16
Focla Mhicí 13 Gradaim CLG 15-16 Dhearbhaigh An Post, atá i gceannas ar sheirbhísí poist, gur inis bean an phoist daofa go mbeadh sí ag éirí as a post ar 15 Márta. Mar gheall air sin, tá siad ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil suim acu san Oifig a reáchtáil a dhul i dteagmháil leo agus iarratas a chur isteach don fholúntas. Ach níl sé soiléir ar chor ar bith an mbeidh siad sásta glacadh le hiarratas ar bith, mar tá coinníollacha ag baint leis an úinéir úr. De réir An Post, beidh siad ag amharc ar cheithre choinníoll agus iad ag meabhrú ar thodhchaí na hOifige ag an Chroisbhealach ar an Bhun Bheag. 1 Riachtanaisí an ghréasáin poist 2 An méid gnó a dhéantar san Oifig 3 Teacht ar sheirbhísí poist in Oifigí eile sa cheantar 4 Ábaltacht na nOifigí eile sa cheantar déileáil leis an ghnó dá ndruidfí Oifig an Bhun Bhig. Bheadh ag iarrthóirí don phost a gcuid pleananna gnó a chur isteach chuig An Post roimh 14 Feabhra. Ag labhairt le Goitse tráthnóna Céadaoine, dúirt John Shéamuis Ó Fearraigh, iomai- theoir do Shinn Féin sna toghcháin áitiúla, nár leor seo le deis a thabhairt do dhuine ar bith plean ceart gnó a chur le chéile. D’iarr sé ar an phobal seasamh a ghlacadh in éadan gearradh siar eile ar sheirbhísí áitiúla agus dúirt sé go mbeadh Piaras Ó Dochartaigh TD ag bualadh leis An Post leis an cheist a phlé. Ar ndóigh, ní seo an chéad uair gur druideadh seirbhís airgeadais sa cheantar. Le cúpla bliain anuas, druideadh Banc Aontas Éireann agus Banc Náisiúnta na hÉireann ar an bhaile beag agus, nuair a bhí siad ag fógairt druidim an Bhanc Aontais, dúirt siad go mbeadh seirbhísí an bhainc ar fáil in Oifig an Phoist. Sin ceann de na rudaí atá ag cur imní ar Bhrian Ó Domhnaill, Seanadóir de chuid Fianna Fáil sa cheantar. Dúirt sé go raibh sé i dteagmháil leis An Post agus d’iarr orthu an oifig ar an Bhun Bheag a choinneáil foscailte agus nach mbeadh an pobal sásta le rud ar bith eile. Dheimhnigh sé go mbeadh sé i dteagmháil leis An Post go leanúnach, le brú a choinneáil orthu. Dúirt Seán Ó Cuirreáin, iomai- theoir Fine Gael sa toghchán áitiúil, go raibh sé dóchasach go mbeadh Oifig an Phoist ar oscailt arís i ndiaidh an 15 Márta, nuair a imíonn bean an phoist. Dúirt sé gur léirigh fógra An Post go raibh seans ann go fóill ag an oifig ar an Bhun Beag. Dhearbhaigh sé go raibh deis ag daoine a bhí dífhostaithe sa cheantar an deis a thapú agus go raibh tacaíocht ar fáil daofa le cuidiú leo plean gnó a chur le chéile sa dóigh is go mbeadh deis cheart acu a gcás a chur roimh An Post. Le sé bhliain anuas, druid- eadh oifigí poist i Rann na Feirste, i gCroithlí agus i Mín Lárach agus eagla ar na hionadaithe pobail uilig a labhair linn go raibh maolú ag teacht ar na seirbhísí a bhí ar fáil don phobal sa cheantar. Imní fá Oifig Poist ar an Bhun Bheag Tháinig sé chun solais Dé Céadaoin go bhfuil an baol ann go ndruidfear Oifig an Phoist ar an Bhun Bheag i mí Márta nuair a éiríonn bean an phoist as a post. Ar mhaith leat páirt a ghlacadh i Lá Mór na Gaeilge? Cruinniú Poiblí san Acadamh 8i.n. Déardaoin 30 Eanáir goitse.org An Crann Óg 9 SAOR IN AISCE!

IS NA F13 F A IOR S C E! - Home | Bealoideas.com...Nuair a cuireadh ceist ar an bhreitheamh Paul Kelly an scriosfaí fillteáin ar bith a bhain leis an chás, insíodh do Frank Dorian,

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • Focla MhicíF13

    GradaimCLG

    F15-16

    Dhearbhaigh An Post, atá igceannas ar sheirbhísí poist, gurinis bean an phoist daofa gombeadh sí ag éirí as a post ar 15Márta.

    Mar gheall air sin, tá siad agiarraidh ar dhuine ar bith abhfuil suim acu san Oifig areáchtáil a dhul i dteagmháil leoagus iarratas a chur isteach donfholúntas.

    Ach níl sé soiléir ar chor arbith an mbeidh siad sástaglacadh le hiarratas ar bith, martá coinníollacha ag baint leis anúinéir úr.

    De réir An Post, beidh siad agamharc ar cheithre choinníoll

    agus iad ag meabhrú ar thodhchaína hOifige ag an Chroisbhealachar an Bhun Bheag.1 Riachtanaisí an ghréasáin

    poist2 An méid gnó a dhéantar

    san Oifig3 Teacht ar sheirbhísí poist in

    Oifigí eile sa cheantar4 Ábaltacht na nOifigí eile sa

    cheantar déileáil leis anghnó dá ndruidfí Oifig anBhun Bhig.

    Bheadh ag iarrthóirí don phost agcuid pleananna gnó a churisteach chuig An Post roimh 14Feabhra.

    Ag labhairt le Goitse tráthnóna

    Dé Céadaoine, dúirt JohnShéamuis Ó Fearraigh, iomai-theoir do Shinn Féin snatoghcháin áitiúla, nár leor seo ledeis a thabhairt do dhuine arbith plean ceart gnó a chur lechéile. D’iarr sé ar an phobalseasamh a ghlacadh in éadangearradh siar eile ar sheirbhísíáitiúla agus dúirt sé go mbeadhPiaras Ó Dochartaigh TD agbualadh leis An Post leis an

    cheist a phlé.Ar ndóigh, ní seo an chéad

    uair gur druideadh seirbhísairgeadais sa cheantar. Le cúplabliain anuas, druideadh BancAontas Éireann agus BancNáisiúnta na hÉireann ar anbhaile beag agus, nuair a bhísiad ag fógairt druidim an BhancAontais, dúirt siad go mbeadhseirbhísí an bhainc ar fáil inOifig an Phoist.

    Sin ceann de na rudaí atá agcur imní ar Bhrian Ó Domhnaill,Seanadóir de chuid Fianna Fáilsa cheantar. Dúirt sé go raibh séi dteagmháil leis An Post agusd’iarr orthu an oifig ar an BhunBheag a choinneáil foscailteagus nach mbeadh an pobalsásta le rud ar bith eile.

    Dheimhnigh sé go mbeadh séi dteagmháil leis An Post goleanúnach, le brú a choinneáilorthu.

    Dúirt Seán Ó Cuirreáin, iomai-theoir Fine Gael sa toghchánáitiúil, go raibh sé dóchasach gombeadh Oifig an Phoist aroscailt arís i ndiaidh an 15Márta, nuair a imíonn bean anphoist. Dúirt sé gur léirigh fógraAn Post go raibh seans ann gofóill ag an oifig ar an Bhun Beag.Dhearbhaigh sé go raibh deis agdaoine a bhí dífhostaithe sacheantar an deis a thapú agus goraibh tacaíocht ar fáil daofa lecuidiú leo plean gnó a chur lechéile sa dóigh is go mbeadhdeis cheart acu a gcás a churroimh An Post.

    Le sé bhliain anuas, druid-eadh oifigí poist i Rann naFeirste, i gCroithlí agus i MínLárach agus tá eagla ar nahionadaithe pobail uilig alabhair linn go raibh maolú agteacht ar na seirbhísí a bhí ar fáildon phobal sa cheantar.

    Imní fá OifigPoist ar anBhun BheagTháinig sé chun solais Dé Céadaoin go bhfuil an baolann go ndruidfear Oifig an Phoist ar an Bhun Bheagi mí Márta nuair a éiríonn bean an phoist as a post.

    Ar mhaith leat páirt a ghlacadh i Lá Mór na Gaeilge? Cruinniú Poiblí san Acadamh 8i.n. Déardaoin 30 Eanáir

    goitse.org

    An Crann ÓgF9

    SAORIN

    AISCE!

  • 2 NUACHT Goitse 24 Eanáir 2014

    Go n-éirí go geal leGoitse

    STIÚIDEO TAIFEADTAIONAD NAOMH PÁDRAIG

    Seirbhísí Taifeadadh Beo, Eagarthóireacht Fuaime,Meascadh Digiteach

    Seirbhísí breise: Máistriú, priontáil agus dearadh CD,

    Lascainí do mhic léinn,Pacáistí do scoltacha, Ráta san uair.

    Tá tús curtha leis anphróiseas phleanáil tean-gan sa cheantar seo.

    D’fhógair Údarás naGaeltachta an mhí seo gombeadh siad ag iarraidh areagraíochtaí nó coistípobail i nGaoth Dobhair,Rann na Feirste, Anagaireagus Loch an Iúir iarrataisía chur isteach chucu agusgo roghnódh siad eag-raíocht le dul i mbun oibrear an scéim pleanála.

    Fógrófar an cheanneag-raíocht, a bheas i gceannasar an plean teangan a churi bhfeidhm ar fud ancheantair i mí Bealtaine.

    Beidh suas le dhá bhliainag an eagraíocht a rogh-nófar plean chuimsitheacha chur fá bhráid an Údaráis.

    Dhearbhaigh urlabhraídon Údarás go raibh anseans ag eagraíochtaípobail teacht le chéile agusiarratas amháin a churisteach don cheantar.

    Ní fios an sin an rud atábeartaithe ag eagraíocht arbith anseo ach bhí díos-póireacht faoi ar namallaibh nuair a d’fhógairForas na Gaeilge a gcuidpleananna le maoiniú athabhairt do sé cheann-eagraíocht agus bheadhciall leis le limistéar chomhmór leis an cheantar seo.

    Níl cinnteacht ar bithann, áfach, faoi caidé mar aíocfar as an scéim. Níldabht ar bith ach gombeadh costaisí suntas-acha le scéim chasta mar

    seo a chur i bhfeidhm igceantar mór fairsing achníl sonraí ar bith ar fáil arcá has a dtiocfaidh nahacmhainní sin. De réir anÚdaráis, níl freagra díreachar an cheist, ach “bheadhmuid ag súil go gcuirfidhacmhainní ar fáil doncheanneagraíocht aroghnófar le tabhairt faoinPhlean Teanga a bheidh lehullmhú sa Limistéar cuí.”

    Go dtí seo, is iad anceantar seo, Cois Fharraigei gConamara agus CiarraíThiar an trí cheantar atá igceist le tús a chur leis anPhróiseas Phleanáil Tean-gan ach beidh sé á chur ibhfeidhm sna ceantrachaéagsúla Gaeltachta de réira chéile.

    Tús curtha le próiseasphleanáil teanganCeanneagraíocht le roghnú in ainneoin easpacinnteachta faoi mhaoiniú na scéime

    Des Beaty ball de Chumann Cathaoir Rotha na hÉireann ag baint sult as rang ealaíona inIonad Naomh Pádraig, Dobhar.

  • Goitse 24 Eanáir 2014 NUACHT 3

    Cur i gcéill an Phlean TeangaLe tamall anuas, bhí eagraíochtaí pobail sataobh seo tíre gnoitheach ag líonadhisteach foirmeacha iarratais don scéimphleanáil teangan.

    Chuala achan duine iomrá ar an scéimseo ach déarfainn gur beag duine athuigeann i gceart caidé atá i gceist léi. Tásí chomh casta sin go raibh fiachadh ar nadaoine atá ag plé leis sna heagraíochtaípobail cúrsa ar líne a dhéanamh le bheithábalta an t-iarratas a dhéanamh.

    Níl dabht ar bith ann ach go mbeadh séle leas phobal Gaeltachta ar bith dámbeadh plean cuimsitheach leagtha amachos a gcomhair le déileáil le fadhbanna naGaeilge ina gceantar féin. Sin an rud a mholna saineolaithe a chuir an tuarascáilteangeolaíochta le chéile blianta ó shinnuair a d’fhógair siad go mbeadh anGhaeltacht marbh taobh istigh de 25 bliainmúna raibh an pobal agus na húdaráisísásta dul i ngleic leis na fadhbanna mórateangan thart orthu.

    Ba chóir go mbeadh lúcháir orainn, marsin, go bhfuil foirmeacha iarratais líontaisteach agus go roghnófar eagraíocht áitiúille maoirseacht a dhéanamh ar phleanteangan don cheantar Gaeltachta seo. Bachóir go mbeimis ag amharc chun tosaighar Ghaeltacht níos láidre, níos muiníní aistiféin, ag fás inár measc amach anseo.

