22
PREAS Rue de la Loi 175 B – 1048 AN BHRUISÉIL Teil.: +32 (0)2 281 9442 / 6319 Facs: +32 (0)2 281 8026 [email protected] http://www.consilium.europa.eu/press 12091/14 1 GA Comhairle an Aontais Eorpaigh GA 12091/14 (OR. en) PRESSE 421 PR CO 41 PREASEISIÚINT An 3330ú cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Ginearálta An Bhruiséil, 22 Iúil 2014 An tUachtarán Catherine Ashton Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

PREAS - Europa...22 Iúil 2014 1 I gcás ina mbeidh dearbhuithe, conclúidí nó rún glactha go foirmiúil ag an gComhairle, léirítear é seo sa cheannteideal don ábhar lena mbaineann

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • P R E A S

    Rue de la Loi 175 B – 1048 AN BHRUISÉIL Teil.: +32 (0)2 281 9442 / 6319 Facs: +32 (0)2 281 8026 [email protected] http://www.consilium.europa.eu/press

    12091/14 1 GA

    Comhairle an Aontais Eorpaigh

    GA

    12091/14

    (OR. en)

    PRESSE 421 PR CO 41

    PREASEISIÚINT

    An 3330ú cruinniú de chuid na Comhairle

    Gnóthaí Ginearálta

    An Bhruiséil, 22 Iúil 2014

    An tUachtarán Catherine Ashton Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

    mailto:[email protected]://www.consilium.europa.eu/press

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 2 GA

    Príomhthorthaí na Comhairle

    An Úcráin

    Ba mhéala mór leis an gComhairle gur tugadh anuas eitilt MH 17 de chuid Malaysian Airlines in Donetsk agus ghoil sé go mór uirthi gur tugadh anbhás chomh tubaisteach sin ar oiread sin daoine neamhchiontach. D'fhan na hAirí ina dtost ar feadh nóiméid mar chomhartha ómóis do na híobartaigh.

    Iarrann an Chomhairle ar na grúpaí scarúnaíocha san áit rochtain shlán shábháilte a áirithiú ar an suíomh ionas go bhféadfar dul ar aghaidh le sainaithint na n-íobartach agus ionas go bhféadfar coirp na ndaoine a d'éag sa turnamh a aisghabháil. Taobhaíonn an tAontas Eorpach leis an éileamh go ndéanfaí imscrúdú iomlán idirnáisiúnta neamhspleách agus trédhearcach i gcomhréir le treoirlínte na heitlíochta sibhialta idirnáisiúnta. Sa chomhthéacs sin, forálann an Chomhairle ar an Rúis a tionchar a imirt go dúthrachtach ar na grúpaí armtha neamhdhleathacha.

    Dúirt Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Catherine Ashton, an méid a leanas: "/í mór na daoine atá freagrach go díreach nó go hindíreach as turnamh an eitleáin a thabhairt chun cuntais agus os comhair cúirte".

    Chinn an Chomhairle dlús a chur leis an ullmhúchán atá ar bun maidir leis na smachtbhannaí a comhaontaíodh ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 16 Iúil. Shocraigh sí na bearta sriantacha a mhéadú d'fhonn díriú ar dhaoine aonair a thacaíonn le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as oirthear na hÚcráine a dhíchobhsú, nó ar dhaoine a bhaineann tairbhe astu.

    D'iarr an Chomhairle freisin ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí bailchríoch a chur ar an réamhobair ar bhearta spriocdhírithe a d'fhéadfaí a ghlacadh agus moltaí a dhéanamh maidir le gníomhú, lena n-áirítear maidir le rochtain ar mhargaí caipitil, cosaint, earraí dé-úsáide, agus teicneolaíochtaí íogaire, lena n-áirítear san earnáil fuinnimh.

    Ina theannta sin, bhunaigh an Chomhairle Misean Comhairleach an Aontais d'Athchóiriú Earnáil na Slándála Sibhialta san Úcráin, a chuirfidh comhairle ar fáil maidir le straitéis athbhreithnithe d'earnáil na slándála sibhialta sa tír sin.

    Próiseas síochána an Mheánoirthir

    Bhí díospóireacht chuimsitheach ag na hAirí maidir leis na himeachtaí is déanaí sa Mheánoirthear.

    Bhí an méid a leanas le rá ag an Ardionadaí Ashton: "Is cúis mhór imní dúinn go bhfuil an foréigean ag dul in olcas i nGaza agus cáinimid an marú atá ar siúl". Is mian leis an gComhairle deireadh a chur láithreach leis an bhforéigean agus filleadh ar chomhaontú an tsosa cogaidh a comhaontaíodh i Mí na Samhna 2012. Ba dhíol sásaimh, mar sin, don Chomhairle an méid atá á dhéanamh ag na comhpháirtithe réigiúnacha, go háirithe ag an Éigipt, agus chuir sí in iúl an athuair go bhfuil sí réidh leis an tacaíocht is gá a thabhairt.

  • 22 Iúil 2014

    1 I gcás ina mbeidh dearbhuithe, conclúidí nó rún glactha go foirmiúil ag an gComhairle, léirítear é seo sa

    cheannteideal don ábhar lena mbaineann agus cuirtear an téacs idir chomharthaí athfhriotail. Doiciméid a dtugtar tagairtí dóibh sa téacs, tá siad ar fáil ar láithreán Idirlín na Comhairle

    (http://www.consilium.europa.eu). Gníomhartha a glacadh le dearbhuithe do mhiontuairiscí na Comhairle agus a fhéadfar a scaoileadh leis an

    bpobal, taispeántar le réiltín iad; tá na dearbhuithe seo ar fáil ar láithreán Idirlín na Comhairle nó féadfar iad a fháil ón bPreas-Oifig.

    12091/14 3 GA

    CLÁR1

    RA��PHÁIRTITHE......................................................................................................................... 5

    MÍREA��A A PLÉADH

    An Úcráin............................................................................................................................................. 7

    Próiseas Síochána an Mheánoirthir...................................................................................................... 9

    An Iaráic............................................................................................................................................. 12

    MÍREA��A EILE A FORMHEASADH

    G/ÓTHAÍ EACHTRACHA

    – Poblacht na hAfraice Láir...................................................................................................................................... 13

    – Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice...................................................................................................................... 16

    – Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine.................................................................................................................. 19

    – Liosta an Aontais de sceimhlitheoirí aonair agus eintitis sceimhlitheoireachta .................................................... 19

    – Bearta sriantacha - an Iaráic .................................................................................................................................. 20

    – Bearta sriantacha - Guine Bissau........................................................................................................................... 20

    – Bearta sriantacha - an Libia ................................................................................................................................... 20

    – Bearta sriantacha - an tSiria................................................................................................................................... 20

    – Tuarascáil ón Ardionadaí maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála .............................................. 20

    – Plean gníomhaíochta an Aontais don Phacastáin .................................................................................................. 20

    – Gníomhaíocht an Aontais i gcoinne iomadú na n-arm ollscriosta ......................................................................... 20

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 4 GA

    A/ CHOMHBHEARTAS SLÁ/DÁLA AGUS COSA/TA

    – Misean comhairleach an Aontais maidir le hathchóiriú earnáil na slándála sibhialta san Úcráin ......................... 21

    – EUCAP Saiheil an Nigéir ...................................................................................................................................... 21

    – EUCAP Nestor ...................................................................................................................................................... 21

    – An Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte Eorpach ................................................................................ 21

    – An Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint .......................................................................................... 22

    – Na Conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2013 a chur chun feidhme ................................................ 22

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 5 GA

    RA��PHÁIRTITHE

    An tArdionadaí Catherine ASHTON Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha

    agus don Bheartas Slándála

    An Bheilg: Didier REYNDERS Leas-Phríomh-Aire agus an tAire Gnóthaí Eachtracha,

    Trádála Seachtraí agus Gnóthaí Eorpacha

    An Bhulgáir: Kristian VIGENIN An tAire Gnóthaí Eachtracha

    Poblacht na Seice: Lubomir ZAORÁLEK An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Danmhairg: Martin LIDEGAARD An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Ghearmáin: Frank-Walter STEINMEIER An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Eastóin: Urmas PAET An tAire Gnóthaí Eachtracha

