8
iMúscraí iMúscraí Dé hAoine 30 Meán Fómhair 2011 http://www.imuscrai.com SAOR IN AISCE Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí Tús maith, leath na h-oibre! Sin a deirtear ar aon nós agus tá tús maith curtha le feidhmiú Mórtas Mhúscraí, an plean ag an Comhar- chumann chun cuidiú le Múscraí cur le h-úsáid na Gaeilge sa chean- tar agus slácht breise a chur ar na sráid bhailte. D’eirigh go h-an mhaith le Cúil Aodha agus Béal Atha’n Gha- orthaidh i gcomórtas na mBailte Slachtmhara i mbliana. Nuair a fógraíodh torthaí an chomortais le déanaí, bhí na marcanna is airde go dtí seo bainte amach ag Cúil Aod- ha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh sa chomórtas náisiúnta. Fuair Cill Airne, an buaiteoir náisiúnta, 310 as 400 sa chomórtas - ach níl Béal Atha’n Ghaorthaidh i bhfad ar chúl le 284 marc. Tar éis bliain a chaitheamh ‘ar saoire’ ón gcomórtas - ach ní ón obair - tá muintir Chúil Aodha tar éis filleadh ar an gcomórtas leis an marc is airde go dtí seo. Ardú 18 marc é an 244 a fuair Cúil Aodha i mbliana sa chomórtas ar an marc a baineadh amach i 2009, 226. D’eirigh le Cúil Aodha an triú áit a bhuachaint sa Dúshlán Frith Bhús- cair ag Comhairle Chorcaí. Tá tuilleadh eolais faoi thu- airiscí na moltóirí agus cur síos ar na h-iarrachtaí a deineadh sna ceantracha éagsúla le léamh istigh. Bhí ard mholadh ann d’iarrachtaí na bpobal as ucht bheith páirteach sa chomórtas i mbliana. Marcanna is airde sna “Bailte Shlachtmhara” faighte ag pobail na Gaeltachta I measc an phobail Tús maith le Mórtas Mhúscraí Comharchumann Forbartha Mhúscraí Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha Co. Chorcaí. Tel: 026 65781 085 8130777 http://www.imuscrai.com [email protected] Concubhar Ó Liatháin Bainisteoir Comharchumann Forbartha Mhúscraí Tá Comharchumann Forbartha Mhúscraí tar éis tús a chur le seirbhís nua le déanaí. Beidh bainisteoir an Chomharchu- mainn ar fáil go rialta i do phoba. Gach Máirt idir 2-4in, is ag Cois Cille i gCill na Martra a bheidh teacht ar an mbainis- teoir, Concubhar Ó Liatháin. Ar an gCéadaoin, idir 2-4in, beidh teacht air i gCuan Barra i gCill na Martra. Taobh amuigh de sin, tá oifig an Chomharchumainn suite thuas staighre san Ionad Óige i gCúil Aodha agus is ansan a bheidh sé seachas é bheith ar ghnó eile. e manager is available in Cill na Martra, 2-4pm, every Tuesday, and Ballinge- ary, every Wednesday. He will be in Cúil Aodha oth- erwise. Teil: 026 6578/085 8130777 e ongoing progress of Ballingeary and Coolea in the Tidy Towns Competi- tion this year augurs well for the success of a new plan to promote the use of Irish in tandem with improving the overall im- age of Múscraí. See more about Mórtas Múscraí, inside on Page 4. Clár iomlán L7 D’reastal slua breá mór ar an gCampa Samhraidh a reachtáil an Comharchumann i gCill na Martra le linn mí Lúnasa. Agus nach acu a raibh an spórt. Bhí go leor le déanamh acu - iad ag cur snás ar a scileanna peile, ag pé- intéireacht is ag potadóireacht le Pau- line Dodds, ag snámh i gCúil Aodha agus ag múnlú ag Prince August. Tá sé i gceist campa a reachtáil arís i gCill na Martra - agus i mBéal Atha’n Ghaorthaidh - an bhliain seo chugainn de bharr chomh is ar eirigh leis an gcampa seo. Lámha suas - cé atá ag baint taithneamh as an gcampa? Pic: Joan Mac Lochlainn Spórt agus spraoi ag an campa

iMúscraí

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Nuachtlitir do Chomharchumann Forbartha Mhúscraí. A newletter for Múscraí Development Co-operative. It contains all the news about what CFM is doing and a great deal of local stories, pictures and the contact details for the Comharchumann. The essential guide to the Múscraí Gaeltacht in west Cork.

Citation preview

Page 1: iMúscraí

iMúscraíiMúscraíDé hAoine 30 Meán Fómhair 2011 http://www.imuscrai.com SAOR IN AISCENuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí

Tús maith, leath na h-oibre! Sin a deirtear ar aon nós agus tá tús maith curtha le feidhmiú Mórtas Mhúscraí, an plean ag an Comhar-chumann chun cuidiú le Múscraí cur le h-úsáid na Gaeilge sa chean-tar agus slácht breise a chur ar na sráid bhailte.