    Ach níl, mar níl fiacla ar bith ag anphlean teangan seo. Mar shampla de sin,amharcaimis ar an earnáil oideachais. Tá sélárnach i bplean teangan go mbeadhpolasaí cuimsitheach tomoideachais i

    bhfeidhm i gceantar Gaeltachta le páistí aspreagadh leis an Ghaeilge a labhairt agusleis an teanga a dhaingniú sa phobal. Achníl dualgas ar bith ar scoil ar bith cloí leplean ar bith teangan a thiocfaidh isteach igceantar ar bith nuair atá an próiseas seocríochnaithe.

    Mar sin de, beidh eagraíochtaí pobail indiaidh foirm a líonadh isteach ag déanamhcur síos ar an ról lárnach a bheas ag anchóras oideachais i saol Gaelach an phobailagus fios acu nach mbeidh siad in ann angné sin den phlean a chur i gcrích gan deá-thoil na bpríomhoidí uilig sa cheantar.

    I ndáiríre, ní bheidh ann ach cur i gcéill.Cur i gcéill. Sin téarma atá iontach

    coitianta anois i saol polaitiúil na Gaeilge.Dúirt Seán Ó Cuirreáin é nuair a d’fhógair

    sé go raibh sé ag éirí as a phost marChoimisinéir Teangan. Dúirt sé nach raibh ibpolasaí Gaeilge achan rialtais, a bheag náa mhór, ó bunaíodh an stát ach cur i gcéill,gur chuir siad reachtaíocht fríd an Dáil adhéanfadh cinnte go mbeadh seirbhísí anstáit ar fáil ag muintir na Gaeltachta inadteanga féin agus go mbeadh na seirbhísísin ar fáil do phobal na Gaeilge taobhamuigh den Ghaeltacht i dteanga oifigiúilan stáit ach gur chuir siad an reachtaíochtchéanna ar an mhéar fhada sa dóigh is nárcuireadh i bhfeidhm mar is ceart riamh í.

    Anois, tá an rud céanna ag tarlú, iscosúil, le athbhreithniú Acht na Gaeilgeagus le Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge. Cégur gealladh dúinn go raibh an dá phíosareachtaíochta idir lámha ag an rialtas le

    fada an lá, níl tasc ná tuairisc orthu. Tá anchuma air go bhfuil polasaí chur i gcéill anrialtais maidir leis an Ghaeilge buanseasmhach.

    D’fhéadfadh duine a rá gur sin an t-aonpholasaí atá ag an rialtas seo, agus agrialtaisí eile síos fríd na blianta. Nuair asmaoiníonn tú air, dá mba reachtaíochtrialtais an t-aon rud a raibh tú ag brath airleis an teanga a choinneáil slán, b’iontachan rud é go bhfuil Gaeltacht againn go fóill,nó go bhfuil duine ar bith ag labhairt inGaeilge.

    Cinnte, rinne Údarás na Gaeltachta andícheall le comhlachtaí a mhealladh chunna Gaeltachta, ach tá maolú millteanachdéanta ar na cúraimí atá air agus tá sésuntasach nár tugadh mórán aird air nuaira d’fhógair Fiontraíocht Éireann an prótacalúr ar na mallaibh.

    Nuair a dúirt Seán Ó Cuirreáin linn goraibh an Ghaeilge imeallaithe taobh istighde chóras riaracháin an stáit, bhí an ceartaige. Agus nuair a lig an rialtas dó éirí as aphost gan cuid ar bith de na ceisteanna athóg sé a thabhairt fána mbráid, b’ionannsin agus admháil gur theip ar a gcuidpolasaithe maidir leis an Ghaeilge.

    Anois tá an rialtas ag rá le heagraíochtaípobail, atá ar bheagán acmhainní cheanaféin, go gcaithfidh siad plean teangan achur i bhfeidhm i measc a bpobal féin nuairatá sé soiléir nach bhfuil plean teangan agan rialtas féin, nó nach bhfuil an toilpholaitiúil ann leis an plean sin a chur ibhfeidhm ar chor ar bith. ●

    “Nuair a dúirt Seán Ó Cuirreáin linn goraibh an Ghaeilge imeallaithe taobh istighde chóras riaracháin an stáit, bhí an ceartaige. Agus nuair a lig an rialtas dó éirí asa phost gan cuid ar bith de na ceisteannaa thóg sé a thabhairt fána mbráid,b’ionann sin agus admháil gur theipar a gcuid polasaithe maidir leis anGhaeilge.”

    Fáiltíonn Goitse roimh litreacha ónár léitheoirí. Is féidir litir atá le foilsiú a sheoladh chuig [email protected] comhfhreagras ar bith eile [email protected] nó déan teagmháil ag 086 8476862

    Eagarfhocal

    Bhí cruinniú mór poiblí i Hallana Saoirse, Baile Átha Cliath,roimh an Nollaig le plé adhéanamh ar impleachtaí éiríSheáin Ó Cuirreáin as a phostmar Choimisinéir Teangan.

    Mar thoradh ar an chruinniúsin, ina raibh thart fá 250 duinei láthair, socraíodh go mbeadhléirsiú agus mórshiúl fríd lár

    Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn15 Feabhra, ag toiseacht ag naGairdíní Cuimhneacháin igCearnóg Parnell ag a 2.00in.

    Tá an scáth-ghrúpa atá áeagrú ag iarraidh ar dhaoine asachan chuid den tír bailiú lechéile agus taispeáint don rialtasgo bhfuil siad míshásta leis andóigh ina bhfuil na húdaráisí agcaitheamh le pobal na Gaeilge.

    Chun sin a chur i gcrích arbhealach éifeachtach, measannlucht eagraithe an mhórshiúilgur fearr é má bhíonn cruinnitheáitiúla ar fud na tíre le daoine asna ceantracha éagsúla aspreagadh agus le fáil amachcaidé an cineál léirsiú a ba chóira bheith ann.

    Mar sin de, beidh cruinniúpoiblí in Acadamh na hOllscol-aíochta Gaeilge Déardaoin 30Eanáir ag a 8.00 leis na rudaí seoa phlé.

    Tá fáilte roimh achan duine abhfuil suim acu sa léirsiú agusbeidh ionadaí ón ChoisteStiúrtha i láthair ag anchruinniú le eolas a thabhairt aran fheachtas agus le ceisteannaa fhreagairt.

    Siúil arson docheartateangan!Cruinniú poiblí leheagrú i nGaothDobhair maidir leLá Mór na Gaeilge

    Córas Gaelachdon RíomhaireA chara,Léigh mé alt Chonchúir MhicGiolla Eáin maidir le córasGaeilge ríomhaireachta inGoitse na míosa seo caite agusbhí an-suim agam ann. Spreagsé mé chun ríomhaire Gaeilge achur sa tSean Bheairic. Bhíseanríomhaire ann nach raibhin úsáid agus chuir mé Ubuntuair le leagan Gaeilge. Tá sé arfáil anois mar chuid den caiféidirlín atá sa tSean Bheairic. Nílsé iomlán i nGaeilge ach tá séceart go leor.

    Má tá eolas ar bith agat faointógra atá ar bun agaibh, seolchugam é, le do thoil. Bamhaith liom a bheith páirteachann.

    Thig liom an sceál ascaipeadh fosta!

    Is mise,Paddy Mc Hugh,An tSean BheairicAn Fál Carrach

  • 4 NUACHT Goitse 24 Eanáir 2014

    ccaarrttúúnn ssccaaddáánn ccaaoocchh

    Thug breitheamh cead do naGardaí ábhar a bhailigh siad ótheach Mhícheál Ó Fearraigh ascrios.

    I measc na rudaí ata le scrios,tá ríomhairí, ceamaraí, dlúth-dhioscaí, fístéipeanna, píopa ledrugaí a chaitheamh agusDVDanna a tógadh ó theach UíFhearraigh le linn do na Gardaíbheith ag fiosrú an cháis.

    Dúirt Patsy Gallagher, dlíod-óir Uí Fhearraigh, nach raibh séag cur i gcoinne an scrios a dhéan-amh ar a chuid trealaimh achamháin i gcás gunna beag a dúirt

    sé go raibh stair ag baint leis.Nuair a cuireadh ceist ar an

    bhreitheamh Paul Kelly anscriosfaí fillteáin ar bith a bhainleis an chás, insíodh do FrankDorian, dlíodóir le duine de nahíobartaigh go gcoinneofaíábhar ar bith a íoslódáladh óntreallamh a bhí le scrios in áitshábháilte ag na Gardaí.

    Bhí 868 rudaí san iomlánbainte leis an iarratas agusceadaíodh iad uilig a scrios, achamháin an gunna beag agusd’iarr sé ar an dlíodóir Gallagherníos mó eolais a fháil dó air sin.

    Ní dhearna mé ach Gaeilge a labhairt!

    Cead tugtha do na Gardaí ábhar a scriosadh

    Teach hiúdaí BeagSeisiún gach Aoine agus Luan

    Ceol gach SatharnSpórt agus craic sa bheár gach deireadh seachtaine!

    Tá Goitse ar fáil ar-líne ag www.goitse.org

    ar fud na cruinne

  • Bruscar, bruscar achan áit, achamháin san áit ar choir dó abheith, ins na malaí bruscair!Chan scéal pobal amháin é, abheith ag iarraidh gabhail i ngleicle fadhb dumpála agus bruscairfán cheantar. Bhí cruinniú poiblísa Chrannóg, i nGaoth Dobhairar an mallaibh ag Feachtas BhaileSlachtmhar Ghaoth Dobhair, leplé agus scansáil a dhéanamh arna féidearthachtaí coiste

    níos láidre a bhunú ins an phoballe tabhairt faoi chúrsaí chaomh-nú agus cothú timpeallachta.

    Cé nach raibh an méid sin iláthair ar an oíche, ach mar sinféin, cha raibh maolú ar bith arspiorad nó ar chomh thiomantais a bhí a raibh i láthair agus iadar bís le tabhairt faoi iarrachtaíbreise a bpobal a choinneáil níosglaine agus a chosaint ó thaobh

    cúrsaí bruscar de.

    Bhí an cruinniú breá dearfachagus rinneadh cur síos ar nahiarrachtaí leanúnacha ata idirlámh cheanna féin ins an phobaló thaobh cúrsaí Baile Slachtmharde. I measc na ngníomhachtaí aluadh bhí, laetha glantacháineagraithe, galláin agus sconsaíúra curtha in airde aniar bealachna Machaireacha. Tá cathaoir-eacha úra á ndéanamh i láthairna huaire le cur ag láithreachaéagsúla aniar an bealach céannaseo fosta. Tugadh le fios gurchóir tabhairt faoi mhúr-mhaisiúúr agus níos tarraingtí a dhéan-amh ar bhinn theach Choppinsar bhealach an Screabáin, rud achuireadh cuma níos glaine aran áit agus a chuideodh go mórle íomhá níos dearfaí a chothúins an phobal do bhunadh na

    haite agus turasóirí chun nahaite i gcoitinne.

    Ritheadh rún le linn anchruinnithe fosta, go n-eagrófaíseachtain mhór glantacháin ócheann ceann na paróiste ag túsmhí na bhFaoilligh agus gombeadh a leithéid ar siúl arbhonn céimiúil as seo amach. Isdeis fíor thábhachtach a leithéiddo bunadh na háite tarraingt lechéile, spiorad na meithle a léiriúagus tabhairt faoin ghlanadh.Beidh údaráis agus pobal ScoilMhuire sna Doirí Beaga breásásta agus toilteanach, lámhchuidithe a thabhairt leis an láglantacháin a bheas ar siúl.

    Ardaíodh ceist maidir leComhairle Condathe Dhún nanGall agus na freagrachtaí atá aran chomhairle o thaobh cúrsaí

    glantacháin de. Cé go n-aith-níonn daoine go bhfuil brú mhórar sheirbhísí na ComhairleCondae, is léiriú fiúntach ancruinniú seo agus an méid ad’eascair uaidh, go bhfuil pobailsásta comhoibriú leo, ar mhaithele feabhas a chuir ar áiseannanádurtha an cheantair. Tugadhle fios le linn an chruinnithefosta go bhfuil géarghá go dtabh-arfaidh an Comhairle Condaefaoi comharthaíocht, cosc iomlánar bhruscar srl atá níos feiceálaía chrochadh ag pointí aitheantains an cheantar le tacú leis anghrúpa oibre seo ina gcuidiarrachtaí pobal Ghaoth Dobhaira choinneáil níos glaine agus antimpeallacht ghalánta ata thartorainn a chosaint is a chaomhnúmar is ceart agus is cóir dúinn é.

    Goitse 24 Eanáir 2014 NUACHT 5

    Feachtas Bhaile Slachtmhar agbrath ar chomhoibriú an phobail

    Fuair Máire Uí Ghógáin, IarUachtarán ar Chomhaltas Uladhagus Comhdháil Náisiúnta naGaeilge bás i mBaile ÁthaCliath le goirid. Ceannaire agusceannródaí stuama a bhí iMáire a chuir suim mhór i saolna Gaeilge agus na Gaeltachta irith a saoil. Bhí sí ina Cath-aoirleach ar Éigse Oirialla abhíodh ar siúl i nDún Dealganagus sa cheantair maguaird.

    Ba mhinic í féin agus a fearcéile Liam anseo i nGaeltacht

    Dhún na nGall go háirid agÉigse Uladh, an tOireachtasagus féilte dá leithéid i nGaothDobhair agus in íochtar naRosann. Bhí sí ina ball deChomhairle Raidió na Gaelt-achta ó 1983-86.

