Upload
others
View
3
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
2
Intreoir Tá scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta ann ó chineálacha difriúla leabhar. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe astu. Cuirfear ceisteanna ort maidir leis na sleachta féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta. De réir mar a oibríonn tú tríd an leabhar déan tagairt don Ghluais agus don Chlár am ar bith a ba mhaith leat.
Clár leathanach An Brat-Rothar 3 Cearta an Tomhaltóra 8 Deilfeanna 9 Alastar Mór 14 An Baile Gandath 15 Ceisteanna Ginearálta 21 Gluais 22 Leabharliosta 22 Innéacs 22
3
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
An Brat-Rothar
Maidin Dé Luain a bhí ann, bhí sé ag stealladh báistí agus ba é an chéad lá ar
ais ar Bhunscoil an Chlocháin i ndiaidh laethanta saoire na Nollag é. Sin an
fáth a raibh drochaoibh ar gach duine i Rang 3.
Bhí Pádraigín Nic Grianna i ndiaidh bheith dímhúinte le Melanie, agus bhí
Melanie ag caoineadh (cé go mbíonn cúis chaointe i gcónaí ag Melanie). Bhí
Séimí Ó Mórdha ag iarraidh argóint a thosú leis an chúpla, Tomás agus
Peadar. Agus bhí drochaoibh amach ar an Uasal MacPháidín mar ní raibh
iomrá ar bith ar an mhúinteoir úr do Rang 3.
“Níl a fhios agam cá háit a bhfuil sé,” ar seisean de mhonabhar le Rang 3.
“Ba cheart dó bheith anseo ar a naoi a chlog do thús am scoile. Anois tá sé
chóir a bheith a deich a chlog agus ba cheart dom bheith ag teagasc Rang 2.
Beidh orainn na doirse fillte a oscailt agus ligeann daoibh an ceacht céanna a
dhéanamh leosan.”
Lig Rang 3 osna astu. Shíl siad go raibh siad féin iontach tábhachtach
agus ní raibh fonn dá laghad orthu ceacht a bheith acu le Rang 2. Ní raibh i
Rang 2 ach babaithe beaga.
“Breast seo!” arsa An tUasal MacPháidín faoina anáil agus é ag streachailt
leis na doirse fillte a bhí idir an dá sheomra ranga,
“Cuideoidh mise leat, a Uasail Mhic Pháidín,” arsa Séimí Ó Mórdha, cé
nach raibh sé ach ag iarraidh cur isteach air, mar bá ghnách. Ansin, scairt
gach duine d’aon ghuth: “Ná lig do Shéimí é a dhéanamh, tá sé gan úsáid, lig
domsa cuidiú leat,” agus bhí ruaille buaille millteanach ann.
Ach i dtobainne thit tost ar an áit. Baineadh siar as an iomlán acu.
Bhí an tUasal MacPháidín ag útamáil leis na doirse fillte go fóill agus ní
fhaca sé cad é a bhí ag tarlú. Ach chonaic Rang 3 é.
D’oscail ceann d’fhuinneoga móra an tseomra ranga as a stuaim féin agus
d’eitil rud éigin isteach.
Fear ar bhrat draíochta a bhí ann.
1
5
10
15
20
25
4
Ní raibh amhras ar bith ann faoi sin. D’aithin Rang 3 brat draíochta gan
stró. Bhí Alaidin agus an cineál sin scéalta léite acu uile. Tá Alaidin breac le
brait dhraíochta. Ach níorbh é seo Alaidin. Bunscoil an Chlocháin a bhí ann,
ar mhaidin fhliuch Luan. Agus ní nochtann brait dhraíochta i scoileanna. Bhí
a fhios sin ag Rang 3. Agus, mar sin, shuigh siad ag stánadh air.
D’fhan an brat ar foluain san aer ar feadh tamaill, mar a bhí sé idir dhá
chomhairle faoi cad é a ba cheart dó a dhéanamh. Ansin thuirling sé de
phlimp ar an urlár. “Á!” arsa an fear a bhí ina shuí air.
Bhí cuma mheasartha aosta air. Bhí meigeall féasóige air agus bhí súile
lonracha le feiceáil ar chúl péire spéaclaí. Bhí a chuid éadaí agus a chuid
gruaige fliuch mar gheall ar an fhearthainn. Ní raibh rud ar bith aisteach faoin
chuma a bhí air – seachas go raibh sé ina shuí ar bhrat draíochta.
