta. Cad é mar a fuair Cú Chulainn a ainm; Fionn agus an Fathach, Luaithríona, agus Cochaillín Dearg.

Tá draíocht ag baint leis an dráma. Feictear sióga ag teacht agus ag imeacht, agus is iad na sióga a bhaineann úsáid as cibé draíocht atá fágtha acu le mian Ghráinne a fhíorú – is é sin tuismitheoirí agus teach a bheith acu.

Ag deireadh an dráma, tagann bean agus fear ar an bheirt agus iad ina luí ar an tsráid. Socraíonn siad iad a ghlacadh chun an bhaile leo le haghaidh dinnéir agus chun aire a thabhairt dóibh.

Na Réimsí FoghlamaLitearthacht: Forbairt Teanga, Carachtar, Bolgáin Chainte, Rólghlacadh, Léitheoireacht, Aidiachtaí, Scríbhneoireacht i gComhpháirt

Forbairt Phearsanta: An Teaghlach, Grá, Aire, Daoine gan dídean, Féiniúlacht

Mata agus Uimhreas: Fad agus Airde

Forbairt Fhisiciúil: Iománaíocht

An Domhan Thart Orainn: Miotaseolaíocht na hÉireann

Na hEalaíona: Ealaín: seit a thógáil, puipéid a dhéanamh, frapaí a dhéanamh.Ceol: uirlisí a úsáid, amhránaíocht.

An tArdán Leagtar an t-ardán amach go simplí. Suíomh sráide le feiceáil ar an chúlbhrat. Is féidir siopaí, tithe, páistí ag súgradh a chur sa chúlbhrat. Bosca bruscair le nuachtán chun tosaigh ar an ardán. Is féidir frapaí éagsúla a úsáid chun athrú suímh nó gníomhaíochtaí ar leith a chur in iúl. Téann na radharcanna siar in am go dtí aimsir Tháin Bó Chuailgne, aimsir Chú Chulainn, Fionn agus na Fianna, scéal Luaithríona, Cochaillín Dearg, agus aniar ar ais chuig an aimsir láithreach. Is féidir íomhánna a tharraingt agus a dhathú a bhaineann le gach gníomh agus is féidir le páistí á dtabhairt amach ag tús gach gnímh.

Eoch

airc

héim

1

36Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairRéamhullmhúchán

CarachtairIs féidir le páistí cúpla páirt a bheith acu ag brath ar an líon páistí sa rang. Tá cór ar an ardán i rith ama a bheas fite fuaite tríd an dráma. Tá guthanna éagsúla ann chomh maith agus is féidir cur leo nó níos lú a dhéanamh, arís ag brath ar an líon carachtar atá ar fáil.Is féidir le gasúir nó le cailíní na páirteanna a ghlacadh sa dráma agus, más gá, is féidir cúpla ainm a athrú.

Páistí sráide Ag tús an dráma. Páistí ag imirt cluichí sráide.

Domhnall Príomhpháirt. Deartháir Ghráinne.

Gráinne Príomhpháirt. Deirfiúr Dhomhnaill.

Gasúr saibhir

Girseach shaibhir

Sióga Is féidir cur le líon na sióg.

Méabh Banríon Chonnacht.

Seanlead Seanléachtóir.

Séadanta Cú Chulainn mar ghasúr.

Fionn Mac Cumhaill Scéal Fhionn agus an Fathach.

Bean chéile Úna, bean Fhionn Mhic Chumhaill.

Fear grinn

Josie Deirfiúir ghránna as Luaithríona.

Sadie Deirfiúir ghránna as Luaithríona.

Mamó Cochaillín Dearg.

Mac Tíre Cochaillín Dearg.

Cochaillín Dearg

Bean & Fear Daoine a ghlacann Domhnall agus Gráinne chun an bhaile.

Guthanna Is féidir cur leis an líon guthanna atá de dhíth.

Cór Ar an ardán i rith ama i leathchiorcal nó thall is abhus ar an ardán.

Eochairchéim 1

37Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairRéamhullmhúchán

FeisteasBeidh éadaí difriúla ar na páistí ag brath ar an charachtar. Beidh lucht an chóir ar an ardán bunús an ama.

FrapaíIs deis iontach é na frapaí a dhéanamh sa rang mar chuid d’Ealaín agus Teicneolaíocht na Faisnéise. Tugann an obair seo léargas do na páistí ar an obair a thiteann amach taobh thiar den ardán sula mbíonn aon aisteoireacht ann. Is féidir na frapaí a dhéanamh i ngrúpaí nó i mbeirteanna fhad is go mbeidh seans ag gach páiste rud éigin a dhearadh. Má tá frapa ar bith ródhúslánach le déanamh is féidir le páistí, ar ndóigh, iad a chuardach sa bhaile nó ar scoil.

Liosta Frapaí (Is féidir cur leis seo nó é a athrú de réir an tseit).

Radharc 1: Nuachtán, boscaí cairtchláir folamha, téadaí scipeála, réaltaí móra.

Radharc 2: Capall (capall súgartha nó lámhdhéanta ag na páistí), nóta mór scríofa in Ogham, dusta draíochta, coróin bhanríona.

Radharc 3: Spéaclaí (seanlead).

Radharc 4: Camán, sliotar, pictiúr de chú.

Radharc 5: Dusta draíochta, pram, boinéad, buidéal linbh, císte, cloch.

Radharc 6: Léaráidí ar chipíní líreacáin a chuireann síos ar scéalta grinn, m.sh. búm búm, háá háá.

Radharc 7: Caisleán (pictiúr ollmhór 3 thoiseach), mascára, béaldath, pictiúir mhóra de shrón, de chluasa, de shúile (an mac tíre), bláthanna, dusta draíochta.

Eoch

airc

héim

1

38Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairAn Dráma

Radharc 1 (Sráid sa chathair. Tá Domhnall agus Gráinne ina suí ar chosán. Is léir nach bhfuil áit chónaithe acu. Nuachtán agus boscaí cairtchláir folamha thart timpeall orthu. Tá páistí eile ag scipeáil amuigh ar an tsráid agus fonn ‘Ma, ma, will you buy me a banana’ á cheol acu. Carachtair eile i leathchiorcal thart timpeall an tsuímh seo. Siúlann girseach dhóighiúil shaibhir thart le Domhnall agus Ghráinne. Stopann sí le stánadh orthu agus is léir go bhfuil iontas an domhain uirthi).

Gráinne: Nach bhfaca tú girseach shalach riamh i do shaol?

Domhnall: Amadán!

Girseach: (Í scanraithe). A Mhamaí, a Mhamaí. Tá na páistí sin cáidheach. Tá siad salach cáidheach!

(Tagann deartháir na girsí ar an ardán. Is léir go bhfuil sé saibhir, cosúil lena dheirfiúr. Baintear geit as nuair a fheiceann sé an bheirt pháistí). Domhnall: Caithfidh go bhfuil muidne beirt chomh gleoite sin nach féidir le daoine siúl thart orainn gan

stánadh orainn!

Gráinne: Ar ndóigh. Nach mise banríon na háite seo?

(Ag an phointe seo, siúlann Domhnall fad leis an ghasúr. Amharcann sé suas is anuas air. Glacann sé a hata agus cuireann sé ar a chloigeann féin é. Sciobann an gasúr ar ais uaidh é agus ritheann ar shiúl agus é scanraithe).

Gráinne: Och, a Dhomhnaill. Is beag nár chuir tú eagla an domhain air!

(Suíonn Domhnall ar an chosán arís, a lámha ar a cheann agus é cráite).

Domhnall: Tá mé tinn tuirseach de na poill seo i mo bhróga, den seangheansaí seo, agus fiú de na brístí salacha seo.

Gráinne: Éireoidh rudaí níos fearr. Aithním i mo chroí é.

(Siúlann sí chuige agus tugann barróg mhór dó).

(Téann Domhnall agus faigheann sé nuachtáin le déanamh réidh don oíche).

Gráinne: An cuimhin leat na scéalta a d’inis Mamaí dúinn faoi na hÉireannaigh fadó, fadó?

Cór: (Ag ceol ‘Tír na nÓg’ le Colm Mac Sealaigh) Fadó, fadó in Éirinn, roimh theacht don nua-aois, Bhí cónaí ann ar an bhFiann, Fionn ’s a mhac Oisín. Is iomaí eachtra a bhain leo siúd. Is iomaí casadh croí. Ach ní dhéanfar dearmad ar an lá A bhuail Oisín le Niamh.

Niamh Cinn Óir, as Tír na nÓg, B’í an bhean ab áille gné a chas ar Oisín Óg. Mheall sí é le breáthacht, Mheall sí é le póg, Mheall sí é gan aon agó Go Tír na nÓg.

Eochairchéim 1

39Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairAn Dráma

Domhnall: Ó, is maith is cuimhin liom.

Gráinne: An cuimhin leat an scéal sin faoi Mhéabh?

Domhnall: Méabh? Méabh cé?

Gráinne: Méabh, banríon na hÉireann! Trodaire a bhí inti. Bhí sí láidir (cór: láidir). Bhí sí dóighiúil (cór: dóighiúil). Throid sí leis an rí agus throid sí leis an tarbh.

(Tosaíonn siad beirt ag éirí tuirseach agus ag titim ina gcodladh. Feiceann Gráinne réalta ag eitilt tríd an spéir).

Gráinne: Amharc, a Dhomhnaill! Sin réalta. Tá réalta ag titim ón spéir.

Domhnaill: Go gasta, a Ghráinne. Caithfidh tú smaoineamh ar mhian!

Gráinne: (Draíocht ina glór). Mo mhian, mo mhian….Oíche mhaith, a Dhomhnaill!

Domhnall: Oíche mhaith.

Radharc 2(Tagann cúpla sióg amach agus caitheann siad dusta thart ar na páistí atá ina gcodladh).

Cór: (Ag ceol le fonn ‘Trup, trup, a Chapaillín’) Stop, stop, a chapaillín, Seo é Binn Éadair, Áit a mbíodh na filí fadó, Áit a mbíodh Fionn is Fianna, Diarmuid agus Gráinne Óg.

(Siúlann Méabh, Banríon na hÉireann, amach ar an ardán).

Méabh: (Iontach mórluachach agus ríoga). Cé a bhí ag scairteadh orm? Fionn, an tú féin a bhí ann? Diarmuid? Gráinne? Cá bhfuil mé? Ní seo Éire?

(Roinnt páistí ag imirt cluichí sráide. Cluintear iad ag baint úsáid as rímeanna).

Cór: Aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé, Fuair mise úll ó mo Mhamaí inné, Fuair sí scian agus ghearr sí é, Aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé.

Méabh: Cad é an teanga í sin?

Cór: An Ghaeilge.

Méabh: (Téann sí fad le Gráinne agus le Domhnaill atá ina gcnap codlata). Páistí bochta. Ba mhaith leo…(Caitheann sí dusta thart orthu agus fágann sí nóta). Má bhíonn siad in ann seo a léamh, beidh siad sábháilte. (Imíonn sí).

(Ceol draíochta le cluinstin ón chór. Beirt shióg ar ais ar an ardán. Tuilleadh dusta thart ar na páistí. Amach leo).

Eoch

airc

héim

1

40Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairAn Dráma

Radharc 3(Músclaíonn Gráinne agus Domhnall. Cuireann siad na nuachtáin i mála agus déanann iad féin réidh don lá atá rompu).

Gráinne: (Ag amharc ar an nóta). Cad é seo?

Domhnall: Níl a fhios agam. Tá scríbhneoireacht air. Níl sí cosúil le scríbhneoireacht againne. Tá sí cosúil le seanscríbhneoireacht na hÉireann.

(Tagann seanlead isteach).

Domhnall: An bhfuil Sean-Ghaeilge agat?

Seanlead: Sprechen sie deutsch?

Guth 1: Sean-Ghaeilge!!

Seanlead: Nár theagasc mé Gaeilge le blianta fada!?

Gráinne: An dtig leat Sean-Ghaeilge a léamh?

Seanlead: B’fhéidir… (Amharcann sé ar an nóta). Spéaclaí contráilte orm. Ní thig, a rún, ní thig.

Domhnall agus Gráinne: Míle buíochas, cibé.

Seanlead: Slán agus beannacht. (Amach leis).

Radharc 4(Siúlann gasúr amach ar an ardán. Tá camán agus sliotar leis. Tá sé ag caint leis féin).

Cór: (Ag ceol le fonn ‘Dusty Bluebells’). Séadanta, Séadanta, Cé thú féin? Camán, sliotar, is tú chomh fiáin. Séadanta, Séadanta is tú mo laoch, Láidir, álainn, go maith ag rith.

Séadanta: Anois, cad é a dúirt mo Mhamaí liom? Seas suas, dhá chos scartha. Camán – tóg go cúramach é. Mar is ceart, a mhiceó! Anois an sliotar. Cá bhfuil sé?

(Siúlann Domhnall agus Gráinne isteach. Feiceann Séadanta iad agus siúlann sé thart timpeall orthu ag amharc suas agus anuas ar an bheirt).