    Fuair a fear céile Liam básroinnt blianta ó shin.

    Fágann sí mac amháin,cúigear iníonacha agus gar-pháistí ina diaidh.

    Leaba i measc na nGael arneamh go raibh aici.

    Ceannaire agusceannródaí ar lár

    Máire Uí Ghógáin, a bhí inaUachtarán ar Chomhaltas Uladhnuair a tógadh an grianghraf seoag Fáiltiú Oireachtas na Gaeilge1980 in Óstán Radharc an Eargaili nGaoth Dobhair.

    Tháinig Theresa Eoin Ellen Uí Chuirreáin as an Choitín ar an bhuidéal seole litir istigh ann ar an trá. Fuair sí é nuair a bhí sí á glanadh. Fear asCorcaigh a chaith an buidéal amach ar an fharraige sna 90idí!

    Grianghraf: Tommy Curran

    Grianghraf: Tommy Curran

  • Le linn na stoirmeacha fíoch-mhara a shéid ag tús na blianaúire agus na halpáin fhiáinefarraigí a bhí ag briseadh gotréan fá chóstaí na tíre, chadtáinig ceantar na céadh iMachaire Rabhartaigh saor óchumhacht na farraige. Buail-eadh go leor de caitheamh nafarraige aníos ar chladach agusar chéidh an bhaile, rud a d’fhággo raibh ar fhoireann oibre naComhairle Contae, tabhairt faoinghlanadh agus cóiriú nuair ashocair an aimsir arist.

    I rith na droch-aimsire agus lelinn dó a bheith ina bharrlán, bhíGorlann Ghnó Mhachaire Rabh-artaigh, atá lonnaithe siar óbharr na céadh agus na haonaidfiontraíochta atá faoi dhíon ann,go mór faoi chontúirt ag cumh-acht na farraige móire. Bhí anGhorlann Gnó ar snámh i n-uiscífiáine an Atlantaigh agus lorg na

    mara le feiceáil go soiléir thartfá dtaobh de, le idir bodóga maraagus clocha duirlinge aníos arthalamh tirim ann, fiú chomhfada le carrchlós agus thart fáthóin na Gorlainne féin. Is cinntegur ábhar buartha é seo do bhaillÚdarás na Gaeltachta, má tá siadfiú ar an eolas ar chor ar bith fádtaobh de, sé sin, go bhfuil anfharraige ábalta theacht aníosthart ar fhoirgneamh, atá marpháirt lárnach agus luachmharde shealúchas maoine anÚdaráis, cionn is nach bhfuilcosaint de shórt ar bith ann inéadan bhrú na farraige.

    Ar ndóighe, ardaíonn an méidseo roinnt ceisteanna tromchúis-eacha, maidir leis an phróiseascomhairliúcháin, deartha aguspleanála a tugadh faoi i bhforbairtna Gorlainne Gnó, ach gohairithe i dtaobh, caide mar aceadaíodh tabhairt faoi a leithéidde fhorbairt ar imeall na mara?Forbairt a chosain níos mó ná€1.1 milliún agus gan cosaint nóbacainn tuilte de shórt ar bith abheith curtha in áit i dtús báire?

    Tá lorg láidir na comhpháirt-íochta le feiceáil ar fhorbairt an

    fhoirgnimh seo, ós rud é goraibh Údarás na Gaeltachta agusComhairle Chondae Dhún nanGall ag obair as láimh a chéile,leis an leathnúchan is úire ar anfhoirgnimh gnó a mhaoiniúagus a chríochnódh, rud a d’fhággo bhfuil Ionad breá ComhtháiteForbartha Bia agus SpásGorlainne ar an láthair anois. Iscinnte gur infrastruchtúr fíor-thábhachtach de chuid ancheantair agus an Údaráis anfoirgnimh seo, ach faraor, níltear

    ag baint iomlán úsáide as. Bíonnan Ghorlann Gnó ina luíbeagnach folamh an chuid is móden bhliain, taobh amuigh deChaife a bheith ar oscailt ann arfeadh cúpla seachtainí le linnséasúr an tsamhraidh agus spásbeag oifige a bheith ar cíos annle úinéirí bhád farantóireachtaThoraí.

    Tá sé fíor-thábhachtach gogcuirfidh Údarás na Gaeltachtaborradh úr faoina gcuid iarr-achtaí le comhlachtaí nó

    tionónta a mhealladh le lonnú inGorlann Ghnó MhachaireRabhartaigh agus deiseannafostaíochta a chruthú sacheantair, rud a chinnteodh gombeidh an Ghorlann Gnó féin áúsáid mar is ceart agus is cóiragus mar a bhítear ag súil leis anchéad lá riamh. An bhfuil ansaineolas, an ábaltacht, anbheogacht nó fiú an suim agÚdarás na Gaeltachta, ar adtiteann cúraimí na GorlainneGnó seo orthu, tabhairt faoin aleithéid? Beidh le feiceáil. Iscinnte go bhfuil géarghá lenaleithéid, lena chinntiú nachtaibhse gan tairbhe é níos móGorlann Ghnó MhachaireRabhartaigh. Más rud é go bhfuilÚdarás na Gaeltachta lán dáiríre,i dtaca le aghaidh a thabhairt ara leithéid de obair agus anáil úra shéideadh ins an fhoirgneamhseo ag tús an bliana úire,tréaslaímid leo, ach bíodh a fhiosacu an méid seo, go bhfuilgéarghá acu ar dtús báire,tabhairt faoi obair fhiúntachcosanta, os rud é go dtiocfaidhmórtas farraige arís le linnstoirmeacha an gheimhridh, nófiú le rabhartaí arda na blianaagus an fhéidireacht ann nachdtiocfaidh an foirgneamh slán.Caithfear tabhairt faoi cosc tonna fhorbairt ó chúl na céadh siar,idir farraige agus foirgnimh, ruda chinnteodh nach mbeidh níosmó baol dochar nó damáiste abheith déanta nuair a éireoidhroisteacha farraige móireamuigh ar an doimhneacht agusníos tábhachtaí, nach mbeidhGorlann Ghnó MhachaireRabhartaigh i gcontúirt báite nofiú báis.

    6 NUACHT Goitse 24 Eanáir 2014

    Gorlann Ghnó Mhachaire Rabharthaigh. Grianghraf: D. Ó Baoill

    DON ÓIGE:● Féile Dheireadh Seachtaine naGaeilge á eagrú ag Club Óige Rann naFeirste ón 6-9 Márta in Áislann Rann naFeirste. Clár le fógairt go luath. Eolas ó Chlub Óige Rann na Feirste, 0864528475

    ● Comórtas Abair Amach ar an 8 Mártain Áislann Rann na Feirste. Do naíonraí,naíonáin, bunranganna 1&2, 3&4, 5&6,agus meánranganna ón 1bhliain gohidirbhliain. Iarratais roimh 20 Feabhra.Eolas ó Club Óige Rann na Feirste, 0864528475

    ● Comórtas ealaíon do Scoileana Rannna Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir áeagrú ag Deireadh Seachtaine na Gaeilge imí Márta. An téama: Mo cheantar féin. Níthig le focail Bhéarla a bheith ar anphictiúir. Ní thig leis a bheith níos mó náA3. Iarrataisí istigh roimh an 20 Feabhra.Eolas ó Chlub Óige Rann na Feirste, 0864528475

    ● Club Óige Mór Dhobhair in IonadNaomh Pádraig achan Aoine 6-8 i.n. (Tá an club beag lán faoi láthair.) Eolas: www.ionadnp.ie; 074 95 32949

    SIAMSAÍOCHT:● Ceolchoirm le Clann Mhic Ruairí as Rann na Feirste, ag seinm sa tSeanBheairic, An Fhál Carrach, Dé hAoine 21Feabhra. Tuilleadh eolais:www.antseanbheairic.com nó scairt ar 0749180655

    ● Bingo Dhobhair ar siúl in Ionad NaomhPádraig Dé Satharn 1ú Feabhra @ 8.30 i.n.Beidh bus ar an bhealach mar is gnáth.

    RANGANNA:● Ranganna Damhsa dhá-lámh ar siúlgach oíche Luan, 8in-10in. Bíonn scaiGemaith ag na ranganna agus bíonn spórt ar

    dóigh ann. Fáilte roimh baill úra. Tá naranganna foirstineach do gach leibhéal. €5an rang. Eolas: www.antseanbheairic.comnó scairt ar 0749180655.

    ● Ranganna ealaíona ar siúl gachDéardaoin, 7in-10in, leis an ealaíontóir JoeMc Clafferty, ag teagasc ola, uiscedhath,aicríleach agus tarraingt. Costas €10 anrang. Eolas: www.antseanbheairic.com nóscairt ar 0749180655.

    ● Ceardlann amhránaíochta ar ansean-nós do pháistí, le Patricia Nic Ruairí.Beidh ranganna ar siúl ar an Satharn, 1úFeabhra agus an Satharn, 15ú Feabhra,11.30rn - 1.30in. Costas €3 an rang. Eolas: www.antseanbheairic.com nó scairtar 0749180655.

    ● Ranganna Ciorcáid maidin Luan agusDéardaoin 7-8am. Corp-acmhainn fáchoinne achan leibhéal. €5. Bíodh mataagus uisce leat. Tuilleadh eolais ar fáil agwww.antseanbheairic.com nó cuir scairt ar074 9180655.

    ● Ranganna ‘Spin Bikes’ in IonadNaomh Pádraig le Jordanna & Leona ,tráthnóna Dé Céadaoin @ 8 i.n. agusmaidin Dé hAoine @ 9 r.n.

    ● Cúrsaí Oiliúna Safepass, Rang ECDLagus Cúrsa ar Scileanna Agallamh & CV áchur le chéile do dhaoine dífhostaithe. Agtoiseacht in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar,gan mhoill. Cuir scairt ar an Ionad le clarú.Eolas: www.ionadnp.ie; 074 95 32949

    CRUINNITHE:

    ● Text Alert PobailTá Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, ag obairar Text Alert i gcomhar leis na Gardaí igceantar Ghaoth Dobhair. Tugtar cuireadhd’ionadaí ó choistí áitiúla a bhfuil suimacu bheith páirteach ann a bheith i láthairag cruinniú Dé Máirt 28 Eanáir ag 6.00 i.n.le breis eolais a fháil.Eolas: www.ionadnp.ie; 074 95 32949

    ● Lá Mór na Gaeilge Beidh cruinniú poiblí in Acadamh nahOllscolaíochta Gaeilge Déardaoin 30Eanáir ag a 8in maidir le léirsiú Lá Mór naGaeilge a bheas i mBaile Átha Cliath ar anSatharn 15 Feabhra. Tá fáilte roimh achanduine a bhfuil suim acu sa léirsiú agusbeidh ionadaí ón Choiste Stiúrtha i láthairle eolas a thabhairt ar an fheachtas agus leceisteanna a fhreagairt.

    FÓGRAÍ POBAIL

    Baol báite Ghorlann GhnóMhachaireRabhartaigh

    Aniar Aduaidh

    “Tá sé fíor-thábhachtach go gcuirfidhÚdarás na Gaeltachta borradh úr faoinagcuid iarrachtaí le comhlachtaí nó tionóntaa mhealladh le lonnú i nGorlann GhnóMhachaire Rabhartaigh agus deiseannafostaíochta a chruthú sa cheantair”.

    le Brian Mac Rabhartaigh

  • Goitse 24 Eanáir 2014 MARBHNA 7

    Nuair a d’imigh John Ghráinnenó John Phadaí Hiúdaí mar athugann muintir Rann na Feirsteair chun na síoraíochta go gearrroimh an Nollaig, chaill pobal naGaeilge seanchaí agus amhránaía raibh aithne leitheadach air, níamháin ar fud Chúige Uladh achar fud na hÉireann. Nárbh iomaíOllamh Ollscoile nó múinteoirscoile nó buachaill nó cailín abhí ag déanamh céim ollscoile athug cuairt air i Rann na Feirsteagus roinn sé leo go fial fáiltiúilan chuid ab fhearr de sheanchas,de bhéaloideas agus de chanúintdhúchasach Rann na Feirste.

