47

CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh
Page 2: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CEACHT 1:CÉRBH IAD NA CEILTIGH?

Page 3: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

I ndiaidh dóibh forbairt in Alpa na hEorpa láir, leathnaigh na Ceiltigh a gcultúr trasna na Gearmáineagus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc.

Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall500 RCh agus taobh istigh de chúpla céad bliain, bhícultúr na Cré-Umhaoise in Éirinn scriosta ar éigean,agus bhí cultúr na gCeilteach i réim ar fud an oileáiniomláin.

CÉRBH IAD NA CEILTIGH?Bhí na luathCheiltigh ar cheann de na treibheanna ársa is ceannasaí san Eoraip.

Bhí cónaí ar na Ceiltigh i dtreibheannaaonaracha agus bhí cultúr agus teanga i gcoiteann acu.

Pobal bródúil agus onórach a bhí iontu agusbhí clú agus cáil orthu mar ghríobha nólaochra fíochmhara.

Page 4: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Uaireanta tugtar CEILTIGHNA HIARANNAOISE ar naluathCheiltigh.

Mhair an Iarannaois ó thart faoi 700 RCh go dtí AD43. Tugtar an Iarannaoisar an tréimhse seo mar gur sin an ré nuair a thosaighdaoine ar rudaí a dhéanamhas iarann, amhail céachtaífaoi choinne feirmeoireachta, clogaid agus boinn airgid.

Thug ceannaithe na Gréige'KELTOI’ ar na Ceiltigh nuaira bhuail siad leo den chéaduair sa séú haois RCh.

Is dócha gur tháinig an focal‘KELTOI’ ón fhocal Ceiltise‘ceilt’ a chiallaíonn rúnda,ceilte, clúdaithe.

Tá an focal ar chulaithnáisiúnta na hAlban - ‘kilt’ -bunaithe ar an fhocal chéanna.

Ba mhór an luach a chuir na Ceiltigh i bhfilíocht,i gceol agus in aithriseoireacht na seanscéaltagaisciúlachta ó bhéal.

Bhí Cú Chulainn, Cú Uladh, ar cheann de nalaochra Gaelacha is finscéalaí, a raibh i ndán dóa bheith ar an laoch is mó ar fud na hÉireann.

Page 5: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Maireann an cultúr acu sa teanga, sa cheol, sna hamhráin, san ealaín, sa scéalaíocht agus sna damhsaí. Tá 3.5 milliún duine ar a laghad a bhfuilteanga Cheilteach mar an teanga dúchas acu.

Sa lá ata inniu ann, is iad seo na teangacha Ceilteacha:GAEILGE NA HÉIREANN;GAEILGE NA HALBAN; BREATNAIS (a labhraítear sa Bhreatain Bheag); BRIOTÁINIS (a labhraítear sa Bhriotáin, ar chósta thiar thuaidhna Fraince); GAEILGE MHANANN (ar Oileán Mhanann); AGUS COIRNIS (i gCorn na Breataine, ceann tíre thiar theas na Sasana).

Labhraítear Gaeilge na gCeilteach chomh maith i Meiriceá thuaidh ar Oileán Cape Breton, díreach ar an taobh thuaidh de Nova Scotia ar chósta thoir Cheanada.

Bhí clú ar na Ceiltigh chomh maithas an ealaín LA TÈNE dá gcuid.

Ó thart faoi 500 RCh, ba iaddearaí álainn, casta agus patrúin shnaidhme na gnéithe a dhealraigh an tréimhse La Tène.

Page 6: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

ÉADAÍ NA GCEILTEACH

Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná:

LÉINTE glún ruaimnithe agusbróidnithe le dathanna gealaagus crios plátáilte le hór nó le hairgead thart orthu

Briste ar a dtugadh 'BRACAE'

CLÓCAÍ stríocacha OLLA a bhí ceangailte le DEALG.

Page 7: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Bhí gruaig fhada ag fir agusmná araon.

Ba mhaisiúchán tábhachtach é an torc a chaith na Ceiltigh. Fáinne muiníl a rinneadh as slat mhiotail(casta in amanna) a bhí annagus é déanta de chré-umhanó d’ór ag brath ar mhaoin an duine a bhí á chaitheamh.

Bhí dhá cheann ar an torcnach raibh ach spás beag eatarthu.