D’eirigh go h-an mhaith le Cúil Aodha agus Béal Atha’n Gha-orthaidh i gcomórtas na mBailte Slachtmhara i mbliana. Nuair a fógraíodh torthaí an chomortais le

déanaí, bhí na marcanna is airde go dtí seo bainte amach ag Cúil Aod-ha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh sa chomórtas náisiúnta.

Fuair Cill Airne, an buaiteoir náisiúnta, 310 as 400 sa chomórtas - ach níl Béal Atha’n Ghaorthaidh i bhfad ar chúl le 284 marc.

Tar éis bliain a chaitheamh ‘ar saoire’ ón gcomórtas - ach ní ón obair - tá muintir Chúil Aodha tar éis filleadh ar an gcomórtas leis an marc is airde go dtí seo. Ardú 18

marc é an 244 a fuair Cúil Aodha i mbliana sa chomórtas ar an marc a baineadh amach i 2009, 226. D’eirigh le Cúil Aodha an triú áit a bhuachaint sa Dúshlán Frith Bhús-cair ag Comhairle Chorcaí.

Tá tuilleadh eolais faoi thu-airiscí na moltóirí agus cur síos ar na h-iarrachtaí a deineadh sna ceantracha éagsúla le léamh istigh. Bhí ard mholadh ann d’iarrachtaí na bpobal as ucht bheith páirteach sa chomórtas i mbliana.

Marcanna is airde sna “Bailte Shlachtmhara” faighte ag pobail na Gaeltachta

I measc an

phobailTús maith le Mórtas Mhúscraí

Comharchumann

Forbartha Mhúscraí

Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó LiatháinCúil AodhaCo. Chorcaí. Tel: 026 65781 085 8130777http://[email protected]

Concubhar Ó LiatháinBainisteoirComharchumann Forbartha MhúscraíTá Comharchumann Forbartha Mhúscraí tar éis tús a chur le seirbhís nua le déanaí. Beidh bainisteoir an Chomharchu-mainn ar fáil go rialta i do phoba.

Gach Máirt idir 2-4in, is ag Cois Cille i gCill na Martra a bheidh teacht ar an mbainis-teoir, Concubhar Ó Liatháin. Ar an gCéadaoin, idir 2-4in, beidh teacht air i gCuan Barra i gCill na Martra.

Taobh amuigh de sin, tá oifig an Chomharchumainn suite thuas staighre san Ionad Óige i gCúil Aodha agus is ansan a bheidh sé seachas é bheith ar ghnó eile. The manager is available in Cill na Martra, 2-4pm, every Tuesday, and Ballinge-ary, every Wednesday. He will be in Cúil Aodha oth-erwise. Teil: 026 6578/085 8130777

The ongoing progress of Ballingeary and Coolea in the Tidy Towns Competi-tion this year augurs well for the success of a new plan to promote the use of Irish in tandem with improving the overall im-age of Múscraí. See more about Mórtas Múscraí, inside on Page 4.

Clár iomlán L7

D’fhreastal slua breá mór ar an gCampa Samhraidh a reachtáil an Comharchumann i gCill na Martra le linn mí Lúnasa.

Agus nach acu a raibh an spórt. Bhí go leor le déanamh acu - iad

ag cur snás ar a scileanna peile, ag pé-intéireacht is ag potadóireacht le Pau-line Dodds, ag snámh i gCúil Aodha agus ag múnlú ag Prince August.

Tá sé i gceist campa a reachtáil arís i gCill na Martra - agus i mBéal Atha’n Ghaorthaidh - an bhliain seo chugainn de bharr chomh is ar eirigh leis an gcampa seo.

Lámha suas - cé atá ag baint taithneamh as an gcampa? Pic: Joan Mac Lochlainn

Spórt agus spraoi ag an campa

Page 2: iMúscraí

Nuacht Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011iMúscraí2 Treoir

TreoirI gcás iontráil Bhéal Atha’n Gha-orthaidh, dúirt an Moltóir gurb é an ceann is fearr a fuair sé i mbli-ana agus thug sé le fios gurb é an léarscáil an ceann is fearr a fuair sé riamh.An Cur Chuige Forbartha Iom-lán: 45/50.(42/50 i 2010) [Overall developmental approach]

Mhol sé gach gné den iarratas, go h-áirithe an poiblíocht, an cu-marsáid leis an bpobal, agus dar leis, go raibh an iarratas ‘ábhartha’, ‘forleathan’ agus ‘samhlaíoch’.An Comhshaoil Forbartha 36/50(35/50 i 2010)[Built Environment]

Mhol an moltóir na h-iarrachtaí atá déanta timpeall Scoil Naomh Fhionnbarra. Dúirt sé gur thaitin na dathanna agus an planndú le gach duine agus mhol sé an múrm-haisiú go h-ard. Bhí moladh fre-isin do Thigh Seartan agus dúradh go raibh cuma geal ar an Séipéal. Moladh freisin úsáid na Gaeilge timpeall an sráid bhaile. Tá ‘Ard na Laoi’ gan smál, dúradh. Tírdhreachú 35/50 [Landcaping]Ard mholadh arís do na h-iar-rachtaí, go h-áirithe don ‘Famine Plot’ agus dúradh go raibh an té-agar faoin Fiadhúlra agus aiseanna nádúrtha 31/50.(29/50 i 2010)

