Upload
reece-moon
View
65
Download
9
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Beo go Deo 8 Téarma 2: Ceacht 2 Beatha Lán den Spiorad. Cad ataim ag iarraidh a dhéanamh? Taithí na leanaí ar an bhfinnéacht Chríostai a scrudú. Cen fáth? Chun an tuiscint atá ag forbairt iontu ar an ngairm a fuair siad ag an mBaiste agus/nó Cóineartú a chothú. - PowerPoint PPT Presentation
Citation preview
Beo go Deo 8Téarma 2: Ceacht 2
Beatha Lán den Spiorad
Cad ataim ag iarraidh a dhéanamh? Taithí na leanaí ar an bhfinnéacht Chríostai a scrudú.
Cen fáth? Chun an tuiscint atá ag forbairt iontu ar an ngairm a fuair siad ag an mBaiste agus/nó Cóineartú a chothú.
Na Críostaithe i gComhar le ChéileGníomhartha na nÁspal 2:43-47
Is iomaí miorúilt agus eacht a bhí á dhéanamhag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.
Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le cheile agus bhí gach ní i bpáirt acu; dhíolaidis agcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodhaon duine acu ar an gcaolchuid.
Thagaidis le cheile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile agus chaithidís agcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí agus iad ag moladh Dé.
Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.
Leagan nua-aoiseach de na Deich nAithne
1. Tabhair grá ó chroí don Tiarna Dia, agus ná bíodh déithe eile agat.2. Bíodh meas agat ar ainm an Tiarna.3. Coinnigh an tSabóid naofa.4. Tabhair onóir do do thuismitheoirí.5. Ná déan marú; is le Dia gach rud beo.
6. Bí dílís do do phósadh.7. Ná déan goid.8. Ná hinis bréaga faoi dhaoine eile.9. Ná santaigh aon duine a bhaineann le duine eile cheana féin.10.Ná santaigh nithe a bhaineann le daoine eile cheana féin.