Upload
others
View
7
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
1
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara
Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide Arna ullmhú faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe
Arna ullmhú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
2
Clár na nÁbhar
Brollach ................................................................................................................................................... 3
1. Intreoir ................................................................................................................................................ 5
2. Sprioc agus Cuspóirí an Phlean Oiriúnúcháin ..................................................................................... 8
3. Treochtaí Athraithe Aeráide in Éirinn ............................................................................................... 10
4. Tionchair Thosaíochta agus Iarmhairtí .............................................................................................. 13
5. Saincheisteanna Trasearnála ............................................................................................................ 21
6. Gníomhartha Oiriúnúcháin ............................................................................................................... 27
7. Cur i bhFeidhm agus Faireachán ....................................................................................................... 30
AGUISÍN I - Cás-Staidéir......................................................................................................................... 31
AGUISÍN II - PLEAN FORFHEIDHMIÚCHÁIN MAIDIR LE hOIRIÚNÚ ........................................................ 74
AGUISÍN III - CAIDREAMH LE DREAMANNA EILE ................................................................................... 83
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
3
Brollach Fáiltím roimh fhoilsiú an chéad Phlean reachtúil de chuid na Roinne maidir le hOiriúnú don earnáil
talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara. Sa phlean seo, baintear úsáid as an obair bhunlíne a
rinne mo Roinn le linn ullmhú an doiciméid maidir le Pleanáil Oiriúnúcháin a foilsíodh sa bhliain
2017.
Tá oiriúnú agus maolú araon ina ngnéithe riachtanacha den obair a bhaineann le haghaidh a
thabhairt ar athrú aeráide. Dá bhrí sin, tá cur chuige iomlánaíoch á ghlacadh againn i leith athrú
aeráide. Cé go bhfuil dhá phlean ar leithligh againn, is é sin le rá, ceann amháin ina leagtar amach na
bearta a dhéanfaimid chun athrú aeráide a mhaolú agus an Plean seo ina ndéileáiltear le hoiriúnú, tá
an dá phlean ina gcuid dár gcur chuige foriomlán maidir le déileáil le hathrú aeráide agus
comhtháthófar iad isteach in obair laethúil na Roinne.
Tá tionchar mór ag an aimsir ar an earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara, agus dá bhrí
sin, tá sé tábhachtach go mbeadh muid faoi réir le dul i ngleic le haon athruithe ar an aeráid amach
anseo. Is ábhar mór imní é aon riosca d’inbhuanaitheacht ár réimse táirgthe bia. Beidh béim
leanúnach níos déine ar bhearta gníomhaithe ar son na haeráide, lena n-áirítear oiriúnú, ina gné
lárnach de leanúint de sholáthar inbhuanaithe bia ón talamh agus ónár gcuid farraigí a chur ar fáil. Tá
earnáil inbhuanaithe agraibhia againn agus ní mór an earnáil sin a chosaint.
Le déanaí, tá fianaise feicthe againn ar fheasacht níos mó ar fud na sochaí faoin ngá le gníomhartha a
dhéanamh chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arb iad is cúis le hathrú
aeráide. Ach is eol dúinn go bhfuil ár n-aeráid ag athrú agus go leanfar den athrú sin de bharr na
leibhéal dé-ocsaíde carbóin atá ann san atmaisféar rud a chiallaíonn nach bhfuil an dara rogha
againn ach oiriúnú a dhéanamh.
Sa Phlean seo, leagtar amach na hathruithe réamh-mheasta ar athrú aeráide agus dírítear orthu siúd
is dóiche a imreoidh tionchar ar an earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara. Ina theannta
sin, rinneadh liosta rioscaí tosaíochta agus iarmhairtí ionchasacha a shainaithint.
I gcomparáid le hearnálacha eile, is dúshlán uathúil atá ann don
earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara i dtaca le
hathléimneacht a bhunú agus oiriúnú a dhéanamh i leith an
athraithe aeráide a cheaptar a bheidh ann sa mhéid go mbeidh gá
le tacaíocht agus le hathrú iompraíochta i gcás roinnt táirgeoirí ar
leithligh agus uatha sin a bhfuil baint acu le slabhraí soláthair bia.
Agus an méid sin á chur san áireamh, tá cur chuige ‘cás-staidéar’
glactha againn chun aird a tharraingt ar roinnt samplaí réadúla
trína léirítear conas a d’imir teagmhais aimsire tionchar ar an
earnáil, trína léirítear cad is féidir a thuiscint ó réamh-
mheastacháin don todhchaí agus trína léirítear conas a
shamhlaímid teagmhais den tsamhail chéanna ina dhiaidh seo, ach
béim á leagan ar athléimneacht a bhunú.
.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
4
mór dúinn a ghlacadh chun earnáil láidir athléimneach talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara a
chur ar bun ar earnáil í atá i riocht maith chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann mar
thoradh ar athrú ár n-aeráide.
Michael Creed, T.D.
Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
5
1. Intreoir Leis an Acht um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin 2015, soláthraítear an bonn reachtúil
don chuspóir náisiúnta maidir le haistriú a dhéanamh faoin mbliain 2050, chuig geilleagar
ísealcharbóin atá athléimneach i leith na haeráide. Faoin Acht sin, ní mór don Aire Cumarsáide,
Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaoil sraith Pleananna Náisiúnta Maolúcháin agus Creataí
Náisiúnta Oiriúnúcháin a chur faoi bhráid an Rialtais.
Foilsíodh an chéad Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe (NAF) reachtúil de chuid na hÉireann1 sa bhliain
2018 agus déantar an straitéis náisiúnta maidir le laghdú leochaileacht na tíre i leith athrú aeráide
agus maidir le leas a bhaint as aon tionchair dhearfacha a leagan amach ann. Sainaithníodh dhá
cheann déag d’earnálacha tábhachtacha agus tá sé de cheangal pleananna oiriúnaithe earnála a
ullmhú ina leith. Tá freagracht ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i ndáil le trí cinn de na
hearnálacha sin - Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara. Rinneadh an Plean seo, a chlúdaíonn na
hearnálacha talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara, a ullmhú i gcomhréir leis na Treoirlínte
Earnála maidir le Pleanáil d'Oiriúnú an Athraithe Aeráide.
Tá rannpháirtíocht ag saoránaigh, ag gnóthaí agus ag pobail ina cuid riachtanach de dheimhin a
dhéanamh de go mbeidh gníomhú dearfach ar son na haeráide ann. I dTuarascáil ón gComhchoiste
Oireachtais um Ghníomhú ar son na hAeráide tugadh aitheantas don chineál sin forbartha beartais
uilechuimsithigh agus thug an Rialtas aitheantas dó freisin mar chuid den Phlean uile-Rialtais maidir
le Gníomhú ar son na hAeráide. Tá géarghá le comhairliúcháin phoiblí, amhail an comhairliúchán ar
Oiriúnú don Athrú Aeráide, a tugadh chun críche mar chuid d’ullmhúchán an phlean seo,
fíorthábhachtach ní hamháin i leith faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh faoi thionchair dhóchúla an
athraithe aeráide ach freisin i leith dul i dteagmháil le saoránaigh agus saoránaigh a chumhachtú
chun rannchuidiú leis an aistriú atá le déanamh amach anseo. Rinneadh an Plean seo a uasdátú chun
léiriú a thabhairt ar shaincheisteanna a luadh in aighneachtaí a fuarthas mar chuid den phróiseas
comhairliúcháin phoiblí.
Nasc leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Tá sé mar aidhm ag Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, Ár nDomhan a Athrú Ó Bhonn2, ar
ghlac Éire é sa bhliain 2015, todhchaí níos inbhuanaithe, níos rachmasaí agus níos síochánta a
sholáthar don domhan ar fad. Leagann sé amach creat i dtaobh conas a bhainfear amach an méid sin
agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG-anna) á gcur san áireamh. I bPlean Forfheidhmithe
Náisiúnta 2018-20203 na hÉireann, tugtar mionsonraí faoin tslí ina gcuirfear na SDG-anna i bhfeidhm
chun tacú leis an mbeartas náisiúnta. Sprioc 13: Tá baint ar leith ag Gníomhú ar son na hAeráide leis
an bPlean seo ó tharla go bhfuil sé mar aidhm aige athléimneacht agus cumas oiriúnaitheach a
neartú; bearta athraithe aeráide a chomhtháthú isteach i mbeartas agus i mbearta náisiúnta;
feasacht a mhéadú agus daoine a chur ar an eolas ar nithe iad sin a léirítear i gcuspóirí an Phlean seo
maidir le hoiriúnúchán.
1 https://www.dccae.gov.ie/documents/National%20Adaptation%20Framework.pdf 2 https://www.unfpa.org/sites/default/files/resource-pdf/Resolution_A_RES_70_1_EN.pdf 3 https://www.dccae.gov.ie/documents/DCCAE-National-Implement-Plan.pdf
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
6
Plean Neamhreachtúil
D’fhoilsigh an Roinn doiciméad neamhreachtúil maidir le pleanáil oiriúnúcháin sa bhliain 2017 dar
teideal ‘Pleanáil Oiriúnúcháin - Athléimneacht a Fhorbairt i leith Athrú Aeráide in Earnáil
Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia Mara’. Ba é an doiciméad sin an chéad iarracht chun feasacht
ar shaincheisteanna oiriúnaithe aeráide atá ann in earnáil talmhaíochta agus foraoiseachta na
hÉireann a mhéadú agus d’fhéach sé le tús a chur le comhrá maidir le hathléimneacht a chruthú san
earnáil. Rinneadh measúnacht tionchair agus leochaileachta mar chuid den phróiseas sin agus chuir
sé sin sonraí sármhaithe bunlíne ar fáil le haghaidh an Phlean reatha. Tá leas bainte againn as an
obair a rinneadh mar chuid den phróiseas sin i leith ár bplean reatha a cheapadh agus as an taithí a
fuarthas as an bpróiseas sin.
I dtosach báire, is é atá sa difríocht is mó anois ná an earnáil bhia mara a bheith ann4 mar chuid den Phlean, rud a chiallaíonn go bhfuil cur chuige uile-roinne á ghlacadh maidir le pleanáil oiriúnúcháin. Ina theannta sin, d’fhéachamar lenár bPlean a ailíniú ar bhealach níos fearr leis na spriocanna agus leis na cuspóirí atá sainaitheanta i Ráiteas Straitéise na Roinne.
4 Cuimsíonn an Earnáil Bhia Mara lena mbaineann an dréachtphlean seo Iascaigh Mhara, Dobharshaothrú, Cuanta Iascaigh agus Bonneagar Cósta don Tionscal Bia Mara. De bhreis air sin, tá freagracht ar an Aire i ndáil le raon leathan Taighde Muirí a dhéanann Foras na Mara trí bhainistíocht agus trí chaiteachas faoi vóta na Roinne.s
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
7
Tá iarrachtaí déanta chun doiciméad níos sorochtana a ullmhú trí úsáid a bhaint as cás-staidéir
(AGUISÍN I) chun fíorshamplaí a léiriú maidir le tionchar na réamh-mheastachán ar an earnáil mar
gheall ar athrú aeráide agus maidir le cuid de na céimeanna a bhféadfaí iad a ghlacadh chun
athléimneacht a chruthú d’fhonn déileáil leis na tionchair sin. Táthar ag súil gur féidir linn, trí úsáid a
bhaint as cás-staidéir, feabhas a chur ar thuiscint agus plé a spreagadh maidir leis an tionchar
ionchasach a imreoidh athrú aeráide ar an earnáil. Trí bhearta a ghlacadh chun laghdú a dhéanamh
ar an nochtadh d’athraitheacht aeráide atá ann anois is féidir linn eolas a chur ar fáil i leith
riachtanais maidir le hoiriúnú aeráide amach anseo agus is féidir linn athléimneacht a mhéadú.
I bhFíor 1 thíos, léirítear forbairt an Bheartais Náisiúnta Aeráide agus na naisc le pleananna
oiriúnúcháin náisiúnta.
Fíor 1: Ordlathas an Bheartais Náisiúnta Aeráide agus forbairt pleananna oiriúnaithe earnála
An Seasamh Beartais Náisiúnta maidir le
Cúrsaí Aeráide 2014
An Creat Náisiúnta
maidir le hOiriúnú
don Athrú Aeráide
2012
Plean
Forfheidhmiúcháin
Náisiúnta na
Spriocanna Forbartha
Inbhuanaithe
An tAcht um
Ghníomhú Aeráide
& Forbairt
Ísealcharbóin
Tionscadal
Éireann 2040
Plean Oiriúnúcháin
neamhreachtúil don
Earnáil Talmhaíochta
agus Foraoiseachta
2017
An Plean
Náisiúnta
Maolúcháin
An Creat
Náisiúnta
maidir le
hOiriúnú don
Athrú Aeráide
Plean uile-
Rialtais maidir
le Gníomhú ar
son na
hAeráide
Treoirlínte
pleanála Earnála
maidir le
hOiriúnú don
Athrú Aeráide
Plean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide don Earnáil
Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia Mara
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
8
2. Sprioc agus Cuspóirí an Phlean Oiriúnúcháin
Sprioc Fhoriomlán maidir le hOiriúnú Athléimneacht a chruthú i ndáil le héifeachtaí an athraithe aeráide agus i ndáil le teagmhais
a bhaineann le cúrsaí aimsire san earnáil talmhaíochta, foraoisí agus bia mara, aon tionchair
dhiúltacha a laghdú más féidir, leas a bhaint as aon deiseanna agus rannchuidiú le baint
amach Ráiteas DAFM ar Spriocanna Straitéise.
Ceithre Chuspóir Uileghabhálacha
1. A chinntiú go bhfuil cur chuige comhleanúnach ann maidir le pleanáil oiriúnúcháin sa Roinn
Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Mara
2. Feasacht a mhéadú maidir le tionchair an athraithe aeráide san earnáil talmhaíochta,
foraoiseachta agus bia mara
3. Leochaileacht na hearnála talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara i leith na
bpríomhthionchair aeráide a laghdú agus féachaint le hathléimneacht a mhéadú
4. Pleanáil oiriúnúcháin a bhunú mar chuid de bheartais earnála don réimse talmhaíochta,
foraoiseachta agus bia mara
Is é is aidhm don oiriúnúchán pleanáilte ná pobail agus córais atá athléimneach i leith na haeráide a
chruthú trí bhearta réamhghníomhacha a dhéanamh d’fhonn ullmhúchán a dhéanamh i gcomhair na
dtionchar a bhaineann leis an athrú aeráide atá réamh-mheasta.
Ailíniú le Ráiteas Straitéise DAFM Spriocanna Straitéiseacha
Sábháilteacht Bhia, Sláinte Ainmhithe agus Plandaí agus Leas Ainmhithe. Sláinte an phobail, ainmhithe agus plandaí a chosaint agus a chur chun cinn ar
mhaithe le tomhaltóirí, táirgeoirí agus an pobal trí chéile
Beartas agus Straitéis. An creat beartais is fearr a sholáthar d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála5 agraibhia
An Earnáil Bhia Mara. Earnáil inbhuanaithe, fásbhunaithe a chur ar fáil atá dírithe ar iomaíochas agus
nuálaíocht atá á stiúradh ag lucht oibre oilte ag cur táirgí breisluacha ar fáil de réir
éilimh an mhargaidh
5 Cuimsíonn agraibhia raon mór nithe amhail táirgí na talmhaíochta príomha agus táirgí bia agus deochanna,
aschuir iascaigh agus próiseála éisc agus aschuir foraoiseachta agus foraoise.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
9
Bosca 1: Idirghníomhaíochtaí idir Maolúchán agus Oiriúnúchán
Cad is brí le “oiriúnúchán”? Is é atá in oiriúnúchán ná próiseas an choigeartaithe i leith spreagthóirí iarbhír aeráide nó
spreagthóirí aeráide a cheaptar a bheidh ann (athruithe ar an meánaeráid agus ar
mheánghuaiseacha aeráide) agus i leith éifeachtaí an méid sin. Laistigh de chórais dhaonna,
féachann oiriúnúchán le díobháil a mhodhnú nó a sheachaint nó le deiseanna tairbhiúla a shaothrú.
Céard iad gníomhartha oiriúnúcháin? Is é is aidhm do ghníomhartha oiriúnúcháin ná laghdú a dhéanamh ar thionchair an athraithe aeráide
agus, chomh maith leis sin, leas a bhaint as aon deiseanna a chuirtear ar fáil mar thoradh ar athrú
aeráide.
Cad is brí le “maolúchán”? Is é atá i maolúchán ná idirghabháil ag daoine chun laghdú a dhéanamh ar fhoinsí gás ceaptha teasa
nó chun feabhas a chur ar shlogaidí gás ceaptha teasa.
Céard iad gníomhartha maolúcháin? Díríonn gníomhartha maolúcháin ar ráta agus scála an athraithe aeráide amach anseo a theorannú
trí laghdú a dhéanamh ar leibhéil na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus trí mhéadú a dhéanamh ar
shlogaidí gás ceaptha teasa (GHG).
Maolúchán agus oiriúnúchán a chomhtháthú San earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara, tá oiriúnúchán agus maolúchán comhtháite
go feadh méid níos mó ná mar is amhlaidh in earnálacha eile agus, dá bhrí sin, is féidir leis na
gníomhartha feidhmiú ar mhodh comhtháite, agus is ceart go bhfeidhmeoidís amhlaidh, d’fhonn
uasmhéadú a dhéanamh ar na comhthairbhí, agus laghdú a dhéanamh ar na tionchair, a baineann
leis an athrú aeráide ar shlite beatha i bpobail tuaithe agus cósta agus d’fhonn feabhas a chur ar
athléimneacht ár gcóras táirgthe bia, snáithín agus breosla.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
10
3. Treochtaí Athraithe Aeráide in Éirinn Is é an tAigéan Atlantach an rud is mó a imríonn tionchar ar aeráid na hÉireann. Dá bharr sin, ní
bhíonn teochtaí foircneacha ann in Éirinn den chineál céanna a bhíonn ann i gcuid mhór tíortha eile
ag a bhfuil an domhanleithead céanna. Imríonn Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh tionchar mór ar
theochtaí mara. Is láidre an tionchar muirí sin gar go chóstaí an Atlantaigh agus tagann laghdú orthu
de réir mar a imíonn tú i dtreo lár na tíre. Tá cuid mhór de na cnoic agus de na sléibhte gar do na
cóstaí agus soláthraíonn siad foscadh ó ghaotha móra agus ó thionchar díreach an aigéin. Bíonn an
geimhreadh fionnuar agus gaofar de ghnáth agus bíonn an samhradh bog den chuid is mó agus ní
bhíonn sé chomh gaofar céanna mar go mbíonn rian an lagráin níos faide ó thuaidh agus nach
mbíonn lagráin chomh domhain céanna6.
3.1 Céard é Athrú Aeráide?
Baineann athrú aeráide le hathruithe fadtéarma ar phátrúin aimsire an domhain nó ar
mheánteochtaí.
Aeráid Athraitheach na hÉireann
I dtuarascáil de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) dar teideal ‘Stádas
Aeráid na hÉireann 2012’ rinneadh anailís ar thaifid mheitéareolaíochta agus léiríonn na torthaí go
bhfuil athrú ag teacht ar aeráid na hÉireann i gcomhréir le pátrúin dhomhanda7. Ina theannta sin,
tarraingíonn an tuarascáil sin aird ar staid aeráid na hÉireann ar bhonn tiomsú agus anailísiú os cionn
40 athróg éagsúil atá breathnaithe sa timpeallacht atmaisféarach, sa timpeallacht aigéanach agus sa
timpeallacht chríochach. Tá roinnt athruithe a bhfuil tionchar imeartha acu ar an earnáil
talmhaíochta agus foraoiseachta le fáil i mBosca 2.
Bosca 2: Athruithe a bhfuil tionchar imeartha acu ar an earnáil talmhaíochta agus
foraoiseachta
• Tá méadú tuairim is 0.8oC tagtha ar mheánteocht an aeir dromchla i rith an 110 mbliana seo
caite. Tá laghdú tagtha ar an líon bliantúil laethanta seaca (teochtaí faoi bhun 0 céim Celsius)
agus tá méadú tagtha ar an líon laethanta teo (teochtaí os cionn 20 céim Celsius).
• I gcomparáid leis an tréimhse ó 1961 go 1990, tháinig méadú tuairim is 60mm nó méadú 5 faoin
gcéad ar an meánmhéid bliantúil náisiúnta báistí sa tréimhse ó 1981 go 2010. I gcoitinne,
breathnaíodh na méaduithe is mó in iarthar na tíre. Ach ní féidir athruithe soiléire ar pátrúin
spásúla báistí ar fud na tíre a chinneadh ar bhealach atá an-mhuiníneach.
• De réir breathnóireachtaí maidir le tráth oscailte bachlóg i gcás roinnt speiceas crann sna Gairdíní
Feineolaíochta Idirnáisiúnta go bhfuil tús an tséasúir fáis ag tarlú anois níos mó ná seachtain níos
luaithe ná mar ab amhlaidh i rith bhlianta na 1970-idí agus ciallaíonn sé sin go bhfuil fadú ar an
séasúr fáis. Táthar tar éis nasc a aimsiú idir na hathruithe sin agus ardú ar mheánteocht an
earraigh.
Fuarthas rochtain ar 6 https://www.met.ie/climate ar an 19.02.2019 7 http://www.epa.ie/pubs/reports/research/climate/CCRP26%20-
%20Status%20of%20Ireland%27s%20Climate%202012.pdf
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
11
Is é atá san anailís chuimsitheach is déanaí ar tháscairí breathnaitheacha an athraithe ar aeráid
mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí ná an ‘Tuarascáil maidir le hAeráid agus Éiceachórais Aigéin na
hÉireann 2009’ 8agus an ‘Stádas Aeráid na hÉireann 2012’, inar leagadh amach na hathruithe
suntasacha a luaitear i mBosca 3.
Bosca 3: Athruithe suntasacha ar aeráid agus ar éiceachórais aigéin na
hÉireann
• Le 150 bliain anuas, ní raibh a leithéid d’ardú ar theocht dhromchla na farraige ann i
gcomparáid leis an méadú 0.6°C in aghaidh gach deich mbliana ó bhí an bhliain 1994 ann
• Tá méadú 0.8m tagtha ar airde na dtonnta amach ó chósta thiar theas na hÉireann.
• De réir breathnóireachtaí satailíte, is léir go bhfuil ardú tuairim is 4-6 cm tagtha ar leibhéal
na farraige thart ar Éirinn ó thús bhlianta na 1990-idí.
• Tá méadú mór tagtha ar aigéadacht aigéin in uiscí fodhromchla agus in uiscí doimhne amach
ón gcósta thart ar Éirinn sa tréimhse idir 1991 agus 2010.
• Fíteaplanctóin - líonta méadaithe diatom agus dinea-lascnaideach thart ar chósta na
hÉireann ó bhí an bhliain 1998 ann.
• Méadú ar speicis uisce the Calanus spp agus zóplanctón geilitíneach le blianta beaga anuas.
• Líonta méadaithe ar an gcuid is mó speiceas éisc mhuirí uisce the in uiscí na hÉireann agus
speicis andúchasacha éisc tugtha faoi deara.
• Laghdú ar an líon bradán, breac agus eascann ó bhí bhlianta na 1980-idí ann, ar laghdú é a
d’fheadfadh a bheith bainteach le hathrú aeráide agus le hathrú aigéin.
Cé go bhfuil anailís shuntasach déanta go dtí seo ciallaíonn giorracht cuid de na sraitheanna ama go
bhfuilimid sa riocht, ar bhonn náisiúnta, nach féidir linn conclúidí a dhéanamh i dtaobh conas atá
athrú aeráide ag dul i gcion ar uiscí agus éiceachórais na hÉireann, agus ar na seirbhísí atá ag brath
orthu, agus i dtaobh conas a leanfaidh athrú aeráide de bheith ag oibriú amhlaidh.
3.2 Cén chuma a bheidh ar aeráid na hÉireann amach anseo?
Cé go réamh-mheastar go mbeidh méadú ar thionchair an athraithe aeráide sna blianta atá
romhainn agus i rith an chuid eile den chéad seo, tá éiginnteachtaí ann fós maidir le scála agus méid
na dtionchar sin, go háirithe i rith an dara leath den chéad. Tá na héiginnteachtaí sin ann go
páirteach mar gheall ar athraitheacht bunúsach agus ar chineál anordúil an chórais aeráide.
Soláthraíonn Tuarascálacha an EPA dar teideal ‘Achoimre at an Eolas faoi Thionchair an Athraithe
Fuarthas rochtain ar 8 https://oar.marine.ie/handle/10793/81 ar an 08.04.2019
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
12
Aeráide ar Éirinn’ agus ‘Ensemble Réamh-Mheastachán Múnlaitheach Réigiúnach d’Éirinn’9
achoimre ar an múnlú aeráide réigiúnach atá déanta chun tionchair ionchasacha an athraithe
aeráide in Éirinn a chinneadh ar bhonn roinnt cúinsí ionchasacha amach anseo. Maidir leis an
tuarascáil is déanaí atá luaite, le Nolan, ar tuarascáil í a bhaineann le haeráid na hÉireann amach
anseo, rinneadh ionsamhlú uirthi i gcomhréir le hardtaifeach spásúil don tréimhse 40 bliain ó 2021
go 2060. Ar mhaithe le hábhar tagartha a sholáthar, rinneadh ionsamhlú ar thréimhse roimhe seo, is
é sin, an tréimhse ó 1961 go 2005. Soláthraíonn an difríocht idir an dá thréimhse tomhas ar athrú
aeráide. Cuirtear torthaí an staidéir sin ar fáil sna táblaí anseo thíos.
I dtéarmaí athruithe aeráide i gcás uiscí na hÉireann amach anseo, tá táscairí as tuarascáil de chuid
Met Éireann agus an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, a foilsíodh sa bhliain 2018 agus dar teideal
‘Ireland in a Warmer World’10, agus i dtuarascáil Met Éireann dar teideal, ‘Ireland’s climate: the road
ahead'11, ar fáil sa tábla seo a leanas freisin.
Go háirithe, baineadh úsáid as an ensemble “meánach go híseal” agus “astaíochtaí arda” as saothar
Nolan le linn measúnacht a dhéanamh ar leochaileacht na hearnála talmhaíochta, foraoiseachta agus
bia mara agus ar an tionchar ar an earnáil sin.
Athróg Tionchair i Lár an Chéid
Athruithe ar theocht an aeir
• Tiocfaidh méadú 1–1.6°C ar mheánteochtaí bliantúla agus beidh na méaduithe is mó ann in oirthear na tíre.
• I gcomparáid leis an tréimhse bhunlíne, beidh na laethanta teo idir 0.7–2.6°C níos teo ná mar a bhí roimhe seo.
• Beidh oícheanta fuara idir 1.1 agus 3.1°C níos teo.
• Maidir leis an meánlíon laethanta seaca ar fud na tíre, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú níos mó ná 50% air.
• Tiocfaidh méadú os cionn 35 lá ar mheánfhad bliantúil an tséasúir fáis.
Beidh athruithe ar phátrúin frasaíochta agus ar hidreolaíocht
• Is dócha go dtiocfaidh laghdú suntasach ar an méid báistí i rith mhíonna an earraigh agus an tsamhraidh agus is é a leanfaidh as sin ná seans níos mó go mbeidh dálaí triomaigh ann.
• Tiocfaidh méadú ar an líon teagmhas báistí troime sa gheimhreadh agus san fhómhar.
Teagmhais aimsire foircní
• Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar chion fuinnimh na gaoithe i rith an earraigh, an tsamhraidh agus an fhómhair. Tarlóidh na laghduithe réamh-mheasta sa samhraidh tráth a mbeidh luachanna sa raon ó 3% go 15% ann.
• Tiocfaidh laghdú ar an líon stoirmeacha a dhéanfaidh difear d’Éirinn ach tiocfaidh méadú ar dhéine stoirmeacha, agus dá bharr sin, beidh riosca méadaithe damáiste ann.
9https://www.epa.ie/pubs/reports/research/climate/EPA%20159_Ensemble%20of%20regional%20climate%20model%20projections%20for%20Ireland.pdf 10 https://maths.ucd.ie/~plynch/Publications/Ireland_in_a_Warmer_World.pdf Fuarthas rochtain ar 11 http://edepositireland.ie/handle/2262/71304 ar an 08.04.2019
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
13
• Méadú ar mhinicíocht teagmhas borrtha stoirme i limistéir chósta na
hÉireann.
• Is dócha go tiocfaidh méadú, sa chuid is mó áiteanna, ar airde
fhoircneach tonnta.
Athruithe ar theocht an aigéin
• Téamh leantach uiscí na hÉireann i gcomhréir le réamh-
mheastacháin dhomhanda maidir le haigéin.
• Athruithe ar theochtaí fionnuisce, ar ocsaigin thuaslagtha agus ar
shruthanna abhann, mar aon le hiarmhairtí diúltacha féideartha
maidir le fás éisc agus tionchair ar mharthanacht éisc agus tionchair
iarmhartacha in inbhir.
Leibhéal na Farraige
• Leanfaidh leibhéal na farraige de bheith ag ardú i gcomhréir le
réamh-mheastachán domhanda.
Sa tábla thíos, tarraingítear aird ar chuid de thorthaí an staidéir féidearthachta a rinne Ionad Taighde
Aeráide ICARUS in Ollscoil Mhá Nuad.