“Ní thig liom seo a dhéanamh,” arsa an tUasal MacPháidín agus é ag brú
leis ar na doirse fillte, “beidh orm an feighlí a fháil.”
Is ansin a thug sé mo dhuine ar bhrat faoi deara.
“Cad é – Cén dóigh – M’anam!” ar seisean. Níor fágadh focal ag an Uasal
MacPháidín mar a tharlaíodh i gcónaí ar ócáidí mar seo agus é trína chéile.
D’éirigh fear an bhrait ina sheasamh.
“Mac an Draoi,” ar seisean go múinte ag síneadh a láimhe chuig an Uasal
MacPháidín.
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cén frása ó pharagraf 1 a insíonn dúinn go raibh sé ag cur fearthainne? A ba é a chéad lá
B i ndiaidh laethanta
C ag stealladh báistí
D drochaoibh ar gach
E fáth a raibh
35
30
1
45
40
5
Cé acu an t-ord ceart de na himeachtaí sa scéal seo? A níl múinteoir ag Rang 3, eitlíonn brat draíochta isteach, an chéad lá ar scoil
B eitlíonn brat draíochta isteach, an chéad lá ar scoil, níl múinteoir ag Rang 3
C níl múinteoir ag Rang 7, eitlíonn éan draíochta isteach, an chéad lá ar scoil
D eitlíonn carr draíochta isteach, an chéad lá ar scoil, níl múinteoir ag Rang 3
E an chéad lá ar scoil, níl múinteoir ag Rang 3, eitlíonn brat draíochta isteach Cad chuige a raibh Melanie ag caoineadh? A Bhí an príomhoide iontach crosta.
B Bhí an cúpla ag argóint lena chéile.
C Tháinig fear isteach sa rang ar bhrat draíochta.
D Bhí Pádraigín Nic Granna i ndiaidh bheith dímhúinte léi.
E Níor tháinig an múinteoir nua go fóill. Cad chuige a raibh droch-aoibh ar an Uasal MacPháidín? A Ní raibh iomrá ar bith ar mhúinteoir nua do Rang 3 go fóill.
B Bhí an cúpla ag argóint le chéile.
C Bhí Seán Ó Mórdha ag iarraidh cur isteach air.
D Tháinig an múinteoir nua ar scoil ar bhrat draíochta.
E Bhí Melanie ag caoineadh. Cad chuige a raibh Séimí Ó Mórdha ag iarraidh cuidiú leis an Uasal MacPháidín? A le Rang 2 a fheiceáil
B le ham a chur amú
C le cur isteach air
D ní raibh sé ábalta an obair s’aige a dhéanamh
E bhí sé ag iarraidh a fháil amach an raibh draíocht aige
2
3
4
5
6
Cén dóigh ar mhothaigh na páistí nuair a chonaic siad an brat draíochta? A Bhí fearg orthu.
B Bhí brón orthu.
C Bhí iontas orthu.
D Bhí náire orthu.
E Bhí ocras orthu. Cad is ciall leis an fhrása, ‘bhí sé idir dhá chomhairle’ ar líne 34? A Thug sé amach do na daltaí.
B Bhí sé ag iarraidh tacaíocht a fháil ón Chomhairle Contae.
C Bhí sé ina sheasamh idir dhá sheomra.
D Ní raibh sé cinnte cad é a ba chóir dó a dhéanamh.
E Bhí sé lán cinnte cad é a bhí le déanamh aige. Cad is ciall leis an fhrása ‘ar foluain’ ar líne 34? A socrú síos go réidh ar an talamh
B bheith os cionn an talaimh gan tacaíocht
C gan rud ar bith bheith istigh ann
D bheith ina shuí ar rud éigin
E imeacht go gasta
Ach i dtobainne thit tost ar an áit. Baineadh siar as an iomlán acu.
