6
BHUEL! Meitheamh 2011 ! Ionad na Gaeilge Labhartha Eagarthóir:Nuala de Búrca Cuairt an tSeandóra David Norris Is fíor a rá go dtarraigíonn íomhá phoiblí an tseanadóra David Norris go leor airde sna meáin. Láinseáil sé a fheachtas toghchánaíochta uachtaránachta i saotharlann eolaíochta Choláiste na Tríonóide ar 14 Márta. Mar thoradh air sin tá ainm an tseanadóra Norris go mór i mbéal an phobail le tamall anuas. Beidh air ainmniúchán a chinntiú sula mbeidh cead aige dul san iomaíocht in aon chor. Bhí áthas orm go raibh an deis agam a bheith i láthair ag óráid a thug an seanadóir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh le déanaí. Ghlac sé leis an gcuireadh óráid a thabhairt i gcomhthéacs toghchán uachtaránachta na hÉireann a bheidh ar bun i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo. Chomh maith leis sin, chuir sé a chuid tuairimí i dtaobh an róil atá ag oideachas in Éirinn sa lá atá inniu ann faoi bhráid an tí. Baineadh siar asam nuair a thosnaigh sé aitheasc agus é ag labhairt as Gaolainn. Bhí ardmheas agamsa ar an seanadóir riamh, ach ar m’anam, bhí iontas orm nuair a chuala an Ghaolainn bhinn bhlasta uaidh. D’admhaigh sé nach raibh Gaolainn “fhlúirseach” nó líofa aige ach mar sin féin, léirigh sé sruth cainte nádúrtha is é ag tagairt don mheas a bhí aige ar ár dteanga náisiúnta agus ba dheacair é a lochtú. Bhí sé ag maíomh as an ádh a bhí leis freastal ar scoil ina raibh múinteóir Gaeilge den gcéad scoth lena linn. Ós rud é gur Ciarraíoch mé fhéin bhíos ana-bhródúil nuair a thosnaigh sé ag trácht ar an meas a bhí aige ar Pheig Sayers agus an tairbhe a bhain sé as léachtanna Bhrendan Kennelly agus é ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide. Dar ndóigh, tá sé dodhéanta labhairt faoi David Norris gan trácht ar an tsuim atá aige i saothar litríochta James Joyce agus fé mar a bheifí ag súil leis, d’inis sé scéal nó dhó faoi shaol agus saothar James Joyce i gcaitheamh na hóráide. Corcaíoch ab ea seanathair James Joyce agus de réir dealraimh, scríob sé a ainm fhéin ar bhínse i halla léachta i bhfoirgneamh Windle an lae inniu. De réir an scéil, bhástáil James Joyce go leor ama laistigh den halla léachta céanna is é ag sciúradh na mbinsí ar thóir scríbhneoireacht a sheanathar. Mo léan, níor éirigh le James Joyce scríbhneoireacht a sheanathar a aimsiú ach bhí an-iontas air an focal “foetus” a fheiscint scríte ag mac léinn éigin ar bhinse ann. Thaitin an scéal seo go mór liom mar bhíos féin sa halla léachta san anuraidh agus b’ábhar iontais dom an méid ainmneacha agus giotaí beaga eolais atá scríofa ar na binsí ann leis na blianta.

Cuairt an tSeandóra David Norris - ucc.ie · Cuairt an tSeandóra David Norris Is fíor a rá go dtarraigíonn íomhá phoiblí an tseanadóra David Norris go leor airde sna meáin

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Cuairt an tSeandóra David Norris - ucc.ie · Cuairt an tSeandóra David Norris Is fíor a rá go dtarraigíonn íomhá phoiblí an tseanadóra David Norris go leor airde sna meáin

BH

UEL!

Meit

hea

mh

20

11

! I

on

ad

na

Ga

eil

ge L

abh

ar

th

a

E

ag

ar

th

óir

:Nu

ala

de B

úr

ca

Cuairt an tSeandóra David Norris

Is fíor a rá go dtarraigíonn íomhá phoiblí an tseanadóra David Norris go leor airde sna meáin. Láinseáil sé a fheachtas toghchánaíochta uachtaránachta i saotharlann eolaíochta Choláiste na Tríonóide ar 14 Márta.