Dóchúlacht
Dálaí foircneacha in Éirinn – conas atá athrú tagtha ar an dóchúlacht go dtarlóidh siad?12
I ndomhan ‘gnó mar is gnáth’:
• 1 bhliain as gach 8 gcinn chomh tirim le 1995
• 1 bhliain as gach 8 gcinn chomh fliuch le 1994
• 1 bhliain as gach 7 gcinn chomh fionnuar le 1995
Samhradh na bliana 2018
In Éirinn, tá treochtaí soiléire ann sna breathnóireachtaí a léiríonn gur mó an líon tréimhsí brothallacha a bheidh ann. De réir staidéar aitreabúideachta ar theochtaí foircneacha shamhradh na bliana 2018, inar úsáideadh múnlaí aeráide léiríodh méadú den tsamhail chéanna maidir leis na dóchúlachtaí a léiríodh sna breathnóireachtaí13
Déine cioclón I gcomhthéacs dálaí gan mhacasamhail le 143 bliana anuas, bhí geimhreadh 2013/14 gan sárú i dtéarmaí líon agus dhéine na gcioclón a bhí ann14
12 https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S221209631600005X 13 https://www.worldweatherattribution.org/attribution-of-the-2018-heat-in-northern-europe/ 14 Matthews, T., Murphy, C., Wilby, R.L. and Harrigan, S., 2014. Stormiest winter on record for Ireland and UK. Nature Climate Change, 4(9), pp.738-740.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
14
4. Tionchair Thosaíochta agus Iarmhairtí Tar éis measúnacht tionchair agus leochaileachta a chur i gcrích (féach na doiciméid chúlra) chuathas
i mbun obair bheartaithe tosaíochtaí. Is é a bhí i gceist leis an obair sin ná athbhreithniú ar thorthaí
na measúnachta leochaileachta, ar athbhreithniú é a rinne an grúpa oiriúnúcháin. Forbraíodh slabhra
tionchar tosaíochta inar leagadh amach na tosaíochtaí sin ar dóigh ina leith go mbeadh an éifeacht is
mó ar an earnáil. Rinneadh na hathróga aeráide atá sainaitheanta i roinn 3.2 maidir le teocht an aeir
(tá athruithe ar theocht na hithreach i gcomhréir le teocht an aeir), maidir le pátrúin athraithe
frasaíochta agus maidir le teagmhais aimsire foircní, a shainaithint mar nithe ar dóigh dóibh tionchar
a imirt ar an réimse talmhaíochta agus ar fhoraoisí amach anseo. Tá na tionchair thosaíochta agus
iarmhairtí le feiceáil sa tábla thíos.
Mar thoradh ar mheasúnacht tionchair agus leochaileachta ar leithligh (féach na doiciméid chúlra)
rinneadh athruithe ar theocht an aigéin, pátrúin athraithe frasaíochta agus athruithe ar
hidreolaíocht, leibhéal na farraige agus teagmhais aimsire foircní a shainaithint mar príomhathróga
aeráide ar dóigh dóibh tionchar a imirt ar an earnáil bhia mara.
I Roinn 4.1, léirítear thorthaí iomlána na hoibre beartaithe tosaíochtaí sin.
4.1 Tionchair thosaíochta agus iarmhairtí:
Tionchar Iarmhairt
Saincheisteanna maidir le stóráil sciodair agus leathadh sciodair ar an talamh
Rith chun srutha ina chúis le saincheisteanna ionchasacha maidir le cáilíocht uisce. Astaíochtaí méadaithe amóinia.
Cáilíocht/riocht na hithreach a n-imríonn dálaí fliucha agus dálaí tirime araon uirthi
Balcadh. Saincheisteanna maidir le hinúsáidteacht innealra agus baint an fhómhair. Pasáil talún ar beostoc is cúis léi. Fás laghdaithe plandaí rud is cúis le táirgeacht níos ísle agus le cliseadh barr. Riachtanais ionchasacha gan choinne le haghaidh athshíoladh/athchur. Creimeadh ithreach. Athrú ar dhinimic malartú talún-uisce, rud as a leanann meath ar cháilíocht an uisce go minic, méadú ar ualú Carbóin Orgánaigh Thuaslagtha (DOC) , go háirithe i limistéir ina bhfuil ithreacha móna - tionchar ar cháilíocht an uisce síos an sruth in inbhir agus san uisce cladaigh. Brúnna tánaisteacha: Éifeacht ar shláinte phlandaí, rud is cúis le leochaileacht i leith galar. Fás lag féir, rud as a leanann riachtanais mhéadaithe mine/sadhlais i rith an tsamhraidh, rud as a leanann ganntanas ionchasach sa bheatha gheimhridh.
Gaothstoitheadh - de bharr aimsir stoirmiúil, riosca níos mó ar ithreacha báite
Damáiste do chlampaí foraoise. Damáiste meicniúil do bharra. Laghduithe ar uainíocht foraoise agus ar cháilíocht an
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
15
adhmaid.
Damáiste do bhonneagar Damáiste d’fhoirgnimh/do bhonneagar cosantach mar thoradh ar ghaotha móra/dhálaí stoirmiúla. Tionchair sláinte agus sábháilteachta ar fheirmeoirí agus ar ainmhithe.
Marthanacht galar a scaiptear trí veicteoirí agus ionchas go mbeadh lotnaidí agus galair á mbunú go forleathan
Riosca ionchasach maidir le ráigeanna amhail galar gormtheanga ann i measc athchogantach. Athruithe ar bhrúnna ó sheadáin. Éifeacht ionchasach ar phataiginí i gcás ina bhfuil ardú teochta ann agus de bharr athruithe ar fhrasaíocht agus ar thaise. Fás laghdaithe plandaí rud is cúis le táirgeacht níos ísle agus le cliseadh barr.
Laghdú ar athléimneacht agus ar bhríomhaireacht foraoisí de bharr thionchar an athraithe aeráide
Mí-oiriúnú méadaitheach rud as a leanann cailleadh gnáthóige agus bithéagsúlachta, laghdú ar tháirgeacht foraoisí, ar bhríomhaireacht foraoisí agus ar acmhainn foraoisí chun carbón a cheapadh. Leochaileacht níos mó maidir le hionsaí ó lotnaidí díobhálacha agus ó ghalair dhíobhálacha i bhforaoisí.
Iompraíocht lotnaidí agus galar a athrú Gníomhaíocht agus tionchar níos mó i dtaca le lotnaidí eindéimeacha agus galair eindéimeacha de bharr dálaí aeráide níos fabhraí (mar aon le hathléimneacht laghdaithe i leith athrú aeráide 0 féach thuas). Lotnaidí an-dúchasacha agus galair an-dúchasacha a bheith ag teacht chun cinn de bharr dálaí feabhsaithe a bheith ann dóibh, mar aon le dálaí fabhracha ar athrú aeráide is cúis leo.
D’fhéadfadh sé go dtiocfaidh saincheisteanna maidir le sábháilteacht bhia chun cinn i gcás ina bhfuil gá le hidirghabhálacha uisciúcháin
Tá riosca ann go ndéanfar éilliú micribhitheolaíochta ar phlandaí agus, go háirithe, ar phlandaí glasa duilleacha. D’fhéadfadh ithir thirim scoilte a bheith ina cúis le nochtadh screamhuisce do lotnaidicídí.
Riosca go mbeidh dóiteáin gan smacht ann Riosca damáiste thromaí do chlampaí foraois, do thalamh feirme, do phortaigh ardaithe agus do thailte móna. Contúirt d’ainmhithe agus do dhaoine. Saincheisteanna maidir le cáilíocht an aeir.
Strus teasa Strus teasa as a leanann tionchair shláinte d’ainmhithe agus d’fheirmeoirí.
Fás laghdaithe sliogáin mar thoradh ar aigéadú aigéin i measc speiceas a bhfuil tábhacht tráchtála ag baint leo amhail Oisrí agus Diúilicíní.
Caillteanais eacnamaíochta. Iarmhairtí anaithnide do phríomhchreachadóirí amhail iasc, éin agus mamaigh. Táirgeacht laghdaithe maidir le bia mara.
Riosca do fhlíteanna iascaireachta agus, chomh maith leis sin, do bhonneagar dobharshaothraithe, de bharr déine mhéadaithe stoirmeacha agus minicíocht mhéadaithe teagmhas borrtha stoirme
Damáiste do shoithí agus do bhonneagar, lena n-áirítear cailleadh trealaimh in earnáil intíre agus in earnáil chósta na n-iascach agus an dobharshaothraithe, amhail potaí portán/gliomach, tristéil oisrí etc. Bheadh ar an bhflít iascaireachta dul ar feistiú ar feadh
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
16
tréimhsí fada, rud as a leanfadh laghdú ar an iarracht bhliantúil iascaireachta. Tionchair shábháilteachta agus shláinte.
Athruithe ar iascaigh thraidisiúnta de réir mar a ghluaiseann dáileadh stoc áirithe éisc ó thuaidh.
Athruithe ar na pátrúin ama a chaitheann an fhlít iascaireachta ar farraige. Dóchúlacht go mbeidh méadú ar an méid breosla a úsáidtear. Margaí a áirithiú do na hiascaigh nua a thiocfaidh chun cinn.
Bagairt mhéadaithe ó speicis ionracha an-dúchasacha
Cailleadh speiceas dúchasach. Cailleadh bithéagsúlachta.
Athrú ar thráthú sceite éisc agus athruithe iarmhartacha ar thráthú na gabhála.
Caillteanais eacnamaíochta. Éifeachtaí iarmhartacha ar mharthanacht agus ar fhorbairt éisc óig. Laghdú ar an soláthar bia larbhaigh de réir mar a ghluaiseann planctóin ó thuaidh.
Méadú ar an méid blás díobhálach algach Srianta ar deiseanna gabhála sliogéisc, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le caillteanais eacnamaíochta. Acmhainní breise chun a chinntiú nach ndéantar dochar d’fhaireachán ar shábháilteacht bhia mara.
Saincheisteanna maidir le hoiriúnacht láithreán dobharshaothraithe, maidir le rochtain orthu agus maidir le bainistíocht láithreán i gcoitinne.
Mar thoradh ar ardleibhéal frasaíochta tagann ardú ar leibhéal abhann agus d’fhéadfadh tuiliú a bheith ann ag saoráidí dobharshaothraithe intíre nó d’fhéadfadh damáiste tarlú d’iontógálacha. Mar thoradh ar leibhéil ísle frasaíochta tarlaíonn sruth íseal in aibhneacha, agus má chuirtear é sin in éineacht le teochtaí arda agus le brú breise ar astarraingt uisce le haghaidh uisce poiblí, d’fhéadfadh sé go mbeidh laghdú ar an méid uisce atá ar fáil d’fheirmeacha dobharshaothraithe intíre. D’fhéadfadh sé go leanfadh costais mhéaduithe as laghdú ar an méid uisce atá ar fáil mar gheall ar an gcostas a bhaineann le hathshruthú agus le hocsaiginiú an uisce i bhfeirmeacha dobharshaothraithe. Cailleadh stoic agus bonneagair ag saoráidí dobharshaothraithe amhail páirceanna breallach agus tristéil oisrí de bharr stoirmeacha, borradh stoirme agus tuilte fionnuisce.
D’fhéadfadh sé tarlú go n-imeoidh an bonneagar bia mara atá ann anois ó mhaith nó go mbeidh gá le huasghrádú mór a dhéanamh air
Costais mhéadaithe chothabhála le himeacht aimsire mura ndéantar an bonneagar a uasghrádú go hoiriúnach chun tionchair amhail teagmhais stoirme foircní, sioltachán agus ardú leibhéal na farraige a chur san áireamh.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
17
Deiseanna Earnála
Fás féir níos mó – is dócha go mbeidh athrú ann maidir le táirgeadh féir agus go mbeidh difríochtaí séasúracha ann maidir le táirgeadh réigiúnach féir – tá gá le tuilleadh anailíse ar threochtaí táirgthe féir amach anseo
Tá féidearthacht ann maidir le séasúr innilte níos faide agus maidir le cothú feabhsaithe. Tá féidearthacht ann maidir le táirgeadh méadaithe lusra san fhómhar agus san earrach. Tá féidearthacht ann maidir le húsáid mhéadaithe cothaitheach.
Athruithe ar phátrúin fáis plandaí
Tá féidearthacht ann maidir le húsáid speiceas agus cineálacha breise plandaí e.g. léagúim, gairneoireacht, speicis tráchtála foraoise.
Athrú Aeráide agus an Réimse Gnó
I dtuarascáil de chuid Forfás sa bhliain 201015 sainaithníodh gurb amhlaidh, cé nach mbeidh an tionchar céanna á imirt ar gach gnó, go mbeidh tionchar ar ghnóthaí Éireannacha mar gheall ar mhargaí athraitheacha, mar thoradh ar thionchair ar áitribh agus ar phróisis, agus mar thoradh ar leochaileacht mhéadaithe i dtaca le slabhraí soláthair de. Ina theannta sin, d’fhéadfadh impleachtaí a bheith ann d’infheisteoirí, do chostais árachais agus do chlú geallsealbhóirí. Ba é a bhí i gconclúid lárnach na tuarascála sin ná gur féidir le hoiriúnú atá ullmhaithe go cuí deiseanna a chur ar fáil do ghnóthaí in Éirinn agus gur féidir bainistíocht a dhéanamh ar bhagairtí.
Seo a leanas roinnt samplaí a áirítear i measc na dtionchar a imreoidh athrú aeráide ar
an tionscal bia agus deochanna:
• Is féidir le teagmhais aimsire foircní tionchar a imirt ar iompar agus ar chuisniú amhábhar amhail bainne
• D’fhéadfadh sé go n-imreofar tionchar ar chainníocht agus ar cháilíocht an uisce a bheidh ar fáil do ghnóthaí
• Is féidir le tuiliú a bheith ina chúis le damáiste do ghnóthaí agus do bhonneagar, amhail gnóthaí iompair nó fóntais amhail gnóthaí nó fóntais soláthar leictreachais agus uisce.
15 http://www.itic.ie/wp-
content/uploads/2015/05/Adaptation_to_Climate_Change_Summary_Report_ONLINE_FINAL.pdf
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
18
Uirlisí bainistíochta rioscaí Beidh gá le breithniú a dhéanamh, ag leibhéal an táirgeora phríomha agus ag leibhéal tionscail araon, ar uirlisí bainistíochta riosca mar chuid den phleanáil oiriúnúcháin, amhail roghanna árachais agus córais luathrabhaidh. Tá uirlisí den sórt sin riachtanach chun cosaint a chur ar fáil ar na tionchair airgeadais a ghabhann le teagmhais aimsire foircní agus le hathruithe ar an aeráid. I bhfoilseachán IBEC dar teideal Building a low carbon economy - A roadmap for a sustainable Ireland in 2050 , tá moladh ann maidir le hidirphlé sóisialta il-gheallsealbhóra a chur ar bun i ndáil le gníomhú ar son na haeráide agus go dtabharfadh an t-idirphlé sin ionadaithe tionscail, ceardchumainn, grúpaí comhshaoil, grúpaí áitiúla ionadaitheacha agus páirtithe polaitíochta le chéile. Luaitear san fhoilseachán sin freisin go bhfuil baint amach comhthoil leathan náisiúnta maidir le hathrú aeráide riachtanach i dtaca le cur i gcrích agus torthaí de chineál éifeachtach a chinntiú. Déantar tagairt sa Tuarascáil d’athléimneacht fuinnimh ach d’fhéadfaí sin a leathnú le go mbeadh béim níos leithne ann ar athléimneacht agus oiriúnú i leith tionchair aeráide. D’fhéadfadh an t-idirphlé sóisialta beartaithe deis a sholáthar chun tús a chur le comhrá den sórt sin. Faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CAP) atá ann faoi láthair, tá forálacha a bhaineann le bainistíocht rioscaí chun dul i ngleic le luaineacht ioncaim leagtha amach sa rialachán maidir le forbairt tuaithe. Áirítear ar na huirlisí bainistithe riosca mar shampla, ranníocaíochtaí airgeadais a thabhairt i leith préimheanna árachais a chlúdaíonn caillteanais eacnamaíochta feirmeoirí a eascraíonn as teagmhas dochrach aeráide nó teagmhas comhshaoil. Faoi láthair, is forálacha roghnacha iad na forálacha sin. Tá tairbhe faighte ag feirmeoirí ó rannpháirtíocht i raon scéimeanna agus tacaíochtaí AE agus náisiúnta ar foinse thábhachta tacaíochta iad i gceantair thuaithe na hÉireann. Méadaíonn an Íocaíocht Aonair Feirme ioncam agus laghdaíonn sí athraitheacht ioncaim agus is nithe dearfacha iad sin maidir le bainistíocht rioscaí. Is cabhair é freisin an Clár Aistrithe Eolais maidir le haghaidh a thabhairt ar bhainistíocht rioscaí trí dhéanamh ar an mbonn eolais san earnáil, lena n-áirítear eolas i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le hathrú comhshaoil, bithéagsúlachta agus aeráide.
De réir mar a bheidh dul chun á dhéanamh ar CAP i ndiaidh na bliana 2020, d’fhéadfadh sé gur uirlisí éigeantacha a bheadh sna huirlisí bainistithe rioscaí. Sainaithníonn an Coimisiún Eorpach íocaíochtaí díreacha mar uirlis thábhachtach bhainistíochta rioscaí a úsáidtear faoi láthair chun tacaíocht a thabhairt maidir le hathléimneacht 7 milliún feirm a chlúdaíonn 90% den talamh atá á feirmiú. Is ionann na híocaíochtaí sin agus 46% ar an meán den phobal feirmeoireachta AE ach tá an cion i bhfad níos airde i gcuid mhór réigiún agus earnálacha. Dá bhrí sin, cabhraíonn íocaíochtaí díreacha lena chinntiú go leanann gníomhaíocht talmhaíochta agus táirgeadh bia ardcháilíochta AE de bheith ann ar fud an Aontais. Trí Chlár na hÉireann i leith an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh (EMFF) 2014-2020, déantar foráil maidir le cúnamh airgeadais d’iascairí a bhfuil caillteanais shuntasacha eacnamaíochta á bhfulaingt acu mar gheall ar stoirmeacha déine agus mar gheall ar theagmhais eile drochaimsire. Le Rialachán EMFF, ceanglaítear gurb é a bheidh sa chúnamh seo ná ranníocaíocht i leith íocaíochtaí a thugtar d’iascairí faoi ‘Ciste Frithpháirteach le haghaidh Teagmhais Dhochracha Aeráide agus Teagmhais Dhochracha Chomhshaoil’ arna bhunú ag iascairí agus arna mhaoiniú trí shíntiúis ó iascairí cleamhnaithe. Go dtí seo, níl aon chiste molta ag iascairí ná ag a n-ionadaithe. Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Bord Iascaigh Mhara réidh chun cúnamh comhairleach a thabhairt d’iascairí ar mian leo scéim den sórt sin a fhorbairt. Déantar foráil i Rialacháin EMFF maidir le cúnamh den chineál céanna, tríd is tríd, maidir le dobharshaothrú ach is cúnamh é a bhaineann leis na costais a bhaineann le hárachas i leith stoic tráchtála dobharshaothraithe rud a chlúdaíonn
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
19
cailleadh stoc a éiríonn as teagmhais dhochracha aimsire. Níor roghnaigh Éire an beart seo lena chur san áireamh ina Clár EMFF de bharr tús áite a bheith tugtha do chistí le haghaidh infheistíocht chaipitiúil i ndobharshaothrú agus le haghaidh nuálaíochta i ndobharshaothrú. Cé go meastar go dtiocfaidh Clár EMFF láithreach na hÉireann chun deiridh sa bhliain 2021, tá dul chun cinn mór déanta maidir leis an gcaibidlíocht i measc comhreachtóirí AE i ndáil le comharba reachtaíocht AE 2021 i leith Rialachán EMFF. Tá struchtúr beartaithe an chéad rialacháin eile éagsúil go mór leis an EMFF sa mhéid nach ndéantar foráil leis maidir le bearta sonracha ach, seachas sin, go ligtear do Bhallstáit bearta a roghnaíonn siad féin a chur i bhfeidhm, ar bearta iad a chabhróidh le baint amach chuspóirí sonraithe an Rialacháin. Is dócha go n-éascóidh cineál ginearálta na gcuspóirí sin scéimeanna ionchasacha chun cabhrú le fiontair bhia mara ina bhfuil caillteanais shuntasacha eacnamaíochta mar thoradh ar theagmhais dhochracha aeráide, ach sin faoi réir cinntí maidir le tosaíochtaí infheistíochta don tréimhse 2021-2027. Na nithe atá á ndéanamh againn
Tá oiriúnúchán athraithe aeráide comhtháite isteach i raon beartas, beart agus scéimeanna DAFM a chlúdaíonn caomhnú speiceas áirithe, úsáid pórtha éifeachtúla trí uasmhéadú a dhéanamh ar acmhainní géiniteacha, cosc a chur ar thabhairt isteach ionchasach lotnaidí agus galar, agus faireachán agus rialú lotnaidí agus galar den sórt sin, agus tacú le cinnteoireacht agus le bainistíocht rioscaí sa tionscal. Cé gurb obair dhinimiciúil, éabhlóideach atá i gceist leis seo, tugtar samplaí reatha sa tábla thíos.
Bearta Reatha maidir le hAghaidh a Thabhairt ar Leochaileachtaí
Cigireacht ar thráchtearraí rialaithe ag pointí allmhairithe chun cosc a chur ar thabhairt isteach ionchasach lotnaidí díobhálacha agus galar díobhálach.
I dtaca leis an Roinn de, déanfaidh tionscnaimh chomhoibríocha, amhail an Mheitheal Tacaíochta Eolaíochta nua-bhunaithe ‘One Science’, raon tacaíochtaí eolaíochta ar bhonn cothrománach thar raon Rannán.
Déanann Ionad UCD maidir le hEipidéimeolaíocht Tréidliachta agus Anailís Riosca (CVERA), le tacaíocht ó DAFM, tacaíocht eipidéimeolachta a thabhairt maidir le rialú agus díothú galar ainmhithe de chineál rialála agus neamhrialála, mar aon le déileáil le raon leathan saincheisteanna eile maidir le sláinte agus leas ainmhithe.
Córais luathrabhaidh e.g. rabhadh faoi dhúchan.
Uirlis tacaíochta cinnte PastureBase Ireland maidir le bainistíocht féaraigh.
Soláthraíonn DAFM faireachas i leith galair áirithe a dhéanann difear d’ainmhithe agus do phlandaí nach mór fógra a thabhairt don Roinn ina leith má tá ábhar amhrais ann ina leith nó má dhaingnítear iad a bheith ann.
Mhaoinigh DAFM scéimeanna caomhantais lena n-áirítear an Scéim Chlampa Síolta agus Síol-Úllghoirt agus an Scéim Náisiúnta Caomhnaithe Coillearnaí.
Déanann DAFM uasdátú agus cothabháil ar chlár náisiúnta ábhar bunúsach foraoise ar a dtugtar clár clampa síolta agus lena soláthraítear bunachar sonraí cuimsitheach le haghaidh foinsí síl dár gcuid foraoisí amach anseo.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
20
Tá DAFM ina bhall gníomhach den Chlár Eorpach um Acmhainní Géiniteacha Foraoise (EUFORGEN) agus rannchuidigh sí leis an líonra uile-Eorpach maidir le haonaid dhinimiciúla caomhnaithe géinte foraoise.
Trí chlár FORGEN a maoiníonn DAFM é, déantar taighde ar an rogha fhadtéarma i leith táirgeacht fheabhsaithe foraoise agus cáilíocht adhmaid in Éirinn.
Eisíonn DAFM rabhaidh riosca dóiteáin agus tá oiliúint curtha ar fáil aici maidir le húsáid dó fhorordaithe.
Tá roinnt uirlisí tacaíochta atá á maoiniú ag DAFM ar fáil d’fhoraoiseoirí chun tacú le cinntí bainistíochta lena n-áirítear Windthrow agus uirlis ar a dtugtar CLIMADAPT a forbraíodh go sonrach i leith fhoraoisí na hÉireann agus ina soláthraítear treoir maidir le hoiriúnacht maidir le réamh-mheastacháin faoi chúinsí aeráide.
Tá agrafhoraoiseacht curtha leis an scéim maidir le foraoisiú. Is féidir leis sin tairbhí a chur ar fáil do bharra agus d’ainmnithe mar thoradh ar an micrea-aeráid a chruthaíonn crainn agus, chomh maith leis sin, is féidir leis ioncam breise a ghiniúint d’fheirmeoirí.
Forbraíodh córas ríomhaireachta IFORIS (Córas Comhtháite Faisnéise Foraoiseachta) chun tacú le próiseáil inmheánach iarratas foraoiseachta. Cuireadh roinnt tacar sonraí a bhaineann le cúrsaí aeráide san áireamh sa chóras, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le riosca tuile, agus ligeann sé sin don tionscal agus do DAFM rioscaí a shainaithint ag céim na pleanála.
Cuireadh grúpaí Aistrithe Eolais ar bun in earnálacha na Mairteola, na gCaorach, na Déiríochta, na Curaíochta, na hEachaíochta agus na Foraoiseachta.
Tá sé mar aidhm ag Líonra Eolais Ghairmiúil Theagasc ar a dtugtar ConnectEd freastal ar an ngá le caidreamh níos mó le gairmithe agus le gnóthaí a sholáthraíonn seirbhísí don earnáil agraibhia trí oideachas, trí fhorbairt scileanna agus trí mhalartú eolais.
Is féidir le bearta gearrthéarma teacht chun bheith ina ngníomhartha de chineál níos fadtéarmaí amhail Grúpa Comhordúcháin Abhainn na Sionainne agus an tAonad Réamhaisnéisithe Tuile, ina bhfuil baill foirne de chuid Oifig na nOibreacha, ar grúpaí iad a bunaíodh le déanaí..
Soláthraíonn Clár Gnó an Bhoird Iascaigh Mhara (BIM) dar teideal ‘Bia Mara Glas’ tacaíocht i leith bainistíocht éifeachtúil acmhainní a mhéid a bhaineann le costais uisce, costais fuinnimh agus cúrsaí iompair (astaíochtaí CO2) i gcás cuideachtaí bia mara na hÉireann. Tá Treoir Éifeachtúlachta Acmhainní do Phróiseálaithe Bia Mara ar fáil ar láithreán gréasáin BIM.
Déanann Foras na Mara an Líonra Baoithe Sonraí Muirí a bhainistiú i gcomhar le Met Éireann. Soláthraíonn an Líonra sonraí an-tábhachtach don lucht réamhaisnéisithe aimsire, do lucht bainistíochta riosca sa réimse loingseoireachta, don phobal iascaireachta agus do bhailte agus do shráidbhailte cósta trí rabhaidh a chur ar fáil roimh ré, chomh maith le taighde aigéaneolaíochta a dhéanamh agus sonraí a bhailiú faoi uiscí doimhne na hÉireann.
I dtaca leis an réimse gairneoireachta de, tá DAFM gníomhach i ndáil le cleachtais a bhaineann le hoiriúnú agus le maolúchán a chur chun cinn, agus tacú leo, trí bhíthin dhá thacaíocht thar a bheith tábhachtach, is é sin le rá, Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí an AE agus an Scéim um Chúnamh Deontais don Ghairneoireacht Tráchtála.
Le linn mhíonna an tsamhraidh, déanann an DAFM monatóireacht ar an teocht san Eoraip agus ní cheadaítear
d’athchogantaigh ná do mhuca taisteal chuig ceantair ina bhfuil an teocht níos airde ná 300 C ná ní ligtear cead
dóibh taisteal trí cheantar ina bhfuil an teocht níos airde ná 300 C . Nuair atá ainmhithe á n-iompar ar an
bhfarraige, ní thugann an DAFM cead ainmhithe a iompar sa chás go bhfuiltear ag tuar go mbeidh na tonnta
5m nó níos mó ar airde le linn an turais.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
21
5. Saincheisteanna Trasearnála De réir mar a sainaithníodh in 2017 sa doiciméad pleanála neamhreachtúil, tá idirghníomhaíocht ann
idir an earnáil16 agraibhia agus líon airithe earnálacha eile rud a chruthaíonn deiseanna agus rioscaí
araon. D’fhéadfadh comhthairbhí agus comhbhabhtáil a bheith ann mar thoradh ar ghníomhartha
atá sainaitheanta sna pleananna éagsúla oiriúnaithe earnála. Go háirithe, ós rud é go gclúdaíonn an
earnáil talmhaíochta agus foraoiseachta formhór an achair talún in Éirinn tá sé de chumas aici ról
lárnach a bheith aici i bhforbairt ionchasach tionscnamh bonneagair ghlais agus i ndáil le cosaint na
bithéagsúlachta d’fhonn tacú le hathléimneacht in earnálacha eile. Mar shampla, is féidir le foraoisí
bruachánacha dea-bhainistithe feidhmiú mar mhaolán idir sruthchúrsaí agus talmhaíocht. Ina
theannta sin, tá ról tábhachtach ag gabháil le hinnilt a choimeád ar bun ar thalamh ard agus ar
thailte móna chun an bhithéagsúlacht a bhainistiú, dóiteáin a chosc agus le sreabhadh de dhroim
talún a mhoilliú le linn tréimhsí ina dtarlaíonn borradh ard sreafa uisce agus moill a chur ar
bhuaicimeachtaí tuilte. Is féidir le hinnilt leis na cineálacha stoic cuí agus ag dlús inmharthana
éagsúlacht, caighdeán agus déanamh na gnáthóige a choimeád agus cosc a chur dá réir ar speicis a
bheith i gceannas nach bhfuiltear a iarraidh. D’fhéadfadh gnáthóga eile a bheith síos leis mar gheall
ar scaipeadh speiceas scrobarnaí contrártha do na riachtanais éiceolaíochta atá ag an gceantar atá i
gceist. Laghdaíonn fásra atá deabhainistithe an baol atá ann go dtarlóidh dóiteáin nuair atá aimsir
thirim ann.
