24
Léas agus Lasair Téipscript Foilseacháin MENTOR 43 Bóthar an Aitinn Eastát Tionsclaíochta Áth an Ghainimh Baile Átha Cliath 18 www.mentorbooks.ie email: [email protected] © Cóipcheart – Foilseacháin Mentor 2010 Gach Ceart ar Cosaint Clóchur agus Leagan amach: Kathryn O’Sullivan Arna chló agus arna cheangal in Éirinn ag ColourBooks Ltd, Baile Átha Cliath 13 Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Léas agus LasairTéipscript

Foilseacháin MENTOR43 Bóthar an Aitinn

Eastát Tionsclaíochta Áth an GhainimhBaile Átha Cliath 18www.mentorbooks.ie

email: [email protected]

© Cóipcheart – Foilseacháin Mentor 2010Gach Ceart ar Cosaint

Clóchur agus Leagan amach: Kathryn O’Sullivan

Arna chló agus arna cheangal in Éirinn agColourBooks Ltd, Baile Átha Cliath 13

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1

Page 2: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

AONAD 1 – . . . . . . . . . . . . . 2FógraComhráPíosa

AONAD 2 – . . . . . . . . . . . . . 5FógraComhráPíosa

AONAD 3 – . . . . . . . . . . . . . 8FógraComhráPíosa

AONAD 4 – . . . . . . . . . . . . 12FógraComhráPíosa

AONAD 5 – . . . . . . . . . . . 15FógraComhráPíosa

AONAD 6 – . . . . . . . . . . . . 19FógraComhráPíosa

1

Léas agus Lasair Téipscript

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1

Page 3: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

AONAD 1

CUID AFógra a hAonTá maratón sacair ar siúl i Scoil Naomh Eoin, Cill Mhantáin, Dé hAoine an daralá de Bhealtaine. Beidh na daltaí ag imirt sacair gan stad gan staonadh ar feadhceithre huaire fichid. Beidh múinteoirí na scoile agus tuismitheoirí na ndaltaíag cabhrú leo sa mharatón, ag soláthar uisce, tae agus ceapairí agus ag breithabhaile ón scoil na daltaí.

Tá sé i gceist ag na daltaí luach cúig mhíle euro d’urraíocht a bhailiú. Rachaidhan t-airgead sin do Goal. Dúirt príomhoide na scoile, an tUasal de Róiste, gobhfuil ardmholadh tuillte ag na daltaí agus go dtabharfaidh sé leathlá dóibh DéLuain. Ní haon ionadh go bhfuil gach uile dhalta ag tnúth leis an maratón!

Fógra a DóTá poist pháirt-aimseartha ar fáil i dteach tábhairne de Brún, Baile an Ridire,Loch Garman. Ní mór do na hiarrthóirí a bheith sé bliana déag d’aois, cumashlachtmhar a bheith orthu, agus a bheith go glan stuama dea-bhéasach. Beidhar na hiarrthóirí freastal ar na custaiméirí agus an teach tábhairne a choinneáilglan freisin. Beidh orthu obair i rith na seachtaine agus ag an deireadhseachtaine ach beidh dhá lá saor, ar a laghad acu, i rith na seachtaine. Íocfarocht euro in aghaidh na huaire agus deich euro ag an deireadh seachtaine. Mátá suim ag duine óg ar bith sa phost seo, ba chóir CV agus litir mholta asheoladh chuig bainisteoir an tí tábhairne, an t-Uasal Seán de Brún, roimh andara lá de Mhárta.

Fógra a TríGortaíodh beirt fhear, duine amháin go dona, i dtimpiste bóthair oíche DéSathairn. Ag filleadh abhaile ó chóisir i mBaile Phámar a bhí na fir óga nuair atharla an timpiste, gar do thimpeallán Bhaile Uailcín. Ní fios céard a tharla gobaileach ach tuigtear gur bhuail an gluaisteán faoi leoraí a bhí ag teacht sa treoeile. Tógadh an bheirt fhear go dtí Ospidéal Thamhlachta. Scaoileadh amachduine acu an lá dar gcionn ach tá an duine eile faoi dhianchúram san ospidéalfós agus é go dona tinn. Tá na Gardaí ó stáisiún Thamhlachta ag fiosrú an scéil.

CUID BCómhrá a hAonSeán: Móra duit ar maidin a Nóirín, cén chaoi a bhfuil tú?Nóirín: Go dona, a Sheáin faoi láthair. Tá mé ag iarraidh éirí as na toitíní

agus tá mé cráite amach is amach!Seán: Togha cailín! Cogar, cé mhéid a chaith tú in aghaidh an lae?Nóirín: Is deacair a rá, i ndáiríre, déarfainn deich gcinn nó b’fhéidir cúig

cinn déag ar a mhéad.Seán: Céard a thug ort éirí astu?

2

Traic2

Traic3

Traic4

Traic6

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 2

Page 4: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Nóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orman t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom éirí astu.

Seán: Bhí an ceart aici. Sular éirigh mé féin astu, bliain ó shin, ba bheagcluichí a bhí ar mo chumas a imirt ach coinnigh leis agus beidhleat!

Nóirín: Tá súil le Dia agam go bhfuil an ceart agat. Tá sé an-deacair agusmothaím an-neirbhíseach. Tá eagla orm go dteipfidh orm máéiríonn an dúil ró-láidir.

SOS

Seán: Bhí mé féin mar sin ach, má choinníonn tú leis, éireoidh leat sadeireadh. Mholfainn duit guma a chogaint – uaireanta maolaíonnsin ar an dúil.

Nóirín: Caithfidh mé rud éigin a chogaint ach anois, is baol go n-íosfaidhmé an iomad agus go dtitfidh mé i bhfeoil! Sin é an fáth agcaitheann go leor cailíní toitíní ar an gcéad dul síos-chun iad achoinneáil tanaí.

Seán: Níl cailleadh ar bith ort, a Nóirín. Anois, caithfidh mé brostú tá naleaids ag teacht. Slán agat agus go n-éirí leat.

Nóirín: Slán leat a Sheáin agus go raibh maith agat.

Comhrá a DóMáire: An bhfaca tú an buachaill nua sin, Niall de Faoite, i rang 6B a

Réiltín?Réiltín: Ní fhaca, chun na fírinne a rá.Máire: An dall atá tú? Tá ’chuile chailín sa scoil i ngrá leis cheana féin!Réiltín: Is dóigh liom gur chuala mé mo dheirfiúr ag caint faoi. Cén chuma

atá air i ndáiríre?Máire: Níl sé ró-ard ach tá sé an-aclaí agus tá súile donn aige a chuireann

lagar ar gach cailín!Réiltín: Caithfidh mé an buachaill seo a fheiceáil má tá sé chomh dathúil

lena thuairisc. An mbíonn sé sa Chlub Óige istoíche?Máire: Bíonn, de ghnáth, ach imríonn sé sacar agus is féidir é a fheiceáil

ag traenáil ar pháirc imeartha na scoile tráthnóna Dé Céadaoin.Ná bíodh deifir ar bith ortsa – mise a chonaic den chéad uair é!

SOS

Réiltín: Cad as dó?Máire: Is as Dún na nGall dó. Chuala mé gur aistrigh a mhuintir anseo

mar go bhfuair a athair post mar bhainisteoir sa mhonarcha áitiúil.Réiltín: An bhfuil aon chailín ag siúl amach leis?Máire: Níl fós, go bhfios dom, ach bí cinnte nach fada go gcuirfidh an

raicleach sin Neasa Ní Riain a crúcaí ann!Réiltín: Ní chuirfidh, má bhíonn leigheas agamsa ar an scéal! Brostaigh a

Mháire, seans go mbeidh sé sa bhialann ag am lóin!

3

Traic7

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 3

Page 5: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Comhrá a TríPól: Dia duit, a Chaoimhín, an bhfuil aon scéal agat?Caoimhín: Tá, muis, ní bheidh Stiofán Ó Broin ag imirt lenár bhfoireann

sacair sa chluiche leathcheannais.Pól: Stiofán, an tosaí sin den scoth a scóráil dhá chúl sa chluiche

deireanach in aghaidh Bhré Ceilteach?Caoimhín: An fear céanna, a Phóil. Beidh ár bhfoireann thíos leis dá

oireasa.Pól: Cén fáth, mar sin, nach mbeidh Stiofán ag imirt? An bhfuil sé

gortaithe?Caoimhín: Níl, ná gortaithe. Is amhlaidh a rinne sé feall ar chúl báire

fhoireann Naomh Móibhí an lá cheana agus ansin thug sé faoinréiteoir féin.