Mar thoradh air sin tá ainm an tseanadóra Norris go mór i mbéal an phobail le tamall anuas. Beidh air ainmniúchán a chinntiú sula mbeidh cead aige dul san iomaíocht in aon chor. Bhí áthas orm go raibh an deis agam a bheith i láthair ag óráid a thug an seanadóir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh le déanaí. Ghlac sé leis an gcuireadh óráid a thabhairt i gcomhthéacs toghchán uachtaránachta na hÉireann a bheidh ar bun i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Chomh maith leis sin, chuir sé a chuid tuairimí i dtaobh an róil atá ag oideachas in Éirinn sa lá atá inniu ann faoi bhráid an tí. Baineadh siar asam nuair a thosnaigh sé aitheasc agus é ag labhairt as Gaolainn. Bhí ardmheas agamsa ar an seanadóir riamh, ach ar m’anam, bhí iontas orm nuair a chuala an Ghaolainn bhinn bhlasta uaidh.

D’admhaigh sé nach raibh Gaolainn “fhlúirseach” nó líofa aige ach mar sin féin, léirigh sé sruth cainte nádúrtha is é ag tagairt don mheas a bhí aige ar ár dteanga náisiúnta agus ba dheacair é a lochtú. Bhí sé ag maíomh as an ádh a bhí leis freastal ar scoil ina raibh múinteóir Gaeilge den gcéad scoth lena linn.

Ós rud é gur Ciarraíoch mé fhéin bhíos ana-bhródúil nuair a thosnaigh sé ag trácht ar an meas a bhí aige ar Pheig Sayers agus an tairbhe a bhain sé as léachtanna Bhrendan Kennelly agus é ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide.

Dar ndóigh, tá sé dodhéanta labhairt faoi David Norris gan trácht ar an tsuim atá aige i saothar litríochta James Joyce agus fé mar a bheifí ag súil leis, d’inis sé scéal nó dhó faoi shaol agus saothar James Joyce i gcaitheamh na hóráide.

Corcaíoch ab ea seanathair James Joyce agus de réir dealraimh, scríob sé a ainm fhéin ar bhínse i halla léachta i bhfoirgneamh Windle an lae inniu. De réir an scéil, bhástáil James Joyce go leor ama laistigh den halla léachta céanna is é ag sciúradh na mbinsí ar thóir scríbhneoireacht a sheanathar. Mo léan, níor éirigh le James Joyce scríbhneoireacht a sheanathar a aimsiú ach bhí an-iontas air an focal “foetus” a fheiscint scríte ag mac léinn éigin ar bhinse ann. Thaitin an scéal seo go mór liom mar bhíos féin sa halla léachta san anuraidh agus b’ábhar iontais dom an méid ainmneacha agus giotaí beaga eolais atá scríofa ar na binsí ann leis na blianta.

Page 2: Cuairt an tSeandóra David Norris - ucc.ie · Cuairt an tSeandóra David Norris Is fíor a rá go dtarraigíonn íomhá phoiblí an tseanadóra David Norris go leor airde sna meáin

Cé go mbím cáinteach go minic fé scoláirí a loiteann binsí lena gcuid “ealaíne” le linn léachtanna, ba dheacair d’éinne gan sásamh a bhaint as a bhfuil scríte ar na binsí ins an halla léachta san i bhfoirgneamh Windle, go háirithe nuair a thosnaíonn tú ag cuimhneamh ar shaol is ar stair na ndaoine atá laistiar den scríbhneoireacht. Cuimhnigh air, seanathair James Joyce, an fear é fhéinig, ina measc!

Spreag an seanadóir Norris sinn chun machnamh ar an ndlúthcheangal atá idir an t-oideachas agus ár gcultúr náisiúnta, go háirithe ó thaobh na litríochta de, le linn a chuid cainte.

Mar fhocal scoir, thug sé le fios don lucht éisteachta go mbeadh “trí philéar” i gceist le linn a fheachtais toghchánaíochta; Oideachas, Cultúr agus Sláinte Intinne. Cé go raibh meas agamsa ar an Uasal Norris sular thosnaigh sé ag caint in aon chor de bharr an méid atá déanta aige ó toghadh ina sheanadóir é i 1987, bhíos amhrasach maidir lena chumas uachtarántachta.

Is minic a tharraing sé aird na meán air fhéin i dtaobh na bhfeachtas um chearta sibhialta agus comhionannais a bhíodh ar bun aige, ach ní hamhlaidh go mbíodh sé i mbun agóide ar son na cúise. Taispeánann sé seo dúinn go bhfuil an seanadóir Norris toilteanach seasamh a thógaint agus labhairt amach ar son shaoránaigh na tíre seo nuair a thuigeann sé go bhfuil gá lenár gcearta a chosaint.

