28
Cód Cleachtais idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus Bord na Móna Cód Cleachtais

Cód Cleachtais idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus c ... filefoirmiúil sa Chód seo, agus ag an am céanna, tugtar an cúram agus an chosaint atá tuillte le haghaidh ár n-oidhreacht

Embed Size (px)

Citation preview

Cód Cleachtais idir

an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus

Gaeltachta, Ard-Mhúsaem na hÉireann,

agus Bord na Móna

Cód

Clea

chta

is

An tSeirbhís Seadchomharthaí NáisiúntaAn Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus GaeltachtaFeabhra 2012

Ríomhphost: [email protected]áithreán Gréasáin: www.archaeology.ie

Brollach an Aire

Mar Aire ag a bhfuil freagracht as

oidhreacht shaibhir nádúrtha agus

tógála na hÉireann tá an-áthas orm

an Cód Cleachtas seo a fhoilsiú a

d’fhorbair mo Roinn i gcomhar le

hArd-Mhúsaem na hÉireann agus le

Bord na Móna. Cuireann an foilsiú

seo Agreed Principles for the

Protection of Wetland Archaeology

in Bord Na Móna Bogs atá ann

cheana ar fáil i bhformáid

nuashonraithe atá cosúil leis na Cóid Chleachtais atá

comhaontaithe cheana idir mo Roinn agus soláthraithe seirbhísí

fóntas eile.

I gcomhthéacs talamh tirim, dianscaoileann ábhar orgánach

cosúil le hadhmad, leathar, éadach agus fíochán daonna. I

mbogaigh, áfach, is féidir na hábhair is sobhriste a chaomhnú trí

na dálaí anaeróbacha mórthimpeall. Is éard is móin ann, ann

féin, stór d’fhaisnéis chomhshaoil is féidir a úsáid leis na

timpeallacht áitiúil agus réigiúnach araon a chruthú. Tógadh

cineálacha leithleacha seadchomharthaí, tóchar, ardán agus

sraitheanna cuaillí le hacmhainní na dtimpeallachtaí bogaigh seo

a thrasnú, a rochtain agus a úsáid. Ón aimsir réamhstairiúil

rinneadh a lán déantán luachmhar a shil-leagan nó a chailleadh i

bportaigh. Le linn na haimsire réamhstairiúla cuireadh aonáin nó

‘coirp phortaigh’ a íobraíodh go deasghnáth i linnte bogaigh, ach

athaimsíodh iad na céadta bliain ina dhiaidh. Tá na sil-leagain

agus na gnéithe seandálaíochta a aisghabháladh ó phortaigh ina

bpríomhfhoinse eolais agus foghlama, agus tugann siad faisnéis

dúinn a insíodh mórán dúinn faoin am a chuaigh thart, nuair a

láimhsítear agus nuair a léirmhínítear go cúramach iad.

Thosaigh rannpháirtíocht mo Roinne le seandálaíocht i bportaigh

ardaithe Bhord na Móna sna 1980idí agus leis na tochailtí

suntasacha ag Portach na Coirre Léithe ina sainaithníodh agus Cód

Clea

chta

is

1

trínar cumasaíodh caomhnú ina dhiaidh sin ar rannán de bhóthar

na hIarannaoise a tógadh in 148 R.C. ar fad thailte portaigh an

Longfoirt. Tá an bóthar darach seo ar cheann de na bóthar is

mórthaibhsí dá chineáil a nochtadh san Eoraip agus tá réimse 18

méadar den tóchar caomhaithe ar bhuantaispeáint anois in Ionad

Cuairteoirí na Coirre Léithe i Longfort agus tá cuid eile den

bhóthar coamhnaithe in-situ i bportach cóngarach. Ó bhí na

tochailtí i gCoirre Léithe lean mo Roinne d’aitheantas agus de

shuirbhéireacht seadchomharthaí bogaigh i dtailte Bhord na

Móna a mhaoiniú.

Tá an tábhachtach a bhaineann le seandálaíocht aitheanta fada

ó shin ag Bord na Móna. Bhí eispéiris an-dearfacha ag mo Roinn

agus ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ag obair leis an mBord thar

na blianta agus creidim go ndéantar an comhoibriú a theastaíonn

le hastarraingt mhóna leanúnach a bhainistiú a chur ar bhonn

foirmiúil sa Chód seo, agus ag an am céanna, tugtar an cúram

agus an chosaint atá tuillte le haghaidh ár n-oidhreacht

seandálaíochta luachmhar ann. Táim ag súil le cur i bhfeidhm na

bprionsabal treorach atá leagtha amach sa doiciméad seo thar

na blianta amach romhainn.

Jimmy Deenihan TDAn tAire Ealaíon, Oidhreachta agus GaeltachtFeabhra 2012

Cód

Clea

chta

is2

Teachtaireacht ó StiúrthóirArd-Mhúsaem na hÉireann

Mar stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem nahÉireann tugaim moladh don dulchun cinn gairmiúil atá corpraithe saChód Cleachtais seo, agus donchomhpháirtíocht a gcuirtear arbhonn foirmiúil ann idir an tAire, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Bordna Móna. Leagtar conair dhearfachsíos ann le haghaidh na cóireálaamach anseo ar sheandálaíochttalamh portaigh na hÉireann.