    Bhí aithne agam ar JohnPhadaí Hiudaí ó laetha glór-mhara na h-óige nuair a bhí méar Choláiste Adhamhnáin i LeitirCeanainn agus le linn saoire, baghnách le John muid a thabhairtlena ghluaisteán chuig damhsaígo Doirí Beaga, Dún Lúiche, AnFhál Carrach, An Chraoslachagus mórán áiteacha eile. Ag anam sin, bhíodh muintir naColáiste ag stopadh i dtigh amhuintire, i dtigh Phadaí Hiúdaíagus ba ansin a bhí Seán ÓBaoighill agus Jerry Hicks agstopadh agus ar chuala siadmórán d’amhráin dúchasachaRann na Feirste. Ba ón am sin achuir Seán Ó Baoighill, Aodh ÓDuibheannaigh agus Réamann ÓFrighil an leabhar Cnuasacht deCheoltaí Uladh le chéile, leabhara bhfuil ráchairt ar dóigh air godtí an lá inniu. Bhuail John lemórán de bhunadh ChomhaltasUladh an ama sin. Chomh maithleis an cheol, bhí an-suim aigesna rincí Gaelacha. Bhí SéamasÓ Mealláin as Béal Feirste, anmúinteoir rince a bhí i gColáisteBhríde, ina chónaí i dtigh PhadaíHiúdaí agus ba mhinic John agcéilithe sa Choláiste chomhmaith le bheith ag céilithe idteach a chomharsa béal dorais.Ansin bhíodh bean an tigh, BidíBhriainidh Mhuiris ag seinm aran fhidil agus mac a dearthár,Bernard Ó Grianna, ag seinm gosiamsach ar an accordion. Níormheas John go mbeadh sé féinag obair sa choláiste chéannamar mhúinteoir rince, seanchaisagus teanga ar feadh tréimhsedhaichead bliain ina dhiaidh sin.Ba sin tréimhse a raibh sé ion-tach sásta leis, mar a deir sé féini leabhar Sheáin Mhic Labhraí –

    An áit a n-ólann an t-uan anbainne. Bhí sé i gcuideachta naseanchaithe móra, Seán Bán MacGrianna, Mící Sheáin Néill ÓBaoighill, Neidí Frainc MacGrianna agus Joe JohnnyShéimisín Ó Domhnaill, foireannmhór múinteoirí den scoth agam go raibh thart fá 600 páisteag freastal ar an choláiste agusspiorad iontach san áit. Támórán de chanúint Rann naFeirste sa leabhar dheireanachDea-Chaint John Ghráinne archuir Tom Hodgins eagar airagus a d’fhoilsigh Coiscéim.

    Ar an LagánFear cothrom tire a bhí i John achuaigh chun an Lagáin i 1936,mar a chuaigh mórán dá chineálina óige. Má chuaigh féin, fuairsé ar aghaidh níos fearr ná afuair mórán eile. Ní raibh airoibriú ó dhubh go dubh, bhíscoth an bhia i dtigh Mhic ConMidhe i nGoirtín mar a d’aithrissé domh sa leabhar Padaí LáidirMac Culadh agus Gaeltacht ThírEoghain agus a bhfuil cur síos airfosta i leabhar Sheáin MhicLabhraí. Bhí John spraoímhar

    aigeantach agus féith an ghrinni gcónaí ann, rud a chuidigh leis,mheasfainn, fáil ar aghaidh gomaith le bunadh Thír Eoghain anáit a raibh aint féin, Nellie Ógina cónaí gar do Ghoirtín.

    Nuair a bhí a sheal déantaaige ar an Lagán chuaigh sé anbhliain dar gcionn lena athair gohAlbain. Obair chruaidh a bhíann ar fud na hAlban agus amragairneach go leor ar uairibh óbheith ag ól le Padaí Phádraig iCarawath sna Lothians go bheithag draenáil agus ag tógáilaerodrome in oileán Tír Eadhana hAlban in aice Oban le CathalÓ Dochartaigh as Rann naFeirste. Ar an oileán seo, bhuailsé le cainteoirí dúchais nahAlban, dream a chur an-fháilteroimhe. Bhí sé ar ais ansin inGlaschú, an áit a raibh sé agobair le uncail de mo chuidDóinidh Tharlaigh thart an bailear monarcha tobac.

    Seal ansin i mBaile ÁthaCliath dó, an áit a raibh sé agobair ar leoraí bainne agus arghnách linn beirt cuairt athabhairt ar Shéamas Ó Gráinne“Máire” agus Síle Bean Mhic

    Ionraic as Rann na Feirste. Ar aisgo hAlbain sna caogaidí agusansin a pósadh é i nGrianaig arGhracie Neidí Mhicí, cailín caoinó theaghlach ceolmhar agus arrugadh cuid don teaghlachansin. Ba i nGaeilge a tógadh anteaghlach ón tús agus tá ashliocht orthu i gcur chun cinnna Gaeilge ó shin.

    Rann na FeirsteCibe ar bith ní raibh toil ag Johna theaghlach a thógáil in Albainagus tháinig sé chun na bhaile idtús na seascaidí agus fuair séteach agus naoi n-acra déagtalaimh i Mín na Leice. Mar arinne sé in Albain d’oibir sé gocruaidh ansin agus i 1963 bhogsé go Rann na Feirste agus nuaira fuair sé post i gColáiste Bhrídeó Phádraig Mac Con Mí,Uachtarán na Coláiste. Chomhmaith thóg sé a chlann seachtarcailín. Fuair níon amháin, Eilín,bás go tragóideach i dtaismegluaisteáin agus cé gur bhuillecruaidh a bhí ansin lean John abheith gníomhach i gcúrsaí anbhaile agus bhí sé ar an choistetroda a bhí ag Rann na Feirste

    leis an Scoil Náisiúnta afhoscladh arís i 1972. Is mór anmoladh atá tuillte ag an choistesin ar fad nó ach go bé gurtroideadh an cath sin ní bheadhscoil mhaith i Rann na Feirsteanois a bhfuil suas le ceithrescór ag freastal ann. Éacht mhóra bhí ann agus scoltacha beag ándruid ar fud an iarthair.Chuidigh Gael-Linn leis anfheachtas sin agus rinneadhtaifead do ealantóirí Rann naFeirste do cheirnín a chuir Gaellinn ar an mhargadh marthacaíocht don Scoil Náisiúnta.Rinne Gael-Linn dlúthdhioscaRann na Feirste Ceol & Amhráinden cheirnín seo i 1972 agus táJohn Phadaí Hiúdaí ag canadhRachaidh mé a scileadh amárachar an dlúthdhiosca. Tá sé chomhmaith ar an dlúthdhiosca CeolCheann Dubhrann 2006 agcanadh an amhráin álainn sinNíon an Bhaoighilligh.

    Seanchais is amhráinCrothnóidh muid uilig go mórJohn Phadaí Hiúdaí nó am arbith dá dteachaidh mé isteachchuige chuir sé anam agusspriollamh ionam. Ba bhreá linntrácht ar laetha na hóige agus babhreá an chuimhne a bhí aige aran am sin, féith an ghrinn ag curleis an eolas iontach arghineamhlacha mhuintir anbhaile. Ba mhór a chuidiú domhagus muid ag scrúdú lámh-scríbhinní deacaire do sheanamhráin ón díle don leabharamhráin Hiúdaí Fheilimí agusLaoithe Fiannaíochta as Rann naFeirste. Éireannach go smior abhí ann a sheas do chúis tíreagus teanga go deireadh.

    Thug an tAthair Pádraig ÓBaoighill S.P. Ghaoth Dobhairaitheasc ghradamach ag an uaighagus ar na sagairt eile a bhípáirteach in Aifreann an tórr-aimh, bhí An tAthair Mícheál ÓhOireachtaigh S.P. Anagaire, AntAthair John, An tAthair Brian ÓFearraigh agus an tAthair SeánÓ Gallchóir S.P. Ghort a’ Choirce.

    Ghnímid fíorchomhbhrón lenatheaghlach go léir – Mairéad,Gráinne, Síle, Méabh, Máire,Róisín, a gcuid fear céile, an gar-chlann, a dheirfiúr Madgie agusa fear céile Tim agus a gclann iLondain, Eibhlín, bean chéileBriainidh agus a clann, Doire naMainséar agus Liam De Barra,fear céile Mhaggie Phadaí Hiúdaíagus a chlann, Gaoth Dobhair.

    –Pádraig Ó Baoighill

    John Ghráinne Ó Duibheannaigh leCorn Mhic Uidhir, 2012.

    Seanchaí agus amhránaíimithe chun na síoraíochta

    Clár speisialta i gcuimhne ar John Ghráinne le craoladh ar Raidió na GaeltachtaCraolfar eagrán speisialta den chlárBlas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta DéDomhnaigh seo chugainn ag 10.30 rni gcuimhne agus in ómós don sean-

    chaí John Ghráinne Ó Duibheannaigh. San eagrán speisialta seo, caith-

    eann Fearghal Mag Uiginn súil arshaol agus oidhreacht an tseanchaí

    aitheanta John Ghráinne. Chomh maith le cuntas pearsanta

    ó chlann John ar an fhear féin, déan-faidh Fearghal agus aíonna cur síos ar

    an tseanchaí agus an mhúinteoir agusan saibhreas teangan a d’fhág sé agglúnta d’fhoghlaimeoirí Gaeilge lelinn a shaoil.

    Seán (John Ghráinne)Ó Duibheannaigh1920-2013

  • ‘Sandy Claws’ an mana clistemargaíochta a bhí ag Lidl anoislena fhógairt go bhfuilgliomaigh agus achan chineáleile de bhia na farraige ar díolacu do shéasúr na Nollag. Tádúil millteanach mór agamsnagliomaigh agus i mbia nafarraige, go háirid má bhíonn séle fáil saor in aisce san fharraigemhór thart orainne. Bheirimsesármhargadhsaor.com mar leas-ainm grinn ar an fharraigemhór. Is iad atá blasta donghoile ghéar agus níl scil násamhlaíocht de dhíobháil legliomaigh a bhruith agus a churamach ar an mhias.

    Dá réir sin, creid uaim é goraibh lúcháir an tsaoil orm nuaira d'éirigh liom, sa deireadh thiarthall, trí ghliomach a mhealladhisteach sa phota chéanna in aonseal amháin istigh ar Ghabhla idtús an tsamhraidh. Ádh deargan fhoghlaimeora. Rinne méfíseán beag den bhomaitedraíochta sin agus mé i mo shuíar an kayak. Lig mé fiche liúáthais amach asam mar adhéanfadh leanbh ar maidin LáNollag.

    I ndiaidh doras an phota aoscailt, ba léir domh go raibhsiad ag troid le chéile siocair goraibh crúbóg amháin ar iarraidhar cheann amháin den triúr. Angliomach sin ar leathchrúbóg,chuir mé ar bharr an phota é gombeinn in ann grianghraf aghlacadh de. Chomh gasta inÉirinn agus ab’ fhéidir leis,bhain sé croitheadh mór tobannas a ruball agus léim sé isteachsan uisce arís. Bhí eagla orm molámh a chur isteach san uisceina dhiaidh ar eagla gur mise abheadh fágtha ar leathchrúbóg.Scaoil mé an dara gliomach saorsiocair go raibh sé ró-bheag letabhairt isteach agus le hithe.Ach bhruith mé an gliomach abhí fágtha sa sorn beag campálaTrangia s’agamsa chomh maithle cúpla crúbóg portán aguschroith mé piobar dubh, dornánde lus an choire agus súleathlíomóide isteach ar anfheoil bhruite. Ba bhlasta an

    suipéar a d’ith mé an oíche sinfaoi na lampaí úra ar Ché Phorta’ Chruinn, Gabhla.

    Faraor géar, is iomaí potafolamh fosta a bhain mé amachas an tsáile ach sin mar chuidden tseilg bia farraige. Níl sin lesárú mar phléisiúr beag achanuair a théann tú amach a thógáilna bpotaí agus tú ag dréim godíograiseach le go mbeidh anduais mhór de bhia na farraigeistigh agat. Má tá a dhath ann,tá fónamh déanta.

    Tugann sé pléisiúr as cuimsedomh an t-ainmhí galántagleoite mara seo a thabhairtamach as an phota agus é achoinneáil i mo lámh ar feadhtamaill agus amharc ar aáilleacht. Nímse iontas den dathdúghorm atá orthu agus denruball fean mar a osclaíonn nacodanna uilig go léir amach, andá chrúbóg nó an dá phionsúrmhóra, gearrthóir agus brúiteoiragus na haintéiní dearga aggobadh amach as an chloigeann.Rinne mé físeán de ghliomachbeag an samhradh seo a chuaighthart agus é sa phota stórálafaoin uisce i bPort a' Chruinn. Badeas an rud é amharc air ag siúlthart go seolta agus nasnámhacháin ar crith i rith anama. Bhain sé croitheadh láidiras a ruball cúpla uair leis anfheamainn a bhí ag cur as dó abhogadh amach as a chosán.

    Más maith leat tuilleadhgrianghrafanna nó físeáin bheagaa fheiceáil fá mo chuid iarrachtaí lebia na farraige a thabhairt isteachistigh ar Ghabhla agus in InisEoghain, déan cairdeas liom arFacebook. [email protected];www.facebook.com/pol.muireasain.

    8 GNÉ-ALTANNA Goitse 24 Eanáir 2014

    Pól Ó Muireasáin

    An Gliomach (Homarus gammarus) a d’éalaigh ó phota Phóil!

    Is fánach an áit abhfaighfeá gliomach

    Beidh Clann Mhic Ruairí, as Rann na Feirste, ag seinmsa tSean Bheairic, ar an Fhál Carrach, Dé hAoine 21Feabhra. Is iad na deartháireacha Tony, Aodh, Dónallagus Seán, chomh maith le hiníon Tony, Megan atá saghrúpa cheolmhar seo.

    Tá cliú ar Chlann Mhic Ruairí fríd an tír agus níosfaide i gcéin as feabhas a gcuid ceoil. Tá oíche ar dóighgeallta.