Pól: Bhí a fhios agam go raibh sé teasaí ach tá sin ag dul thar fóir.Caoimhín: Bhuel, bhí sé ar tí cúl a chur isteach ach rug an cúl báire ar an

liathróid. Tháinig racht feirge ar Stiofán agus bhuail sé an cúlbáire. Nuair a shéid an réiteoir an fheadóg, chun rabhadh athabhairt dó, rug sé greim scornaí air. Cuireadh den pháircláithreach é.

Pól: Cathain is féidir leis imirt arís?Caoimhín: Ní féidir leis imirt anois go ceann trí mhí. Is buille trom é mar

bhíomar go léir ag brath air don chluiche leathcheannais.

SOS

Pól: Cé a bheidh ag imirt in bhur gcoinne?Caoimhín: Rovers Ráth Daingin – agus táim ag rá leat go bhfuil na leaids

sin ar fheabhas! Táim cinnte nach mbeidh seans dá laghadagainn.

Pól: An bhfuil tú féin ag imirt fós i lár na páirce?Caoimhín: Faraor tá agus beidh saothar orm i gcoinne na foirne sin!Pól: Go n-éirí libh sa chluiche leathcheannais mar sin. Seans go

mbeidh mé féin ann mura n-iarrann mo Dhaid orm cabhrú leissa gharáiste Dé Sathairn.

CUID CPíosa a hAonTháinig beirt bhuachaillí ó Shráidbhaile an Teampaill ar choileán beag an lácheana. Agus iad ag iascaireacht san abhainn in aice an bhaile, chuala siadgeonaíl ainmhí agus ba ansin a chonaic siad an coileán san uisce. D’éirigh leoé a thabhairt i dtír ach bhí droch-chaoi ar an ainmhí bocht. Brocaire beag dubhagus donn atá sa choileán agus tá coiléar dearg air a bhfuil an t-ainm Prionsascríofa air. Ní fios conas a tharla don choileán a bheith san abhainn ach chonaicfear ón mbaile beirt bhligeard óga ag caitheamh cloch ar bhruach na habhannsular tháinig na buachaillí ar an ainmhí. Thóg na buachaillí an coileán abhaileleo agus tá sé ar fónamh anois. Ba mhaith leo úinéir an ainmhí a aimsiú ganmhoill.

4

Traic8

Traic10

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 4

Page 6: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Píosa a DóTá litriú an aosa óig ag dul in olcas i gcónaí. De réir staitisticí tá an-chuid daoineóga ann nach bhfuil ábalta litriú fiú nuair nach mbíonn ach ábhar simplí igceist. Deir múinteoirí an lae inniu go bhfuil an litriú go dona mar nach bhfuildaoine óga ag léamh go rialta agus de bhrí go bhfuil siad ag téacstáil ar an bhfónpóca. Nuair a bhíonn an téacstáil seo ar siúl úsáideann siad litriú an-ghearr.Faraor, tá siad ag baint úsáide as an litriú gearr céanna agus iad ag scríobh aistísa rang. Fágann sin go bhfuil an caighdeán litrithe go dona anois agus níl cumaar an scéal go mbeidh feabhas air amach anseo.

Píosa a TríChuaigh teach trí thine ar imeall Chathair Phort Láirge aréir. Tháinig anBhriogáid Dóiteáin ar an láthair gan mhoill agus ba ghearr gur mhúch siad antine. Rinneadh an-damáiste don teach, faraor. Bhí an t-ádh dearg ar mhuintir antí go raibh siad go léir amuigh nuair a tharla an dóiteán. Ní fios fós conas athosaigh an dóiteán ach meastar gur fabht leictreach ba chúis leis. Tá muintiran tí ag fanacht le gaolta anois agus deir siad go raibh na comharsana an-chabhrach leo. Tá Gardaí Phort Láirge ag fiosrú an scéil fós. Bhí tuairisc ar andóiteán sna nuachtáin agus ar an teilifís.

AONAD 2

CUID AFógra a hAonThosaigh múinteoir nua ag múineadh an mhí seo caite i bPobalscoil na Trá,Contae an Chláir. Iníon Uí Ógáin is ainm di agus bean óg ghleoite is ea í.Múineann sí Béarla agus Fraincis agus tá cion ag gach uile dhalta uirthi. Tá an-smacht aici ar a cuid ranganna cé go bhfuil cumas grinn aici. Tá Iníon Uí Ógáinan-fhaiseanta agus bíonn eádaí deasa uirthi i gcónaí. Deir na buachaillí sa ranggo bhfuil siad uile i ngrá léi agus ní nach ionadh, mar is spéirbhean í. Gheall sígo dtógfadh sí na ranganna go léir go dtí Páras na Fraince an chéad téarma eile.Tá na daltaí go léir ag tnúth leis an turas cheana féin.

Fógra a DóBhí comórtas aistí ar siúl i Meánscoil Bhríde, Béal an Átha, an tseachtain seocaite. Bhí ar na daltaí aiste sé chéad focal a scríobh ar thábhacht an ríomhairesa saol nua-aimseartha. B’í Clár Ní Neachtain, as rang 5B, a bhuaigh an chéadduais. Dúirt an moltóir, an tUasal Brian Ó Cearnaigh, a mhúineann Béarla agusGaeilge sa scoil, go raibh caighdeán na haiste an-ard go deo. Mhol sé Clár as adíograis agus as feabhas a cuid scríbhneoireachta. Bhronn Príomhoide na scoile,Bean Uí Néill, an chéad duais ar Chlár ag tionóil na ndaltaí sa halla tionóil.Ríomhaire nua den scoth – Apple Mac – a fuair sí mar dhuais. Ní nach ionadh,bhí lúcháir ar Chlár agus ar a cairde scoile.

5

Traic11

Traic12

Traic14

Traic15

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 5

Page 7: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Fógra a TríRinneadh scrios ar cheithre sheomra scoile i mbunscoil Naomh Áine ar an TráMhór, oíche Dé Sathairn seo caite. Nuair a tháinig Príomhoide na scoile, antUasal de Róiste, ar an láthair maidin Dé Luain chun an scoil a oscailt, chonaicsé an damáiste. Briseadh boird agus binsí agus rinneadh iarracht na seomraí achur trí thine. Bhí ar an Uasal de Róiste an scoil a dhúnadh fad a rinneadhiarracht caoi a chur ar na seomraí scriosta. Cuireadh triúr daltaí trioblóideachaón scoil an téarma seo caite agus meastar gurb iad a rinne an scrios. Tá na Gardaíag fiosrú an scéil agus deir an Sáirsint Mac Lochlainn go bhfuil súil aige gombéarfar go luath orthu siúd a rinne an scrios.

CUID BComhrá a hAonBrian: Dia duit, a Mháire, an bhfuil aon scéal agat?Máire: Tá, a Bhriain, cuireadh Sorcha Ní Néill ar fionraí ón scoil inné.Brian: Ní féidir gur cuireadh! Is cailín an-chiúin í Sorcha. Céard a tharla in

aon chor?Máire: Bhuel, bhíomar go léir i seomra na ríomhairí agus bhí Bean Uí

Cheallaigh dár múineadh. Tháinig sí ar Shorcha agus bhí sí agbriseadh a croí ag gáire agusMeas mo Mhúinteoirí.ie ar an scáiléan aici.Bhí Bean Uí Cheallaigh le ceangal agus chuir sí chuig an bpríomhoideí.

Brian: Nár choimeád an príomhoide istigh tar éis na scoile í?Máire: Is cosúil nár choimeád. Dúirt sé léi go raibh sé chun sampla a

dhéanamh di mar go raibh rabhadh tugtha cheana féin aige do nadaltaí mar gheall ar dhroch-iompar i seomra na ríomhairí. Bhuail méle Sorcha inné agus bhí sí go mór trí chéile. Dúirt sí go maródh atuismitheoirí í.

SOS

Brian: Cén múinteoir a bhí aimsithe aici ar Meas mo Mhúinteoirí, dála anscéil?

Máire: Céard a cheapann tú a Bhriain? Bean Uí Cheallaigh, dar ndóigh – nínach ionadh ní raibh sí buíoch ná sásta!

Brian: Cathain a ligfear Sorcha ar ais, mar sin?Máire: Beidh ar a tuismitheoirí bualadh leis an bPríomhoide ar dtús agus

ansin socróidh sé dáta.Brian: Tá súil agam nach mbeidh sí ró-fhada ar fionnraí mar tugann sí an-

chabhair dom sa Bhéarla ar scoil!Máire: Éist leat, a Bhriain, níl aon teora leis na fir!