Séadanta: (Ag amharc ar Ghráinne). Nach aisteach na héadaí sin atá ort, a ghirsí.

Domhnall: Tá cuma aisteach ort féin. Cé thú féin, cibé?

Cór: (Ag ceol). Séadanta, Séadanta, cé thú féin?

Gráinne: Cá bhfuil tú ag dul?

Séadanta: Teach Chulainn. D’imigh gach duine eile romham.

Cór: Tá a fhios agaibh cad é atá ag dul a tharlú!

Eochairchéim 1

41Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairAn Dráma

Gráinne: Cad é?

Guth1: Beidh an madadh ag fanacht.

Guth 2: Tabhair leat do chamán agus do shliotar.

(Amach leo uilig).

Radharc 5(Feictear beirt shióg ag rith isteach ar an ardán agus ag caitheamh dusta draíochta san aer. Amach leo).

Cór: (Ag ceol le fonn ‘An Spailpín Fánach’) Seo Fionn Mac Cumhaill is a bhean chéile Ag rith ar nós na gaoithe. Beidh fathach na hAlban ag teacht anocht Sa tóir ar Fhionn is a chairde.

(Fionn agus a bhean. Cuma ar Fhionn go bhfuil sé trína chéile).

Bean Chéile: A Fhionn, a thaisce. Beidh gach rud maith go leor, a stór.

Fionn: Níl mise faoi choinne fanacht anseo bomaite amháin eile. Mise á rá leat. Fathach na hAlban ag teacht anseo anocht! Tá mise ag imeacht liom!

Bean Chéile: A thaisce bhig. Anois, anois. Cuirfidh muid sa phram thú!

Cór: Pram? I bhfírinne!

Guth 1: I ndiaidh na rudaí móra a rinne seisean ar son na hÉireann.

Guth 2: Sin Fionn Mac Cumhaill, a bhean udaí!

Bean Chéile: Éist. (Cogar i gcluas Fhionn. Cogar tríd an chór. Cuirtear boinéad ar Fhionn agus tugtar buidéal dó. Siúlann Gráinne agus Domhnall isteach).

Domhnall: An bhfuil sibh ag dul chuig cóisir ghléasta?

Fionn: Coimhéad, a mhiceo!

Cór: Tá siad ag spochadh asat.

Guth 3: Fionn sa phram – an cuimhin libh an scéal?

Gráinne: Déan císte dó.

Domhnall: Cuir cloch mhór sa lár.

Guth 4: Brisfidh sé fiacla an fhathaigh.

Bean Chéile: Sin smaoineamh iontach!

Eoch

airc

héim

1

42Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairAn Dráma

Gráinne: (Ag taispeáint na litreach di). An dtig leat Sean-Ghaeilge a léamh?

Bean Chéile: Tig liom Ogham a léamh. (Amharcann sí ar an litir). Tá sibh sna scéalta contráilte. Druidigí bhur súile.

(Tagann beirt shióg amach agus caitheann siad dusta ar na páistí. Cór ag crónán ‘Fadó, fadó in Éirinn…’).

Radharc 6Fear Grinn: Ar chuala sibh an scéal grinn seo? Cad chuige ar mhian leis an chearc dul trasna an bhóthair? Le fáil fhad leis an taobh eile! Búm, búm! (Cór ag dul thar fóir leis an gháire).

Guth 1: Cad é faoin scéal grinn seo? … Cnag, cnag.

Guth 2: Cé sin?

Guth 1: Jeac.

Guth 2: Jeac cé.

Guth 1: Deacair a rá … Há, há, há!!

Domhnall: Tá mo chloigeann ag preabadh – áóó. (Lámha ar a chloigeann).

Gráinne: Stad! Stad!

Fear Grinn: (Ag cur deireadh leis an gháire). Cad é atá de dhíth oraibh?

Gráinne: An léifidh tú seo dúinn?

Fear Grinn: Mmmmmmm. An bealach sin… Sílim.

(Amach le Domhnall, Gráinne agus an Fear Grinn).

Radharc 7Cór: (Ag ceol le fonn ‘An Maidrín Rua’)

Pósfaidh mé an prionsa, an prionsa uasal, Pósfaidh mé an prionsa saibhir. Beidh caisleán mór déanta as ór Domsa is mo phrionsa saibhir.

(Tagann beirt deirfiúracha gránna amach ar an ardán).

Josie: A Shadie. Tá mise galánta? Nach bhfuil?

Sadie: Tá mise míle uair níos deise.

Josie: Tiontaigh thart go bhfeicfidh mé thú…. (Cuma uirthi go bhfuil samhnas uirthi). Mí……of ..…ar!

Sadie: Stad den amaidí agus tabhair dom an scuab sin!

Josie: An bhfuil mascára dubh agat?

Eochairchéim 1

43Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairAn Dráma

Sadie: Seasann do shúile amach cibé. Tá tú cosúil le frog. Má thugann an prionsa damhsa duit, beidh sé ag pocléimneach thart.

Josie: Déanfaidh muid an damhsa.

(Tosaíonn an cór ar fhonn Válsa de chineál éigin a cheol. Tosaíonn an bheirt ag damhsa thart timpeall an ardáin).

Josie: An t-am!! Gasta! Tabhair dom an scuab.

Sadie: Ní thabharfaidh!

Josie: Déarfaidh mé le Mamaí….

(Siúlann Domhnall agus Gráinne isteach).

Gráinne: An léifidh tú seo dúinn, le bhur dtoil?

Josie: Tabhair domsa é. Tá mise níos cliste!

Sadie: Mise, a dúirt sí! Tabhair dom é!

Josie: Domsa………

(Glacann Domhnall an nóta uaithi agus ritheann siad sa tóir uirthi. Isteach le Mamó).

Mamó: (Go malltriallach agus bata siúil aici). Tá súil agam go dtiocfaidh an ghirseach seo roimh i bhfad.

(Isteach leis an mhac tíre).

Cór: Tá do ghaosán iontach mór.

Mac tíre: Tá mé ábalta thú a bholú níos fearr.

Cór: Tá do chluasa iontach fada.

Mac tíre: Tig liom thú a chluinstin níos fearr.

Mamó: Cad é sin, a thaisce?

(Mac tíre ag bolú thart ar mhamó).

Mamó: Dar fia. Amharc do shúile!

Mac tíre: Tig liom thú a fheiceáil níos fearr.

Mamó: Ba mhaith leat mo spéaclaí? Ó, tá tú iontach dalba inniu!

(Tugann sí smitín dó agus titeann sé. Déanann an cór na fuaimeanna cuí. Ritheann Domhnall agus Gráinne isteach agus téann siad sa tóir ar an mhac tíre a ritheann ar shiúl. Isteach le Cochaillín Dearg).

Eoch

airc

héim

1

44Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairAn Dráma

Cochaillín Dearg: Bhí mé sa pháirc ag piocadh bláthanna. Ó nach bhfuil siad go hálainn.

Domhnall: An miste leat an nóta seo a léamh?

Cochaillín Dearg: An bealach seo, sílim…

(Titeann an nóta ar an bhealach amach. Tagann beirt shióg isteach agus piocann siad suas é).

Sióg 1: Cad é seo? Is mian le Gráinne agus le Domhnall Mamaí agus Daidí a bheith acu. Nach bhfuil sin go hálainn?

Sióg 2: An bhfuil go leor draíochta fágtha againn?

(Tagann cúpla sióg eile isteach agus caitheann siad dusta san aer. Isteach le Domhnall agus le Gráinne. Socraíonn siad síos don oíche. Cluintear ceol draíochta ón chór. Isteach le fear agus le bean. Stopann siad go n-amharcann ar na páistí).

Bean: Amharc orthu. Tá siad fuar.

Fear: An nglacfaidh muid abhaile linn iad?

(Músclaíonn Domhnall agus Gráinne suas. Cuireann an fear agus an bhean cóta thart ar an bheirt acu. Glacann siad a lámha agus amach leo).

Gráinne: A Dhomhnaill, fuair mé mo mhian – fuair mé í.

Cór: (Ag ceol le fonn ‘Three Little Birds’ le Bob Marley)Curfá: Ná bí buartha faoi rud ar bith, Tá achan uile rud ag dul a bheith i gceart. Ag ceol ná bí buartha, a stór mo chroí. Tá achan uile rud ag dul a bheith i gceart.

D’éirigh mé ar maidin Le breacadh geal an lae Trí lon dubh Ar chúl mo thí Ag fógairt ceol bhinn Le blas na meala A rá ’seo í mo theachtaireacht duitse’. (Curfá ×2)

AN DEIREADH

Rian 6

Eochairchéim 1

45Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairNa hAmhráin

Na hAmhráin Baineann an dráma seo le miotaseolaíocht na hÉireann. Is féidir na hamhráin/dánta a úsáid mar thús scéil mhiotaseolaíochta. Is féidir cur le stór focal na bpáistí trí na hamhráin a cheol agus, san am céanna, trí chuid de na scéalta a mhíniú.

Ar an ábhar go bhfuil cuid mhór drámaí beaga mar chuid de Oíche Dhraíochta sa Chathair, tugtar anseo thíos gníomhaíochtaí éagsúla faoi na hamhráin le smaointe a thabhairt do na múinteoirí maidir le frapaí agus teagasc sa rang.

Amhrán 1(‘Tír na nÓg’ le Colm Mac Sealaigh).

Fadó, fadó in Éirinn, roimh theacht don nua-aois,Bhí cónaí ann ar an bhFiann,

Fionn’s a mhac Oisín.Is iomaí eachtra a bhain leo siúd.

Is iomaí casadh croí.Ach ní dhéanfar dearmad ar an lá

A bhuail Oisín le Niamh.

Niamh Cinn Óir, as Tír na nÓg,B’í an bhean ab áille gné a chas ar Oisín Óg.

Mheall sí é le breáthacht,Mheall sí é le póg,

Mheall sí é gan aon agóGo Tír na nÓg.

a. Is féidir leis na páistí puipéid shimplí a dhéanamh bunaithe ar an amhrán seo. Is féidir cairtchláir a úsáid leis na carachtair Fionn, Oisín, Niamh, Capall bán, Saighdiúirí ó na Fianna agus rudaí a bhaineann leis an scéal – m.sh. Caisleán, Scamaill, Croí a dhearadh agus a dhathú isteach le marcóirí. Ansin is féidir iad a ghreamú ar chipíní líreacáin agus dráma beag a dhéanamh i ngrúpaí nó mar rang leis an amhrán.

b. Thiocfadh na puipéid bheaga seo a úsáid le linn an dráma Oíche Dhraíochta sa Chathair fosta. Thiocfadh le páistí dul go tosach an ardáin agus na gníomhaíochtaí cuí a dhéanamh leo fhad is atá na páistí eile ag ceol.

Amhrán 2(Ag ceol le fonn ‘Trup, trup, a Chapaillín’).

Stop, stop, a chapaillín,Seo é Binn Éadair,

Áit a mbíodh na filí fadó,Áit a mbíodh Fionn is Fianna,Diarmuid agus Gráinne Óg.

a. Baineann an t-amhrán seo leis na Fianna agus Éire fadó. Is féidir leis an rang meabhairmhapa a dhéanamh bunaithe ar na rudaí a bhaineann le hÉirinn i bhfad ó shin.

b. Thiocfadh leagan simplí de scéal ‘Diarmuid agus Gráinne’ a insint do na páistí.c. Mar chuid de na frapaí, is féidir capall a thógáil ó ábhair éagsúla, nó ó phíosa mór cairtchláir agus é a mhaisiú

le gruaig, feilt, páipéir dhaite. Le linn an dráma agus an t-amhrán thuas á cheol ag an rang, is fiú páiste amháin a bheith ag dul anonn is anall ar an ardán amhail is go bhfuil sé/sí ag marcaíocht.

Eoch

airc

héim

1

46Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairNa hAmhráin

Amhrán 3(Rím).

Aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé,Fuair mise úll ó mo Mhamaí inné,

Fuair sí scian agus ghearr sí é,Aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé.

a. Deir na páistí an rím seo nuair a thagann Méabh, banríon Chonnacht, amach ar an ardán. Bheadh sé níos éifeachtaí ach cúpla páiste a bheith ag scipeáil nó ag déanamh cluichí sráide agus iad ag dul don rím.

b. D’fhéadfá cúpla ceacht ranga a bhunú air seo agus cúpla rím a chumadh mar rang le cur le cluichí clóis. Thiocfadh iad a bhunú ar amhráin/rímeanna atá ar eolas ag na páistí cheana féin. Chuirfeadh sin le saibhreas Gaeilge na bpáistí sa chlós.

Amhrán 4(Ag ceol le fonn ‘Dusty Bluebells’).

Séadanta, Séadanta, Cé thú féin?Camán, sliotar, is tú chomh fiáin.