    Tuilleadh eolais ar fáil ó antseanbheairic.com nó isféidir scairt a chur ar 074 9180655

    Clann Mhic Ruairí sa tSeanbheairic

    Pacáiste úr turasóireachtaRock agus Roam le seoladhBhunaigh Moira Ní Ghallachóiran comhlucht turasóireachtamng i nGaoth Dobhair in 2013.Tá manna iontach simplí agcomhlacht Mhoira: “Tar agusbain sult as áiseanna nádúrthaan cheantair álainn seo, tríd abheith amuigh faoin aer, agusfaigh ar maos sa Ghaeilge aguscultúr Ghaeltacht Thír Chonaill”.Trí bheith ag obair le seirbhísíáitiúla atá gníomhach i dtions-cail na turasóireachta, cuireannmng pacáistí faoi leith ar fáil dothurasóirí, a thugann deis dóibhsiúd ar mian leo blas deGhaeltacht Dhún na nGall afháil, trí imeachtaí spreagúlatreoraithe ag cainteoirí dúchas-acha Gaeilge.

    Tá cuid mhór cainte faoiláthair faoi An Bealach FiáinAtlantach, a bhfuil tús le cur leisi mbliana. Seo bealach tiomána2500 km ó Inis Eoghain goCeann tSáile. Ag comhdháilThurasóireacht Éireann i mí naNollag dúradh gurb é seo “an slíbothair cósta is fiáine agus istarraingtí ar Domhan.”

    Is mór an gar dúinne ins natrí pharóistí seo go bhfuil seo gobhfuil turasóirí á ndíriú chuigbailte beaga ar chósta iarthar nahÉireann.

    Sé Rock agus Roam an chéadtogra do chuid mng, le blaiseadha thabhairt do thurasóirí arghníomhaíochtaí faoin aernasctha le cultúr an cheantair.

    Is féidir na gníomhaíochtaí

    uilig a dhéanamh sa cheantarseo (seoltóireacht, cnocadóir-eacht, dreapadóireacht creag, srl)agus iad chomh maith anseo isatá san Eoraip agus níos faide arshiúl.

    Pacáiste iomlán atá á thair-iscint ag Rock agus Roam; idirlóistín, eitiltí, bia srl, chomhmaith le himeachtaí eachtraí-

    ochta faoin aer. Tá siad uiligdírithe ar dhaoine ar mhaith leoblas de Gaeltachta Dhún nanGall a fháil.

    Ag deireadh mí an Mhártabeidh deireadh seachtaine speis-ialta á eagrú ag Rock agus Roam,le seoladh a dhéanamh ar an nahacmhainní atá ar fáil sacheantar maidir le himeachtaíamuigh faoin aer.

    Beidh deis ag na tithe loistínan mhargaíocht a dhéanamh arna himeachtaí iad féin, le nascar shuíomh idirlín nó ins nameáin sóisialta.

    Ba mhaith le mng cuireadh athabhairt do achan nduine abhfuil suim acu páirt a ghlacadhin imeachtaí dheireadh naseachtaine, theacht amach agussult a bhaint as.

    Thig dul i dteagmháil le mngins An Chrannóg nó is féidirríomhphost a sheoladh [email protected] nó glaoch arMhoira ag 083 123 0529.

    Moira Ní Ghallachóir

  • Bhí an bhliain 2013 breágnóthach don Chrann Óg. Bhísiad páirteach i ScoilGheimhridh Frankie Kennedy agtús na bliana agus chuir siadtaispeántas breá ar siúl marpháirt de Ghradam FrancieMooney. Ag tús Mí Feabhra bhíceolchoirm acu i nDún Lúicheáit ar chuidigh siad airgead achruinniú do Chuan Mhuire. Bhísiad páirteach fosta i gceiliúradh50 bliain Teach Hiúdaí Beagagus d’éirigh le bailéad grúpa dágcuid Corn Uladh a thabhairt leoi Scór na nÓg.

    Idir sin agus lár an tSamh-raidh bhí ceolchoirmeacha acusa tSean Bheairic ar AnFhálcharrach agus thug a gcuidtaistil iad ó Mhálainn in InisEoghain go Ceatharlach i gCúigeLaighean. I lár Mí Iúil chuaighsiad go hInis Oírr i nGaillimh áita raibh ceolchoirm acu in ÁrasÉanna.

    Mar is gnáth sa bhaile, rinnesiad freastail ar na féilte uilig óDhún Lúiche agus Cnoc Fola gohAilt a’ Chorráin agus FéileMháire An Chlocháin Leith. Agcur deireadh le séasúr nabhféilte agus tús breá bríomharle Loinneog Lúnasa, bhíceolchoirm acu in éineacht le

    hAoife Ní Fhearraigh Tigh Mhicíi nDoirí Beaga. Ansin rinne siada mbealach go Doire Cholmcilleagus Fleadh Cheoil na hÉireannagus ar an oíche dheireanach bhísé mar onóir acu a bheith marpháirt den Fleadh Live ar TG4.

    Ina dhiaidh sin, ag deireadhMí Lúnasa, thug An Crann Ógaghaidh ar An Ghearmáin. Seoan dúshlán a ba mhó a bhírompu go fóill ach ní raibhfeidhm ar bith buaireamh nóimní a bheith ar an ghrúpa ógseo. Bhí ocht gceolchoirm acutaobh istigh den seacht lá achaith siad i gceantar Hessen saGhearmáin. Cuireadh fearadh nafáilte rompu i Wetzlar, Marburg,Wissmar, Hohenahr-Hohensolms,Giessen agus Caisleán álainnBraunfels agus thaispeán agcairde úra sa Ghearmáin measagus léirthuiscint don cheoltraidisiúnta agus a dóigh a chuirAn Crann Óg an ceol seo iláthair.

    Le linn an turais luaighEmma go raibh Gormlaith agseinm consairtín as An Ghear-máin. Chuaigh an scéal seo fhadle Jurgen Suttner, déantóir anchonsairtín, agus thaistil sé goGiessen chuig an cheolchoirmdheireanach. Chuir sé é féin in

    aithne don ghrúpa roimh ré agusis cinnte nach raibh córasfuaime leictreach ar bith dedhíth ar na huirlisí ceoil anoíche sin.

    Chuaigh An Crann Óg ibhfeidhm go mór ar mhuintir naGearmáine agus chruthaigh siadíomhá bhreá do Ghaoth Dobhairagus ceantar Iar-Thuaiscirt ThírChonaill as a dtagann siad. Is

    cinnte go mairfidh an turas seotamall fada i gcuimhne Chaitlínagus PJ Joe Jack, na ceoltóirí ógaagus iad sin uilig a bhí bainteachleo.

    Chuir An Crann Óg deireadhleis an bhliain áit ar thaifeadsiad clár ceoil do Mol an Óige arRaidió na Gaeltachta.

    Idir an dá linn, ar ais sa bhaileag tús Mí Mheán an Fhómhair,

    bhí baill sinsearach an ghrúpascaipthe ar fud na tíre ag obairagus ar choláistí agus bhí anchuid eile sa bhaile ar scoileannaéagsúla. Lean na ranganna araghaidh sa Chrannóg i rith AnGheimhridh agus an chéadghlúin eile ag foghlaim ceoilagus uirlisí d’achan chineál, agcinntiú go mbeidh leanúnachasann i rith an ama.

    Goitse 24 Eanáir 2014 GNÉ-ALTANNA 9

    An Crann Óg agsíneadh a géaga

  • Bantracht na Tuaithe i nGaoth Dobhair na gcaogaidí

    Sa seanghrianghraf thuas a tógadh i nGaothDobhair sna 1950dí tá baill áitiúla Bhantrachtna Tuaithe. Le feiceáil ar chúl ó chlé tá: Gracie(bheag) Mhic Niallais, Mary Dhoimnic Johnnie UíGhallchóir, Annie Joe Mhóir Mhic Suibhne, Máire NíDhuibhir Uí Bhreisleáin, Rosie Ní Mhaonaigh Uí

    Dhuibhir, Mary (bheag) Dhoimnic Uí Dhónaill,Gracie Jack Uí Dhónaill, Bella (John Sheáin) MhicAoidh, Nóra (Néill Bhilí) Uí Ghallachóir, Annie (NicCóil) Uí Dhochartaigh, Cití (Tim) Uí Dhochartaigh,[2:] Annie Uí Bhriain, Machaire Chlochair, MamieChite Bige Na Machaireacha, Mary Hughie ÓDuibhir, (Ní fios cé hí seo), Nurse O’Hara, Neilí(John Thimlín) Uí Bhaoill, Mary (Pheadair Fheilimí)Uí Bhaoill, Florrie Boyd, Fanny (Mhícheáil) Mhic

    Cóil. Mary (Jimí Mhóir) Uí Dhónaill, Bidí JohnThimlín, Máire Bhilí Mhic Giolla Bhríde, DorothyMhic Giolla Bhríde, bunaitheoir Bhantracht naTuaithe i nGaoth Dobhair. [3:] Nóra (Uí Dhugáin)Uí Churráin, Annie Coyle An Charraig, Caitlín Chite(Dhónaill Charlie) Mhic Aoidh, Mary Joe (Ní Fhríl)Uí Fhearraigh, Úna (Eoin Hiudaí) Mhic Aoidh, Sara(Jack) de Barra, Sadie (Bidds) Ní Cholla, Síle NíCholla (Owenie Thomáis Bhig)

    10 GNÉ-ALTANNA Goitse 24 Eanáir 2014

    súil siar

    Bhí bean óg ar an altóir ag léamhbhéarsa den Spailpín Fánach,mar a d'iarr an fear sa chónrauirthi roimh dó bás a fháil. Bhícuid mhaith de spiorad anSpailpín, an réice grámhar úd,ann fhéin: an croí óg aerach lándiabhlaíochta nár ghéill dophoimp an tsaoil lena cheithrescór bliain, agus an tsúil ghrinnghreannmhar aorach a chaith séar amaidí an tsotail agus na féin-tábhachta, ina chuid scéaltasnoite tráthúla.

    Ach arb é an réice deireanach?An bhfuil ógánaigh anois ceang-ailte isteach sa chóras marfachag oideachas a mhúchann fios-racht agus splanc an óige ón tús?

    Thug an t-amhrán thuasluaiteEoghan an bhéil bhinn chun mochuimhne, spailpín a maireann achuid amhrán agus a chuid each-

    traithe i seanchas na ndaoine, ón18ú aois go dtí an lá ’tá inniuann.

    Mhair sé sa chlapsholas staireidir bás an tsean-ord Gaelachagus daingniú an nua-ord Gallda,a mhuintir dí-sealbhaithe iscosúil i bhfad roimh am s’aige.Oilte i scoil cois chlaí, bhí sécorruair ina mhúinteoir, corruairag sclábhaíocht do fheirmeoirímóra, tráth coinscríofa í gcabh-lach Shasana, ach i dtólamh agscríobh dánta agus ag bréagadhna mban: rud a tharraing go leortrioblóide air ó shagart a chuir anruaig air amach as a pharóiste,agus ón tiarna talún Nagle, ad’fhostaigh é agus a dhíbir é, margheall ar a mhí-iompar leis namná. An clú céanna air agus abhí ar an stócach san amhrán: Baé paidir na caillí nuair a théinn

    thar an tairseach, ‘Now behaveyourself, a spailpín fánach’.

    Mar a deir dán dá chuid, “Sinagaibh mo theastas ar bheathagach réice...” agus ceann eile “Ismithid dom féin mo thréithe igceart do scrúdú.” Eoghan bocht,gan neart aige air, é ró-dheisbhéalach, ró-shúgach, ró-mhealltach, ró-mheanmnach,ró-dhaonna, ró-óg. Dúil aige saléann, san ól, sa cheol, sanaibíocht, sna mná agus sanfhilíocht. Thiocfadh leat an rudcéanna a rá faoi agus a dúirtYeats fá Maud Gonne ag maith-eamh di an dochar a rinne sí:

    Why what could she have donebeing what she is?

    Was there another Troy for herto burn?

    Ainneoin achan rud is laoch éréice dá leithéid i meon na

    ndaoine. Maithtear dó a locht-anna mar gheall ar a bhuanna, alas an saol le draíocht agus lemeidhir lena bheó agus i ndiaidha bháis le háille na n-amhrán ad’fhág sé ina dhiaidh, nuair amaraíodh é i dtroid, in aois a sébliana is tríocha, mar gheall ar

    aor a scríobh sé.Sé an rud a fheiceann muid sa

    réice nó spiorad do-cheansaithena hóige, sula dtéann sé i gcuingag cúraimí an tsaoil.

    Ach tá an óige ag éirí sean, afiosracht agus a dúil sa léann, salitríocht, sa Ghaeilge féin, múchtaag marbhfháisc na hArdteiste,lena nótaí tuire ó intinn leamhéigin, in ionad iniúchadh agussmaoineamh agus machnamh isaoibhinn don fhíor-scoláire. Táachan ní tomhasta de réir athairbhe do na margaithe ariarann an domhan anois.

    Ach cá bhfios, agus muid dí-shealbhaithe ag saint, nachmbeidh níos mó measa ar fhéin-iúlacht aerach mhacasamhailEoghan Rua na ndán is nadánachta. Bocht ina mhaoin,saibhir ina mheon.

    Colún Nóra Chit

    An bhfuil deireadh le Ré na Reice?

    Smaointena MíosaNuair a bhí an domhan seoní b’óige, bhí an ghrian agéirí thiar agus ag dul síosthoir agus ní raibh séasúir arbith ann. Bhí an MolThuaidh fán áit a bhfuilSliabh Torbert agus SliabhMcKinley in Alaska. Bhí anMol Íochtarach san fharraigeó thuaidh de Chósta PrincessRagnhild in Antarctica. Bhígo measartha ach ní raibhró-maith. Isteach leis anGhealach ansin ag Igarka,Siberia agus sin nuair ad’éirigh an tamhach táisc.