Beidh dúshláin ann maidir le comhtháiteacht agus comhordúchán na bpleananna éagsúla earnála de
réir mar a théann earnálacha i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le húinéireacht agus le cur i
bhfeidhm gníomhartha trasearnála. Mar atá leagtha amach san NAF, tá sé de cheangal ar Ranna a
ullmhaíonn pleananna faoin gCreat dul i gcomhairle le hearnálacha eile tríd an gCoiste Stiúrtha
Náisiúnta um Oiriúnú lena chinntiú go mbíonn comhoibriú ann maidir le saincheisteanna leathana.
De bhreis air sin, bhí roinnt imeachtaí geallsealbhóra trasearnála ann. Ghlac an Roinn páirt
ghníomhach sna próisis sin agus tá cumarsáid dhéthaobhach déanta aici d’fhonn a chinntiú go bhfuil
feasacht agus comhtháiteacht níos mó ann maidir le saincheisteanna trasearnála. I measc na n-
earnálacha ina bhfuil idirghníomhaíochtaí trasearnála measartha soiléir áirítear uisce, bithéagsúlacht
agus tuiliú, gan trácht ar earnálacha eile. I measc na réimsí ionchasacha le haghaidh comhoibriú
áirítear réamhaisnéisiú tuile, teorainneacha léarscáile a shainaithint i gcomhair scéimeanna
draenála, cáilíocht uisce a choimeád in inbhir; plean cáilíochta uisce agus an bhaint atá aige le
limistéir chósta.
Sa chéad bhabhta seo de phleananna earnála, tabharfar forléargas ar na saincheisteanna trasearnála
a thagann chun cinn agus, gan amhras, tarraingeofar aird ar an ngá le tuilleadh caidrimh má tá
comhtháiteacht agus comhordúchán le bheith ann thar earnálacha. Á aithint go bhfuil leibhéal
suntasach caidrimh trasearnála ann cheana féin, is féidir leas a bhaint as na sásraí sin chun
saincheisteanna oiriúnúcháin a phlé.
Sa tábla thíos, tugtar léiriú ar idirghníomhaíochtaí ionchasacha atá bunaithe ar réimsí téamacha atá
ann san NAF.
16https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/ruralenvironment/climatechange/ApprovedAdaptationPlanning040817.pdf
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
22
Téama Plean Earnála An Comhlacht Freagrach
An Bhaint leis an Earnáil Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia Mara
Caipiteal Nádúrtha agus Cultúir
Talmhaíocht Foraoiseacht Bia Mara
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Is féidir le rith chun srutha talmhaíochta a bheith ina chúis le saibhriú iomarcach cothaitheach agus is féidir leis sin a bheith ina chúis le heotrófú, rud a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh d’atáirgeadh, d’fhás agus do mharthanacht éisc agus orgánach uisceach eile Cé gur féidir le foraoisí tionchar dearfach a imirt ar cháilíocht uisce, is féidir le hoibríochtaí foraoise tráchtála nach bhfuil dea-bhainistithe, lena n-áirítear plandáil mhíchuí agus leagan míchuí, tionchair dhiúltacha a bheith acu.
Bithéagsúlacht
An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Tá nasc idir cleachtais úsáide talún agus bithéagsúlacht, mar shampla, má choimeádtar innilt dhóthanach ar bun ar ardtailte agus ar thalamh portaigh agus tá ról tábhachtach aige sin i ndáil leis an mbithéagsúlacht a bhainistiú, chun dóiteáin a chosaint agus is féidir leis moill a chur ar shreafaí ar an talamh le linn tréimhse ina bhfuil ardshreabhadh uisce agus moill a chur dá réir ar bhuaicimeachtaí tuilte. Ní mór táirgeacht agraibhia a bheidh comhoiriúnach le spriocanna bithéagsúlachta Is féidir le bithéagsúlacht cabhrú le rialú lotnaidí i gcórais talmhaíochta, bia mara agus foraoise Tá infhaighteacht agus cáilíocht bia mara ag brath ar bhithéagsúlacht
Oidhreacht Fhoirgnithe agus Seandálaíochta
Ní mór táirgeacht agraibhia a bheidh comhoiriúnach le spriocanna oidhreachta Idirghníomhaíocht idir oidhreacht, talmhaíocht agus bia mara, ar thaobh amháin, agus cur i bhfeidhm beart chun séadchomharthaí stairiúla nó gnéithe ar an urthrá, ar thalamh talmhaíochta agus foraoiseachta nó ar ghabháltais a chaomhnú, ar an taobh eile e.g. tá os cionn 1300 Séadchomhartha Taifeadta ann ar eastát foraoisí Choillte amháin
Bonneagar Iompair
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Bearta oiriúnúcháin do shoithí farraige, go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh, bearta laghdaithe astaíochtaí etc. Braitheann an earnáil agraibhia go mór ar líonraí iompair
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
23
Bonneagar Criticiúil
Gréasáin Leictreachais agus Gáis
An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
Maidir leis an earnáil bhia mara, is rud an-tábhachtach é cinnteacht fuinnimh, go háirithe breosla a bheith ar fáil agus praghas an bhreosla Is tomhaltóir fuinnimh agus soláthróir fuinnimh araon é an earnáil agraibhia agus imreoidh gníomhartha a dhéantar san earnáil seo tionchar uirthi agus imreoidh sí tionchar ar ghníomhartha a dhéantar san earnáil seo Tá líonraí athléimneacha cumarsáide riachtanach ós rud é go bhfuil feirmeoirí, iascairí agus foraoiseoirí ag brath níos mó ná riamh ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide
Gréasáin Cumarsáide
Bainistíocht na hAcmhainne Uisce agus an Riosca Tuile
Bainistíocht Riosca Tuile
Oifig na nOibreacha Poiblí
Tá bonneagar cósta agus na tionscail iascaireachta agus dobharshaothraithe leochaileach go háirithe i leith na dtionchar a ghabhann le tuiliú, lena n-áirítear dríodrú, aigéadacht, salandacht agus éilliú sliogéisc Is féidir le tuiliú abhann tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí bainistíochta talún agus vice versa Idirghníomhaíocht ionchasach a bhaineann le cailleadh cothaitheach in uisce mar thoradh ar thalmhaíocht Is cabhair iad cosaint tuile Oifig na nOibreacha Poiblí i limistéir uirbeacha, agus suiteálacha dá gcuid, i dtaca le laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go scuabfar truailleáin isteach i gcórais abhann agus síos an sruth chuig an bhfarraige le linn teagmhais ardsrutha/tuile, agus is ceart go mbeadh léarscáileanna tuile CFRAM ina bhfoinse faisnéise d’úinéirí/d’oibreoirí bonneagair/suiteálacha eile i dtaobh an riosca ionchasaigh atá ann dá sócmhainní rud a ligfidh dóibh bearta cuí cosantacha/coisctheacha a dhéanamh
Cáilíocht Uisce Seirbhísí Criticiúla Uisce
An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
Tá tionchar mór ag cáilíocht, infhaighteacht agus tomhailt uisce talún ar cháilíocht uisce cósta agus uisce mhuirí agus, ina theannta sin, ar cháilíocht bhia mara agus ar shaoráidí dobharshaothraithe intíre. Bíonn an earnáil éisc eite ag brath 100% ar tháirgeadh intíre brainlíní fionnuisce
D’fhéadfadh gníomhartha oiriúnúcháin bainistíochta/caomhantais uisce tionchar a imirt ar agratháirgeacht
Is féidir le foraoisí dea-shuite agus dea-bhainistithe ina bhfuil an speiceas cuí crainn tairbhí a chur ar fáil do dhobharcheantair, lena n-áirítear laghdú ar thuiliú,
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
24
cobhsú bruach agus cosaint cháilíocht an uisce
Tá bonneagar cósta agus na tionscail iascaireachta agus dobharshaothraithe leochaileach go háirithe i leith na dtionchar a bhaineann le dálaí diana aimsire
Sláinte Phoiblí
Sláinte
An Roinn Sláinte
Tagann táirgeadh bia faoi réir reachtaíocht sábháilteachta bia (e.g. sláinteachas, lipéadú etc.) Impleachtaí meabhairshláinte tar éis teagmhais fhoircneacha Sábháilteacht san ionad oibre, lena n-áirítear tionchar aeráide atá ag athrú ar oibrithe sna hearnálacha talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara Saincheisteanna sábháilteachta bia i gcás daoine leochaileacha agus rioscaí gaolmhara maidir le táirgeadh táirgí úra talmhaíochta, úsáid uisce agus teicneolaíochtaí cóireála uisce i dtáirgeadh bia.
Pleanáil éigeandála Is í an Roinn an ghníomhaireacht cheannais le haghaidh pleanáil éigeandála i ndáil le galair ainmhithe, maidir le hábhair bheatha d’ainmhithe agus maidir le sábháilteacht bhia. Tá pleanáil oiriúnúcháin agus pleanáil éigeandála comhtháite agus úsáidtear iad chun déileáil le tionchair ghearrthéarma athraithe aeráide agus le hathléimneacht fhadtéarma a chruthú. I measc chuspóirí straitéiseacha na Roinne áirítear sláinte phoiblí agus sábháilteacht agus barántúlacht bhia a choimirciú agus cuimsíonn sé sin gníomh chun pleananna teagmhasacha a bhunú i gcomhair freagairt éigeandála ar ainmhithe andúchasacha agus ar ráigeanna galar andúchasach/lotnaidí andúchasacha, ar theagmhais bheatha agus bhia, agus chun na pleananna sin a athbhreithniú go tráthrialta, lena n-áirítear na pleananna sin a chur i bhfeidhm de réir mar is cuí. Inár Straitéis Náisiúnta maidir le Sláinte Ainmhithe Feirmshaothraithe breithnítear an tionchar aeráide ar mhór-ráigeanna galar ainmhithe. Sa Straitéis sin, glactar an prionsabal ‘Is Fearr Cosc ná Leigheas’ agus aithnítear go ngabhann tábhacht ar leith leis sin lasmuigh de gheata na feirme i gcomhthéacs dhá mhórshaincheist shochaíocha - ar ceann amháin díobh é an t-athrú aeráide. I gcomhréir lenár gcuspóir maidir le pleanáil oiriúnúcháin a chur san áireamh i mbeartais earnála, féachfaimid freisin lena cur san áireamh i bpleananna éigeandála. De bhreis ar ról ceannais na Roinne maidir le pleanáil éigeandála i ndáil le galair ainmhithe, ábhair
bheatha d’ainmhithe agus sábháilteacht bhia, tá ról ag an Roinn maidir le treoir bhainistíochta. Tá
Cód Forordaithe maidir le Dó forbartha aici d’Éirinn chun treoir a chur ar fáil d’úinéirí talún a
úsáideann dó rialaithe mar uirlis bhainistíochta talún agus tugadh tacaíocht le haghaidh laethanta
oiliúna agus gníomhaíochtaí eile don tionscal agus d’úinéirí talún ar mhaithe le tacú le sea-
chleachtas. Eisíonn an Roinn Fógraí maidir le Baol Dóiteáin Foraoise i rith an phríomhshéasúir riosca
falscaithe ó mhí Feabhra go mí Mheán Fómhair. Tugann na fógraí sin rabhadh roimh ré d’úinéirí agus
do bhainisteoirí foraoise maidir le dálaí aimsire a chothaíonn ardriosca dóiteáin agus ceadaíonn siad
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
25
bearta cuí ullmhachta a dhéanamh sula dtosaíonn dóiteáin. De ghnáth, bíonn Fógraí maidir le Baol
Dóiteáin Foraoise bunaithe ar Innéacs Aimsire Dóiteáin (FWI) Met Éireann agus ar aschuir ón gCóras
Eorpach Faisnéise faoi Dhóiteáin Foraoise (EFFIS), tar éis do DAFM próiseáil bhreise agus anailís
laethúil a dhéanamh orthu i gcomhar le gníomhaireachtaí iomchuí eile. Dála cineálacha eile rabhaidh
aimsire, tá na rabhaidh sin códaithe de réir datha. Tá gá le leibhéil mhéadaitheacha ullmhúcháin
agus faireachais de réir mar a athraíonn scála na leibhéal riosca ó Ghlas suas go Dearg.
Ina theannta sin, tá an Roinn ina ball den “Coiste Stiúrtha na Seirbhíse Náisiúnta Réamhfhaisnéisithe Tuile” agus den “Grúpa Comhordaithe an Bheartais Idir-Roinne ar Thuilte” a bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) i gceannas orthu. Beidh an Plean Oiriúnúcháin seo ina chabhair maidir le faisnéis a chur ar fáil maidir le saincheisteanna tosaíochta i ndáil le caidreamh agus comhoibriú.
Údaráis Áitiúla
Is geallsealbhóirí iad Údaráis Áitiúla i dtaca le gníomhartha forfheidhmiúcháin agus oiriúnúcháin ‘ar
an láthair’. Tá caidreamh ag an Roinn cheana féin leis na hÚdaráis Áitiúla (LA-anna) i leith roinnt
réimsí lena n-áirítear rialú galar, deisiú agus forbairt bonneagair mhuirí a bhaineann le hiascaigh agus
le dobharshaothrú, agus cigireachtaí maidir le níotráití.
Slabhraí soláthair
I dtuarascáil Safefood ar thionchar an athraithe aeráide ar tháirgeadh déiríochta, tarraingítear aird ar
spleáchas na hearnála ar leasacháin allmhairithe agus ar bheatha phróitéin-bhunaithe allmhairithe. I
gcás ina bhfuil éifeacht dhochrach ag athrú aeráide ar bharra méadófar spleáchas feirmeoirí ar
bheatha allmhairithe. Ina theannta sin, tarraingíonn an tuarascáil aird ar an riosca margaidh a
ghabhann le hathruithe ar sholáthar agus ar éileamh arb é an t-athrú aeráide is cíos leo. Is féidir le
rioscaí den sórt sin athrú a dhéanamh ar ionchur chuig an táirgeoir agus aschuir ón táirgeoir.
Rinneadh roinnt bealaí ina dtarlaíonn rioscaí do shábháilteacht bhia a shainaithint sa tuarascáil, lena n-áirítear pataiginí, éilleáin cheimiceacha agus tocsainí nádúrtha. Tá slabhraí soláthair casta agus, dá bharr sin, ní dhéantar tionchar an athraithe aeráide orthu a mheas inár measúnacht ar leochaileacht ach réamh-mheastar go mbeidh tionchar an athraithe aeráide orthu i dtíortha eile i bhfad níos mó ná mar a bheidh i gceist in Éirinn agus go bhféadfadh sé go n-athrófar slabhraí reatha soláthair agus éilimh in áiteanna atá níos faide ó dheas san Eoraip rud as a leanfaidh deiseanna d’Éirinn. Mar shampla, tá roinnt tíortha a sholáthraíonn earraí gairneoireacht thíos le heaspa uisce cheana féin agus tátha ag réamh-mheas go n-éireoidh an staid sin níos déine rud a d’fhéadfadh deiseanna a chur ar fáil d’earnáil ghairneoireachta na hÉireann. Tá DAFM gníomhach i ndáil le cleachtais ghairneoireachta a bhaineann le hoiriúnú agus le maolúchán a chur chun cinn, agus tacú leo, trí bhíthin dhá thacaíocht thar a bheith tábhachtach, is é sin le rá, Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí an AE agus an Scéim um Chúnamh Deontais don Ghairneoireacht Tráchtála. Tugann na scéimeanna sin tacaíocht chun teicneolaíochtaí nua a ghlacadh amhail teicneolaíochta spárála uisce agus córais sofaisticiúla rialaithe comhshaoil a chabhraíonn le húsáid uisce a íoslaghdú agus úsáid dramhaíola a uasmhéadú agus méadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
26
úsáide fuinnimh agus tá roinnt tionscadal taighde a maoiniú faoi láthair sa réimse seo trí Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí an AE. Cur chuige ‘céim ar chéim’ maidir le pleanáil trasearnála
Níl aon srian ar thionchair an athraithe aeráide mar thoradh ar theorainneacha earnála ná
spásúlachta. Dá bhrí sin, tuigtear go bhfuil gá méadaitheach le comhtháthú trasearnála i mbeartais
éagsúla aeráide. Ach, i láthair na huaire, is beag an méid taithí atá ar fáil i dtéarmaí beartas
oiriúnúcháin trasearnála. Ceaptar go mbeidh beartas den sórt sin casta agus go mbeidh impleachtaí
maidir le hacmhainní i gceist ar impleachtaí iad nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Táimid fós ag
tús na forbartha i dtaca le beartas aeráide de agus tá gá le tuilleadh oibre chun tuiscint níos fearr a
fháil i dtaobh conas is féidir comhtháthú trasearnála a bhaint amach.
Is cosúil go mbeadh sé loighiciúil cur chuige ‘céim ar chéim’ a ghlacadh maidir le pleanáil
oiriúnúcháin trasearnála. Is é atá sa chéad bhabhta seo de phleananna ná faisnéis bhunlíne a bhailiú
chun na saincheisteanna a bhaineann le hearnálacha sonracha agus roghanna maidir le hoiriúnúchán
a shainaithint. Is cabhair iad freisin maidir le hidirspleáchais trasearnála, tairbhí,
comhbhabhtáil/rioscaí agus bearnaí ionchasacha a shainaithint. Ach, le gur féidir tuilleadh dul chun
cinn a dhéanamh, beidh gá le tuilleadh taighde spriocdhírithe maidir le tionchair an athraithe aeráide
ar an earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar
idirspleáchais trasearnála, d’fhonn an cineál comhtháiteachta beartais, atá ag teastáil ar mhaithe le
forbairt pleananna oiriúnúcháin trasearnála, a bhaint amach.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
27
6. Gníomhartha Oiriúnúcháin
Sprioc Fhoriomlán maidir le hOiriúnú Athléimneacht a chruthú i ndáil le héifeachtaí an athraithe aeráide agus i ndáil le teagmhais
a bhaineann le cúrsaí aimsire san earnáil talmhaíochta, foraoisí agus bia mara, aon tionchair
dhiúltacha a laghdú más féidir, leas a bhaint as aon deiseanna agus rannchuidiú le baint
amach Ráiteas DAFM ar Spriocanna Straitéise.
Mar atá leagtha amach i Roinn 2 den Phlean, tá ceithre chuspóir oiriúnúcháin ardleibhéil
sainaitheanta. Tá roinnt gníomhartha sainaitheanta chun cabhrú le baint amach na gcuspóirí sin
agus tá na gníomhartha sin leagtha amach sna táblaí seo a leanas. Tá na gníomhartha sin
miondealaithe in Aguisín II ina bhfoghníomhartha, ina n-amlínte agus ina mionsonraí de chineál níos
mionsonraithe de chuid an údaráis ceannais agus na ngeallsealbhóirí.
D’fhéadfadh meascáin de bhearta liatha, glasa agus boga a bheith i gceist le gníomhartha
oiriúnúcháin agus bainistíochta. Mar shampla, is é atá i gceist le gníomhartha oiriúnúcháin liatha de
ghnáth ná teacht ar réitigh theicniúla nó innealtóireachta ar thionchair aeráide. Trí ghníomhartha
glasa féachtar le hairíonna éiceolaíochta a úsáid chun athléimneacht córas daonna agus córas
nádúrtha fheabhsú i leith athrú aeráide agus tionchair athraithe aeráide. Baineann gníomhartha
boga oiriúnúcháin le hathrú iompraíochta, le rialacháin nó le córais bhainistíochta.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
28
Cuspóir Oiriúnúcháin 1
A chinntiú go bhfuil cur chuige comhleanúnach ann maidir le pleanáil oiriúnúcháin sa Roinn Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Mara
Uimhir an ghnímh
Gníomhartha
1 Pleanáil oiriúnúcháin i leith athrú aeráide a phríomhshruthú ar fud na Roinne trí phlean foriomlán oiriúnúcháin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm don earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara
2 A bheith ag obair ar bhealach comhoibríoch le gníomhaireachtaí agus le ranna eile d’fhonn beartas náisiúnta a fhorbairt lena dtugtar tacaíocht d’oiriúnúchán i leith athrú aeráide agus lena n-uasmhéadaítear sineirgíochtaí lena ngabhann maolúchán
3 A bheith rannpháirteach san athbhreithniú ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CAP) lena chinntiú go ndéantar cuspóirí comhshaoil a bhaineann le maolú athraithe aeráide agus le hoiriúnú i leith athrú aeráide a chlúdach go leordhóthanach sa tréimhse iar-2020 CAP
4 A bheith rannpháirteach i bpróiseas forfheidhmithe an ráitis náisiúnta beartais maidir leis an mbithgheilleagar lena chinntiú go ndéantar maolú athraithe aeráide agus oiriúnú i leith athrú aeráide a phríomhshruthú isteach i bhforfheidhmiú bithgheilleagar
Cuspóir Oiriúnúcháin 2
Feasacht a mhéadú maidir le tionchair an
athraithe aeráide san earnáil talmhaíochta,
foraoiseachta agus bia mara
Uimhir an ghnímh
Gníomhartha
5 Leochaileachtaí reatha agus leochaileachtaí ionchasacha na hearnála i leith athraitheach aeráide agus teagmhais fhoircneacha a shainaithint
6 Leathnú a dhéanamh ar chomhtháthú saincheisteanna oiriúnúcháin i siollabais talmhaíochta i gcoláistí, i bhforais tríú leibhéal agus i gcúrsaí forbartha gairmiúla leanúnaí (CPD)
7 Scileanna nua a sholáthar d’fheirmeoirí, d’fhoraoiseoirí agus d’iascairí lena chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na huirlisí acu atá ag teastáil chun cleachtais oiriúnúcháin aeráide a chur i bhfeidhm
8 Leanúint den tacaíocht do thaighde spriocdhírithe a bhaineann le cúrsaí aeráide a chur ar fáil san earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
29
Cuspóir Oiriúnúcháin 3
Leochaileacht na hearnála talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara i leith na bpríomhthionchair aeráide a laghdú agus féachaint le hathléimneacht a mhéadú
Uimhir an ghnímh
Gníomhartha
9 Comhoibriú leis an tionscal chun tacú leis an earnáil athléimneacht a chruthú ina gcuid córas agus cleachtas
10 Feasacht ar athrú aeráide agus ar shaincheisteanna oiriúnúcháin a mhéadú i measc geallsealbhóirí seachtrach
11 Tacú leis an earnáil agus fás, forbairt, nuálaíocht agus oiriúnúchán inbhuanaithe a chothú, lena n-áirítear trí bhíthin LIFE, HorizonEurope, an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh agus maoiniúchán CAP
12 Feasacht a mhéadú maidir le saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leo siúd atá ag obair san earnáil, go háirithe ar leibhéal an táirgeora phríomha
13 Feasacht mhéadaithe ar mhapáil OPW ar riosca tuile chun faisnéis a chur ar fáil le linn cinntí a dhéanamh
Cuspóir Oiriúnúcháin 4
Pleanáil oiriúnúcháin a bhunú mar chuid de bheartais earnála don réimse talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara
Uimhir an ghnímh
Gníomhartha
14 Cumas inmheánach a mhéadú trí eolas a chomhroinnt agus trí fhaisnéis a mhalartú d’fhonn feasacht faoi shaincheisteanna aeráide agus oiriúnúcháin a mhéadú ar fud na Roinne agus a cuid gníomhaireachtaí
15 Scagadh oiriúnúcháin a chur chun cinn mar chuid d’fhorbairt beartais sa Roinn
16 An Plean Oiriúnaithe Earnála a athbhreithniú agus a uasdátú uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse cúig bliana
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
30
7. Cur i bhFeidhm agus Faireachán
Glacfaidh an Roinn cur chuige atriallach maidir le faireachán, tuairisciú agus measúnú i leith na
ngníomhartha atá sainaitheanta sa Phlean. Leagtar amach Plean forfheidhmiúcháin in Aguisín II.
Ullmhófar tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn agus cuirfear faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta í.
Mar thoradh ar fhaireachán leanúnach, gheofar faisnéis faoi na riachtanais le haghaidh bearta breise
oiriúnúcháin i bpleananna ina dhiaidh seo. Ina theannta sin, beidh an córas faireacháin ina chabhair
maidir le tacú le cumarsáid agus foghlaim agus maidir le léiriú a thabhairt ar dhul chun cinn i dtaca
lenár sprioc oiriúnúcháin a bhaint amach.
Agus sinn ag breathnú amach romhainn ar an am atá le teacht, d’fhéadfadh na táscairí seo a leanas a
bheith ina gcabhair maidir le léiriú a thabhairt ar an dul chun cinn maidir leis an sprioc bhunúsach i
leith athléimneacht in aghaidh thionchair an athraithe aeráide a chruthú san earnáil Talmhaíochta,
Foraoiseachta agus Bia Mara:
• Faireachán bunlíne
• Aitheantas a thabhairt do riachtanais oiriúnúcháin laistigh de chláir oibre earnála
(príomhshruthú)
• An leibhéal taighde ar oiriúnúchán
• Seoladh beart oiriúnúcháin/an leibhéal caiteachais
• Comhoibriú le hearnálacha/leibhéil fonáisiúnta eile a bheith beartaithe/ar siúl
• Athbhreithnithe/measúnuithe tréimhsiúla
Ach, san fhadtéarma, beidh Creataí Náisiúnta Oiriúnaithe agus pleananna earnála eile ann de réir
mar a fhoráiltear leis an Acht um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin 2015.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
31
AGUISÍN I - Cás-Staidéir
Oiriúnúchán Aeráide - Ábhar Machnaimh maidir le Cás-Staidéir a Úsáid
Intreoir D’ainneoin éiginnteachtaí suntasacha a bheith ann maidir le fairsinge agus tionchar an athraithe
aeráide in Éirinn i dtaca leis an earnáil talmhaíocht, foraoiseacht agus bia mara de, tá sé thar a
bheith tábhachtach go bhféachfaidh an earnáil lena leochaileacht i leith na n-athruithe réamh-
mheasta a laghdú. Mar atá sainaitheanta roimhe seo, is féidir an méid sin a bhaint amach ar roinnte
bealaí lena n-áirítear trí thuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí, trí fhearachas agus roghnú maith
ainmhithe agus plandaí, agus trí laghdú a dhéanamh ar nochtadh do lotnaidí, do ghalair agus do
shuaitheadh. I bhfianaise spleáchas bunúsach na hearnála seo ar an timpeallacht, ní mór di oibriú le
próisis nádúrtha agus de réir na srianta atá ann mar gheall ar dhálaí aeráide agus ithreach. Dá
ainneoin sin, is féidir feabhas a chur ar athléimneacht trí phleanáil chuí agus trí bhainistíocht chuí.
Beidh cumarsáid, tacaíocht agus comhoibriú éifeachtach i measc geallsealbhóirí earnála lárnach i
dtaca le hoiriúnúchán rathúil de. Is é atá sna cás-staidéir seo a leanas ná samplaí de thionscnaimh
san earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara chun aird a tharraingt ar chuid de na dúshláin
atá le sárú ag an earnáil agus ar an tslí inar féidir le geallsealbhóirí, idir phoiblí agus phríobháideach,
oibriú le chéile go héifeachtach chun rioscaí agus tionchair atá bainteach le hathrú aeráide a
shainaithint, a chainníochtú agus a bhainistiú.
Is é is príomhaidhm do na cás-staidéir seo ná ábhar machnaimh a chur ar fáil maidir le hathrú
aeráide réamh-mheasta chun leathnú a dhéanamh ar ár dtuiscint ar na saincheisteanna atá i gceist
agus, ar an dóigh sin, plé faoi oiriúnúchán aeráide a chur chun cinn. Aithnítear gur rud thar a bheith
casta é oiriúnú i leith athrú aeráide agus go ngabhann idirghníomhaíocht idir líon ollmhór athróg
agus próiseas bitheolaíochta leis agus, dá bhrí sin, ní mór dúinn a bheith cúramach gan teagmhais
aonair a chur i leith athrú aeráide. Tá gá le tréimhse ama níos faide, áfach, chun anailís iomlán
eolaíochta a dhéanamh ach tá na cás-staidéir atá leagtha amach sa doiciméad seo úsáideach i dtaca
le léiriú a thabhairt ar cad a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hathrú aeráide san earnáil talmhaíochta,
foraoiseachta agus bia mara.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
32
Innéacs na gCás-Staidéar
• Cás-Staidéar 1: Sláinte agus Leas Ainmhithe
• Cás-Staidéar 2: Bithéagsúlacht agus Talmhaíocht
• Cás-Staidéar 3: Dáileadh Stoc Éisc
• Cás-Staidéar 4: Sábháilteacht Bhia agus Athrú Aeráide
• Cás-Staidéar 5: Talamh Féaraigh
• Cás-Staidéar 6: Bláis Dhíobhálacha Algacha
• Cás-Staidéar 7: Gairneoireacht
• Cás-Staidéar 8: Bainistíocht Talún agus Dóiteáin, Athrú
Aeráide
• Cás-Staidéar 9: An Ealaín agus an Eolaíocht a Nascadh Le
Chéile
• Cás-Staidéar 10: Aigéadú Aigéin
• Cás-Staidéar 11: Planctóin Aigéin
• Cás-Staidéar 12: Bonneagar Bia Mara
• Cás-Staidéar 13: Curaíocht
• Cás-Staidéar 14: Uisce i gcomhthéacs na Talmhaíochta
• Cás-Staidéar 15: Gaothstoitheadh agus foraoisí
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
33
Cás-Staidéar 1: Sláinte agus Leas Ainmhithe
Is galar a scaiptear trí veicteoirí é an víreas gormtheanga (BTV) agus faigheann ainmhithe
athchogantacha é ón speiceas míoltóige ar a dtugtar Culicoides. Imríonn teochtaí athraitheacha
tionchar ar ghníomhaíocht veicteoirí, ar rátaí forbartha agus ar leochaileachtaí i leith ionfhabhtú.