    Éire: Charlie FLANAGAN An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

    An Ghréig: Evangelos VENIZELOS An Leas-Phríomh-Aire, An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Spáinn: José Manuel GARCIA-MARGALLO Y MARFIL An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Comhair

    An Fhrainc: Laurent FABIUS An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Chróit: Vesna PUSIĆ An Chéad Leas-Phríomh-Aire agus an tAire Gnóthaí

    Eachtracha agus Eorpacha

    An Iodáil: Federica MOGHERINI An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Chipir: Ioannis KASOULIDES An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Laitvia: Edgars RINKĒVIČS An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Liotuáin: Linas A. LINKEVIČIUS An tAire Gnóthaí Eachtracha

    Lucsamburg: Christian BRAUN An Buanionadaí

    An Ungáir: Tibor NAVRACSICS An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

    Málta: George VELLA An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Ísiltír: Frans TIMMERMANS An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Ostair: Sebastian KURZ An tAire Cónaidhme don Eoraip, do Chomhtháthú

    agus do Ghnóthaí Eachtracha

    An Pholainn: Radosław SIKORSKI An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Phortaingéil: Bruno MAÇÃES An Státrúnaí do Ghnóthaí Eorpacha

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 6 GA

    An Rómáin: Titus CORLĂȚEAN An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An tSlóivéin: Karl ERJAVEC An Leas-Phríomh-Aire, An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An tSlóvaic: Miroslav LAJČÁK An Leas-Phríomh-Aire, An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Fhionlainn: Erkki TUMIOJA An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An tSualainn: Carl BILDT An tAire Gnóthaí Eachtracha

    An Ríocht Aontaithe: Philip HAMMOND Státrúnaí do Ghnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí

    Comhlathais (An Rúnaí Gnóthaí Eachtracha)

    An Coimisiún: Štefan FÜLE Comhalta

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 7 GA

    MÍREA��A A PLÉADH

    An Úcráin

    Phléigh an Chomhairle na himeachtaí is déanaí san Úcráin. Ghlac sí na conclúidí seo a leanas:

    "(1) Is méala mór ag AE agus a chuid Ballstát gur tugadh anuas eitilt MH 17 de chuid Malaysian Airlines in Donetsk, an Úcráin agus ghoil sé go mór orthu gur tugadh anbhás chomh tubaisteach sin ar oiread sin daoine neamhchiontach. Maraíodh saoránaigh ó an-chuid náisiún, saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh san áireamh. Is áil linn ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl do na daoine agus do na rialtais i ngach tír lena mbaineann agus do theaghlaigh na n-íobartach ach go háirithe. Is díol sásaimh do AE gur glacadh d'aonghuth Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) an 21 Iúil 2014 agus tá sé ag súil lena chur chun feidhme go hiomlán.

    (2) Iarrann AE ar na grúpaí scarúnaíocha san áit rochtain shlán shábháilte a áirithiú ar an suíomh agus ar an líomatáiste máguaird, lena n-áirítear conaire inmharthana shlándála, ionas go bhféadfar dul ar aghaidh le sainaithint na n-íobartach chomh maith le coirp agus airnéis na ndaoine a d'éag sa turnamh a aisghabháil agus foráil a dhéanamh d'aisdúichiú gasta, gairmiúil, díniteach na n-íobartach. Tá AE ag brath ar gach duine san áit suíomh na tuairte a choimeád slán, lena n-áirítear trí staonadh ó bhaint le haon chorp, raic, trealamh, smionagar nó earraí pearsanta, nó iad a scriosadh nó a bhogadh.

    (3) Taobhaíonn AE leis an ngairm ó CSNA agus ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhoibriú san Eoraip (ESCE) le haghaidh imscrúdú iomlán idirnáisiúnta neamhspleách agus trédhearcach a dhéanamh i gcomhréir le treoirlínte na heitlíochta sibhialta idirnáisiúnta, i gcomhar leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), ina mbeidh saineolaithe teicniúla agus fóiréinseacha ó rialtas na hÚcráine, na Malaeisia agus na hÍsiltíre rannpháirteach chomh maith le saineolaithe teicniúla agus fóiréinseacha eile. Ba cheart gach earra ábhartha a aisghabhtar ón suíomh a chur ar fáil don imscrúdú idirnáisiúnta láithreach agus gan aon chur isteach.

    (4) Cuireann AE i dtreis nach mór na daoine atá freagrach go díreach nó go hindíreach as turnamh an eitleáin a thabhairt chun cuntais agus os comhair cúirte agus iarrann ar gach stát agus ar gach páirtí comhoibriú go hiomlán chun na críche sin.

    (5) Forálann an Chomhairle ar Chónaidhm na Rúise a tionchar a imirt go dúthrachtach ar na grúpaí armtha neamhdhleathacha ionas go bhféadfar lánrochtain shlán shábháilte a ghnóthú láithreach ar an suíomh, comhar iomlán a fháil leis an obair maidir leis na coirp agus an airnéis a aisghabháil agus comhar iomlán leis an imscrúdú neamhspleách lena n-áirítear rochtain gan bhac ar shuíomh an turnaimh fad a rithfidh an t-imscrúdú agus, b'fhéidir, na himscrúduithe. Ní mór ligean do Mhisean Speisialta Faireachán ESCE, atá san Oir-Úcráin cheana féin, a ról a chomhlíonadh go hiomlán leis an rochtain a éascú agus a chosaint.

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 8 GA

    Áitíonn an Chomhairle ar an Rúis stop a chur leis an sruth arm, trealamh agus míleatach trasna na teorann, sruth atá ag dul i méid, ionas go bhféadfar an lasóg a bhaint as an mbarrach go gasta agus go follasach. Áitíonn an Chomhairle ar an Rúis anuas air sin a cuid trúpaí breise a bhaint ó limistéar na teorann.

    (6) Toilíonn an Chomhairle dlús a chur le bearta spriocdhírithe a comhaontaíodh ag an gcruinniú Speisialta a bhí ag an gComhairle Eorpach an 16 Iúil a ullmhú, go háirithe liosta eintiteas agus pearsan a bhunú láithreach bonn lena n-áirítear ó Chónaidhm na Rúise, atá le liostú faoi na critéir fheabhsaithe a ghlac an Chomhairle an 18 Iúil, agus ansin na bearta sriantacha a leathnú d'fhonn díriú ar dhaoine nó ar eintitis a sholáthraíonn ábhar nó tacaíocht airgeadais go gníomhach do na cinnteoirí rúiseacha atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó a bhaineann leas as sin, nó as díchobhsú Oirthear na hÚcráine, agus bearta breise a ghlacadh chun an infheistíocht sa Chrimé agus i Sevastopol a shrianadh faoi dheireadh mhí Iúil ar a dhéanaí.

    (7) Meabhraíonn an Chomhairle na gealltanais roimhe seo ón gComhairle Eorpach agus tá sí ullamh chun pacáiste de bhearta sonracha sriantacha breise a thabhairt isteach gan mhoill murar féidir comhar iomlán a réadú maidir leis na héilimh thuasluaite. Chuige sin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar SEGS a réamhobair ar bhearta spriocdhírithe a d'fhéadfadh a bheith ann a chur i gcrích agus chun tograí a chur i láthair maidir le gníomhú, lena n-áirítear maidir le rochtain ar mhargaí caipitil, cosaint, earraí dé-úsáide, agus teicneolaíochtaí íogaire, lena n-áirítear san earnáil fuinnimh. Cuirfear torthaí na hoibre seo i láthair Déardaoin, an 24 Iúil.