    As le Meiriceá Theas a bhícasta in aice na hAfraice; thitan Afraic ansin a bhí agteacht aníos i ndiaidh naSpáinne. M’anam féin goraibh fios a ghnoithe agNoah. Tá an Íoslainn agbrúchtaigh go fóill.

    Muid féin agus AlbainSiar ó Thuaidh ag éirí agusag titim leis an uisce dháuair sa lá ar an taobh seo deGhleann Bheatha agusGleann Mór Alban.

    Bhí siad ag cuartú Atlantisach ní raibh sé ann. Báid aguseitleáin caillte fá Bermudaagus fir bheaga ag teacht astaobh amuigh den domhan.

    Tá muid ag an áit seo agusníl muid ag gabháil áit arbith eile. Mar a déarfadh momháthair, tá Dia ina shuí archathaoir agus a chúl linn.

    Idir mise agus Dia,cuirfidh an cine daonnadeireadh leo féin go fóill.Ach nach cuma? Tá ór imBealach Féich.

    Slán.—Márm

  • Thar an TairseachGearrscéal le Máire Dinny Wren

    ‘AN BHFUIL AON duine eile anseo?’‘Níl . . . níl anseo ach mise!’‘Agus cé thusa?’Seasann Nuala ag an fhuinneog ag amharc amach.

    Tchíonn sí an tSeisreach agus na réalta ag bruidearn-aigh ar Bhealach na Bó Finne. Tá smúid ar an ghealach.

    ‘Cén lá atá ann?’ a fhiafraíonn an bhean eile di.‘Dé Luain.’

    Dilín ó deamhas, ó deamhas.Dilín ó deamhas ó dí.Dilín ó deamhas, ó deamhas, ó deamhas,Dilín ó deamhas ó dí.

    Goirm i gcónaí, i gcónaíGoirm i gcónaí domh.Goirm i gcónaí, i gcónaí, i gcónaíMaidin Dé Luain ab fhearr.

    . . . a deir an bhean eile.

    Lá bláth amháin seasann Nuala ag an fhuinneog.Tchíonn sí bláthanna agus féileacáin ildaite fá dtaobhdaofa. Tchíonn sí grianán an fhíona a dtig friothamh nagréine ar a chúl. Tchíonn sí fear ag siúl síos an bóthar.

    ‘Tar ar ais,’ a deir sí, ach ní chluineann sé í.‘Cén lá atá againn?’‘Dé Máirt.’

    Ar maidin Dé Máirt bhí ábhar mór goil agam féinBhí na gloiní ar clár is iad lán amach go dtí an béalGach cumann is gach cás, a mhíle grá, a raibh eadrainn

    ariamhMo chúig mhíle slán le do lámh a bhí tharam is nach

    mbíonn.

    ... a deir an bhean eile.

    Seasann Nuala ag fuinneog na cisteanadh ag amharcamach. Níl aon duine ag teacht an bealach mór. Támarbhán samhraidh ann. Tchíonn sí sméara agus súcraobh ag fás ar bharr na gcraobh. Tagann léaró desholas na gréine isteach agus titeann ar na bláthannaatá sa vása. Cluineann sí tic teaic an chloig.

    ‘Cén lá atá againn?’‘Dé Céadaoin.’

    Nuair a d’éirigh mé ar maidin Dé CéadaoinNíor choisreac mé m’éadan, faraor,Nó gur bheir mé ar an arm a ba ghéireAgus chuir mé a bhéal le cloich líomhtha.

    Dá mbeinnse seacht mbliana faoin talamhNó i bhfiabhras na leapa ’mo luíA chéadsearc, dá dtigfeá ’gus m’fhiafraíScéal cinnte go mbeinn leat ’mo shuí.

    . . . a deir an bhean eile.

    Seasann Nuala ag an fhuinneog. Tchíonn sí madadhdoininne sa spéir. Tchíonn sí cár bán ar an fharraigeagus cuil nimhneach ar na spéartha. Cluineann sí anghaoth mhór ag rúidealaigh agus ag béicigh. Tá seachtsíon ar an aimsir.

    ‘Cén lá atá ann?’‘Déardaoin.’

    A Rí Déardaoine, maith ár bpeacaíne do dhein do dhlí aréabadh,

    A Rí na hAoine, ná coinnigh cuimhne ar modhrochghníomhartha baotha,

    A Rí an tSathairn, go síoraí achainím mé a thabhairtthar Acheron chaorthainn,

    Faoi dhíon do thearmainn, trí ríocht an Aifrinn, suasgo Parthas Naofa.

    A Bhanríon oirirc, a Bhanríon shoilbhir, a Bhanríonsholais na gréine

    Ní haon tsaibhreas atá uaim uaitse, ach leigheas ardhochar mo phéine

    Na sluaite borba a bhí ag gabháil ormsa is rug im’chodladh orm tréimhse,

    Cuir cogadh orthu mar churadh cosanta is tabhair ónghoradh Lá an tSléibhe mé.

    . . . a deir an bhean eile.

    Suíonn an bheirt bhan ag an tábla. Itheann siad arán.Ólann siad tae. Éisteann siad leis an nuacht. Cogaí,gortaí, tuilte, tubaistí. Taobh amuigh den fhuinneog táspideog bhroinn-dearg ar chraobh ag gabháil cheoil.‘Nach méanar duit!’ a deir Nuala.

    Téann sí chuig an fhuinneog agus ghní sí iarracht éa fhoscailt ach ní féidir léi. Tá sí faoi ghlas.

    ‘Cén lá atá ann?’‘Dé hAoine.’

    Triallfaidh mo thórramh tráthnóna Dé hAoine,Agus ar maidin Dé Domhnaigh fríd na bóithre os íseal,Tiocfaidh Neilí agus Nóra agus ógmhná na tíre,Is beidh mé ag éisteacht lena nglórtha faoi na fóide is mé

    sínte.

    . . . a deir an bhean eile.

    Téann Nuala a fhad leis an doras agus ghní iarracht é afhoscailt ach tá sé faoi ghlas. Téann Nuala a phóirseáil,a rútáil, a shéirseáil. Tiontaíonn sí an teach bun oscionn. tá sí ar lorg eochrach. níl fáil uirthi.

    ‘Cén lá atá againn?’‘Dé Sathairn.’

    Faoiseamh a gheobhadsaSeal beag gairidI measc mo dhaoineAr oileán mara,Ag siúl cois cladaighMaidin is tráthnónaÓ Luan go SatharnThiar ag baile.

    . . . a deir an bhean eile.

    Seasann Nuala ag an fhuinneog. Tá saighneáin snaglinnte agus tagann gach dealramh isteach ar anfhuinneog go for-mhothaithe mar bheadh cuimhnenach raibh sásta a ghabháil chun dearmaid. Tá asamhailteacha mar bheadh tonnta móra ann ag neartú

    agus ag búirthigh i dtús doininne.‘Cén lá atá ann?’‘Dé Domhnaigh.’

    Ní fheicim bádaí ’gabháil an barra,Ní fheicim daoine amuigh ag snámh,Ní fheicim slóite Domhnach Earraigh,Síos fán Bháinsigh mar ba ghnách.D’imigh an spórt as Tóin an Bhaile,D’éag an seandream a bhí sámh,Mo chumhaidh ’na ndiaidh nach mór a’ chaill éIad bheith scartha uainn mar tá.

    . . . a deir an bhean eile.

    ‘An bhfuil aon duine eile anseo?’ a deir an bhean eile.‘Níl . . . níl anseo ach mise?’‘Agus cé thusa?’Tógann Nuala an casúr. Siúlann sí a fhad leis an

    doras. Tosaíonn sí a bhualadh buillí ar an doras lehiomlán a cuid urraidh. Déanann an bhean eile iarrachtí a stopadh. Ach coinníonn Nuala uirthi.

    Briseann sí an doras anuas.‘Slán leat,’ a deir Nuala.‘Cá bhfuil tú ag gabháil?’ a deir an bhean.‘Níl mé cinnte,’ a deir Nuala.‘Mo chúig chéad slán leat,’ a deir an bhean eile.

    Siúlaim as an smionagar, céim ar chéim,Leanaim rian na réalta Bealach na Bó Finne siar.Manrán an tsrutháin is drandán na mbeach mealaIs ceiliúr na céirsí ’mo chomóradh sa tslí.

    Déanaim mo bhealach fríd chríocha aineolach’As scáth an tsléibhe go ciumhais na trá.M’intinn chomh suaite le muirn na dtonnFaighim faoiseamh i bhfaoil-cheol na mara tráth.

    Glór nach n-aithním le loinneog cheolmharAg baint macalla as na beanna ’s ag ardú mo chroí.Teannann téada mo ghutha le focail mo mheanmaIs le bé na héigse ’mo threorú téim mo bhealach féin.

    ● As Cois Cláidí i nGaoth Dobhair do Mháire Dinny.Chaith sí tréimhse fhada dá saol i Londain. Phillsí go hÉirinn i 1999 agus tá sí ar ais ina cónaí igCois Cláidí le cúpla bliain. Tá cnuasacht filíochtascríofa ag Máire dar teideal Ó Bhile go Bile ad’fhoilsigh Coiscéim i 2011 agus bhuaigh sí com-órtas filíochta Uí Néill leis an dán Lúb ar Lár sa bhliainchéanna. Tá go leor de chuid filíochta agus gearrscéalta Mháirecurtha i gcló in irisleabhair Ghaeilge le blianta anuas agus i 2010bhain gearrscéal léi, Ag Téarnamh chun Baile, duais Fhoras naGaeilge ag Féile Litríochta Lios Tuathail. Tá sí mar bhall bunaidhde Chiorcal Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair. Cuireadh an gearr-scéal Thar an Tairseach i gcló sa chnuasacht Go dtí an Lá Bán ad’fhoilsigh Éabhlóid agus An Ciorcal Scríbhneoireachta in 2012.

    Goitse 24 Eanáir 2014 LITRÍOCHT 11

    “Téann Nuala a fhad leis an dorasagus ghní iarracht é a fhoscailt achtá sé faoi ghlas. Téann Nuala aphóirseáil, a rútáil, a shéirseáil.Tiontaíonn sí an teach bun os cionn.tá sí ar lorg eochrach. níl fáil uirthi.”

    An GráNíor thug mo shúil aire dhuitAn lá dá bhfaca thúI bhfiántas cnoic is farraigeIs níor thug mo chroí taitneamh duitAn lá úd gur labhair tú liomIn aonphub an tsráidbhaileAch chnap sé im ucht le huafásMar urchar ón ndorchadasDo bhuail sé liom go dearfachGurb í sin uair mo chinniúnaChonaic mé mo chuid físeannaMar chapaill mire ar theitheadh uaimIs ar an ród ag cúngú romhamBhí Sasanach amscaí imeallachAg faisnéis domh go soineantaBeag beann ar mhéid mo thubaiste“Tá leabhair agam a thaitneodh leat. . . .”

    Nóra Ní Ghréacháin

  • 12 GNÉ-ALTANNA Goitse 24 Eanáir 2014

    Faoin am seo den bhliain agusleis an aimsir a bhí againn le míanuas, níl mórán le déanamhtaobh amuigh ach a bheith agullmhú fá choinne an earraighagus am plandála. An mhí seocaite mhínigh mé an dóigh chunan talamh a leasú ach anois ant-am le bheith ag smaoineamhar cén cineál plandaí a bamhaith libh a bheith ag fás saghairdín i mbliana.

    Caithfidh tú smaoineamh arcén cineál glasraí a ba mhaithleat féin agus do theaghlach aithe. Níl mórán pointe kohlrabia fhás mura bhfuil a fhios agatcaidé le déanamh leis sa chistin,fosta níl ciall ar bith cúirséid afhás muna bhfuil duine ar bithag iarraidh iad a ithe. Mar sin, isé rogha pearsanta do gach duinean cineál glasraí a ba mhaith leoa fhás. Ach rud tábhachtachamháin, caithfidh tú smaoin-eamh ar phlandaí atá measarthadúchasach don tír seo.

    Bíonn treoracha fáis ar napaicéid síolta seo ach nil iontuach rialacha ginearálta agus marsin seo leabhar iontach maithchun comhairle a thabhairt dogharraíodóir ar bith, VegetablesFor the Irish Garden le KlausLaitenberger. Seo leabhar ion-tach maith atá dírithe ar fhásglasraí san iar-thuaisceart. Archúl gach paicéad síolta bíonneolas ar cén uair chun na síolta achur, iad a thógáil agus mar sinde. Tá tuiscint ar leith ag Klausar aeráid an taobh seo tíre agustá eolas ar dóigh sa leabhar seo

    faoi seo, marshampla: “The traditionalsowing date for parsnips is earlyspring. It says on the back of theseed packet to sow between Feb-ruary and March. I can guaranteethat you will have absolutely nosuccess if you stick to that”.