[Overall developmental approach]Mhol an moltóir go h-ard an

páirc fiadhúlra i mBéal Atha’n Ghaorthaidh agus dúirt gurb é an ceann ab fhearr a bhfaca sé riamh.Cúrsaí brúscair(35/50(33/50 i 2010) [Litter control]

Iarrachtaí an éifeachtach ar fad.Laghdú fuiollach(10/20)(7/20 i 2010) [Litter control]

Mhol sé an cur chuige mar an ‘ceann ceart’ agus dúirt go raibh dul chun cinn le déanamh. Néatacht(20/30)(19/30 i 2010) [Tidiness]

Roinnt oibre le déanamh maidir le comharthaí agus ‘TLC’ ag teast-áil ar roinnt gheataí.Ceantair cónaithe35/50)(33/50 i 2010) [Residential Areas]

Tá Cuan Barra go h-alainn agus Tigh na Croise go gleoite. Bóithre (35/50)(34/50 i 2010) [Roads]

Tá an bóthar go Maigh Chromtha planndaithe go deas agus tá faobhar deas ar an bhféar ar Bhóthar Bhaile Mhuirne.An léargas iomlán(7/10(33/50 i 2010) [General impression]

Bhí an moltóir tógtha le h-iar-rachtaí an phobail anseo agus tá sé ag tuar dul chun cinn substaintiúil sa chomórtas amach anseo.

Dul chun cinn déanta ag Múscraí i gComórtas na mBailte Shlachtmhara

Cad a dúirt na Moltóirí Béal Atha’n Ghaorthaidh

Thuas tá an graf ag léiriú an dul chun cinn íontach atá dé-anta ag Béal Atha’n Ghaorthaidh i gComortas na mBailte Shlachtmhara.

Ar dheis, tá an léarscáil de Bhéal Atha’n Ghaorthaidh ar thug an moltóir ard mholadh do.

An Cur Chuige Forbartha Iom-lán: 30/50.

Mhol an Moltóir an Scoil Náisiúnta as ucht an Bhrat Glas a bhaint amach agus duirt sé gur ‘sraid bhaile gleoite’ é Cúil Aodha. An Comhshaoil Forbartha 30/50

Dar leis an moltóir, tá ‘Bun an Bhaile’ go h-alainn agus bhí sé an togtha leis an múrmháisiú ag an linn snáimh. Arís, mhol sé obair na scoile. Tírdhreachú 20/50\

Bhí an moltóír ana mholtach faoi dhealbh Sheán Ó Riada agus mhol sé an suíomh a bhí ag an sao-thar ealaíne. Mhol sé an planndú atá déanta timpeall na bóithre agus dúirt gur cheart breis a dhé-

anamh, b’fhéidir, ag an láthair ath-chúrsála. Fiadhúlra agus aiseanna nádúrtha 20/50.

Mhol an moltóír go mbainfí níos mó úsáide as an abhainn mar acmhainn nadurtha an cheantar. Mhol sé freisin go mbeadh bórd eolais sa cheantar chun cur síos a dhéanamh ar na h-acmhainní éagsúla. Cúrsaí Brúscair 35/50.

Bhí ard mholadh do na patróíl brúscair rialta a bhionn sa che-antar. Ní fhaca sé aon bhrúscar ar an lá a thug sé cuairt. Mhol sé an Scoil Náisiúnta arís as obair na bpáistí agus na múinteoirí ag bai-liú brúscair.

Laghdú Fuiollach 10/20Mhol an moltóír pobal na h-

áite as an úsáid a bhí á bhaint as an ionad ath-chúrsála agus duirt sé go mbeadh sé tabhachtach roinnt léachtaí/cainteanna ar an ghné seo a eagrú le linn an Gheimhridh. Néatacht 22/30

Iarrachtaí maithe déanta, dar leis an moltóir, i leith sean foirg-nimh. Ceantair cónaithe: 30/40

Mhol an moltóir ‘Cois Lo-cha’ mar áit álainn. Dúirt sé go raibh an obair déanta ag gach aon teaghlach ar a suíomh féin. Na bóthre isteach is timpeall 28/50Léargas iomlán: 7/10

Cúil Aodha

Thuas tá an graf ag léiriú an dul chun cinn íontach atá déanta ag Cúil Aodha i gComortas na mBailte Shlachtmhara ó 2001-11

Ar chlé tá dealbh Sheán Ó Riada atá suite i gclós an tSéipéil i gCúil Aodha.

Page 3: iMúscraí

NuachtDé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011 iMúscraí 3

Cúpla focal

Seo an chéad eagrán de nuacht-litir nua do Ghaeltacht Mhúscraí. Tá sé á fhoilsiú ag Com-harchumann Forbartha Mhúscraí agus tá sé ar oscailt do gach éinne sa cheantar Gaeltachta seo.

Beidh béim laidir ar an nGaoluinn - agus mar a labhartar anseo i Múscraí í - san bhfoil-seachán seo. Ach beidh míreanna le na scéalta chun achoimre gairid Béarla a dhéanamh orthu.

