10
1 Fáilte Tá fáilte romhaibh chuig eagrán Mhí na Nollag de Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as. An Chéad Pholasaí don Oideachas do Scoileanna Gaeltachta - Bliain ar Aghaidh Bhí lá an-stairiúil ag an scoil ar an 30/11/17 nuair a thug an tAire Oideachas, Richard Bruton agus an An tAire Stáit, Joe McHugh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cuairt ar an scoil chun an chéad bhliain ar an bhfód den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a chomóradh agus an fhógairt maidir le maoiniú breise don Pholasaí san obair atá ar bun ag an Aire agus ag an Aonad Um Oideachas Gaeltachta. Bhí go leor aoíonna sa scoil ó na ceantracha Gaeltachta agus ó phobal na Gaeilge i láthair ag an ócáid. Labhair Iníon Uí Cheallaigh agus chuir sí fáilte roimh na hAirí. Seo cuid den óraid a rinne sí: “Cuimnimís ar an bPiarsach. Tír le teanga, tír le hanam Pobal le teanga, pobal le hanam agus mar atá scríofa ar na mbratach os mo chionn anseo Scoil le teanga, scoil le hanam Sé a fhearacht sin é ag Pobal Ráth Chairn agus ag pobal na scoile seo. Is maith a thuigeann Bord Bainistíochta na scoile an ról tábhachtach atá acusan freisin -ag cur Polasaí don Oideachas Gaeltachta chun cinn. Tá múinteoirí, cúntóirí ranga agus cuntóirí teanga den scoth againn anseo i Scoil Uí Ghramhnaigh a chuireann idir chroí agus anam san obair a dhéanann siad leis na páistí ar fad a Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn [email protected] www.bunscoilrathchairn.ie 046-9432837 Nollaig 2017

Nuachtlitir · tabhairt cuairt ar Rang 6 . 4 ... Thug an Cigire Teagasc Críostaí Máire Ní Ainín cuairt ar an scoil ar an gCéadaoin 6ú Nollaig . Bhí sí an-sásta leis an méid

  • Upload
    others

  • View
    4

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

1

Fáilte Tá fáilte romhaibh chuig eagrán Mhí na Nollag

de Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh.

Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as.

An Chéad Pholasaí don Oideachas do

Scoileanna Gaeltachta - Bliain ar Aghaidh Bhí lá an-stairiúil ag an scoil ar an 30/11/17

nuair a thug an tAire Oideachas, Richard

Bruton agus an An tAire Stáit, Joe McHugh ón

Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

cuairt ar an scoil chun an chéad bhliain ar an

bhfód den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a

chomóradh agus an fhógairt maidir le maoiniú

breise don Pholasaí san obair atá ar bun ag an

Aire agus ag an Aonad Um Oideachas

Gaeltachta.

Bhí go leor aoíonna sa scoil ó na ceantracha

Gaeltachta agus ó phobal na Gaeilge i láthair ag

an ócáid.

Labhair Iníon Uí Cheallaigh agus chuir sí fáilte

roimh na hAirí. Seo cuid den óraid a rinne sí:

“Cuimnimís ar an bPiarsach.

Tír le teanga, tír le hanam

Pobal le teanga, pobal le hanam

agus mar atá scríofa ar na mbratach os mo

chionn anseo

Scoil le teanga, scoil le hanam

Sé a fhearacht sin é ag Pobal Ráth Chairn agus

ag pobal na scoile seo.

Is maith a thuigeann Bord Bainistíochta na

scoile an ról tábhachtach atá acusan freisin -ag

cur Polasaí don Oideachas Gaeltachta chun cinn.

Tá múinteoirí, cúntóirí ranga agus cuntóirí

teanga den scoth againn anseo i Scoil Uí

Ghramhnaigh a chuireann idir chroí agus anam

san obair a dhéanann siad leis na páistí ar fad a

Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn

[email protected] www.bunscoilrathchairn.ie

046-9432837 Nollaig 2017

2

thagann faoina gcúram. Mar is eol do chuile

dhuine, is sa mbaile in éindí lena dtuismitheoirí

a fhaigheann páistí a ndearcadh ar shaol ‘s ar

theanga agus tuigeann tuismitheoirí tábhacht

na teanga i saol a bpáistí agus tugann siad

chuile chúnamh agus tacaíocht dhúinn. Is rí-

shoiléir dóibh na buntáistí a ghabhann leis an

nGaeilge agus leis an dátheangachas. Molaim go

mór iad.

Tá súil againn gur ag treisiú agus ag neartú na

Gaeilge a bhéas pobal na scoile agus pobal Ráth

Chairn sna blianta amach romhainn.

Is tábhachtaí anois ná ariamh é nuair atá

creimeadh mór á dhéanamh ar ilíocht na

bplandaí, na n-ainmhithe agus na dteangacha ar

fud an domhain, go ndéanfadh muid beart a

threiseoidh tobar na teanga, an Ghaeltacht, le

do dtálfaidh sí an Ghaeilge ar phobal na tíre.