Cé go bhfuil a phas taistil aige, agus é fíor-bhuíoch de, dhein sé cinneadh gan glacadh leis an bpinsean. Léiríonn sé seo dúinn gur fear macánta, cneasta, ionraic é agus go bhfuil sé toilteanach é féin a chur chun cinn mar dhea-shampla sa chóras polaitíochta. Tá sé seo fíor-thábhachtach in am an ghátair. Faoin dtráth gur cuireadh clabhsúr ar an ócáid, bhíos lán dóchasach go mbeadh an Seanadóir David Norris ina Uachtarán den gcéad scoth agus go mbeadh sé deacair teacht ar a mhacasamhail ó thaobh iarrthóir Uachtarántachta sa lá atá inniu ann. Fodhla Ní Chonchúir.

Fodhla Ní Chonchúir.

Slán libh!

Déanaimis comhghairdeachas leis na mic léinn idirnáisiúnta a dhein cúrsa meán-leibhéil sa Nua-Ghaeilge, GA1121, i mbliana. Go n-éirí an bóthar libh!

Comhghairdeachas! Déanaimis comhghairdeachas leis an gCumann Drámaíochta a bhuaigh dhá dhuais ag Féile Drámaíochta na gColáistí Tríú Leibhéil le déanaí nuair a chuireadar an dráma Cailíní Gránna ar an stáitse. Bhuaigh Hilary Bowen Walsh an duais don aisteoir is fearr agus bhuaigh an cumann an duais don taispeántas is fearr.

Page 3: Cuairt an tSeandóra David Norris - ucc.ie · Cuairt an tSeandóra David Norris Is fíor a rá go dtarraigíonn íomhá phoiblí an tseanadóra David Norris go leor airde sna meáin

V

Gr

ad

am

na

ga

eil

ge

Bhronn Banc na hÉireann Gradam na Gaeilge, ar bheirt scoláirí de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar an 4 Bealtaine. Is iad Caoimhín Ó Muireasa agus Ruth Nic Ginneá a bhain an Gradam amach i mbliana. Tá an duais de !1,000 urraithe ag Banc na hÉireann. Mheas na moltóirí gur chóir an duais a roinnt de bharr chumas na beirte. Thaispeáin Caoimhín agus Ruth díograis nach beag i gcaitheamh na bliana maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn i dtimpeallacht na hOllscoile. Ba iad Meadhbh Harrington agus Vivienne Cremin,Banc na hÉireann, a dhein an bronnadh ag ócáid speisialta a eagraíodh sa Seomra Caidrimh. Bhronn Dr Caitríona Ó Dochartaigh Roinn na Sean-agus Meán-Ghaeilge, scoláireachtaí ar áitritheoirí an Ionaid Chónaithe, Áras Uí Thuama ag an ócáid chéanna. Reáchtáladh an Gradam faoi choimirce Choiste Gnó Bhord na Gaeilge, COC. B’iad an Dr.Caoimhín Ó Muirigh (Roinn na Sean-agus Meán-Ghaeilge), Siobhán de Paor (Coiste Gnó Bhord na Gaeilge) agus Claire Ní Mhuirthile (Ionad na Gaeilge Labhartha) a bhí mar mholtóirí.

Vivenne Cremin, Banc na hÉireann, Caoimhín Ó Muiríosa, Ruth Nic Ginneá, buaiteoirí, agus Meadhbh Harrington, Banc na hÉireann.

Eagarfhocal

Seo daoibh an t-eagrán deireanach de “Bhuel” don bhliain seo agus nár shárbhliain Ghaeilge a bhí againn. D’éirigh go geal leis na cumainn

ghaelacha i mbliana agus d’éirigh leo réimse bhreá imeachtaí a chur ar siúl. D’éirigh go geal le cúrsaí an Ionaid i

mbliana leis, bhí réimse leathan cúrsaí ar siúl mar is gnáth. Is léir go bhfuil an

Ghaeilge ag dul ó neart go neart agus ag fás bliain i ndiaidh bliana ar champas C.O.C. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháilt le gach éinne a chabhraigh

liom agus a scríobh dom i rith na bliana. Go n-éirí le lucht na scrúduithe agus go mbaine sibh taitneamh as an Samhradh.

Comórtas

Ainmnigh an t-oileán sa phictiúr seo.

Dearbhán !30 (An Post) an duais!

Seol do fhreagra chugam ag [email protected] nó cuir do fhreagra go hOifig na Gaeilge Labhartha faoin 1 Iúil.

Page 4: Cuairt an tSeandóra David Norris - ucc.ie · Cuairt an tSeandóra David Norris Is fíor a rá go dtarraigíonn íomhá phoiblí an tseanadóra David Norris go leor airde sna meáin

Ar mhaith leat árasán a roinnt le mic léinn

eile le Gaeilge?