Cuid den sprioc atá ag an bhfoilseachán tacú leis an obair atá ar bun mar gheall ar chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar. Tá creatlach de phlean teanga againn - Mór-tas Mhúscraí - ach tá cabhair ag teastáil chun feoil a chur ar na cnámha sin, le cinntiú go leanfaidh stadas Gaeltachta Mhúscraí.

This publication is the first edition of a news-letter for the Múscraí Gaeltacht. This newslet-ter is being published by Comharchumann Forbartha Mhúscraí (Múscraí Development Co-operative) and is open to all people and groups in the Múscraí area to publish accounts of their activities and to promote events they may be or-ganising.

While there will be a strong emphasis on the promotion of Irish in the publication, we will endeavor to make it ac-cessible to those who are learning Irish with short summaries of various stories in English. We will also try to provide material for the many in our community who hail from other countries.

Faigheann Comharchumann Forbartha Mhúscraí tacaíocht ó:

Ní aithníonn muintir na h-áite nó taistealaithe rialta ar an N22 iad féin ar an mbóthar nua atá againn le gairid.

Tá ard mholadh ag dul don ghrúpa áitiúil a chuaigh i mbun feachtais chun an bóthar a dheisiú. Is sampla íontach é seo den difríocht idir ‘before’ agus ‘after’!

An N22 mar atá....agus mar a bhí

An dúshlán is móFeachtas nua chun cabhrú linn meachan a chailliúintTá tús á chur ag an Comharchu-mann go luath le feachtas chun cabhrú le daoine atá ag iarraidh meachan a chailliúint agus bheith nios sláintiúla.

Is fadhb tromchúiseach dár sláínte é an iomarca meachan bheith ar bórd - agus níl aon du-ine a thuigeann é sin an oiread le bainisteoir an Chomharchumainn!

Ach tá saineolaí aclaíochta, Ainle Ó Cairealláin, ag teacht go Múscraí ar 8 Deireadh Fómhair chun tús a chur le leagan Mhúscraí de ‘Operation Transformation’ nó ‘The Biggest Loser’.

Beidh Ainle in Aras Éamonn Mhic Suibhne i gCúil Aodha ar 10 a chlog ar maidin ar an lá sin chun iad san a bheidh ag iarraidh bheith páirteach sa scéim seo.

Déanfaidh sé meá ceart ar an t-é a bheidh páirteach - agus beidh sé ag déanamh anailís ar na deacrachtaí ar leith atá ag gach du-ine ar bhonn priobháídeach.

Ach nuair a bheidh sé sin thart, tabharfaidh sé an grúpa go léir le cheile le h-aghaidh dian seisiún aclaíochta.

Tá Plean 10 Phointe ag Ainle - atá ina thraenálaí le Cumann CLG na Piarsaigh i gCorcaigh ó cháiligh sé le M Sc in Eolaíocht Spoirt ó Ollscoill Luimní - chun cuidiú le daoine meachan a chailliúint.

“Má leanann tú an phlean seo,

níl aon amhras ann ach caillfidh tú meachan,” arsa Ainle.

Mairfidh an feachtas ocht seachtain agus beidh seisiún aclaíochta gach seachtain trath go mbeidh Ainle i láthair chun na rannpháírtithe a mheá le féachaint conas ar eirigh leo cloí le na sprio-canna ón seachtain roimhe sin.

Mar sin beidh seans agat slacht a chur ort féin in am don Nollag!

Costas €180 a bheidh ar an gcúrsa - nó €25 in aghaidh an seisiúin.

Má tá breis eolais uait, cuir glaoch ar 026 65781 nó 085 8130777.

Forget The Biggest Loser or Operation Transformation, here comes ‘An Dúshlán Is Mó’[The Biggest Challenge], Múscraí’s own weight loss/get healthy campaign. It will start in Cúil Aodha on October 8 and will con-tinue for eight weeks. It will feature weekly weigh-ins, training sessions, person-alised diets and training plans and prizes for the person to lose most weight.Call 026 65781 for details.

Scrabble as Gaeilge ag an OireachtasTá amhránaithe, scéalaithe agus lucht agallaimh is lúibíní ag ullmhú go dícheallach don Oireachtas faoi láthair. Ní fada go mbeidh an fhéile bhliantúil ag tosnú arís i gCill Airne, ar Samhain 2.

Le h-ais na gcomórtai-sí traidisiúnta ar fad, beidh comórtas nua atá á reachtáil ag Comharchumann Forbar-tha Mhúscraí i gcomhar leis an Oireachtas agus le h-urraíocht ó udar.ie.

Is é sin Comórtas Scrabble as Gaeilge an Oireachtais. Beidh sé ar siúl sa Halla Rínce ag Os-tán an Gleneagle ar an Satharn, Samhain 5, ag 2.30pm.

Comórtas foirne a bheidh ann agus beidh beirt ar gach fhoireann. Imreoidh siad an cluiche Scrabble sa ghnath shlí - ach beidh sé i nGaeilge - agus an fhoireann leis an marc is airde ag deireadh an chluiche, is iad na buaiteoirí.