    Fosta, tá rogha agat síolta achur no plandaí a cheannacht óionad garraíodóireachta níosmoille sa tséasúr. Cinnte, tá ibhfad níos mó oibre le síolta achur ach bíonn rogha níos fearragat agus thig leat cineáiléagsúla a phiocadh. Muna bhfuilmórán eolais agat air seo,labhair le duine atá i mbun fásglasraí le tamall agusgheobhaidh tú léir comhairle arcén cineál plandaí le cur, agusb’fhéidir níos tábhachtaí, céncineál gan a chur. Comhlachtmaith atá ag iarraidh plandaídúchasach a shábháil sa tír seois ea Irish Seed Savers. D’éirighgo hiontach leo seo a dhéanamhle cúpla bliain anuas agus tásiad ag dul o neart go neart. Tásuíomh maith acu agus is féidirsíolta a cheannacht óna suíomhirishseedsavers.ie.

    Agus ag caint ar ghlasraíagus leis an aimsir fhuar, seooideas fá choinne sú deas le tú achoinneáil te; Sú le macáindearga agus sinséar.

    Sú macáin dearga agus sinséar2 oinniún mionghearrtha2 cainneann gearrtha2 chraobh shoilre, gearrtha800g macáin dearga2 ionga gairleoige, mionghearrtha2 phíosa sinséar, ghrátáilte, iad thart

    fá saghas d’ordóg, ghrátáilte1 práta, díslithe1 taespúnóg garam masala1 taespúnóg púdar curaí800ml stoic sicín no glasraíbainne cnó cócó, más mian leat

    Déan sauté ar na cainneana, oinniún agus soilire sa sáspan in ola olóigego dtí go mbíonn siad bog. Cuir na macáin dearga, sinséar, gairleog,púdar curaí agus garam masala isteach fosta ar feadh cúig bhomaitear teas íseal. Ansin doirt isteach an stoc agus lig dó a bheith agsuanbhruith go dtí go mbíonn na macáin bog. Measc an sú sa cumascóragus cuir ar ais ar an teas é, cuir salann agus piobar air chun blas achur air. Más mian leat, thig leat braon don bainne cnó cócó a chuiristeach ann fosta.

    Le gach rud ag baint le cócaireacht, bí i gcónaí ag blaiseadh do cuidbia fhad is a bhíonn se ag cócaireacht; má bhíonn tú ag iarraidh níosmó salainn, piobar, púdar curaí agus mar sin a chur leis, thig leat.

    Seo an t-am le dochuid curadóireachta a phleanáil

    —Bee na mBuatais

    Blag na mBuataisí

    Bhfuil an dán bheag seo agaibh? Ceolaigí é ar Oíche Fhéile Bhríde:

    Gabham molta BhrídeGabham molta Bhríde,Ionúin í na hÉireann,Ionúin le gach tír í,Molaimis go léir í.

    Lóchrann geal na Laighneach. ’Soilsiú feadh na tíre, Ceann ar óghaibh Éireann, Ceann na mban ar míne.

    Tig an geimhreadh dian dubh'Gearradh lena ghéire; Ach ar lá 'le BrídeGar dúinn Earrach Éireann.

    Crosóga BhrídeBíonn cuid mhór daoine ag déanamh CrosógaBhríde ag an am seo den bhliain. Mádhéanann sibh ceann, cuir griangraf [email protected] agus seans go mbeidh dophictiúir sa chéad eagran eile.

    Goitse na nÓg

    In Éireann fadó dá mbeadhduine chun bheith mar bhall dena Fianna bheadh air a ghaisce achruthú (agus a chumas fil-íochta). Ceann de na trialacha nágo mbeadh an té ábalta cosaintin éadan naoi ngath caite leis,gan aige ach sciath agus slatcoill, agus é i bhfostú i bpoll.

    Ceannaire na bhFian féin aghnóthaigh cumhacht intinneachtré an Bradán Feasa a bhlais-eadh; ach is ó choillchnó a ithe afuair an bradán na tréithe speis-alta: inspioráid, eolas, críonnacht.

    Bhí draíocht agus brí ar leithluaite le coll riamh agus téannseo níos faide siar nuair ashroich na chéad daoine an tírseo. Deich mile bliain ó shin bhícoll flúirseach, forleathan agussheas an crann beag amach óthaobh tábhacht do dhaoine.

    Tá cothú fiúntach sna cnó-anna idir saill, próitéin, carbai-hiodráit agus mionchothaitheeile. Agus, fosta, le féidearthachtiad a stóráil ar feadh tréimhsefada bhí collchnónna mar pháirtmhór den bheathú daonna ar anoileán seo ó thús.

    Chomh maith leis an chothúbhí adhmad coill, go háirithe naslata, in úsáid mar ábharchaolaigh chun tithe, sconsaí,potaí eascainne agus cliabhcuraí a dhéanamh. Bhí nós annle fada crainn coill a ghearradhgo talamh mar roschoill: sé singo bhfásfaidh slata fada díreachaón stocán le féidearthacht iad aathghearradh arís is arís.

    Is mar gheall ar a mhór-thábhacht a bhí an oiread béimcurtha ar an chrann nó tom seo.Sna sean-dlíthe, bhí sé rangaithemar cheann de uaisleacht nacoille (Airig fedo) ar mhaithe achnónna agus slata (a mes agusa cháel).

    Bhí draíocht luaite leis aguscosaint ón drochrud.

    Tá slaitín coill go fóill inúsáid i mbun collóireachta nuaira dhéantar iarracht ór nó uisce

    atá faoi thalamh a aimsiú letreoir ó ghabhlóg coill.

    Cé nach bhfuil an coll chomhcoiteanta is a bhí, tá sé ag fás arfud na tíre agus déanann séionradh gasta ar ghoirt atátréigtha ó thaobh talmhaíochtade. Tá sé ag bagairt ar anghnáthóg shainiúil i gCondae anChláir, an Bhoireann.

    Beidh an crann seo faoi bhláthgo luath. Cé go mbriseann nacaitíní fireann amach san fhómh-ar ní bhíonn iontu ach bachlógabeaga glasa go dtí teacht anearraigh nuair a leathnaíonnsaid. Is ansin atá na caitíní fadabuí crochta ar bharr na ngéaga.

    Níl na bláthanna baineann lefeiceáil ach tré mion-scrúdú.

    Tá siad cosúil le bachlógabeaga ach go bhfuil stiogmaíglédhearg ag gobadh astu.

    Tar éis toirchithe, tagann nacnónna as na bláthanna seo.

    Bíonn an collchnó a fhásannar an chrann dúchasach measar-tha beag ach tá roinnt maithsaothróg (cultivar) ann le torthaíníos mó. Agus tá coll mórCorylus colurna ag fás sa Tuirc.Is í an tír sin a tháirgeann 75%de chollchnónna ar an margadhdomhanda.

    Ar na mallaibh fuarthas amachgo tairgeann an coll paclitaxel,go dtí sin nach raibh aimsitheach i gcrainn iúr. Tá an cumascceimiceach seo in úsáid in éadanailse.

    –Conall Mac Conn Mire

    CollCorylus avellana

    Caerthann fid na ndruad, loisce caemchrann na gcaer,

    Seachain an fid fann, ná loisc an coll caem.

    —Ó Laoi Iubhdan

    Crann cosanta an choill

  • Goitse 24 Eanáir 2014 GNÉ-ALTANNA 13

    An bhfuil gléasanna ríomhair-eachta nua faighte agat thar anNollaig? Tá chuile seans gobhfuil líon ard teaghlach le fónpóca nua, ríomhaire nua nótabléid nua ó tháinig Daidí naNollag ar cuairt!

    An bhfuil frithvíreas agat leisan ghléas seo a chosaint? Munabhfuil cosaint de chineál éiginagat ag feidhmiú ar na gléas-anna seo ní féidir a bheithcinnte nach bhfuil oibríochtaírúnda ag tarlú sa chúlra.

    Go traidisiúnta, bhí víreasríomhaireachta scríofa le ríomh-aire a scrios agus a chur asfeidhm. Tá an modh sin agimeacht anois. An chuid is móden am, bíonn víreas ag fanacht

    i bhfolach sa chúlra ag cruinniúsonraí pearsanta an úsáideoraagus ag seoladh na sonraí sin arais chuig haiceálaithe le gurféidir leo na sonraí a úsáid gomídhleathach. Níl sé costasachdo chuid trealamh ríomhair-eachta a chosaint in aghaidhvíreas, péisteanna, bogearraímailíseacha, traíoch agus earraíspiaireachta.

    Ríomhaire PearsantaIs é an ríomhaire pearsanta angléas teicniúil ar a dtarlaíonn anméid is mó ionsaithe óhaiceálaithe. Ag aon am ar leithbíonn víreas ar níos mó ná 30%de na ríomhairí ar domhan. Anphríomhchúis leis seo ná gobhfuil an chosaint fríthvíreas asdáta. Níl costas ard ar doríomhaire a chosaint agus minicgo leor is féidir gléasannadigiteacha a chosaint gan costasar bith. Mas rud é go bhfuilríomhaire Windows agat is féidirMicrosoO Security Essentials aíoslódáil saor in aisce ówww.microsoO.ie le cosaint achur ar fáil don ríomhaire. Tá sé

    tábhachtach an pacáiste sin anuashonrú go rialta thar anidirlíon. Is féidir seo a sceidealúle tarlú uair sa lá nó uair satseachtain. Tarlaíonn an nua-shonrúchán seo sa chúlra agusní chuireann sé isteach argháthoibríochtaí an ríomhaire.

    Tá pacáistí eile ar fáil saor inaisce chomh maith ar nós Avastwww.avast.com. An buntáiste leAvast ná go n-oibríonn sé arWindows agus Mac OS. Is féidiré a íoslódáil ón idirlíon agus áúsáid taobh istigh de cúplanóiméad.

    Is smaoineamh maith atá annballa dóiteáin (Firewall) a bheithag feidhmiú ar an ríomhairechomh maith. Rogha maith saorin aisce ná Comodo Firewall

    (personalfirewall.comodo.com).Deanfaidh an pacáiste seo anríomhaire a chosaint in éadanionsaithe ón taobh amuigh agustá sé i bhfad níos láidre ná anballa dóiteáin a thagann leis anríomhaire.

    Tá sé tábhachtach nachmbíonn barraíocht frithvíreasag obair ar an ríomhaire ag anaon am amháin agus mar sin,moltar pacáiste frithvíreasamháin a phiocadh. Má tá níosmó ná pacáiste amháin ag obairar an ríomhaire éireoidh anríomhaire mall.

    Tabléid/FóinTá i bhfád níos mó daoine agbaint úsáide as tabléid agus fóinphóca ná mar a bhí blianta ó

    shin. Tá sé tábhachtach nagléasanna seo a chosaint chomhmaith. Bíonn an-chuid sonraípearsanta á stóráil againn ar anfhón agus an tabléid ar nósteagmhálaithe, ríomhphoist,líonraí sóisialta, féilire agus goleor eile. Ní bheadh duine arbith ag iarraidh go mbeidhrochtain ag daoine ar na sonraíseo.

    An pacáiste frithvíreas isfearr do ghléasanna Android náComodo Mobile Security andAntiVirus. Tá an pacáiste seosaor in aisce agus ar fáil ónGoogle Play Store (play.google.com).

    An pacáiste is fearr atá ar fáildo gléasanna Apple nó iOS náLookout Mobile Security. Arís táan ceann seo saor in aisce aguscuireann sé cosaint iomlán arfáil don iPhone nó iPad. Is féidiré a fháil san Apple App Store.

    Bí cúramach le sonraí pearsantaBa chóir duit bheith airdeallachmá iarrtar ort do chuid sonraípearsanta a líonadh isteach inaon suíomh idirlín nó aip. Is éan bealach is sábháilte le díol asrudaí ar líne ná trí PayPal.

    Is féidir éisteacht le mír ríomhair-eachta Andy (Fear na Ríomhairí)Caomhánach gach maidin DéCéadaoin ar Barrscéalta, RTÉRaidió na Gaeltachta. Is féidir níosmó scéalta faoin teicneolaíocht aleanúint ar a leathanach Twitterwww.twitter.com/andycaomhanach

    Cosain do chuidgiúrléidí ar vírisríomhaireachta

    Andy Caomhánach

    Smailc: bhain sé smailc as a phíopa.

    Súóg: smál a bheadh ar chupa; tá suág aran chupa.

    Sceifleach: girseach a bheadh ar bharr nagaoithe, dá dtiocfaí í a smachtú.

    Fágálach: duine nach bhfuil iontach láidir. . . níl brí ar bith ann leis an ghnáth obair aghníonn daoine a dhéanamh

    Crabhcaí: duine nach bhfuil iontach mór.‘Níl ionat ach crabhcaí beag seanaimseartha.’

    Cringleach: bó mhór gharbh agus nacnámha ag teacht amach fríd a craiceann. . . is cuma caidé a gheobhas sí le ithe. Níthig sciúnach (go mbeadh cuma dheaslíonta amach uirthi, bheadh craiceann deasuirthi) ar bith a chur uirthi.

    Gné: duine a bhfuil gné mhaith air . . . tácraiceann mhaith air ar an duine sin.

    I do shuí ar do ghogaide: i do shuí ar dodhá ghlúin.

    Préasán: thug sé préasán duit . . . rudinteacht a bhí sé féin le caitheamh amach.

    Suaithníocht: dá mbeadh teasmillteanach ann . . . shúfadh sé amach anbhrí uilig atá ionat . . . iontach marbhánta arfad. Tá suaithníocht mhillteanach sa teas ann. . . tá sé marbhánta.