Tá na fionnachtainí ó chomhthéacsanna portach i measc nagceann is luachmhara sa chóimeáil náisiúnta agus tá ceann de nachéad tuarascálacha ar fhionnachtain na dtrumpaí i bportach inArd Mhacha ó 1799 inti. Agus na tuarascálacha anois agbeagnach trí mhíle iontráil, taispeántar an saibhreas d’ábharseandálaíochta a aisghabháladh ó phortaigh na hÉieann iontuagus déantar acmhainneacht seandálaíochta thailte portaigh nahÉireann a léiriú iontu. Éirítear leis an mbearna ama idir nóiméadseandálaíochta an tsil-leagain agus mac léinn an lae inniu alaghdú ar mhodh inláimhsithe trí dhéantáin a caomhnaítear snadálaí anaeróbacha uathúla a thairgtear trí éiceachórais mhóna.

Ó bunaíodh an Músaem, tá taiscéalaíocht seandálaíochtaí nadtailte portaigh agus staidéar ar dhéantáin ó chomhthéacsannaportach i measc a phríomhspriocanna. Leis an sruth mór faisnéisea tháinig as ár sealbhach le déanaí de choirp phortaigh nahIarannaoise agus Saltair an Fheadáin Mhóir as an luath-mheánaois, freagraítear do rannpháirtíocht dea-bhunaithe anMhúsaeim in imscrúdú na n-ársaíochtaí ó bhogaigh. Tá athrú idtreochtaí feicthe sa Mhúsaem maidir leis na líonta déantán asealbhaíodh ó thailte portaigh a léiríonn oiriúnú i gcleachtais oibrei saothrú tionsclaíoch thailte portaigh na hÉireann agus athruithereachtaíochta ina dtairgtear cosaint fheabhsaithe arsheadchomharthaí agus ar dhéantáin araon. Sa tréimhse 1945-1985 tháinig méadú ar an bhfeasacht ar acmhainneachtseandálaíochta na dtailte portaigh trí obair allamuigh anmhúsaeim trí cheannródaíocht Ellen Prendergast, Etienne Rynne, Cód

Clea

chta

is

3

Cód

Clea

chta

isA. T. Lucas thochailt Loch na mBuaraí Michael Ryan arnachómhaoiniú ag Bord na Móna. Bhí an méid an chuir oifigighBhord na Móna, cosúil le J. Ruddy, T.A. Barry agus J. Cooke,an-chuidiúil don Mhúsaem. Ní mór aitheantas a thabhairt donpháirt mhór a d’imir Barry Raftery nach maireann agus dáthochailt ag an gCorr Liath maidir le staidéar ar thailte portaighna hÉireann a chur chun cinn. Tharla leathnú suntasach sna1980idí i bpróiseáil mhóna as a dtáinig ceadúnaithe naSeirbhíse Seadchomharthaí Náisiúnta ar thochailtí, rud a bhí ádéanamh ag Aonad Seandálaíochta Bhogach na hÉireann(IAWU) de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar dtúsagus conraitheoirí seandálaíochta arna maoiniú ag Bord naMóna ina dhiaidh sin.

Déantar an cleachtas reatha um chomhoibriú idir an tAire, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Bord na Móna a fhormhúiniú igCoiste Idirchaidreamh Bainistíochta Seandálaíochta sa ChódCleachtais seo. Dá réir sin ní mór dúinn moladh a thabhairt donchreat atá leagtha amach sa Chód seo agus ní mór dúinniarracht a dhéanamh coinneáil suas leis an éagsúla in úsáidportach agus na treochtaí i gcúram seandálaíocht talamhportaigh. Trí choimirce na gcleachtas seo is féidir linn dul araghaidh i dtreo an chaighdeáin is airde de chúramseadchomharthaí agus déantán a bhaint amach isa chaomhnúamach anseo ar oidhreacht phortaigh ár náisiúin. Táim ag súil lerannpháirtíocht níos dlúithe, a éisceofar sa Chod Cleachtas, idiran tAire, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Bord na Móna agus tásúil agam go gcuirfear ár tuiscint atá ag méadú ar na portaighmar acmhainn náisiúnta chun cinn ann.

Ar aghaidh leis an obair,

Patrick F. WallaceStiúrthóirArd-Mhúsaem na hÉireann

4

Teachtaireacht ónStiúrthóir Bainistíochta,Bord na Móna

Tá Bord na Móna sásta a bheithbainteach leis an gCód Cleachtaisúr seo maidir le seandálaíochtportach, ina ndéantar sracléiriú arna prionsabail a chuirfear ibhfeidhm le haghaidh nahoidhreachta seandálaíochtphortaigh na hÉireann a chosaint.Ba é Bord na Móna a d’fhorbair anCód i gcomhar le Seirbhís

Seadchomharthaí Náisiúnta na Roinne Ealaíon, Oidhreachtaagus Gaeltachta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Is é Bord na Móna príomhsholáthraí seirbhíse fóntas comhtháiteatá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de in Éirinn aguscuimsítear seirbhísí leictreachais, réitigh téimh, aisghabhálaacmhainní, uise, gairneoireachta agus seirbhísí lena mbaineannann. Cuimsítear táirgeadh agus soláthar móin mheilte ann lehaghaidh giniúint cumhachta agus déantúsaíocht brícíní mónaagus móin de ghrádú gairneoireachta le haghaidh raon táirgímeáin fáis.