    (8) Meabhraíonn an Chomhairle na ceithre céim shonracha a d'iarr an Chomhairle Eorpach ina cuid Conclúidí an 27 Meitheamh. Cáineann sí go láidir go bhfuil gníomhaíochtaí neamhdhleathacha fós ar bun ag míleataigh armtha in Oirthear na hÚcráine agus in áiteanna eile, agus go bhfuil roinnt mhaith daoine neamhchiontacha tar éis bás a fháil. Breathnófar tuilleadh ar na grúpaí seo a ainmniú mar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta. Cuireann an Chomhairle i dtreis go dtacaíonn sí le socrú síochánta don ghéarchéim san Úcráin, agus an gá atá le plean síochána an Uachtaráin Poroshenko a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille. Cuireann sí i dtreis freisin an géarghá atá ann go gcomhaontóidh gach uile pháirtí sos cogaidh dáiríre, inbhuanaithe agus é a bhunú ar an Dearbhú Bheirlín an 2 Iúil chun sláine críche na críche a chur ar bun arís. Chuige sin, iarrann an Chomhairle tacaíocht do ESCE agus don Ghrúpa Teagmhála Tríthaobhach maidir lena n-iarrachtaí chun na dálaí don sos comhraic a chruthú. Athdhearbhaíonn an Chomhairle freisin a thábhachtaí atá rialú éifeachtach teorann lena n-áirítear trí bhreathnóirí ESCE agus a thábhachtaí atá gach giall a scaoileadh saor gan mhoill. Molann an Chomhairle iarrachtaí ESCE mar éascaitheoir bunriachtanach sa choinbhleacht agus tacaíonn sí leo."

    Bhunaigh an Chomhairle freisin misean comhairleach an Aontais le haghaidh athchóirithe ar earnáil na slándála sibhialta san Úcráin (EUAM an Úcráin), ar misean sibhialta é faoi Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais chun cabhrú leis an Úcráin ó thaobh athchóiriú ar earnáil na slándála sibhialta. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach an phreaseisiúint.

    http://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/EN/foraff/144079.pdf

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 9 GA

    Próiseas Síochána an Mheánoirthir

    I gcuibhreann dóibh, phléigh na hAirí go mion na himeachtaí is déanaí sa Mheánoirthear. Ghlac an Chomhairle na Conclúidí a leanas:

    "1. Is ábhar mór imní é don Aontas Eorpach méadú leanúnach an fhoréigin i nGaza agus éilíonn sé go gcuirfear stop leis láithreach, agus go bhfillfear ar chomhaontú sosa cogaidh Shamhain 2012. Is díol sásaimh don Aontas Eorpach na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na comhpháirtithe réigiúnacha, go mórmhór ag an Éigipt, agus fógraíonn sé an athuair go bhfuil sé sásta tacú leis na hiarrachtaí sin de réir mar is gá.

    Cáineann an tAontas go láidir an chaoi a bhfuil roicéid á scaoileadh ag Hamas agus ag grúpaí míleatacha i Stráice Gaza isteach i gcríoch Iosrael go dallbheartach, lena bhfuil gnáthdhaoine á ngortú. Is gníomhartha coiriúla dochosanta iad sin. Iarrann an tAontas ar Hamas stop a chur leis na gníomhartha sin láithreach agus éirí as an bhforéigean. Caithfidh na grúpaí sceimhlitheoireachta ar fad i nGaza a gcuid arm a thabhairt uathu. Cáineann an tAontas Eorpach go láidir go bhfuiltear ag iarraidh ar ghnáthmhuintir Gaza sciath cosanta daonna a dhéanamh díobh féin.

    Cáineann an tAontas freisin an chaoi a bhfuil na céadta den ghnáthmhuintir maraithe, agus neart ban agus páistí ina measc. Cé go n-aithnítear go bhfuil sé de cheart dlisteanach ag Iosrael í féin a chosaint i gcoinne gach saghas ionsaithe, fógraíonn an tAontas Eorpach go gcaithfidh oibríochtaí míleata Iosrael bheith comhréireach agus ar aon dul leis an dlí idirnáisiúnta daonnúil. Is mór i gcónaí é ag an Aontas Eorpach go ndéanfar an ghnáthmhuintir a chosaint. Tá uafás as cuimse ar an Aontas i ngeall ar líon na gnáthmhuintire atá maraithe le hoibríocht mhíleata Iosrael in Shuja'iyya, agus is cúis mhór imní dó freisin an ghéarchéim dhaonnúil agus an chaoi a bhfuil sí ag dul in olcas. Caithfidh gach páirtí a gcuid dualgas a chomhlíonadh agus ceadú go mbeidh rochtain shlán agus iomlán do lucht na cabhrach daonnúla ar Gaza le go ndáilfear an práinnchúnamh a theastaíonn. Iarrann an tAontas Eorpach ar gach páirtí sos cogaidh a dhearbhú láithreach de mheon macánta.

    2. Leis an ngéarú léanmhar seo ar an bhforéigean, léirítear arís nach bhfuil an status quo inbhuanaithe mar atá i Stráice Gaza. Cé go n-aithnítear riachtanais dhlisteanacha slándála Iosrael, fógraíonn an tAontas Eorpach go neamhbhalbh go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb dhaonnúil agus ar an bhfadhb shocheacnamaíoch i nGaza freisin. Iarrann sé arís go gceadófar trasnú, láithreach, leanúnach agus gan agó, don chúnamh daonnúil, d'earraí tráchtála agus do dhaoine isteach agus amach as Stráice Gaza, i gcomhréir le rún 1860 (2009) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    Tá an tAontas Eorpach réidh le cabhrú chun réiteach cuimsitheach inbhuanaithe a aimsiú lena sásófar riachtanais dhlisteanacha slándála, eacnamaíocha agus dhaonnúla mhuintir Iosrael agus na Palaistíne.

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 10 GA

    3. Cáineann an tAontas Eorpach go láidir an chaoi ar fuadaíodh agus ar brúidmharaíodh daoine óga ar an dá thaobh. Caithfear lucht déanta na gcoireanna barbartha sin a thabhairt os comhair cúirte. Molann an tAontas Eorpach ceannairí Iosrael agus na Palaistíne as an gcaoi ar cháin siad fuadach agus dúnmharú na ndaoine óga sin agus cáineann sé na ráitis mhífhreagracha a rinneadh ar an dá thaobh. Creideann an tAontas Eorpach go léiríonn na himeachtaí tragóideacha le seachtainí beaga anuas go gcaithfidh muintir Iosrael agus na Palaistíne oibriú le chéile chun cur i gcoinne gach cineál sceimhlitheoireachta agus foréigin agus lucht a spreagtha.

    4. Bagairt thromchúiseach é don Aontas Eorpach agus dá chomharsana béil dorais, a bhfuil ag tarlú le deireanas sa Mheánoirthear ina iomláine. Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil buntiomantas láidir aige do shlándáil Iosrael, i ndáil le bagairtí sa réigiún, idir sheanbhunaithe agus i mbéal a dteachta.

    5. Tacaíonn an tAontas go hiomlán leis na hiarrachtaí síochána a threoraigh na Stáit Aontaithe agus fógraíonn nár cheart na hiarrachtaí sin a chaitheamh i dtraipisí. Is é tuairim láidir an Aontais Eorpaigh gur riachtanaí anois ná riamh cheana go bhfaighfear réiteach dhá stát ar an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín, go mórmhór i bhfianaise an chomhthéacs réigiúnaigh agus na géarchéime atá ann anois. Iarrann an tAontas ar na comhpháirtithe filleadh ar an idirbheartaíocht fhiúntach agus é d'aidhm acu comhaontú cuimsitheach síochána a bhaint amach a mbeadh réiteach dhá stát mar bhonn dó. Is é an t-aon bhealach amháin chun an choimhlint a réiteach ná trí chomhaontú lena gcuirfí deireadh leis an áitíocht a thosaigh i 1967, comhaontú lena gcuirfí deireadh le gach éileamh agus lena gcomhlíonfaí ardmhianta an dá thaobh. Ní bheadh réiteach an aon stáit amháin comhoiriúnach leis na hardmhianta sin.

