2
Craobh Chualann CULTÚRLANN NA hÉIREANN . BAILE NA MANACH . BAILE ÁTHA CLIATH PREAS EISIÚINT Fleadh Cheoil Chontae Átha Cliath le reáchtáil i nDeilginis, 10-15 Bealtaine 2016 Reachtáilfear sraith ócáidí cultúrtha dar teideal ‘Comóradh & Ceiliúradh’ mar chuid de chomóradh céad bliain 1916-2016 le linn Fhleadh Cheoil Bhaile Átha Cliath a bheas ar siúl i mbaile oidhreachta Dheilginis, Co. Bhaile Átha Cliath, 10-15 Bealtaine. Beidh deis ag pobal na háite agus ag an líon mór cuairteoirí a tharraingíonn ar an gceantar bheith rannpháirteach sna himeachtaí éagsúla a bheas ar siúl. Tá scata de na ceoltóirí, amhránaithe agus damhsoirí is cáiliúla sa tír le bheith páirteach in imeachtaí le linn na seachtaine. Léireofar an Requiem, MARBHNA 1916, a chum Odhrán Ó Casaide agus a craoladh ar TG4 ar Aoine an Chéasta. Tabharfaidh an grúpa RÉ ina bhfuil Liam Ó Maonlaí, Maitiú Ó Casaide agus Cormac Ó Beaglaoich ina mbaill, ceolchoirm ar an oíche dheiridh. Tá na hócáidí á n-eagrú ag Craobh Chualann, Comhaltas, le cabhair fhial ó na hurraithe Foras na Gaeilge agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth Dúin, chun comhtharlú le linn comórtais na fleidhe. Beidh baile Dheilginis lán d’iomaitheoirí óga ón gContae in éineacht lena dtuismitheoirí, múinteoirí, teaghlaigh agus cairde - agus iad ag iomaíocht ag meánscoil Loreto Abbey agus Eaglais Anglacánach Naomh Pádraig ar an Satharn agus an Domhnach. Beidh na daoine óga ag iarraidh áit a bhaint amach ag Fleadh Laighin agus ina dhiaidh sin b’fhéidir dul ar aghaidh chuig na comórtais uile Éireann ag an bhFleadh Cheoil in Inis, 14-22 Lúnasa 2016. Beidh seisiúin cheoil oscailte, atá mar dhlúthchuid den Fhleadh, eagraithe sna tábhairní áitiúla le linn na seachtaine mar aon le hócáidí amuigh faoin aer ag ionad an Tramway ar an mbaile ar an Satharn agus an Domhnach. Beidh dhá mhórócáid ar siúl sa dá shéipéal ar an mbaile mar seo a leanas: Déardaoin 12 BEALTAINE, 8pm: Eaglais Deastógála na Maighdine Muire, Sr. an Chaisleáin REQUIEM 1916 MARBHNA – cumtha ag Odhrán Ó Casaide do cheolfhoireann, chór agus shean-nós chun comóradh a dhéanamh ar na daoine ar fad a bhásaigh le linn Éirí Amach 1916. Seinnfidh an Centenary Orchestra mar aon le haonréadaithe, cór agus léitheoirí an marbhna a craoladh ar TG4 ar Aoine an Chéasta. Cloisfear guth dhiamhair, Sibéal Ní Chasaide, iníon Odhráin mar amhránaí aonair, ‘guth a d’ardaigh croí an náisiúin’ lena leagan de dhán an Phiarsaigh’, ‘Mise Éire’ le linn na coirme Centenary a chraol RTÉ ó Amharclann Bord Gais ar Luan Cásca. Tá an Marbhna urraithe ag Foras na Gaeilge. Saorchead isteach. Ar lean ......../

Fleadh Bhaile Átha Cliath, Deilginis

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Fleadh Cheoil Chontae Átha Cliath le reáchtáil i nDeilginis, 10-15 Bealtaine 2016. Tá na hócáidí á n-eagrú ag Craobh Chualann, Comhaltas, le cabhair fhial ó na hurraithe Foras na Gaeilge agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth Dúin.