Is foinse an-tábhachtach d’fhaisnéis seandálaíochta in Éirinn iadportaigh toisc go gcaomhnaítear ábhair i bportaigh de bharraigéadacht na móna agus na timpeallachta anaeróbaí atá laistighde shil-leagain phortaigh. Ar feadh na mblianta, d’imir Bord naMóna a pháirt chomh maith agus ab fhéidir leis le déileáil mar isceart leis na fionnachtainí seandálaíochtaí ina phortaigh agusd’oibrigh sé leis na húdaráis agus leis na gníomhaireachtaíábhartha d’fhonn an oidhreacht uathúil seo a chaomhnú.Ardaítear dea-chleachtais an ama a chuaigh thart san fhís aghlac an chuideacht le déanaí Conradh Úr leis an Nádúr arphlána iomlán úr d’fhreagracht ar a bhfuil an Cód Cleachtais seosuite go snasta.

Cód

Clea

chta

is

5

Is é is aidhm leis na gCód seo ná creat a chur ar fáil ina bhfuilreachtaíocht, polasaí agus cleachtas reatha a chuirfidh archumas Bhord na Móna dul ar aghaidh leis an gclár umastarraight mhóna laistigh de chreat straitéis an Rialtais, agusmaolú cuí seandálaíochta a dhéanamh ag an am céanna agféachaint do shraith prionsabal agus gníomhaíochtaí a bheidhcomhaontuithe ag an trí chomhpháirtí. Tugtar chun suntais saChód chomh maith go bhfuil Bord na Móna tiomanta go hiomlándá chinntiú go ndéanfar a chuid gníomhaíochtaí ar fad ar mhodhíogair comhshaoil a chinnteoidh cosaint oidhreachtseandálaíochta an Stáit.

Tá Bord na Móna ag súil le bheith ag obair leis an Roinn Ealaíon,Oidhreachta agus na Gaeltachta agus le hArd-Mhúsaem nahÉireann, faoi mar atá comhaontaithe sa Chód seo, ag féachaintdár n-oidhreacht seandálaíochta a chosaint.

Gabriel D’ArcyStiúrthóir BainistíochtaBord na Móna cpt

Cód

Clea

chta

is6

Cód

Clea

chta

is

An Cód Cleachtas a comhaontaíodh idir an RoinnEalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Bord na Móna

Is é is aidhm leis na gCód seo ná creat a chur ar fáil ina bhfuilreachtaíocht, polasaí agus cleachtas reatha a chuirfidh archumas Bhord na Móna dul ar aghaidh leis an gclár umastarraight mhóna laistigh de chreat straitéis an Rialtais, agusmaolú cuí seandálaíochta a dhéanamh ag an am céanna agféachaint do shraith prionsabal agus gníomhaíochtaí a bheidhcomhaontuithe ag an trí chomhpháirtí. Tarraingtear sa Chód ónAgreed Principles for the Protection of Wetlands Archaeology inBord na Móna Bogs, agus tagraítear go heisiatach annd’astarraing mhóna ó phortaigh sa chás ina bhfuil an astarraingtseo lasmuigh de raon feidhme na nAchtanna um Pleanáil agusForbairt.

Treoirítear an Cód trí na phrionsabal comhaontaithe seo

1. Tá freagracht ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agusGaeltachta as an oidhreacht seandálaíochta a chosaintagus as a chumhachtaí um chaomhnú, faoi Achtanna naSeadchomharthaí Náisiúnta1930-2004, a fheidhmiú, ag cursan áireamh an Coinbhisiún Eorpach chun an OidhreachtSeandálaíochta a chosaint (Valletta).

2. Cuimsítear i bhfreagrachaí reachtúla an Aire cothabháilThaifead na Seadchomharthaí agus na nÁiteanna, agus is éan aidhm cosaint a chur ar fáil le haghaidh gachseadchomhartha seandálaíochta a bhfuiltear ar an eolasfúthu lena n-áirítear na cinn a nochtadh i bportaigh Bhord naMona.

3. Tá freagracht ag Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann asúinéireacht Stáit gach ábhair sheandálaíochta afhorfheidhmiú agus as cóireáil gach ábhair sheandálaíochtaa chosaint sula sealbheofar iad i stór an Stáit, faoi Achtannana Seadchomharthaí Náisiúnta1930-2004 agus faoin Achtum Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997, ag cur san áireamh anCoinbhisiún Eorpach chun an Oidhreacht Seandálaíochta achosaint (Valletta).

7

© A.D.S

Cód

Clea

chta

is4. Is cuideachta é Bord na Móna cpt ag a bhfuil sainordú

reachtúla faoi Achtanna Forbartha Móna 1946-1998, leis anacmhainn mhóna náisiúnta a fhorbairt.

5. Baineann impleachtaí seandálaíochta suntasacha leportaigh a fhorbairt agus ní mór aghaidh a thabhairt orthuag cur san áireamh gur acmhainn neamh-in-athnuaite í anoidhreacht seandálaíochta.

6. Tá dualgas reachtúil ar Bhord na Móna faoin faoi AchtForbartha Móna 1998 (alt 56) maidir leis an gcosaint chuí athabhairt le haghaidh an chomhshaoil agus le haghaidh nahoidhreachta seandálaíochta

7. Tabharfaidh Bord na Móna maoiniú le haghaidh cur chuigeatá cothrom agus éifeachtúil ó thaobh costais de maidir lehimscrúdú, tochailt, iarthochailt agus maolú seandálaíochtaar bhonn an phrionsabail ‘íocfaidh an forbróir’ agus de réirpholasaí sonraithe an Aire maidir leis seo.