    6. Fógraíonn an tAontas Eorpach go gcaithfidh buanréiteach na coimhlinte bheith bunaithe ar rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ar phrionsabail Mhaidrid lena n-áirítear talamh le haghaidh síochána, ar an bPlean Oibre, ar na comhaontuithe ar tháinig na páirtithe orthu roimhe seo agus ar an Tionscnamh Síochána Arabach, agus trína mbeadh Stát Iosrael agus Stát neamhspleách, daonlathach, comhtheagmhálach, ceannasach, inmharthana Palaistíneach, taobh le taobh, agus iad ag maireachtáil go slán síochánta agus ag tabhairt aitheantais dá chéile. Creideann an tAontas Eorpach go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh paraiméadair shoiléire ann i ndáil le bonn na hidirbheartaíochta ionas go n-éireodh léi. Leag an tAontas Eorpach amach a sheasamh maidir leis na paraiméadair sin sna Conclúidí ón gComhairle i mí na Nollag 2009 agus mí na Nollag 2010, agus i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 21 Aibreán 2011 agus leanfaidh sé de bheith á chur chun cinn. Ar an mbonn sin, tá an tAontas toilteanach oibriú leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe eile chun an idirbheartaíocht síochána a athsheoladh, bunaithe ar na paraiméadair seo a leanas:

    – Comhaontú maidir le teorainneacha an dá stát, bunaithe ar theorainneacha 4 Meitheamh 1967 agus aon mhalartuithe talún de réir mar a shocróidh na comhpháirtithe. Ní aithneoidh an tAontas Eorpach aon athruithe ar na teorainneacha mar a bhí siad roimh 1967, lena n-áirítear maidir le hIarúsailéim, ach amháin na hathruithe sin a mbeidh na páirtithe ar aon intinn fúthu.

    – Socruithe slándála lena n-urramófar, i gcás na bPalaistíneach, a gcuid ceannasachta agus lena léirítear go bhfuil deireadh leis an áitíocht; agus, i gcás Iosrael, lena dtabharfaidh cosaint dá slándáil, lena gcoiscfear athbhriseadh amach na sceimhlitheoireacha agus lena ndéileálfar le bagairtí ar shlándáil, lena n-áirítear bagairtí nua agus tábhachtacha sa réigiún.

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 11 GA

    – Réiteach cothrom, ceart, comhaontaithe agus réadúil ar cheist na dteifeach.

    – Comhlíonadh ardmhianta an dá chomhpháirtí i ndáil le hIarúsailéim. Caithfear bealach a aimsiú, trí mheán na hidirbheartaíochta, chun stádas Iarúsailéim a réiteach mar phríomhchathair an dá stáit.

    7. Ní mór go dtabharfaí tús áite i gcónaí don réiteach dhá stát agus dá inmharthanacht a chaomhnú. Lena bhfuil ag titim amach sa limistéar, is deacra a bheidh sé ag éirí réiteach dhá stát a bhaint amach. Agus a thiomantas do chur chun feidhme na gConclúidí ón gComhairle ó mhí Bhealtaine agus na Nollag 2012 á athdhearbhú aige, mar aon le hinfheidhmeacht dlí idirnáisiúnta chearta an duine agus dlí idirnáisiúnta daonnúil i gcríoch áitithe na Palaistíne, iarrann an tAontas Eorpach ar Iosrael stop a chur le méadú na lonnaíochta leanúnaí, lena n-áirítear in Iarúsailéim Thoir, go háirithe i gceantair leochaileacha cosúil le Har Homa, Givat Hamatos agus E1, lonnaíocht ar dianbhagairt í ar an réiteach dhá stát; deireadh a chur freisin le foréigean lucht na lonnaíochta, le dul i ndonas dhálaí maireachtála na bPalaistíneach i Limistéar C, le scartáil tionscnaimh - lena n-áirítear iad siúd atá á maoiniú ag an Aontas -, le díshealbhuithe agus aistriú éigeantach, agus le méadú an teannais agus le dúshlán an status quo a thabhairt ar Chnoc an Teampaill/Haram al-Sharif.

    Caithfear mórathrú a bhaint amach i leith na n-imeachtaí diúltacha sin le nach gcaillfear an réiteach dhá stáit go deo.

    8. Ba dhíol sásaimh don Aontas Eorpach ceapadh nuarialtais Phalaistínigh a bhfuil pearsantachtaí neamhspleácha ann, agus ráiteas an Uachtaráin Abbas inar dearbhaíodh go raibh an rialtas nua tiomanta do phrionsabal an réitigh dhá stát bunaithe ar theorainneacha 1967, do cheart dlisteanach Iosrael le bheith ann, don fhoréigean a chosc agus d'urramú na gcomhaontuithe a bhí ann go n-uige seo. Tá teagmháil an Aontais Eorpaigh leis an nuarialtas Palaistíneach bunaithe ar é a bheith toilteanach cloí leis na bearta agus na tiomantais sin, i bhfocail agus i ngníomh. Leagann an tAontas Eorpach béim ar a riachtanaí atá sé go nglacfadh an rialtas Palaistíneach ceannas ar Stráice Gaza agus go gcuirfeadh sí stop leis an scoilt inmheánach. Iarrann an tAontas Eorpach ar an nuarialtas Palaistíneach oibriú le go mbeifear in ann toghcháin fíor-dhaonlathacha a eagrú do na Palaistínigh ar fad.

    Iarrann an tAontas Eorpach arís eile ar cheannaireacht na bPalaistíneach a stádas sna Náisiúin Aontaithe a úsáid ar bhealach dearfach agus gan gníomhú ar bhealach a bheadh ina chonstaic do réiteach idirbheartaithe.

    9. Dearbhaíonn an tAontas Eorpach go mbeidh forbairt an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus na comhpháirtithe Iosraelacha agus Palaistíneacha araon ag brath ar a thiomanta a bheidh siad don tsíocháin fhadtéarmach bunaithe ar réiteach dhá stát.

    Le go mbeidh an tAontas in ann leanúint de bheith ag tacú le cothú an stáit Phalaistínigh, caithfidh go mbeidh seans inchreidte ann go mbunófar stát Palaistíneach inmharthana, a bheidh bunaithe ar urramú an smachta reachta agus chearta an duine.

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 12 GA

    10. Déanfaidh an tAontas Eorpach gach ar féidir chun tacú le buanréiteach cóir a fháil ar an gcoimhlint. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach an tairiscint a rinne sé don dá chomhpháirtí maidir le pacáiste Eorpach tacaíochta polaitiúla, eacnamaíoch agus slándála agus maidir le Comhpháirtíocht Speisialta Phribhléideach leis an Aontas Eorpach i gcás go bhfaighfí comhaontú críochnaitheach síochána. Leis an tacaíocht agus an gcomhpháirtíocht seo, agus trí Stát Iosrael agus an Stát Palaistíneach a bheidh ann amach anseo a nascadh i ndlúthchaidreamh méadaitheach leis an Eoraip, creideann an tAontas Eorpach go gcuirfear an creat straitéiseach ar fáil a theastaíonn d'fhorbairt sheasta, shlán agus rathúil an dá stát."

    An Iaráic

    Phléigh an Chomhairle an staid san Iaráic ag am lóin.

    Ag an gcruinniú a bhí aici i mí an Mheithimh, chuir an Chomhairle in iúl gur cúis mhór imní di go raibh cúrsaí slándála ag dul in olcas in aghaidh an lae san Iaráic, agus cháin sí go mór na hionsaithe a rinne Stát Ioslamach na hIaráice agus an Leiveaint (ISIL).