Beidh go leor duaiseanna

ann - ina measc dearbháin ar fiú €150 ó udar.ie, boinn an Oireachtais agus pacáiste saoire i Múscraí do theaghlach.

Má tá suim ag daoine cur isteach ar an gcomórtas, is féi-dir leo teacht ar an lá, timpeall ar 2.15in, le clarú.

Cuirfear fáilte ar leith roimh iontrálaithe óga.

Bhí oíche Scrabble as Gaeilge ar siúl le déanaí ag an Comhar-chumann mar chuid d’Oiche Chultúr 2011 agus d’eirigh go maith leis. Beidh seans eile ag daoine a gceardaíocht focal a chleachtadh ag oíche Scrabble eile atá beartaithe don 14ú Deireadh Fómhair san Ionad Óige i gCúil Aodha.

Page 4: iMúscraí

4 Mórthimpeall Mhúscraí iMúscraí Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011

Concubhar Ó Luasa, Síle Uí Luasa, Dónal Ó Suilleabháin, Seán Ó Luasa agus Seosamh Ó Críodáin - an meitheal a d’ullmhaigh an páirc i gCúil Aodha don aeraíocht ag tús mí Lúnasa.

An corn don tarraingt téide á bhronnadh ag an tAthair de Brún ar bhainisteoir foireann an Tigh Leath Shlí ag Lá Spoirt Chill na Martra. Pictiúr le Claude Jennequin

D’fhreastal slua mór ar Ghala Snáímh Chúil Aodha, an lá deireannach go mbeidh sé ar oscailt go dtí Dip na Nollag, le déanaí ag an Linn Snáímh.

Seo chugainn na laochra - na bratacha á iompar chuig Páirc na hAeraíochta le linn Féile na Laoch.Pictiúr le Claude Jennequin

Maighréad Uí Lionaird ag léamh as ‘Séadna’, an closleabhar nua d’úrscéal an tAthair Peadar, a seo-ladh ag ocáid san Ionad Chultúrtha. Is í guth Mhaighréad atá le clos sa leagan fuaime den saothar.

Neil Lucey, Ostán Ghúgán Barra, Frank Ó Duinnín, Béal Atha’n Ghaorthaidh - beirt a chuaigh ar an dtoscaireacht go Teach Laighean ar mhaithe le hOifig an Phoist Bhéal Atha’n Ghaorthaidh.

B’iad muintir ‘Tóchair’, , Seán, Donncha, Dónal agus Conchubhar Ó Loingsigh, a d’oscail an fhéile go h-oifigiúil. Sa phictiúr freisin tá Páidí Ó Lionaird, Seán Ó Liatháin, Méara an Chontae, Tim Lombard,

agus Flora McNeill ó Alba.

Foireann tarraingt téide Thabhairne Uí Scanaill ag déanamh a ndícheall sa Chomórtas Tarraingt Téide ag Lá Spóirt Chill na Martra. Ba é PJ Ó Catháin an bhainisteoir.

Page 5: iMúscraí

5iMúscraíDé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011

Mórtas Mhúscraí - cad tá i gceist?

Cúrsaí Gaeilge do gach aois agus do gach grúpa cumais

Is é seo an toradh ar phroiseas chomhairliúcháin le h-aghaidh plean teanga do Mhúscraí agus sé-ard atá ann ná creatlach de phlean teanga don cheantar. Os rud é gur creatlach atá ann beidh tuil-leadh feola le cur leis le h-imeacht ama agus mar chuid de phroiseas chomhairliúcháin leanúnach le phobal Mhúscraí agus na pobail éagsúla sna ceantracha difriúla.

Is iad seo na príomh eilimintí de Mhórtas Mhúscraí.

•Scéim chun na pobail éagsúla a spreagadh chun páirt (níos mó) a ghlacadh i nGlór na nGael agus Comórtas na mBáilte Slachtmhara agus an pháirtíocht sin a aithint ar bhonn áitiúil.

• Tabharfaidh an Comharchu-mann gach cúnamh do na pobail éagsúla páirt a ghlacadh i nGlór agus sna Bailte Slachtmhaire i 2012.

• Beidh cruinnithe le coistí i ngach ceantar faoi na comórtais agus conas ullmhú dóibh

•Coinneofar daoine ar an eo-las le nuacht-litir rialta, ag tosnú 29ú Iúil 2011, agus ar an idirlíon. http://www.imuscrai.com Sa bhun phlean bhí sé I gceist nuacht litir a fhoilsiú i Mí Mhárta. Cuireadh seo

siar chun go mbeadh sé ag teacht leis an bplean.

• Nuair a fhógrófar na torthaí, cuirfear na marcanna ón dhá chomórtas le cheile agus beidh duais áitiúil ar leith ar fáil don pho-bal is fearr a chruthaigh agus don phobal is mó a rinne feabhsú ón bhliain roimhe.

• Bronnfar na duaiseanna seo ag ocáid mhór cheiliúrtha áitiúil den chéad uair roimh Nollaig 2012. Beidh duaiseanna eile ar fáil do chomórtais éagsúla I ngach phobal

•Lorgófar duaiseanna ó ghnóanna áitiúla le h-aghaidh na pobail éagsúla.