Comhrá a Dó (ar an teileafón)Domhnall: Haló, a Bhríd, aon seans go mbeifeá saor oíche Dé Sathairn seo

chugainn?Bríd: Cén fáth, a Dhomhnaill – an bhfuil cabhair ag teastáil uait arís

6

Traic16

Traic18

Traic19

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 6

Page 8: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

led’ obair bhaile?Dómhnall: An amadán ar fad agat mé, a Bhríd? Níl mé chomh dúr sin!Bríd: Nílim ró-chinnte faoi sin, a Dhomhnaill! Céard a theastaíonn

uait, ar aon chuma?Dómhnall: Is ball mé den ghrúpa The Green agus b’aoibhinn liom dá dtiocfá

féin agus do chairde go dtí an cheolchoirm i gClub na nÓg.Bríd: Fan go bhfeice mé anois, a Dhomhnaill. Ainmnigh baill an

ghrúpa dom ar dtús.Domhnall: Bhuel, tá Ger ó rang 6A, ar an dord-ghiotár agus Liam ó mo

rangsa, ar an bpríomh-ghiotár. Tá Alex ar na drumaí agus, darndóigh, mé féin ar an ngiotár rithime.

SOS

Bríd: Tá mo chara Niamh splanctha i ndiaidh Ger agus tá mé féinsplanctha i ndiaidh Liam cé nach bhfuil a fhios sin aige! Táimag ceapadh go rachaimid beirt ann!

Domhnall: Tugann sin an-mhisneach dom, a Bhríd! An bhfuil suim ag cailínar bith ionam féin bocht?

Bríd: Go bhfios dom níl, faraor, ach má’s amhlaidh go bhfuil, bí cinntego dtógfaidh mé liom í!

Domhnall: Beidh tú ann pé scéal é, a Bhríd?Bríd: Beidh cinnte, a Dhomhnaill agus tabharfaidh mé féin agus mo

chairde an-tacaíocht dod’ ghrúpa agus do Ger agus do Liam annach go háirithe!

Domhnall: Feicfidh mé ann sibh má’s ea. Slán agat, a Bhríd.Bríd: Slán leat, a Dhomhnaill.

Comhrá a Trí (ar an bhfón póca)Póilín: Haigh, a Bhreandáin, Póilín anseo. Tá mé cráite ag an aiste staire

seo ar na ríthe Túdaracha.Breandán: Níl an aiste chomh deacair sin, an bhfuil?Póilín: Seans nach bhfuil, a Bhreandáin, ach tá mise go dona chuig an

stair agus is fuath liom í mar ábhar.Breandán: An bhfuil ríomhaire agat agus fáil ar an Idirlíon?Póilín: Tá, gan dabht, ach ní bheadh a fhios agam cá dtosóinn leis.

SOS

Breandán: Tóg go bog é, a Phóilín. Má aimsíonn túWikipedia ar an Idirlíonníl le déanamh agat ach féachaint faoi na ríthe Túdaracha agusansin na nótaí a chóipeáil amach. Sin é an chaoi ar scríobh méféin an aiste sin ar aon chuma!

Póilín: Go raibh maith agat, a Bhreandáin, bainfidh mé triail as. Cogar,meas tú go bhfaighidh mé gráda A don aiste?

Breandán: Cén fáth nach bhfaighfeá? Ach a Phóilín, déan deimhin de nachbhfuil d’aiste ró-chosúil le m’aiste féin!

7

Traic20

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 7

Page 9: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Póilín: Ní bheidh deacracht ar bith ansin, a Bhreandáin. Tá tú féinchomh dúr le slis!

Breandán: An bhfuil tú i ndáiríre a Phóilín?Póilín: Níl, dar ndóigh, nílim ach ag magadh fút! Go raibh maith agat

as do chabhair. Slán.

CUID CPíosa a hAonTá sé i gceist ag an ngrúpa rac The Lagoon ceolchoirm a chur ar siúl i Halla anPhobail, Baile an Rátha, oíche Dé hAoine, an tríú lá de Bhealtaine. Tá ceathrarceoltóirí sa ghrúpa, Seán de Fréine ar an ngiotár rithime, Liam Ó Tuathaill ar anbpríomhghiotár, Nollaig Ó Sé ar an ndord-ghiotár agus Aisling Ní Chathasaighar na drumaí. Deich euro a bheidh ar an doras agus rachaidh an t-airgead abhaileofar do Concern. Tá an-tóir ar an ngrúpa seo i measc aos óg an cheantairagus is cosúil anois go rachaidh roinnt tuismitheoirí ann freisin de bhrí gobhfuil an grúpa ag bailiú airgid do Concern. Tá gach uile dhuine ag tnúth leis angceolchoirm.

Píosa a DóBeidh Sorcas Hoffman ag teacht go Baile Bhiocáire, Contae Chiarraí, ag deireadhna míosa seo. Tá páistí an bhaile ag súil le greann den scoth ó na fir ghrinn agustá an-tóir ar na gleacaithe i measc na ndaoine fásta. Dúirt máistir an tsorcais,Glen Checker, go mbeadh an-chuid ainmhithe allta sa seó. Ina measc siúd beidhleoin, tíogair, capaillíní, mór-rónta agus colúir. Dúirt sé freisin go mbeadhcanóin dhaonna ann – fear a chaitear as canóin chun tuirlingt i líon. Meastargo bhfuil an sorcas ag dul i léig le blianta beaga anuas mar go bhfuil daoine sáiteós comhair na teilifíse agus ag dul go dtí na scannáin. Deir Glen Checker, áfach,go bhfuil an-rath fós ar an sorcas cáiliúil seo.

Píosa a TríSeo anois réamhaisnéis na haimsire: Beidh sé scamallach anocht ar fuaid natíre agus ansin leathfaidh báisteach throm ón iarthar. Beidh ceathanna goforleathan maidin amárach ach glanfaidh an aimsir san iarnóin agus beidhtréimhsí gréine ann go háirithe san oirthear. Beidh an teocht idir cúig chéimdéag agus ocht gcéim déag Celsius ach meastar, le teacht na dtréimhsí gréine, gon-ardóidh an teocht go dtí a fiche céim Celsius um mheánlae amárach.Leanfaidh an dea-aimsir ansin ar feadh seachtaine nó cúig lá ar a laghad.

AONAD 3

CUID AFógra a hAonThug an scríbhneoir Áine Brett cuairt ar Scoil Bhríde mar a raibh sí ina scoláirefiche bliain ó shin. Tá clú amuigh ar Áine as feabhas a cuid úrscéalta rómánsúla

8

Traic22

Traic23

Traic24

Traic26

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 8

Page 10: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

agus tá an-díol orthu go háirithe i measc na mban. Fáiltíodh go croíúil roimhÁine agus bhronn scoláirí na scoile pósae bláthanna uirthi. Ghabh anscríbhneoir buíochas ó chroí leis na scoláirí agus dúirt gur bhain sí an-taitneamh agus tairbhe as a laethanta i Scoil Bhríde. Dúirt an Príomhoide BeanUí Riain go raibh gach uile dhuine sa scoil an-bhródúil as Áine. Léigh anscríbhneoir sleachta as a cuid úrscéalta sular fhág sí an scoil.

Fógra a DóLéireofar an dráma Lá Buí Bealtaine, le Mairéad Ní Ghráda, in Amharclann naPéacóige, Baile Átha Cliath, ón chéad lá d’Aibréan go dtí an séú lá déagd’Aibreán. Scéal bheirt seanduine a insítear sa dráma seo agus déantar cur síosann ar a saol mar a bhí fadó agus mar atá anois. Glacann Sinéad Ní Mhaonaighpáirt Nóinín Ní Chathasaigh agus í ina bean óg agus glacann Sorcha Mistéalpáirt Nóinín agus í ina seanbhean. Tá sé i gceist ag baill Chlub Óige Chrónáin– Club Óige lán-Ghaelach as Cluain Dolcáin – dul go dtí an dráma DéCéadaoin seo chugainn. Chuir stiúrthóir an chlub óige, Gearóid Ó Broin, naticéid in áirithe cheana féin ar líne. Tá na daoine óga ag súil go mbainfidh siadan-taitneamh as an oíche.

Fógra a TríTá muintir Uí Dhálaigh, as Baile an Teampaill, ag iarraidh feighlí leanaí a fháilnuair a théann Sinéad, Bean Uí Dhálaigh, ar ais ag múineadh sa bhunscoiláitiúil i Mí Mheán Fómhair. Beidh ar an bhfeighlí aire a thabhairt do leanbh trímhí, beirt pháistí eile a thabhairt chun na scoile ar maidin agus iad a bhailiúón scoil arís tráthnóna. Freisin beidh ar an bhfeighlí obair éadrom a dhéanamhsa teach. Má tá suim ag duine ar bith sa phost seo ba chóir CV agus litir mholtaa sheoladh chuig Sinéad, Bean Uí Dhálaigh, 10 Ascaill na Fuinseoige, Baile anTeampaill nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

CUID BComhrá a hAonPól: Dia duit, a Áine, nach bhfuil an aimsir go hálainn?Áine: Tá, is dócha, ach is beag taitneamh a bhainfimidne as agus na

scrúduithe ag tosú an tseachtain seo chugainn.Pól: Sin é mar a bhíonn. Cogar, an bhfuil tú ullamh do na scrúduithe

céanna?Áine: An ag magadh atá tú, a Phóil? Tá mé ag guí le Naomh Jude de ló is

d’oíche! Dála an scéil fuair mé ríomhaire nua inné.