Séadanta, Séadanta is tú mo laoch,Láidir, álainn, go maith ag rith.

a. Sa dráma, Oíche Dhraíochta sa Chathair, is fiú do na páistí sin a bheas ar an ardán an t-am ar fad gníomhaíochtaí simplí a dhéanamh a chuireann síos ar Shéadanta san amhrán seo. Beidh Séadanta é féini mbun na ngníomhaíochtaí céanna.

b. Cuir síos ar scéal Chú Chulainn – Cad é mar a fuair Cú Chulainn a Ainm. Is féidir leis na páistí rólghlacadh a dhéanamh i ngrúpaí nó mar rang bunaithe ar an scéal sa dóigh is go bhfaighidh siad léargas níos doimhne ar chúlra an scéil.

c. Is féidir plé a dhéanamh leis an rang ar an chiall atá le laoch. Tig leis an rang agus leis an mhúinteoir labhairt faoi laochra na hÉireann – Cú Chulainn, Fionn Mac Cumhaill, Ferdia, Méabh, Conchubhair Mac Neasa, Macha srl. D’fhéadfaí labhairt faoi laochra an lae inniu; daoine cáiliúla nó laochra eile i saol na bpaistí. Thiocfadh taispeántas ranga a dhéanamh bunaithe ar laochra:(i) Daoine tríthoiseacha a thogáil le marla nó le hábhair éagsúla. (ii) Íomhánna a bhaineann leis na laochra a tharraingt agus a phéinteáil agus a ghreamú de phíosa

ollmhór páipéir.(iii) Aidiachtaí a chuireann síos ar laochra a scríobh amach go dathach.

Amhrán 5(Ag ceol le fonn ‘An Spailpín Fánach’).

Seo Fionn Mac Cumhaill is a bhean chéileAg rith ar nós na gaoithe.

Beidh fathach na hAlban ag teacht anochtSa tóir ar Fhionn is a chairde.

a. Is fiú cúpla scéal a bhaineann le Fionn Mac Cumhaill a léamh nó a mhíniú don rang. Tá cuid den scéal a bhaineann le Fionn agus an Fathach sa dráma seo agus, mar sin, bheadh sé úsáideach dul tríd leis na páistí.

b. Is féidir labhairt leis na páistí faoi Chlochán an Aifir – an nasc atá ag an áit sin leis an scéal faoi Fhionn agus an Fathach. Thiocfadh íomhánna a lorg ar an idirlíon, agus iarracht a thabhairt ar mhionsamhail a thógáil sa seomra ranga, agus meascán de bhoscaí cairtchláir in úsáid.

c. Thiocfadh leis an rang fathach mór a thógáil sa rang. D’fhéadfaí páipéar nuachtáin agus téip chumhdaigh a úsáid chun cuma thríthoiseach a chur ar an fhathach. Thabharfadh an ghníomhaíocht seo deis iontach don mhúinteoir dul tríd na baill choirp leis an rang agus iad a ainmniú.

Eochairchéim 1

47Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairNa hAmhráin

Amhrán 6(Ag ceol le fonn ‘An Maidrín Rua’).

Pósfaidh mé an prionsa, an prionsa uasal,Pósfaidh mé an prionsa saibhir.Beidh caisleán mór déanta as órDomsa is mo phrionsa saibhir.

a. Léigh an scéal Luaithríona don rang. Agus na páistí ag obair i ngrúpaí, is féidir leo rólghlacadh a dhéanamh bunaithe ar chodanna éagsúla den scéal. Ansin is féidir leis na grúpaí cur i láthair a dhéanamh san ord ceart os comhair an ranga.

b. Iarr ar pháistí Pictiúr Reoite a dhéanamh bunaithe ar an phíosa sa scéal nuair a bhuaileann an clog ar uair an mheán oíche agus Luaithríona ina rith síos na céimeanna ar a bealach abhaile. Is deis é seo le cur síos a dhéanamh ar an dóigh a mothaíonn Luaithríona, agus le tuar a dhéanamh ar na rudaí a bheas ag titim amach. Is féidir Pictiúir Reoite eile a dhéanamh bunaithe ar chodanna eile den scéal. Is dóigh iontach é seo le forbairt a dhéanamh ar scileanna labhartha na bpáistí.

c. Tarraing caisleán mór ar chairtchlár agus gearr amach é. Maisigh le páipéar daite é agus gearr amach é. Is féidir le cúpla páiste é a iompar go tosach an ardáin fad atá na páistí eile ag ceol an amhráin. Is féidir le páiste amháin a bheith gléasta mar phrionsa agus seasamh ar thaobh amháin den chaisleán agus an bheirt deirfiúracha ar an taobh eile.

Amhrán 7(Ag ceol le fonn ‘Three Little Birds’ le Bob Marley).

Curfá: Ná bí buartha faoi rud ar bith,Tá achan uile rud ag dul a bheith i gceart.

Ag ceol ’ná bí buartha, a stór mo chroí. Tá achan uile rud ag dul a bheith i gceart’.

D’éirigh mé ar maidin Le breacadh geal an lae

Trí lon dubh Ar chúl mo thí

Ag fógairt ceol bhinn Le blas na meala

A rá ’seo í mo theachtaireacht duitse’. (Curfá ×2)

a. Chuirfeadh uirlisí ceoil go mór leis an amhrán seo – druma bongó, tambóirín, maraca. Thabharfadh sin seans do pháistí nach bhfuil mórán línte acu a bheith páirteach sa dráma.

Rian 6

Eoch

airc

héim

1

48Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairNa Réimsí Foghlama

Na RadhaircTá seacht radharc sa dráma seo. Is féidir drámaí beaga a dhéanamh bunaithe ar na radhairc má mheasann an múinteoir go bhfuil an dráma rófhada, nó más mian leo díriú isteach ar rudaí ar leith a bhaineann leis an dráma. Thiocfadh leis an mhúinteoir cur le gach radharc más mian leo agus dráma níos mó a dhéanamh bunaithe ar an radharc sin. Ar an ábhar go bhfuil cuid mhór miotaseolaíochta ag baint leis an dráma seo, thiocfadh téama 6 seachtaine a bhunú thart air – ag díriú isteach ar radharc amháin gach seachtain. Bheadh go leor oibre le déanamh bunaithe ar gach radharc.

Radharc 1Suíomh sráide. Beirt pháistí gan dídean cionn is nach bhfuil tuismitheoirí acu. Páistí eile ar an tsráid ag imirt cluichí sráide. Feictear cúpla páiste saibhir a bhfuil iontas orthu páistí gan dídean a fheiceáil. Feiceann Gráinne, girseach gan teach, réalta reatha sa spéir – cinneann sí ar a mian.

Plé Ranga: • Páistí sa domhan nach bhfuil teach ná dídean acu. Is

féidir amharc ar shuíomh Trócaire (www.trocaire.org) agus labhairt faoi na híomhánna a bhaineann le páistí nach bhfuil ina gcónaí i dtithe. Cad é mar a mhothaíonn siad? Cad é mar atá an saol acu?

• An chiall atá leis an fhocal ‘mian’. Cur síos a dhéanamh ar mhian na bpáistí. Ba chóir labhairt faoin difear idir na rudaí ba mhaith linn agus na rudaí atá de dhíth orainn. ‘Dá mbeadh ort cinneadh ar mhian a dhéanfadh an domhan níos fearr, cad é an mhian a bheadh agat?’

Ealaín:• I ndiaidh plé ranga, is féidir le gach páiste pictiúr a

tharraingt díobh féin le scamall intinne. Taobh istigh den scamall intinne, is féidir le páistí a gcuid mianta a chur ann. Nuair a bheidh seo déanta, thiocfadh leis na paistí a bheith ag obair i mbeirteanna agus labhairt faoi na mianta atá acu.

• Obair ghrúpa: I ngrúpaí, déanaigí plé ar an chuma a bheadh ar dhomhan níos fearr, áit a bhfuil gach duine beo go sona sásta. Léirigh seo ar phíosa mór páipéir.

Radharc 2Tagann Méabh, banríon Chonnacht, ar an ardán. Ní thuigeann sí cá bhfuil sí go dtí go bhfeiceann sí an bheirt pháistí, Domhnall agus Gráinne, ina gcodladh agus fágann sí litir dóibh.

An Domhan Thart Orainn• Mínigh do na páistí go raibh seanscríbhneoireacht

in Éirinn blianta fada ó shin. Ogham a tugadh air. Taispeáin samplaí den Ogham do na páistí. (féach Áis A). Labhair faoin difear idir an aibítir inniu agus Ogham.

• Tabhair cóip d’Áis A do gach páiste agus iarr orthu a n-ainm a scríobh amach in Ogham. Ansin iarr orthu na litreacha ón aibítir againne a scríobh thíos faoi.

Litearthacht• Inis do na páistí cérbh í Méabh, Banríon Chonnacht.

Mínigh do na páistí gur chónaigh ríthe agus banríonacha in Éirinn fadó. Is féidir Scéal Tháin Bó Cuailgne a insint do na páistí. Féach ar Chú Chulainn,

www.nicurriculum.org.uk/irish_medium • Cuardaigh an t-idirlíon chun íomhánna a bhaineann

le Méabh a fháil. Priontáil amach iad agus/nó má tá clár idirghníomhach sa rang, déan plé ar an chuma atá uirthi. Labhair faoi aidiachtaí a bhaineann léi. Tig le gach páiste aidiacht a scríobh amach go mór agus daite agus a ghreamú thart ar phictiúr de Mhéabh.

Radharc 3Tagann Domhnall agus Gráinne ar an litir ach tá scríbhneoireacht air nach dtuigeann siad. Tá siad den bharúil gur sa tSean-Ghaeilge atá an scríbhneoireacht. Buaileann siad le seanlead a bhíodh ina mhúinteoir Gaeilge tráth. Iarrann siad air an litir a léamh dóibh ach tá na spéaclaí contráilte leis.

Plé Ranga• Mínigh do na páistí go raibh aibítir eile ann sa

Ghaeilge, tamall maith i ndiaidh don Ogham a bheith ann. Taispeáin dóibh an chuma a bhí ar scríbhneoireacht na Sean-Ghaeilge. (féach Áis B). Is féidir a mhíniú dóibh go bhfeictear an scríbhneoireacht seo go fóill ó am go chéile.

• Tig le páistí abairtí a scríobh sa tSean-Ghaeilge, agus iad ag obair i mbeirteanna. Tig leis an mhúinteoir abairt a thabhairt dóibh ar dtús agus cóip den tseanaibítir.

Eochairchéim 1

49Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairNa Réimsí Foghlama

Forbairt PhearsantaLabhair leis an rang faoin tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge. Is féidir na ceisteanna seo a leanas a chur orthu:• Cén teanga a labhraímid ar scoil?• An bhfuil an Ghaeilge tábhachtach?• An bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag daoine i dtíortha

eile?• Cén dóigh ar féidir linn níos mó iarrachta a

dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn?• I ngrúpaí, tig leis na páistí póstaer a dhearadh leis an

fhrása ‘Gaeilge Abú’ mar theideal air.

Radharc 4Feictear Séadanta ar an ardán. Is léir go bhfuil sé ar an bhealach chuig cóisir Chulainn sula maraíonn sé an cú. Tá a chamán agus a shliotar leis. Tagann Domhnall agus Gráinne isteach agus labhraíonn siad leis. Níl an t-am aige an litir atá acu a léamh mar gheall go bhfuil sé mall don chóisir.

An Domhan Thart OrainnFéach ar Chú Chulainn, www.nicurriculum.org.uk/irish_mediumDéan plé ar an dóigh a bhfuair Séadanta a ainm. Cuir ceisteanna ar na páistí faoin scéal seo:• An dóigh libh go raibh Séadanta cróga ag troid in

éadan an chú?• An dóigh libh go raibh eagla air? Cén fáth?• An síleann sibh go raibh Culann crosta le Séadanta?• Agus na páistí ag obair i mbeirteanna, déan cartúin

bunaithe ar scéal Shéadanta. Is féidir béim a chur ar Bholgáin Chainte. Iarr ar na páistí 4 phictiúr éagsúla a tharraingt ag cur síos ar scéal Shéadanta.

Forbairt Fhisiciúil• Mínigh do na páistí gur seanchluiche Éireannach í

an iománaíocht. Taispeáin trealamh iománaíochta dóibh. Féach ar íomhánna a bhaineann le cluichí iománaíochta agus déan plé orthu.

• Má bhíonn deis ann, iarr ar imreoir iománaíochta teacht ar cuairt chuig an seomra ranga le labhairt faoin chluiche.

Radharc 5Feictear Fionn Mac Cumhaill agus a bhean chéile. Tá Fionn buartha cionn is go bhfuil fathach na hAlban ag teacht anocht. Tugann Domhnall, Gráinne agus an cór comhairle dó sa dóigh is nach mbeidh an lámh in uachtar ag an fhathach. Léann bean Fhionn an litir agus míníonn sí don bheirt pháistí go bhfuil siad sna scéalta contráilte.