Cé acu an dá bhriathar sna habairtí seo? A ach agus i
B dtobainne agus tost
C thit agus baineadh
D tost agus áit
E siar agus iomlán
6
7
8
9
7
Cé acu an dá aidiacht i bparagraf 4? A tábhachtach agus beaga
B osna agus astu
C fonn agus laghad
D ceacht agus babaithe
E lig agus shíl
10
8
Tá meancóga litrithe sa sliocht seo. Ar gach líne uimhrithe tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Cearta an Tomhaltóra
Is breá le gach páiste bréagán nua a cheannach, é a thamhairt abhaile le súgradh leis, ach cad é a thuig leat a dhéanamh muna n-oibríonn an rud a ceannaigh tú mar is ceart? Tá cearta an tomhaltóra agat. Má tá rud éigin cearr leis an rud a cheannaigh tú, seans go bhfaighidh tú aisíoc, ceann nua nó seans go ndeiseoidh an sioppa ónar cheannaigh tú é. Ná fean ró-fhada, caithfidh tú an rud briste a thabhairt ar ais a luaithe is féidir. Má cheannaigh tú an bréagán sé bhí ó shin nó níos lú agus tá rud éigin carr leis, ba chóir go nglacfaidh an díoltóir leis go raibh sé lochtach nuair a cheannaigh tú é. Má tá sé soiléir, áfach, go bhfuil an rud brisste mar gheall ort féin, bhuel ní chaithfí sé é a dheisiú nó aisíoc a ofráil.
11 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
12
13
14
15
16
17
18
19
20
9
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Deilfeanna
Cé go gcónaíonn siad in uisce, ní éisc deilfeanna ach mamaigh na mara.
Ciallaíonn sin go bhfuil siad aon-teasach agus go gcothaíonn siad a n-óga le
bainne. Tugtar bó ar an deilf bhaineann, tugtar tarbh ar an deilf fhireann
agus tugtar lao ar an deilf óg. Cónaíonn siad i scoil nó ráth atá déanta de 10
nó 12 deilf. Déanann siad cónaí i ngrúpaí móra sa dóigh is go dtig leo iad
féin a chosaint ó chreachóirí. Faoi láthair, tá 36 cineálacha difriúla de
dheilfeanna sáile agus 5 speiceas de dheilfeanna abhann ann. Tá
difríochtaí móra ann maidir le méid na ndeilfeanna. Tá fad de thart fá 4
throigh ag deilf Maui, ach thig leis an chráin dhubh bheith chomh fada le 30
troigh nó níos faide.
Is feoiliteoirí iad deilfeanna. Tá a fhios go n-itheann siad réimse leathan de
bhia. Itheann an chuid is mó de na speicis éisc, scuid agus crústaigh, ach
déanann an chráin dhubh agus an chráin dhubh bhréige seilg ar mhamaigh
mhara níos mó. Tá thart fá 100 fiacail ag deilfeanna a úsáideann siad le
greim a fháil ar bhia, ach ní thig leo a mbia a chogaint agus alpann siad an
bia ina iomláine de bharr nach bhfuil matáin ghialla acu. Ní ólann deilfeanna
sáile uisce ón fharraige de bharr go bhfuil i bhfad barraíocht salainn in uisce
na farraige, rud a chuirfeadh tinneas orthu nó a mharódh iad. Ní bhíonn
uisce de dhíth orthu le fanacht beo agus faigheann siad an chuid is mó den
uisce s’acu ón bhia.
Thig le deilfeanna fanacht faoin uisce le suas go 15 bomaite, ach ní thig leo
análú faoin uisce. Caithfidh deilfeanna aer a análú, is mar gheall air sin go
gcaithfidh siad teacht chuig barr na farraige nuair a bhíonn ocsaigin de dhíth
orthu. Análaíonn siad le poll séidte sa cheann s’acu. Tagann deilfeanna ar
an saol le poll séidte amháin, rud atá difriúil ón mhíol mór bailíneach a
1
5
10
15
20
10
thagann ar an saol le dhá pholl shéidte. Thig le deilfeanna snámh suas le
260 méadar thíos faoi bharr na farraige.
Déanann deilfeanna cumarsáid trí chliceáil, fheadaíl nó fhuaimeanna eile.
Tagann na fuaimeanna uilig a chluineann tú amach as na poill shéidte s’acu,
ní dhéanann siad fuaimeanna lena mbéil. Déanann deilfeanna cumarsáid
fosta leis an chorp trí léimneach amach as an uisce, na heití a bhualadh in
éadan an uisce agus trí bhualadh in éadan a chéile. Tá minicíocht uathúil ag
gach deilf a ligeann do dheilfeanna eile fios a bheith acu cé atá ag déanamh
cumarsáide. Tá sé iontach úsáideach fuaim a dhéanamh le cumarsáid a
dhéanamh má tá sé dorcha agus tá droch-léargas ann, mar shampla, san
oíche nó nuair a bhíonn siad ag tumadh go domhain faoi bhun na farraige.