Tháinig galar gormtheanga chun cinn go drámatúil i ndeisceart na hEorpa tar éis na bliana 1998 agus
i dtuaisceart na hEorpa ón mbliain 2006 ar aghaidh agus cé go bhfuil sé deacair míniú a thabhairt ar
luas agus ar scála theacht chun cinn an ghalair tá fianaise ann, go háirithe ó fhorbairt múnlaí aeráid-
spreagtha, go raibh ról suntasach ag an athrú aeráide atá tar éis tarlú le déanaí sa teacht chun cinn
sin17.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo In Ensemble of regional climate model projections for Ireland don tréimhse 2041-2060, réamh-
mheastar go mbeidh méaduithe teochta ó 0.9°C go 1.3°C ann sa samhradh i gcás an chúinse
astaíochtaí meánacha-ísle agus ó 1.1°C go 1.7°C i gcás an chúinse astaíochtaí arda. Léiríonn teochtaí
geimhridh méaduithe sa raon ó 1°C go 1.3°C i gcás an chúinse astaíochtaí meánacha-ísle agus méadú
ó 1.2°C go 1.7°C i gcás an chúinse astaíochtaí arda i rith an tréimhse céanna.
Go hiondúil, méadaíonn teochtaí arda rátaí meitibileacha veicteoirí artrapódacha agus is é a leanann
as sin ná méadú (i) ar an ráta ar dá réir a bheathaíonn siad, (ii) ar an minicíocht ar dá réir a
thaisceann siad a n-uibheacha nó a larbhaí, agus (iii) ar rátaí teacht in aibíocht i leith céimeanna
neamhaibíochta18. Feabhsaíonn rátaí méadaithe beathaithe an seans go dtarlóidh tarchur pataigine i
measc veicteoirí agus óstach. Ina theannta sin, imríonn teocht tionchar ar rátaí ionfhabhtúcháin agus
ar phátrúin scaipthe pataiginí sa veicteoir. Léirigh staidéir a rinneadh in Florida faoi víreas na Níle
Thiar go bhfuarthas na rátaí is airde ionfhabhtaithe sa Culex quinquefasciatus ag teochtaí arda
30◦C19. Rinneadh breathnóireachtaí den tsamhail chéanna maidir le tarchur BTV i gcás inar suíodh
gurb é atá sa teocht is fearr le haghaidh tarchur ná teocht idir 27 agus 30◦C20.
Is é atá sa tréimhse ardriosca in Éirinn maidir le Galar Gormtheanga ná séasúr na veicteoirí a bhíonn
ann idir Aibreán agus tús mhí na Nollag gach bliain. Dá dtabharfaí Galar Gormtheanga isteach in
Éirinn d’fhéadfadh sé tionchar mór a imirt ar ár gcuid margaí onnmhairiúcháin. Ina theannta sin,
d’imreodh bearta rialaithe a éilítear le reachtaíocht AE tionchar suntasach ar bhainistíocht áitiúil
tréad21.
17 Baylis, Caminade, Turner and Jones, 2017 18 Ahumada et al., 2004 19 Richards et al., 2007 20 Mellor et al., 2009
Bett et al 2017 21https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/animalhealthwelfare/diseasecontrols/bluetonguedisease/updat
es/BluetongueUpdate280119.pdf
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
34
Léarscáil de chriosanna srianta Galair Gormtheanga san Eoraip amhail an 27 Márta 201922
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Tá oiriúnú i leith na haeráide athraithí ar cheann de na dúshláin bhunúsacha atá le sárú ag ár n-agrai-
earnáil. Tá ardchaighdeáin sláinte agus leas ainmhithe ina mbuntaca dár gcumas chun trádáil a
dhéanamh in Éirinn agus ar bhonn idirnáisiúnta. Tá athraitheacht shuntasach ann maidir le tionchar
an athraithe aeráide ar óstaigh, ar ghalair, ar lotnaidí agus ar phataiginí.
De réir mar a bheidh an Roinn ag iarraidh oiriúnú a dhéanamh i leith thionchar an athraithe aeráide
ar shláinte agus leas ainmhithe, dealraíonn sé gur cuí go ndéanfaí méid áirithe taighde ar a thionchar
ar leibhéal níos mine agus tús áite á thabhairt do staidéir ina dtugtar aghaidh ar na príomhbhagairtí -
lena n-áirítear galair andúchasacha agus galair eindéimeacha, lotnaidí agus pataiginí - agus ina n-
úsáidtear na réamh-mheastacháin reatha i leith athrú aeráide mar bhonn le haghaidh múnlú
tuarthach atá cúinse-shonrach agus le haghaidh measúnachtaí fianaise-bhunaithe.
22 https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/animals/docs/ad_control-measures_bt_restrictedzones-map.jpg
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
35
Cás-Staidéar 2: Bithéagsúlacht agus Talmhaíocht
I dtaca le cúinsí na hÉireann de, tá nasc soiléir ann idir seirbhísí bithéagsúlachta agus seirbhísí
éiceachórais, ar thaobh amháin, agus tacaíocht a thabhairt dár n-earnáil talmhaíochta ar an taobh
eile (e.g. uisce glan, seirbhísí ithreach agus pailnithe etc.). Sa staidéar Éireannach dar teideal ‘The
Economic and Social Benefits of Biodiversity (2008)’, measadh gurbh ionann luach na seirbhísí
náisiúnta éiceachórais, i dtéarmaí a n-aschuir tháirgiúil agus a bhfóntais dhaonna, agus suim níos mó
ná 2.6 billiún euro sa bhliain. Aithnítear go forleathan anois go bhfuil ceangal ann idir athrú aeráide
agus bithéagsúlacht. Déanann athrú aeráide difear do bhithéagsúlacht agus tá iarmhairtí diúltacha
an do leas daoine dá bharr sin ach, ina theannta sin, rannchuidíonn bithéagsúlacht go mór le maolú
agus le hoiriúnú i leith athrú aeráide, rud a dhéantar trí bhíthin na seirbhísí éiceachórais a dtacaíonn
sí leo.
Is ionann an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach (EIP), a
fhaigheann tacaíocht ó DAFM agus ar a dtugtar Athghiniúint
Bithéagsúlachta i dTimpeallachta Déiríochta (BRIDE), agus
sampla de thionscadal EIP lena ngabhann cleachtais aeráid-
bháúla. Is é is cuspóir do thionscadal BRIDE ná cur chuige
cost-éifeachtach, toradh-bhunaithe a dhearadh d’fhonn
gnáthóga ar thalamh dianfeirmeoireachta íseal a fheabhsú
agus a athbhunú agus d’fhonn feabhas a chur ar an
bhfeasacht náisiúnta ar na roghanna atá ar fáil mar iarracht
chun fiadhúlra feirme a chothabháil agus a fheabhsú ar
thalamh feirme a ndéantar dianbhainistíocht uirthi.
Tionchar Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo Tugtar aitheantas anois d’athrú aeráide mar bhagairt mhór ar bhithéagsúlacht. Tá éifeacht mhór ag
athrú aeráide ar dháileadh líon mór speiceas plandaí agus ainmhithe. Tá an bhithéagsúlacht ag
oiriúnú i leith athrú aeráide trí bhíthin aistriú gnáthóg, trí bhíthin saolréanna athraitheacha, nó trí
bhíthin saintréithe nua fisiciúla a fhorbairt. Mar shampla, tá féileacáin ina dtáscairí maithe
bitheolaíochta, tá doiciméadú maith ar fáil ina leith, is furasta iad a shainaithint agus is furasta
faireachán a dhéanamh orthu, agus déanann an teocht difear dá saolré. Mar thoradh ar athruithe
teochta, tá pobail féileacán Eorpach tar éis aistriú 114 km ó thuaidh sa tréimhse ó 1990 go 200623.
In Éirinn, tá an raon speiceas féileacáin a bhíodh teoranta don leath deisceartach den tír ag leathnú
agus tá na teochtaí níos teo ag mealladh féileacáin chónaitheacha nua e.g. an Bhuíóg Chróch.
Is féidir le haeráid athraitheach bagairtí suntasacha eile ar an mbithéagsúlacht a mhéadú amhail na
nithe seo a leanas: truailliú uisce dromchla agus screamhuisce ag cothaithigh nó ag dríodar agus
ionradh ag speicis eachtrannach plandaí agus ainmhithe.
23 Regan., E. (2013). Ardú an leibhéil mearcair: cad a chiallaíonn athrú aeráide d’Fhéileacáin in Éirinn I leathanaigh 41-46 de Ireland’s Climate: the road ahead, ar foilseachán de chuid Met Éiroeann é
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
36
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Is féidir le bithéagsúlacht tacú le hiarrachtaí a bhaineann le laghdú a dhéanamh ar éifeachtaí an
athraithe aeráide. Is féidir le gnáthóga caomhnaithe nó gnáthóga athbhunaithe dé-ocsaíd charbóin a
bhaint den atmaisféar agus, ar an dóigh sin, cabhrú le haghaidh a thabhairt ar athrú aeráide trí
bhíthin stóráil carbóin. Is féidir a bheith ag súil go ndéanfaidh straitéisí caomhantais agus
bainistíochta a chothabhálann agus a athbhunaíonn bithéagsúlacht cuid de na tionchair dhiúltacha a
ghabhann le hathrú aeráide a laghdú;
I measc na roghanna atá ann chun méadú a dhéanamh ar chumas oiriúnaitheach speiceas agus
éiceachóras i gcomhthéacs athrú aeráide atá ag luathú, áirítear bearta feirm-bhunaithe amhail na
cinn a chuimsítear i dtionscadal BRIDE. Mar chuid de BRIDE, beidh gníomhartha feirm-bhunaithe
dírithe ar ghnáthóga talún feirme amhail fálta sceach, imill pháirce, coinleach geimhridh a choinneáil
ar fheirmeacha gránach, ceapacha fuiseog, stráicí bruachánacha maolánacha, linn buan a chruthú,
caomhnú gnáthóg atá ar an bhfeirm cheana féin agus coillearnach dhúchasach. Toradh de chuid
thionscadal BRIDE is ea Plean Bainistíochta Bithéagsúlachta a ullmhú i gcomhairle le feirmeacha
rannpháirteacha, ar plean é ina sainaithnítear tosaíochtaí agus gníomhartha chun feabhas a chur ar
fhiadhúlra feirme a chruthaíonn athléimneacht i leith tionchair aeráide sa tírdhreach, rud a
thacaíonn le táirgeadh inbhuanaithe bia.
Soláthróidh aschur BRIDE EIP foinse le haghaidh bearta lena ngabhann tairbhí frithpháirteacha don
bhithéagsúlacht agus don aeráid agus ar féidir iad a oiriúnú le haghaidh scéimeanna agra-
chomhshaoil amach anseo.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
37
Cás-Staidéar 3: Dáileadh Stoc Éisc
Tá teochtaí an chuid is mó farraigí agus aigéan ar fud an domhain tar éis méadú le tamall de bhlianta.
Tarlaíonn athruithe i dtreo ó thuaidh sa leathsféar thuaidh de ghnáth agus tá taifeadadh forleathan
déanta orthu ó thaobh dáileadh cuid mhór speiceas éisc agus tá siad bainteach leis na mórathruithe
ar dhálaí comhshaoil. Is iad dálaí comhshaoil (teocht na farraige go háirithe) a chinneann dáileadh
na speiceas éisc ar leith, ach d’fhéadfadh athrú teacht ar an dáileadh sin mar thoradh ar iascaireacht.
De réir mar a ghluaiseann saothrú tráchtála speiceas éisc i dtreo leibhéil inbhuanaithe, éiríonn
éifeachtaí na spreagthóirí comhshaoil ar dháileadh éisc níos tábhachtaí go comhréireach mar gheall
ar an tionchar laghdaitheach a ghabhann le básmhaireacht éisc.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo Sa bhliain 2017, rinne eolaithe de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara
(ICES) scrúdú ar fhianaise faoi athruithe ar dháileadh 21 speiceas éisc a shaothraítear ar bhonn
tráchtála san Atlantach Thoir Thuaidh. Seo a leanas na speicis a scrúdaíodh: ainseabhaí,
láimhíneach, faoitín gorm, trosc, sól coiteann, haileabó Graonlannach, cadóg, colmóir, scadán,
bolmán, méagraim (2 speiceas), trosc Ioruach, leathóg, mangach, glasán, salán, fíogach gobach agus
faoitín. Rinneadh scrúdú ar na speicis sna réigiúin agus ag na tráthanna seo a leanas: Muir Bhailt (ó
1991), an Mhuir Cheilteach (ó 1993), an Mhuir Thuaidh (ó 1965/87) agus Bá na Bioscáine/Cósta na
hIbéire (ó 1997). Mar thoradh ar anailís ar fhaisnéis ó shuirbhéanna ar thrálaeireacht ghrinnill
sainaithníodh speicis a bhfuil athruithe móra tagtha ar an dáileadh a bhaineann leo. Forlíonadh an
anailís sin le hathbhreithniú ar an litríocht maidir leis na speicis ar fad.
Aimsíodh athruithe ar dháileadh i gcás 16 cinn den 21 speiceas éisc a anailísíodh. Tá spreagthóirí na
n-athruithe sin ar dháileadh an chuid is mó de na speicis a anailísíodh bainteach leis na dálaí
comhshaoil (i.e. teocht na farraige go formhór) ach bhí ról tábhachtach ag gníomhaíochtaí
iascaireachta freisin i gcás roinnt speiceas. Maidir le hocht speiceas (ainseabhaí, trosc, colmóir,
scadán, ronnach, leathóg , bolmán, agus sól coiteann), tá athrú tagtha ar an dáileadh ó bhí an
bhliain 1985 ann a mhéid a bhaineann lena limistéir bhainistíochta. As measc na speiceas sin, tharla
na hathruithe is mó i gcás colmóirí agus ronnach.
D’imir dálaí comhshaoil tionchar ar dháileadh gach ceann de na 16 speiceas ar léiríodh athrú mór ina
leith; d’imir gníomhaíochtaí iascaireachta tionchar (idir bhrú foriomlán agus dháileadh iarrachta) ar
dháileadh naoi gcinn de na speicis. Is gnéithe idirghníomhacha iad dálaí comhshaoil agus
iascaireacht; tá athrú tagtha orthu araon ó bhí an bhliain 1985 ann agus is dócha gurb iad
spreagthóirí an athraithe ar dháileadh speiceas éisc iad. Tá difríocht ann, i measc na speiceas, idir an
méid atá gach spreagthóir ar leith ina chúis le hathrú (agus, i gcásanna áirithe, tá an difríocht san ann
i measc stoic ar leithligh an speicis lena mbaineann).
Maidir leis na 16 speiceas ar fad ar léiríodh athruithe móra ar an dáileadh a bhaineann leo, léiríonn
an litríocht gurb é atá sa phríomhghné is mó a imríonn tionchar ar shuíomhanna gnáthóg oiriúnach
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
38
ná dálaí comhshaoil, go háirithe teocht na farraige. D’fhéadfadh sé go mbeadh na limistéir iarbhír ar
féidir leis an speiceas é a úsáid ag brath ar roghnú gnáthóige agus infhaighteacht gnáthóige oiriúnaí.
Mar an gcéanna, d’fhéadfadh idirghníomhaíocht le creachadóirí nó iomaitheoirí tionchar a imirt ar
an úsáid iarbhír ar féidir leis an speiceas a bhaint as suíomhanna ar leith Os a choinne sin,
d’fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar leathnú dháileadh an speicis dá mbeadh an speiceas ag brath go mór
ar ghnáthóga shonracha shrianta nó dá mbeadh ceangal láidir geografach ann le láithreáin ar leith,
amhail láithreacha sceathraí.
Athraíonn dálaí athraitheacha comhshaoil oiriúnacht ghnáthóige i suíomhanna sonracha
geografacha. D’fhéadfadh sé go dtiocfaidh an limistéar a áitítear tráth a mbíonn teocht an uisce níos
fionnuaire chun bheith neamhoiriúnach nuair a tharlaíonn méadú ar an teocht. D’fhéadfadh roghnú
gnáthóige a bheith ina chúis ansin le hathrú ó thuaidh i dtaca le dáileadh an stoic éisc de, nó athrú
chuig uisce níos doimhne áit ar féidir córas teochta níos oiriúnaí a aimsiú.
De réir na gcúinsí aeráide atá ann faoi láthair, réamh-mheastar go mbeidh méadú teochta agus
athruithe ann i ndáil le táirgeadh príomhúil; dá bhrí sin, is dócha go mbeidh athruithe ann amach
anseo maidir le dáileadh speiceas éisc. Leanfaidh básmhaireacht laghdaithe éisc
as téarnamh stoc éisc agus, ina theannta sin, beidh sé sin ina chúis le méadú ar an
dóchúlacht go dtiocfaidh athrú ar dháileadh. Tá bac ar an gcumas chun dáileadh
speiceas éisc amach anseo a thuar ós rud é nach bhfuil tuiscint leordhóthanach
ann ar na sásraí a bhaineann le spreagthóirí agus mar gheall ar á gcumas chun na
spreagthóirí a thuar.
Is dócha go mbeidh athruithe ar dháileadh ann amach anseo ach, i bhfianaise ar
chastacht na sásraí a dhéanann difear do dháileadh spásúil na stoc éisc, ní féidir
na hathruithe sin a thuar go beacht ná go cruinn. Tá sé réasúnach glacadh leis go
mbeidh cuid de na hathruithe amach anseo ina gcúis le roinnt ceisteanna faoi na
tuairimí atá ann mar bhonn leis na limistéir bhainistíochta reatha i gcás roinnt
iascach san Atlantach Thoir Thuaidh. Tá sé riachtanach, d’fhonn tacú le
bainistíocht amach anseo, leanúint den fhaireachán ar dháileadh spásúil stoc éisc.
Tá fianaise ag eolaithe ar athrú ó
thuaidh i gcás stoic trosc sna huiscí thart ar
Éirinn agus ar
leathnú siar ó
thuaidh i gcás an
stoic ronnach san
Atlantach thuaidh.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
39
Dáileadh eochraí ronnaigh san Atlantach thoir thuaidh as clár an tsuirbhé idirnáisiúnta ar eochraí ronnaigh.
Léiríonn na bolgáin dhearga an dáileadh eochraí don bhliain 2004 agus léiríonn na bolgáin ghorma an dáileadh eochraí don bhliain 2016. Tabhair faoi deara an t-athrú ó thuaidh i dtaca le dáileadh de agus an pátrún
dáileacháin níos leithne siar ó Albain agus ó Éirinn (Foinse na Sonraí: an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) (2019.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú
Gníomhartha atá ag teastáil:
• Staidéar a dhéanamh ar dháileadh stoc éisc tráchtála i ndáil lena limistéir bhainistíochta.
• Staidéar a dhéanamh ar mheáchanlár reatha limistéir sceathraí na stoc éisc tráchtála.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
40
• Thar an tréimhse 2014 go 2018, rinneadh suirbhéanna taighde eolaíochta idirnáisiúnta a chur i gcrích, i gcomhar leis an tionscal, ar suirbhéanna iad a bhí dírithe ar thosach an trátha sceathraí sa chuid iartharach de stoc ronnach NEA agus ní mór leanúint den obair sin.
Tá sé riachtanach, d’fhonn tacú le bainistíocht amach anseo, leanúint den fhaireachán ar dháileadh spásúil stoc éisc.
Torthaí Dearfacha:
• Sa bhliain 2017, chuir an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES)
comhairle eolaíochta ar fáil maidir leis na hathruithe ar dháileadh stoc éisc mar thoradh ar
athrú aeráide.
• Tá sé riachtanach, d’fhonn tacú le bainistíocht amach anseo, leanúint den fhaireachán ar
dháileadh spásúil stoc éisc.
• Athruithe beartaithe ar dhearadh agus ar thráthú an tsuirbhé i gcás shuirbhé tríbhliantúil
eochraí tonnaigh ICES 2016 d’fhonn oiriúnú d’athruithe arb í an aeráid is cúis leo. Beidh
tuilleadh oibre comhoibríche ann sa bhliain 2019 idir an lucht eolaíochta agus an tionscal
chun suirbhéireacht agus mapáil a dhéanamh ar athruithe ar imirce réamhsceathraí ronnach,
ar thráthú na sceathraí agus ar an mbealach chuig an láthair sceathraí.
Céimeanna ionchasacha maidir le hoiriúnú trí athléimneacht a chruthú:
• Leanúint de dheimhin a dhéanamh de go ndéantar stoic éisc tráchtála a shaothrú ar
bhealach inbhuanaithe ó tharla go rannchuideoidh sé sin lena n-oiriúnú don athrú aeráide.
• Rannchuideoidh staidéir spriocdhírithe maidir le tionchar an athraithe aeráide ar
iompraíocht imirce éisc lenár dtuiscint ar oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear na speicis
nua atá ag teacht isteach sna huiscí aigéin thart ar Éirinn agus a sholáthraíonn deiseanna nua
iascaireachta tráchtála.
• Comhstaidéar ar aigéaneolaíocht an réigiúin (imeall ilchríochach iarthar na hEorpa) agus ar
athruithe ar dháileadh sceathraí agus ar imirce éisc fhásta le haghaidh sceathraí. Is ceart go
mbeadh na staidéir sin dírithe ar thuiscint a fháil ar naisc aigéaneolaíochta idir imirce,
iompraíocht sceathraí agus dáileadh.
• Staidéar chun a chinneadh an dóiche gurb é éifeachtaí idirghabhála athraithe aeráide nó stoc
bithmhaise atá méadaithe go mór is cúis le leathnú dháileadh samhraidh an ronnaigh.
• Tá sé riachtanach, d’fhonn tacú le bainistíocht amach anseo, leanúint den fhaireachán ar
dháileadh spásúil stoic éisc a shaothraítear ar bhonn tráchtála.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
41
Cás-Staidéar 4: Sábháilteacht Bhia agus Athrú Aeráide
Tá cuid mhór le tuiscint fós maidir leis na himpleachtaí sábháilteachta bia atá ann mar thoradh ar
athrú aeráide ach tá fianaise ag teacht chun cinn go bhfuil nasc ann idir teagmhais sábháilteachta bia
agus teagmhais drochaimsire. Éiríonn an fhianaise sin as séasúracht bhreathnaithe galair a
iompraítear i mbia, as athruithe ar phátrúin galair a iompraítear i mbia agus a tharlaíonn nuair a
thagann athrú ar an teocht, agus as an mbaint atá ag teagmhais drochaimsire le teagmhais
mhéadaithe ina dtarlaíonn líon níos ráigeanna galair a iompraítear i mbia.
Tá baictéir Verotoxigenic E. coli (VTEC) ina gcúis le galair i ndaoine. Faightear na baictéir sin i stéig
suas go 5% d’eallach sláintiúil agus is féidir iad a sceitheadh in aoileach. Tá teagmhais ina dtarlaíonn
ionfhabhtú VTEC i ndaoine ag méadú gach bliain in Éirinn agus, i gcomparáid le tíortha Eorpacha eile,
is í Éire an tír ina dtarlaíonn an líon is mó teagmhas den sórt seo. Tá soláthairtí príobháideacha uisce
neamhchóireáilte ina modh suntasach maidir le leathadh VTEC; tá 3-4 oiread de sheans ann gur ól
othair uisce tobair neamhchóireáilte i gcomparáid le daoine nach dtolgann VTEC.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo Is féidir le héilliú micribhitheolaíochta an tslabhra bia tarlú ar roinnt bealaí ach aithnítear gur foinse
shuntasach í teagmháil le faecas daonna/ainmhíoch. Is féidir le hathruithe guagacha foircneacha ar
an aeráid tionchar a imirt ar scaipeadh pataiginí sa chomhshaoil agus modhnú a dhéanamh ar na
dálaí ina maireann na pataiginí agus/nó ina bhfásann siad.
Is féidir le dálaí aimsire foircní (e.g. tuiliú nó triomach) tionchar a imirt ar infhaighteacht agus ar
cháilíocht uisce. Tar éis tréimhsí frasaíochta troime, is minic a thuairiscítear éilliú foinsí uisce ó
sciodar a leathadh ar pháirceanna agus ó shéarachas daonna. Is measa an éifeacht sin tar éis
tréimhsí triomaigh nuair a laghdaítear cumas ionsúite na talún, rud as a leanann rith chun srutha
Fíor 1: Ionfhabhtú VTEC in Éirinn - 2004-2017
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
42
méadaithe. I dtuarascáil ón EPA24, tuaradh go mbeidh méadú 20% ar an líon teagmhas baistí troime
agus go mbeidh laghdú ar an méid bliantúil báistí sa tréimhse 2041-2060 - i.e. tréimhsí níos tirime
agus tuiliú ina ndiaidh - is é sin, dálaí a oireann d’éilliú foinsí uisce agus comhshaoil mar gheall ar
pataiginí.
Tionchar de chuid an athraithe aeráide nach bhfuil chomh díreach céanna is ea an éifeacht ar
mharthanacht, ar éabhlóid agus ar strusfhreagairt miocrób. Is féidir le miocróib maireachtáil i ndálaí
de chineál fionnuar. Is féidir le nochtadh do ‘strusairí’ a bhfuil baint acu leis an aeráid athrú a
dhéanamh ar an gcill bhaictéarach agus, dá bharr sin, tugtar seasmhacht di in aghaidh strusairí ina
dhiaidh sin. Maidir le pataiginí atá ina gcúis le galar tar éis dáileog an-íseal a fháil, ar féidir leo
maireachtáil sa
chomhshaol agus a
léiríonn freagairt
fulaingthe struis, is dócha
go mairfidh siad agus go
ndéanfaidh siad iomaíocht
níos éifeachtaí i gcúinsí
athraithe aeráide. Léiríonn
VTEC na hairíonna sin.
Léiríonn VTEC dáileadh
séasúrach agus tagann
méadú suntasach air sna
míonna is teo (Fíor 2). Mar
thoradh ar thaighde a
rinne Fluery et al (2006),
taispeánadh méadú 6% ar
an líon seachtainiúil
cásanna E. coli in aghaidh gach méadú céime ar an meánteocht sheachtainiúil. Bhí ráig a tharla in
Éirinn i samhradh na bliana 2018 bainteach go heipidéimeolaíoch le tomhailt glasach duilleach ó 3
fheirm a raibh 2 cheann acu bainteach le heallach roimhe sin. Ceapadh gur tarchur comhshaoil mar
gheall ar uisciú le huisce éillithe ba chúis leis sin ach níor daingníodh an méid sin tar éis sampláil a
dhéanamh roinnt uaireanta. Fágann dáileog íseal ionfhabhtaíoch agus maitrisí casta bia go bhfuil
braith VTEC casta. Tugann iompraíocht na pataigine seo le fios go dtacóidh athrú aeráide lena
scaipeadh agus lena marthanacht sa chomhshaol agus go bhféadfadh sé go mbeidh tuilleadh
méaduithe ar an líon ráigeanna amach anseo.
Céimeanna i gcomhair athléimneacht a bhunú Chun bainistíocht straitéiseach éifeachtach a dhéanamh ar shábháilteacht bhia tá gá le tuiscint ar an
nguais mhicribhitheolaíochta, ní mór iompraíocht na guaise, an tslí ina leathfaidh sí sa chomhshaol, a
thuar, is gá í a chosc i mbia agus is gá rátaí braite a fheabhsú. I bhfianaise an athraithe aeráide, tá na
nithe sin ríthábhachtach maidir le cosc a chur ar riosca méadaithe ó ghalair a iompraítear i mbia. 24 https://www.epa.ie/pubs/reports/research/climate/EPA%20159_Ensemble%20of%20regional%20climate%20model%20projections%20for%20Ireland.pdf
Fíor 2: Cásanna i leith dáileadh séasúrach VTEC a fógraíodh in Éirinn sa
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
43
Le go mbeidh tuiscint níos fearr ann maidir leis an riosca do shábháilteacht bhia mar thoradh ar
athrú aeráide, táthar i mbun taighde chun scrúdú a dhéanamh ar na naisc idir tuiliú agus an líon
ráigeanna galair a iompraítear in uisce agus atá ag tarlú in Éirinn. Tá forbairt á déanamh ar mhúnlú
matamaiticiúil i réimse na héiceolaíochta miocróbaí agus soláthróidh sé sin réamh-mheastacháin
thábhachtacha faoi thionchar teagmhas aimsire ar an riosca galair a éiríonn as pataiginí a
iompraítear i mbia.