LitearthachtInis an scéal ‘Fionn agus an Fathach’ don rang. Cuir ceisteanna ar na páistí faoin scéal:• An smaoineamh maith a bhí ann gur lig Fionn Mac

Cumhaill air féin gur leanbh a bhí ann? Cén fáth?• Cad é mar a mhothaigh an fathach nuair a chonaic sé

an leanbh?• An dóigh libh gur tháinig sé ar ais go hÉirinn?• Scríbhneoireacht i gcomhpháirt – Mar rang scríobh

cad é a tharla ag tús, lár agus ag deireadh an scéil seo.

• Tabhair focail úsáideacha do na páistí. Agus na páistí ag obair i mbeirteanna, iarr orthu cúpla abairt nó scéal gairid a scríobh faoi ‘Fionn agus an Fathach’. Is féidir na scéalta uilig agus meascán íomhánna a bhaineann leis an scéal a chur le chéile i Leabhar Mór Ranga.

MataCuir in iúl do na páistí go raibh fathach na hAlban níos airde ná Fionn Mac Cumhaill. Mínigh do na páistí go bhfuil airde éagsúil ionainn uilig. Agus na páistí ag obair i mbeirteanna, is féidir leo a n-imlíne a rianú ar phíosa mór páipéir agus ansin iad féin a thomhas agus iad seo a leanas in úsáid:1. cos páiste2. lámh páiste3. ceintiméadar• Cláraigh na torthaí a fuair na páistí mar bharrachairt

ranga, nó picteagram aonarach ina léirítear cosa, lámha agus ceintiméadair.

Eoch

airc

héim

1

50Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Radharc 6Buaileann na páistí le fear grinn. Insíonn sé scéal grinn nach bhfuil iontach greannmhar. Léann sé an litir agus treoraíonn sé na páistí.

Litearthacht nasctha le Forbairt Phearsanta• Labhair faoin chiall atá le greann. Mínigh do na páistí

go gciallaíonn fear grinn duine a chuireann daoine ag gáire. Le linn am ciorcail, tabhair deis do pháistí sa rang labhairt faoi am ar chuir duine iad ag gáire.

• Cuir le chéile Leabhar Grinn. I ngrúpaí, iarr ar pháistí smaoineamh ar amanna ar cuireadh ag gáire iad. Tig le gach grúpa cúpla scéal a roghnú agus a scríobh le cuidiú ó stór focal. Nuair atá na scéalta ó gach grúpa críochnaithe, greamaigh i leabhar gearrthóg agus maisigh le pictiúir iad.

Radharc 7Feictear an bheirt deirfiúracha gránna as Luaithríona. Tá siad ag argóint faoi cé acu bean is dóighiúla. Is radharc greannmhar é seo le damhsa, spraoi agus craic. Tagann Domhnall agus Gráinne isteach ag iarraidh orthu an litir a léamh. Ach tosaíonn an bheirt deirfiúracha ag argóint faoi dtaobh de. Tagann Mamó, Mac tíre agus Cochaillín Dearg isteach. Titeann an litir nuair a imíonn siad uilig ón ardán. Tagann beirt shióg ar an litir agus tuigeann siad gur mhaith le Domhnall agus le Gráinne tuismitheoirí nua a bheith acu – rud a fhaigheann siad ag deireadh an dráma.

Forbairt Phearsanta• Léiriú mothúchán: Fiafraigh de na páistí cad é mar a

mhothaigh na carachtair ag pointí difriúla sa radharc seo, m.sh.

Cad é mar a mhothaíonn an bheirt deirfiúracha faoi dhul chuig an damhsa?Cad é mar a mhothaíonn Domhnall agus Gráinne nuair atá Sadie agus Josie ag troid faoin nóta?Cad é mar a mhothaíonn Mamó nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil mac tíre sa teach?Cad é mar a mhothaíonn Domhnall agus Gráinne nuair a fheiceann siad a dtuismitheoirí úra?

Is féidir leis na páistí dul i ngrúpaí agus rólghlacadh a dhéanamh bunaithe ar na mothúcháin seo, agus a léiriú os comhair an ranga.

Litearthacht• I ngrúpaí, is féidir le páistí puipéid bheaga a

dhéanamh bunaithe ar scéal Luaithríona, nó Cochaillín Dearg. Socróidh na páistí cén carachtar a ghlacfaidh siad.Úsáid cairtchlár agus tarraing do charachtar, agus dathaigh isteach.Gearr amach do charachtar go cúramach.Greamaigh do charachtar ar chipín líreacáin.Anois is féidir dráma a bhunú thart ar an scéal.Léirigh os comhair an ranga é.

Oíche Dhraíochta sa ChathairNa Réimsí Foghlama

Eochairchéim 1

51Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairGníomhaíochtaí

Pictiúr ReoiteCuir páistí i ngrúpaí le pictiúir reoite a dhéanamh bunaithe orthu seo a leanas:• Buaileann Gráinne agus Domhnall leis an ghirseach

agus leis an ghasúr shaibhir.• Feiceann Méabh, Banríon Chonnacht, Domhnall

agus Gráinne ina gcodladh.• Tagann Séadanta ar an ardán lena chamán agus lena

shliotar.• Molann Úna, bean Fhionn Mhic Cumhaill, d’Fhionn

dul isteach sa phram.• Tosaíonn Sadie agus Josie, an bheirt deirfiúracha

gránna, ag argóint faoi scuab.• Tagann an mac tíre a fhad le Mamó.• Tagann Cochaillín Dearg isteach.• Feiceann fear agus bean an bheirt pháistí ina luí sa

tsráid ag deireadh an dráma.

Tugann an ghníomhaíocht seo deis do pháistí cur síos a dhéanamh, agus tuiscint níos fearr a fháil, ar phíosaí áirithe sa dráma. Is féidir le duine amháin ón ghrúpa ceist a chur ar na páistí eile: • Cad é atá ag tarlú? • Cé atá sa phictiúr? • Cén uair atá sé ag tarlú? • Cén fáth a bhfuil sé ag tarlú? • Cá háit a bhfuil sé ag tarlú?

Tá sé tábhachtach go bhfuil meas ag gach páiste ar bharúlacha agus ar smaointe a chéile. Ba chóir don mhúinteoir aischothú agus moltaí a thabhairt do na páistí ar dhóigheanna le forbairt a dhéanamh ar na pictiúir reoite agus ar an phlé a dhéantar orthu.

Suíochán TeTabhair cuireadh do laochra éagsúla teacht isteach chuig an seomra ranga. Bíodh suíochán i lár an tseomra nó áit ar féidir leis na páistí uilig sa rang an duine atá sa suíochán a fheiceáil agus a chluinstin go soiléir.

Is fiú don mhúinteoir páirt an chéad chuairteora a ghlacadh – cuirfidh siad i gcéill gur laoch éigin ón dráma iad. Ansin glacfaidh na páistí seal. Is féidir le páistí ceisteanna a chur ar na carachtair éagsúla.

Samplaí de na carachtair ón dráma ar féidir leo a bheith páirteach:• Méabh, Banríon Chonnacht• Séadanta

• Fionn Mac Cumhaill• Bean Fhionn, Úna• Josie – deirfiúr ghránna 1• Sadie – deirfiúr ghránna 2• Cochaillín Dearg• Mac tíre• Bean• Fear• Domhnall• Gráinne• Gasúr saibhir• Girseach shaibhir

Caithfidh páistí smaoineamh ar cheisteanna cuí a bhaineann leis na carachtair – m.sh.Méabh:

Cad é mar a bhí saol in Éirinn fadó? An bhfuil cuma dhifriúil ar Éirinn anois i gcomparáid le hÉirinn fadó? Cad é an rún atá scríofa ar an nóta a fhágann sí?

Ba chóir do pháistí a bheith toilteanach ceisteanna a chur agus a bheith mar aoi speisialta sa suíochán te. Tá sé tábhachtach go mbíonn gach páiste ag éisteacht agus go mbíonn an múinteoir ag breathnú agus ag tabhairt aischothaithe go minic.

TablóI ngrúpaí beaga, tarraing pictiúir/ íomhánna a chuireann síos ar gach radharc, m.sh. Radharc 1 – Domhnall agus Gráinne ag socrú don oíche. Feiceann Gráinne réalta. Radharc 2 – Méabh, Banríon Chonnacht, ag amharc ar pháistí sa tsráid ag imirt cluichí sráide.

Ba chóir do na grúpaí éagsúla cur síos a dhéanamh ar na pictiúir éagsúla. Tig leo a mbarúil a thabhairt faoin dóigh a mothaíonn na carachtair sna pictiúir.

Is féidir leis an mhúinteoir cur síos a dhéanamh ar an íomhá ba chóir a bheith sa phictiúr. Beidh pictiúir éagsúla ag gach grúpa mar gheall ar an léirmhíniú a fhaigheann siad. Tig leis na pictiúir dul in airde in ord radharc os comhair na bpáistí, agus plé a dhéanamh mar rang ar na rudaí atá ag tarlú sna pictiúir.

Beidh an múinteoir ag tabhairt aischothaithe i rith ama ar an léirmhíniú a fuair na páistí ón chur síos a thug sí. Tig leis an mhúinteoir moltaí a thabhairt do na páistí ar na rudaí a oibríonn go maith.

Eoch

airc

héim

1

52Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Oíche Dhraíochta sa ChathairÁiseanna

Áiseanna & Suíomhanna Úsáideacha• www.trócaire.org • www.nicurriculum.org.uk/irish_medium• www.tobar.ie/acmhainn/CochaillinDearg.doc • www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad • Cochaillín Dearg, An Gúm, ISBN 185713078• Luaithríona, An Gúm, ISBN 9781857916751

ÁIS BÁIS A

A

B

C

D

E

F

G

H

I

L

M

N

O

P

Q

R

S

T

U

Z

ea

oi

ui

ia

abcdefghilmnoprstu

Eochairchéim 1

53Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach

Cúlra an DrámaTá an dráma seo fóirsteanach d’Eochairchéim 1, go háirithe lár Rang 3 go dtí tús Rang 4. Tá sé bunaithe ar An Fathach Santach le hOscar Wilde. Is fiú an scéal seo a léamh don rang ar dtús agus plé a dhéanamh air.

Is féidir An Gairdín Dathannach a nascadh le Forbairt Phearsanta – ag díriú isteach ar chairdeas, ar uaigneas agus ar shaint. Beidh go leor deiseanna ann le rólghlacadh a dhéanamh bunaithe ar na gnéithe seo.

Tá cuid mhór tagairtí ann don aimsir agus, mar sin, is féidir téama a bhunú air seo mar chuid de An Domhan Thart Orainn. Ar an ábhar go bhfuil cuid mhór amhrán fite fuaite tríd an dráma, is dóigh iontach é chun teanga a fhorbairt agus a shealbhú. Rachaidh na páistí i dtaithí ar fhocail ardmhinicíochta le linn dóibh na hamhráin a cheol agus an dráma a chleachtadh.

Déantar cur síos sa dráma seo ar pháistí a bhaineann an-sult go deo as a bheith ag súgradh i ngairdín iontach dathannach. Bíonn an gairdín lán de bhláthanna dathannacha, crainn, féileacáin agus páistí. Bíonn sonas agus saoirse ann go dtí go dtagann Feardorcha, an Fathach Gruama ar ais. Is leis féin an gairdín, ach bhí sé imithe le seacht mbliana agus tá sé i ndiaidh filleadh ó theach a dhearthár. Ní thugann sé cead do na páistí a bheith ag súgradh sa ghairdín a thuilleadh. Tá gach rud faoi bhrón agus faoi ghruaim mar gheall air seo. Socraíonn na bláthanna agus na duilleoga ar dhul ar ais isteach faoin chré mar go bhfuil gruaim sa ghairdín anois i ndiaidh don fhathach filleadh ar ais.

Tagann na séasúir chuig gach gairdín eile. Ach fanann an geimhreadh i ngairdín an fhathaigh. Socraíonn lucht na adhaimsire cóisir a bheith acu. Téann Séimí Seaca, Seán Sneachta, An Ghaoth Aduaidh agus Clochshneachta ar fiáin. Déanann siad ollscrios.

Ní thuigeann an Fathach cén fáth nár tháinig an t-earrach chuig a ghairdín. Titeann sé ina chodladh go huaigneach agus go brónach. Nuair a mhúsclaíonn sé an mhaidin dár gcionn, tá an gairdín faoi bhláth. Cuirtear fáilte roimh na páistí agus bíonn cóisir mhór ann. Feictear gur cairde iad an fathach agus na páistí agus tá ceiliúradh mór ann.

Na Réimsí Foghlama:Forbairt Phearsanta: Cairdeas, maithiúnas, saint, ceiliúradh, iarmhairt ghníomhartha.An Domhan Thart Orainn: An aimsir, an t-earrach, an geimhreadh.Litearthacht: Forbairt teanga, carachtair, caint, rólghlacadh, léitheoireacht chomhpháirteach.Ealaín: Seit a thógáil, frapaí a dhearadh.Ceol: Uirlisí a úsáid agus a ainmniú, uirlisí a úsáid le cur síos ar an aimsir, amhránaíocht.