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cad chuige a n-alpann deilfeanna a mbia ina iomláine? A tá a 100 fiacail gan úsáid
B níl na matáin gialla acu a ligfeadh dóibh cogaint
C caithfidh siad ithe go gasta sula dtagann creachóirí
D ní itheann siad ach bia beag, mar éisc, scuid agus crústaigh
E mar ní thig leo greim a fháil ar an bhia Cad é a thugtar ar dheilf fhireann? A deilf Maui
B ráth
C tarbh
D cráin dhubh
E bó
21
22
30
35
25
11
Análaíonn deilf... A trí ocsaigin a ghlacadh ón aer
B trí ocsaigin a ghlacadh nuair a bhíonn sí faoin uisce
C trí dhul 260 méadar faoin uisce
D tríd an dá pholl séidte s’aici a úsáid
E trí fhanacht faoin uisce ar feadh 15 bomaite Tá sé iontach úsáideach fuaim a úsáid le cumarsáid a dhéanamh A nuair atá siad cóngarach dá chéile
B ag amanna nuair atá sé ró-dhorcha le feiceáil
C nuair a bhíonn siad ag léimneach os cionn an uisce
D nuair a bhíonn siad ag ithe
E nuair atá creachóirí ag teacht Cá bhfios dúinn gur mamaigh iad deilfeanna? A mar cónaíonn siad i scoileanna de thart fá 10 nó 12 deilg
B mar go dtugtar laonna ar na hóga s’acu
C mar tá siad aonteasach agus cothaíonn siad a n-óga le bainne
D mar análaíonn siad aer
E mar thig leo bheith beo ar an talamh Ach ab é trí fhuaim a úsáid, thig le deilfeanna cumarsáid a dhéanamh trí A dhreach na haghaidhe
B bholadh
C dhathanna a athrú
D intinn a léamh
E léimneach
23
24
25
26
12
Cad chuige a dtaistilíonn deilfeanna i ngrúpaí móra? A is maith leo an comhluadar
B chun iad féin a chosaint ó chreachóirí
C mar gur mamaigh iad
D mar go mbíonn na héisc uile ag taistil i ngrúpaí móra
E sa dóigh is go dtig leo a scileanna cumarsáide iontacha a úsáid Cad é mar a fhaigheann deilfeanna sáile uisce? A téann siad chuig áiteanna le fionnuisce
B glacann a gcoirp uisce gó nádúrtha ón tsáile
C bíonn uisce sa bhia s’acu
D scagann siad uisce tríd na poill shéidte s’acu
E ólann siad bainne Cad é is ciall leis an fhocal ‘mara’ ar líne 1? A ollmhór
B dearg
C ón fharraige
D contúirteach
E faiteach Cé acu focail ón chéad pharagraf a bhfuil fléiscín eatarthu? A feoiliteoirí agus deilfeanna
B bó agus tarbh
C scoil agus ráth
D aon agus teasach
E éisc agus mamaigh
27
28
29
30
13
Cad is ciall leis an fhocal ‘cumarsáid’ ar líne 27? A súgradh le chéile
B labhairt le chéile
C troid le chéile
D fanacht lena chéile
E imeacht óna chéile Cén chuid den chaint é an focal ‘úsáideann’ ar líne 23? A ainmfhocal
B briathar
C aidiacht
D réamhfhocal
E cónasc Cé acu focal sa pharagraf deireanach a chiallaíonn ‘gan ach ceann amháin a bheith ann’? A cumarsáid
B leargas
C úsáideach
D fios
E uathúil Cé acu an forainm ar líne 2? A agus
B le
C ciallaíonn
D go
E siad
32
33
34
31
14
Sa sliocht seo tá meancóga ann le ceannlitreacha agus poncaíochta. Ar gach líne uimhreacha tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Alastar Mór
Ba rialóir an-chumhachtach é Alastar Mór. Rugadh é i mí iúil 356RC. Ba phrionsa den Mhacadóin é. Fuair sé oiliúint mar rialóir laoch agus ceannaire. Is trí cheannasaíocht s’aige a ghlac arm Alastair seilbh ar an Ghréig uilig. Rinne na stáit sa Ghréig troid mhaith ach níor chaill alastar oiread is cath amháin. sháraigh sé cultúir eile ag tógáil impireachta a chuaigh a fhad leis an india. Sula bhfuair sé bás thóg sé níos mó ná 70 cathair agus ghlac, sé seilbh ar an domhan ar fad a fhad leis an Mheánmhuir. Fuair sé bás nuair a bhí sé 32 i ndiaidh turas báid
35 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
36
37
38
39
40
41
42
15
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
An Baile Gandath
Tá geata mór meirgeach taobh amuigh den Bhaile Gandath agus in aice leis
an gheata sin tá comhartha a deir: Cosc ar gháire, cosc ar chraic. Cosc ar
ghreann. Cosc ar éin ach amháin bultúir. Déan gáire agus cuirfidh an
Gruamach i bpríosún thú.