8. Fostóidh Bord na Móna Seandálaí Tionscadail le straitéisseandálaíochta a fhorbairt agus le maoirseacht a dhéanamhar reáchtáil réidh na freagartha seandálaíochta do thochailtmhóna i bportaigh Bhord na Móna.

9. Glacadh cur chuige comhpháirtíochta idir an tAire, anStiúrthóir agus Bord na Móna d’fhonn seachadhadh polasaí

8

an Rialtais a bhaint amach ag cur san áireamh nahimpleachtaí don tseandálaíocht. Chun na críche seobunaíodh an Coiste Idirchaidreamh BainistíochtaSeandálaíochta ina bhfuil ionadaithe as an Roinn Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta, Ard-Mhúsaem na hÉireannagus Bord na Móna, lena n-áirítear an SeandálaíTionscadail agus Seandálaithe Comhairleacha a oibríonn arphortaigh Bhord na Móna. Buailfidh an Coiste le chéile arbhonn rialta le straitéisí foriomlána a chomhaontú maidir letochailt mhóna a mhaolú.

10. Forbróidh an Coiste Idirchaidreamh BainistíochtaSeandálaíochta straitéisí cuí d’fhonn na hiarmhairtí díreachaar an tseandálaíocht a íosmhéadú ag cur san áireamhoibleagáidí conarthacha Bhord na Móna, pleananna táirgthebliantúla, impleachtaí dearaidh agus sábháilteachta,iarmhairtí comhshaoil agus iarmhairtí agus costais eile.

11. Comhaontaíonn na comhpháirtithe ar fad go n-íosmhéadófar an iarmhairt ar an oidhreacht seandálaíochtatrí phleanáil mhaolaithe a dhéanamh chomh luath agus isféidir.

12. Déanfaidh Bord na Móna a dhícheall, a mhéid is féidir leréasún, laistigh dá shainchúram reachtúil, le hiarmhairtídiúltacha ar sheadchomharthaí seandálaíochta asheachaint. I gcásanna nach féidir iarmhairt arsheadchomharthaí a sheachaint, comhoibreoidh Bord naMóna, an tAire agus an Stiúrthóir lena chinntiú, a mhéid isféidir, go gcuirfear maolú seandálaíochta cuí i gcrích sulandéanfar móin a astarraingt.

13. Tá sirtheoireacht i gcomhair seadchomharthaíseandálaíochta, ábhair sheandálaíochta agus iarsmaí eiledá leithéidí, seachas i gcúinsí a fhaomhann an tAire, igcomhair leis an Stiúrthóir, teoranta do chríocha an limistéirfaoi thochailt mhóna.

14. Tá na comhpháirtithe ar fad tiomanta do dhéileáil leis nahimpleachtaí seandálaíochta a bhaineann le tochailt mhónaar mhodh atá cothrom agus éifeachtúil ó thaobh costais deagus atá comhsheasmhach le Cód

Clea

chta

is

9

a. Riachtanas Bhord na Móna maidir le tochailt mhónaar scála cuimsitheach a bhreithniú

b. Spriocanna táirgthe bliantúala i bportaigh ábharthac. Leibhéal tochailte, iarthochailte agus taifeadadh

seadchomharthaí seandálaíochta gus ábhairsheandálaíochta, ar a dtéann tochailt mhóna i gcion,atá inglactha ag an Aire, i ndiaidh comhchomhairle adhéanamh leis an Stiúrthóir, agus caomhnú in-situseadchomharthaí sna cúinsí faoi leith i gcás go n-iarrfadh an tAire le agus a bheadh réasúnta ingníomh.

15. Coimeádann gach comhpáirtí an ceart chucu féin cinntí aathbhreithniú.

16. Comhaontaíonn gach comhpháirtí go ndéanfaidh anCoiste Idirchaidreamh Bainistíochta Seandálaíochtmonatóireacht ar fheidhmiú an Chóid Chleachtais seoagus déanfaidh siad athbhreithniú foirmiúil laistigh de thríbliana dá ghlachta agus ag eatraimh chomhaontaithe inadhiaidh sin.

Cód

Clea

chta

is10

© A.D.S

Cód

Clea

chta

is

Gníomhartha Comhaontaithe

Déanfaidh Bord na Móna an méid seo a leanas

1. Seandálaí Tionscadail a fhostú. (Tugtar sainmhíniú ar ról antSeandálaí Tionscadail in Aguisín I. Leagtar an caidreamhidir an Seandálaí Tionscadail agus an SeandálaíComhairleach amach in Aguisín II.)

2. Líonta na nOifigeach Idirchaidrimh Seandálaíochta achothabháil. (Tugtar sainmhíniú ar ról na nOifigeachIdirchaidrimh Seandálaíochta in Aguisín III.)

3. Sraith Nósanna Imeachta um Chosaint Seandálaíochta(Aguisín IV) le haghaidh fostaithe atá fostaithe i ndraenáilmhóna, i dtochtailt mhóna agus i ngníomhaíochtaí eile lenambaineann a scaipeadh.

4. A chinntiú go ndéanfar seadchomharthaí nó ábhairsheandálaíochta a fionnadh le linn tochailt mhhóna achosaint ar mhodh cuí trí na Nósanna Imeachta umChosaint Seandálaíochta a leanúint.

5. A chinntiú go ndéanfar seadchomharthaí a fionnadh le gairidar thailte Bhord na Móna a thuairisciú ar mhodh tráthúil doSheirbhís Seadchomharthaí Náisiúnta na Roinne Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltacha.