•Spreagadh do ghnóanna•Postaeirí – Dein do ghnó go h-

áitiúil. Dein do ghnó trí Ghaeilge•Scéim I 2012 bunaithe ar

Chorca Duibhne ag Labhairt. Suaitheantais d’fhoireann an siopa/tabhairne le Gaeilge.

Beidh fo-choiste á cheapadh go luath chun bheith i bhfeidhil ar an obair leanúnach chun cur le plean teanga Mhúscraí. Beifear ag súil le h-ionadaithe ós na ceantracha éagsúla bheith páirteach ann agus cuirfear oiliúint ar fáíl. Má tá suim agat san obair seo, dein teagmháil leis an Comharchumann.

Buille trom do Ghaeltacht Mhúscraí an fhógra tobann go bh-fuil Meitheal Mhúscraí le dúnadh laithreach mar gheall ar chin-neadh gan choinne a ghlac bórd Meitheal Forbartha na Gaeltachta an eagras a scor an tseachtain seo.

B’shin a bhí le rá ag Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, Concubhar Ó Liatháin, ar chloisint na drochscéala ón gcruinniú a bhí ag Bórd MFG Dé Chéadaoin.

“Tá pobal Ghaeltachta

Mhúscraí ag brath go mór ar an obair íontach atá á dhéanamh ag Meitheal Mhúscraí sa cheantar,” dúirt sé.

“Fágann an chinneadh seo go mbeidh go leor daoine aosta agus faoi mhí chumas éigean buailte go trom agus fagtha gan seirbhísí,”

Tá isteach is amach le 30 duine fostaithe ag Meitheal Mhúscraí ag cur coras taistil ar fail d’aosaigh, ag obair sna h-ionaid lae agus ag cur seirbhísí ar fail do dhaoine i mbaol sa Ghaeltacht seo.

“Caithfidh POBAL agus an Roinn Comhshaoil atá freagracht acu as MFG teacht i gcabhair laithreach ar Mheitheal Mhúscraí agus comhlachtaí eile MFG atá ag obair go dícheallach agus go diograiseach ar an talamh chun seirbhísí a chur ar fail do dhaoine atá theana féin ag fulaingt.

“Tá sé thar a bheith tab-hachtach na postanna seo a choimead slán, ar mhaithe na daoine atá ag brath ar an ioncam ó na postanna seo ach chomh tab-

hachtach céanna ar na daoine atá ag brath ar na seirbhísí atá á chur ar fail ag na fostaithe.

“Táimíd ag iarraidh freisin ar na h-údaráis cuí a chinntiú go n-íocfar deontaisí atá ceadaithe faoi scéim Leader d’eagraíochtaí ar fuaid Mhúscraí atá ag brath ar an dtacaíocht sin chun obair ri-achtanach Forbartha a dhéanamh ar áiseanna sa cheantar seo.”

Tá sé i gceist cruinniú phoiblí faoin cheist a reachtáil go luath. Fógraí ar imuscraí.com

An Ionad Áise

An féidir go mbuadh Múscraí príomh dhuais Glór na nGael arís?

An Comharchumann ag tacú le Meitheal Mhúscraí

Beidh go leor ag freastal ar ran-ganna agus ar chúrsaí Gaeilge i Múscraí sna míonna amach rom-hainn.

Tá sé i gceist go mbeadh ran-ganna Gaeilge ann do dhaoine a bheidh ag déanamh an Scrúdú Teastas Eorpach na Gaeilge in ion-aid éagsúla i Múscraí, ag brath ar éileamh, san Fhómhar agus san Earrach.

Beidh rogha eile á fhiosrú fre-isin - dian chúrsa Gaolainne a chur ar fáil do dhaoine in áit na rangan-na oíche.

I gcaitheamh an dian chúrsa seo bheadh ranganna ar bun ó oíche Dé hAoine go dtí trathnóna Dé Domhnaigh agus bheadh sé ina chuidiú go h-áirithe do dhaoine díreach roimh na scruduithe TEG.

Ní muintir na h-áite amháin atá ag iarraidh blaiseadh den Ghaeilge i Múscraí nó tá tús curtha le cúpla bliain anuas le cuairteanna ó Cho-láiste na hOllscoile, Corcaigh

Tbáinig trí ghrúpa anuraidh ón Ollscoil agus bhí grúpaí eile anseo ón gColáiste Trachtála i gCorcaigh agus ó Ollscoil Luimní.

Micléinn idirnáisiúnta iad na cuairteoirí ó Choláiste na hOlls-coile Chorcaí agus le linn a gcuair-teanna thug siad cuairt ar dhealbh Sheán Ó Riada i gCúil Aodha maraon le Reilig Ghobnatan. B’i Eibhlín Ní Lionaird a bhí á dtreorú

timpeall. Chaith siad an lón sa Mhuileann

ina dhiaidh sin agus bhí scoraíocht sa Mhusaem ina dhiaidh sin. Le lin na Scoraíochta d’fhoghlaim siad amhrán i gcuideachta le hEIbhlís Uí Shúilleabháin, Eibhlís Uí Thua-ma agus bhain siad an sult freisin as an dtaispeantas a rinne Neil Ní Chroínín doibh.