An tArdánBíonn 3 cúlbhrat éagsúla le feiceáil. • Ar an chéad cheann, is féidir páistí a fheiceáil ag

súgradh i ngairdín iontach dathannach. Thiocfadh leis an rang bláthanna a dhéanamh agus a ghreamú den seit. Is féidir gealra agus páipéar daite a úsáid le cuma thríthoiseach a chur ar rudaí áirithe sa radharc.

• Ar an dara cúlbhrat, is féidir fathach ollmhór a fheiceáil in aice balla. Thiocfadh ábhair éagsúla a úsáid le cur ar éadaí agus ar chorp an fhathaigh. Thiocfadh péint agus gaineamh a mheascadh agus a úsáid le cur ar an bhalla.

• Ar an tríú cúlbhrat, is féidir aimsir a bhaineann leis an gheimhreadh a fheiceáil – thiocfadh leis a bheith roinnte ina cheithre phíosa – 1. clochshneachta, 2. sioc, 3. sneachta, 4. gaoth.

Eoch

airc

héim

1

54Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachRéamhullmhúchán

Beidh gach páiste ag obair ar an seit. Bíonn éadach nó páipéar céir úsáideach mar bíonn siad solúbtha. Is féidir na páistí a chur i ngrúpaí le bheith ag obair ar rudaí áirithe a bhaineann leis an seit, nó thiocfadh leo a bheith ag obair ar chúlbhrat amháin de réir a chéile, agus deis a bheith ag gach páiste cur leis.

Ar an ardán, is féidir na trí chúlbhrat a bheith in airde an t-am ar fad, nó is féidir iad a úsáid de réir mar a thiteann an dráma amach.

CarachtairIs féidir le páistí cúpla páirt a bheith acu ag brath arlíon na bpáistí sa rang. Bíonn cuid mhór páistí ar an ardán an t-am ar fad. Is féidir le páiste páirt a bheithacu mar bhláth, féileacán, crann, srl., cúpla uair agusgan de dhíth ach masc nó éadaí cuí a bheith ar láimh lena n-athrú.

Páistí: Bíonn páistí ar an ardán i rith ama, ar fud an ardáin ina suí nó seasamh. Beidh siad ag ceol cuid mhór le linn an dráma. Beidh cuid eile ag teacht go tosach an ardáin le labhairt.

Lus an Chromchinn: Páirt bheag. Ag comhrá leis an fhéileacán.

Féileacán: Páirt mheasartha. Ag comhrá le bláthanna.

Crócas: Páirt bheag. Ag comhrá leis an fhéileacán.

Feardorcha: Príomhpháirt. An fathach.

Rós: Páirt bheag. Ag plé leis an chrann faoin easpa sonais sa ghairdín.

Crann: Páirt bheag. Ag plé leis an rós.

Séimí Seaca: Páirt mheasartha. Eagraíonn sé féin agus Seán

Sneachta cóisir sa ghairdín.

Seán Sneachta: Páirt mheasartha. Cairdiúil le Séimí Seaca.

An Ghaoth Aduaidh: Páirt mheasartha. Tagann sé chuig cóisir an gheimhridh.

Clochshneachta: Páirt bheag. Tagann sé chuig cóisir an gheimhridh.

Lon dubh: Páirt bheag. Ag plé leis an fhuiseog faoi philleadh an tsonais.

Fuiseog: Páirt bheag. Ag plé leis an lon dubh.

3 cheoltóir: Páirteanna beaga. Ceoltóirí gléasta mar divas.

Cailín & Gasúr Páirteanna beaga. Cuireann siad Draíochta: in iúl gur tugadh maithiúnas don fhathach.

FeisteasÉadaí cuí ag brath ar na carachtair. Ar an ábhar go bhfuil cuid mhór páistí sa dráma, is féidir leo siúd a gnáthéide a chaitheamh.Is féidir péint aghaidhe a úsáid ag brath ar an charachtair. Aire: Bí cúramach ar eagla go mbeadh ailéirge ag páiste ar bith.

Fathach: Ba chóir gur duine ard a ghlacfadh páirt an fhathaigh. Is féidir áibhéil a dhéanamh ar chodanna áirithe den chorp le cuma níos mó a chur air, m.sh. buataisí móra a dhéanamh agus a mhaisiú, hata ard daite a chur ar cheann an charachtair, srl.

Bláthanna: Éadaí glasa ar an chorp ar fad. Masc a dhéanamh i gcruth blátha – pláta páipéir le péint bhuí, poill gearrtha amach do na súile, peitil gearrtha amach ó chairtchlár, maisithe le páipéir dhaite agus greamaithe den mhasc.

Féileacán: Éadaí daite, eiteoga siméadracha, banda gruaige déanta as réiteoirí píopa. (f.ch. adhaircíní)

Séimí Seaca: Éadaí liatha nó airgid. Is féidir péint spraeála a úsáid le seanéadaí/brógaí a phéinteáil.

Seán Sneachta: Éadaí bána, bréagfholt bán, féasóg bhán.

Eochairchéim 1

55Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachRéamhullmhúchán

An Ghaoth Aduaidh: Éadaí gorma. Is féidir masc a dhéanamh ó phláta páipéir, páipéar nuachta agus téip chumhdach a úsáid le leicne bolgacha a chur air. Is féidir péint ghorm a chur ar an mhasc agus péint dhearg ar na leicne.

Clochshneachta: Éadaí bána. Is féidir triantáin spíceacha a ghearradh amach as cúr plaisteach agus péint bhán a chur orthu. Thiocfadh iad a fhuáil go simplí ar na héadaí bána.

Crann: Éadaí donna. Is féidir géaga a dhéanamh as páipéar nuachta. Roll leathanach den pháipéar nuachta go teann agus ansin clúdaigh le téip chumhdach é. Cuir péint dhonn ar an ghéag. Is féidir duilleoga glasa a ghearradh amach agus a ghreamú ar an ghéag le sreang. Déan cuid mhór géag sa dóigh seo agus greamaigh ar éadaí an chrainn iad le stáplaí – ag déanamh cinnte go bhfuil na píosaí géara ar an taobh amuigh.

Cailín & Gasúr Draíochta: Gnáthéide. Is féidir gealra a úsáid ar chuid de na héadaí, m.sh. bróga, hata, lena taispeáint go bhfuil siad difriúil leis na páistí eile.

Éanlaith: Éadaí buí – briste buí, geansaí cochaill bhuí, éadach buí (feilt más féidir), paicéad cleití, súile gúglála, scáthlán buí. Is féidir fallaing a dhéanamh as éadach buí – gearr amach poll mór go leor don cheann dul isteach air. Greamaigh cleití difriúla de. Cuir thar an geansaí cochaill é. Is féidir súile gúglála a ghreamú den chochall agus é in airde ar chloigeann an pháiste.

FrapaíIs féidir na frapaí a dhéanamh mar chuid den Ealaín agus mar chuid de Theicneolaíocht na Faisnéise. Is féidir le páistí obair a dhéanamh go haonarach, i mbeirteanna nó i ngrúpaí. Is fiú frapaí úsáideacha a bhailiú ón bhaile. Ba chóir frapaí ar bith a bailíodh nó a rinneadh a choinneáil le chéile in áit lárnach lena n-úsáid do dhrámaí nó rólghlacadh a thiteann amach sa scoil.

Liosta Frapaí (Is féidir cur leis seo nó é a athrú de réir mar is gá):

Bláthanna móra – gach cineál agus gach méidCúpla crannTuar ceathaBrící (le tógáil thart ar an ghairdín)Pictiúr mór den earrachPictiúr mór den gheimhreadhLiathróidí déanta as páipéar nuachta (clochshneachta)Grian mhór

Eoch

airc

héim

1

56Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachAn Dráma

(Feictear gairdín. An t-earrach atá ann. Tá na crainn faoi bhláth. Feictear bláthanna dathúla gach áit ar an ardán.Tá páistí ag súgradh go sona sásta. Tá páistí eile ina suí nó ina seasamh le chéile i mbeirteanna nó i ngrúpaí agus áthas orthu).

Gach páiste: (Ag ceol le fonn ‘Hole in My Bucket’). Ó, amharc ar an ghairdín, An gairdín, an gairdín Ó amharc ar an ghairdín An gairdín deas mín.

(Tagann beirt pháistí amach chuig tosach an ardáin. Bíonn siad ag gáire agus ag súgradh).

Gach páiste: (Ag ceol le fonn ‘Hole in My Bucket’). Bíonn spórt ag na páistí, Na páistí, na páistí, Bíonn spórt ag na páistí Ó mhaidin go hoích’.

Páiste 1: Nach méanar dúinn gur féidir linn a bheith ag súgradh agus ag spraoi sa ghairdín álainn seo?

Páiste 2: (Go háthasach) Na bláthanna, na crainn agus na dathanna. Ó, is cinnte go bhfuil an t-ádh linn!

(Leanann siad orthu ag súgradh agus ag bualadh bos. Tagann lus an chromchinn agus féileacán amach).

Lus an Chromchinn: Amharc ar gach páiste agus iad chomh sona sásta. Tá súil agam nach dtiocfaidh Feardorcha, an Fathach Gruama, ar ais óna laethanta saoire go ceann i bhfad.

Féileacán: Is fíor duit mar is leisean an caisleán seo.

Lus an Chromchinn: Ní maith leis páistí a bheith ina ghairdín.

Páistí: (Ag ceol le fonn ‘Bobby Shaftoe’). Ó, ó, ní maith leis páistí! Ó, ó, ní maith leis páistí! Ó, ó, ní maith leis páistí! Ní maith leis páistí ina ghairdín!

(Is féidir gníomhaíochtaí a chur leis an amhrán seo).

Féileacán: D’imigh sé seacht mbliana ó shin le cuairt a thabhairt ar a dheartháir.

Bláth: Caint, caint, caint an lá ar fad. Caithfidh go bhfuil a bhéal nimhneach. (ag cur láimhe lena béal).

Gach páiste: Geabaireacht, geabaireacht gan stad gan staonadh!

(Tagann crócas amach chun tosaigh).

Crócas: Ní fhaca mé an gairdín seo riamh chomh dathannach! Is breá liom na dathanna!

Rian 9

Eochairchéim 1

57Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachAn Dráma

Féileacán: Tá sé cosúil le tuar ceatha ag lonrú sa spéir!

(Seasann an féileacán, lus an chromchinn agus an crócas le lámha thart timpeall ar a chéile).

Gach páiste: (Ag ceol le fonn ‘I Can Sing a Rainbow’). Dearg is buí; Corcra is gorm. Is breá linn na dathanna thart faoin áit. Tá siad go hálainn, álainn, álainn. (× 2)

(Imíonn na bláthanna agus an féileacán amach. Cluintear coiscéimeanna ag teacht agus ag teacht níos cóngaraí).

Gach páiste: BÚM, BÚM, BÚM

(Is féidir le cúpla páiste bodhrán agus/nó druma a bhualadh)

Páiste 1: Thall anseo!

Páiste 2: Thall ansiúd! Páiste 3: Fathach CROSTA!

Páiste 4: Fathach UAIGNEACH!

Gach páiste: Fathach SANTACH!

(Gach páiste ag amharc ar a chéile le hiontas agus le heagla)

(Tagann Feardorcha an Fathach isteach. Níl cuma róshásta air. Tá cuma scanraithe ar na páistí. Tá cúpla páiste ag súgradh sa ghairdín).

Feardorcha: Cé faoin spéir a thug cead daoibh spórt agus spraoi a bheith agaibh i mo ghairdín? Hmmmmm. Chomh dímhúinte agus dalba libh!

(Is léir go mbaintear geit as na páistí).

Páiste 1: Ach…ach tá muid ag súgradh.

Páiste 2: Níl gairdín chomh draíochtach agus chomh speisialta leis seo áit ar bith eile ar domhan.

Gach páiste: Ní bheidh a leithéid ann arís. Chomh draíochtach!! Chomh speisialta!!

Feardorcha: Draíochtach!!? Draíochtach, an ea? IMÍGÍ! Imígí libh anois. Tá mé dubh dóite libh. Is liomsa an gairdín seo. AON……DÓ….

(Ritheann na páistí ar shiúl agus iad scanraithe).

Gach páiste: (Ag ceol agus iad i mbun gníomhaíochtaí le fonn ‘I’ll Tell My Ma’). Rith, rith, rith ar nós na gaoith’, A pháistí beaga, hí, hí, hí. Rith, rith, rith ar nós na gaoith’ Ní maith le Feardorcha amaidí ’r bith.

Rian 13

Eoch

airc

héim

1

58Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Feardorcha: Ní bheidh CEAD ag na páistí dalba sin teacht ar ais chuig an ghairdín seo CHOÍCHE! Déanfaidh mé cinnte de sin!!

(Feictear Feardorcha ag tógáil balla ar imeall an ardáin. Is féidir le páistí brící a chaitheamh fhad leis).

Páiste 1: Thóg Feardorcha balla millteanach mór thart ar an ghairdín ghalánta!