6. A chinntiú go ndéanfar ábhair sheandálaíochta ar bith afionnfar ar thailte Bhord na Móna a thuairisciú láithreachd’Oifigeach Dualgas Ard-Mhúsaem na hÉireann. (Aguisín V).

7. Tús áite a thabhairt do sheadchomharthaí le haghaidhimscrúdaithe ag cur san áireamh leochaileacht naseadchomharthaí, oibleagáidí conarthacha agus spriocannatáirgthe móna.

8. Tairiscintí a ullmhú maidir le maolú seandálaíochtaiarmhairtí ar sheadchomharthaí, le tochailte agus taifeadadha chur san áireamh, i gcomhar leis an SeandálaíTionscadail agus an Aire.

11

9. Seandálaithe gairmiúla a fhostú d’fhonn maolú arsheadchomharthaí a dhéanamh, lena n-áirítear anmeasúnú pailéithimpeallachta agus staidéar iarthochailte.

10. An mhaoiniú riachtanach a chur ar fáil le riachtanaistochailte an Aire agus na Stiúrthóra a chomhlíonadh lenan-áirítear caomhnú na n-ábhar seandálaíochta, solátharanailísí agus dátú eolaíochta, mar aon le tuarascálacha adhéanamh ar an obair seandálaíochta ar fad, archaighdeán lena mbainfear faomhadh an Aire amach.

Cód

Clea

chta

is12

Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agusGaeltachta (trí Sheirbhís SeadchomharthaíNáisiúnta na Roinne) an méid seo a leanas

1. Beidh siad freagrach as suirbhéanna seandálaíochta a

choimisiúnú ar thailte táirgthe gníomhacha atá faoi

úinéireacht Bhord na Móna.

2. A chinntiú go gcuirfear torthaí suirbhéanna dá leithéidí ar fáil

do Bhord na Móna.

3. Freagairt a thabhairt ar chomhairliúcháin ón Seandálaí

Tionscadail agus ó Sheandálaithe Comhairleacha ar mhodh

tráthúil.

4. Modheolaíocht deiridh chuí a chomhaontú leis an Seandálaí

Tionscadail maidir leis an gcaomhnú in-situ nó tochailt agus

taifeadadh na seadchomharthaí seandálaíochta roimh céim

dhoiciméid na tairisceana. Cuirdfidh an Seandálaí

Tionscadail é seo i bhfeidhm faoi réir rialaithe iomláin agus

monatóireachta iomláine ag an Aire.

Cód

Clea

chta

is

13

© A.D.S

© A.D.S

5. Ceadúnais a eisiúint le haghaidh tochailt seandálaíochta

laistigh de 3 seachtainí ó iarratas a fháil ón Seandálaí

Comhairleach.

6. A chomhaontú go mbeidh stiúrthóir láithreáin aonair

leordhóthánach le haghaidh láitrheáin a thochailt i gcás ina

bhfuil láithreáin ábhair ina gcuid de choimpléasc scoite nó

ina bhfuil siad gar dá chéile, ag féachaint do mholtaí an

tSeandálaí Tionscadail.

7. Formáid agus caighdeán na dtuarascálacha atá le cur

isteach de bhun na gceadúnas eisithe a shainiú.

8. Cuidiú a thabhairt d’Ard-Mhúsaem na hÉireann maidir le

hoiliúint a thabhairt, ar bhonn tréimhsiúil, lena chinntiú go

gcoinneofar scileanna agus eolas na nOifigeach

Idirchaidrimh Seandálaíochta suas chun dáta.

Cód

Clea

chta

is14

Cód

Clea

chta

is

15Deánfaidh Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann,nó comhalta ainmnithe dá foirne an méid seo aleanas

1. Beidh sé freagrach as cúram ábhar seandálaíochta ar bith agheobhfar ar thailte Bhord na Móna uair amhain aghlacfaidh é i stór an Stáit.

2. Freagairt a thabhairt ar chomhairliúcháin ón SeandálaíTionscadail agus ó Sheandálaithe Comhairleacha ar mhodhtráthúil.

3. A chomhaontú go mbeidh sé ar fáil le haghaidhcomhairliúcháin leis an Seandálaí Tionscadal agus an Aire,más gá, maidir le modheolaíocht deiridh chuí maidir lecaomhnú in-situ nó tochailt agus taifeadadhseadchomharthaí seandálaíochta roimh chéim dhoiciméidna tairisceana.

4. Tráchtanna a chur ar fáil don Aire i dtaca le ceadúnais aeisiúint le haghaid tochailt seandálaíochta laistigh de 3seachtainí ó iarratas a fháil ón Seandálaí Comhairleach.

5. A chomhaontú ceadúnais a phróiseáil d’fhonn ÁbharSeandálaíochta agus Athrú agus Ábhar Seandálaíochta aEaspórtáil laistigh de 3 seachtainí ó iarratas a fháil ónSeandálaí Comhairleach.

6. A chomhaontú, faoi réir comhairliúcháin leis an RoinnEalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, eisiúint líontatochailte Ard-Mhúsaem na hÉireann le haghaidh cláraithena ndéantán a fuarthas i rith tochailtí ar thailte Bhord naMóna a éascú. Eiseofar treoirlínte sa Mhúsaem maidir le curi bhfeidhm na líonta seo agus clárú na ndéantán faoi líontochailte eisithe Ard-Mhúsaem na hÉireann.