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 13 GA

    MÍREA��A EILE A FORMHEASADH

    G�ÓTHAÍ EACHTRACHA

    Poblacht na hAfraice Láir

    Ghlac an Chomhairle na Conclúidí a leanas maidir le Poblacht na hAfraice Láir:

    "1. Is cúis mhór imní don Aontas Eorpach (AE) i gcónaí an ghéarchéim i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), an diantionchar ar phobal na tíre agus na hiarmhairtí ar na tíortha comharsanachta. Cáineann sé go láidir athmhadhmadh arís agus arís eile an fhoréigin i réigiúin dhifriúla sa tír. Go háirithe, tá sé fós an-bhuartha faoin uige shóisialta a bheith ag titim as a chéile i bPoblacht na hAfraice Láir agus faoin tionchar a bheadh aige sin ar athmhuintearas. Iarrann sé go n-urramófar sláine críche na tíre agus meabhraíonn sé go bhfuil sé tiomanta do chomh-mhaireachtáil shíochánta a bhaint amach idir na comhphobail dhifriúla agus na reiligiúin dhifriúla. Taobhaíonn sé leis na páirtithe uile leanúint leis an idirphlé idirchreidmheach, leis na tionscnaimh idirghabhála, go háirithe iad sin arna ndéanamh ag ceannródaithe agus ag na ceannairí reiligiúnda agus leis na tionscnaimh athmhuintearais, ar bearta iad atá ríthábhachtach chun comhtháthú a athbhunú sa tír.

    2. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go bhfuil sé tiomanta do thacú leis na pobail atá thíos leis an ngéarchéim dhaonnúil, an pobal laistigh de Phoblacht na hAfraice Láir agus an pobal sna tíortha comharsanachta araon, agus iarrann sé ar an gcomhphobal idirnáisiúnta na dúshláin a bhaineann leis an ngéarchéim seo a fhreagairt gan mhoill. Is cúis imní don Aontas go bhfuil teagmhais slándála i gcónaí ann, agus go laghdaítear ar an limistéar daonnúil mar thoradh air sin. Athdhearbhaíonn an tAontas gur iarr sé ar na páirtithe uile rochtain shlán agus gan bhac ar an bpobal a urramú agus a áirithiú do na gníomhaithe daonnúla. Meabhraíonn an tAontas Eorpach dó na hiarrachtaí a rinne sé agus a rinne a Bhallstáit chun freastal ar riachtanais na ndaonraí is leochailí, go háirithe trí ranníocaíochtaí a íoc leis an bPlean Freagartha Straitéisí Daonnúla arna chomhordú ag an Oifig um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear Comhchiste Daonnúil de chuid na Náisiún Aontaithe do Phoblacht na hAfraice Láir agus cláir dhaonnúla eile, arb ionann é agus 45% den iarracht dhaonnúil atá á dhéanamh san Afraic Láir. Athdhearbhaíonn sé go mbeidh sé ullamh chun dul i mbun gnímh i gcónaí chun na críche sin.

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 14 GA

    3. Tá feabhas tagtha ar an staid slándála, go háirithe in Bangui agus ar an ais lena gceanglaítear an phríomhchathair le Camarún, ach tá teannas fós i réigiúin eile na tíre. Impíonn an tAontas ar na grúpaí armtha deireadh a chur leis an bhforéigean i gcoinne an phobail shibhialtaigh láithreach bonn. Is cúis imní dó go bhfuil na mílte páistí i measc na ngrúpaí armtha fós agus impíonn sé ar na grúpaí uile na páistí a ligint saor gan mhoill agus deireadh a chur le hearcú agus le húsáid páistí. Is fíorchúis imní freisin é an foréigean gnéasach agus an foréigean a imrítear ar pháistí, foréigean a bhfuil méadú ag teacht air i gcónaí. Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn an tAontas go gcáineann sé go hiomlán sárú chearta an duine agus an sárú ar an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta. Iarrann sé ar údaráis an aistrithe, an comhrac i gcoinne saoirse ó phionóis a threisiú, go háirithe trí shlabhra an cheartais a athbhunú, rud a thacaigh an tAontas Eorpach leis go gníomhach cheana féin. Tugann an tAontas Eorpach ar aird gur chuir údaráis an aistrithe iarratas faoi bhráid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chun na coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte agus a rinneadh ón 1 Lúnasa 2012 a fhiosrú.

    4. Is mór ag an gComhairle gníomhaíocht oibríocht EUFOR RCA, go háirithe ó baineadh amach cumas iomlán oibriúcháin na hoibríochta an 15 Meitheamh, lenar cuireadh an sainordú chun feidhme ina iomláine i réigiún Bangui. Seoladh oibríocht mhíleata seo an aistrithe agus tacaíodh léi ar bhealach rathúil, agus leis sin bhí an tAontas Eorpach in ann rannchuidiú ar bhealach nithiúil le timpeallacht shlán, dhaingean a bheith sa phríomhchathair arís. Tá an tAontas Eorpach tiomanta do láithreacht mhíleata leordhóthanach a choinneáil ar an láthair go dtí deireadh shainordú EUFOR RCA, chun an t-aistriú a áirithiú in éineacht le grúpaí míleata agus póilíneachta ó oibríocht síochánaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe i bPoblacht na hAfraice Láir, MINUSCA.

    5. Is mór ag an Aontas Eorpach na hiarrachtaí a rinne na Náisiúin Aontaithe ó thaobh na cobhsaíochta inbhuanaithe san Afraic Láir de, agus go háirithe na hiarrachtaí atá á ndéanamh le go mbeifear in ann an t-údarás a aistriú idir MISCA agus grúpaí míleata agus póilíneachta de chuid MINUSCA an 15 Meán Fómhair seo chugainn. Athdhearbhaíonn sé go bhfuil sé tiomanta tacú le MINUSCA agus sainordú iltoiseach á chomhlíonadh aige ó thaobh na síochánaíochta de a leagtar síos i rún 2149 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    6. Is mór ag an Aontas Eorpach an comhairliúchán a bhí ag Ceannairí Stát na hAfraice Láir in Malabo maidir le Poblacht na hAfraice Láir agus is mór aige na conclúidí ón 5ú Cruinniú de chuid an Ghrúpa Idirnáisiúnta Teagmhála maidir le Poblacht na hAfraice Láir a tháinig le chéile an 7 Iúil seo caite in Addis Abeba. Is díol sásaimh dó an fógra faoi fhóram le haghaidh idirphlé a thionólfar an 21 agus an 22 Iúil in Brazzaville, lena bhféadfar gníomhaithe uile an aistrithe a thabhairt le chéile, údaráis an aistrithe ina measc, d'fhonn bogadh i dtreo na síochána agus an athmhuintearais náisiúnta.

    Sa chomhthéacs sin, spreagann an tAontas Eorpach na geallsealbhóirí uile páirt fhreagrach, nithiúil a ghlacadh sna próisis sin chun cabhrú le Poblacht na hAfraice Láir teacht as an ngéarchéim.

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 15 GA

    7. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go dtacaíonn sé go hiomlán le húdaráis an aistrithe agus tá sé ag tnúth le tiomantas láidir na n-údarás chun teacht slán ó na mórdhúshláin atá os comhair na tíre faoi láthair. Is díol sásaimh dó tionscnamh an idirphlé pholaitiúil náisiúnta a chuir ceannaire Stáit an aistrithe, Catherine Samba-Panza, ar bun an 10 go dtí an 12 Meitheamh in Bangui, agus na conclúidí a glacadh an tráth sin. Is mór aige na hiarrachtaí a rinne Catherine Samba-Panza chun próiseas an aistrithe a chur ar aghaidh. Molann an tAontas Eorpach d'údaráis an aistrithe an t-údarás stáit a chur i réim ar chríoch iomlán na hAfraice Láir, athchóirithe struchtúracha a bhainistiú atá riachtanach le haghaidh forbartha eacnamaíche agus sóisialta don tír, a bheadh cuimsitheach agus inmharthana, agus an smacht reachta, agus meas ar chearta bunúsacha a saoránach a athbhunú. Go háirithe, iarrann sé orthu machnamh straitéiseach a dhéanamh as seo amach ar chreat náisiúnta le haghaidh athchóiriú ar fhórsaí na slándála inmheánaí agus ar fhórsaí armtha na hAfraice Láir d'fhonn go mbunófar fórsaí poblachtánacha a bheadh gairmiúil agus lena ndéanfaí ionadaíocht ar éagsúlacht na réadúlachta san Afraic Láir. Tabharfaidh an tAontas Eorpach tacaíocht chomhordaithe, dhiongbháilte, in am is i dtráth, mar chuid den tacaíocht ón gcomhphobal idirnáisiúnta, d'údaráis na hAfraice Láir sa réimse sin.