SOS

Pól: An mar sin é? Cén sórt ríomhaire atá ann?Áine: Is ceannDell é agus táim an-sásta leis mar bhí an sean-ríomhaire ó rath

amach is amach.Pól: An bhfuil mórán feidhmeanna air?Áine: Tá, go deimhin. Is féidir an t-Idirlíon a aimsiú, ceol a íoslódáil agus

9

Traic27

Traic28

Traic30

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 9

Page 11: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

grianghraif a phriontáil amach má cheanglaíonn tú an ceamaradigiteach leis. Is féidir a lán eile a dhéanamh leis chomh maith; bím agimirt cluichí air agus bainim úsáid as na bogearraí i gcomhair próiseáilfocal chomh maith.

Pól: Ní foláir nó go bhfuil do leathanach Bebo féin agat?Áine: Tá agus tá grianghraif díot féin agus de na leaids agam air – na cinn a

tógadh ag ceolchoirm Electric Picnic anuraidh.Pól: Is maith is cuimhin liom an lá sin. Caithfimid dul chuig ceolchoirm

nó dhó eile.Áine: Cinnte, a Phóil, nuair a bhíonn na scrúduithe damanta seo

críochnaithe! Mar adeir an seanfhocal: ‘Beidh lá eile ag an bPaorach.’Pól: Féach, a Áine, tá an bus anseo. Caithfidh mé brostú. Slán.

Comhrá a DóPeadar: Ní fhaca mé le fada tú, a Úna. Cá raibh tú in aon chor?Úna: Bhí mé ar saoire san Astráil, ag fanacht i dteach m’aintín i Sydney.Peadar: An-ghalánta ar fad a Úna! An raibh tú gar do thrá Bondi?Úna: Bhí, dar ndóigh. Chuaigh mé ag snámh ann go rialta le mo chol

ceathrar Jenni. An bhfuil a fhios agat cad a chiallaíonn an t-ainmBondi, a Pheadair?

Peadar: Níl a fhios agam. Cén chaoi go mbeadh? Ní raibh mé riamh sa Astráil!Úna: Is focal Aborigineach é agus ciallaíonn sé uisce ag briseadh ar na

carraigeacha.Peadar: Nach tusa atá eolach, a Úna. Dála an scéil, céard eile a rinne tú ann?

SOS

Úna: Rinne mé léim bungee agus ba bheag nár cailleadh leis an sceon mé!Peadar: Togha cailín! Ní dhéanfainn a leithéid ar ór na cruinne! Tagann

meadhrán i mo cheann fiú ar an gcnoc is ísle! Inis dom faoin léim, araon chuma.

Úna: Bhuel, bhí túr an-ard tógtha ar bhruach faille. Bhí Jenni meáite ar léimagus nuair a d’éirigh go seoigh léi gan dua ar bith, chinn mé féin ariarracht a dhéanamh. Suas liom go beo ach nuair a ceanglaíodh mochosa agus nuair a d’fhéach mé anuas tháinig líonrith orm. Bhí Jenniagus a cairde go léir thíos agus iad ag screadaíl orm dom ghríosú. Faoidheireadh, tharraing mé anáil, dhún mé mo shúile agus léim mé. Ibprapadh na súl bhí mé ag luascadh os cionn na habhann agus ansinligeadh síos mé gur aimsigh mé an bád.

Peadar: Sin éacht gan dabht! Seans go ndéanfaidh tú léim paraisiúit an chéaduair eile?

Úna: Chun na fírinne a rá, a Pheadair, tá mé ag smaoineamh air. Andtiocfaidh tú liom?

Peadar: Tiocfaidh lá éigin go gairid ach caithfidh tú mé a sháimhriú roimh ré!Go n-éirí leat, a Úna.

Úna: Go n-éirí leat féin, a Pheadair.

10

Traic31

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 10

Page 12: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Comhrá a Trí (ar an teileafón)Seán: Haló, Seán anseo.Liam: Bail ó Dhia ort, a Sheáin, chuala mé go raibh tú dom lorg inniu. Céard

a bhí uait?Seán: Bhuel a Liam, seans go bhféadfá gar a dhéanamh dom.Liam: Braitheann sin, is dócha. Cén sórt gair a bhí gceist agat?Seán: Tá ar intinn agam a iarraidh ar Aoife Ní Chofaigh teacht amach ar

choinne liom go luath amach anseo ach nílim ró-chinnte céard é ameas orm. Dá bhféadfása labhairt léi go discréideach fúm, bheadhtuairim níos fearr agam ar a laghad.

Liam: Cén fáth ar smaoinigh tú ormsa má’s ea, a Sheáin?Seán: Bhuel, ar an gcéad dul síos, tá aithne níos fearr agat uirthi agus, thairis

sin, tá tú ag siúl amach cheana féin lena cara Réiltín.

SOS

Liam: A Sheáin ba mhaith liom an méid seo a shoiléiriú: teastaíonn uaitiarraidh ar Aoife dul amach leat ach caithfidh mise a chinntiú gobhfuil cion aici ort cheana féin?

Seán: Sin é díreach é, a Liam! Beidh mé go mór faoi chomaoin agat mádhéanann.

Liam: Nach n-iarrfá féin uirthi dul amach leat, féachaint cén chaoi a bhfuilan scéal?

Seán: D’iarrfainn ach bheinn náirithe dá ndiúltódh sí agus ba mhaith lioma fháil amach cheana féin ar eagla na heagla!

Liam: Maith go leor, a Sheáin, fág fúm é agus smaoineoidh mé ar sheift éigin.Seán: Togha fir a Liam, níor fheall tú riamh orm! Glaoigh orm chomh luath

is a bhíonn scéala agat.Liam: Glaofaidh ach má’s drochscéal a bhíonn agam ná tóg orm é! Beir bua,

a Sheáin.

CUID CPíosa a hAonCailleadh Pádraig Ó Neachtain Dé hAoine seo caite. Chaith sé scór bliain marthraenálaí le foireann sacair Ráth Daingean Ceilteach agus bhí ardmheas sacheantar air de bharr gur éirigh chomh maith sin leis an bhfoireann snacraobhacha éagsúla. Fear ciúin ciallmhar ab ea é ach, in ainneoin sin, bhí ar achumas smacht a chur ar na himreoirí óga agus caitheamh go fial leo. BhíodhPádraig ag obair sa gharáiste áitiúil sular éirigh sé as obair deich mbliana ó shin.Adhlacfar i Reilig Ráth Daingean é maidin Dé Luain. Fágann sé bean chéile agusceathrar clainne fásta. Déanfaidh imreoirí óga garda onóir dó ag an séipéal.

Píosa a DóScaoil garda armtha urchar le linn robála i mBaile na Trá maidin inné. Fad a bhípinsinéirí ag bailiú a gcuid airgid istigh bhuail beirt fhear isteach agus bhagairsiad ar an máistir poist. Bhí maidí baseball acu beirt agus balaclavas orthu.Chonaic bean óg na robálaithe ag dul isteach in oifig an phoist agus chuir fios

11

Traic32

Traic34

Traic35

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 11

Page 13: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

gan mhoill ar na Gardaí ar a fón póca. Tháinig siadsan ar an láthair agus narobálaithe ag teitheadh ón áit le mála airgid. Nuair a scaoil garda urchar chunfainic a chur orthu d’ardaigh na robálaithe a lámha agus rug na gardaí orthu.Fuarthas an t-airgead go léir ar ais. Tabharfar na fir os comhair na cúirte DéCéadaoin.

Píosa a TríBaineadh geit as bean tí inné nuair a d’oscail sí mála bananaí a cheannaigh sísan ollmhargadh. Léim damhán alla mór amach agus rith trasna na cistine. Nífhaca an bhean damhán alla chomh mór leis riamh agus lig sí scread aisti. Ruga fear céile ar an damhán alla agus chuir i mbosca é. Nuair a rinneadh fiosrú aran scéal fuarthas amach gur tarantula a bhí ann. Tháinig fear ón zú agusbhailigh an damhán alla. Dúirt seisean gur cosúil gur tháinig an damhan allaas Equador, áit a raibh sé faoi cheilt i measc na dtorthaí. Cé nach gcuireann ant-ainmhí seo ga i ndaoine de ghnáth, sileann sé ribí gruaige a chuireanngreadfach sa chraiceann.