7. Freagairt a thabhairt, má iarrtar é, ar chomhairliúchán ónAire maidir le sonraíochtaí na formáide agus caighdeán nadtuarascálacha a chuirfear isteach de bhun na gceanglaseisithe.

Cód

Clea

chta

is16 8. Oiliúint a thabhairt, le cuidiú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta

agus Gaeltachta, ar bhonn tréimhsiúil lena chinntiú gogcoinneofar scileanna agus eolas na nOifigeachIdirchaidrimh Seandálaíochta suas chun dáta.

9. A chomhaontú an Seandálaí Tionscadail agus naSeandálaithe Comhairleacha a chur ar an eolas faoileasuithe ar bith ar Nótaí Treoreach Ard-Mhúsaem nahÉireann chuig tochaltóirí nó ar an mBunachar Sonraí umChlárú Fionnachtainí Tochailte a theastaíonn.

10. Fardal suas chun dáta ar na hábhair sheandálaíochta agheobfar ar thailte Bhord na Móna a choinneáil agus achinntiú go ndéanfar luaíochtaí cuí aimsitheoirí a eisiúintlaistigh de thréimhse ama réasúnta.

Aguisíní

I. Ról an tSeandálaí Tionscadail

II. An Caidreamh idir an Seandálaí Tionscadail agusan Seandálaí Comhairleach

III. Ról na Oifigeach Idirchaidrimh Seandálaíochta

IV. Nósanna Imeachta um Chosaint Seandálaíochta

V. Tuarascáil ar Fhionnachtain na hÁbharSeandálaíochta i bPortaigh

Cód

Clea

chta

is

17

Aguisín I

Ról an tSeandálaí Tionscadail

Mar chuid den Chód Cleachtais, aontaíonn Bord na Móna gogcuirfear gach gníomhaíocht seandálaíochta ar a phortaigh igcrích faoi mhaoirseacht seandálaí ghairmiúil i gcomhchomhairleleis an Roinn agus le hArd-Mhúsaem na hÉireann. Chun nacríche seo, aontaíonn Bord na Móna go bhfostófar seirbísíSeandálaí Tionscadail láithreach.

Déanfaidh an Seandálaí Tionscadail an méid seo a leanas

1. Comhairle a thabhairt do Bhord na Móna maidir le gach gnéde sheandálaíochta a bhaineann lena heastát agus cuidiú athabhairt i bhforbairt straitéis seandálaíochta iarshuirbhémaidir lena phortaigh.

2. Idirchaidreamh a dhéanamh leis an Roinn i dtaca lesuirbhéanna seandálaíochta arna ndéanamh ar thailteBhord na Móna.

3. Na seadchomharthaí le haghaidh imscrúdaithe achomhaontú le Bord na Móna, ag cur san áireamh

© A.D.S

Cód

Clea

chta

is18

leochaileacht láithreán agus oibleagáidí conarthacha Bhordna Móna agus spriocanna táirgthe móna.

4. Modheolaíochtaí a chomhaontú leis an Roinn, faoi réircomhairliúcháin ag an Roinn leis an Stiúrthóir, agusdoiciméid tairisceana a ullmhú le haghaidh thochailt agusthaifeadadh na seadchomharthaí seandálaíochta, agSeandálaithe Comhairleacha, ar limistéir phortaigh Bhord naMóna.

5. Beidh siad freagach as a chinntiú go bhfuil na hiarratais archeadúnais tochailte in ord sula gcuirfear faoi bhráid naRoinne agus Ard-Mhúsaem na hÉireann iad.

6. A chinntiú go ndéanfar obair de réir na sonraíochtaí atáléirithe i ndoiciméid iarratais na tairisceana, ráitis modhannaagus coinníollacha maidir le ceadúnas tochailte aguslaistigh de na hamscálaí a comhaontaíodh, gan dochar doról an Aire agus ról an Stiúrthóra maidir le monatóireacht adhéanamh ar an obair.

7. Maoirseacht ar stiúradh na dtochailtí seandálaíochta, ar anmeasúnú pailéachomhshaoil agus ar an anailís iarthochailtearna déanamh ag Seandálaithe Comhairleacha, agus achinntiú go gcuirfear gach tuarascáil tochailte i gcrích go dtícaighdeán a bheidh inglactha don Aire agus don Stiúrthóiragus iad a chur isteach ar mhodh tráthúil.

8. Cuidiú a thabhairt le deimhniú agus bailíochtú na gcostasuile seandálaíochta.

9. Cuidiú a thabhairt le bunachar sonraí GIS desheadchomharthaí seandálaíochta a fhorbairt agus spotaíábhair seandálaíochta a fhionnachtain ar thailte Bhord naMóna, a nuashonrófar de réir mar a chuirfear suirbhéannaagus tochailtí i gcrích.

10. Comhairle a thabhairt do Bhord na Móna maidir lebainistíocht fhadtéarmach ar sheadchomharthaí a chuirtearar leataobh agus a chaomhnaítear in-situ.

Cód

Clea

chta

is

19

© A.D.S

Aguisín II

An Caidreamh idir an Seandálaí Tionscadail agus anSeandálaí Comhairleach (an Sealbhóir Ceadúnais) i stiúradhna dTochailtí Seandálaíochta

1. Déanfaidh an Seandálaí Tionscadail, i gcomhar leis anSeandálaí Comhairleach, ráitis modhanna a dhréachtú lehaghaidh na dtochailtí seandálaíochtaí a theastaíonn aguscinnteoidh sé go bhfuil na hiarratais ar cheadúnas in ordsula gcuirfear isteach chuig an Roinn iad. Déanfar anbealach ar a bhfuil na tochailtí le stiúradh a shainiú snaráitis modhanna, mar aon leis na hamscálaí agus anpearsanra a bheidh bainteach i dtaifeadadh naseadchomharthaí.