    8. I ndáil leis na toghcháin, is mór ag an Aontas Eorpach gur síníodh an fhoraithne maidir le heagrú agus feidhmiú an Údaráis Náisiúnta um Thoghcháin an 26 Meitheamh. Iarrann sé anois ar údaráis an aistrithe agus ar na gníomhaithe uile lena mbaineann, na cinntí polaitiúla a dhéanamh gan mhoill lena bhféadfar an próiseas toghchánaíochta a sheoladh, i gcomhréir leis an idirphlé sa chreat comhairliúcháin. Áirithítear leis seo go háirithe go mbeidh an tÚdarás Náisiúnta um Thoghcháin oibríochtúil a luaithe agus is féidir. In ainneoin gur glacadh an tacaíocht airgeadais cheana, tá an tAontas réidh fós leanúint de pháirt a ghlacadh chun cabhrú leis an bpróiseas toghcháin i bPoblacht na hAfraice Láir.

    9. Is díol sásaimh don Chomhairle gur ghlac an Coimisiún Eorpach, le déanaí, pacáiste tábhachtach "forbraíochta" ar mhaithe le Poblacht na hAfraice Láir, EUR 119 milliún san iomlán, chun tacú le hathbhunú na seirbhísí sóisialta bunúsacha i réimse an oideachais agus na sláinte, chun tacú le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus le tacaíocht don phróiseas toghchánaíochta, lena n-áirítear cur chun feidhme an chéad chiste iontaobhais Eorpaigh, atá tiomanta do Phoblacht na hAfraice Láir, agus an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír mar bhaill bhunaidh leis. Deonófar EUR 59 milliún do bhuiséad tosaigh an chiste Eorpaigh seo "Bekou" ("dóchas" as Sangóis). Is é is cuspóir dó an t-aistriú idir freagairt phráinneach agus atógáil a ullmhú trí chur chuige lena gceanglaítear fóirithint, athshlánú agus forbairt. Maidir leis an gciste iontaobhais seo, a seoladh an 15 Iúil i bhFlórans le linn searmanais oifigiúil agus cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí forbartha na hEorpa a bheith ar siúl, ba cheart go mbeadh sé in ann rannchuidiú leis an tír a chobhsú agus le forbairt na tíre ach ba cheart go mbeadh sé in ann freisin freagairt ar na gnéithe réigiúnacha a bhaineann leis an ngéarchéim agus go háirithe an tsaincheist maidir leis na teifigh i stáit comharsanachta á cur san áireamh. Tá an ciste sin oscailte do na tríú tíortha agus iarrann an tAontas Eorpach ar na comhpháirtithe uile, go háirithe na comhpháirtithe nach bhfuil i bPoblacht na hAfraice Láir, ranníocaíocht a dhéanamh leis an gciste."

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 16 GA

    Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice

    Ghlac an Chomhairle na Conclúidí a leanas maidir le Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice:

    "1. Agus a chuid conclúidí den 22 Iúil 2013 agus den 16 Nollaig á meabhrú aige, dearbhaíonn an tAontas Eorpach (AE) go bhfuil sé tiomanta do chobhsaíocht agus forbairt a chur chun cinn i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice. Beidh gá le hiarrachtaí diongbháilte agus comhbheartaithe a dhéanamh chun go gcoinneofar an mhóiminteam i gcur chun feidhme an Chreata Síochána, Slándálaagus Comhair do Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (DRC) agus don Réigiún (an Creat PSC). Molann an tAontas Eorpach an obair arna déanamh i ndáil le Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice ag Toscaire Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, Máire Mhic Róibín agus ag na Toscairí eile. Iarrann sé go háirithe go mbeidh páirt níos mó ag Comhdháil Idirnáisiúnta Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice (ICGLR) agus ag Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC) mar aon leis an Aontas Afracach (AU) agus iarrann sé go gcuirfidh na páirtithe uile an Comhaontú chun feidhme.

    2. Molann an tAontas obair Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, Martin Kobler agus obair Mhisean Cobhsúcháin Eagraíocht na Náisiún Aontaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (MONUSCO). Is mór ag an Aontas Eorpach an dul chun cinn a rinneadh i gcúrsaí slándála tar éis briseadh M23 mar aon leis na comhghníomhaíochtaí rathúla a ghabh MUNOSCO agus FARDC de láimh le sí mhí anuas, go háirithe i gcoinne an ghrúpa armtha ADF-Nalu, agus aithníonn sé na híobairtí a rinne saighdiúirí an Chongó. Is mór ag an Aontas Eorpach rún MONUSCO sibhialtaigh a chosaint níos fearr trí chur chuige níos láidre agus níos solúbtha a ghlacadh. Níor cheart go gcaillfí an deis atá ann anois mar thoradh ar thitim amach an méid sin agus ba cheart go ndéanfaí údarás an stáit a athshlánú a luaithe is féidir sna réigiúin sin nach bhfuil grúpaí armtha gníomhach iontu a thuilleadh. Maidir leis sin tacaíonn an tAontas Eorpach go hiomlán leis an Straitéis Idirnáisiúnta um Thacaíocht don tSlándáil agus don Chobhsaíocht (I4S), lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí cobhsaíochta sna réimsí seo. Agus fógairt an dlí mhaithiúnais ina díol sásaimh dó, gríosaíonn an tAontas Eorpach Poblacht Dhaonlathach an Chongó, i gcomhar le Uganda agus Ruanda dlús a chur le Dí-armáil, Díshlógadh agus Athimeascadh (DDR) ball M23, ag díriú go háirithe ar na mná agus ar na leanaí.

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 17 GA

    3. Ag tógáil ar na chéad chéimeanna a glacadh, dearbhaíonn an tAontas Eorpach a thábhachtaí atá dí-armáil neamhchoinníollach deonach na bhfórsaí FDLR (Forces Démocratiques de Libération du Rwanda) laistigh de Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, agus dearbhaíonn sé go bhfuil sé toilteanach tacú leis an bpróiseas sin. Tá sé riachtanach go mbeadh ceannaireacht FDLR páirteach sa phróiseas sin, go gcuirfear i gcríoch é a luaithe is féidir agus go mbeadh tabhairt ar ais fhoirmiúil na gcríoch fuascailte uile mar chuid de. Meabhraíonn an tAontas Eorpach go sáraítear na bearta srianta NA agus AE atá ann cheana má thugtar aon tacaíocht do FDLR. Creideann an tAontas Eorpach i gcónaí nach mór an dlí a chur orthu siúd a gcuirtear cur i ngníomh coireanna cogaidh, coireanna i gcoinne an chine dhaonna, cinedhíothaithe nó ollsárú ar chearta an duine ina leith agus áirítear ar an méid sin foréigean gnéasach agus earcú agus úsáid leanaí. Is mór ag an Aontas Eorpach an ráiteas ó Rialtas Ruanda go nglacfaidh sé le daoine a thiocfaidh ar ais go deonach ó FDLR mar chuid den phróiseas DDR. Cuirtear feabhas ar réitigh bhuana do dhíscaoileadh na ngrúpaí armtha le caidreamh réigiúnach, agus sa chomhthéacs sin is mór ag an Aontas Eorpach go bhfuil SADC agus ICGLR páirteach le chéile sna próisis sin. I gcomhréir le seasamh Rialtas DRC, meabhraíonn an tAontas Eorpach go mbeadh oibríochtaí míleata ag FARDC i gcoinne FDLR i gcomhordú le MONUSCO ina rogha i gcónaí sa chás go dteipfeadh ar an bpróiseas deonach.