Is dúshlán ollmhór é seo. Tá dóchas againn go

an Chéad Pholasaí don Oideachas do Scoileanna

Gaeltachta an treoir, an tuiscint, an tacaíocht

agus an cúnamh dhúinn é sin a dhéanamh.”

Thug páistí na scoile taispeántas iontach den

chultúr Gaelach atá againn i Scoil Uí

Ghramhnaigh le ceol amhráin, agallamh beirte

agus damhsa ar an sean-nós.

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh leis

na tuismitheoirí a thug cúnamh iontach ar an lá

leis an tae agus sóláistí in ndiaidh na hócáide.

Bhí TG4 agus RnaG i láthair freisin agus bhí

clár beo ón scoil ar Nuacht 1 agus bhí an ócaid

le feiceáil ar Nuacht TG4 @ 7 an trathnóna sin.

3

Thug an tAire cuairt ar Rang 1 agus ar Rang 2

freisin.

Rang 1

Rang 2

Tuismitheoirí na scoile

Anna Ní Chartúir & Sorcha Ní Mhuinneacháin

Baill de bhord Bainistíochta na Scoile

Príomhchigire na Roinne Harold Hislop ag

tabhairt cuairt ar Rang 6

4

Cigire Teagasc Críostaí Máirín Ní Ainín

Thug an Cigire Teagasc Críostaí Máire Ní Ainín

cuairt ar an scoil ar an gCéadaoin 6ú Nollaig .

Bhí sí an-sásta leis an méid oibre atá dá

dhéanamh sa scoil ó thaobh an Teagasc Críostaí

de. Labhair sí leis na páistí ar fad agus mhol sí

go mór iad.

Lá Inseirbhíse Curaclam Teanga

Bhí Lá Inseirbhíse Curaclam Teanga ag foireann

na scoile ar an 4/12/17. Beidh muid ag súil go

mór le cur leis an teanga labhartha i nGaeilge

agus i mBéarla.

Féile na Mí

Comhghairdeachas leis na páistí ar fad a ghlac

páirt i bhFeile na Mí. Chas siad go hálainn

ceolmhar. Bhí buaiteoirí ón scoil sa gcomórtas

damhsa freisin! Déanann muid

comhghairdeachas ó chroí leo.

Táimid an–bhródúil astu.

Oíche Shamhna

Comhghairdeachas leis na páistí agus na

tuismitheoirí ar fad a rinne a gcuid cultach féin

le haghaidh Oíche Shamhna. Bhí seó faisin

galanta scanrúil againn sa halla agus bhí an-

spraoi ag an scoil ar fad. Is breá le páistí agus

múinteoirí na scoile seo Oíche Shamhna.

5

Cruinnithe Tuismitheoirí Múinteoirí

Bhí na Cruinnithe Tuismitheoirí Múinteoirí againn ar

an Déardaoin 23/11/17 ón 3-6.30. Tá mé cinnte go

raibh sibh an-sásta le dul chun cinn bhur bpáistí.

Síntiús Deonach

Tá muid an-bhuíoch do na tuismitheoirí ar fad a

thugann síntiús deonach don scoil. Is mór againn an

cúnamh agus an tacaíocht a thugann sibh don scoil i

gcónaí. Caitear an t-airgead ar fad ar leabhair agus

fearas scoile do na páistí agus tá muid chomh buíoch

as bhur gcúnamh ar fad.

Féilire na Scoile

Tá féilire álainn scoile againn i mbliana le haghaidh

2018! Tá muid an-bhuíoch do Áíne Máire Uí Laoire,

Lisa Uí Bheig agus Michaella Uí Dhúlainne a chuir an-

obair ann ag cuartú urraithe dhó. Is iontach an áis é

i dteach agus chomh maith le sin tá deis agaibh a

bheith breathnú ar pháistí iontacha na scoile!

Boscaí Bróg na Nollag do Hope

Ghlac páistí na scoile páirt i bhFeachtas Boscaí

Bróg na Nollag. Chruinnigh siad 111 bosca bróg

do Team Hope. Tá muid fíor bhuíoch díobh ar

fad.

Ceardlann Mata

D’éagraigh Éamon Ó Donnchadha agus Rang 6

ceardlann Mata don scoil ar fad i rith seachtain

na Matamaitice. Bhí siad ar fheabhas. Bhí

staisiúin éagsúla ann a bhain le fadhb réiteach.

Is cinnte gur chabhraigh se go mór leis na

ranganna éagsúla . Míle buíochas libh !

Tá Lilí ag éisteacht go haireach!

Tá Niamh ag míniú agus tá Veronica ag

éisteacht!

6

Cumann Naomh Uinseann de Pól

Go raibh míle maith ag chuile dhuine a thug bia,

brioscaí agus seacláidí isteach le haghaidh

Cumann Naomh Uinseann de Pól. Déanfaidh sé

difríocht mhór do dhaoine an Nollaig seo.