Beartas nua an Fhomhair seo go mbeidh cúrsaí dírithe ar dhal-taí Ard Teiste á reachtáil chun iad a ullmhú go díreach don Scrúdú Béil.

Tá na cúrsaí seo dírithe go h-áirithe ar dhaltaí i scoileanna ar fuaid an chontae agus thar teo-rainn i gCiarraí chun blaiseadh a thabhairt doibh ar an nGaoluinn a bheith á labhairt i dtimpeallacht caradach agus Gaelach.

Má tá áithne agat ar éinne atá ag iarraidh freastal ar a leithéid de chúrsa, dein teagmháil leis an gcomharchumann ag 026 65781.

The Comharchumann is preparing a package which would be aimed at attract-ing students intending to sit the Leaving Cert this com-ing June. The course would be aimed at helping them prepare for the Oral Irish Language Exam, which is now worth 40%, in a friend-ly, helpful environment.

Nuacht an Chomharchumainn

Page 6: iMúscraí

6 Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011iMúscraí

Slua micléinn idirnáisiúnta a tháínig go Múscraí i mí Feabhra

Féile na Laoch - an dara chuidMeán Fómhair 30- Deireadh Fómhair 3Cúil Aodha- Baile Mhúirne

Na Buaic PhointíBeidh an ardán ag an scannánaí agus an ceoltóir, Éamon de Buitléar, ag 2in Dé Domhnaigh in Ostán Ghobnatan. Is é ábhar a chur i láthair ná ‘Taiscéalú nádúr taobh tíre na hÉireann” agus beidh Éamon agus a chomhleacaí, Dr. Rory Har-rington, saineolaí timpeallachta, ag roinnt moltaí linn faoi conas bainistiú níos fearr a dhéanamh ar ár gcomhshaol. The renowned film-maker Eamon de Buitléar will have the stage on Sunday afternoon (2pm Abbey Hotel) for a presentation entitled, Exploring the Nature of Ireland’s Countryside. Éamon and his col-league will be proposing some suggestions as to its better management.

Ceann de buaicphointí Féile na Laoch Cuid I abea an ceolchoirm eaglasta i Séipéal Chúil Aodha le Cór Chúil Aodha agus Cór Mhaigh Nuad. Beidh ceolchoirm den tsort céanna ar siúl Dé Satharn ag 7pm i Séipéal Chúil Aodha. One of the highlights of Féile na Laoch Part 1 was the concert of Liturgical Music. Peadar Ó Riada, Cór Chúil Aodha and some very special guests will perform a concert at 7pm in Cúil Aodha Church. Booking is adviseable. 026 65781.

Níl aon amhras ann gurb é Domhnall Ó Mulláin ó Screathan an t-é a chum an amhrán Gaolainne is mó clú agus is minicí a chantar ar fuaid an domhain. Beidh an fhile agus an reacaire á chomóradh le linn Féile na Laoch nuair a nocht-far leachta ina omós ag an tigh inar chónaigh sé i Screathan. Beidh an ocáid seo ar siúl ag 5in Dé Satharn. An Poc ar Buile is without doubt the most famous Irish song ever written. It is sung all over the world and it never fails to lift of those who sing it - or hear it sung. Its composer, Dómhnall Ó Mulláin will be commemorated when a plaque will be unveiled at his home in Screathan. 5pm. Saturday, 1-10-11

Nuair a luaitear ainm Sheán Ó Riada, is minic a luaitear an scánnán Mise Éire leis. Mhúscail an scánnán seo spioraid na tíre ag deireadh na 50aí. Seo comórtas leis an sprioc céanna ag tús na ndéa-ganna sa mhílaois nua. Beidh George Morrison ann chun an gradam a bhronnadh ar an scánnán is fearr. Aras Éamon Mac Suibhne Cúil Aodha - 8pm Dé hAoine. Seán Ó Riada’s name is linked forever to the film Mise Éire for which he provided the memorable score. We’ve organised a short film competition to inspire the current generation of film-makers to emulate Mise Éire. Director George Morrison is the adjudicator. Friday, 8pm, Cúil Aodha

Éamon de Buitléar agus an Dr. Rory Harrington

Domhnall Ó Mulláin- An Poc ar Buile

Mise Éire Freisin - Comórtas Scánnáin

Ceolchoirm Eaglasta - Peadar Ó Riada, Cór Chúil Aodha agus aoíanna speisialta eile

Éamon de Buitléar

Peadar Ó Riada

Féile na Laoch - féile phobailIs minic a moltar féiltí as an spio-rad pobail a thugann iad mar tho-radh - agus ní eisceacht ar bith Féile na Laoch.