Tá brath pataiginí fíorthábhachtach i dtaca le cosc a chur ar phataiginí a bheith ann sa slabhra bia. Tá
taighde leanúnach ar siúl maidir le modhanna íogaire sonracha a fhorbairt chun pataiginí a bhrath i
mbia agus in uisce. Is é a bheadh i dtástáil idéalach ná tástáil mhear, neamhchostasach, iniompartha
a thabharfadh torthaí áirimh. Tá dul chun cinn mór déanta maidir leis an teicneolaíocht a úsáidtear
chun pataiginí a shainaithint agus soláthraíonn Seicheamhú Géanóim Iomláin (Whole Genome
Sequencing) an cumas chun cineálacha comhionanna agus aonraígh atá bainteach le braislí a
shainaithint. Cabhróidh trascríbhinneomaic agus próitéamaíocht le sainaithint staid fiseolaíochta
pataiginí agus le saintréithriú a bhfáis de réir maitrisí sonracha, agus maidir lena bhfreagairt i leith
cóireálacha éagsúla próiseála. Tá dlús á chur leis an taighde faoi theicníochtaí nuálacha próiseála atá
éifeachtach i dtaca le laghdú a dhéanamh ar an riosca miocróbach gan tionchar a imirt ar cháilíocht
orgánaileipteach an bhia agus d’fhéadfadh sé go dtiocfaidh na teicníochtaí sin chun bheith ina
dteicníochtaí príomhshrutha amach anseo.
Tá sé de chumas ag athrú aeráide tionchar a imirt ar shábháilteacht bhia trí leathadh méadaithe
agus marthanacht mhéadaithe pataiginí. Is ceart go laghdófaí an tionchar sin ach mhaolú a
dhéanamh ar na rioscaí sin trí chosc, brath agus díothú a dhéanamh ar bhealach níos fearr.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
44
Cás-Staidéar 5: Talamh Féaraigh
Is tír bheostoic í Éire den chuid is mó agus talamh féaraigh atá ann i gcás 82% den limistéar
talmhaíochta. Tá talamh féaraigh agus táirgeacht talún féaraigh lárnach dár gcuid córas beostoic. Tá
tábhacht eacnamaíochta na hearnála beostoic ar leibhéal na feirme seanbhunaithe.
Tá an aimsir thar a bheith tábhachtach dár gcuid córas beostoic. Cinneann sí fad agus rath an
tséasúir fáis agus táirgeacht an bheostoic. Cruthaíonn tionchar teagmhas aimsire a tharlaíonn de
bharr athrú aeráide rioscaí don earnáil tairgthe phríomhúil. I measc na gcúiseanna leis na rioscaí seo,
áirítear méid rómhór, nó méid róbheag, baistí, go háirithe ag idirshéasúir na bliana, nó teochtaí ró-
ard nó ró-íseal laistigh de thréimhse ghairid ama. Is féidir le tionchar na dteagmhas sin impleachtaí
suntasacha a bheith acu do tháirgeadh farae. Taispeánadh é sin le déanaí mar thoradh ar dhálaí
diana aimsire sa bhliain 2018.
Tionchar Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo A mhéid a bhaineann le teochtaí foircneacha agus brothall, táthar ag réamh-mheas go dtiocfaidh
méadú ar an téamh agus gur méadú ó 0.7°C go 2°C a bheidh ann i gcás na dteochtaí is airde laethúla
sa 5% is teo de theochtaí uasta laethúla samhraidh i dtaca leis an gcúinse astaíochtaí meánacha-ísle
agus ó 1.3°C go 2.6°C i dtaca leis an gcúinse astaíochtaí arda. Táthar ag réamh-mheas go mbeidh
méadú mór ar an líon tréimhsí tirime i rith an tsamhraidh (5 lá i ndiaidh a chéile ar a laghad ar lena
linn a bheidh an fhrasaíocht laethúil níos lú ná 1mm) faoi lár an chéid, is é sin, méadú sa raon ó 12%
go 40%.
Ag déileáil le
triomach 25
25 https://www.farmersjournal.ie/drought-advice-clinics-for-ailing-farmers-385184
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
45
Sa bhliain 2018, bhí dhá theagmhas aimsire foircní ann: ar an gcéad dul síos, chuir aimsir fhuar i
Márta 2018 cosc ar fheirmeoirí beostoc a chur ag innilt mar gheall ar shneachta, ar ardleibhéal báistí
agus ar sholáthar lag féir. Ba é a bhí sa tionchar a bhain leis sin ná gurbh éigean d’fheirmeoirí stoc
dóthanach farae a bheith acu, mar aon le saoráid dhóthanacha stórála sciodair, chun bainistíocht
agus pleanáil a dhéanamh maidir leis an teagmhas sin. Sa bhliain 2018 freisin, d’imir tréimhse fhada
thirim ar rátaí fáis ar thailte féaraigh i rith an phríomhshéasúir innilte agus is é a lean as sin ná gá le
forlíonadh suntasach chun fás lag féir a fhritháireamh. Tá eallach déiríochta leochaileach go háirithe i
leith strus teasa ar teochtaí arda agus taise is cúis leis. Is féidir leis sin difear a dhéanamh d’fhás, do
tháirgeadh bainne agus do thorthúlacht. Mar thoradh ar an teagmhas sin, b’éigean farae
caomhnaithe agus beatha thacúil a thabhairt i rith na tréimhse sin agus bhí impleachtaí aige sin
maidir le stoic farae don tréimhse gheimhridh ina dhiaidh sin. Tharraing toradh na dteagmhas sin
aird na hearnála beostoic ar dhíriú ar dheimhin a dhéanamh de go bhfuil córais táirgthe talún
féaraigh sách daingean chun seasamh in aghaidh na rioscaí a bhaineann le tionchair aeráide trína
chinntiú go bhfuil pleanáil déanta maidir le teagmhais den sórt seo.
Is ionann tionchair na dteagmhas sa bhliain 2018 agus na teagmhais a bhí ann sna blianta 2012 agus
2013. Bhí séasúr lag fáis ann sa bhliain 2012 agus bhí geimhreadh fada ann ina dhiaidh sin isteach sa
bhliain 2013. Rinne sé sin difear do tháirgeadh féir agus barr eile farae rud as ar lean ganntanas farae
ar chuid mhór feirmeacha agus rud a mhéadaigh an spleáchas ar bheatha sheachtrach. Ar bhonn
idirnáisiúnta, bhí fómhar lag ann agus, dá bhrí sin, bhí praghas na beatha ard. Lean deacrachtaí
airgeadais as sin i gcás cuid mhór feirmeoirí.
Mar thoradh ar thionchar teagmhas aimsire ar thalamh feirme sa bhliain 2018, tháinig laghdú
foriomlán 3 thonna in aghaidh an heicteáir i dtaca leis an méid féir a táirgeadh. Chun maolú a
dhéanamh ar theagmhais den sórt sin, ní mór ár dtáirgeadh talún féaraigh a bheith sách daingean
chun freastal ar riachtanais na hearnála. Tá gá le tuilleadh pleanála chun breithniú a dhéanamh i
dtaobh conas déileáil le teagmhais aimsire foircní ar leibhéal na feirme. Tá faireachán ar fhás féir
agus eolas faoi acmhainn fáis féir na feirme ar leithligh riachtanach chun a chinntiú go bhfuil
feirmeacha á stocáil go cuí ag feirmeoirí i gcomhréir le hacmhainn na feirme lena mbaineann. Tá
bunú cúltacaí cuí farae thar a bheith tábhachtach chun a chinntiú go bhfuil feirmeacha
neamhspleách.
Cé go soláthraíonn na fachtóirí inmheánacha atá leagtha amach tionchar suntasach ar tháirgeadh
príomhúil, d’fhéadfadh sé go mbeidh cion níos mó ag an tionchar ionchasach seachtrach ar an
earnáil talmhaíochta, mar shampla tionchair ionchasacha ar onnmhairí mar gheall ar soláthar
laghdaithe bainne agus, ina theannta sin, mar gheall ar soláthar laghdaithe don mhargadh.
D’fhéadfadh sé go ndéanfar difear dár lorg carbóin de bharr an riachtanais maidir le níos mó beatha
a allmhairiú chun tacú leis an earnáil agus beatha a chur ar fáil di.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Beidh sé tábhachtach oiriúnuithe a shainaithint a thabharfaidh aghaidh ar chuid de na rioscaí atá
sainaitheanta. Tá leochaileacht i leith na rioscaí sin ag brath ar an leibhéal oiriúnúcháin a bheidh ann
laistigh den tionscal.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
46
I measc na n-oiriúnuithe atá sainaitheanta mar thoradh ar ghanntanais farae le blianta
beaga anuas, áirítear an méid seo a leanas:
1. Ní mór d’fheirmeoirí buiséad bliantúil i leith beatha gheimhridh a ullmhú chun easnaimh a
shuíomh. Moltar go ndéanfar buiséad beatha geimhridh a chur san áireamh in PastureBase
Ireland. D’fhéadfadh sé, dá bharr sin, gur gá comhaontuithe nó comhpháirtíochtaí soláthair
farae a ghiniúint idir feirmeacha beostoic (stoc déiríochta agus stoc tirim) agus feirmeacha
curaíochta, b’fhéidir, maidir le soláthar beatha i measc feirmeacha. 2. An ceanglas ar dá réir nach mór d’fheirmeoirí cúltaca farae a chruthú chun insliú a
dhéanamh in aghaidh dálaí laga fáis in aon bhliain áirithe. Ba é a bhí in éifeacht charnach
teagmhas aimsire sa bhliain 2016 ná laghdú beagnach 3.0 t DM/ha ar fhás féir sna réigiúin
inar mothaíodh an éifeacht ba mhó. Meastar gurb ionann sin agus easnamh 1 t DM/in
aghaidh na bó agus léiríonn sé sin scála ionchasach na gcúltacaí a bheidh ag teastáil le
haghaidh teagmhas sa todhchaí. Ba é a bheadh i dtreoirlíne phraiticiúil ná 50-80% den fhigiúr
sin a choinneáil (500-800 kg DM/in aghaidh na bó) mar fharasbarr beatha os cionn na
ngnáthstoc is gá chun an córas a chothromú. Dhéanfaí sin a chur ar bun thar am agus beidh
difríochtaí ann i gcomhréir le méid an riosca in aghaidh na feirme. 3. An gá le córas luathrabhaidh chun easnaimh maidir le beatha a shainaithint. Chuige sin,
bheadh gá le suirbhé náisiúnta farae a chur i gcrích ar bhonn bliantúil agus, ina theannta sin,
bheadh gá leis an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as mapáil satailíte chun na codanna
den tír ina bhfuil an tionchar is measa a shainaithint. 4. Tá torthúlacht ithreach ina saincheist shuntasach fós i ndáil le talamh féarach. De réir na
fianaise starógaí a bhaineann le cuid mhór feirmeacha, is amhlaidh, maidir le blocanna
seachtracha talún, go háirithe talamh lena ngabhann léasanna gearrthéarma, go bhfuil an
torthúlacht ithreach a bhaineann leo go mór níos laige ná an príomhbhloc talún feirme. Is é
a leanann as sin ná acmhainn lag fáis féir, rómheastachán dóchúil ar chumas iompartha
bliantúil na talún agus, dá dheasca sin, beatha gheimhridh neamhdhóthanach a bheith á
coimeád. 5. An gá le feabhas a chur ar an mbonneagar innilte agus ar an mbonneagar le haghaidh stóráil
beatha agus saoráidí beathaithe. 6. Tá gá le faireachán leantach maidir le lotnaidí, galair agus fiailí nua ar bagairt iad ach
d’fhéadfadh sé nach saincheist iad a thuilleadh roinnt lotnaidí, galar agus fiailí atá ann
cheana. 7. Trialacha leanúnacha maidir le Luach le haghaidh Saothrú agus Úsáide (VCU) atá déanta ag
DAFM thar thréimhse 3 bliana chun cineálacha láidre a shainaithint ag a bhfuil an cumas
chun déileáil le hathrú aeráide foircneach. 8. Cineálacha fáis agus barr atá níos athléimní i leith teasa a phórú agus beostoc a shainaithint
a oireann níos fearr do thimpeallachtaí ar leith. 9. D’fhéadfadh éagsúlacht mhéadaithe na báinsí, dá ndéanfaí bainistíocht oiriúnach íogair
uirthi (lena n-áirítear bithéagsúlacht), athléimneacht na hacmhainne táirgthe a neartú.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
47
Cás-Staidéar 6: Bláis Dhíobhálacha Algacha
Tá Bláis Dhíobhálacha Algacha (HAB-anna) in uiscí na hÉireann ina gcúis le damáiste suntasach
eacnamaíochta fós d’iascaigh fhiáine agus don dobharshaothrú ar bhonn bliantúil trína chur faoi
deara nach bhfuil sé sábháilte sliogiasc a ithe agus trína bheith ina chúis le marú ócáideach éisc. Le
linn ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh leathnuithe suntasacha ar raon na mblás sin agus mar
thoradh ar fhadhbanna méadaitheacha bitocsaine de bharr timpeallachtaí athraitheacha muirí,
beidh gá le faireachas méadaithe agus oiriúnú ionchasach i ndáil le cláir a bhaineann le bitocsainí bia
mara agus le faireachán HAB.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo Mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar fhreagairt HAB-anna ar athrú aeráide
aigéanach, sainaithníodh na paraiméadair a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar bhláis fíteaplanctón ar
bhonn amscála deichbhliantúil. I measc na bpríomhfhachtóirí áirítear athruithe ar theocht, ar
shalandacht, ar shrathú dromchla, athrú sruthanna aigéin, athrú ar tonnadh aníos cothaitheach,
leibhéil ardaithe CO2 (a leanann fótaisintéis astu), cailciú laghdaithe de bharr aigéadú aigéin, agus
athruithe ar rith chun srutha agus micreachothaithigh. D’fhéadfadh na tionchair iarmhartacha seo a
leanas a bheith ann:
i. Leathnú ar speicis uisce the chun donais do speicis uisce fhuair a mbíonn
orthu gluaiseacht ó thuaidh. D’fhéadfadh sé gurb é a leanfadh as sin ná
tabhairt isteach speiceas níos tocsainí isteach in uiscí na hÉireann ar
speicis iad atá ag an teorainn is faide ó thuaidh dá ndáileadh faoi láthair.
ii. Flúirse athruithe a bhaineann le speicis shonracha agus an fhuinneog
shéasúrach le haghaidh fás speiceas HAB. D’fhéadfadh sé gurb é a leanfaidh
as sin ná tréimhse ama is giorra ar lena linn nach mbíonn sliogiasc
tocsaineach nó tréimhse riosca i leith marú éisc de bharr blás ar tréimhse í atá
níos faide ná mar a bhíonn ann faoi láthair.
iii. Tráthú níos luaithe maidir le buaictháirgeadh roinnt fíteaplanctón.
D’fhéadfadh sé sin tionchair iarmhartacha a bheith aige ar earcaíocht agus ar
fhás speiceas éisc agus sliogéisc de bharr mímhaitseáil speicis nó speicis
neamhdhóthanacha creachadóireachta atá ag teastáil i gcomhair fáis.
iv. Éifeachtaí tánaisteacha ar shlabhraí bia mhuirí, go háirithe nuair a imríonn athrú
aeráide tionchair éagsúla ar “innilteoirí agus ar a bhfoinse bhia” (“tagann
meaitseáil chun bheith ina mhímheaitseáil”). Tá an slabhra bia mhuirí ina
cheangal casta idir speicis a fhásann agus a dtagann meath orthu de réir timthriall
creachadóireachta/creachadóirí. D’fhéadfadh sé gurb é a leanfaidh as suaitheadh
ar an timthriall sin ná cliseadh stoc lena ngabhann tábhacht eacnamaíochta.
Speicis
dhíobhálacha
Phytoplankton -
Dinophysis atá ina
gcúis le Nimhiú
Buinní Sliogéisc
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
48
Ó bhí an bhliain 1998 ann, is léir go bhfuil méaduithe ann maidir le roinnt grúpaí fíteaplanctón i
ngach réigiún cósta de chuid na hÉireann agus tá méadú suntasach ar fhlúirse dhiatóim (algaí
aonchille), go háirithe sa chuid luath de gach bliain. De bhreis air sin, ar bhonn na sonraí atá faighte
ó bhreathnóireachtaí an Continuous Plankton Recorder atá i ngníomh ó bhí an bhliain 2000 ann,
breathnaíodh leathnú ar an séasúr fáis, agus is léir go bhfuil méadú ar an mbithmhais fíteaplanctón,
sa Mhuir Cheilteach thuaisceartach. Cé go bhfuil difríocht mhór ann idir flúirse bhliantúil iomlán na
speiceas díobhálach agus na speiceas tocsaineach ó bhliain go bliain, tá méadú tagtha ar an
gcéatadán de roinnt speiceas díobhálach i rith mhíonna an gheimhridh ó bhí an bhliain 2000 ann.
Tá ról riachtanach ag líonraí sonraí muirí in-situ maidir le faireachán a dhéanamh ar athrú
timpeallachta agus aeráide (idir athrú nádúrtha agus athrú ar daoine is cúis leis), agus maidir leis an
athrú sin a bhrath, agus maidir le faireachán a dhéanamh ar na tionchair ghaolmhara ar na
hearnálacha éisc agus sliogéisc agus maidir leis na tionchair sin a bhrath. Níl aon sainlíonra aeráide
fadtéarma láithreán táscach ann faoi láthair in Éirinn.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Tá gá le tiomantas fadtéarma lena ngabhann tacaíocht airgeadais chun tacair sonraí fadtéarma, atá
fónta ó thaobh na heolaíochta de, a bhailiú d’fhonn tacú leis an mbeartas, Dá bhrí sin, tá gá le
tacaíocht ón rialtas náisiúnta chun líonra láithreán táscach a bhunú i limistéir dobharsaothraithe
chun faireachán bunlíne fadtéarma a dhéanamh ar uiscí cósta d’fhonn athrú ar bhitheolaíocht, ar
cheimic agus ar cháilíocht fhisiceach uisce arb í an aeráid is cúis leo, éilleáin, fíteaphlanctóin,
zóplanctóin, micribhitheolaíocht, macra-algaí, veirteabraigh bheantacha, iascaigh, agus speicis
iasachta agus speicis neamhdhúchasacha a bhrath.
Thacódh líonra den sórt sin le hiarrachtaí i ndáil leis an méid seo a leanas:
1) Tionchair athraithe aeráide amhail teacht isteach speiceas nua agus/nó ionrach a mhapáil agus a
rianú.
2) Modhanna ceimiceacha a fhorbairt chun rianleibhéil sliogéisc nua agus bitocsainí fíteaphlanctóin
éisc eite a bhrath d’fhonn foláireamh a thabhairt do ghníomhaireachtaí maidir le teacht tocsainí
nua chuig réigiúin sular féidir leo a bheith ina gcúis le cruatan do thomhaltóirí nó don
gheilleagar.
3) Uirlisí tábhachtacha a chur ar fáil amach anseo chun feabhas a chur ar sceidil fómhair, lena n-
áirítear an méid seo a leanas:
i) Córas oibríochtúil réamhaisnéisithe gearrthéarma HAB.
ii) Múnlaí bithfhisiciúla a dhéanann aithris ar iompraíocht spriocspeiceas HAB. D’fhéadfadh
sé sin a bheith ina chabhair maidir le cinneadh a dhéanamh i dtaobh cén fhórsáil
luathshéasúir agus comhshaoil spásúil, más ann di, atá freagrach i leith bláis agus
tocsaineacht a thionscnamh agus a chur chun cinn. Is é is mó atá ag teastáil ón tionscal
ná réamhaisnéisí séasúracha a úsáidfear chun pleanáil a dhéanamh maidir le táirgeadh,
fómhar agus margaí tamall maith roimh ré. Chuige sin, is gá luaineachtaí ama i leith na
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
49
ndálaí fisiceacha, ceimiceacha agus bitheolaíochta a rialaíonn na HAB-anna sa
timpeallacht chósta a scrúdú tuilleadh.
iii) Chun a chinntiú nach ndéantar dochar don fhaireachán ar shábháilteacht bhia mara,
beidh tuilleadh acmhainní ag teastáil maidir leathnú raon na bhfíteaphlanctón
tocsaineach as a leanann tocsainí nuálacha agus tocsainí éiritheacha i sliogiasc.
iv) Staidéir ar réamh-mheastacháin ar fhreagairt grúpaí agus genera éagsúla HAB i leith
thionchair an athraithe aeráide.
v) Múnlú a dhéanamh ar athruithe aeráide i leith pobail fíteaphlanctón agus ar athruithe ar
na tionchair ar tháirgeacht phríomhúil a chascáideann tríd an mbia-eangach mhuirí.
Torthaí Dearfacha:
• D’fhéadfadh méaduithe ar fhlúirse fíteaphlanctón speiceas neamhdhíobhálach a bheith ina
gcúis le fás méadaithe sliogéisc.
• D’fhéadfadh méaduithe ar an mbithmhais ag bun na bia-eangaí deis a chur ar fáil freisin
chun speicis nuálacha a thógáil, amhail cluas mhara, deargán/doingean, capall mara agus
cuán mara.
• D’fhéadfadh sé go dtiocfaidh meath ar HAB-anna atá bainteach le dálaí uisce fhuair.
Céimeanna ionchasacha maidir le hoiriúnú trí athléimneacht a chruthú:
• Líonra atá bainteach le cúrsaí aeráide chun dlúth-chomhoibriú agus idirphlé a chur chun cinn
idir an tionscal, gníomhaireachtaí stáit, rialálaithe agus fóraim thrasteorann agus chun a chur
faoi deara go mbeidh comhiarracht ann i dtaca leis an gcomhrac in aghaidh dúshláin a
bhaineann leis an aeráid.
• Feasacht níos fearr faoi staid na HAB-anna a sholáthar trí córas foláirimh HAB a chur ar bun
(córas uilechuimsitheach ina gcomhtháthaítear na sonraí uile maidir le breathnóireacht
aigéin agus éiceachórais) chun deis a thabhairt don tionscal dobharshaothraithe ullmhúchán
a dhéanamh maidir le teacht isteach speiceas tocsaineach agus speiceas núise.
• Athrú chuig iasc agus sliogiasc de chineál níos frithsheasmhaí/fulangaí.
• Chun laghdú a dhéanamh ar an strus a fhulaingíonn iasc a thagann faoi lé HAB-anna ard-
bhithmhaise, d’fhéadfadh feirmeoirí éisc bearta maolúcháin a thabhairt isteach amhail úsáid
a bhaint as aerú cásanna, as trasghluaiseacht cásanna agus as cré-chóireáil.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
50
Cás-Staidéar 7: Gairneoireacht
Rannchuidíonn tionscal gairneoireachta na hÉireann go mór le hollaschur talmhaíochta na hÉireann
agus meastar gurbh fhiú €437 milliún an t-aschur sin sa bhliain 2018. Tá raon ilchineálach
earnálacha ann sa Tionscal, mar shampla, barra inite amhail muisiriúin, glasraí páirce, torthaí
allamuigh agus torthaí agus glasraí cosanta, agus barra taitneamhachta amhail táirgeadh stoic chrua
plandlainne, plandaí ceapaí, scraith féir, duilliúr gearrtha agus crainn Nollag. Maidir leis an gcuid is
mó fo-earnálacha sa tionscadal gairneoireachta, bíonn tionchar mór ag dálaí aimsire ar tháirgeadh
agus ar luach an aschuir.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo De réir na tuarascála dar teideal Ensemble of regional climate model projections for Ireland mar
thoradh ar an athrú réamh-mheasta don tréimhse 2041-2060 beidh méadú tuairim is 20% ar an líon
teagmhas báistí troime i rith mhíonna an fhómhair agus an gheimhridh. I gcás an chúinse
ardastaíochtaí, tugadh méadú réamh-mheasta faoi deara maidir le meánfhrasaíocht sa gheimhreadh
sa chuid is mó d’Éirinn. Ba léir an tionchar a ghabhann le dálaí drochaimsire den sórt sin sa bhliain
2018 nuair a cuireadh moill shuntasach le plandáil, go háirithe i ndáil le barra glasraí allamuigh agus,
i gcásanna áirithe, ní rabhthas in ann plandáil a dhéanamh ós rud é go raibh an ithir rófhliuch.
Stoic prátaí síl
núicléasaigh ag fás
amuigh faoin aer
Maidir le barra luatha glasraí a
phlandálfaí i mí an Mhárta de
ghnáth, níor plandáladh iad ar
chor ar bith; plandáladh barra
eile faoi dhálaí nach raibh
chomh fabhrach agus is gnách
agus, ós rud é go raibh an fás
mall ag an tús, ba mheasa an
staid ina dhiaidh sin mar gheall ar an triomach a bhí ann. Bhí éifeacht mhór ag an aimsir the
fhoircneach ar chostais táirgthe ós rud é gur tháinig méadú ar na costais ionchuir. Bhí gá le costais
bhreise breosla agus saothair chun barra a uisciú le linn iarracht a dhéanamh an táirgeacht agus
cáilíocht na táirgeachta a chothabháil agus bhí gá le fuinneamh breise chun barra a chuisniú tar éis
an fhómhair agus chun teochtaí a choimeád ag leibhéil inghlactha laistigh de dhéanmhais chosanta
amhail tithe gloine agus tolláin mhuisiriún.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
51
Tháinig méadú ar chostais fómhair agus saothair nuair a bhí an aimsir fhoircneach ina cúis le haibiú
mear barr agus, i gcásanna áirithe, ina cúis le héifeacht dhochrach ar cháilíocht an bhairr, is é sin le
rá, saincheisteanna amhail dídhathú agus rith chun síl. Mar thoradh air sin, b’éigean barra a bhaint
go tapa agus go tráthrialta. Ina theannta sin, mhéadaigh an aimsir the thirim an brú ar bharra ó
lotnaidí agus ó ghalair agus laghdaíodh éifeachtacht na mbeart a bhí ar fáil chun barra a chosaint.
Imríodh tionchar ar tháirgeacht sa bhliain 2018 sa mhéid nár baineadh amach an táirgeacht a
rabhthas ag súil léi gcás cuid mhór barr, go háirithe i gcás prátaí a raibh laghdú 30% ar an táirgeacht
ina leith i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Is léir leochaileacht na hearnála i leith teochtaí méadaithe agus i leith méadú ar theagmhais
triomaigh. Beidh tábhacht mhór ag baint le straitéisí oiriúnúcháin chun aghaidh a thabhairt ar na
rioscaí. Beidh tábhacht ag nuálaíocht agus ag dul chun cinn ó thaobh pórú barr agus géinitic phlanda
de; forbairt cineálacha atá fulangach i leith strusanna a chur san áireamh, ar cineálacha iad a
chabhróidh le déileáil le teochtaí méadaithe agus le triomach agus, de bhreis air sin, a bheidh níos
frithsheasmhaí i dtaca le lotnaidí agus galair.
Tá cuid mhór de na gníomhartha oiriúnúcháin atá sainaitheanta sa chás-staidéar Curaíochta (cás-
staidéar uimhir 13) bainteach le gairneoireacht freisin.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
52
Cás-Staidéar 8: Bainistíocht Talún agus Dóiteáin, Athrú
Aeráide
Tá falscaithe ina bhfadhb mhéadaitheach infheicthe in Éirinn agus i Stáit eile i dtuaisceart na hEorpa
nach raibh an cineál seo riosca coitianta iontu roimhe seo. Baineann sé seo go páirteach le hathrú
aeráide ach tá tionchar mór ag athruithe ar phátrúin úsáide talún agus ag déimeagrafaíocht tuaithe
freisin le tamall de bhlianta anuas. Tá na dálaí a oireann do líon méadaithe dóiteán agus rioscaí
bainteach le teocht níos airde, le heasnaimh i dtaca le taise ithreach agus le leibhéil an ualaigh
breosla ionchasaigh. Is féidir leis na nithe sin naisc dhíreacha agus naisc neamhdhíreacha a bheith
acu le athraitheacht aeráide agus le hathrú aeráide.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo Réamh-mheastar go mbeidh méaduithe teochta ó 0.9°C go 1.3°C ann sa samhradh i gcás an chúinse
astaíochtaí meánacha-ísle agus ó 1.1°C go 1.7°C i gcás an chúinse astaíochtaí arda. Is léir gur féidir
leis an gcineál seo dóiteáin tionchar mór a imirt ar fhoraoisí agus ar ghnáthóga ach is bagairt
mhéadaitheach iad freisin do phobail tuaithe atá suite i limistéir ina dtarlaíonn dóiteáin. Ar an meán,
tagann 4,000-5,000ha de thalamh oscailte faoi thionchar dóiteáin in aghaidh na bliana agus
d’fhéadfadh sé go dtiocfadh suas go 500ha de thalamh foraoise faoin tionchar céanna in aghaidh na
bliana. Ina theannta sin, ní mór aird a thabhairt ar astaíochtaí ó dhóiteáin foraoise faoi rialachán
LULUCF an AE a mhéid a bhaineann leis an bhforáil maidir le suaitheadh nádúrtha agus bíonn
tionchar acu ar na hastaíochtaí iomlána.