Citation preview

Craobh Chualann CULTÚRLANN NA hÉIREANN . BAILE NA MANACH . BAILE ÁTHA CLIATH

PREAS EISIÚINT

Fleadh Cheoil Chontae Átha Cliath le reáchtáil i nDeilginis, 10-15 Bealtaine 2016

Reachtáilfear sraith ócáidí cultúrtha dar teideal ‘Comóradh & Ceiliúradh’ mar chuid de chomóradh céad

bliain 1916-2016 le linn Fhleadh Cheoil Bhaile Átha Cliath a bheas ar siúl i mbaile oidhreachta Dheilginis,

Co. Bhaile Átha Cliath, 10-15 Bealtaine. Beidh deis ag pobal na háite agus ag an líon mór cuairteoirí a

tharraingíonn ar an gceantar bheith rannpháirteach sna himeachtaí éagsúla a bheas ar siúl.

Tá scata de na ceoltóirí, amhránaithe agus damhsoirí is cáiliúla sa tír le bheith páirteach in imeachtaí le

linn na seachtaine. Léireofar an Requiem, MARBHNA 1916, a chum Odhrán Ó Casaide agus a craoladh ar

TG4 ar Aoine an Chéasta. Tabharfaidh an grúpa RÉ ina bhfuil Liam Ó Maonlaí, Maitiú Ó Casaide agus

Cormac Ó Beaglaoich ina mbaill, ceolchoirm ar an oíche dheiridh.

Tá na hócáidí á n-eagrú ag Craobh Chualann, Comhaltas, le cabhair fhial ó na hurraithe Foras na Gaeilge

agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth Dúin, chun comhtharlú le linn comórtais na fleidhe.

Beidh baile Dheilginis lán d’iomaitheoirí óga ón gContae in éineacht lena dtuismitheoirí, múinteoirí,

teaghlaigh agus cairde - agus iad ag iomaíocht ag meánscoil Loreto Abbey agus Eaglais Anglacánach

Naomh Pádraig ar an Satharn agus an Domhnach. Beidh na daoine óga ag iarraidh áit a bhaint amach ag

Fleadh Laighin agus ina dhiaidh sin b’fhéidir dul ar aghaidh chuig na comórtais uile Éireann ag an

bhFleadh Cheoil in Inis, 14-22 Lúnasa 2016.

Beidh seisiúin cheoil oscailte, atá mar dhlúthchuid den Fhleadh, eagraithe sna tábhairní áitiúla le linn na

seachtaine mar aon le hócáidí amuigh faoin aer ag ionad an Tramway ar an mbaile ar an Satharn agus an

Domhnach.

Beidh dhá mhórócáid ar siúl sa dá shéipéal ar an mbaile mar seo a leanas:

Déardaoin 12 BEALTAINE, 8pm: Eaglais Deastógála na Maighdine Muire, Sr. an Chaisleáin

REQUIEM 1916 MARBHNA – cumtha ag Odhrán Ó Casaide do cheolfhoireann, chór agus shean-nós chun comóradh a dhéanamh ar na daoine ar fad a bhásaigh le linn Éirí Amach 1916. Seinnfidh an Centenary Orchestra mar aon le haonréadaithe, cór agus léitheoirí an marbhna a craoladh ar TG4 ar Aoine an Chéasta. Cloisfear guth dhiamhair, Sibéal Ní Chasaide, iníon Odhráin mar amhránaí aonair, ‘guth a d’ardaigh croí an náisiúin’ lena leagan de dhán an Phiarsaigh’, ‘Mise Éire’ le linn na coirme Centenary a chraol RTÉ ó Amharclann Bord Gais ar Luan Cásca. Tá an Marbhna urraithe ag Foras na Gaeilge. Saorchead isteach. Ar lean ......../

Dé Sathairn 14 BEALTAINE, 8pm: Eaglais Naomh Pádraig (Anglacánach), Bóthar an Chuain

Ceolchoirm le RÉ: ceolchoirm thraidisiúnta leis an ngrúpa ceoil RÉ ina bhfuil cuid de na ceoltóirí is cáiliúla sa tír ina mbaill de mar seo a leanas:

Liam Ó Maonlaí: Duine de mhór-réalta nua-aimseartha na hÉireann agus ealaíontóir atá fite go dlúth sa

chultúr Gaelach. Éiríonn le Liam gluaiseacht gan stró idir chultúr an rac-cheol agus ealaíon na

hamhránaíochta ar an sean-nós agus é ag teacht i láthair lucht éisteachta ar stáitsí an domhain lena

thionlacan so-aitheanta ar an bpianó.