    Pliútáil: ag cúlchaint ar dhaoine ígcogarnáil íseal.

    Gabhlach: potaí ar thine mónadh; cineálsúiche ata ann . . . gabhlach an phota.

    Ceann créagach dubh: ceann cuirlíneach(difriúil do chatach – wavy)

    Mantach: duine a bheadh doiligh atuigbheáil – mantach ag caint, doiligh atuigbheáil (nó spás mór idir na fiacla ...

    nach dtiocfadh an chaint leis mar is ceart ).

    Múta: sin seantithe ceann tuí – d’imeodhcuid den mhuiríneach ... d’imeodh sí inadusta, ina créafóg ... tá múta trom ar anteach ... meáchan mór ar dhíon an tí ... gosúfadh sé an t-uisce.

    Sacán: caoirigh a d’imeodh an olann daofa

    ... cineál clibíneach, fite agus ceangailteistigh ina chéile. Bhí sé cosúil le scraith ...maol ach clibíní olainn le feiceáil (thig leclibíní a bheith i nduine fosta, muna bhfuilsé ag cíoradh a chinn.

    Gearr-úisc: éan mara atá iontach beag arfad ...beo ar am iascaireachta bradáin...bheadh an ghearr-úisc le feiceáil ag ól anola ar bharr an uisce...ola an bhradáin nóiasc ar bith..beo ar ola an éisc.

    Modhúil: paiste ata modhúil- paiste ataiontach suaimhneach – deir siad múintemodhúil- suaimhneach agus múinte ...

    Aithrí: sé a aithrí é ...cha mbeadh truaighear bith fána choinne...sé a aithrí ..go raibhsé ró mhaith aige ..go raibh sé tuillte aige.

    Go formhothaithe: duine a dhéanfas aghnoithe go formhothaithe . . . nach mbíonna fhios ag aon nduine a ghnoithe ach éféin . . . bhí an mhóin cróigthe go for-mhothaithe agat (croig do chuid mónadhgo formhothaithe) – príobháideach.

    Sceamhóg: bhainfeá sceamhóg as duine –dá mbainfeá greim as duine mar spraoi).

    Leibín: focal mór do chuid Thoraigh . . . dámbeadh siad ag iascaireacht . . . bolg anghlasáin mhóir . . . ghearrfadh siad amachbaoite leis ... bheadh sé iontach cosúil leiasc a bheadh beo . . . fá choinne a bheith agiascaireacht. Na héisc aba mhó: trosc (cod),glasáin mhóra (níos faide ná an trosc),deargóg (pollock), balláin (wrasse), liúdair(níos mó ná an glasán).

    Crabhcaí: duine nach bhfuil iontach mór.Níl ann ach crabhcaí beagseanaimseartha....

    Focla Mhicíle Micí Whiting Mac Aoidh

    Bíonn Micí Whiting Mac Aoidh ina aoi ar an chlár Rónán Beo@3 ar Raidió na Gaeltachtagach Mháirt. Tá Goitse buíoch do Mhicí, do Rónán agus do fhoireann Raidió na Gaeltachtaas cead na focla seo a chur i gcló.

  • Scileanna ceamara, fuaime agus eagarthóireachtaTrealamh nua-aimseartha den scothSuíomh idirlín a dhearadh agus a chur ar líneNa Meáin Shóisialta: Facebook, Twitter agus YouTubeTáillí íocthaDeiseanna fostaíochta in earnáil le teilifíse (TG4, RTÉ, Ros na Rún, Telegael srl)

    14 GNÉ-ALTANNA Goitse 24 Eanáir 2014

    Dioplóma i ScileannaTeilifíse agus Ilmheán

    Ar mhaith leat oibriú i dtionscal na teilifíse nó na n-ilmheán?

    Tuilleadh eolais:(074) 9531919

    [email protected] www.acadamh.ie

    www.facebook.com/acadamhghaothdobhairSoilse, ceamara, aicsean!Mic léinn ón chúrsa Dioplóma i Scileanna Teilifíse agus Ilmheán san Acadamh i nGaoth Dobhair agus iad ag glacadhpáirte i dtaithí oibre ar scannánaíocht na sraithe úire teilifíse ón chomhlacht cháiliúil puipéadóireachta Fíbín ar feadhtrí seachtaine roimh an Nollaig i Stiúideo Solas i nGaillimh. Grianghraf: Seán Ó Mainnín

    Bhí sé le feiceáil go soiléir ag andeireadh seachtaine seo caite, gobhfuil spiorad agus féith nadrámaíochta beo beathaíoch inGaoth Dobhair, agus an tallannann len í a chothú! ReáchtáilComharchumann ForbarthaGhaoth Dobhair, le tacaíocht óEalaín na Gaeltachta ceardlann iLéiriú Drámaíochta sa Chrann-óg, faoi stiúir an léiritheoraaitheanta stáitse agus teilifíse,Beartla Ó Flaithearta as Cona-

    mara a bhfuil cuid mhór oibredéanta aige ar Ros na Rúnchomh maith le go leor eile.

    Tá Gaoth Dobhair aitheantago náisiúnta mar cheantar láidirdrámaíochta agus cliú mhórbainte amach ag AisteoiríGhaoth Dobhair agus aisteoiríóga Phobalscoil Ghaoth Dobhairthar na blianta. Ach caithfear igcónaí fuil úr a ghríosú agus afhorbairt, agus ó tharla gurcailleadh an léiritheoir stáitse

    iomráiteach Tomás Mac GiollaBhrighde (Tom a’ Bhungaló) agdeireadh na bliana anuraidh, bhísé tráthúil a leithéid de cheard-lann a reachtáil agus d’éirigh gohiontach leis.

    Bhí 18 duine i láthair doncheardlann, a mhair dhá lá agusa mbeidh an darna cuid á reácht-áil ar an deireadh seachtaine 1-2Feabhra. Dúirt Beartla Ó Flaith-earta go raibh “an-fuinneamhagus dáiríreacht ins an ghrúpa!”

    “Sílim go mbeidh toradhmaith ar an gceardlann, mar táan-tallann sa ghrúpa. Chuir séfonn orm féin dhul amach agusdráma a léiriú caol díreach inadhiaidh”, a dúirt Beartla.

    Ag tagairt don cheardlann,dúirt Cathal Ó Gallchóir, bainis-teoir na Crannóige go raibh anceardlann iontach spreagúil.“Ghlac mé féin páirt sa cheard-lann agus tá mé ag dúil go mórleis an chéad chuid eile. Tá muid

    iontach sásta go raibh an oireadsin daoine páirteach agus thugachan duine 100%. Bhí meascánmaith ann fosta, aisteoirí letaithí, léiritheoirí, léiritheoiríteilifíse agus cúntóirí teanga.Agus níos tábhachtaí fós bhítuismitheoirí ann a bhfuil suimacu an drámaíocht a fhorbairt imeasc an aos óg! Bhí spiorad ardóigh sa ghrúpa, agus thar rudar bith, cé go raibh achan nduinei ndáiríre, bhí an chraic maith!”

    Spiorad na drámaíochta á cothú ag ceardlannChomharchumann Ghaoth Dobhair

  • Goitse 24 Eanáir 2014 SPÓRT 15

    Cúpla lá i ndiaidh na Nollagagus ceiliúradh na Féile faoi lánseol go fóill, thug iománaitheóga Ghaoth Dobhair a n-aghaidhar Mhachaire Fíolta, Co. Dhoireáit ar ghlac siad páirt i mblitziománaíochta go hiomlán trímheán na Gaeilge.

    Reáchtáil pobal CharnTochair an blitz chun deis athabhairt do na h-iománaitheóga gráin cluichí a imirt ach,níos tábhachtaí, deis a thabhairtdóibh an Ghaeilge a labhairt agócáid spórtúil.

    D’éirigh tharr barr leis an dásprioc mar ghlac thar caogapáistí páirt sa bhlitz céanna.

    Ceithre chlub a bhí páirteach.Carn Tochar, ó CLG ShleachtNéill bunús na himreoirí sinagus Baile na Scríne, dhá

    fhoireann as Co. Dhoire. GhlacCLG Naomh Cholmcille asOileán an Ghuail, Tír Eoghainagus CLG Ghaoth Dobhair páirt

    chomh maith. Páistí ó 6 blianago 12 a chaith an tráthnóna agiomáint agus ag déanamh agcomhrá as Gaeilge.

    Tá súil ag na clubanna seoblitz eile a reáchtáil i nGaothDobhair thart ar am na Cásca.

    Beidh cuireadh ag CLG

    Micheál Breathnach, Indrea-bhán, Conamara, theacht goGaoth Dobhair don ócáid sinchomh maith.

    Iománaithe óga Ghaoth Dobhair ag Blitz na nGael

    Iománaithe óga as Gaoth Dobhair a ghlac páirt sa Bhlitz Gaelach a reáchtáladh i Co Dhoire ar na mallaibh.

    Gradaimbronnta ar imreoiríóga GhaothDobhair Reáchtáil Bord na nÓg CLGGhaoth Dobhair ócáid bhronntagradaim sa Chlubtheach iMachaire Gathlán le gairid. Bhíthart ar 200 ógánaigh i láthairdon ócáid. B’iad Ciarán ÓFearraigh, James Mac Suibhneagus Carolanne Ní Chasaide nahaíonna speisialta ar an oíche.

    Bronnadh gradam ar nafoirne ó faoi 8 go faoi 16, idirghirseachaí agus ghasúirí sapheil agus san iománaíocht.

    Bronnadh duais speisialta arSheosamh Mac Aoidh a bhainCraobh an Chontae i Scór nanÓg.

    Chuir An Crann Óg ceol arfáil ar an oíche.

    Foireann na nGirseachaí faoi 12

    Ciarán Ó Fearraigh agus James Mac Suibhne ag bronnadh gradaim ar buaiteoirí faoi 12Buaiteoiri iomána faoi 8

  • 16 SPÓRT Goitse 24 Eanáir 2014

    Beidh an sraith sacair faoi 12 agtoiseacht arís an deireadhseachtaine seo tar éis sos naNollag.

    Tá 9 gcluiche imeartha ag nafoirne uilig anseo san iarthuaisceart agus is iad naclubanna Gaeltachta atá agdéanamh go maith go dtí seo.

    Tá Ceiltigh Ghaoth Dobhair arbharr an tábla agus iad ag imirtscoith peile. Níor chaill siad aoncluiche sa sráith go fóill. Táfoireann iontach láidir acu. Tábeirt acu, Jamie Ó Dochartaighagus Domhnall Mac GiollaBhríde ar fhoireann an chontaeFaoi 12 agus roinnt imreoir eile

    ar fhoireann An Iar Thuaiscearta bheas ag imirt sa ‘Foyle Cup’amach anseo.

    Tá Gleann Átha Aontaithe sadarna háit faoi láthair. Is éCiarán Ó Colla, deartháir le Joe ÓColla a chaith seal le ManchainAontaithe, an cúl báire atá acu .Seans go mbeidh Ciarán ag

    leanstan a dheartháir amachanseo.

    Tá roinnt chluiche le himirtgo fóill ach tá an cosúlacht anngurb iad Cheiltigh GhaothDobhair agus Gleann ÁthaAontaithe a bheas ag imirt ISráith na Seaimpíní .

    Ach beidh le feiceáil cé acu a

    bheas ar bharr na sraithe i lármhí an Mhárta. Thig linnlabhairt faoin ‘chupa’ ansin; cupaa bhain Ceiltigh Ghaoth Dobhairanuraidh. Bhfuil an ‘dúbailt’ aran tsúil ag na Ceiltigh óga?

    Ceiltigh faoi 12 Ghaoth Dobhair ar bharr tábla an Iar-Thuaiscirt

    Ceiltigh Ghaoth Dobhair 9 27Gleann Átha Aontaithe 9 21Ruaigirí Chéide 9 15Clochán Liath 9 7Gaoth Dobhair Aontaithe 9 6Gleann an Rí 9 4

    Tábla Faoi 12 Foireann Cluichí Poinntí

    Dinnéir ChinnBliana CLGGhaothDobhairBhí dinnéar chinn bliana CLGGhaoth Dobhair ar siúl saChlubtheach i Machaire Gathlánoíche Shathairn an 18 Eanáir.Oíche cheiliúrtha a bhí ann donscaiOe mór a bhí i láthair, thartar 170 duine ar fad.

    Is iad Aogán Ó Fearghail,Comhairle Uladh, agus a bheanchéile na haíonna speisialta aran oíche.

    Bhronn sé Corn agus boinnChomórtas Peile na Gaeltachtaar fhoireann sinsir na bhfearagus na mban a raibh an bua acuanuraidh i bPort Láirge.

    Bronnadh gradam Imreoir naBliana ar Éamonn Mac Aoidh(Sinsir) agus ar Róisín NicPháidín (Foireann na mBan).

    Tugadh aitheantas ar leith doNeil Mac Aoidh a bhí arfhoireann Idirnáisiúnta nahÉireann a d’imir in éadan nahAstráile anuraidh.

    Tuilleadh spórt ar lch 15Aogán Ó Fearghail, Comhairle Uladh, ag bronnadh gradam arÉamonn Mac Aoidh

    Mionúr na Bliana Niall Friel ag glacadh le gradam óChaoimhín Ó Casaide

    Imreoir Ban na Bliana Róisín Nic Pháidín