An t-achar iomlán foraoise a dódh agus slógadh bliantúil Seirbhísí Dóiteáin chuig dóiteáin i bportaigh, ar thalamh féaraigh agus i bhforaoisí. Barraí: An t-achar a dódh: dúghlas =limistéar poiblí; glas éadrom=limistéar príobháideach. Líne dhearg: an líon slógthaí
Seirbhísí Dóiteáin. Foinse: An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM).
I rith na tréimhse 2010-2011, agus tar éis na dteagmhas tubaisteach dóiteáin sa bhliain 2010, tháinig
‘an Grúpa um Dhóiteáin Talún agus Foraoise’ le chéile agus d’ullmhaigh siad roinnt moltaí. Bhí na
moltaí sin dírithe de chuid is mó ar mhéadú feasachta faoi bhainistíocht dóiteáin agus ar na
riachtanais thaighde-bhunaithe/fhianaise-bhunaithe a bhaineann le bainistíocht dóiteáin. I dtosach
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
53
báire, bhí srian ar fhorbairt cur chuige bainistíochta mar gheall ar easpa sonraí a bhain le teagmhais
dóiteáin. Mar thoradh ar rochtain a fháil ar na foinsí sonraí satailít-bhunaithe a bhí ar fáil, rud a
d’éascaigh an Coimisiún Eorpach, bhíothas in ann acmhainn sonraí a fhorbairt chun cabhair a
thabhairt maidir le tuilleadh forbairtí. Sa tréimhse ó bhí an bhliain 2011 ann, tá forbairt déanta ar
acmhainn sonraí níos mó agus, mar thoradh air sin, táthar in ann anailís chruinn spásúlachta agus
ama a dhéanamh ar na rioscaí agus ar na teagmhais, agus ar an gcúlra a bhaineann leis na nithe sin.
Suíomhanna ardtosaíochta dóiteáin agus suíomhanna stairiúla dóiteán 2002-2017. Foinse: NASA/ESA/DAFM
Saintréith de chuid fhreagairt na hÉireann i leith dhúshlán na bhfalscaithe is ea comhar agus malartú
idirnáisiúnta. In éagmais Straitéis Náisiúnta fhoirmiúil maidir le Falscaithe, ghlac DAFM Treoirlínte
Saorálacha an FAO maidir le Bainistíocht Dóiteáin ar bhonn ad hoc. Ina theannta sin, rinneadh treoir
bhreise ón FAO maidir le Tíortha na hAfraice Thuaidh agus an Mheánoirthir a oiriúnú go rathúil lena
húsáid in Éirinn d’fhonn forbairt tosaigh a threorú. Sa dá
dhoiciméad sin, moltar úsáid a bhaint as cur chuige
comhtháite, oiriúnaitheach i leith bainistíocht dóiteáin ar cur
chuige é atá á úsáid cheana féin i mBallstáit de chuid
Dheisceart na hEorpa agus i dTuaisceart na hAfraice.
Leagann an Treoir ón FAO béim mhór ar fhorbairtí
comhthráthacha i ngach réimse a bhaineann le bainistíocht
dóiteáin - Brath Dóiteáin agus tuairisciú, Sochtadh Dóiteáin,
bainistíocht bhreosla, téarnamh iardhóiteáin agus Dóiteán
Forordaithe. Tuigtear go soiléir go bhfuil ról na
feirmeoireachta ardtalún lárnach d’fhorbairt fhadtéarma
Wildfire Adaptive Management Cycle
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
54
bainistíochta dóiteáin, i dtaca le laghdú a dhéanamh ar adhaint fhadhbach agus i dtaca le
bainistíocht fhadtéarma breoslaí guaiseacha araon. Meastar gurb amhlaidh, mar gheall ar theochtaí
méadaitheacha a éiríonn as athrú aeráide, go dtiocfaidh méadú, amach anseo, ar na dálaí a oireann
do dhóiteáin. Mar thoradh ar malartú oiliúna oibríochtúla idir seirbhísí dóiteáin agus saineolaithe
bainistíochta talún na hÉireann agus údaráis dóiteán na Spáinne, na Portaingéile agus Stáit Aontaithe
Mheiriceá, tá luathú déanta ar fhorbairt agus ar sholáthar cur chuige nua-aimseartha i leith
bainistíocht dóiteáin, go háirithe i dtaca le bainistíocht straitéiseach breosla agus dóiteáin
fhorordaithe. Fuair oifigigh dhóiteáin Éireannacha sainoiliúint theicniúil bainistíochta dóiteáin sa
Spáinn agus thug siad cur chuige nua-aimseartha maidir le dóiteáin fhorordaithe isteach in Éirinn.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Ag éirí as anailís a rinne DAFM ar áiteanna ina mbíonn gníomhaíocht dóiteáin, rinneadh modúil
shonracha bainistíochta dóiteáin a chur san áireamh i roinnt tionscadal de chuid na
Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta ar mhaithe le feabhas a chur ar chleachtas ‘ar an láthair’ i
measc feirmeoirí agus ar mhaithe le hacmhainn áitiúil bhainistíochta dóiteáin a thabhairt isteach. Tá
comhpháirtíochtaí áitiúla bainistíochta dóiteáin curtha ar bun i gContaetha Chorcaí, Chiarraí agus
Laoise freisin d’fhonn caidreamh a bhunú agus a fheabhsú idir geallsealbhóirí agus gníomhaireachtaí
iomchuí, ar caidreamh é ar féidir leis tionchar dearfach a imirt ar thorthaí bainistíochta dóiteáin.
I bhfianaise na réamh-mheastachán reatha maidir le hathrú aeráide, na dteagmhas a bhí ann le
déanaí maidir le falscaithe agus tionchair falscaithe in Éirinn, agus na dóchúlachta go mbeidh méadú
ar rioscaí i leith falscaithe sna blianta atá romhainn, tá gá soiléir ann faoi láthair le hoiriúnú beartais
d’fhonn déileáil leis na dúshláin atá ann.
Is í earnáil na talmhaíochta an earnáil is tábhachtaí ar fad a mhéid a bhaineann le falscaithe agus tá
an acmhainn aici tionchar mór a imirt ar thorthaí dóiteáin amach anseo trí bhíthin gníomhaíochtaí
oiriúnaithe bainistíochta talún agus trí bhíthin dearcadh feabhsaithe ar thaobh na n-úinéirí talún.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
55
Cás-Staidéar 9: An Ealaín agus an Eolaíocht a Nascadh Le
Chéile
Maidir le cuid mhór saincheisteanna nach mór don tsochaí déileáil leo, amhail athrú aeráide agus
oiriúnú i leith cúrsaí aeráide, éilíonn siad tacaíocht ón bpobal ach ní dócha go mbeidh tacaíocht le fáil
ón bpobal ach amháin i gcás ina bhfuil tuiscint fhorleathan ann faoi na saincheisteanna. Is minic a
bhíonn deacrachtaí ag eolaithe cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an bpobal i ndáil le
saincheisteanna casta amhail athrú aeráide. Is minic a dhéantar dearmad ar ról na healaíne mar
uirlis ar féidir í a úsáid chun míniú a thabhairt ar shaincheisteanna casta eolaíochta ach tá úsáid
bainte as an ealaín chun saincheisteanna a chur i láthair, chun tionchar a imirt ar dhaoine agus iad a
oiliúint, agus chun dúshlán paraidímí sochaíocha a thabhairt.
BLUEFISH
Is é atá in BLUEFISH ná tionscadal eolaíochta muirí atá dírithe ar thionchar ionchasach an athraithe
aeráide ar phobail cósta in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Comhpháirtíocht atá ann idir sé
eagraíocht in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag, lena n-áirítear Foras na Mara, Coláiste na hOllscoile,
Corcaigh, Bord Iascaigh Mhara, Ollscoil Bangor, Ollscoil Aberystwyth agus Ollscoil Swansea.
Ceann de thascanna thionscadal BLUEFISH ab ea taisteal ar fud na bpobal cósta in Éirinn agus sa
Bhreatain Bheag, is é sin, pobail atá tadhlach le Muir Éireann agus leis an Muir Cheilteach. Ba é ba
Róisín Curé (Éire) Márta 2019 Sceitseanna Dúigh agus Uiscedhath Ecosystem Goods and Services The Impacts of Climate Change
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
56
chuspóir dó sin ná dul i dteagmháil le pobail chósta chun a gcuid tuairimí faoi thábhacht an aigéin ina
ngnóthaí a bhailiú agus chun éisteacht lena n-ábhair imní i leith an athraithe aeráide agus i leith na
slí ina bhféadfadh sé difear a dhéanamh dá slite beatha. Baineadh úsáid as meán na healaíne chun a
gcuid gníomhaíochtaí laethúil a thaifeadadh, is é sin, raon leathan gníomhaíochtaí ina n-áirítear
iascaireacht, dobharshaothrú, fóillíocht, iompar, turasóireacht, fuinneamh in-athnuaite muirí. I rith
shamhradh na bliana 2018, tugadh cuairt ar phobail chósta sa Daingean i gContae Chiarraí, i nDún na
Séad, Contae Chorcaí, i gCé na Cille Móire, Contae Loch Garman, agus i mBinn Éadair, Contae Bhaile
Átha Cliath. I measc na bpobal cósta ar tugadh cuairt orthu áirítear Isle of Anglesea, Bamgor,
Pwllheli, New Quay, Milford Haven agus Pembrokeshire.
Ba í an t-ealaíontóir Gaillmheach, Róisín Curé, a chruthaigh na léaráidí uiscedhatha a lean as na
cuairteanna sin. Léiríonn siad amharc-thaifead de thábhacht an aigéin sna pobail chósta sin. Tugann
na tuairimí gaolmhara léiriú ar ábhair imní na bpobal sin maidir le hathrú aeráide agus maidir lena
thionchair ar shlite beatha na bpobal sin.
Arsa Roisin “Ba phribhléid dom é sceitseanna a dhéanamh de dhaoine a bhfuil a seiftiúlacht tar éis
aigéan a d’fhéadfadh a bheith naimhdeach a thiontú ina fhoinse ioncaim agus na sceitseanna sin a
dhéanamh ar láthair oibre na ndaoine sin. Tá súil agam go soláthróidh an tseiftiúlacht chéanna na
freagraí ar na dúshláin atá le sárú againn mar gheall ar éifeachtaí an athraithe aeráide.” Seo a
leanas cuid de na tuairimí a bailíodh sna pobail chósta in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag:
“Murach an t-aigéan ní bheadh slí bheatha againn:
is é an t-aon fhoinse ioncaim atá againn sa chuid tuaithe seo d’Éirinn.”
“Baineann an fharraige go dlúth lenár gcuid oibre. I ndeireadh na dála,
Imríonn athrú aeráide tionchar ar ghnó gach uile dhuine.“
“Baineann gach rud a dhéanaimid anseo leis an aigéan.“
“Ní dhéanamh mórán machnaimh faoi athrú aeráide.
Ní dóigh liom go n-athróidh sé ár ngnó fad a mhairfidh mise.”
“Tá ár n-aeráid tar éis a bheith as a riocht agus tá an geimhreadh ag maireachtáil níos faide
agus déanann sé sin dochar don ghnó. Ach rud dearfach dúinn a bhí sna samhraí níos deise.“
“I rith na 38 mbliana atá mise ag obair anseo,
b’fhéidir go mbeadh tuile ar an mbóthar dhá uair sa bhliain.
Anois, bíonn tuile ann i bhfad níos minice.”
“Tá an t-athrú ar an aimsir ag dul i gcion ar an síol diúilicín.
Tá fíorbheagán againn i mbliana.”
“I rith an tsamhraidh i mbliana, bhí sé chomh te sin
nach raibh aon uisce fágtha againn ar an mbád farantóireachta.
De ghnáth, tosaíonn na stoirmeacha ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair ach,
i mí Mheán Fómhair, b’éigean dúinn cealú a dhéanamh
faoi dhó mar gheall ar dhrochaimsir.“
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
57
Tá tionscnaimh eile ar siúl mar chuid de thionscadal BLUEFISH. Bainfear an saothar ealaíne a
éireoidh as sin chun an mhistéir a bhaint den eolaíocht chasta atá taobh thiar d’athrú aeráide agus
chun oiriúnú i leith athrú aeráide a chur chun cinn.
Tá tionscadal BLUEFIN á mhaoiniú trí Chlár Comhair Chríochaigh Eorpaigh (RTC) 2014-2020 na
hÉireann-na Breataine Bige. Is é is cuspóir don chlár muirí sin ná eagraíochtaí, gnóthaí agus pobail ar
chósta thiar na Breataine a chur i gceangal le pobail ar chósta thoir theas na hÉireann.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú
Gníomhartha atá ag teastáil:
• Leanúint de bheith i dteagmháil le pobail chósta maidir le luach éiceachóras folláin muirí ina slite beatha.
• An mhistéir a bhaint den choincheap a bhaineann le “earraí agus seirbhísí éiceachórais” agus le “hathrú aeráide” a mhéid a bhaineann leis an aigéan.
• Leanúint de bheith i dteagmháil le pobail chósta maidir leis na tionchair ionchasacha ar athrú aeráide.
Torthaí Dearfacha:
• Is ceart go méadódh torthaí na ngníomhartha sin an fheasacht agus an tuiscint i measc pobal
cósta ar luach aigéin fholláin ina slite beatha agus ar na tionchair ionchasacha atá ag athrú
aeráide.
• Maidir le cuid mhór saincheisteanna nach mór don tsochaí déileáil leo, amhail athrú aeráide
agus oiriúnú i leith cúrsaí aeráide, éilíonn siad tacaíocht ón bpobal ach ní dócha go mbeidh
tacaíocht le fáil ón bpobal ach amháin i gcás ina bhfuil tuiscint fhorleathan ann faoi na
saincheisteanna. Méadóidh BLUEFISH tuiscint pobal cósta ar thionchair an athraithe
aeráide.
Céimeanna ionchasacha maidir le hoiriúnú trí athléimneacht a chruthú:
• Chun aghaidh a thabhairt ar leochaileacht i leith athrú aeráide, ní mór go gcruthóidh córais
bhainistíochta deiseanna d’iascairí, d’fheirmeoirí éisc agus d’oibrithe san earnáil éisc chun
leanúint de bheith solúbtha agus de bheith in ann úsáid inbhuanaithe a bhaint as deiseanna
ilchineálacha slí beatha.
• Ní mór rannpháirtíocht ag na geallsealbhóirí go léir a bheith i gceist le sraitéisí maidir le
hoiriúnú i leith athrú aeráide.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
58
Cás-Staidéar 10: Aigéadú Aigéin
Baineann aigéadú aigéin (OA) le hathruithe ar cheimic sáile mar thoradh ar mhéaduithe ar thiúchan
an CO2 antrapaiginigh thuaslagtha (atá astaithe ag daoine) a ionsúitear ón atmaisféar. Tá méadú 26%
tagtha cheana féin ar aigéadacht aigéin ó bhí an tréimhse réamhthionsclaíoch ann agus táthar ag
réamh-mheas go mbeidh méadú 170% ann faoin mbliain 2100 má leanann astaíochtaí daonna CO2
de bheith ag méadú de réir a ráta reatha. De réir na treochta reatha i leith astaíochtaí CO2, is dócha
go mbeidh téamh agus aigéadú ina gcúis le hathruithe suntasacha ar ár n-éiceachórais mhuirí.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo
Is é a leanann as aigéadú, nó laghdú ar pH, ná deacracht níos mó maidir le sliogáin charbónáite
cailciam agus struchtúir thacaíochta a fhoirmiú i measc roinnt orgánach cailcitheach. Baineann
freagairtí orgánach muirí go sonrach le speicis éagsúla ach áiríonn siad cailciú laghdaithe, rátaí
laghdaithe deisiúcháin agus lagú ar struchtúir chailcithe in orgánaigh chailcitheacha amhail coiréil,
moilisc agus crústaigh.
Léiríonn an graf meán-pH
domhanda ar dhromchla an aigéin
ó 1850 go 2100, agus é bunaithe ar
mhúnlaí aeráide agus léiríonn sé
laghdú foriomlán thart ar 0.1
aonad pH (dath dubh).
Taispeántar réamh-mheastacháin
suas go dtí an bhliain 2100 i gcás
cúinsí astaíochtaí arda (dath
dearg) agus i gcás cúinsí ísle (dath
gorm)26.
Tá ról tábhachtach ag tionscal dobharshaothraithe sliogéisc na hÉireann i dtaca le geilleagar chósta
na hÉireann. D’fhéadfadh sliogiasc feirme a bhfuil tábhacht tráchtála ag baint leis amhail diúilicíní
agus oisrí a bheith i mbaol mar gheall ar OA agus mar gheall ar theochtaí méadaithe aigéin. Go
háirithe, tá na céimeanna larbhacha leochaileach agus, le blianta beaga anuas, bhí OA atá forleagtha
ar uiscí borrtha a raibh cion pH íseal iontu cheana féin ina chúis le hardleibhéal básmhaireachta i
ngorlanna oisrí in Iarthuaisceart Aigéan Ciúin na Stát Aontaithe. Tá gá le tuilleadh imscrúduithe chun
na himpleachtaí do dhobharshaothrú sliogéisc na hÉireann a chinneadh. Tá faireachán ar OA in uiscí
cósta casta ó tharla go n-imríonn cuid mhór spreagthóirí tionchar ar athruithe ar pH, lena n-áirítear
ionchuir ó aibhneacha (e.g. cothaithigh), gníomhaíocht bitheolaíochta, borradh agus, chomh maith
leis sin, astaíochtaí CO2.
26 Gatos et al. 2014
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
59
Is struchtúir dhomhain-uisce sceire iad coiréil fhionnuisce agus cothaíonn siad bithéagsúlacht
shaibhir agus atá an-tábhachtach i dtaca le hiascaigh de ach is struchtúir iad atá leochaileach i leith
OA go háirithe. Tá raon leathan de na struchtúir sin ann in Umar Rocal agus idirghníomhaíonn siad le
raon maiseanna uisce feadh imeall ilchríochach na hÉireann. Soláthraíonn limistéir Umar Rocal agus
Bhanc Porcupine saotharlann nádúrtha inar féidir staidéar a dhéanamh ar éifeachtaí OA ar
éiceachórais dhomhain-uisce coiréil.
Tá tuairiscí ann gur féidir le OA athrú a dhéanamh ar chórais chéadfacha agus ar iompraíocht éisc.
Chun measúnacht a dhéanamh ar threochtaí maidir le OA agus idirdhealú a dhéanamh idir athruithe
nádúrtha agus athruithe antrapaigineacha thar am, tá gá le faireachán ardchaighdeáin fadtéarma a
chur ar bun maidir leis an gcóras carbónáite in uiscí muirí. Soláthróidh sé sin faisnéis faoin tslí ina
bhfuil ár dtimpeallacht mhuirí ag athrú agus faoi na tionchair ionchasacha ar ár n-éiceachórais
mhuirí.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Beidh straitéisí éifeachtacha bainistíochta agus oiriúnaithe a bhaineann le haigéadú aigéin teoranta
mar gheall ar na bearnaí atá ann maidir lenár dtuiscint ar athraitheacht spásúil agus ama an charbóin
(arb é is cúis le OA) atá ann in uiscí muirí na hÉireann. Tá sé riachtanach clár faireacháin fadtéarma a
chur ar bun maidir le ceimic charbónáite muirí in uiscí ar chósta na hÉireann, in uiscí scairbhe na
hÉireann agus sna huiscí amach ón gcósta d’fhonn rianadh a dhéanamh ar na bunathruithe ar OA is
cúis leo agus d’fhonn leochaileacht éiceachóras áitiúil i leith na n-athruithe sin a chinneadh.
D’fhéadfadh sé go mbeidh bearta den sórt seo a leanas i gceist:
D’fhéadfadh sé go mbeidh bearta den sórt seo a leanas i gceist:
• Tacaíocht a thabhairt maidir le leanúint d’amshraith charbóin mhuirí ar fud Umar Rocal chun rátaí OA a chinneadh.
• Faireachán agus measúnacht a dhéanamh ar cheimic charbóin mhuirí, go háirithe in áiteanna atá gar do choiréil fhionnuisce feadh scairbh ilchríochach na hÉireann, in Umar Rocal agus i mBanc Porcupine.
• Tacaíocht a thabhairt chun leanúint den amshraith charbóin geimhridh in uiscí cósta na hÉireann chun athraitheacht ama pharaméadair OA a chinneadh agus chun idirdhealú a dhéanamh idir athruithe nádúrtha agus athruithe antrapaigineacha thar am.
• Líonra stáisiún faireacháin bunlíne fadtéarma a bhunú in uiscí cósta chun athruithe séasúracha agus athruithe ama a bhrath i gceimic charbónáite muirí d’fhonn faisnéis a sholáthar i dtaobh conas a d’fhéadfadh OA difear a dhéanamh d’éiceachórais mhuirí na hÉireann.
• Na huiscí cósta is lú agus is mó leochaileacht i leith OA amach anseo a shainaithint trí fhaireachán leanúnach a dhéanamh.
• Staidéir réamh-mheasa ar fhreagairtí speicis sliogéisc na hÉireann i leith OA amach anseo.
• As seo amach, a cheangal ar an réimse dobharshaothraithe sliogéisc cuntas a thabhairt ar leochaileacht ionchasach sa todhchaí.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
60
Torthaí Dearfacha:
• Tuiscint mhéadaithe ar scála agus ar athraitheacht OA in uiscí na hÉireann agus ar threochtaí
spásúla agus ama i gcás pharaiméadair OA.
• Tacair shonraí bunlíne maidir le paraiméadair OA i suíomhanna fáis sliogéisc chun an
bhagairt ionchasach ó OA amach anseo, ag céimeanna éagsúla den saolré, a chinneadh.
• Tacair shonraí bunlíne le haghaidh staidéir éiceachórais chun an bhagairt ionchasach ó
athruithe OA sa todhchaí a chinneadh.
• Thabharfadh amshraith fhadaithe faisnéis le haghaidh múnlaí réamh-mheasta aeráide i ndáil
le haigéadú agus athrú aeráide sa todhchaí.
Céimeanna ionchasacha maidir le hoiriúnú trí athléimneacht a chruthú:
• Laghdú a dhéanamh ar leochaileacht pobail atá ag brath ar dhobharshaothrú sliogéisc trí
chúinsí réamh-mheasta a úsáid ina n-áirítear sonraí a fhaightear ó fhaireachán leanúnach.
• Tá scrúdú á dhéanamh ar roinnt straitéisí oiriúnúcháin arb é is aidhm dóibh ceimic fholláin a
athbhunú in éiceachórais leochaileacha nó i láithreáin dobharshaothraithe e.g. dríodair i
mbeirtreacha sliogéisc a mhaolánú le min sliogáin, féar mara a shaothrú chun larbhaí in aice
láimhe a chosaint trí CO2 a ionsú, macra-algaí a bhaint in uiscí amach ón gcósta nó pórú
roghnaitheach speiceas áirithe sliogéisc a bhféadfadh seasmhacht níos fearr a bheith acu in
aghaidh pH íseal san uisce. Ach tá na straitéisí sin ag céim an-luath fós agus beidh siad ag
brath, a bheag nó a mhór, ar dhálaí áitiúla agus ar fhaireachán leanúnach agus ar thacair
shonraí mhéadaithe faoi pharaiméadair OA in áiteanna ina bhfuil éiceachórais leochaileacha.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
61
Cás-Staidéar 11: Planctóin Aigéin
Is é atá i bPlanctóin ná bailiúchán ilchineálach orgánach a bhíonn ar snámh sna haigéin agus is foinse
bia an-tábhachtach iad do chuid mhór speiceas ainmhithe lena n-áirítear iasc agus míolta móra. Is
plandaí micreascópacha iad Fíteaplanctóin agus áitíonn siad an ciseal uachtarach den aigéan. Trí
phróiseas na fótaisintéise, táirgeann siad comhdhúile orgánacha arb iad is bonn don slabhra bia
muirí. Is é atá i Zóplanctóin ná ainmhithe beaga planctónacha ar cuid thábhachtach den phobal
planctón iad agus áiríonn siad crústaigh agus eochraí agus larbhaí speiceas éisc. Ós rud é go bhfuil
cuid mhór speiceas zóplanctón tábhachtach ó thaobh innilt fíteaphlanctón de, is ionann iad agus an
chéad chéim den aistriú ábhair orgánaigh chuig speicis atá níos airde sa slabhra bua muirí.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo Beidh tionchair leitheadacha ag teocht mhéadaithe farraige agus ag aigéadú aigéin mar thoradh ar
aeráid athraitheach ar speicis phlanctónacha ag bun an tslabhra bia mhuirí. Tá zóplanctóin
leochaileach i leith athrú aeráide arb é is cúis leis ná athruithe ar theocht na sáile agus athruithe ar
shruthanna aigéin. Éifeacht chaolchúiseach atá i gceist le héifeacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh ar
phobail zóplanctón ach tá athruithe tagtha ar chomhdhéanamh, ar fhlúirse agus ar dháileadh na
bpobal sin sa réigiún sin. Maidir le gluaiseacht ó thuaidh crústach beag atá breathnaithe agus atá ag
tarlú de réir ráta 20 km sa bhliain, léiríonn sí gluaiseacht speiceas planctón uisce the agus teitheadh i
dtreo an mhoil thuaidh i gcás speiceas planctón uisce fhuair.
San Atlantach Thuaidh, breathnaíodh laghduithe ar
speicis thábhachtacha zóplanctón uisce fhuair (cópapód
Calanus finmarchicus) agus speiceas uisce the ag teacht
ina ionad (Calanus helgolandicus) i rith na tréimhse ó
earrach go deireadh an tsamhraidh. Bhí tionchar diúltach
aige sin ar throsc agus ar bhradán Atlantach a bhíonn ag
brath ar C. finmarchicus mar fhoinse thábhachtach bhia le
linn a n-óige. In uiscí na hÉireann, breathnaíodh athrú
chuig láithreacht a bhí ann roimhe seo i gcás C.
helgolandicus sa Mhuir Cheilteach agus chuig laghdú a bhí
ag tarlú roimhe seo i rith mhíonna an fhómhair agus an
gheimhridh idir na blianta 1960 agus 2006.
Ina theannta sin, tá céimeanna larbhacha orgánach muirí, lena n-áirítear speicis éisc, crústach agus
sliogéisc a bhfuil tábhacht eacnamaíochta acu, leochaileach i leith na héifeachtaí a ghabhann le
téamh na farraige mar thoradh ar athrú aeráide, i leith athruithe ar shruthanna cósta, i leith
suaiteachta agus i leith aigéadú mar thoradh ar leibhéal méadaithe CO2 san atmaisféar. Is féidir le
méideanna athraitheacha fíteaphlanctón agus le séasúracht blás éifeachtaí cascáideacha a bheith
acu ar fud an tslabhra bia, rud as a leanann ganntanas bia nó neamhréireacht shéasúrach creiche do
na larbhaí atá ag forbairt. Is féidir le horgánaigh mhuirí óga a leochaileach freisin i leith athruithe
Calanus finmarchius (Photo - Dag Altin
BioTrix)
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
62
teochta, salandachta agus pH agus d’fhéadfadh larbhaí a bheith íogair i leith teochtaí níos airde a
bhfuil na céimeanna aosacha in ann déileáil leo.
Is grúpa zóplanctón é smugairle róin agus tá sé an-solúbtha agus is féidir leis comhbhailiúcháin
mhóra a fhoirmiú mar fhreagairt ar dhálaí fabhracha timpeallachta amhail aimsir the nó flúirse
creiche. In uiscí uachtaracha i gceantair aigéin, tá nasc láidir bunaithe idir zóplanctóin gheilitíneacha
agus láithreacht cópapód. Sa bhliain 2015, i mBaile Átha Cliath, d’imir bláis ‘Smugairle
Leonmhongach’ tionchar ar an turasóireacht ar na tránna thart ar Bhaile Átha Cliath ós rud é go
raibh eagla ar dhaoine dul ag snámh san uisce; go háirithe, chuaigh an staid sin i gcion ar ‘snámh in
uisce oscailte’ mar chuid de thrí-atlain. I nGleann Arma, i dTuaisceart Éireann, scriosadh stoc iomlán
bradán feirme éisc, arbh fhiú £1 mhilliún é, mar thoradh ar shaithnín smugairle róin. D’fhéadfadh sé
gurb é is cúis le saithníní smugairle róin den sórt sin atá tuairiscithe ná athrú timpeallachta/aeráide
agus d’fhéadfadh sé gur luathfhreagairt éiceolaíochta iad i leith téamh aigéin.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Gníomhartha atá ag teastáil:
• Faireachán fadtéarma a chur i bhfeidhm maidir le hAthróga Aeráide Riachtanacha lena n-áirítear dáileadh zóplanctón agus séasúracht agus tacaíocht mhéadaithe a sholáthar do ghrúpaí taighde Éireannacha i réimse na héiceolaíochta zóplanctóin.
• Gníomhaíochtaí taighde zóplanctóin, de chineál struchtúrtha agus inbhuanaithe, a éascú trí chláir náisiúnta comhoibríocha ildisciplíneacha a chur i bhfeidhm le gur fearr an fhaisnéis a bheidh ar fáil maidir le ceapadh beartais agus cinnteoireacht.
• Páirt a ghlacadh i dtionscnaimh thaighde idirnáisiúnta maidir le zóplanctóin agus aeráid thar amscálaí deichbhliantúla d’fhonn na srianta a bhaineann le cláir agus tionscadail taighde gearrthéarma a shárú.