Bhí an príosún folamh an chuid is mó den am, nó níor bhain duine ar bith
sult as an saol ar scor ar bith.
Bhí clúdach mór, déanta as éadach liath, crochta os cionn an Bhaile
Gandath le cosc a chur ar sholas na gréine. Liath an dath ab fhearr leis an
Ghruamach.
In amanna, bhíodh scoilt bheag sa chlúdach seo agus bhíodh ga beag
gréine nó cúpla réalta nó giota de thuar ceatha le feiceáil ach bhí foireann
speisialta gardaí ag an Ghruamach leis na poill a dheisiú láithreach.
I ngach sráid ar an Bhaile Gandath bhí fógraí de rialacha agus d’orduithe
an Ghruamaigh ann.
Ná siúil ar an choincréit, cosc ar fhéar, agus is baile dáiríre é seo; cosc ar
shúgradh!
Ba dhuine iontach tábhachtach cumhachtach é an Gruamach. Bhí sé ina
chónaí i gcaisleán mór agus bratach ar an túr a raibh ‘Cosc ar Chuairteoirí’
scríofa air. Níor bhog an bhratach sa ghaoth, ní bheadh sé sin gruama go
leor, mar bhí sé déanta de mhiotal trom.
Bhí cócaire ag an Ghruamach agus dá dhinnéar ba ghnách léi seanphrátaí
cnapánacha, spaigití fuar agus cístí dóite a thabhairt dó.
Níor tháinig duine ar bith ar cuairt chuig an chaisleán ach ní bheadh dúil ar
bith acu ann cibé. Bhí na leapacha chomh crua le cloch agus baineadh na
bolgáin uilig as na lampaí. Ní raibh uisce te ar bith ann agus sa samhradh féin
bhíodh na seomraí sioctha fuar.
Ní raibh cead ag daoine dath ar bith ach amháin liath a bheith ar a gcuid
éadaí agus bhí riail ann go raibh ar dhaoine cuma bhrónach a bheith orthu.
1
5
10
15
20
25
16
Mar sin de, bhí béal gach duine ag titim síos ag na coirnéil agus bhí línte
trasna chlár éadain gach duine.
Ba ghnách le daoine dul thart agus ‘Breithlá brónach duit’ a rá agus is é an
freagra a fuair siad; “Cad é an rud é breithlá?”
Bhí na páistí i gcónaí ag caoineadh. Bhí dúil mhór ag an Ghruamach sa
chaoineadh. Bhí cruinniú ag muintir an Bhaile Gandath gach seachtain, agus
cibé duine a raibh an aghaidh is brónaí air, cibé páiste a raibh an caoineadh is
airde aige, cibé duine a d’inis an scéal is gruama, bhain siad uilig duais. Is iad
na duaiseanna a bhí ann ciarsúir gharbha liatha agus nuair a scríob siad dá
shúile ia tháinig i bhfad níos mó deora amach.
Arsa Brónach Ní Mhíshásta lá, “A leithéid de lá! Stróic mé an gúna liath is
fearr atá agam, chaill mé mo scáth fearthainne liath agus ansin, bhuail capall
liath cic orm!”