B’íontach go deo an comhoi-briú agus an dea thoil a léirigh pobal Mhúscraí agus muintir Chúil Aodha is Bhaile Mhúirne go h-áirithe don bhféile. Bhí go leor cabhair ón lucht ghnó - ó

na buns a fuaireamar ó MPH i mBaile Mhúirne nó an chabhair fhial a tháinig ó Siopa de Róiste, An Muileann, Ostán Ghobnatan, Fabraicí Fíor Alainn, An Cruis-cín Lán, Ostán an Chaisleáin, Coláiste na Mumhan agus go leor eile. Bhí ról larnach ag an gComharchumann in eagrú na Féile agus bhí coiste gníomhach

ann - ach gan pobal Mhúscraí ní bheadh an Fhéile ann.

Festivals are often praised for the community spirit which is their essential element for success. And Féile na Laoch is no exception. Were it not for the whole hearted support of pobal Mhúscraí, it would not have been possible. The Comharchumann had a central role in the organisa-

Dómhnall Ó Mulláin

Dómhnall Ó Mulláin

Féile na Laoch

Page 7: iMúscraí

Féile na LaochiMúscraíDé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011 7Project1_Layout 1 13/09/2011 15:45 Page 1

Page 8: iMúscraí

Nuacht is Spórt8 Dé hAoine, Meán Fómhar 30, 2011iMúscraí

Éacht ChiaráinÓ Lionaird sa Bharr 10 don 1500m

Tá reathaí ó Mhúscraí i measc an deichniúr is fearr ar domhan i mbliana i rás an 1500m.

Ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta an Domhain le déanaí. d’eirigh le Ciarán Ó Lionaird (Gleann na Laoi AC) an deichiú áit a bhuachaint sa bhabhta ceannais den 1500m, ceann de na rásanna mór sa chomórtas. Bhí na craobhacha á reachtáil i Daegu sa Choiré Theas.

Mac é Ciarán le Seán Ó Lionaird ó Ghort na Scairte ó dhúchas. Tá Ciarán faoi lathair ag staidéar sna Stáit Aonta-ithe, áit go bhfuil scoláireacht lúthchleasaíochta aige in ollscoil

i Florida. Níos luaithe i mbliana bhí sé

ar fhoireann bhuach na hÉireann nuair a bhuaigh siad Craobh an Domhain faoi 19 sa rith tras tíre.

Bhí cuma compórdach a dho-thain air i rith na réamhbhabhtaí ar fad agus cé ná raibh sé i measc an chúigear a cháilligh de cheart, sa bhabhta leathchannais, chinntigh an séú áít a fuair sé sa rás leathcheannais ba thapúla gurb é a chailleodh don bhabhta ceannais.

Sa bhabhta ceannais bhí sé in aghaidh lucht reatha an Cheinia agus in ainneoin nár bhuaigh sé, níor chriochnaigh sé ach dhá shoicind ar chúl na beirte ón dtír

sin a bhuaigh an bonn ór agus airgid, Asbel Kiprop agus Silas Kiplagat faoi sheach. Is é 3:37.81 an am deiridh a bhí ag Ciarán. Chriochnaigh sé chun tosaigh ar Nick Willis, an fear a bhuaigh an bonn airgid sna Cluichí Oilim-peacha i mBeising, sa bhabhta ceannais.

Tógann éacht Chiaráin ár gcroí agus an tír go léir faoi scamall le tamall anuas de bharr na cúinsí eacnamaíochta. Maith thú a Chiaráin – is laoch thú gan aon amhras.

Táimid ana bhródúil as an méid atá bainte amach agat agus, cá bhfios, ní fada uainn na Cluichí Oilimpeacha i Londain. Ciarán Ó Lionaird ar ghualainn Silas Kiplagat sa rás leathcheannais.

Ar bharr an chontaeAn Comhairleoir Aindrias Ó Mhúineacháin agus Coiste Bailte Shlachtmhara Chúil Aodha, Caitriona Wallace, Tom Tiernan, Helen de Gordún agus Veronica Jennequin, toscaireacht Chúil Aodha ag an ocáid i Halla an Chontae chun duaiseanna a bhronnadh ar na pobail bua-cha sa Dúshlán Frith Bhrúscair. Thíos: án patróil brúscair ar dhualgas!

Bhí toscaireacht ó Choiste Bhailte Shlachtmhara Chúil Aodha i láthair i Halla an Chontae le déanaí le h-aghaidh bronnadh na nduaiseanna sa Dhúshlán Frith Bhrúscair a d’eagraigh Comhairle Chontae Chorcaí i mbliana.

Chriochnaigh Cúil Aodha sa triú áit sa chontae i ran-nóg na sráidbhailte agus

níorbh é seo ach an chéad iarracht acu sa chomór-tas. Ní raibh ach marc nó dhó idir iad agus na pobail a bhuaigh na príomh dhuaise-anna, Carraig a Droichid

agus Sallybrook.D’eirigh le Cúil Aodha

marcanna íontacha a bhaint amach le linn an dúshláin.

ComórtasCóip de

dluthcheirnín nua Iarla Ó Lionáird,

Foxlight, le buachaint

Ceist: Canann Iarla Ó Lionáird le cór áitiúil i Múscraí, ó am go chéile. Cén chór é sin?

Freagraí chuig: Comórtas, Comharchumann Forbartha Mhúscraí Ionad Óige Chúil Aodha Cúil Aodhanó [email protected] Roimh 21/10/11