Maitiú Ó Casaide: Píobaire tallannach as Baile Átha Cliath agus duine de ghlúin óg an ghrúpa clainne, Na

Casaidigh. Bhronn TG4 ‘Ceoltóir Óg na Bliana’ air i 2015. Is ball de chlann cáiliúil eile é an fear consairtín,

Cormac Ó Beaglaoich. Is de bhunaidh Ghaeltacht Chiarraí a mhuintir agus tá cur síos déanta ar a chuid

ceoil ag an Irish Times mar ‘mháistircheacht sa cheol’. Is ó Chontae Chill Dara do Eithne Ní Chatháin. Tá

aithne fhorleathan uirthi mar amhránaí agus mar fhidléir. Tá cáil uirthi freisin óna cuid ceoil nua-

chumtha indie-folk faoin ainm Inni-K. Is Bleá Cliathach é Peter O’Toole, ball bunaidh den ghrúpa

Hothouse Flowers. Is cumadóir agus tionlacaí den scoth é a chothaíonn anamúlacht agus íogaireacht sa

ghrúpa eicléicteach seo. Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth Dúin a chur cabhair fhial ar fáil don

ócáid seo.

Áirithintí €15: go háitiúil ó Dalkey News (The Red Shop/An Siopa Dearg);

Arlíne https://dublinfleadh2016events.eventbrite.ie agus ó Comhaltas, An Chultúrlann, Baile na Manach.

Aoine 13 BEALTAINE, 8pm: ‘Réalta’ na Craoibhe, Caisleán & Ionad Oidhreachta Dheilginis

Cuirfidh ‘Réalta’ Craobh Chualann - ina n-áirítear ceoltóirí, amhránaithe agus damhsoirí i ngrúpaí ceoil, teaghlaigh ceolmhara, aonréadaithe agus aoíanna speisialta - ceolchoirm de cheol traidisiúnta i láthair. Is craobh de chuid an Chomhaltais í Craobh Chualann atá lonnaithe ag Cultúrlann na hÉireann, Baile na Manach. Tá ballraíocht de 287 ag an gcraobh agus reachtáiltear na ranganna ceoil ar oíche Dé Aoine. Is mó ceoltóir clúiteach atá tagtha as an gcraobh ó bunaíodh í i 1985.

Áirithint €5: go háitiúil ó Dalkey News (The Red Shop/An Siopa Dearg);

arlíne https://dublinfleadh2016events.eventbrite.ie agus ó Comhaltas, An Chultúrlann, Baile na Manach.

Dé Máirt 10 BEALTAINE, 8pm: SEOLADH OIFIGIÚIL, Caisleán & Ionad Oidhreachta Dheilginis

Seolfar Fleadh Chontae Bhaile Átha Cliath ar an Mháirt, 10 Bealtaine. Déanfar bronnadh comórtha 1916 le linn na hoscailte. Agus ina dhiaidh sin, stáitseofar dréacht ceoil curtha in oiriúint do cheolfhoireann a chum an cumadóir óg Tim Doyle do 1916 á sheinm ag Rithim na Réabhlóide agus Cairde Chualann. Is ceoltóir ildánach é Tim a tháinig chun cinn i gCraobh Chualann. Seinneann sé iliomad uirlis, an consairtín, an fhidil agus na píobaí ina measc. Beidh taispeántas damhsa ar an sean-nós ón damhsóir, Sibéal Davitt.

Táimid buíoch as tacaíocht fhial Fhoras na Gaeilge agus Chomhairle Contae Dún Laoghaire-Rath Dúin.

Tuilleadh eolais: [email protected] Áirithintí mar atá luaite thuas.

Máire Nic Fhinn, ball de Choiste Craobh Chualann, Teil. 0872265156