3
Séipéal Naomh Gobnait Dé Sathairn, 28 Iúil 7:30 in Séipéal Naomh Uinseann Dé Domhnaigh, 29 Iúil 10.00 rn Intinn: Máire agus Art Ó Beoláin, Ard na Caithne, Cuimhneachán Bliana. Séipéal na Carraige Dé Domhnaigh, 29 Iúil 11:15 rn Guí an Phobail Tadhg Ó Loinsigh, An Daingean, a fuair bás le déanaí. Ceolchoirm ar Mhaithe le Ciste an Pharóiste Beidh Ceolchoirm ar mhaithe le Ciste an Pharóiste ar siúil i Halla na Feothanaí, ar an gCéadaoin, 15 Lúnasa ar 7.30 i.n. Ticéad ar €15 do dhuine fásta agus €5 do leanbh le fáil ag an ndoras ar an oíche. Tá duais fachta againn do chrannchur speisialta don ócáid– Deireadh Seachtaine do Bheirt in Óstán Montenotte, Corcaigh. Aon duine a cheannóidh ticéad ar €15 beidh siad istigh ar an gcrannchur speisialta seo. Munar féidir leat freastal ar an gceolchoirm is féidir ticéad a cheannach don gcrannchur speisialta seo ar €5 an ceann. Beidh siad ar fáil tar éis aifrinn an deireadh seachtaine seo. Deis iontach é seo chun cabhrú le Ciste an Pharóiste agus bheimis ana bhuíoch dá gcuirfeadh sibh daoine sa pharóiste agus lasmuigh den ndúthaigh ar an eolas maidir leis an gcrannchur speisialta seo. Fáilte roimh shíntiúisí i gcónaí. Turas an Phápa go Cnoc Mhuire 26 Lúnasa Tá Limistéar Tréadach Chorca Dhuibhne ag eagrú bus go Cnoc Mhuire. Tá ticéadaí fachta ag an bparóiste do thuras an Phápa Proinsias go Cnoc Mhuire. Má tá suim agat dul ann cuir glaoch ar Thigh na Sagart 066-9156131 chomh luath agus is féidir. Clúdaigh Seachtainiúil 2018/2019 Tá na clúdaigh seachtainiúil Lúnasa 2018 go dtí Lúnasa 2019 curtha amach anois. Úsáidtear an ofráil sheachtainiúil do ghnáthchostaisí an pharóiste:- tuarastail, árachas, leictreachas, táille na deoise agus obair chothabhála. Mura bhfaigheann tú Paróiste an Fheirtéaraigh Paróiste Dhún Chaoin, Paróiste Dhún Urlann, Paróiste Mhárthain, Paróiste na Cille, Paróiste Mórdhach Ar dualgas do Limistéar Thréadach Chorca Dhuibhne an Domhnach seo An tAthair Jerry Aifreann na gCuairteoirí Beidh Aifreann na gCuairteoirí i Séipéal Naomh Uinseann ag 10.00 r.n., an Domhnach, 12 Lúnasa. Más mian leat cabhrú cuir glaoch ar

 · Web viewBeidh Oilithreacht Náisiúnta go Cruach Phádraig an Domhnach seo (29 Iúil), Domhnach na Cruaiche. Cuimhnímíd ar na hoilithrigh ar Chruach Phádraig agus oidhreacht

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1:  · Web viewBeidh Oilithreacht Náisiúnta go Cruach Phádraig an Domhnach seo (29 Iúil), Domhnach na Cruaiche. Cuimhnímíd ar na hoilithrigh ar Chruach Phádraig agus oidhreacht

Séipéal Naomh Gobnait Dé Sathairn, 28 Iúil 7:30 inSéipéal Naomh Uinseann Dé Domhnaigh, 29 Iúil 10.00 rn

Intinn: Máire agus Art Ó Beoláin, Ard na Caithne,Cuimhneachán Bliana.

Séipéal na Carraige Dé Domhnaigh, 29 Iúil 11:15 rn

Guí an PhobailTadhg Ó Loinsigh, An Daingean, a fuair bás le déanaí.