    4. Tá breis agus daichead grúpa armtha gníomhach i gcónaí i DRC, go háirithe in Oirthear DRC áit a n-imrítear éifeacht uafásach, ó thaobh gnóthaí daonnúla, ar an daonra sibhialtach agus a bhfuil easáitiú 2.6 milliún duine mar thoradh uirthi. Is údar imní ar leith é don Aontas Eorpach an staid sa Province Orientale agus an ghéarchéim dhaonnúil i Katanga ar de dhéanamh an duine í agus í ag dul in olcas go tapa. Cuireann an tAontas Eorpach i gcuimhne do na páirtithe uile an dualgas atá orthu cosaint na sibhialtach a áirithiú agus urraim a thabhairt don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cearta an duine agus an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta. Ní mór go gcuirfear deireadh le diansáruithe ar chearta an duine i DRC, go háirithe foréigean atá bunaithe ar inscne, foréigean gnéasach, agus earcú agus úsáid leanaí, bíodh sin á dhéanamh ag grúpaí armtha nó ag gníomhaithe eile. Cuireann sé freagracht shonrach údarás an Chongó in iúl maidir leis sin agus cuireann sé i bhfios go láidir a thábhachtaí atá gníomhaíocht chomhbheartaithe i dtaca le hearnáil an cheartais a athchóiriú i DRC, lena n-áirítear an ceartas míleata.

    5. Ar bhonn níos leithne, tá sé ríthábhachtach i gcónaí aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an fhoréigin sa réigiún, agus fachtóirí amhail easpa smachta ag an stát, neamh-chomhionannas suntasach inscne, saincheisteanna talún, athchóirithe atá fós le déanamh i rialachas eacnamaíoch, iomadú na n-arm beag agus na n-uirlisí éadroma troda, agus saothrú mídhleathach na n-acmhainní nádúrtha á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tacaíonn an tAontas Eorpach leis na hiarrachtaí uile arna ndéanamh i leith trédhearcacht na slabhraí domhanda soláthair mianraí a mhéadú, lena n-áirítear trí thionscnamh AE a fhorbairt chun foinsiú freagrach mianraí as limistéir atá thíos mar gheall ar choimhlint agus as limistéir ardriosca a chur chun cinn. Agus aghaidh á tabhairt ar na bunchúiseanna, tugtar deis mhaith, le cur chun feidhme an chláir athchóirithe de bhun an Chomhaontais Creata PSC, tacaíocht idirnáisiúnta a bhailiú do chuspóirí comhchoiteanna. Agus aitheantas á thabhairt aige don chomhar eacnamaíoch, do dheiseanna méadaithe trádála agus do chruthú post mar chabhair lena bhféadfaí cobhsaíocht agus síocháin fhadtéarmach a thabhairt go dtí an réigiún, tacaíonn an tAontas Eorpach le heagrú Chomhdháil Earnáil na hInfheistíochta Phríobháidí do Réigiún na Mór-Lochanna faoin gCreat PSC.

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 18 GA

    6. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go bhfuil sé tiomanta do chur chuige soiléir a áirithiú ina chuid comhpháirtíochtaí le tíortha na Mór-Lochanna, agus meabhraíonn sé dó féin go mbíonn éifeacht dhíreach ag forbairtí polaitiúla agus ag toghcháin sa Bhurúin, i DRC agus i Ruanda ar chobhsaíocht níos fadtéarmaí sa réigiún agus gur cheart go n-urramófaí na forálacha bunreachtúla leo. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go bhfuil gá le dlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus leis na heagraíochtaí réigiúnacha.

    7. Is deis ríthábhachtach iad na toghcháin a bheidh ar siúl sa Bhurúin in 2015 le go ndéanfar an dul chun cinn a baineadh amach le déanaí a chomhdhlúthú agus le go gcabhrófar le todhchaí níos fearr a chinntiú. Is mór ag an Aontas Eorpach gur ghlac na páirtithe uile an dlí toghcháin de chomhthoil agus gur chomhaontaigh siad cód iompair, ach tá imní mhéadaitheach air faoi na srianta atá ar an spás polaitiúil agus ar na saoirsí sibhialta, agus faoin méadú sa teannas agus san fhoréigean, rud atá mar thoradh ar na srianta sin, go háirithe an méadú i measc na ngluaiseachtaí óige a bhfuil nasc acu le páirtithe polaitíochta. Ní féidir leis an Aontas Eorpach machnamh a dhéanamh ar thacaíocht a thabhairt, lena n-áirítear tacaíocht don phróiseas toghcháin, ach amháin i gcás gur próiseas cuimsitheach, trédhearcach agus síochánta atá i gceist. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go dtacaíonn sé go láidir le ról na Náisiún Aontaithe sa Bhurúin agus leis an treochlár toghcháin a raibh na Náisiúin Aontaithe i mbun na caibidlíochta ina leith agus a shínigh na gníomhaithe polaitiúla in 2013.

    8. Meabhraíonn an tAontas Eorpach gur spéis dó forbairt dhaonlathach DRC agus go háirithe an timthriall toghchánach atá le teacht a mbeidh olltoghcháin mar thoradh air in 2016. Tá údarás an Chongó freagrach as toghcháin a ullmhú agus a eagrú agus as na forálacha ábhartha bunreachtúla a urramú ar cheart freisin buiséad iomlán a chur ar fáil dóibh, ar toghcháin iad a bheidh uilechuimsitheach le féilire soiléir agus lena gcuirfear san áireamh moltaí mhisean breathnóireachta an Aontais Eorpaigh 2011. Aithníonn an tAontas Eorpach a thábhachtaí atá ról deamhéine MONUSCO in ullmhúchán na dtoghchán sin. Leagann sé béim freisin ar a thiomantas tacú leis na hathchóirithe tábhachtacha ar fad i DRC, go háirithe sna réimsí amhail iad siúd a bhaineann le bainistiú airgeadais phoiblí, leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta, leis an earnáil slándála, le timpeallacht gnó níos fearr a chur chun cinn, le comhdhlúthú struchtúr an Stáit, le hurraim a thabhairt don smacht reachta, leis an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós, le cosc a chur ar fhoréigean gnéasach agus le leanaí a chosaint i gcoimhlint armtha. Tá athchóiriú na hEarnála Slándála, agus go háirithe athchóiriú an airm i gcónaí fíor-thábhachtach agus ba cheart go gcoimeádfaí slán leis an méid sin an rath a bhain misin EUSEC agus EUPOL CSDP amach.

    Tá trédhearcacht agus cuntasacht do bhainistíú na n-acmhainní nadúrtha ina bpríomhshaincheisteanna ag muintir an Chongó. Sa chomhthéacs sin, is mór ag an Aontas Eorpach ballraíocht iomlán DRC sa Tionscnamh um Thrédhearcacht na dTionscal Eastóscach (EITI).

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 19 GA

    9. Is mór ag an Aontas Eorpach an dul chun cinn a rinne Ruanda maidir le roinnt athchóirithe struchtúracha, go háirithe laistigh den sféar eacnamaíoch, agus aithníonn sé an méid a baineadh amach maidir le hathmhuintearas le linn na 20 bliain ó tharla an cinedhíothú in 1994. Tugann an tAontas Eorpach dá haire, áfach, an t-údar imní leantach atá air faoi na constaicí atá os comhair na bpáirtithe polaitiúla agus faoi thuairisciú ar dhaoine atá ar iarraidh agus faoi ghníomhaíochtaí i gcoinne cosantóirí chearta an duine agus na sochaí sibhialta. Agus é ag féachaint ar aghaidh chuig toghcháin 2017, spreagann an tAontas Eorpach Ruanda leanúint dá thiomantas don daonlathú ar bhonn comhsheasmhach, an spás polaitiúil a oscailt tuilleadh, spás breise a thabhairt do shochaí shibhialta neamhspleách agus go háirithe do chosantóirí Chearta an Duine agus saoirse chun cainte a dhéanamh níos leithne don tsochaí shibhialta agus do na saoránaigh uile chun go n-éascófar rannpháirtíocht dhaonlathach níos fearr.