• Gabháil go gníomhach do ‘comhfhorbairt’ in éineacht le hearnálacha ar dóigh go ndéanfar dóibh, amhail dobharshaothú, iascaigh agus turasóireacht chun a chinntiú go n-oireann torthaí oibre do riachtanais na n-úsáideoirí deiridh sin.
Torthaí Dearfacha:
• Is ceart go gcabhródh torthaí na ngníomhartha sin linn freagairtí oiriúnaitheacha, de chineál
éifeachtach agus oirchilleach, a phleanáil le haghaidh an tionchair a bheidh ag dálaí
athraitheacha aeráide ar zóplanctóin mhuirí, ar tionchair iad atá dosheachanta anois nó
chun na tionchair atá inseachanta a thuar, agus ullmhúchán a dhéanamh ina leith, ar
bhealach níos fearr.
• I measc na dtairbhí socheacnamaíochta a bheidh ann áirítear tionchair dhiúltacha ar na
hearnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus turasóireachta a sheachaint agus an
acmhainneacht maidir le tairbhiú ó theacht isteach speiceas nua uisce the.
Céimeanna ionchasacha maidir le hoiriúnú trí athléimneacht a chruthú:
• Faisnéis a oireann do riachtanais úsáideoirí deiridh agus a fhaightear ó ghníomhaíochtaí
taighde a chur ar fáil ar mhaithe le deis a thabhairt do tionscal turasóireachta,
dobharshaothraithe agus iascaireachta ullmhúchán a dhéanamh, agus oiriúnú a dhéanamh
b’fhéidir, laistigh d’amscálaí éagsúla, i leith an tionchair a bheidh ag athruithe a éiríonn as
pobail athraithe zóplanctón.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
63
• Imscrúdú a dhéanamh faoin acmhainneacht amach anseo i ndáil le speicis éisc agus sliogéisc
a d’fhéadfadh ionad an stoic atá ann faoi láthair a ghlacadh.
• Tá sé ráite ag an FAO le déanaí go mbeidh ar thíortha agus ar phobail oiriúnú a dhéanamh
don éiginnteacht, don chastacht agus do na rioscaí a bhaineann le hathrú aeráide le linn
dóibh a bheith ag gabháil do bhainistíocht agus do rialachas iascaigh agus
dobharshaothraithe agus a mhéid a bhaineann le margaí agus le slite beatha sa réimse
iascaigh agus dobharshaothraithe. Is ionann an t-oiriúnú sin agus “próiseas coigeartúcháin i
ndáil le córais éiceolaíochta, sóisialta nó eacnamaíochta i leith dálaí aeráide iarbhír, nó dálaí
a cheaptar a bheidh ann, agus i ndáil le héifeachtaí an méid sin” ina n-áirítear gníomhartha
trína ndéantar modhnú, trína seachnaítear díobháil nó trína saothraítear deiseanna
tairbhiúla.
• Imscrúduithe maidir le díobhálacha do dhaoine agus d’orgánaigh mhuirí eile a sheachaint, is
é sin le rá, díobhálacha a dhéanann zóplanctóin gheilitíneacha chailgeacha e.g. smugairle
róin.
• Imscrúdú a dhéanamh maidir le hacmhainneacht dobharshaothraithe speiceas éagsúil éisc
agus sliogéisc a d’fhéadfadh déanamh níos fearr i láthair pobail athraithe zóplanctón.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
64
Cás-Staidéar 12: Bonneagar Bia Mara
Baintear úsáid fhorleathan as cósta na hÉireann, agus is limistéar an-ghníomhach é i dtaca le cúrsaí
eacnamaíochta de, agus is limistéar é ina bhfuil cuid mhór tionscal ardtosaíochta lonnaithe amhail
dobharshaothrú, iascaigh agus turasóireacht. De réir na bhfigiúirí ó Dhaonáireamh 2016, tá cónaí ar
thuairim is 1.9 milliún duine, nó 40% den daonra, laistigh de 5km ón gcósta.
B’fhiú €1.25 billiún earnáil bhia mara na hÉireann sa bhliain 2018. Cothaíonn sí inmharthanacht
eacnamaíochta cuid mhór pobal tuaithe feadh an chósta agus, san iomlán, déanann sí tuairim is
14,000 post (fostaíocht dhíreach agus fostaíocht neamhdhíreach) a ghiniúint go díreach nó tacaíonn
sí leo. Faigheann an earnáil tacaíocht ó bhonneagar amhail na sé Lárionad Cuain Iascaigh (FHC)
ainmnithe agus céanna beaga agus cuain bheaga de chuid údarás áitiúil feadh chósta na hÉireann. Tá
pobail tuaithe feadh an chósta ag brath go mór ar an mbonneagar cósta sin ar mhaithe le rochtain
agus taitneamhacht agus, chomh maith leis sin, mar mhodh chun a mbeatha a shaothrú.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo Téann teagmhais amhail stoirmeacha, borradh stoirme agus tuiliú i bhfeidhm ar ár gcósta agus is
dócha go n-éireoidh teagmhais den sórt sin níos foircní mar thoradh ar aeráid athraitheach agus go
mbeidh siad níos measa mar thoradh ar ardú leibhéal na farraige. Ós rud é gur dóigh go mbeidh
méadú ar an líon teagmhas foircneach stoirme, mar aon le hardú leibhéal na farraige a bheith ann, tá
méadú le teacht ar mhinicíocht teagmhais den chineál a tharla i ngeimhreadh 2013-14, arbh é an
geimhreadh is stoirmiúla dár taifeadadh riamh in Éirinn, agus tá tionchar suntasach le bheith acu ar
an mbonneagar agus ar ár bpobail chósta.
Sa chomhthéacs sin, is léir nach mór don tír bearta a dhéanamh chun a hathléimneacht in aghaidh
thionchair dhóchúla an athraithe aeráide, go háirithe i limistéir chósta atá an-leochaileach agus lena
ngabhann tábhacht ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de.
FHC Bhaile Chaisleáin Bhéarra agus muirmhúrtha beartaithe chun feabhas a chur ar fhoscadh i bhfianaise aeráid athraitheach.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
65
Is dócha go n-imreofar tionchar mór ar an earnáil bhia mara má thagann aon athrú ar an
timpeallacht naimhdeach ina n-oibríonn an tionscal iascaigh agus dobharshaothraithe. Bíonn
teagmhais fhoircneacha ina gcúis le damáiste do bhonneagar bia mara amhail cuain bheaga agus
lamairní, struchtúir dobharshaothraithe amhail locaí éisc, deacrachtaí maidir le fómhar, riosca
méadaithe maidir le héalú éisc feirme isteach sna daonraí fiáine agus fadhbanna rochtana, mar aon
le méadú eile ar an riosca dóibh siúd a oibríonn sna hearnálacha seo.
D’fhéadfadh aimsir fhoircneach a bheith ina cúis le cosc a chur ar shoithí beaga iascaireachta ó oibriú
ar feadh cuid mhór den bhliain nó ina cúis le damáiste le linn a bheith sa chalafort rud a leanfadh
cailleadh ioncaim as. D’fhéadfadh ardú leibhéal na farraige difear a dhéanamh d’inoibritheacht cuan
agus d’oiriúnacht roinnt réigiún cósta i gcomhair dobharshaothrú idirthaoideach. Is féidir le
hathruithe ar phátrúin bháistí agus le báisteach fhoircneach tionchar a imirt ar shaoráidí
dobharshaothraithe intíre a sholáthraíonn stoc óg don earnáil dobharshaothraithe mhuirí agus is
féidir léi a bheith ina cúis le dríodrú méadaithe agus le sioltachán i gcuanta dá bharr sin.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú
Gníomhartha atá ag teastáil:
• Forbairt a dhéanamh ar chóras comhtháite breathnóireachta aigéin chun sonraí fíorama a sholáthar ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí loingseoireachta agus tráchtála, ar mhaithe le réamh-mheastacháin ar thaoidí, ar mhaithe le rabhadh tuile a thabhairt agus ar mhaithe le sonraí fadtéarma faoi athraitheacht leibhéal na farraige a sholáthar, lena n-áirítear cumas cianbhraite chun tacú leis an mbonneagar breathnóireachta, agus é a leathnú, agus breathnóireacht áitiúil in-situ a leathnú de réir scála imchuach.
• Múnla ardtaifigh tonnta cósta a fhorbairt i ndáil le huiscí uile na hÉireann chun réamhaisnéisí níos cruinne a thabhairt de réir raon amscálaí agus cumas náisiúnta réamhaisnéisithe tuile a bhunú agus a chinntiú go bhfuil córas rabhaidh agus cosanta ann do phobail chósta agus do bhonneagar dobharshaothraithe.
• A chinntiú go ndéantar tionchair an athraithe aeráide a chur san áireamh le linn iarratais ar mhaoiniúcháin poiblí le haghaidh tionscadail a bhaineann le bia mara, agus go ndéantar breithniú ar ardú leibhéal na farraige, at thonnta níos airde, ar fhórsaí agus ar bhorradh stoirme.
• A chinntiú go bhfuil an bonneagar bia mara go léir, lena n-áirítear cuanta, céanna, agus saoráidí dobharshaothraithe mhuirí agus intíre in ann déileáil le hathrú aeráide a tharlaíonn de réir a chéile agus le teagmhais fhoircneacha aimsire trí fheasacht a mhéadú agus trína chinntiú go ndéantar saoráidí a dhearadh agus a chothabháil go dóthanach.
• Clár/bunachar sonraí faoin imeachtaí nó teagmhais atá bainteach le hAthrú Aeráide a fhorbairt le haghaidh Bonneagar Bia Mara, lena n-áirítear damáiste stoirme, tuiliú agus imeachtaí atá bainteach le dobharshaothrú le gur féidir ceapadh beartais eolasach agus cinnteoireacht eolasach a dhéanamh.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
66
Torthaí Dearfacha:
• Cosaint níos fearr do shaoránaigh, don bhonneagar náisiúnta agus do thionscail atá
tábhachtach ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de.
• Bonneagar Feabhsaithe don Tionscal Bia Mara a bheith ann chun déileáil le dúshláin amach
anseo i dtaca le hathrú aeráide.
• Trí dhul chun cinn a dhéanamh maidir le breathnóireacht agus faireachán, beifear in ann
pleanáil níos eolasaí maidir le tionchair agus oiriúnúchán a dhéanamh do na hearnálacha
agus do na húsáideoirí lena mbaineann an riosca is mó.
• Soláthar feabhsaithe faisnéise ardchaighdeáin chun ceapadh beartais agus cinnteoireacht
éifeachtach a spreagadh, rud a laghdóidh an tionchar eacnamaíochta agus sóisialta a bheidh
ag teagmhais fhoircneacha agus ag athruithe de chineál níos fadtéarmaí.
• Mar thoradh ar chumas feabhsaithe breathnóireachta agus réamhaisnéisithe laistigh de
líonra náisiúnta comhordaithe, laghdófar an tionchar eacnamaíochta agus sóisialta a bheidh
ag teagmhais fhoircneacha amhail borradh stoirme agus tuiliú cósta.
• Rannchuidiú leantach le breathnóireacht agus múnlú aeráide ar bhonn idirnáisiúnta.
Céimeanna ionchasacha maidir le hoiriúnú trí athléimneacht a chruthú:
• Ceapadh beartais agus cinnteoireacht eolasach ardchaighdeáin, agus iad bunaithe ar
fhianaise, mar aon le pleanáil maidir le tionchair agus oiriúnúchán, ar nithe iad sin a
chomhfhorbrófar, thar raon amscálaí, in éineacht le húsáideoirí deiridh agus geallsealbhóirí
iomchuí.
• Tiomantas i leith bonneagar breathnóireachta agus faireacháin, de chineál leantach
forbraíoch, chun tacaíocht a thabhairt do phleanáil éifeachtach maidir le tionchair agus
oiriúnúchán.
• Comhordú idir na Ranna, na gníomhaireachtaí stáit agus na húdaráis áitiúla iomchuí go léir
agus na geallsealbhóirí eile chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a ghabhann le haeráid
athraitheach in uiscí cósta na hÉireann.
• Plé agus comhoibriú a chur chun cinn i measc úinéirí agus úsáideoirí Bonneagair Bia Mara trí
bhíthin fóram amhail Fóraim Úsáideoirí Cuanta, Córais Áitiúla Chomhordaithe Bainistíochta
Dobharshaothraithe (CLAMS) agus ceardlanna tionscail le gur féidir gníomhartha
oiriúnúcháin a fhorbairt.
• Caidreamh agus comhfhorbairt níos fearr i ndáil le pleananna oiriúcháin bia mara, agus iad
bunaithe ar riachtanais, agus an méid sin a bhaint amach in éineacht le húsáideoirí agus le
geallsealbhóirí atá i mbaol mar gheall ar thionchair an athraithe aeráide.
• Caidreamh gníomhach leis an bpobal Eorpach agus leis an bpobal forleathan idirnáisiúnta ar
mhaithe le faisnéis a mhalartú, cumas a mhéadú agus rannchuidiú le spriocanna domhanda
maidir le faireachán ar athrú aeráide. Beidh sé sin ina chabhair freisin maidir le huasmhéadú
na hinfheistíochta náisiúnta sa réimse seo.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
67
Cás-Staidéar 13: Curaíocht
Is tír bheostoic í Éire den chuid is mó agus talamh féaraigh atá ann i gcás 82% den limistéar
talmhaíochta. Sa bhliain 2017, baineadh úsáid as 270,000 heicteár i gcomhair gránach agus is ionann
an t-achar sin agus tuairim is 6% den achar iomlán talmhaíochta. D’ainneoin an t-achar measartha
beag sin, tá an churaíocht ina chuid thábhachtach d’earnáil agrtai0bhia na hÉireann fós agus is
soláthraí tábhachtach í dtaca leis na hearnálacha bia ainmhithe, bia agus deochanna. Ina theannta
sin, tá an earnáil ina foinse thábhachtach féir do na tionscail bheostoic agus mhuisiriún agus, chomh
maith leis sin, baineann earnáil mhodhúil síolta léi ach is earnáil thábhachtach í sin.
Is féidir le dálaí aimsire tionchar a imirt ar chórais churaíochta, rud a léiríodh go soiléir sa bhliain
2018 nuair a cuireadh dátaí curtha síl siar mar gheall ar an Earrach déanach agus, i gcuid mhór
cásanna, nuair nach raibh deis ar fáil chun síol barr áirithe a chur. D’imir an tréimhse thriomaigh ina
dhiaidh sin tionchar an-mhór ar tháirgeacht gráin agus féir, go háirithe i dtaca le barra Earraigh de. Is
ionann na teagmhais fhoircneacha aimsire sin a bhí ann sa bhliain 2018 agus léiriú soiléir ar na
tionchair a bheidh ag teagmhais fhoircneacha aimsire amach anseo mar thoradh ar athrú aeráide
agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith á imirt ar tháirgeacht agus, dá bhrí sin, ar
bhrabúsacht/inmharthanacht na hearnála. Cé go bhfuil bagairtí ann don earnáil tá deiseanna ann
freisin amhail fás conarthach barr i measc feirmeoirí agus feirmeoirí déiríochta, amhail grán buí,
chun tairbhe don dá pháirtí. Is deis í amach anseo an acmhainneacht maidir le barra nua a thabhairt
isteach nó méadú a dhéanamh ar na hachair ina bhfástar barra áirithe faoi láthair.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo A mhéid a bhaineann le teochtaí foircneacha agus brothall, táthar ag réamh-mheas go dtiocfaidh
méadú ar an téamh agus gur méadú ó 0.7°C go 2°C a bheidh ann i gcás na dteochtaí is airde laethúla
sa 5% is teo de theochtaí uasta laethúla samhraidh i dtaca leis an gcúinse astaíochtaí meánacha-ísle
agus ó 1.3°C go 2.6°C i dtaca leis an gcúinse astaíochtaí arda. Táthar ag réamh-mheas go mbeidh
méadú mór ar an líon tréimhsí tirime i rith an tsamhraidh (5 lá i ndiaidh a chéile ar a laghad ar lena
linn a bheidh an fhrasaíocht laethúil níos lú ná 1mm) faoi lár an chéid, is é sin, méadú sa raon ó 12%
go 14%. Maidir le báisteach, ceaptar go mbeidh méadú 14% ann i ndáil le frasaíocht gheimhridh agus
go mbeidh laghdú 20% ann i ndáil le frasaíocht samhraidh. Ach tiocfaidh laghdú ar an líon teagmhas
foircneach stoirme sa gheimhreadh cé go bhfuiltear ag réamh-mheas go n-éireoidh siad níos déine.
Feirmeoirí Curaíochta 27
27 https://www.independent.ie/business/farming/teagasc-urge-tillage-farmers-to-consider-machinery-partnerships-34227102.html
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
68
Sa bhliain 2018, is é a lean as tionchar na dteagmhas foircneach aimsire ná laghdú mór ar tháirgeadh
gránach, is é sin, laghdú 23% mar thoradh ar achar laghdaithe na mbarr agus ar tháirgeacht
laghdaithe. Rinneadh dochar mór do tháirgeacht gráin earraigh mar thoradh ar shíolta a chur go
déanach agus, go háirithe, mar thoradh ar thriomach ar fud an tséasúir fáis. Rinneadh dochar do
tháirgeacht féir freisin i dtaca le barra earraigh. Is féidir déileáil le teagmhais den sórt sin trí úsáid a
bhaint as cineálacha níos doichte chun déileáil le tréimhsí fada triomaigh agus trí saintréithe
fulaingtheachta triomaigh a thabhairt isteach i gcineálacha nua a éiríonn as cláir phóraithe plandaí.
De bhreis air sin, má bhíonn tráthanna curtha síolta níos giorra nó níos déanaí ann beidh gá le
hinnealra aschuir mhóir (lena n-áirítear íoschuraíocht, b’fhéidir, chun laghdú a dhéanamh ar
oibríochtaí páirce agus, ar an dóigh sin, méadú a dhéanamh ar an acmhainn ó thaobh cur síolta de) -
chun síolta barr a chur le linn dálaí maithe.
Faoi láthair, soláthraíonn an earnáil churaíochta tuairim is 40% de na hamhábhair a úsáidtear san
earnáil bhia ainmhithe i ngnáthbhliain (gan an bhliain 2018) a áireamh. Tá tionchar mór ag éifeacht
táirgeachta ísle ar ioncam agus ar bhrabúsacht táirgeoirí príomhúla go háirithe i gcomhthéacs na
hardtáirgeachta leanúnaí sna príomhréigiúin táirgthe gráin ar fud an domhain agus imríonn sé sin
tionchar diúltach ar Fhásóirí Éireannacha. De bhreis air sin, d’fhéadfadh sé tarlú, mar thoradh ar
theagmhais fhoircneacha den sórt sin, nach mbeadh táirgeoirí príomhúla a chuireann soláthairtí ar
fáil sna margaí nideoige ardluacha, amhail eorna bhraiche, in ann a gcuid sonraíochtaí a
chomhlíonadh de réir mar a tharla maidir le cuid den bharr in Éirinn sa bhliain 2018.
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Beidh sé tábhachtach bearta oiriúnúcháin a shainaithint a thabharfaidh aghaidh ar chuid de na
rioscaí atá sainaitheanta.
Áiríodh an méid seo a leanas i measc na ngníomhartha:
• Maidir le haeráid na hÉireann a cheaptar a bheidh ann, meastar go mbeidh sí comhchosúil le
haeráid reatha Oirdheisceart Shasana agus Iarthuaisceart na Fraince agus, dá bhrí sin, is
féidir cuid mhór ceachtanna a fhoghlaim ó chleachtais reatha sna limistéir sin agus na
cleachtais sin a oiriúnú i leith dhálaí na hÉireann.
• I gcás ina bhfuiltear ag réamh-mheas go n-imreofar tionchar diúltach ar fhás féir, aistriú na
talún ar a bhfuil féar faoi láthair chuig gránaigh agus chuig barra eile ar féidir leo déileáil le
triomach ar bhealach níos fearr.
• Tá gá le faireachán leantach maidir le lotnaidí, galair agus fiailí nua ar bagairt iad ach
d’fhéadfadh sé nach saincheist iad a thuilleadh roinnt lotnaidí, galar agus fiailí atá ann
cheana.
• Trialacha leanúnacha maidir le Luach le haghaidh Saothrú agus Úsáide (VCU) atá déanta ag
DAFM thar thréimhse 3 bliana chun cineálacha láidre a shainaithint ag a bhfuil an cumas
chun déileáil le hathrú aeráide foircneach.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
69
• Infheistíocht i dtaighde amhail VICCI (Ionad Fíorúil na hÉireann le haghaidh Feabhsú Barr)
chun saintréithe a mheastar a bheith fíorthábhachtach le linn déileáil le dúshláin a
bhaineann le hathrú aeráide amach anseo a shainaithint i ngéinitic speiceas éagsúil. Ina
dhiaidh sin, cuirfear na saintréithe sin in iúl do chuideachtaí pórúcháin atá lonnaithe thar
lear le go mbainfidh siad úsáid as an bhfaisnéis sin le linn cineálacha nua a oireann d’Aeráid
na hÉireann a phórú.
• Infheistíocht leantach i dTaighde agus in Aistriú Eolais agus béim á leagan ar bhearta chun
cur i gcoinne na ndúshlán a bhaineann le hathrú aeráide e.g. úsáid a bhaint as
barra/cineálacha barr oiriúnaithe, fearachas barr, uisciú Bainistíocht Chomhtháite Lotnaidí
(IPM), innealra le haghaidh aschur méadaithe, cosc ar chreimeadh ithreach agus éagsúlú
méadaithe barr chun an riosca a leathadh thar réimsí éagsúla.
• Straitéisí eile maidir le bainistíocht riosca a fhorbairt, lena n-áirítear scéimeanna árachais
shaorálaigh faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CAP).
• I measc na ndeiseanna atá ann áirítear acmhainneacht mhéadaithe maidir le hachair
mhéadaithe i leith barr nach bhfuil ach méid beag díobh ann amhail Piseanna agus Grán Buí,
go háirithe i limistéir gheografacha nach n-oireann do na barra sin faoi láthair ó thaobh
cúrsaí aeráide nó tráchtála de.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
70
Cás-Staidéar 14: Uisce i gcomhthéacs na Talmhaíochta
Ina gcáil mar choimeádaithe na timpeallachta, tá ról bunúsach ag pobail feirmeoireachta in Éirinn
maidir le timpeallacht fholláin a áirithiú atá in ann a gcuid gníomhaíochtaí eacnamaíochta a chothú.
De bharr thábhacht na talmhaíochta sa gheilleagar náisiúnta, rannchuidíonn sí go suntasach le
hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG-anna). Dá bhrí sin, tá an earnáil ina hiomláine, agus go háirithe
na hearnálacha beostoic agus foraoiseachta, ag obair chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a
imríonn siad ar athrú aeráide agus, ag an am céanna, tá siad ag forbairt uirlisí chun oiriúnú a
dhéanamh i leith athrú aeráide. Is ábhar imní iad acmhainní uisce nuair a bhíonn gach gné den athrú
aeráide á bplé, idir phlé faoi chúiseanna agus phlé faoi éifeachtaí, agus tá tábhacht ar leith ag gabháil
le hacmhainní uisce i gcomhthéacs na talmhaíochta in Éirinn. Tá bearta maolúcháin taighde-
bhunaithe á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm go leanúnach. Sa doiciméad seo, tá an plé dírithe ar
an dúshlán a chruthaíonn athrú aeráide d’acmhainní uisce sna hearnálacha talmhaíochta agus
foraoiseachta.
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo Ar bhonn domhanda, déanann athruithe ar phátrúin aimsire difear díreach agus difear
neamhdhíreach d’acmhainní uisce. Le blianta beaga anuas, tá tréimhsí fada triomaigh, tuilithe,
teochtaí foircneacha agus aimsire foircní, agus tréimhsí níos minice den sórt sin, tar éis a bheith ann
in Éirinn agus tá tionchar mór imeartha acu ar shaol agus ar shlí bheatha na ndaoine i gceantair
thuaithe in Éirinn.
Má ghlactar na teagmhais fhoircneacha aimsire sa bhliain 2018 mar shampla, is léir an raon
teagmhas foircneach atá ann agus ar gá leibhéal áirithe oiriúnúcháin don todhchaí ina leith. Chuir an
samhradh fada a bhí an fhada srian mór ar sholáthairtí uisce ar fud na tíre agus, dá bharr sin, bhí ar
fheirmeoirí foinsí malartacha uisce a lorg don bheostoc agus do ghníomhaíochtaí ar an bhfeirm.
Áiríodh na nithe seo a leanas i measc éifeachtaí suntasacha eile na tréimhse teo sin: strusanna
d’ainmhithe agus brú ó ghalair, infhaighteacht uisce i roinnt cásanna, cuireadh sábháilteacht feirme i
mbaol, ganntanais farae, deacrachtaí maidir le comhlíonadh Threoir an AE maidir le Níotráití ó
thaobh stóráil sciodair agus leathadh sciodair de, brúnna maidir le huisciú, agus athruithe ar
cháilíocht na hithreach.
Ní mór go mbeidh acmhainneacht ‘ar an bhfeirm’ maidir le huisce sábháilte a fhoinsiú, a stóráil agus
a chur ar fáil ar an bhfeirm ina cuid dhílis de phleanáil bhainistíochta. Ní mór stóráil sciodair a
athmheas i leith acmhainneachta le linn teagmhais fhoircneacha aimsire. Is gá bainistíocht uisce, ar
leibhéal náisiúnta/réigiúnach/áitiúil a chomhtháthú tuilleadh i gcomhthéacs bearta fisiciúla agus
bearta lóistíochtúla oiriúnúcháin i leith uisce sa réimse talmhaíochta le linn teagmhais triomaigh
agus teagmhais tuilithe araon.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
71
Céimeanna i gcomhair Athléimneacht a Bhunú Is léir go bhfuil gá le plean comhoibríoch, comhleanúnach oiriúnúcháin chun íoslaghdú a dhéanamh
ar shuaitheadh ar aschur ó na hearnálacha talmhaíochta agus foraoiseachta agus, ag an am céanna,
chun caighdeáin timpeallachta a bhaint amach.
D’fhéadfadh sé go mbeidh na nithe seo a leanas ann i measc na ngníomhartha:
• D’fhéadfadh sé tarlú go ndéanfaidh teagmhais fhoircneacha aimsire fritháireamh, a bheag
nó a mhór, ar thiúchana bunlíne cothaitheach, go laghdóidh siad ualaí cothaitheach agus go
n-athróidh siad an cineál riosca ó thaobh cailleadh cothaitheach. Maidir le straitéisí a
bhaineann le cailleadh cothaitheach a mhaolú, ní mór breithniú a dhéanamh iontu i dtaobh
éifeachtaí athruithe aeráide fadtéarma agus éifeachtaí teagmhas foircneach aimsire araon.
Beidh bearta spriocdhírithe maolúcháin nó oiriúnúcháin agus aistriú eolais tábhachtach i
ndáil le cuid de na dúshláin a shárú.
• Tacaíonn DAFM le scéimeanna amhail Clár na nAbhantrach Talmhaíochta (ACP), Maoláin
Chliste do chriosanna bruachánacha, an Scéim Dearbhaithe Déiríochta Inbhuanaithe agus an
Clár Tacaíochta agus Comhairle maidir le hInbhuanaitheacht Talmhaíochta (ASSAP), ar
scéimeanna iad a bhfuil sé mar aidhm acu acmhainní uisce a chosaint agus feabhas a chur
orthu. Is tionscnamh é an ASSAP atá á mhaoiniú ag DAFM agus ag DHLG, le tacaíocht ón
tionscal déiríochta, agus fostóidh sé 30 Comhairleoir chun bheith ag obair laistigh de
struchtúr aontaithe comhpháirtíochta ina gcuimsítear Teagasc, Comharchumainn agus
LAWCO - Oifig Uiscí agus Pobal na nÚdarás Áitiúil. Beidh na Comhairleoirí Inbhuanaitheachta
nua réamhghníomhach maidir le comhairle a thabhairt agus oibreoidh siad i gcomhar le
feirmeoirí chun cáilíocht uisce a chosaint agus a fheabhsú. Bainfear úsáid as faisnéis a
gheofar ó thorthaí agus ó mholtaí na scéimeanna sin le linn cinntí a dhéanamh maidir le
gníomhaíochtaí talmhaíochta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar cháilíocht uisce. Ní mór na
cinntí sin agus na bearta timpeallachta a éiríonn astu a úsáid ansin chun faisnéis a chur ar fáil
le haghaidh bearta maolúcháin chun an acmhainn fhíorthábhachtach a áirithiú.
• Tá ról tábhachtach ag foraoisí sa réimse seo freisin. Is féidir le maoin atá suite agus atá á
bainistiú gar d’fhoraoisí ról a bheith aici maidir le cáilíocht uisce agus éiceachórais uisceacha
a chosaint agus a fheabhsú trí raon seirbhísí éiceachórais a bhaineann le huisce a sholáthar
ach ní mór straitéisí oiriúnaithe den sórt sin phleanáil agus a ailíniú go soiléir.
ASSAP – An Clár Tacaíochta agus Comhairle maidir le hInbhuanaitheacht Talmhaíochta 28
28 https://www.teagasc.ie/environment/water-quality/farming-for-water-quality-assap/assap-in-detail/
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
72
Cás-Staidéar 15: Gaothstoitheadh agus Foraoisí
Cuireadh Tascfhórsa Náisiúnta maidir le Gaothstoitheadh ar bun tar éis Stoirm Darwin i bhFeabhra
2014. Ba é a bhí i gcuid d’obair an Tascfhórsa ná measúnacht ghasta a dhéanamh ar an damáiste a
rinne an ghaoth d’fhoraoisí na hÉireann ar fud eastát na hearnála (idir phoiblí agus phríobháideach).