Páiste 2: Chomh santach! Chomh…chomh glic!

Gach páiste: Chomh brónach! Chomh truacánta!

(Feictear beirt pháistí ag siúl thart leis an ghairdín. Amharcann siad isteach).

Páiste 3: Is trua nach féidir linn dul isteach sa ghairdín álainn sin a thuilleadh.

Páiste 4: Nach muid a bhí chomh sona sásta ansin?

(Amach leo).

Gach páiste: (Ag ceol le fonn ‘Polly Put the Kettle On’). Slán leis an spraoi,

Slán leis an súgradh, Slán leis an earrach. Tá muid croíbhriste.

Páiste 1: Tá na bláthanna agus na crainn millteanach, millteanach brónach.

Gach páiste: Mar níl cead ag na páistí súgradh sa ghairdín draíochta.

(Feictear rós agus crann ag teacht chun tosaigh).

Rós: Tá mise ag dul ar ais faoin chré. Níl sonas ar bith fágtha anseo.

Crann: Rachaidh mé féin agus mo dhuilleoga uilig inár gcodladh fosta.

Rós & Crann: Músclóidh muid nuair a thagann na páistí ar ais le súgradh sa ghairdín.

Gach páiste: (Ag ceol le fonn ‘Oró mo Bháidín’). Rachaidh muid a chodladh

Óir níl páistí ann. Óró, na páistí. An fathach santach, Níl se lách. Oró, na páistí.

(Tagann athrú ar chuid den ardán. In áit an earraigh, feictear an geimhreadh. Múchtar na soilse ar feadh bomaite).

Gach páiste: Tháinig an t-earrach chuig gach gairdín eile…

Páiste 2: …ach d’fhan an geimhreadh i ngairdín an fhathaigh.

(Tagann Séimí Seaca agus Seán Sneachta amach).

Séimí Seaca: Yóoóóó! Rinne an t-earrach dearmad ar an ghairdín seo. Yóóóóóóóó!

An Gairdín DathannachAn Dráma

Rian 10

Eochairchéim 1

59Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachAn Dráma

Seán Sneachta: Beidh cóisir againn AN BHLIAIN AR FAD!

Gach páiste: Sioctha, sioctha, sioctha, Ó, tá mé chomh sioctha. Ó bhun go barr mo choirp!!

Séimí Seaca: AR DÓIGH!!

Seán Sneachta: Ar dó..dó…dó…dú dóigh!!

Séimí Seaca: Craic is spraoi!

Seán Sneachta: Gan stad ar bith!!

Gach páiste: Chuir Séimí agus Seán fios ar An Ghaoth Aduaidh.

Séimí Seaca: A Ghaoth Aduaidh!! A Ghaoth Aduaidh!! Tar chuig ár gcóisir!

Seán Sneachta: Is bí ag séideadh AN BHLIAIN AR FAD!! Húrá!

(Tagann An Ghaoth Aduaidh isteach agus í iontach tógtha).

An Ghaoth Aduaidh: An bhliain AR FAD!? Ó, ní féidir mé a stopadh.

(Déanann sí damhsa beag agus luascann sí Seán Sneachta agus Séimí Seaca thart.)

Gach páiste: (Ag ceol le fonn ‘Nigh na hÉadaí’). Gaoth Aduaidh, Gaoth Aduaidh, Séid agus séid gan stop ar bith!

Gaoth Aduaidh, Gaoth Aduaidh, Ní ortsa a bheas an chumha!

An Ghaoth Aduaidh: Ó is BREÁ liom a bheith ag séideadh gan stop! Tá mé ar muin na muice! Ó, ba chóir dúinn fios a chur ar an chloch shneachta!!

Séimí Seaca, Seán Sneachta & An Ghaoth Aduaidh: A Chloch shneachta, a chloch shneachta. Tar chuig ár gcóisir.

Gach páiste: Craic agus spraoi gan stad ar bith!!

(Isteach leis an Chloch shneachta agus é ar bís).

Cloch Sneachta: Seo mé!! Seo mé!!

Gach páiste: (Ag ceol le fonn ‘Listen to the Rhythm of the Falling Rain’). Ó, éist leis an chloch shneachta ag titim,

Ag titim go trom gach áit, Le fearg is le callán is trua a ráit’. Buail, buail gan stop ar bith!

Rian 5

Eoch

airc

héim

1

60Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

Páiste 3: Chaith an chloch shneachta an bhliain ar fad ag….

Páiste 4: …bualadh agus ag bualadh ar dhíon chaisleán Fheardorcha!

Séimí Seaca & Seán Sneachta: Sioctha! Sioctha!

An Ghaoth Aduaidh & Cloch Sneachta: Scrios! Scrios! Gan stad gan staonadh!

(Ritheann siad ar fiáin ar fud an ardáin ag déanamh fuaimeanna a bhaineann leis an ghaoth, cloch shneachta, sioc agus sneachta. Is féidir uirlisí ceoil a úsáid leis seo a chur in iúl. Amach leo. Isteach le Feardorcha an Fathach).

Fathach: Ní thuigim seo! Cén fáth a bhfuil an t-earrach chomh mall sin i mbliana? Ba bhreá liom aimsir níos fearr a bheith ann. Tá mé chomh fuar… agus chomh huaigneach sin.

Gach páiste: (ag déanamh trua dó). ÁÁÁ. Och. Ochón.

(Luíonn Feardorcha síos go dtiteann ina chodladh. Cluintear é ag srannadh).

Gach páiste: Maidin álainn amháin, chuala Feardorcha ceol binn sa ghairdín.

(Feictear Feardorcha ag múscailt agus ag déanamh méanfach. Tá páistí ar ais ag súgradh sa ghairdín. Tá dhá éan bheaga – Lon dubh agus Fuiseog – ag caint lena chéile).

Lon dubh: Tá mé chomh…chomh háthasach, a fhuiseoigín. Tá sonas san aer agus tá draíocht ar ais againn.

Fuiseog: Ó, amharc na páistí. Nach iontach an radharc é!?

(Éiríonn Feardorcha agus é lán iontais).

Feardorcha: Seo an t-earrach linn faoi dheireadh. Tá an geimhreadh imithe!!

(Tagann 3 cheoltóir chun tosaigh. Tá siad cosúil le popcheoltóirí – gléasta go snasta).

3 Cheoltóir agus Gach páiste: (Ag ceol le fonn ‘Here Come’s the Sun’). Seo í an ghrian ’Thaisce bhig (3 cheoltóir) Seo í an ghrian A stóirín (3 cheoltóir) Seo í an ghrian Is deirim (3 cheoltóir) Tá sé go breá, Tá sé go breá (go breá)! (3 cheoltóir)

Feardorcha: (go háthasach) Amharc – na crainn! Amharc – na bláthanna! Amharc – na páistí! Sonas is áilleacht! Ó nach mé a bhí chomh santach agus dalba….

(Tagann gasúr agus cailín beag draíochta fhad leis an fhathach.)

An Gairdín DathannachAn Dráma

Eochairchéim 1

61Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachAn Dráma

Gasúr agus Cailín Draíochta: A fhathaigh – an dtabharfá cuidiú dúinn? Ba mhaith linn barróg a thabhairt duit.

Feardorcha: Tá mé iontach, iontach buartha go raibh mé chomh santach. Ba mhaith liom an gairdín a roinnt le gach duine anois.

(Glacann an triúr lámh lena chéile agus déanann siad damhsa i gciorcal. Is féidir ceol bríomhar, áthasach a chur sa tsiúl).

Gasúr agus Cailín Draíochta: Beidh muidne mór leat i gcónaí.

Feardorcha: Is libhse an gairdín seo, a pháistí. Tig le spórt agus spraoi a bheith ag gach duine. Leagfaidh mé an balla seo!

Gasúr agus Cailín Draíochta: Gach duine, craic is spraoi. Cóisir mhór anseo i ngairdín draíochta an fhathaigh. Nach é atá cineálta!

Páiste 1: A hAon

Páiste 2: A Dó

Páiste 3: A Trí

Gach páiste: (Ag ceol le fonn ‘Brown Girl in the Ring’). Cairde le chéile, Trá lá lá lá lá. Cairde le chéile, Trá lá lá lá lá lá. Cairde le chéile Go sona sona sásta!

AN DEIREADH

Rian 11

Eoch

airc

héim

1

62Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Na hAmhráin

Na hAmhráin Is dóigh iontach iad na hamhráin chun cur le saibhreas teanga an pháiste. Tógann siad an teanga go gasta ar an ábhar go mbíonn cuid mhór athrá ann. Is féidir le múinteoirí foinn shimplí nó foinn atá ar eolas ag na páistí cheana féin a úsáid lena n-amhráin féin a chumadh le dul le dráma ar bith nó le hábhair eile sa seomra ranga.

Sa dráma seo, An Gairdín Dathannach, beidh an Cór, is iad sin na páistí a bhíonn ar an ardán an t-am ar fad, ag ceol na n-amhrán seo thíos. Is féidir cur leis na hamhráin nó iad a athrú le cur le riachtanais na bpáistí agus an mhúinteora.

Cuireann sé le heispéireas na bpáistí má bhaintear úsáid as uirlisí ceoil le linn na hamhráin seo a cheol. Is féidir ainmneacha na n-uirlisí a phlé, cur síos a dhéanamh ar na fuaimeanna agus taithí a fháil ar iad a sheinm chomh maith. Thiocfadh fuaimeanna na n-uirlisí a úsáid le cur síos a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ar leith, m.sh. nuair atá an fathach ag teacht is féidir druma a úsáid – cuireann seo in iúl dúinn go bhfuil sé callánach agus scanrúil.

Is féidir gníomhaíochtaí a dhéanamh leis na hamhráin, agus foclóireacht a dhaingniú san am céanna. Thiocfadh na focail a chur in airde ar chlár idirghníomhach nó ar chlár bán le go bhfeicfidh na páistí iad agus an rang ag dul do na gníomhaíochtaí. Thiocfadh le páistí sealaíocht a dhéanamh i mbun gníomhaíochtaí os comhair an ranga fad is atá gach duine ag ceol.

Is féidir leis na páistí pictiúir a dhéanamh i ngrúpaí, bunaithe ar na hamhráin, agus iad a chur in airde le linn na ngníomhaíochtaí le cur lena dtaithí agus lena dtuiscint.

Amhrán 1(Ag ceol le fonn ‘Hole in My Bucket’).

Ó, amharc ar an ghairdín, An gairdín, an gairdín

Ó amharc ar an ghairdínAn gairdín deas mín.

Bíonn spórt ag na páistíNa páistí, na páistí,

Bíonn spórt ag na páistíÓ mhaidin go hoích’.

a. D’fhéadfá gairdín mór draíochta a dhéanamh mar thaispeántas ranga. Thiocfadh plean a dhéanamh ar dtús faoi na rudaí a bheas in bhur ngairdín draíochta. Déan plé leis an rang faoi na rudaí, dar leis na páistí, a bhíonn i ngairdín draíochta. Thiocfadh Vivaldi – An t-earrach a chur a dhul le samhlaíocht na bpáistí a spreagadh. Is féidir leis an mhúinteoir íomhánna de na rudaí seo a bhreacadh síos ar chlár bán agus na focail chuí in aice leo. Nuair atá na híomhánna uilig socraithe ag an rang, thiocfadh páistí a chur i mbeirteanna le cúpla rud ón liosta a dhéanamh don taispeántas. Is fiú ábhair éagsúla a bheith ar na táblaí le go mbeidh na páistí réidh le tosú - páipéar daite, páipéar síoda, siosúr, marcóirí, criáin, glae, pastail, ábhair cheardaíochta eile atá sa seomra ranga.

Lig do shamhlaíocht na bpáistí a bheith saor. Is féidir leis an mhúinteoir páipéar glas nó gorm a chur ar bhalla taispeántais roimh ré. Agus na páistí ag obair i mbeirteanna, tig leo a gcuid oibre a chur in airde. Le cur leis an taispeántas, tig le páistí focail chuí a scríobh amach a bhaineann leis an ghairdín agus iad a chur in airde ar an taispeántas.

Eochairchéim 1

63Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachNa hAmhráin

Amhrán 2(Ag ceol le fonn ‘Bobby Shafteo’).

Ó, ó, ní maith leis páistí!Ó, ó, ní maith leis páistí!Ó, ó, ní maith leis páistí!

Ní maith leis páistí ina ghairdín

a. Le linn am ciorcail, is féidir leis an rang labhairt faoi rudaí nach maith leo. Is féidir leis an mhúinteoir tosú – ‘Ní maith liom…… mar……’. Tabhair seans dóibh míniú a thabhairt ar an fháth nach maith leo rud éigin. Agus sin críochnaithe, iarr ar na páistí a mbarúil a nochtadh faoin dóigh nach maith leis an fhathach páistí – An bhfuil sé ceart nach maith leis an fhathach páistí? An bhfuil sé ceart nach bhfuil cead ag na páistí a bheith ag súgradh sa ghairdín? Cén fáth?

b. Is féidir leis na páistí pictiúr a tharraingt de rud amháin nach maith leo agus pictiúr de rud amháin is maith leo. Do pháistí i Rang 4, thiocfadh leo míniú a thabhairt ar an fháth gur/nach maith leo rud éigin.