2. Beidh an fhreagracht ag an Seandálaí Tionscadail agus anSeandálaí Comhairleach beirt as a chinntiú go ndéanfar naseadchomharthaí a mbeidh á dtochailt a thaifeadadh go dtícaighdeán a bheidh inghlactha don Aire agus ar mhodh abheidh comhsheasmhach le nádúr tarrthála na dtochailtí.Cuirfidh an Seandálaí Tionscadail tuarascálacha dul chuncinn maidir leis an gclár seandálaíochta ar fáil don Roinn.

3. Déanfaidh an Seandálaí Tionscadail idirchaidreamh leis anSeandálaí Comhairleach lena chinntiú go ndéanfar natuarascálacha cuí a chur isteach chuig an Roinn agus chuigArd-Mhúsaem na hÉireann de réir choinníollacha ancheadúnais. Cuirfear tuarascálacha dá leithéidí isteachchuig an Roinn agus chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann trídan Seandálaí Tionscadail.

Cód

Clea

chta

is20

Aguisín III

Ról an Oifigigh Idirchaidrimh Seandálaíochta

1. An Cód Cleachtais seo agus na Nósanna Imeachta umChosaint Seandálaíochta a chur in iúl (Aguisín IV) do gachpearsanra a bheidh ag obair ar an bportach.

2. A chinntiú go ndéanfar na fógraí uile a bhaineann leis naNósanna Imeachta um Chosaint Seandálaíochta a phostáilagus a chothabháil ar shuíomhanna cuí ar an bportach.

3. Fionnachtainí fanacha, a chuirfear i láthair an OifigighIdirchaidrimh óna ghrúpa/grúpa portach, a thuairisiú donOifigeach Dualgas agus d’Ard-Mhúsaem na hÉireann.

4. An chosaint chuí a chur ar fáil maidir leis an bhfionnachtainfhánach, cé acu a bhfuil sí in-situ nó tógtha ar shiúl ónbportach, arna stiúradh ag Oifigeach Dualgas Ard-Mhúsaemna hÉireann.

Cód

Clea

chta

is

21

5. Seachadadh nó bailiú na fionnachtana fánaí a eagrú, arnastiúradh ag Oifigeach Dualgas Ard-Mhúsaem na hÉireann.

6. Tuarascáil ar Fhionnachtain Ábhar (Ábhair) Seandálaíochtai bPortaigh (Aguisín V) a dhéanamh, arna stiúradh agOifigeach Dualgas Ard-Mhúsaem na hÉireann.

7. Comhad ar na fionnachtainí fánacha uile agus na doiciméidbhaineacha a choinneáil agus cóipeanna a chur ar fáil donSeandálaí Tionscadail.

8. Cúnamh a chur ar fáil, más cuí, don Roinn le linn nasuirbhéanna seandálaíochta.

9. Cúnamh a chur ar fáil, más cuí, do SheandálaitheComhairleacha Bhord na Móna, le linn scrúdú agus mhaolúna seadchomharthaí.

10. Forbairtí beartaithe nó gníomhaíochtaí úra ar limistéirlagphortaigh laistigh dá ghrúpa/grúpa portach a thuairisiú dochomhlachtaí Bhord na Móna.

Cód

Clea

chta

is22

Aguisín IV

Nósanna Imeachta um Chosaint Seandálaíochta

CAD LE BHEITH AG SÚIL LEIS

Maireann na mílte láithreán agus ábhar seandálaíochta inárbportaigh agus fúthu. Is é an cineál is coitianta láithreáin abheidh os ár gcomhair ná an chonair, nó tochar. Is féidir leo abheith déantar as plainc, lomáin chruinne, caschoill agusgairbhéal nó leaca. D’fhéadfaí ardáin chaschoille, colúin dephoist adhmaid agus loirg de bhotháin adhmaid a fhionnachtainchomh maith. Faightear láithreacha cócaireachta ársa (fulachtafiadha) go minic gar do ciumhaiseanna portaigh, agus is féidiriad a aithint tríd na méideanna móra de chloch dhóite a bheith iláthair.

Faightear láithreáin ar an ithir mhianrach faoin móin chomhmaith, go háirithe faoi na bratphortaigh mhóna i réigiúin aniarthair. Ina measc siúd tá bruacha cloiche, tuamaí, tuamaímeigiliteacha, galláin, agus liagchiorcail agus sraitheanna gallán.

Cailleadh a lán ábhar nó rinneadh iad a shil-leagan inárbportaigh leis na céadta bliain anuas. Ina measc siúd tá uirlisí,giuirléidí agus airm déanta as adhmad, cloch nó miotal; ornáidídéanta as cré-umha nó as ór fiú, soithigh adhmaid, ina mbíonnim portaigh corruair, gaistí fianna adhmaid agus rothair agusmíreanna éadaigh déanta as leathar nó teicstíl. Faightear coirpdaoine, nó cuid de choirp mar aon le hiarsmaí ainmhícaomhnaithe sa mhóin corruair.