AONAD 4

CUID AFógra a hAonCailleadh sparán leathair taobh amuigh d’ollmhargadh Tesco i Ráth Fearnáin,Baile Átha Cliath, Dé Sathairn seo caite. Istigh sa sparán bhí suim mhór airgid,cártaí creidmheasa, eochair tí agus fáinne airgid. Dúirt an bhean ar léi an sparán,go raibh sí go mór trí chéile mar go raibh luach pearsanta ar an bhfáinne airgidach go háirithe agus go raibh imní uirthi faoi eochair an tí a bheith ar iarraidh.Tá dath dearg agus dubh ar an sparán agus tá sip órga air. Gheall an bhean luachsaothair don té a bheireann ar ais an sparán. Tá ainm agus sloinne na mná agna Gardaí i Stáisiún Ráth Fearnáin.

Fógra a DóTá DJ ag teastáil i gClub Óige an Chnoic ón tseachtain seo chugainn amach.Faraor, bhí ar Phádraig de Búrca, DJ cónaitheach an chlub, éirí as nuair a fuairsé post nua i mBaile Átha Cliath. Beidh ar an DJ nua a bheith sa chlub oícheamháin i rith na seachtaine agus a bheith ann oíche Dé Sathairn agus oíche DéDomhnaigh ach go háirithe. Is gá pearsantacht mhaith a bheith aige/aici agusguth láidir soiléir. Is gá freisin cur amach a bheith aige/aici ar gach uile chineálceoil nua-aimseartha. Is féidir scríobh chuig an stiúrthóir, Club Óige an Chnoic,nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] má tá suimag aon duine sa phost.

Fógra a TríPhléasc buama píobáin san oíche aréir taobh amuigh de theach in Ascaill naCoiribe, Baile Átha Cliath. Cé go ndearnadh an-damáiste do ghluaistéan agusdo dhoras an tí, ar ámharaí an tsaoil, níor gortaíodh aon duine istigh. Bhí bean

12

Traic36

Traic38

Traic39

Traic40

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 12

Page 14: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

an tí agus beirt pháistí ina gcodladh thuas staighre nuair a caitheadh an buamaisteach sa ghairdín. Cuireadh fios ar na Gardaí agus ar an mBriogáid Dóiteáinláithreach. Faoi láthair tá na comharsana ag cabhrú leis an teaghlach atá an-suaite go deo. Meastar gur bhain an pléascadh le haighneas idir baiclí drugaí sacheantar. Tá na Gardaí fós i mbun fiosraithe.

CUID BCómhrá a hAonMícheál: A Bhróna, an bhfuil rud ar bith ar siúl agat oíche Dé Sathairn seo

chugainn?Bróna: Ní dóigh liom é, a Mhichíl. Cén fáth, in ainm Dé?Mícheál: Bhuel, tá dhá thicéad agam do cheolchoirm na Saw Doctors i

nGaillimh agus ba bhreá liom dá dtiocfá liom.Bróna: Nach deas uait é sin, a Mhichíl. Ní fhaca mé riamh ag seinm na Saw

Doctors. An bhfaca féin?Mícheál: Chonaic, cinnte, nuair a bhí siad ag seinm sa Spidéal um Nollaig seo

caite. Bhí siad ar fheabhas.

SOS

Bróna: Agus an ndeachaigh tú le Pól agus le Daire ón gclub óige?Míchéal: Ní dheachaigh, chun na fírinne a rá. Chuaigh mé le Gearóidín Ní

Laoi.Bróna: Gearóidín Ní Laoi – an cailín rua callánach sin a bhfuil cónaí uirthi

ar an mBearna?Mícheál: Sin í, a Bhróna, ach níl Gearóidín chomh dona sin!Bróna: Ní féidir gur iarr tú ar a leithéid dul amach leat!Mícheál: Bhuel, ní raibh ann ach an cheolchoirm i ndáiríre. Cén dochar a

leithéid?Bróna: Ní gá duit í a chosaint. Tá Gearóidín lán-ábalta aire a thabhairt di

féin agus, de réir mar a thuigimse é, níl buachaill ar bith slán agus íamuigh. Cogar, a Mhichíl an bhfuil tú cairdiúil léi fós?

Mícheál: Chun na fírinne a rá ní fhaca mé le tamall í ach seans go mbeidh sísa chlub óige Dé hAoine.

Bróna: An mbeidh go deimhin? ’Séard a dhéanfaidh tú, mar sin, ná iarraidhuirthi dul go dtí an cheolchoirm leat arís!

Mícheál: A Bhróna, tar ar ais! Ná bí mar sin!

Comhrá a DóStiofán: Haló, an é sin Óstán na Carraige, Sligeach?Fáilteoir: Is é, go deimhin, a dhuine uasail, conas is féidir liom cabhrú leat?Stiofán: Ba mhaith liom seomra a chur in áirithe don deireadh seachtaine

seo chugainn, ón Aoine go dtí an Domhnach.Fáilteoir: Cé acu seomra singil nó seomra dúbailte a theastaíonn uait, a fhir

uasail?Stiofán: Déanfaidh seomra singil an gnó. An gá dom éarlais a thabhairt

cheana féin?

13

Traic42

Traic43

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 13

Page 15: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Fáilteoir: Ní gá, má thugann tú uimhir do chárta creidmheasa dúinn.Stiofán: Ar fheabhas an domhain. Seo é: Visa a cúig, a sé, a náid, a trí, a

seacht, a dó, a haon, a trí, a naoi.Fáilteoir: An-mhaith, agus cad é dáta éaga an chárta?Stiofán: Bealtaine na bliana seo chugainn. Cogar, cad a chosnaíonn seomra

singil in aghaidh an lae?

SOS

Fáilteoir: Céad euro do leaba agus do bhricfeasta amháin agus céad caogaeuro má bhíonn béile agat sa tráthnóna. Tá tairiscint speisialtaagainn, áfach an deireadh seachtaine seo chugainn – sin céadtríocha euro don leaba, don bhricfeasta agus don bhéile satráthnóna.

Stiofán: Ceart go leor. Buailfidh mé isteach tráthnóna Dé hAoine.Fáilteoir: Beimid ag súil leat, a dhuine uasail. An mbeidh an béile agat, mar

sin, sa tráthnóna?Stiofán: Ní bheidh – déanfaidh leaba agus bricfeasta an gnó. Slán.Fáilteoir: Slán agus go raibh míle maith agat. Tá súil agam go mbeidh tú lán-

sásta anseo.

Comhrá a TríDiarmuid: An gcreideann tusa i bpúcaí, a Shiobhán?Siobhán: Ní chreidim, a Dhiarmuid, agus ní chreidim sna sióga ná i nDaidí

na Nollag ach an oiread!Diarmuid: Bhuel dúirt Liam de Hóra go bhfaca a mháthair taibhse fadó agus

í ina cailín óg.Siobhán: An mar sin é? Inis dom an scéal agus inseoidh mé duit an bhfuil

craiceann na fírinne air!Diarmuid: Bhuel, de réir mar a bhí á rá ag Liam, bhí a sheanathair tar éis bás

a fháil. Ní raibh ann ach fear réasúnta óg agus bhí an chlann gomór trí chéile, go háirithe a mháthair a raibh an-ghrá aici dáhathair. Cúpla oíche tar éis na sochraide chuaigh máthair Liamsuas go dtí seomra leaba a hathar. Chonaic sí a hathair ina shuí aran leaba ansin agus miongháire ar a bhéal. Thuig sí ansin go raibhsé faoi shuaimhneas.

SOS

Siobhán: Nach aisteach an scéal é sin! Tá go leor scéalta cloiste agam atá araon dul leis ach níl a fhios agam an bhfuil siad fíor in aon chor.

Diarmuid: Má fhéachann tú ar YouTube is féidir taibhsí a fheiceáil. Bíonnpíosaí scannáin ann ina dtaispeántar taibhsí. Cuireann roinntdíobh siúd scanradh m’anama orm! Ar mhaith leat teacht chuigmo theachsa istoíche chun féachaint orthu?

Siobhán: Níor mhaith, a shlíbhín, is féidir liom féachaint ar YouTube ar moríomhaire féin ach b’shin sár-iarracht pé scéal é!

14

Traic44

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 14

Page 16: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Diarmuid: Tá sé thar agam a bheith ag brostú abhaile, a Shiobhán. Inis dommá fheiceann tú púca ar bith!

Siobhán: Inseoidh mé cinnte ach ná bí ag brath air!

