Búdachas Nichiren

Preview:

DESCRIPTION

Búdachas Nichiren. Is mé Clara. Tá a lán cleachtaí éagsúla den Bhúdachas ann. Seo í mo chara, Charlotte…. Is Búdaí freisin í. Cleachtann sise Búdachas Seambhala. Déanann sise machnamh ciúin gach maidin is oíche. Ach déanann mise cleachtadh eile Is Búdaí Nichiren mise. - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Búdachas Nichiren

Is mé Clara. Tá a lán cleachtaí éagsúla den Bhúdachas ann.

Seo í mo chara, Charlotte…. Is Búdaí freisin í. Cleachtann sise Búdachas Seambhala.

Déanann sise machnamh ciúin gach maidin is oíche.

Ach déanann mise cleachtadh eileIs Búdaí Nichiren mise.

Bím ag cantaireacht gach maidin agus gach oíche.

…roimh an ghononzon

Deirim ‘Nam Myohó Rengé Kyo’ arís agus arís i m’aonar nó le daoine eile.

Míneoidh duit go gairid cad is brí leis na focail sin..

Ciallaíonn..

nam - tugaim mé féin suas don..

Myohó - dlí diamhair…

Rengé - cúis agus éifeacht…

Kyo - teagasc an Bhúda.

Fadó ó shin bhí manach Búdaíoch sa Seapáin darbh ainm Nichiren

Bhí Nichiren cinnte dearfa go raibh an teagasc Búdaíoch is fearr le fáil sa Sutra Loiteoige.

Níor thaitin an smaoineamh seo le lucht ceannais na haimsire sin agus sa bhliain 1271, rinneadh iarracht é a mharú.

Díbríodh Nichiren go dtí oileán sceirdiúil, Sadó - ar chósta na Seapáine agus chaith sé trí bliana ansin…

Ach in ainneoin na géarleanúna go léir thosaigh teagasc Nichiren ag scaipeadh ar fud na Seapáine…

Tosaíonn ré nua den Bhúdachas Nichiren nuair a bhunaigh fear darb ainm Tsunesburo Makiguchi an Soka Gakkai sa bhliain 1930.

Eagraíocht de Bhúdaithe Nichiren a bhí agus atá fós inti a bhfuil d’aidhm aici kosen rufu nó síochain a chothú ar fud an domhain.

Soka Gakkai Idirnáisiúnta

Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda rinneadh ghéarleanúint ar Tsunesburo Makiguchi ó dhiúltaigh sé glan géilleadh d'éilimh an rialtais …

Sheas Makiguchi suas in aghaidh an mhíleatachais sa tSeapáin agus…

Tsunesburo _Makiguchi

..cuireadh eisean agus a fhear leanúna Josei Toda i bPríosún..

Faraor, fuair Makiguchi bás nuair a bhí sé i bpríosún..

Ach mhair Josei Toda agus lean obair fiúntach an Soka Gakkaí ar aghaidh…

Inniu is é Daisaku Ikeda atá i gceannas ar an ghluaiseacht Soka Gakkai.

Is í an phríomhaidhm fós a bhíonn ag an Soka Gakkai Idirnáisiúnta ná síocháin a chothú i gcroí gach duine ar fud an domhain.

Níl aon ionad lárnach ag na Búdaithe Nichiren in Éirinn fós ach bailímid le chéile i dtithe ár mball chun ár gcantaireacht a dhéanamh lena chéile.

Creidimid go bhfuil Búda-nádúr i ngach duine. Deirimidne Nam Myohó Rengé Kyo, chun spéachadh isteach a fháil ar an nádúr álainn úd den mbúdaíche (Buddhahood) atá ionainne go léir.

Nam Myohó Rengé

kyo

…ciúnú…

Dar le Búdaithe is féidir teacht ar áilleacht gach duine má lorgaíonn tú go fírinneach í ionat féin agus i

ngach duine eile.

Deireadh le cuid II

Recommended