Ceolchoirm ar Mhaithe le Ciste an PharóisteBeidh Ceolchoirm ar mhaithe le Ciste an Pharóiste ar siúil i Halla na Feothanaí, ar an gCéadaoin, 15 Lúnasa ar 7.30 i.n. Ticéad ar €15 do dhuine fásta agus €5 do leanbh le fáil ag an ndoras ar an oíche. Tá duais fachta againn do chrannchur speisialta don ócáid– Deireadh Seachtaine do Bheirt in Óstán Montenotte, Corcaigh. Aon duine a cheannóidh ticéad ar €15 beidh siad istigh ar an gcrannchur speisialta seo. Munar féidir leat freastal ar an gceolchoirm is féidir ticéad a cheannach don gcrannchur speisialta seo ar €5 an ceann. Beidh siad ar fáil tar éis aifrinn an deireadh seachtaine seo. Deis iontach é seo chun cabhrú le Ciste an Pharóiste agus bheimis ana bhuíoch dá gcuirfeadh sibh daoine sa pharóiste agus lasmuigh den ndúthaigh ar an eolas maidir leis an gcrannchur speisialta seo. Fáilte roimh shíntiúisí i gcónaí.

Turas an Phápa go Cnoc Mhuire 26 Lúnasa Tá Limistéar Tréadach Chorca Dhuibhne ag eagrú bus go Cnoc Mhuire. Tá ticéadaí fachta ag an bparóiste do thuras an Phápa Proinsias go Cnoc Mhuire. Má tá suim agat dul ann cuir glaoch ar Thigh na Sagart 066-9156131 chomh luath agus is féidir.

Clúdaigh Seachtainiúil 2018/2019Tá na clúdaigh seachtainiúil Lúnasa 2018 go dtí Lúnasa 2019 curtha amach anois. Úsáidtear an ofráil sheachtainiúil do ghnáthchostaisí an pharóiste:- tuarastail, árachas, leictreachas, táille na deoise agus obair chothabhála. Mura bhfaigheann tú ceann agus má tá ceann ag teastáil glaoigh ar Thigh na Sagart 066-9156131. Buíochas ó chroí dos na daoine teagmhála agus gach éinne a thugann amach na clúdaigh dúinn. Rath Dé oraibh i gcónaí.

Clúdaigh an tSagairt ChúntaTéann an t-airgead seo agus na clúdaigh eile Nollaig, Cáisc, Fómhar agus Aifrinntí na Marbh do thuarastail na sagart. Míle buíochas as an dtacaíocht a thugann sibh i gcónaí.

Briege McKenna i gCnoc MhuireBeidh bus go Cnoc Mhuire do chuairt Briege McKenna, Dé Luain, 6 Lúnasa, ag fágaint Staisiún Bhus Thrá Lí ag 7.30 r.n. Thuilleadh eolais: O'Shea's 066-7180123.

Paróiste an FheirtéaraighParóiste Dhún Chaoin, Paróiste Dhún Urlann, Paróiste Mhárthain,

Paróiste na Cille, Paróiste MórdhachFógraí na Seachtaine 28 Iúil – 3 Lúnasa 2018

Ar dualgas do Limistéar Thréadach Chorca Dhuibhne an Domhnach seo An tAthair Jerry Keane 066-9157103

Ministéirí Eocairiste - Séipéal Naomh Uinseann29/07/2018 – C Ní Bheaglaoich/M Uí Chonchúir/F Uí Lúing05/08/2018 – V Ní Chinnéide/B Ní Lúing/C Corduff

Ministéirí Eocairiste - Séipéal na Carraige29/07/2018 – M Uí Chinnéide/N Mhic Gearailt05/08/2018 – J de Brún/M Mhic Gearailt

Ciste an Pharóiste Míle Buíochas as bhur bhflaithiúlacht.

Clúdaigh agus Ofráil €1,185.00Más mian leat tacú le Ciste an Pharóiste is féidir leat do shíntúis a chur i gCúntas an Pharóiste nó é a sheoladh go Tigh na Sagart. Banc AIB, Príomh Shráid, An DaingeanIBAN: IE40 AIBK 93628602 090140 (BIC: AIBKIE2D)

Aifreann na gCuairteoiríBeidh Aifreann na gCuairteoirí i Séipéal Naomh Uinseann ag 10.00 r.n., an Domhnach, 12 Lúnasa. Más mian leat cabhrú cuir glaoch ar Thigh na Sagart 0669156131.

Page 2:  · Web viewBeidh Oilithreacht Náisiúnta go Cruach Phádraig an Domhnach seo (29 Iúil), Domhnach na Cruaiche. Cuimhnímíd ar na hoilithrigh ar Chruach Phádraig agus oidhreacht

Barbeque Pharóiste Dhún ChaoinBeidh Barbeque an Pharóiste atá á eagrú ag Comharchumann Dhún Chaoin ar siúl, an Domhnach seo, 29 Iúil ag tosnú ag 6.00 i.n., sa charrchlós ag Ionad an Bhlascaoid Mhóir. Beidh rogha bídh ann, tabhair leat do dheoch fhéin. Táille €10, Teaghlach €25. Fáilte roimh chách.