CUID CPíosa a hAonBriseadh isteach i dteach Liam Uí Riain, taobh amuigh de shráidbhaile CillMhicil, oíche Dé Sathairn seo caite. Is baintreach fir é Liam atá ceithre scór bliaind’aois agus é ina chónaí leis féin ó d’imigh a mhac is óige ar imirce go dtí anAstráil. Cheangail beirt fhear óga an seanduine le rópa agus buaileadh go donaé. Ransaíodh an teach ansin agus ghlan na fir leo le ceithre chéad euro a bhí iseomra leapa an tseanduine. Tháinig comharsa ar Liam go moch an mhaidindar gcionn. Tógadh chuig an ospidéal é mar a bhfuil sé faoi láthair. Nil ségortaithe ró-dhona ach táthar á choimeád istigh chun grinniú a dhéanamh air.Tá gardaí an cheantair ag fiosrú an scéil.

Píosa a DóCuireadh moill ar eitiltí ó Aerfort Bhéal Feirste inné. Bhí fadhb ag stiúrthóiríaerthráchta mar go raibh an radar as ord agus ní raibh an dara rogha acu ach naheitiltí a chur ar ceal. Fágadh na mílte daoine san aerfort ar feadh an lae aguschaill go leor díobh a n-eitiltí thar lear. Tugadh lóistín oíche do na céadta daoinesna hóstáin áitiúla. Faoi dheireadh réitíodh an fhadhb agus d’éirigh na heitleáinó thalamh go luath ar maidin. Ghabh údaráis an aerfoirt a leithscéal as an moilla cuireadh ar na paisinéirí ach dúirt siad nach raibh aon dul as acu achsábháilteacht na bpaisinéirí a chur san áireamh.

Píosa a TríBeidh plé agus díospóireacht poiblí i bPobalscoil na Carraige ar bhaol nandrugaí Dé Luain seo chugainn. I measc na gcainteoirí beidh Garda Siún dePaor as stáisiún na Carraige, siceolaí as Ospidéal Naomh Shéamais agus BrídBean Uí Chinnéide, a bhfuair iníon léi bás de dheasca andúil drugaí trí blianaó shin. Tá an-imní ar thuismitheoirí na ndaltaí mar tá úsáid na ndrugaí ag dulin olcas le dhá bhliain anuas. Meastar go bhfuil gach cineál druga ar fáil fiú snabailte beaga tuaithe agus tá na cainteoirí ag iarraidh an droch-nós seo a chosctrí comhairle a leasa a thabhairt do na daltaí. Beidh seans ag gach uile dhaltaceisteanna a chur ar na cainteoirí.

AONAD 5

CUID AFógra a hAonBhí comórtas tallainne ar siúl i gColáiste na gCnoc Glas, Cill Mhantáin, DéhAoine seo caite. Ghlac daltaí na scoile go léir, ón chéad bhliain go dtí an séú

15

Traic46

Traic47

Traic48

Traic50

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 15

Page 17: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

bliain, páirt sa chomórtas. Thosaigh na himeachtaí ar a dó a chlog agus lean araghaidh go dtí a cúig a chlog sa tráthnóna. Ba é an tUasal Liam Ó Neachtain,múinteoir dráma na scoile, a bhí ina mholtóir ar an gcomórtas. Cé go raibh ancaighdéan chomh hard sin go raibh sé deacair buaiteoir a aimsiú, ba í AislingNí Riagáin a bhuaigh an chéad duais. Is amhránaí den scoth í Aisling atá sa tríúbliain. Bhain Seán Ó Broin, ón chéad bhliain, an dara duais as feabhas a chuidrince agus ba í Síle de Róiste a bhain an tríú duais. Is fuirseoir í Síle agus bhí anlucht féachana san tríthí ag féachaint uirthi.

Fógra a DóBeidh sladmhargadh ar siúl i siopa éadaí Uí Riagáin, Baile Bhuirne, ContaeChorcaí, Dé Sathairn seo chugainn. Tosóidh an sladmhargadh ar a naoi a chlogar maidin agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí lár na seachtaine dar gcionn.Beidh an-chuid margaí ar fáil idir cótaí do dhaoine fásta ar leathphraghas, brístídenim don aos óg, sciortaí agus casóga nua-aimseartha. Osclóidh an mainicíncáiliúil Laura Montgomery an sladmhargadh go hoifigiúil agus meastar gombeidh slua mór ann d’fhonn Laura a fheiceáil. Tá cáil ar an mainicín seo debhrí gur minic í ar an gclár faisin Off the Rails ar RTÉ.

Fógra a TríBeidh dream daoine óga ó Chlub Óige Chathair na Máirt, Contae Mhaigh Eo,ag dul ar thuras oideachais go Baile Átha Cliath Dé hAoine seo chugainn. Tá anturas á reachtáil ag Bean Uí Néill, oibrí soisialta an chlub. Tabharfaidh na daoineóga cuairt ar Áras an Uachtaráin, mar a mbuailfidh siad leis an Uachtarán agusbeidh lón speisialta ansin acu i dTeach an Ardmhéara. Rachaidh siad go Coláistena Trionóide ina dhiaidh sin chun féachaint ar Leabhar Ceannanais agustabharfaidh siad cuairt freisin ar láithreacha stairiúla eile sula bhfilleann siad arbhus speisialta ar a deich a chlog.

CUID BComhrá a hAonAn tUasal de Búrca: A Thomáis, chruthaigh tú go maith san aiste Ghaeilge.

Fuair tú grád A.Tomás: Go raibh míle maith agat, a Mháistir, beidh lúcháir ar

mo thuismitheoirí!An tUasal de Búrca: Beidh, gan dabht, ach tá fadhb bheag amháin agam, a

Thomáis. Go dtí seo bhí do chuid aistí lag go leor agusbhí an-chuid botún iontu. An amhlaidh a fuair túceachtanna breise sa Ghaeilge?

Tomás: Ní bhfuair, a Mháistir. Ní raibh ann ach go ndearna méstaidéar breise le seachtain anuas.

An tUasal de Búrca: An mar sin é, a bhuachaill? An raibh tú ag staidéar leatféin nó le Raonaid Ní Mhaitiú?

Tomás: Ní thuigim céard atá i gceist agat, a Mháistir. Cén fáth arluaigh tú Raonaid?

An tUasal de Búrca: Luaigh mé Raonaid mar tá an-Ghaeilge go deo aici agus

16

Traic51

Traic52

Traic54

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 16

Page 18: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

go bhfuil ar a cumas aistí den scoth a scríobh. Déanta nafírinne, tá an aiste a scríobh tusa an-chosúil le haisteRaonaid! Nach aisteach é sin mar scéal?

Tomás: Ní thuigim sin ar chor ar bith a Mháistir.

SOS

An tUasal de Búrca: Bhuel, tá brón orm a Thomáis, mura dtuigeann, ach támé féin ag ceapadh go dtuigeann tú féin go rí-mhaithcéard a tharla. Ní chuirfidh mé fiacail ann. Rinne túcóipeáil ar aiste Raonaid, nach ndearna?

Tómás: Bhuel, thug sí cabhair bheag dom ach . . .An tUasal de Búrca: Is leor sin anois! Fanfaidh tusa istigh tar éis na scoile

um thráthnóna agus déanfaimis fiosrú níos iomláine aran scéal.

Tomás: Ach a Mháistir . . .An tUasal de Búrca: Bí i do thost anois, a bhuachaill, tá an scéal sách dona

mar atá sé. Ná déan rudaí níos measa duit féin.

Comhrá a Dó (ar an teileafón)Séamas: An bhfuil aon scéal agat, a Neasa?Neasa: Tá, go deimhin, bhí mé ag cóisir i dteach Áine aréir.Séamas: Chuala mé go raibh an chóisir sin ar siúl ach ní bhfuair mé cuireadh

ar bith chuige.Neasa: Séamas bocht! Bhuel, bhí an chóisir ar fheabhas.Séamas: Ná saill é, a chailín! Cuimhnigh nár tugadh cuireadh dom! Céard a

tharla, pé scéal é?Neasa: Bhí slua mór ón scoil agus ón gclub óige ann. Bhí bia a shásódh rí

againn ar dtús agus ansin tugadh isteach cáca breithlae Áine agusseacht gcoinneal deag ar lasadh air. Bhí an-aoibh ar Áine, dar ndóigh,mar fuair sí an t-uafás bronntanas. Ach, ar aon chuma, thosaigh anceol ansin.

SOS

Séamas: An ceol? An ag caint faoi dhioscó atá tú?Neasa: Níl, a Shéamais. Nach bhfuil aithne agat ar Phól agus ar Liam Ó

Meara?Séamas: Tá, aithne súl amháin – ach deirtear go bhfuil siad go maith chun ceol

a sheinm.Neasa: Leag tú do mhéar air, a Shéamais! Seinneann siad beirt an giotár agus

is amhránaithe den scoth iad freisin. Lean an ceol ar aghaidh go dtíbreacadh an lae nach mór agus ní dóigh liom gur tháinig tuirse ardhuine ar bith. Is trua nach raibh tú ann. Ní raibh mé ag cóisir chomhmaith leis ó bhí me deich mbliana d’aois, déarfainn.