Amhrán 3(Ag ceol le fonn ‘I Can Sing a Rainbow’).

Dearg is buí; Corcra is gorm. Is breá linn na dathanna thart faoin áit.Tá siad go hálainn, álainn, álainn. (× 2)

a. Beidh deis ag an mhúinteoir dul siar ar na dathanna uilig leis na páistí. Is féidir ceacht a bhunú ar an dóigh le péint a mheascadh le dathanna áirithe a dhéanamh.

Dearg & Buí = Oráiste Buí & Gorm = Glas Gorm & Dearg = Corcra

b. Is fiú don mhúinteoir dul siar ar dhathanna an tuair cheatha agus íomhá de thuar ceatha a thaispeáint don rang. Cuir péint nó na dathanna cuí ar an teimpléad (Féach Áis A).

Amhrán 4(Ag ceol le fonn ‘I’ll Tell My Ma’).

Rith, rith, rith ar nós na gaoith’,A pháistí beaga, hí, hí, hí.

Rith, rith, rith ar nós na gaoith’Ní maith le Feardorcha amaidí ’r bith.

a. Is féidir gníomhaíochtaí a dhéanamh bunaithe ar an rann seo. Ar an chéad dul síos, is féidir le páistí a bheith ag rith ar an láthair le tagairt a dhéanamh de rith, rith, rith ar nós na gaoithe. Thiocfadh seo a athrú go ag siúl, ag léim, ag tiontú, ag síneadh, srl. Ar an dóigh seo beidh páistí ag dul siar ar bhriathra.

Rian 9

Rian 13

Eoch

airc

héim

1

64Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Na hAmhráin

Amhrán 5(Ag ceol le fonn ‘Polly Put the Kettle On’).

Slán leis an spraoi,Slán leis an súgradh,Slán leis an earrach.Tá muid croíbhriste.

a. Déan plé ar an chiall atá le croíbhriste – gurb ionann sin agus a bheith iontach brónach. Is féidir íomhá d’aghaidh bhrónach agus de chroí briste a thaispeáint do na páistí. (Féach Áis B). Mar chuid d’Am Ciorcail, cuir teidí nó puipéad thart agus tabhair deis do na páistí labhairt faoi am ar mhothaigh siad féin croíbhriste. Cuirfidh an múinteoir tús leis – ‘Bhí mise croíbhriste nuair……’.

Amhrán 6(Ag ceol le fonn ‘Oró mo Bháidín’).

Rachaidh muid a chodladh Óir níl páistí ann.

Oró, na páistí. An fathach santach,

Níl se lách. Oró, na páistí.

a. Sa chuid seo den dráma, socraíonn na bláthanna agus na plandaí dul a luí toisc nach bhfuil cead ag na páistí a bheith ag súgradh sa ghairdín. Labhair faoin chiall atá leis na focail santach agus lách. Labhair faoi uaireanta is féidir a bheith santach agus lách. Cuir na páistí i ngrúpaí beaga agus iarr orthu rólghlacadh a dhéanamh bunaithe ar ócáid a bhaineann le bheith lách agus ócáid a bhaineann le bheith santach. Labhair faoin tréith is fearr a bheith agat mar dhuine – bheith santach nó bheith lách.

Amhrán 7(Rím).

Sioctha, sioctha, sioctha,Ó, tá mé chomh sioctha.

Ó bhun go barr mo choirp!!

a. Is féidir gníomhaíochtaí a dhéanamh bunaithe ar an dóigh a dtéann rudaí áirithe i bhfeidhm orainn. • Nuair a bhímid sioctha, bíonn ár gcorp ar crith. • Nuair a bhímid te, déanann muid miongháire. • Nuair a bhíonn ocras orainn, bíonn bolg nimhneach againn.• Nuair a bhíonn tart orainn, bíonn muid lag.• Nuair a bhíonn imní orainn, bíonn muid ag caoineadh.• Nuair a bhíonn tuirse orainn, bíonn muid crosta.• Nuair a bhíonn fearg orainn, bíonn muid dearg san aghaidh.

Rian 10

Eochairchéim 1

65Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachNa hAmhráin

Amhrán 8(Ag ceol le fonn ‘Nigh na hÉadaí’).

Gaoth Aduaidh, Gaoth Aduaidh,Séid agus séid gan stop ar bith!Gaoth Aduaidh, Gaoth Aduaidh,

Ní ortsa a bheas an chumha!

a. Is féidir ceachtanna a bhunú ar an ghaoth (Féach Áis C). Déan plé ar an ghaoth agus ar na tréithe atá aici. Is féidir leis an rang plé a dhéanamh ar na haidiachtaí a bhaineann leis an ghaoth agus taispeántas a dhéanamh bunaithe air seo sa seomra ranga.

Amhrán 9(Ag ceol le fonn ‘Listen to the Rhythm of the Falling Rain’).

Ó, éist leis an chloch shneachta ag titim,Ag titim go trom gach áit,

Le fearg is le callán Is trua a ráit’.Buail, buail gan stop ar bith!

a. Taispeáin íomhá de dhuine feargach do na páistí (Féach Áis D). Cuir ceist ar an rang faoin dóigh a mothaíonn an duine sa phictiúr. Déan plé ar uaireanta a mhothaigh siad féin feargach. Is féidir le páistí a bheith ag obair i mbeirteanna agus rólghlacadh a dhéanamh bunaithe ar fhearg.

b. Ag úsáid uirlisí ceoil is féidir leis an rang cur síos a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den aimsir. Cuir bosca atá lán d’uirlisí i lár ciorcail nó in áit ar féidir leis na páistí é a fheiceáil. Is deis mhaith í seo le dul siar ar ainmneacha na n-uirlisí. Tig leis an mhúinteoir ceist a chur ar pháistí na huirlisí a ainmniú agus fuaim a bhaint astu. Is féidir íomhánna éagsúla den aimsir a thaispeáint don rang, m.sh. an ghrian, sneachta, fearthainn, cloch shneachta srl. (Féach Áis C). Fiafraigh de na páistí cén uirlís, dar leo, a chuireann síos ar staid na haimsire.

Amhrán 10(Ag ceol le fonn ‘Here Comes the Sun’).

Seo í an ghrian’Thaisce bhig (3 cheoltóir)

Seo í an ghrianA stóirín (3 cheoltóir)

Seo í an ghrianIs deirim (3 cheoltóir)

Tá sé go breá, Tá sé go breá! (3 cheoltóir)

a. Lá grianmhar, is féidir le gach páiste leathanach a chur síos ar thalamh an chlóis agus clocha troma a úsáid leis an leathanach a choinneáil ar an talamh. Agus na páistí ag obair i mbeirteanna, tig le páiste amháin scáth a charad a rianú agus ansin malartú a dhéanamh. Bí cinnte go bhfuil na páistí ina seasamh san áit cheart lena scáth a aimsiú. Ansin is féidir le gach páiste a scáth a dhathú isteach le marcóirí nó le péint.

Rian 5

Eoch

airc

héim

1

66Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Na hAmhráin

Amhrán 11(Ag ceol le fonn ‘Brown Girl in the Ring’).

Cairde le chéile,Trá lá lá lá lá.

Cairde le chéile,Trá lá lá lá lá lá.Cairde le chéile

Go sona sona sásta!

a. Labhair faoin tábhacht a bhaineann le cairdeas. Le linn Am Ciorcail, is féidir le gach páiste lámh a chéile a thógáil agus an t-amhrán seo a cheol. Déan plé ar an fáth a bhfuil cairde de dhíth orainn. Taispeáin pictiúr de pháiste ina aonar (Féach Áis D) agus labhair faoin dóigh a mothaíonn sé agus an chuma atá air. Socraigh go mbeidh cara speisialta ag gach páiste sa rang gach seachtain. Is féidir seo a dhéanamh má chuirtear ainm gach páiste i mála speisialta ag tús gach seachtaine agus dhá ainm a chur le chéile – na hainmneacha a chuirtear le chéile, is cairde speisialta iad agus caithfidh siad iarracht a dhéanamh aire a thabhairt dá chéile. Is féidir ainmneacha na cairde speisialta a chur in airde sa seomra ranga sa dóigh is go bhfeicfidh na páistí iad.

Rian 11

Eochairchéim 1

67Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachGníomhaíochtaí

Pictiúr ReoiteCuir na páistí i ngrúpaí nó i mbeirteanna le pictiúir reoite a dhéanamh bunaithe ar na rudaí seo a leanas:• An bomaite a chluintear coiscéimeanna an

fhathaigh ag teacht ar ais chuig an ghairdín. Cad é mar a mhothaíonn na páistí? An bhfuil

scanradh orthu? An bhfuil eagla orthu? Is féidir plé a dhéanamh ar na mothúcháin agus cur síos a dhéanamh orthu ag baint úsáid as an aghaidh.

Mothúcháin: EAGLA, BUAIRT, SCANRAITHE, ÁTHASACH, SÁSTA, TUIRSEACH, UAIGNEACH, GRÁMHAR srl.

Is féidir tógáil ar an cheacht seo sa rang agus labhairt

faoin dóigh a mothaíonn muid gach lá. Is féidir a mhíniú do na páistí gur rud iontach é go mbíonn mothúcháin againn. Is féidir cóipleabhar a thabhairt do na páistí (is féidir Leabhar na Mothúchán a thabhairt air) agus deis a thabhairt dóibh a gcuid mothúchán a scríobh isteach ann gach lá. Is féidir pictiúir de na mothúcháin éagsúla a chur in airde ar an bhalla le tacaíocht a thabhairt do na páistí. Bain úsáid as Áiseanna E-L le cur síos a dhéanamh ar na mothúcháin.

• Feardorcha an Fathach ag tógáil balla thart timpeall an ghairdín.

Cad iad na smaointe atá ag dul trí chloigeann an fhathaigh?

Cad iad na haidiachtaí a thiocfadh a úsáid le cur síos a dhéanamh air?

Aidiachtaí: SANTACH, UAIGNEACH, DALBA, CINEÁLTA, GRÁMHAR, CAIRDIÚIL

Thiocfadh leis an mhúinteoir MÍM a dhéanamh leis na haidiachtaí seo a mhíniú. Thiocfadh leis na páistí é seo a dhéanamh i mbeirteanna chomh maith i ndiaidh dóibh an obair ar an phictiúr reoite a chríochnú.

Mar shíneadh leis an obair seo, thiocfadh dhá aidiacht a roghnú gach seachtain agus deis a thabhairt do na páistí rólghlacadh a dhéanamh bunaithe orthu. Ar an dóigh seo, gheobhaidh siad léargas níos doimhne ar chiall na n-aidiachtaí. Thiocfadh grianghraf a ghlacadh de pháistí ag déanamh rólghlacadh bunaithe ar na haidiachtaí éagsúla agus é a ghreamú in aice leis an aidiacht chuí i Leabhar Mór na nAidiachtaí.

• An t-am a socraíonn an Rós agus an Crann ar dhul ar ais faoin chré toisc nach bhfuil sonas ar bith fágtha sa ghairdín.

Is féidir plé a dhéanamh leis na páistí faoi na rudaí a bhíonn de dhíth ar phlandaí agus ar bhláthanna le fás.

An bhfuil an ghrian ag soilsiú? Cad é an séasúr atá ann sa ghairdín anois? Cad é a tharlaíonn sa gheimhreadh? Cén fáth nach mbíonn rudaí ag fás sa gheimhreadh?

Is féidir labhairt leis na páistí faoin dóigh a dtéann na plandaí, bláthanna agus ainmhithe ar leith go fiú a chodladh sa gheimhreadh.

Mar shíneadh leis an obair seo, is féidir triail a dhéanamh le fiosrú a dhéanamh ar an dóigh

a bhfásann bláthanna agus plandaí.

Triail: An féidir le síolta fás gan solas, uisce nó cré?

De Dhíth: Síolta (pónaire reatha) Potaí bláthanna Mála múirín Uisce Áit dhorcha do photaí Spás le potaí eile a chur

Déan plé arís leis an rang ar na rudaí atá de dhíth ar phlandaí le fás. Mínigh don rang go mbeidh an rang ag obair i ngrúpaí.

Grúpa 1: síolta, uisce agus cré. Pota curtha in áit a mbíonn an ghrian ag soilsiú. Grúpa 2: síolta, uisce agus cré. Pota curtha in áit

dhorcha. Grúpa 3: síolta, cré, solas. Gan uisce. Grúpa 4: síolta, uisce, solas. Gan chré. Nuair atá seo déanta ag na grúpaí uilig, gabh siar

ar na hábhair agus na coinníollacha atá ag na potaí éagsúla. Fiafraigh de na páistí cad é, dar leo, a tharlóidh. Is féidir cairt a dhéanamh bunaithe ar thuartha na bpáistí.