“Síleann tú go bhfuil sin go holc?” arsa Mallaí Ní Mhallaithe. “Tá an babaí
ag gearradh fiacla agus níor chodail mise néal aréir. Nuair a d’éirigh mé,
chuaigh m’ordóg i bhfostú sa sconna agus bhí mé sa seomra folctha ar feadh
dhá uair an chloig!”
“Chonaic mise tuar ceatha míofar tríd scoilt sa chlúdach,” arsa Feargán Ó
Feirge go fadálach. “Bhí mé tinn i rith an lae ina dhiaidh sin.”
Shíl daoine gur rud iontach deas a bhí ann bheith ag caint ar an tinneas a
bhí orthu. Bhíodh siad i gcónaí ag caint ar thinneas cinn, ar shlaghdáin agus
ar ghalair a bhí gan leigheas. Má mhothaigh tú go maith choinnigh tú ina
scéal rún é.
D’amharcfadh daoine go haisteach ort dá ndéarfá go raibh tú go maith,
ionann is go raibh tú iontach drochmhúinte. Níor tháinig cuairteoirí chuig an
Bhaile Gandath ach amháin mionbheithígh bheaga: cruimheanna cabáiste,
damháin alla agus péisteanna talún. Rachadh siad ó thaobh amháin den
bhaile go dtí an taobh eile chomh gasta agus is féidir agus déarfadh siad lena
chéile, “A leithéid d’áit. Ní bheidh mé ar ais!”
B’áit bhrónach ghruama amach is amach é an Baile Gandath. Ach ní raibh
fios an difir ag muintir an bhaile mar go raibh geataí an bhaile i gcónaí faoi
ghlas.
30
35
40
45
50
55
60
17
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cad chuige a raibh an príosún folamh an chuid is mó den am? A Mar cuireadh iad uilig i bpríosún sa chathair.
B Mar bhí na gardaí ar stailc.
C Mar ní raibh príosún ann sa Bhaile Gandath.
D Mar bhí an príosún ann mar chuid de chaisleán an Ghruamaigh.
E Mar níor bhain duine ar bith sult as an saol sa bhaile. Cé acu an t-aon éan a bhí ceadaithe sa bhaile? A spideog
B iolár
C gabhdán
D péacóg
E bultúr Cé acu rudaí thíos nach raibh ceadaithe? A bheith ag siúl ar an choincréit agus bheith ag súgradh
B bheith ag siúl ar an fhéar agus ar an choincréit
C bheith ag súgradh ar an fhéar agus ar an choincréit
D bheith ag tabhairt bia do na héin ar an fhéar
E bheith ag dul chuig an phríosún Cad chuige nár mhaith le duine dul ar cuairt chuig an Ghruamach? A bheadh ort jab a dhéanamh mar chócaire ann
B bhí na leapacha crua agus bhí sé dorcha agus fuar
C bheadh d’ordóg gafa sa sconna
D thabharfadh a mhadadh cic duit
E bhrisfeadh sé do scáth fearthainne
43
44
45
46
18
Cad é a rinne na mionbheithígh i ndiaidh dóibh teacht isteach sa Bhaile Gandath? A chuaigh siad go príosún
B d’ith siad na seanphrátaí cnapánacha
C shiúil siad tríd an bhaile chomh gasta agus a thiocfadh leo
D thiontaigh siad thart agus d’imigh siad láithreach
E chuaigh siad caol díreach chuig an choincréit Cad é a tharla do Bhrónach Ní Mhíshásta?