Roghnaíodh buíon satailítí RapidEye chun sonraí íomhá iarstoirme a fháil ós rud é gurbh é an fhoinse
sonraí ab éifeachtaí agus ba sholúbtha é chun mapáil a dhéanamh ar fhairsinge spásúil an damáiste a
rinne an ghaoth i bhforaoisí na hÉireann (idir phoiblí agus phríobháideach). Rinneadh anailís ar na
sonraí íomhá satailíte trí úsáid a bhaint as aicmiú maoirsithe. Mar thoradh ar an léarscáil digiteach
damáiste gaoithe a gineadh tríd an mbuíon satailítí taispeánadh úsáid éifeachtach cianbhraiteachta i
ndáil le bailiú sonraí faoi dhamáiste a bhí déanta ag gaothstoitheadh in Éirinn. Laistigh de 8
seachtaine ón tráth ar
soláthraíodh na sonraí,
cinneadh go ndearnadh os
cionn 8,000 ha d’fhoraoisí
a dhamáistiú mar thoradh
ar an stoirm, lena n-
áirítear 6,000 ha
d’fhoraoisí stáit a bhí á
mbainistiú ag Coillte
Teoranta agus 2,000 ha
eile a bhí faoi úinéireacht
phríobháideach.
Dáileadh an
damáiste a
rinneadh don
eastát foraoisí
mar thoradh ar
Stoirm Darwin,
Feabhra 201429
29https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/forestry/forestservicegeneralinformation/Annual%20Forest%2
0Sector%20Statistics%202014.pdf
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
73
Tionchar na Réamh-Mheastachán maidir le hAthrú Aeráide Amach Anseo Le blianta beaga anuas, bhí roinnt mórtheagmhas stoirme ann agus bhí foraoisí agus crainn
leochaileach i leith thionchar na stoirmeacha sin. Ní bhíonn méid an damáiste gaoithe ag brath ar
bhuaicluais na gaoithe ach bíonn sé ag brath freisin ar an aimsir a bhí ann roimh an ngaoth. Is dócha
gurb amhlaidh, mar gheall ar an méadú ar theagmhais fhoircneacha báistí agus ar dhéine
stoirmeacha geimhridh a bhfuil baint acu le hathrú aeráide, go dtiocfaidh méadú ar theagmhais ina
dtarlóidh gaothstoitheadh, go háirithe de réir mar a théann an t-eastát príobháideach in aibíocht in
Éirinn. Mar thoradh ar mhéadú ar thalamh bháite agus ar thanú moillithe agus ar chleachtais
mhíchuí tanúcháin (imill dhonna a chur san áireamh i gcomhar cruachadh adhmaid, d’fhéadfadh sé
go méadófar an riosca maidir le damáiste d’fhoraoisí. Is nithe tábhachtach iad freisin an speiceas
crainn, an cineál ithreach agus an draenáil le linn leochaileacht i leith damáiste gaoithe a chinneadh.
Tá aird tarraingthe air sin i gcomparáid a rinneadh idir tionchair dhá stoirm a bhí ann le déanaí, is é
sin le rá, Stoirm Ophelia i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus Stoirm Darwin i mí na Nollag 2014. Cé gur
taifeadadh luais uasta gaoithe den tsamhail chéanna, bhí dhá sheachtain de bháisteach throm ann
roimh Darwin, mar aon le gaotha ardluais ar an meán. Is féidir le dálaí den sórt sin fréamhacha
crainn a lagú agus foraoisí a chur sa riocht go bhfuil siad leochaileach i leith gaothstoitheadh agus
bheadh na dálaí sin ina gcuid den chúis leis an damáiste a rinneadh i rith na stoirme in achar
suntasach den fhoraois. Os a choinne sin, ní raibh ach méid teoranta baistí ann roimh stoirm Ophelia
agus b’ionann an aimsir bhog an tráth sin agus tráthú an teagmhais agus a rá go raibh duilleoga ar
chuid mhór crann leathandhuilleach fós rud a d’fhág gur leithne an t-achar a raibh an ghaoth ag
séideadh ina aghaidh. De réir na fianaise starógaí atá ann, is é a lean as sin ná gur leagadh crainn
leathanduilleacha de chineál níos aibí, lena n-áirítear crainn i gceantair uirbeacha.
Céimeanna i gcomhair athléimneacht a bhunú Tá maoiniúchán tugtha ag DAFM le haghaidh múnla i leith Gaothstoitheadh d’Éirinn agus le haghaidh
roinnt tionscadal taighde trínar soláthraíodh faisnéis d’úinéirí foraoise maidir le bainistíocht a
dhéanamh ar an riosca go dtarlóidh gaothstoitheadh. Mar shampla, leagann Ní Dhubháin & Farrelly
(2018)30 amach raon
gníomhartha ar féidir
iad a chur i gcrích chun
laghdú a dhéanamh ar
an riosca go dtarlóidh
gaothstoitheadh.
Áiríonn siad sin
straitéisí bainistíochta
ina gcuimsítear
pleanáil chuí foraoise,
saothrú, bunú,
tanú/spásáil agus faid
oiriúnacha uainíochta.
30 http://www.coford.ie/media/coford/content/publications/2018/SM23ManagingWindthrow160418.pdf
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
74
AGUISÍN II - PLEAN FORFHEIDHMIÚCHÁIN MAIDIR LE
hOIRIÚNÚ
Gníomh 1: Pleanáil oiriúnúcháin i leith athrú aeráide a phríomhshruthú ar fud na Roinne
trí phlean foriomlán oiriúnúcháin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm don earnáil
talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Caidreamh a bhunú idir an grúpa inmheánach geallsealbhóirí ar oiriúnúcháin le hionadaithe ó áiteanna ar fud na Roinne d’fhonn saincheisteanna a bhaineann le hoiriúnúchán a chur chun cinn.
Leanúnach DAFM
Plean oiriúnúcháin don earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara a fhoilsiú
R4 2019 DAFM
Gníomh 2: A bheith ag obair ar bhealach comhoibríoch le gníomhaireachtaí agus le ranna eile d’fhonn beartas náisiúnta a fhorbairt lena dtugtar tacaíocht d’oiriúnúchán i leith athrú aeráide agus lena n-uasmhéadaítear sineirgíochtaí lena ngabhann maolúchán
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Páirt ghníomhach a ghlacadh sa
Ghrúpa Stiúrtha Náisiúnta um
Oiriúnú
Leanúnach DCCAE, DAFM
Caidreamh gníomhach a bhunú
le hearnálacha eile chun
pleananna oiriúnúcháin a
fhorbairt lena chinntiú go bhfuil
comhleanúnachas ann i dtaca le
hidirspleáchais trasearnála
Leanúnach DAFM
Réimsí comhoibrithe le príomh- Leanúnach DAFM, Ranna agus
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
75
gheallsealbhóirí seachtracha
eile a shainaithint, lena n-
áirítear deiseanna chun sonraí a
chomhroinnt thar earnálacha
éagsúla
gníomhaireachtaí eile Rialtais,
Údaráis Áitiúla
Gníomh 3: A bheith rannpháirteach san athbhreithniú ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CAP) lena chinntiú go ndéantar cuspóirí comhshaoil a bhaineann le maolú athraithe aeráide agus le hoiriúnú i leith athrú aeráide a chlúdach go leordhóthanach sa tréimhse iar-2020 CAP.
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Ionchur le linn Plean
Straitéiseach CAP a ullmhú
R4 2019 DAFM
Anailís SWOT Comhshaoil a
ullmhú
2019 DAFM
Breithniú a dhéanamh ar
íogaireachtaí aeráide mar chuid
den chéad Chomhbheartas
Talmhaíochta eile
2020 DAFM
Gníomh 4: A bheith rannpháirteach i bpróiseas forfheidhmithe an ráitis náisiúnta beartais maidir leis an mbithgheilleagar lena chinntiú go ndéantar maolú athraithe aeráide agus oiriúnú i leith athrú aeráide a phríomhshruthú isteach i bhforfheidhmiú bithgheilleagair
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
DAFM chun feidhmiú mar
chomhchathaoirleach ar an
nGrúpa Forfheidhmiúcháin
Bithgheilleagair
Leanúnach DAFM agus DCCAE, DOT, DBEI,
DHPLG, DTTAS, DPER, DFIN,
DRCD, DCHG, EPA, EI, NESC,
Teagasc, SFI, SEAI
A chinntiú go ndéantar maolú
agus oiriúnú i leith athrú
aeráide a phríomhshruthú i
Leanúnach DAFM
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
76
bhforfheidhmiúchán
bithgheilleagair
Gníomh 5: Leochaileachtaí reatha agus leochaileachtaí ionchasacha na hearnála i leith athraitheach aeráide agus teagmhais fhoircneacha a shainaithint
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Athbhreithniú a dhéanamh, ar
bhonn tréimhsiúil, ar an
measúnacht ar Thionchar agus
ar Leochaileachtaí
R4 2021 DAFM
Gníomh 6: Leathnú a dhéanamh ar chomhtháthú saincheisteanna oiriúnúcháin i siollabais talmhaíochta i gcoláistí, i bhforais tríú leibhéal agus i gcúrsaí forbartha gairmiúla leanúnaí (CPD)
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
A bheith i dteagmháil le
hinstitiúidí oideachais tríú
leibhéal chun athbhreithniú a
dhéanamh ar chúrsaí agus ar
chláir modúl a bhaineann le
talmhaíocht agus úsáid talún
R4 2019 IUA, THEA, DAFM, Teagasc
Tá torthaí clár taighde iomchuí
le cur san áireamh i ngach clár
aistrithe eolais/clár
comhairleacha, lena n-áirítear
Clár ConnectED Theagaisc
Leanúnach DAFM, Teagasc, ACA.
Gníomh 7: Scileanna nua a sholáthar d’fheirmeoirí, d’fhoraoiseoirí agus d’iascairí lena chinntiú go
bhfuil an t-eolas agus na huirlisí acu atá ag teastáil chun cleachtais oiriúnúcháin aeráide a chur i
bhfeidhm
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
77
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Uirlisí a chur chun cinn a
thacaíonn le cinntí oiriúnúcháin
amhail Climadapt
Leanúnach DAFM agus Gníomhaireachtaí
Oiriúnúcháin aeráide agus bunú
athléimneachta a chur san
áireamh mar chuid de gach clár
aistrithe eolais
Leanúnach DAFM, Teagasc agus Seirbhísí
Comhairleacha, ACA
Faisnéis maidir le hoiriúnúchán
aeráide a chur san áireamh i
gceardlanna agus in imeachtaí
iomchuí
Leanúnach DAFM, Foras na Mara, Bord
Iascaigh Mhara, Teagasc, Coillte
Gníomh 8: Leanúint den tacaíocht do thaighde spriocdhírithe a bhaineann le cúrsaí aeráide a chur ar fáil san earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Foghrúpa de chuid an Ghrúpa
Geallsealbhóirí ar Oiriúnúchán
a bhunú chun breithniú a
dhéanamh i dtaobh liosta
tosaíochta maidir le taighde
oiriúnúcháin
R 3 2020 DAFM, Teagasc, Coillte.
Oiriúnúcháin aeráide agus
bunú athléimneachta a chur
san áireamh i ngach clár
taighde iomchuí
Leanúnach DAFM, Teagasc
Togra a ullmhú maidir le
tionchar an athraithe aeráide
ar óstaigh, ar ghalair, ar
lotnaidí agus ar phataiginí,
agus leas á bhaint as taighde
atá maoinithe ag DAFM
roimhe seo
Leanúnach DAFM, Teagasc
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
78
Tuilleadh taighde ar mhúnlú
eacnamaíochta tionchar
aeráide chun feasacht a
mhéadú maidir leis an ngá le
hathléimneacht airgeadais in
aghaidh thionchair an
athraithe aeráide
Leanúnach DAFM, Teagasc
Tá ról suntasach ag Cláir
Thaighde DAFM i ndáil le
bagairtí ionchasacha ar an
earnáil talmhaíochta,
foraoiseachta agus bia mara a
shainaithint agus i ndáil le
réitigh a sholáthar trí thaighde
chun cobhsaíocht táirgeachta a
chinntiú agus réimsí i gcomhair
leathnú a shainaithint
Leanúnach DAFM, Teagasc, Foras na Mara
Cláir thaighde trína dtugtar
tacaíocht le haghaidh staidéar
ar thionchair agus ar
oiriúnúchán
Ag tosú sa bhliain 2019 DAFM, Foras na Mara
Taighde faoi Athrú
Aeráide/Aigéin agus dáileadh
éisc agus iascach.
Leanúnach DAFM, Foras na Mara
Gníomh 9: Comhoibriú leis an tionscal chun tacú leis an earnáil athléimneacht a chruthú ina gcuid córas agus cleachtas
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Caidreamh a bhunú leis an
tionscal chun tacú le feirmeoirí
agus le foraoiseoirí
athléimneacht a chruthú agus
chun athléimneacht an
tionscail in aghaidh tionchair
R4 2020 DAFM, an Tionscal
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
79
ionchasacha a chinntiú
Oibriú i gcomhar leis an
tionscal chun forbairt a
dhéanamh ar bhearta
fadtéarma bainistíochta le
haghaidh iascach cladaigh
d’fhonn tacú le hoiriúnúchán
trí bhainistíocht a dhéanamh
ar phátrúin saothraithe ar
bhonn inbhuanaithe
Leanúnach DAFM, Bord Iascaigh Mhara,
Foras na Mara
Gníomh 10: Feasacht ar athrú aeráide agus ar shaincheisteanna oiriúnúcháin a mhéadú i measc geallsealbhóirí seachtrach
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Ábhar a bhaineann le
hoiriúnúchán aeráide a chur
san áireamh i bhfaisnéis atá le
húsáid ag imeachtaí Roinne
Leanúnach DAFM
Treochlár a fhorbairt chun
forbairt na hearnála
talmhaíochta agus úsáide
talún, lena n-áirítear
foraoiseacht, amach anseo a
chinntiú agus beidh sé
bunaithe ar inbhuanaitheacht
timpeallachta
R4 2019 DAFM, Teagasc, Bord Bia
Gníomh 11: Tacú leis an earnáil agus fás, forbairt, nuálaíocht agus oiriúnúchán inbhuanaithe a chothú, lena n-áirítear trí bhíthin LIFE, HorizonEurope, an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh agus maoiniúchán CAP
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
80
Féachaint le cleachtais ‘ar an
bhfeirm’ a oiriúnú d’fhonn
feabhas a chur ar tháirgeacht
talmhaíochta inbhuanaithe
Leanúnach DAFM, Teagasc
40% de bhuiséad foriomlán CAP
a úsáid chun rannchuidiú le
gníomhartha comhshaoil nó
aeráide.
R2 2020 DAFM, an Roinn Airgeadais
Anailís agus scrúdú a dhéanamh
ar roghanna maidir le leas a
bhaint as uirlisí bainistíochta
riosca airgeadais, lena n-áirítear
trí bhíthin uirlisí margaidh amhail
árachas atá le breithniú i
gcomhthéacs an chéad CAP eile
Leanúnach DAFM
Maoiniúchán leantach do
thionscadail a bhaineann le
nuálaíocht agus teicneolaíocht
eolais a bhfuil baint acu le
hoiriúnú don athrú aeráide
Leanúnach DAFM
Scéimeanna a éascú a chuireann
feabhas ar inbhuanaitheacht na
n-earnálacha gabhála,
feirmeoireachta agus próiseála
bia mara
Leanúnach DAFM, Bord Iascaigh Mhara
Gníomh 12: Feasacht a mhéadú maidir le saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leo siúd atá ag obair san earnáil, go háirithe ar leibhéal an táirgeora phríomha
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Leanúint de bheith ag obair
leis an HSA maidir le
saincheisteanna a bhaineann
le sábháilteacht feirme
Leanúnach HSA, DAFM
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
81
Cúrsaí bunúsacha oiliúna, agus
cúrsaí feabhsaithe oiliúna,
maidir le sábháilteacht a
sholáthar chun sábháilteacht
ar farraige a fheabhsú
Leanúnach DAFM, BIM
Bailchríoch a chur ar
Mheasúnacht Riosca agus
Ráiteas Beartais (Ráiteas
Sábháilteachta) do shoithí
Leanúnach DAFM, BIM
Gníomh 13: Feasacht mhéadaithe ar mhapáil OPW ar riosca tuile chun faisnéis a chur ar fáil le linn cinntí a dhéanamh
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Úsáid a bhaint as
léarscáileanna tuile an OPW
chun na réimsí talún/tuilemhá
a cheaptar a bheith báite a
shainaithint i gcomhthéacs an
chéad athbhreithnithe eile ar
an gClár Gníomhaíochta
Níotráití
R4 2022 OPW, DAFM
Gníomh 14: Cumas inmheánach a mhéadú trí eolas a chomhroinnt agus trí fhaisnéis a mhalartú d’fhonn feasacht faoi shaincheisteanna aeráide agus oiriúnúcháin a mhéadú ar fud na Roinne agus a cuid gníomhaireachtaí
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Cumas inmheánach a chruthú
trí fhorbairt a dhéanamh ar
chlár oiliúna maidir le feasacht
R2 2020 DAFM
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
82
ar chúrsaí aeráide
Feasacht ar chúrsaí aeráide a
mhéadú trí nuachtlitir
inmheánach foirne
Bliantúil DAFM
Páirt a ghlacadh i líonraí de
chuid ár ngníomhaireachtaí
d’fhonn acmhainn a mhéadú
Leanúnach DAFM, Bord Bia, Teagasc,
Coillte, BIM, MI
Gníomh 15: Scagadh oiriúnúcháin a chur chun cinn mar chuid d’fhorbairt beartais sa Roinn
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Forbairt a dhéanamh ar
dhoiciméad scagtha i leith
tionchar oiriúnúcháin
R1 2020 DAFM
Gníomh 16: An Plean Oiriúnaithe Earnála a athbhreithniú agus a uasdátú uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse cúig bliana
Céimeanna maidir le cur i
bhfeidhm
Amlíne de réir ráithe An t-údarás ceannais agus
geallsealbhóirí
Plean Oiriúnúcháin don Earnáil
Talmhaíochta, Foraoiseachta
agus Bia Mara a ullmhú
R3 2019 DAFM
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
83
AGUISÍN III - CAIDREAMH LE DREAMANNA EILE
Áiríodh an méid seo a leanas sa chaidreamh trasearnála (maidir le gach ceann de 3 Earnáil
an DAFM):
• Faoin gCreat Náisiúnta maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide 2012, iarradh ar Ranna Rialtais,
ar Ghníomhaireachtaí agus ar údaráis áitiúla pleananna earnála agus áitiúla a ullmhú maidir
le hoiriúnúchán. Mar chuid den chreat seo, d’ullmhaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus
Mara (DAFM) doiciméad neamhreachtúil ar Phleanáil Oiriúnúcháin Aeráide don Earnáil
Talmhaíochta agus Foraoiseachta agus, mar chuid den obair sin, bhí ceardlann
chomhairliúcháin phoiblí ann mar aon le tréimhse oscailte chomhairliúcháin; rannchuidigh
an méid sin le próifíl na dtionchar aeráide san earnáil a ardú. De bhreis air sin, rinne DAFM
réamhchomhairliúchán poiblí maidir le hullmhú Treochláir Isealcharbóin don Earnáil Mhuirí a
sheoladh i mí na Nollag 2013.
• Bhí Seimineár Trasearnála maidir le cúrsaí talmhaíochta, foraoiseachta agus bia mara ann ar
an 20 Márta. D’fhreastail tuairim is 60 duine ar an imeacht sin. Bhí raon leathan cur i láthair
ann lena linn lena n-áirítear an méid seo a leanas: Bainistíocht Riosca Tuile ó Oifig na
nOibreacha Poiblí, Bithéagsúlacht ó Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
(NPWS), agus cur i láthair ó Fhoras na Mara, ó Theagasc agus ó ionadaí de chuid earnáil na
foraoiseachta. Bhí plé painéil faoi idirghníomhaíochtaí trasearnála ann agus bhí ionadaithe
de chuid DAFM, DHPLG, NPWS agus OPW páirteach ann.
• Mhair an comhairliúchán poiblí ón 27 Meitheamh 2019 go dtí an 16 Lúnasa 2019 agus chuir
sé sin bealach eile ar fáil le haghaidh caidrimh le geallsealbhóirí agus fógraíodh é i
bhforlíontaí talmhaíochta dhá nuachtán náisiúnta, ar láithreán gréasáin na Roinne, Gov.ie
agus ar láithreáin ghréasáin speisialtóireachta amhail láithreáin Fhóram na nIascach Cladaigh
agus Shaibhreas ár nAigéin. Tugadh clúdach meán don phlean oiriúnúcháin freisin sa Skipper.
Ina theannta sin, tugadh cuireadh do gheallsealbhóirí teacht chuig seoladh an
chomhairliúcháin phoiblí ar an 27 Meitheamh 2019. Fuarthas 49 n-aighneacht roimh an dáta
deireanach agus fuarthas trí cinn tar éis an dáta sin. Pléitear leis na príomhphointí a ardaíodh
in Aguisín IV den Phlean athbhreithnithe agus pléitear iad de ar mhodh téamach.
Áiríodh an méid seo a leanas sa chaidreamh le geallsealbhóirí eile:
• Bhí DAFM i láthair ag Imeachtaí Bricfeasta an Údaráis Cosanta Iascach Mara (SFPA) ar fud na
bliana 2019. Scaipeadh bileog dar teideal “Climate Change Adaptation Planning for the
Seafood Sector” le linn na n-imeachtaí sin.
• The Skipper Expo, Gaillimh, 8 & 9 Márta 2019 – Bhí an bhileog dar teideal “Climate Change
Adaptation Planning for the Seafood Sector” ar fail ar sheastán DAFM le linn Skipper Expo.
• Seafest, Cathair Chorcaí, 7-9 Meitheamh 2019 – D’óstáil Foras na Mara Seastán Oiriúnúcháin
Aeráide le linn Seafest chun an t-ullmhúchán atá ar siúl a chur ar taispeáint agus rinneadh an
leabhrán cás-staidéar maidir le hOiriúnúchán Aeráide san Earnáil Bhia Mara a scaipeadh ar
dhaoine a raibh spéis acu ann.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
84
• Tarraingíodh aird ar athrú aeráide domhanda le linn Our Ocean Wealth Summit ar an 10
Meitheamh 2019 i gCorcaigh.
• Rinneadh leathanach láithreán gréasáin DAFM a bhaineann le Bia Mara/Athrú Aeráide a
choimeád cothrom le dáta agus tá an bhileog faisnéise ar fáil lena léamh ar an leathanach
sin.
• Tá alt dar teideal “Seafood Sector Climate Change Adaptation Planning” le fáil ag Harnessing
Our Ocean Wealth Review of Progress 2018.
• D’ardaigh DAFM Oiriúnú i leith Athrú Aeráide mar mhír chláir oibre le linn cruinnithe leis an
tionscal, mar shampla, cruinniú le Fóram Náisiúnta na nIascach Cladaigh i mí na Nollag 2018.
• Freastalaíonn ionadaithe de chuid Fhoras na Mara ar chruinniú de chuid na
Comhpháirtíochta Eolaíochta/Tionscail a reáchtáiltear uair amháin sa ráithe; tá aird
tarraingthe ar athrú aeráide mar réimse tosaíochta uimhir a dó ag na cruinnithe sin gan
tosaíocht níos airde ag aon ábhar eile seachas Brexit.
• Rinneadh bileog faisnéise dar teideal a ullmhú agus scaipeadh é le linn an Chomórtais
Náisiúnta Treabhdóireachta sa bhliain 2018.
• Rinneadh cur i láthair maidir le saincheisteanna a bhaineann le hAthrú Aeráide a chur san
áireamh i gcur i láthair a tugadh do gheallsealbhóirí lena n-áirítear le linn seisiúin a bhain le
hOiliúint Chomhairleach Feirme.
• Seoladh ceardlann Oiriúnúcháin Aeráide i mí na Samhna 2018 agus í dírithe ar chomhairleoirí
talmhaíochta.
• Bhí Oiriúnúchán Aeráide san áireamh i gclár oibre an Choiste Inbhuanaitheachta
Timpeallachta ar a bhfuil ionadaithe ó Ranna eile Rialtais, ó ghníomhaireachtaí eile agus ón
lucht acadúil.
• An Grúpa Forfheidhmiúchán um Chur Chun Cinn na Foraoiseachta, faoi cheannas an Aire
Stáit, Andrew Doyle (22/7/19) - chuir DAFM faisnéis uasdátaithe ar fáil maidir leis an bPlean
maidir le Gníomh ar son na hAeráide agus faoi ról foraoisí i dtaca le maolúchán agus
oiriúnúchán de. Cuimsíonn an Grúpa geallsealbhóirí ó raon leathan grúpaí tionscail agus
timpeallachta agus feidhmíonn an tAire Stáit, Andrew Doyle, mar chathaoirleach air.
• Comhairle COFORD 2019 - 2021 - chuir DAFM roinnt faisnéise uasdátaithe faoin bPlean
maidir le Gníomh ar son na hAeráide do Chomhairle COFORD agus maidir le gníomhartha ina
n-áirítear maolúchán agus oiriúnúchán i leith foraoisí. Is é atá i gComhairle COFORD ná
comhlacht a gceapann an tAire Stáit Talmhaíochta, Bia agus Mara é chun comhairle a
thabhairt dó nó di maidir le saincheisteanna a bhaineann le forbairt na hearnála
foraoiseachta in Éirinn. Ceapann an tAire comhaltaí na Comhairle agus cuimsíonn an
comhaltas geallsealbhóirí de chuid na hearnála foraoiseachta ar fad. Faoi láthair, tá an
Chomhairle ag gabháil do ghrúpa oibre a bhunú chun bheith ag plé le cúrsaí Foraoiseachta
agus Maolúcháin agus Oiriúnaithe i leith Athrú Aeráide.
• Comhdháil Náisiúnta Foraoiseachta Chumann Náisiúnta Fhoraoiseoirí na hÉireann - le linn
Chomhdháil Náisiúnta Foraoiseachta Chumann Náisiúnta Fhoraoiseoirí na hÉireann dar
teideal “Forestry as a Climate Change Solution”, rinneadh scrúdú ar ról na foraoiseachta in
Éirinn agus ról na hearnála táirgí foraoiseachta i ndáil le maolú a dhéanamh ar athrú aeráide
agus laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG-anna). Labhair cainteoirí
Éireannacha agus cainteoirí idirnáisiúnta os comhair na comhdhála agus thug siad aghaidh ar
ról na foraoiseachta agus ar ról táirgí foraoiseachta maidir le maolú an athraithe aeráide
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
85
agus ar spriocanna a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhar leis an
tionscal, le hearnálacha fuinnimh agus talmhaíochta agus le hearnálacha amhail earnálacha
na tógála agus an iompair.
• Imeachtaí Poiblíochta maidir le Foraoiseacht - Sa bhliain 2019, mhaoinigh DAFM cúig cinn
déag de thionscnaimh ar fud na tíre chun aird a tharraingt ar na tairbhí ilfheidhmeacha a
ghabhann le foraoiseacht, chun plandáil tuilleadh crann a chur chun cinn agus chun
bainistíocht inbhuanaithe foraoisí a spreagadh. Is é is aidhm dó sin ná a chumasú do dhaoine
a mhothú go bhfuil ceangal ann idir iad agus foraoisí, ar bhonn áitiúil agus ar bhonn
náisiúnta. Táthar ag súil go gcuirfidh a n-eispéireas feabhas ar a mothúchán i leith folláine
agus ar a gcuid eolais faoi ionad riachtanach foraoisí inár saol, lena n-áirítear na tairbhí a
éiríonn as fostaíocht foraoiseachta, giniúint ioncaim, bithéagsúlacht agus athrú aeráide.
Imeacht Chiarraí - http://gortbrackorganicfarm.com/online/index.php/forest-connections/
Imeacht Liatroma - http://woodlandfestival.ie/.
• Ceardlann faoi fhuinneamh adhmaid - tá ceardlanna eagraithe ag DAFM, ar bhonn bliantúil,
maidir le breoslaí ardchaighdeáin adhmaid a tháirgeadh agus maidir le forbairt a dhéanamh
ar an eolas faoi cháilíocht adhmaid. Tá na ceardlanna dírithe ar aon duine ag a bhfuil spéis in
adhmad mar fhoinse fuinnimh. Oireann sé go háirithe do d’fheirmeoirí/d’úinéirí foraoise, do
mhonaróirí agus do sholáthróirí sceallairí agus coirí, do chonraitheoirí foraoiseachta, do
sholáthróirí breosla adhmaid, do chomhairleoirí etc.
Caidreamh tar éis an Plean a chur i ngníomh:
• Seolfar comhairliúchán le hionadaithe earnála chun an bealach is éifeachtaí a shainaithint i
ndáil leis na gníomhartha atá leagtha amach sa phlean seo a chur in iúl agus i ndáil le
tacaíocht a chur ar fáil maidir leo.
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Bia Mara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide
86
Department of Agriculture, Food and the Marine