Tá gach ábhar, láithreán nó seadchomhartha, is cuma céchomh blograch, ina ngnéithe tábhachtacha dár n-oidhreacht.

CAD LE DÉANAMH

• Seiceáil an bhfuil láithreáin seandálaíochta aitheanta ar bithi do cheantar.

• Bíodh faireach i gcónaí – is féidir ábhair nó loirg struchtúr afháil ar dhromchlaí na páirce, in aghaidheanna draenach, archiumaiseanna portaigh nó greimthe laistigh demheicníochtaí innealra. Cód

Clea

chta

is

23

• Má fhaightear ábhair fág ansin é, tá sé sábháilte é seo adhéanamh, déanta nóta den áit ina bhfuil sé agus déanteagmháil láithreach le d’Oifigeach IdirchaidreamhSeandálaíochta a dhéanfaidh measúnú ar an gcás agus adhéanfaidh teagmháil le hOifigeach Dualgas Ard-Mhúsaemna hÉireann. Ná géill don chathú imscrúdú a dhéanamh aran spota fionnachtana toisc go bhféadfadh sé go gcuirfeadhsé seo isteach ar na sil-leagain seandálaíochta.

• Má bhíonn an t-ábhar bogtha cheana nó má bhíonn sé ingarchontúirt, tóg go cúramach é, cur marc ar an spotafionnachtana agus déan é a thuairisciú láithreach dod’Oifigeach Idirchaidreamh Seandálaíochta.

• Ba cheart ábhair déanta as adhmad, leathar nó teicstíl, abhaintear amach as móin a choinneáil i ndálaí cosúil leis nadálaí inár bhfuarthas iad. Is féidir é seo a dhéanamh trí iada phacáil i móin nó, má bhíonn siad leathbháite, iad a chur iscála uisce agus an gabhdán a shéalú.

• Má bhraitear adhmaid nó ábhair eile ar an bportach, cosúille gairbhéal nó clocha, a d’fhéadfadh bheith ina chuid destruchtúr de dhéantús an duine, cur marc ar an suíomhagus déan é a thuairisciú láithreach do d’OifigeachIdirchaidreamh Seandálaíochta. Má cheapann tú go bhfuiltábhacht seandálaíochta ag baint leis an bhfionnachtain, nágéill don chathú é a nochtadh tuilleadh toisc go bhféadfadhsé seo damáiste a dhéanamh don struchtúr.

Cód

Clea

chta

is24

• Déan rud ar bith a bhfuil cuma neamhnádúrtha air saphortach a thuairisciú – cinnfidh d’Oifigeach IdirchaidreamhSeandálaíochta ar cheart é a chur ar aghaidh chuig nahúdaráis chuí.

COINNIGH CUIMHNE

Is acmhainn chríochta, neamh-in-athnuaithe í ár n-oidhreachtseandálaíochta. Uair amháin a mhilltear láithreán cailltear afhaisnéis go deo agus beidh an deis caillte againn píosa níos módár n-am a chuaigh thart a thuiscint, an áit arbh as muid, agusb’fhéidir an deis foghlaim faoinár dtodhchaí.

Is é ............................................................. d’OifigeachIdirchaidreamh Seandálaíochta

Cód

Clea

chta

is

25

Aguisín V

Ní mór léarscáil mhionsonraithe a bheith ag gabháil leisTuarascáil Fionnachtana ina léirítear an portach agus na patrúindraenála, ní mór an spota fionnachtana a mharcáil go soiléir aran léarscáil agus tagairt ghreille a chur ar fáil más féidir. Bacheart an fhoirm a sheoladh ar ais chuig Oifigeach Dualgas Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

An Tuarascáil Fionnachtana um Ábhar (Ábhair)

Seandálaíochta i bPortach

Comhad MNÉ Uimh: _________________________________________________

Oibreacha Bhord na Móna: __________________________________________

Ainm agus seoladh an Oifigigh Idirchaidrimh Seandálaíochta: _________________

__________________________________________________________________

___________________________________ Uimh(reacha) Teil _______________

Ainm(neacha) an Aimsitheora (Aimsitheoirí) ______________________________

Seoladh (Seoltaí) an Aimsitheora (Aimsitheoirí) ___________________________

__________________________________________________________________

__________________________________ Uimh(reacha) Teil ________________

Cur síos gar ar an ábhar (na hábhair) le tomhais (déan sceitse garbh más féidir)

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

Ainm Uimhir an Phortaigh/Limistéir: _____________________________________

Tagairt Bhord na Móna (uimh. dhraenach srl.): ____________________________

Baile (má tá sé difriúil ó aimn an phortaigh): _____________________________

Paróiste: ___________________ comhordanáid í O.S. 6”:__________________

Barúntacht: _________________ Contae: ______________________________

Sonraí faoin dóigh ar fhionnadh é: _____________________________________

Doimhneacht faoin dromchla reatha: ___________________________________

Méid measta móna a baineadh ar shiúl ón dromchla reatha (más ann dó)______

Doimhneacht iomlán na móna sa chóngaracht (má tá sé ar eolas): ___________

Cineál móna sa chóngaracht láithreach (e.g. sfagnam srl): __________________

An bhfuil seadchomharthaí ar bith sa chóngaracht? (e.g. conairí, tuam, dúnfort):

________________________________________________________________

An bhfuil fionnachtainí eile d’ábhair sheandálaíochta ar a bhfuil eolas fúthu ón

gcóngaracht?: ____________________________________________________

__________________________________________________________________Cód

Clea

chta

is26