Cuir maoir i mbun na bpotaí éagsúla le cur in iúl don rang cad é a bhíonn ag titim amach.

Eoch

airc

héim

1

68Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Gníomhaíochtaí

• An bomaite a thagann Séimí Seaca agus Seán Sneachta amach agus socraíonn siad cóisir a bheith acu an bhliain ar fad.

Cén fáth a raibh Séimí Seaca agus Seán Sneachta chomh sásta?

Cén t-am den bhliain a mbíonn siad ann? Cad iad na coinníollacha aimsire eile a bhíonn ann sa

gheimhreadh?

Is féidir puipéid shimplí a dhéanamh bunaithe ar Shéimí Seaca, Seán Sneachta, An Ghaoth Aduaidh agus Cloch Sneachta. Taispeáin íomhánna ón idirlíon do na páistí a bhaineann leis na ceithre chineál aimsire seo. Déan plé ar an chuma a bhíonn ar an domhan nuair a bhíonn na ceithre chineál aimsire seo ann. Déan cur síos ar na dathanna agus ar na haidiachtaí a bhaineann leis na ceithre chineál aimsire seo.

Puipéid Pháipéir

De dhíth:Páipéar tiubhSiosúrMarcóirí/CriáinRoghnach: Printéir/Súile/Glae/Feilt/Olann

1. Ba chóir go mbeadh 4 pháiste i ngach grúpa. Caithfidh siad socrú a dhéanamh ar na carachtair:• Séimí Seaca • Seán Sneachta• An Ghaoth Aduaidh • Cloch Shneachta.

2. Lig do na páistí a gcarachtar féin a tharraingt ar an pháipéar. Má bhíonn deacrachtaí ag duine ar bith, is féidir leis an mhúinteoir teimpléad a tharraingt.

3. Iarr ar na páistí dhá chiorcal bheaga a tharraingt. Mínigh dóibh go mbeidh a méar ag dul isteach iontu agus go mbeidh siad mar chosa an charachtair. Iarr orthu na ciorcail a ghearradh amach. Tabhair cuidiú do na páistí a bhfuil deacrachtaí acu leis seo.

4. Anois is féidir leis na páistí na carachtair a dhathú le marcóirí nó le criáin. Is féidir iad a mhaisiú chomh maith le feilt, súile srl. má bhíonn a leithéid ar fáil.

5. Tig le gach grúpa cur i láthair beag a dhéanamh ag úsáid na bpuipéad. Is féidir leo cur in iúl do gach duine eile sa ghrúpa an t-ainm atá ar a gcarachtar, agus labhairt faoi na rudaí a dhéanann siad sa gheimhreadh. Is féidir fosta dráma beag a dhéanamh bunaithe ar an chóisir a bheas acu i ngairdín an fhathaigh.

• An uair a thagann Feardorcha an Fathach amach agus a aithníonn sé nár tháinig an t-earrach chuig a ghairdín.

Cad é mar a mhothaíonn an Fathach anois? An dtuigeann sé go ndearna sé rud mícheart? Cad é a dhéanfaidh sé anois?

Iarr ar na páistí labhairt faoi am ar aithin siad go ndearna siad féin rud nár chóir dóibh a dhéanamh. Iarr orthu dul i mbeirteanna agus labhairt faoin dóigh ar mhothaigh siad.

Mar shíneadh leis an obair seo, is féidir labhairt faoi bholgáin smaointe. Mínigh do na páistí go mbaintear úsáid as bolgáin smaointe le cur síos a dhéanamh ar na rudaí a bhíonn ar intinn daoine.

© H

emer

a/th

inks

tock

phot

os.c

om

Eochairchéim 1

69Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachGníomhaíochtaí

Is féidir sampla de seo a dhéanamh – tarraing pictiúr den fhathach. Bí cinnte gur féidir le gach duine é a fheiceáil. Tarraing bolgán smaointe ag teacht ón fhathach. Cuir ceist ar na páistí faoi na rudaí atá ar intinn an fhathaigh, dar leo. Scríobh síos cúpla smaoineamh sa bholgán smaointe.

• An uair a thagann na 3 cheoltóir amach le ceiliúradh a dhéanamh ar an ábhar gur fhill an ghrian.

Cad é mar a mhothaíonn na páistí anois agus an t-earrach ar ais?

An athraíonn an gairdín mar gheall ar an ghrian? Cén dóigh? An áit níos deise é an gairdín mar gheall ar an

ghrian? Cén fáth?

Is féidir tógáil ar an obair seo trí phlé a dhéanamh ar an ghrian. Cad é mar a mhothaíonn muid féin nuair a thagann an ghrian amach?

Labhair faoi na contúirtí a bhaineann leis an ghrian – an tábhacht a bhaineann le huachtar gréine.

Thiocfadh leis na páistí rólghlacadh a dhéanamh bunaithe ar na contúirtí a bhaineann leis an ghrian:1. Lá grianmhar ar an trá – cad é a tharlaíonn mura

gcaitear uachtar gréine?2. Ag imirt spóirt faoin ghrian – an tábhacht a

bhaineann le huisce a ól.3. Éadaí éadroma a chaitheamh nuair a bhíonn sé

te amuigh – difear idir éadaí an gheimhridh agus éadaí an tsamhraidh.

• An uair a thugann Feardorcha an gairdín ar ais do na páistí.

An raibh an ceart ag an fhathach an gairdín a thabhairt ar ais do na páistí? Cén fáth?

Ar mhaith leatsa cuairt a thabhairt ar an gairdín seo? Cén fáth?

An raibh uaigneas ar an fhathach a thuilleadh? Cén fáth?

Is féidir labhairt leis na páistí faoi ghairdín an fhathaigh. Cén fáth a raibh sé chomh speisialta sin? Cuir ceist ar na páistí an bhfuil áit speisialta acu féin. Mínigh dóibh gur féidir leis an áit speisialta seo a bheith ina gcuid samhlaíochta, ach gur féidir leo dul ann am ar bith is mian leo. Cuir ceol ar obair le samhlaíocht na bpáistí a spreagadh – m.sh.

‘Flight of the Bumblebee’ le Nikolay Rimsky-Korsakov, ‘The Sorcerer’s Apprentice’ (Fantasia)

le Paul Dukas nó ‘Dance of the Sugar Plum Fairy’ (The Nutcracker) le Pyotr Ilyich Tchaikovsky, agus iarr orthu áit dhraíochta a aimsiú ina gceann. Is féidir leis an mhúinteoir leideanna a thabhairt do na páistí

m.sh. An bhfuil bláthanna san áit seo – cén cineál? An bhfuil duine ar bith eile ann? Cé hé/hí nó cé hiad? An bhfuil uisce ar bith ann? An sruthán, an farraige

nó abhainn atá ann?

Nuair atá deireadh leis an cheol, iarr ar na páistí pictiúr a dhéanamh den áit speisialta seo. Bí cinnte go bhfuil leathanach ag gach páiste, agus go leor ábhar ar an tábla chun iad a spreagadh, m.sh. criáin, marcóirí, páipéar daite, siosúr srl.

Suíochán TeTabhair cuireadh don Fhathach teacht isteach chuig an seomra ranga.Bíodh suíochán i lár an tseomra. Is féidir leis an mhúinteoir ligean orthu gur iad féin an fathach ar dtús. Is féidir leo iad féin ról an fhathaigh a ghlacadh, agus gur tháinig sé ar cuairt agus le cuireadh a thabhairt do na páistí teacht chuig an ghairdín. Ansin, beidh cead ag na páistí ceisteanna difriúla a chur air, m.sh. Cén fáth nár lig tú do na páistí súgradh sa ghairdín nuair a d’fhill tú ó theach do dhearthár? An maith leat na bláthanna a bhíonn ag fás sa ghairdín? An bhfuil tú sona anois go bhfuil an gairdín ar ais ag na páistí?

Is féidir le páistí éagsúla seal a ghlacadh sa suíochán te i ról an fhathaigh, nó mar charachtar eile sa scéal. Thiocfadh páistí a chur ina ngrúpaí agus an ghníomhaíocht seo a dhéanamh.

PuipéidIs féidir puipéid pháipéir a dhéanamh bunaithe ar charachtair éagsúla sa dráma seo – Séimí Seaca, Seán Sneachta, An Ghaoth Aduaidh, Cloch Shneachta, Bláthanna, Éin.

De Dhíth:• Plátaí Páipéir (ceann amháin do gach páiste)• Sreang thiubh (is féidir seo a fháil go saor ar spól)• Siosúr• Pollaire aonphoill• Criáin/Marcóirí

Eoch

airc

héim

1

70Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Gníomhaíochtaí

Na Maisc a Dhéanamh• Cuir ponc ar an phláta páipéir ar an áit ar chóir don

dá suil a bheith. Déan cinnte go bhfuil na súile suite san áit cheart ar an phláta páipéir. Gearr amach na súile.

• Is féidir leis na páistí a masc féin a mhaisiú anois, ag brath ar a gcarachtar. Bain úsáid as marcóirí, criáin, páipéar daite, glae srl.

• Má bhíonn an t-am ann chuige, is féidir leis an mhúinteoir gnéithe tríthoiseacha a chur ar an mhasc le páipéar nuachta, téip chumhdaigh agus péint.

• Ag úsáid pollaire, cuir poll amháin ar dhá thaobh an mhaisc.

• Ceangail sreang den dá thaobh – bí cinnte go bhfuil sí fada go leor le dul thart ar chloigeann an pháiste.

• Tá an masc anois réidh le húsáid!

Na Maisc a Úsáid• Lig do bheirt nó triúr páistí a maisc a chaitheamh ag

aon am amháin. Is féidir leis an mhúinteoir agus na páistí eile sa rang plé a dhéanamh ar na carachtair atá os a gcomhair. Tig leis an mhúinteoir creatlach scéil a thabhairt do na páistí a bhfuil na maisc orthu, m.sh. rudaí éagsúla a thit amach sa dráma.

• De réir mar atá na páistí ag aisteoireacht leis na maisc orthu, is féidir pictiúr reoite a dhéanamh le cur síos a dhéanamh ar ghnéithe áirithe. Ná déan dearmad a chur i gcuimhne do na páistí gur chóir dóibh a bheith ag amharc amach ar an lucht féachana – ba chóir go mbeadh na maisc infheicthe.

• Tuigfidh na páistí ar ball go bhfuil sé doiligh iad féin a léiriú go héifeachtach agus maisc orthu. In áit gotha gnúise a úsáid, caithfidh siad a gcorp a úsáid. Is dóigh iontach é seo le díriú isteach ar léiriú níos éifeachtaí – go mbeidh níos mó ná a n-aghaidheanna in úsáid ag na páistí agus iad i mbun aisteoireachta.

Eochairchéim 1

71Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachÁiseanna

ÁIS A

dearg

dearg

buí

gorm

buí

gorm

dearg

oráiste

glas

corcra

buí gorm

+

+

+

=

=

=

© is

tock

phot

o/th

inks

tock

phot

os.c

om

Eoch

airc

héim

1

72Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach ÁiseannaÁ

is B

© H

emer

a/th

inks

tock

phot

os.c

om©

iSto

ckph

oto/

thin

ksto

ckph

otos

.com

Eochairchéim 1

73Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Áiseanna

Áis C

© iS

tock

phot

o/th

inks

tock

phot

os.c

om©

iSto

ckph

oto/

thin

ksto

ckph

otos

.com

© iS

tock

phot

o/th

inks

tock

phot

os.c

om©

iSto

ckph

oto/

thin

ksto

ckph

otos

.com

Eoch

airc

héim

1

74Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Áiseanna

Áis D

© iStockphoto/thinkstockphotos.com

Eochairchéim 1

75Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Áiseanna

MothúcháinCad é mar a mhothaím inniu?

Áis E

© Hemera/thinkstockphotos.com

Eoch

airc

héim

1

76Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Áiseanna

Inniu tá mé sástaÁis F

© Hemera/thinkstockphotos.com

Eochairchéim 1

77Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Áiseanna

Inniu tá mé brónachÁis G

© Hemera/thinkstockphotos.com

Eoch

airc

héim

1

78Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Áiseanna

Inniu tá mé tuirseachÁis H

© Hemera/thinkstockphotos.com

Eochairchéim 1

79Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Áiseanna

Inniu tá mé feargachÁis I

© Hemera/thinkstockphotos.com

Eoch

airc

héim

1

80Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Áiseanna

Inni

u tá

átha

sach

Áis

J

© Hemera/thinkstockphotos.com

Eochairchéim 1

81Draíocht le Drámaíocht

An Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín DathannachÁiseanna

Inniu tá mé buarthaÁis K

© Hemera/thinkstockphotos.com

Eoch

airc

héim

1

82Draíocht le DrámaíochtAn Bhonnchéim, EC1 & EC2

An Gairdín Dathannach Áiseanna

Tá mo chuid mothúchán uilig folláin. Bíonn mothúcháin againn uilig.

Áis L

© Hemera/thinkstockphotos.com