A thug capall cic di, chaill sí scáth fearthainne agus stróic sí a gúna
B bhí sí ag gearradh fiacla an oíche roimh ré
C bhris sí a scáth fearthainne
D tugadh í caol díreach chuig an phríosún
E thug sí cuairt ar chaisleán an Ghruamaigh Cad é an duais a thugtar don duine leis an aghaidh is brónaí gach seachtain? A spaigití fuar
B ciarsúr liath
C lampa gan bholgán
D seanphrátaí cnapánacha
E scáth fearthainne briste Cad é an t-ábhar cainte is coitianta sa Bhaile Gandath? A an Gruamach
B an príosún
C na mionbheithígh
D tinneas
E an bia
47
48
49
50
19
Cé a a dheiseodh an clúdach mór dá mbeadh poll ann? A foireann speisialta gardaí
B an Gruamach
C na mionbheithígh
D Brónach Ní Míshásta
E Mallaí Ní Mhallaithe Cé acu an focal uraithe (le hurú) ar líne 18? A chónaí
B bratach
C gcaisleán
D Chuairteoirí
E raibh Is iad na haidiachtaí ar líne 1 ná A geata agus Baile
B taobh agus amuigh
C gan agus dath
D mór agus meirgeach
E aice agus leis Cad is ciall leis an fhrása ‘chuaigh m’ordóg i bhfostú sa sconna’ ar líne 44? A chuir mé an sconna ag dul lena hordóg
B bhris mé an sconna le m’ordóg
C bhí m’ordóg greamaithe sa sconna
D níor úsáid mé m’ordóg leis an sconna a chur ag dul
E ghortaigh mé m’ordóg ar an sconsa
51
52
54
53
20
Cad is ciall leis an fhrása ‘ag gearradh fiacla’ ar líne 43? A ag stróiceadh rudaí leis na fiacla
B bhí fiacail nimhneach aici
C thit fiacail amach
D fiacail nua ag fás ag babaí
E tháinig síog na bhfiacla
55
21
Ceisteanna Ginearálta Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, seans go mbeidh ort smaoineamh ar na sleachta atá léite agat. Amharc siar orthu más gá. Amharc ar an Chlár fosta ag tús an leabhráin agus ag an Innéacs, Gluais agus Leabharliosta ag deireadh an leabhráin más gá.
Cad é a thugtar ar leabhar ina gcoinníonn tú taifead laethúil d’eispéiris agus d’imeachtaí? A litir B úrscéal C dialann D catalóg Cad é an t-ainm atá ar an chuid den teist ina bhfuil liosta de na leabhair a ndéantar tagairt orthu sa teist seo? A an Brat-Rothar B an LEABHARLIOSTA C an t-INNÉACS D an GHLUAIS Roghnaigh an focal nó grúpa focal is fearr a chomhlánaíonn an abairt seo sa dóigh is go bhfuil ciall léi. Marcáil an litir ar do leathanach freagraí. Baineann an Baile Gandath le tír / cathair / baile / contae ina mbionn na daoine brónach / sona / míshochair / faiteach mar gheall ar an easpa bia / uisce / prátaí / dathanna sa bhaile.
56
57
58
DEIREADH NA TEISTE
A B C D
A B C D
A B C D
59
60
22
Gluais aon-teasach fuil the
bolgán liathróid gloine le miotail istigh ann a lonraíonn nuair a théann leictreachas tríd
brat draíochta cairpéad atá ábalta eitilt
crústaigh rangú bheithígh na farraige ina n- áirítear gliomaigh, portáin agus ribí róin
cumarsáid teagmháil nó labhairt le chéile ar bhealach
feighlí fear cúram na scoile
foluain (ar) ag fanacht san áit chéanna os cionn ab aeir, gan tacaíocht
meigeall féasóige ribí gruaige ag fás ar an smig
poll séidte poll sa cheann a bhíonn ag mamaigh na farraige a ligeann dóibh análú
tuar ceatha cuar mór dathanna atá le feiceáil san aer nuair a bhíonn sé ag cur ar lá fliuch
uathúil gan ach ceann amháin acu a bheith ann
Leabharliosta Humphrey Carpenter, An tUasal Mac an Draoi, 1984
Teist Chleachta Gaeilge GL, Cearta an Tomhaltóra, 2013
Teist Chleachta Gaeilge GL, Deilfeanna, 2013
Teist Chleachta Gaeilge GL, Alastar Mór, 2013
Robin Klein, An Baile Gandath, 1997
Innéacs draíocht lth. 3
Gréig lth. 14
liath lth. 15
mamaigh lth. 9
siopadóireacht lth. 8
23
Teist 35
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: TOSAIGH ANSEO
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Scór
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
Leathanaigh 3 – 6
Leathanach 7 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 8 – 12
Leathanach 13 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 14 – 17
Leathanach 18 (Ceisteanna Ginearálta)
Ainm: ___________________
Dáta na Teiste: ________________
Dáta Breithe: ________________
24
Teist Gaeilge 35 - Freagraí
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
Leathanaigh 3 – 6
Leathanach 7 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 8 – 12
Leathanach 13 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 14 – 18
Leathanach 19 (Ceisteanna Ginearálta)