    10. Thug an tAontas Eorpach tacaíocht do chuspóirí an Chreata PSC. Leis an gcionroinnt iomlán de breis ar €1.5 billiún atá i gceist leis na Cláir Tháscacha Náisiúnta faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don Bharúin, do DRC1 agus do Ruanda a glacadh le déanaí, cuirfear le tacaíocht ar an leibhéal réigiúnach agus le ranníocaíochtaí déthaobhacha ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Creideann an tAontas Eorpach i gcónaí gurb é comhoibriú thíortha an réigiúin ar thionscadail tháirgiúla ar leas coiteann iad ceann de na phríomhghnéithe i dtaca le tógáil ar acmhainneacht na Lochanna Móra. Tá ról na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ról eagraíochtaí na mban agus an gá atá le cuntasacht níos fearr do na saoránaigh den bhuntábhacht freisin maidir le réitigh mharthanacha a aimsiú i ndáil leis an gcoimhlint agus leis an éagobhsaíocht sa réigiún.

    11. Iarrann an Chomhairle ar an Ardionadaí agus ar an gCoimisiún tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gConclúidí seo agus na gConclúidí eile ón gComhairle a tháinig rompu, agus moltaí leantacha a thíolaic i gcás inarb iomchuí agus aontaíonn sí go mbeidh freagra ag teacht uaithi roimh dheireadh na bliana seo."

    Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine

    D'fhormheas an Chomhairle seasamh comhpháirteach an Aontais don 11ú cruinniú de chuid na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 23 Iúil 2014.

    Liosta an Aontais de sceimhlitheoirí aonair agus eintitis sceimhlitheoireachta

    D'fhormheas an Chomhairle athbhreithniú rialta a dhéanamh ar liosta an Aontais de sceimhlitheoirí, grúpa sceimhlitheoirí agus eintitis sceimhlitheoireachta faoi réir na mbeart sonrach chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ("liosta sceimhlitheoirí an Aontais"). Chomhaontaigh an Chomhairle duine amháin a bhaint den liosta sin.

    1 Síníodh na Cláir Tháscacha Náisiúnta don Bharúin agus do DRC an 26 Meitheamh 2014.

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 20 GA

    Bearta sriantacha - an Iaráic

    Ghlac an Chomhairle athruithe teicniúla ar na gníomhartha dlíthiúla lena leagtar amach bearta sriantach i gcoinne na hIaráice.

    Bearta sriantacha - Guine Bissau

    D'fhormhuinigh an Chomhairle ullmhúcháin don athbhreithniú bliantúil a dhéantar ar bhearta sriantacha an Aontais i gcoinne daoine áirithe agus eintitis áirithe a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Ghuine Bissau i mbaol.

    Bearta sriantacha - an Libia

    Rinne an Chomhairle bearta sriantacha an Aontais a forchuireadh i bhfianaise na staide sa Libia a leasú. Bhain sí duine amháin ó liosta na ndaoine atá faoi réir smachtbhannaí, toisc nach bhfuil aon fhoras ann a thuilleadh an duine sin a choinneáil ar an liosta.

    Bearta sriantacha - an tSiria

    Ag féachaint do chomh dona is atá an staid sa tSiria, threisigh an Chomhairle smachtbhannaí an Aontais i gcoinne réimeas na Siria. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach an phreaseisiúint.

    Tuarascáil ón Ardionadaí maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála

    D'fhormhuinigh an Chomhairle an tuarascáil bhliantúil ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig Parlaimint na hEorpa. Leagtar amach sa tuarascáil príomhghnéithe agus roghanna bunúsacha i ndáil le CBES, lena n-áirítear measúnú ar na bearta a seoladh in 2013 agus na himpleachtaí airgeadais a bheadh acu ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Tá sí ag tnúth le 2014.

    Plean gníomhaíochta an Aontais don Phacastáin

    Thug an Comhairle dá haire an séú tuarascáil maidir le cur chun feidhme don Phacastáin, mar obair leantach don phlean chun gníomhaíocht an Aontais san Afganastáin agus sa Phacastáin a neartú, a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2009.

    Gníomhaíocht an Aontais i gcoinne iomadú na n-arm ollscriosta

    D'fhormhuinigh an Chomhairle an tuarascáil leathbhliantúil ar dhul chun cinn maidir le straitéis an Aontais i gcoinne iomadú na n-arm ollscriosta a chur chun feidhme, tuarascáil lena gcumhdaítear an chéad seimeastar de 2014.

    http://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/EN/foraff/144077.pdf

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 21 GA

    A� CHOMHBHEARTAS SLÁ�DÁLA AGUS COSA�TA

    Misean comhairleach an Aontais maidir le hathchóiriú earnáil na slándála sibhialta san Úcráin

    Bhunaigh an Chomhairle misean comhairleach an Aontais d'athchóiriú earnáil na slándála sibhialta san Úcráin (EUAM an Úcráin), ar misean sibhialta é faoi Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais chun cabhrú leis an Úcráin ó thaobh athchóiriú earnáil na slándála sibhialta, lena n-áirítear an phóilíneacht agus an smacht reachta. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach an phreaseisiúint.

    Ag an am céanna, d'údaraigh an Chomhairle don Ardionadaí caibidlíocht a dhéanamh leis an Úcráin maidir le comhaontú ar stádas mhisean CBES AE san Úcráin.

    EUCAP Saiheil an �igéir

    Shín an Chomhairle EUCAP Saiheil an Nigéir, misean CBES AE sa Nigéir, go dtí an 15 Iúil 2016. Leis an misean seo, soláthraítear comhairle agus oiliúint chun tacú le húdaráis na Nigéire ó thaobh a gcumas a neartú chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach an phreaseisiúint.

    EUCAP �estor

    Shín an Chomhairle sainordú mhisean an Aontais maidir le forbairt réigiúnach acmhainní muirí i gCorn na hAfraice (EUCAP Nestor) go dtí an 12 Nollaig 2016. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach an phreaseisiúint.

    An Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte Eorpach

    Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir leis na gnéithe a bhaineann le húsáid an Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte Eorpach (GNSS) a mbíonn tionchar acu ar shlándáil an Aontais Eorpaigh. Leagtar amach leis cén chaoi ar féidir leis an gComhairle nó an leis an Ardionadaí na bearta is gá a dhéanamh i gcás bagartha ar oibriú GNSS nó ar shlándáil an Aontais Eorpaigh ná a Bhallstát. Tagann an cinneadh sin in ionad an bhunúis dhlí a bhí ann roimhe don chineál sin gníomhaíochta, an ghníomhaíocht chomhpháirteach 2004/552.

    http://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/EN/foraff/144079.pdfhttp://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/EN/foraff/144075.pdfhttp://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/EN/foraff/144073.pdf

  • 22 Iúil 2014

    12091/14 22 GA

    An Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint

    Leithdháil an Chomhairle buiséad de EUR 756 000 don Choláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint don tréimhse ón 1 Lúnasa 2014 go dtí an 31 Nollaig 2015. Is é is misean don choláiste oiliúint a chur ar fáil i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBES) d'fhonn comhthuiscint ar an CBES a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc pearsanra sibhialta agus míleata, agus d'fhonn na dea-chleachtais a scaipeadh i ndáil le saincheisteanna CBES éagsúla.

    �a Conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na �ollag 2013 a chur chun feidhme

    Thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil ar dhul chun cinn ón Ardionadaí / ó Cheannaire na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint maidir leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2013 a chur chun feidhme, agus an tuarascáil chuig an gComhairle maidir le caighdeánú agus deimhniú a rialú.