Tuilleadh Eolais: Ionad na Gaeilge Labhartha G02, Áras Uí Rathaille UCC 0214902314 http://www.ucc.ie/igl

Scoláireachtaí "500

Ionad Cónaithe Gaeilge, Gaeltacht UCC 2010/11

An bhfu i l tú ag smaoineamh ar fhreasta l mar mhac lé inn ar UCC an bh l ia in seo

chuga inn?

Page 5: Cuairt an tSeandóra David Norris - ucc.ie · Cuairt an tSeandóra David Norris Is fíor a rá go dtarraigíonn íomhá phoiblí an tseanadóra David Norris go leor airde sna meáin

G

AELSC

OIL

Río

rd

áin

Scoláireacht Uí Ríordáin 2011

Thar ceann Bhord Gaeilge an Choláiste, bhronn Uachtarán UCC, An Dr. Micheál Ó Murchú, Scoláireacht Sheáin Uí Ríordáin na bliana seo ar Liam Ó Tuathaigh, dalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh. Is é Bord Gaeilge Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a dheineann urraíocht ar an scoláireacht seo agus comórann sí saothar an fhile cháiliúil Seán Ó Ríordáin a bhí ag obair ar feadh roinnt blianta i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste. Is Scoláireacht í seo a bhronntar go bliantúil ar dhalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin agus tugann sí caoi don mbuaiteoir trí seachtaine thairbheacha a chaitheamh ar scoláireacht i rith an tSamhraidh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Liam Ó Tuathaigh, buaiteoir na scoláireachta, a mhuintir, a mhúinteoirí agus a chairde ag baint taitnimh as an ócáid leis an Dr. Micheál Ó Murchú.

Page 6: Cuairt an tSeandóra David Norris - ucc.ie · Cuairt an tSeandóra David Norris Is fíor a rá go dtarraigíonn íomhá phoiblí an tseanadóra David Norris go leor airde sna meáin

Tio

l n

a m

um

ha

n

TIONÓL NA MUMHAN 201 1 !

Dé hAoine ~ Dé Domhnaigh, 10 ~ 12 Meitheamh,

Baile Bhuirne & Cúil Aodha !

DÉ hAOINE (Óstán Ghobnatan an láthair d’imeachtaí an lae seo)

14.15 Teacht le chéile

14.30 Turas (1) – Béal na Bláth, Co. Chorcaí

20.00 Léacht (1) Shanghaite: Éire agus an tArdoideachas An Dr Neil Buttimer

21.15 Bord Quiz idir-Choistí Contae &

seoladh Feasta an Mheithimh 22.00 Seisiún Ceoil

DÉ SATHAIRN (An Muileann an láthair d’imeachtaí an lae seo)

11.00 ccb Dháil na Mumhan & fógairt

clár oibre 2011/2012 sa Mhuseam

12.30 Léacht (2) An tOllamh Pádraig Ó Riain: Naoimh Mhúscraí : Idir Stair agus

Réamhstair

15.00 Turas (2) - Cill Mhíchíl, Co. Chorcaí

19.00 Taispeántais: Abhainn Gharbh, Eas Coille, Folláin, leabhair srl.

21.00 Fáiltiú, Ceol & Bronnadh Gradam,

2011:

Laoch na Mumhan, 2011 Coiste Contae na Bliana, 2011

Craobh na Mumhan, 2011

DÉ DOMHNAIGH 10.00 Aifreann ~ Cúil Aodha

Ceardlann Scríbhneoireachta

Beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí

in Óstán Ghobnatan, Baile Bhuirne: Aoine 10 Meitheamh, 18.00 – 19.30;

Sath., 10.00 go dtí 12.00; Domh., 11.00–13.00.

Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomhscríbhneoirí atá i

gceist. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe. N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé agat (3

dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa, taighde

staire nó eile) a sheoladh go dtí: [email protected]

Níl aon táille, agus íocfar 80 euro an

duine le rannpháirtithe na ceardlainne i leith a gcuid costaisí L&B ar an Aoine &

Satharn.

Lóistín: Tá ráta speisialta ar fáil ó Óstán Ghobnatan (026) 45324 (!40 l/b !35 l/- in aghaidh na hoíche) agus sa Mhuileann

(026) 45237 (!35 l/b in aghaidh na hoíche). Ní mór duit féin áirithint agus

íocaíocht a dhéanamh díreach le do rogha ceann. Is ceart duit Tionól na Mumhan a

lua agus an áirithint á dhéanamh agat, chun an ráta ar leith a fháil.

Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó

Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.

[email protected]