Séamas: Tuigim cén fáth nár thug Áine cuireadh dom.Neasa: Cén fáth, in aon chor, a Shéamais?

17

Traic55

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 17

Page 19: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Séamas: Bhuel, an mhí seo caite d’iarr sí ormsa dul go dtí an Debs léi agus dúirtmise go raibh páirtí agam cheana féin. Ní foláir nó go raibh náire agusolc uirthi mar d’imigh sí agus drochstuaic uirthi. Ní haon ionadh nártugadh cuireadh dom.

Neasa: Is maith an scéal tú, ach ná bí ró-bhuartha, beidh tú ag mo chóisirféin an mhí seo chugainn ach caitheamh go fial liom idir an dá linn!Slán agat a Shéamais.

Séamas: Slán leat a Neasa, beidh mé ag tnúth leis!

Comhrá a TríPeadar: Móra duit ar maidin a Shíle. Ar chuala tú faoi mháthair Liam?Síle: Níor chuala, tá súil agam nach droch-scéala é?Peadar: Ní hea in aon chor, a Shíle – dea-scéala. Bhuaigh sí sa Chrannchur

Náisiúnta.Síle: I ndáiríre a Pheadair, cé mhéid airgid a bhí i gceist?Peadar: Creid é nó ná creid, bhuaigh si dhá mhilliún euro!Síle: Ní féidir gur bhuaigh sí an méid sin airgid!Peadar: Sin é a bhuaigh sí agus, mura gcreideann tú mé, glaoigh ar Liam féin.Síle: Cathain a fuair sí amach?Peadar: Bhí sí féin agus athair Liam ag féachaint ar an teilifís Dé Céadaoin.

Nuair a rinne sí seiceáil thuig sí go raibh na sé uimhreacha aici. DúirtLiam gur bhéic sí féin agus a athair in ard a gcinn is a ngutha agus gurbhuail siad ansin ar dhoras a gcomharsan, Bean Uí Dhálaigh. Bhídeoch acu go léir istigh chun an ócáid a cheiliúradh!

SOS

Síle: Céard a dhéanfaidh siad leis an airgead?Peadar: Nílim ró-chinnte ach tá sé i gceist ag athair Liam éirí as obair. Is cosúil

go mbeidh cóisir mhór ar dtús ag a thuismitheoirí agus ansin godtabharfaidh siad turas mara domhanda.

Síle: Nach méanar dóibh! Cad faoi Liam féin? An mbeidh sé sásta fóslabhairt linn?

Peadar: Cinnte beidh, a Shíle. Ní bhíonn éirí in airde ann. Dála an scéil gheallsé go mbeadh cóisir aige féin dá chairde go léir!

Síle: Tá súil agam go mbeidh mé ann.Peadar: Beidh cinnte. Tá sé splanctha i do dhiaidh! Má imríonn tú do chluiche

go maith, a Shíle, seans go mbeidh fear céile saibhir agat!Síle: Caith uait an amaidí, a Pheadair. Má fheiceann tú Liam abair go raibh

mé ag cur a thuairisce agus go mbeidh mé an-sásta teacht go dtí anchóisir!

Peadar: Déanfaidh mé sin agus fáilte a Shíle. Slán.

18

Traic56

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 18

Page 20: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

CUID CPíosa a hAonGortaíodh fear óg as Contae Ros Comáin le linn Féile na dTarbh i bPamplonana Spáinne an deireadh seachtaine seo caite. Le linn Féile San Fermin is gnáchsé tharbh agus tréad bullán a scaoileadh sa tsráid agus ligean dóibh rith go dtían cró tarbhchomhraic. Ritheann slua fear óg ar aghaidh na n-ainmhithe go dtían cró. Is cosúil gur rith Pádraig Ó Sé ar aghaidh na dtarbh ach gur thit sé.Sháigh ceann des na tairbh lena adharca é agus tógadh go dtí an t-ospidéal é ganmhoill. Deirtear go bhfuil Pádraig as baol anois ach bhí an t-ádh dearg leis nármaraíodh é. Gortaítear an-chuid fear óg sa bhféile seo gach bliain.

Píosa a DóLeagadh bean óg agus a hiníon óg i dtimpiste bóthair inné. Agus iad ag filleadhabhaile ó na siopaí i gCill Mhór, tháinig gluaisteán an bóthar anuas faoi luasard. Rinne an bhean óg iarracht a hiníon a bhrú as an tslí ach níor éirigh léi.Caitheadh an bheirt acu i gcoinne falla agus gortaíodh an bhean go dona. Níorbhain ach mionghortú don pháiste. Ghabh na Gardaí ó Stáisiún na Cille Móirebeirt fhear óg ag láthair na timpiste. B’iad sin tiománaí an ghluaisteáin féin aguspaisinéir an tsuíocháin tosaigh. Beidh an bheirt os comhair na cúirte Dé hAoineseo chugainn. Ní fios fós cén bhail atá ar an mbean óg.

Píosa a TríThángthas ar phiscín óg i gclaí ar Bhóthar Bhaile an Teampaill aréir. Bhí fearagus a mhac amuigh ag siúl nuair a chuala siad meamhlach an phiscín. Rugsiad abhaile leo í agus thug bainne agus bia cait di. Is piscín gleoite an piscínagus tá dath dubh agus bán uirthi. Cé gur mian le páistí óga an tí an t-ainmhía choimeád, ba mhaith leis an teaghlach teacht ar úinéir an ainmhí gan mhoill.Má’s leatsa an piscín déan teagmháil leis an Uasal Ó Riordáin, Ard an Rátha,Baile an Teampaill nó is féidir ríomhphost a sheoladh [email protected].

AONAD 6

CUID AFógra a hAonSeo agaibh réamhaisnéis na haimsire. Beidh sé ceomhar anocht ar fuaid na tírego léir ach glanfaidh an ceo le héirí na gréine amárach agus beidh tréimhsí gealaann. Ardóidh an ghaoth san iarnóin agus beidh gálaí gaoithe aniar ann, aleathfaidh trasna na tíre. Beidh an ghaoth an-láidir agus moltar dothiománaithe a bheith an-chúramach ar na bóithre. Beidh an teocht idir a cúigchéim agus a deich gcéim Celsius anocht ach titfidh sé amárach go dtí anreophointe agus is é trí chéim Celsius an teocht is airde a bheidh ann ar feadhan lae. Beidh sé tirim ar fuaid na tíre go léir.

19

Traic58

Traic59

Traic60

Traic62

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 19

Page 21: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Fógra a DóRobáil beirt fhear Banc na hÉireann, Maigh Nuad, Co. Chill Dara go luathmaidin inné. Bhí duine amháin acu gléasta in éadaí mná. Ní túisce an banc abheith oscailte ná gur rith na fir isteach agus bhagair ar fhoireann an bhainc. Bhígrán-ghunna giortaithe ag duine des na fir agus gunnán Biretta ag an duine eile.Ní raibh aon dul as ag an airgeadóir ach caoga míle euro a thabhairt dóibh.D’éalaigh na fir ansin i BMW dubh. Thug bean a bhí sa bhanc a gcomharthaído na Gardaí agus tá siadsan sa tóir orthu. Níor gortaíodh aon duine sa robáil.

Fógra a TríThit eitleán ag Aerthaispeántas Farnborough i Sasana inné. Eitleán troda Harriera bhí san eitleán agus bhí an píolóta ag eitilt gar don talamh nuair a chlis arinneall an eitleáin agus chaill sé cumhacht. Ar ámharaí an tsaoil d’eisteilg anpíolóta agus tháinig slán gan aige ach mionghortú amháin. Phléasc an t-eitleánnuair a thit sé ach níor gortaíodh aon duine mar is ar an mblár fairsing a thitsé. Baineadh an-gheit as an lucht féachana agus thit roinnt daoine i laige.Déanfar fiosrú iomlán ar an tuairteáil chun a fháil amach céard a tharla doneitleán agus chun deimhin a dhéanamh nach dtarlaíonn a leithéid arís.

CUID BComhrá a hAonRóisín: Comhghairdeas a Rónáin. Bhí tú ar fheabhas sa chluiche sacair Dé

hAoine.Rónán: Go raibh maith agat, a Róisín, níl aon bhall i mo chorp nach bhfuil

pian ann mar bhí foireann Rovers an-gharbh go deo!Róisín: Shíl mé go raibh deireadh libh sa dara leath mar bhí sibh ar deireadh

ach, a bhuíochas leatsa, chuir tú cúl isteach ar an nóiméad deireanachagus rug a mbua orthu!