Oireachtas na Samhna

Comhghairdeachas le Áine & Ana a ghlac pairt

in Oireachtas na Samhna leis an Agallamh

Beirte ‘Mamó Mia’. Bhí siad iontach bail ó Dhia

orthu!

Díolachán Earraí

Bhí Díolachán Éarraí dochreidthe sa scoil ar an

Domhnach 3/12/17. Bhí cór na scoile ag casadh

ag Aifreann an lae agus ansin tháinig muid ar

fad ar ais chuig halla na scoile le haghaidh an

spóirt agus an spraoi!

Go raibh míle míle maith ag na tuismitheoirí ar

fad a d’eagraigh an ócáid iontach. Bhailigh siad

síntiúis ó na gnóthaí ar fad timpeall an

cheantair agus ó na comhlachtaí ar fad a

mbíonn an scoil ag plé leo.

Bhí an halla ag breathnú go hiontach. Bhí

seastán nua ann i mbliana a bhí maisithe go

h’álainn. Bhí aghaidheanna dhá bpéinteáil agus

bhí ingneacha dhá maisiú .

Bhí seomra Dhaidí na Nollag díreach cosúil leis

an gceann a bhíonn aige sa Mol Thuaidh!

7

Bhailigh Cumann na dTuismitheoirí os cionn

€10,000.

Comhghairdeachas ó chroí leo agus go raibh

míle maith ag chuile dhuine a tháinig agus chuile

dhuine a cheannaigh earraí ar an lá.

Molly agus Caitlin ag díol ar an lá.

Bhí sé go hálainn chuile dhuine a fheiceáil ag

an Díolacháin Earraí i mbliana!

Go raibh míle maith ag na tuismitheoirí. Thaitin

na pancóga go mór le chuile dhuine!

Bhí an-díol ar na cácaí!

Bhí na ciseáin ar fad go hálainn agus bhí an-díol

orthu! Míle buíochas le Seán Ó Laoire a bhí ina

fhear an tí agus don choiste ar fad.

8

Geansaí do Chondae!

Chaith páistí na scoile ar fad geansaithe a gcuid

clubanna agus a gcuid condaetha i mí Meán

Fómhair ar mhaithe le Naoise Ó Cléirigh.

Bhailigh muid €610. Go raibh míle maith ag

chuile dhuine a thug tacaíocht dúinn.

Naíonáin Bheaga

Naíonáin Mhóra

Rang 1

Rang 2

Rang 3

Rang 4

Rang 5

Rang 6

9

Cluichí Clóis

Bhí an-spórt go deo againn ag déanamh

athchoimre ar ár gcuid cluichí clóis ar fad le

gairid. D’eagraigh Iníon Uí Mhéalóid agus Coiste

Gaeilge na Scoile an ócáid. Bhí múinteoir ag

gach staisiúin agus bhí rannta agus cluichí ar

bun ag páistí na scoile. Leanfaidh muid ar

aghaidh leis i 2018 le cúnamh Dé.

Rang 4

Rang 3

Rang 5

Is breá linn a bheith ag scipeáil

Ceardlann Scipeála

Bhí ceardlann scipeála againn le Marc Mac Cába

ar an 5/12/17. Is iontach go deo an aclaíocht é

seo do pháistí na scoile agus tá siad ag feabhsú

chuile bhliain. Déan cinnte go dtabharfaidh tú

do rópa scipeála chuig an scoil i 2018 !

Ceolchoirm na Nollag

Bhí ceolchoirm na scoile againn ar an gCéadaoin

20ú agus Déardaoin 21ú Nollaig ag 7 a chlog.

Bhí páistí na scoile ar fad páirteach ann.

Chomh maith leis na haisteoirí iontacha a bhí ar

10

an stáitse ar an dá oíche sin bhí amhránaithe

agus ceoltóirí na scoile.

Chas an grúpa sean-nóis agus an grúpa Spáinise.

Bhí drámaí na Nollag iontach againn ó Rang na

Naíonáin Shóisearacha agus ó Rang 6.

Muire agus Iósaf Naíonain Shóisearacha

Bhí chuile rang ar fheabhas. Molann muid go

mór iad.

Muire agus Iósaf Rang 6

Tá buíochas mór millteach tuillte ag foireann

na scoile idir múinteoirí, cúntóirí ranga agus

cuntóirí teangan a dhéanann an oiread oibre le

páistí na scoile. Go raibh míle maith agaibh ar

fad!

Beannachtaí na Nollag

Tá muid an-bhuíoch do chuile dhuine a thugann

cúnamh don scoil i rith na bliana. Bhí bliain

iontach againn i 2017 Guíonn muid Nollaig faoi

shéan is faoi mhaise ar chuile dhuine agus

feicfidh muid ar ais ar scoil sibh ar an Luan 8ú

Eanáir, 2018 le cúnamh Dé!

Tá Scoil Uí Ghramhnaigh ar twitter!

Lean muid @Scoil_Ui_Ghr