Léacht StaireTabharfaidh an Dr. Declan M. Downey léacht ar Ridirí Chiarraí ag cabhrú leis an Spáinn sa Chogadh Tríocha Bliain (timpeall 1636-1646). Beidh an léacht ar siúl in Óstán na Sceilge, Dé Máirt, 31 Iúil ag 8.00 i.n. Fáilte roimh chách.

Oilithreacht Náisiúnta go Cruach PhádraigBeidh Oilithreacht Náisiúnta go Cruach Phádraig an Domhnach seo (29 Iúil), Domhnach na Cruaiche. Cuimhnímíd ar na hoilithrigh ar Chruach Phádraig agus oidhreacht Phádraig, Aspal na hÉireann. Éist go fóill le glór do mhuintir, 'S bí in éineacht linn de shíor. (Pádraig Aspal)

An Chéad Aoine agus Glaochanna ComaoineDé hAoine seo chugainn an Chéad Aoine, 3 Lúnasa. Beidh na glaochanna comaoine mar seo leanas:

Déardaoin, 2 Lúnasa Paróiste na Cille ar maidin Paróiste Módhrach tar éis lóin

Dé hAoine, 3 Lúnasa Dún Chaoin & An Buailtín ar maidin Paróiste Mhárthain tar éis lóin

Beidh Aifreann i Séipéal Naomh Gobnait ar a 10:00 r.n, i Séipéal na Carraige ar a 7:00 i.n. (Beidh Adhradh tar éis Aifrinn i Séipéal na Carraige). Ní bheidh Aifreann i mBaile an Fheirtéaraigh.

Teacht le Chéile 40 BliainBeidh teacht le chéile neamh fhoirmiúil do éinne a bhí mar pháirt riamh don rang a dhein an Ardteist i Meánscoil na Toirbhirte, Daingean Uí Chúis i 1978, in Óstán na Sceilige ar an Satharn, 11 Lúnasa, 2018 ag 8.00 i.n.

Aifrinn na Marbh 2018Beidh Aifrinn agus beannú na n-uaigheanna mar seo leanas:Reilig Chill Chuáin, Dé Luain, 6 Lúnasa, ar a 7.30 i.n.

Séipéal Naomh Gobnait Dé Sathairn, 4 Lúnasa 7:30 in

Intinn: George agus May Cashell, Corcaigh, Cuimhneachán Bliana.Séipéal Naomh Uinseann Dé Domhnaigh, 5 Lúnasa 10.00 rn

Intinn: Máire, Séamus, Pádraig agus Jack Ó Flatarta, Baile Bhoithín,atá ar shlí na fírinne.

Séipéal na Carraige Dé Domhnaigh, 5 Lúnasa 11:15 rn

Intinn: Johnny, Nano, Jimmy Francis, Seanachoill, agusEibhlín Uí Choileáin, Baile Átha Cliath,Cuimhneachán Bliana.

Fógraí go Tigh na Sagart, roimh 10.30 r.n. Déardaoin, le bhur dtoil: Fón: 066-9156131, r-phost: [email protected]

Al Anon - Bíonn cruinniú gach Satharn ag 8.30 i.n., i Ré Nua, Sráid na nGabhar. Is grúpa tacaíochta Al Anon dóibh siúd go gcuireann ólachán dhuine eile isteach orthu.

Feachtas Bailithe Airgid/Feachtas Ceannaigh TílTá Feachtas Bailithe Airgid ar bun le tamall anuas chun cabhrú le cothabháil leanúnach ar na séipéil sa pharóiste. Tá an feachtas seo 'Ceannaigh Tíl' ar siúl chun cabhrú leis na costaisí don urlár nua a cuireadh síos i mbliana i Séipéal na Carraige. Nuair a thugann duine síntiús clarófar a n-intinní i Leabhar Cuimhneacháin an Pharóiste agus beidh aifrinntí speisialta i rith na bliana dos na h-intinní sin. Tá billeoga sna séipéil nó ar suíomh na deoise www.dioceseofkerry.ie ar leathanach Pharóiste an Fheirtéaraigh nó glaoigh ar Thigh na Sagairt 066-9156131.

Cártaí NollagTá Cártaí Nollag ar díol i Séipéal Naomh Uinseann ar €5 an paca (sé cinn sa phaca).

Léachtaí an LaeTéigh go catholicireland.net agus cliceáil ar Today's Readings agus ansan cliceáil ar Léachtaí Gaeilge. Tá an suíomh seo ana áisiúil mar tá an Leicseanáir as cló le blianta fada.