SOS

Rónán: An raibh Clár Ní Riain ag féachaint ar an gcluiche, meas tú?Róisín: Cén sórt ceiste í sin, a Rónáin? Cén difríocht a dhéanfadh a leithéid?Rónán: Bhuel, bhí mé chun a iarraidh ar Chlár teacht amach go dtí na

scannáin liom ag an deireadh seachtaine. Bheadh seans níos fearr gombeadh sí sásta teacht amach liom dá rachadh mo scileanna peile ibhfeidhm uirthi!

Róisín: Nach tusa atá muiníneach asat féin! Chomh fada agus is eol domsa,bhí Clár ag an gcluiche ach ná himigh as do chraiceann le gliondargo fóill mar bhí a haird ar Liam Ó Broin!

Rónán: Liam Ó Broin an leaid beag fionn sin? Ní dhearna seisean tada! Níorscóráil sé cúl ar bith!

Róisín: Ara, nílim ach ag magadh fút, a Rónáin! Rinne tú an-imprisean godeo ar Chlár – sin é a thuigim féin. Bhí sí ag rá leis na cailíní tar éis anchluiche gur cheap sí go raibh tú cool!

Rónán: Tugann sin an-mhisneach dom, a Róisín. Glaofaidh mé uirthi anocht.

Traic63

20

Traic64

Traic66

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 20

Page 22: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Róisín: Bíodh go leor airgid agat ar an oíche, ma’s ea. Tá dúil ag Clár i rudaíbreátha galánta!

Comhrá a Dó (ar an teileafón)Rónán: Haló, an í sin Clár Ní Riain?Clár: Is í. Cé hé sin?Rónán: Rónán Mac an Easpaig anseo. Ar bhain tú taitneamh as an gcluiche

sacair Dé hAoine seo caite?Clár: Bhain cinnte, a Rónáin. Bhí tú féin go hiontach ar fad. Bheadh an

cluiche caillte murach tusa.Rónán: Ó, go raibh maith agat, a Chláir, bhain mé féin taitneamh as cé go

bhfuil pian fós agam sna cosa. Bhí Rovers ina n-ainmhithe agus iad an-gharbh mar imreoirí! Dála an scéil, bhí mé chun a iarraidh ort teachtamach liom go dtí na scannáin oíche Dé Sathairn. An mbeadh suimagat ina leithéid?

SOS

Clár: Ba bhreá liom dul amach leat a Rónáin ach, chun na fírinne a rá, nímaith liom na scannáin. Cad faoi béile i mbialann?

Rónán: Maith go leor, mar sin. Bhí mé ag smaoineamh ar Captain America nóBurger King sa Chearnóg.

Clár: Bhí mé féin ag smaoineamh ar bhialann níos galánta – Caibidil a Dónó Le Garcon, bh’fhéidir. Ní fhéadfainn cur síos ar an mbia tá séchomh blasta sin! An bhfuil a fhios agat gur mhol Jamie Oliver gospéir an dá bhialann sin!

Rónan: Bhuel, má’s é siúd a thaitníonn leat, cad chuige nach rachaimid?Cuirfidh mise bord in áirithe gan mhoill!

Clár: Ó a Rónáin, tá sceitimíní orm cheana féin fiú ag smaoineamh air! Cámbuailfidh mé leat?

Rónán: Abraimis Tí Chualáin, ar thaobh na Cearnóige, ar a hocht a chlog. (Cábhfaighidh mé an t-airgead in ainm Dé? Bhí an ceart ag Róisín!)

Comhrá a TríGlen: Céard a tharla duit in ainm Dé, a Eoin? Tá súl dhubh agat agus tá

d’aghaidh brúite. An raibh tú i dtroid?Eoin: Ní raibh a Ghlen, tá sórt náire orm a insint duit céard a bhain dom!Glen: Caithfidh tú rud éigin a rá. Ní féidir leat brú craicinn mar sin a cheilt.

Inis dom, ar chor ar bith, cad a tharla duit?Eoin: An mbíonn tú ag féachaint ar Jackass ar an teilifís?

SOS

Glen: Bíonn, cinnte agus chonaic mé an scannán tamall ó shin. Abair leat,a Eoin.

Eoin: I mbeagán focal bhí mé féin agus Colm de Barra ag iarraidh impriseana dhéanamh ar Mháire Nic Eoin agus Úna Brett. Dúramar go raibh i

21

Traic67

Traic68

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 21

Page 23: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

gceist againn cleas a imirt – ’sé sin léim amach fuinneog an tseomraleapan agus teacht anuas ar an bhfaiche thíos.

Glen: An raibh an bheirt chailíní sa ghairdín thíos ag féachaint ort?Eoin: Bhí, faraor, agus iad dár ngríosadh an t-am ar fad. Is duine aclaí é

Colm agus chuaigh seisean de léim trín bhfuinneog ar dtús.Glen: Conas a d’éirigh leis?Eoin: D’éirigh go breá leis. Léim sé an fhuinneog amach agus rinne tóin thar

cheann gur thuirling ar an bhfaiche thíos gan dua. Bhí na cailíní agbualadh bos agus ag screadaíl.

Glen: Cad fút féin? Ar léim tú féin ansin?Eoin: Léim, ach níorbh fhada go raibh an cleas ina phraiseach. Tháinig

athair Choilm amach an doras gan choinne agus mé san aer. Tháinigmé anuas ar mhullach a chinn agus is beag nár mharaigh mé an fearbocht. Thit mé féin go trom ansin ar an gcosán agus sin é a fheiceanntú – an brú craicinn gránna!

Glen: Céard a cheap na cailíní?Eoin: Ná luaigh na cailíní céanna! D’imigh siad leo sna tríthí agus níor

tháinig siad i gcabhair orm féin ná ar athair Eoin in aon chor. Anoisbíonn siad ag screadaíl orm i gcónaí ‘Jackass,’ ‘Stuntman,’ agus rudaí ibhfad níos measa! Tá ceacht dóite foghlamtha agam!

Glen: Tá, gan dabht a Eoin!

CUID CPíosa a hAonTá muintir Ascaill na Cille, Dún Dealgan, Contae Lú, an-bhuartha faoi iompardéagoirí sa cheantar. Dúirt an Comhairleoir Peadar Ó Laoghaire go mbíonnbaiclí ag bailiú sa lána istoíche. Bíonn na daoine óga seo ag ól cannaí beorachagus ag tógáil raice. Tá an lána, atá idir Ascaill na Cille agus Faiche na Cille,millte acu cheana féin le cannaí agus le bruscar. Faraor, nuair a d’iarr roinnt dena daoine áitiúla orthu bailiú leo, maslaíodh iad agus caitheadh clocha lenadtithe. Ba mhaith le muintir na háite an lána a dhúnadh ach is cosúil godtógfaidh sé seo bliain ar a laghad. Idir an dá linn mhol an Comhairleoir dothuismitheoirí smacht a choinneáil ar a bpáistí.

Píosa a DóBhí rí-rá agus ruaille buaille ar mhótarbhealach an M50 inniu nuair a thuirlingeala air agus nuair a thosaigh ag siúl trasna an bhóthair. Chualathas díoscán nagcoscán nuair a rinne tiománaithe iarracht stopadh go tobann. Níor gortaíodhduine ar bith agus d’éirigh leis an eala an bóthar a thrasnú go slán sábháilte. Bhísé ag cur báistí go trom ag an am agus meastar gur cheap an t-éan gur loch a bhísa mhótarbhealach. Is minic a mharaítear ealaí nuair a thagann siad anuas arbhóithre a bhfuil trácht orthu. Maraítear na héin freisin nuair a bhuaileann siadfaoi cháblaí leictreacha lastuas. Greamaítear liathróidí móra oráiste de na cáblaíanois chun na healaí a chur ar a n-aire.

22

Traic70

Traic71

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 22

Page 24: Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 1 Léas agus LasairNóirín: Imrím camógaíocht le foireann na scoile agus bhí gearranáil orm an t-am ar fad. Mhol an traenálaí dom

Píosa a TríBhuaigh Nóra Ní Anluain an chéad duais i gcomórtas filíochta Gaeilge dodhaoine óga faoi bhun ocht mbliana déag an tseachtain seo caite. Rinne Bancna hÉireann urraíocht ar an gcomórtas i gcomhar leis an nuachtán Foinse. NílNóra ach trí bliana déag d’aois ach roghnaíodh a dán ‘An Pictiúr’ as breis is míledán a cuireadh isteach. Dúirt duine de na moltóirí, Nollaig Ó Floinn, go raibhard-chaighdeán sa dán agus go raibh tuiscint ag Nóra os cionn a haoise.Bronnadh seic cúig chéad euro ar Nóra agus foilseofar an dán i Foinse naseachtaine seo chugainn.

23

Traic72

Tapescript:Layout 1 21/04/2010 14:39 Page 23