Page 8: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

SEODRA NA GCEILTEACHBhí seodra á gcaitheamh ag fir agus mná araon. Chuir sé an mhaoin acu in iúl.

TORCÓIR DE CHUID TAISCEBRÚ ÍOCHTAIR, (50 RCh)

A FUARTHAS AG BRÚ ÍOCHTAIR,CONTAE DHOIRE.

Page 9: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Gabhailíní gruaige

Is ceangalclóca é seo

Bhí rudaí deasacosúil leis an dealgneasfháinneach seopraiticiúil le clóca a cheangal.

Page 10: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

COIRP PHORTAIGH

Is corpán portaigh tipiciúil ón Iarannaois é Fear Chruacháin.Bhí bás uafásach aige, é ag fulaint i rith an ama. Sularcuireadh sa phortach é, gearradh a chorp ina phíosaí.

Bhí Fear Chruacháin sna fichidí nuair a fuair sé bás. Léiríonn a chabhail, an t-aon chuid de a bhí fágtha, go raibh sé fíor-ard don tréimhse úd, timpeall 6 throigh agus 6 orlach ar airde.

Bhí lámh-mhaisiú den chéad scoth aige a léirigh nach raibh lá oibre déanta aige ina shaol.

Bhí aiste bia aige a bhí lán d'fheoil, ach bhí bláthach agus arbhar ina ghoile nuair a fuarthas é, bia a tugadh do dhuine mar bhéile deireanach sula ndearnadh íobairt de do na déithe.

Is é atá i gceist le seandálaíocht nástaidéar ar dhéantáin agus ar ithir lenafhoghlaim faoi chultúr na ndaoine san am a chuaigh thart. Is minic a aimsítear fionnachtana seandálaíochta de thimpiste,mar shampla nuair atá feirmeoirí ag baintmóna.

Cuireann easpa ocsaigine agus aigéid sa phortach cosc ar ábhair ar leith a mheath,amhail leathar, adhmad, cnámh agus teicstílí agus míníonn sé seo an fáth a bhfanann siad i riocht fíormhaith.

Fágann an flúirse ábhar a tugadh slán ó phortaigh in Éirinn gur féidir saol na ndaoine a bhí ina gcónaí ar chaoráin nó in aice leo a imscrúdú agus scéal faoina gcuid lonnaíochta agus faoina slí bheatha a chumadh.

Tá ‘Coirp Phortaigh’ ar chuid de na fionnachtana is mó as an ghnách a aimsíodh i bportaigh.

Is dhá chorp portaigh iad ón Iarannaois a fuarthas in Éirinn Fear Chruacháin agus Fear Chluain Uí Chaomháin. De ghnáth, níor chuir na Ceiltigh a gcorp sa talamh, créamadh iad de ghnáth. Cuireann sé seo in iúl dúinn go raibh bás neamhghnách, is dócha, ag na coirp phortaigh seo.

FEARCHRUACHÁIN350-175 RCH

A FUARTHAS I GCONTAEUIBH FHAILÍ

IN 2003

Page 11: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Fuarthas Fear Chluain Uí Chaomháin in inneall baintemóna, agus sin an fáth ar gearradh an chuid íochtar dá chorp de.

Bhí gruaig ar stíl Mohican aige, a coinníodh in áit leglóthach a tháinig isteach sa tír ón Fhrainc nó ónSpáinn.

Sula bhfuair sé bás bhí aiste bia lán de ghlasraí aige.

FEAR CHLUAIN UÍ CHAOMHÁIN

392 - 201 RCH A FUARTHAS I GCLUAIN UÍ CHAOMHÁIN,

CONTAE NA MÍ,IN 2003

Page 12: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

BLEACHTAIRE PORTAIGH

CUIR I GCÉILL GUR SEANDÁLAÍ TÚ. CAD É IS FÉIDIR LEIS NA COIRP PHORTAIGH A INSINT DÚINN FAOIN SAOL IN AIMSIR NA HIARANNAOISE?

DÉAN STAIDÉAR AR AN FHIANAISE MAIDIR LE FEAR CHRUACHÁIN AGUS LE FEARCHLUAIN UÍ CHAOMHÁIN, ANSIN FREAGAIR NA CEISTEANNA. MÍNIGH DO FHREAGRAÍ BUNAITHE AR AN FHIANAISE ATÁ AR FÁIL.

FEAR CHRUACHÁIN

Cén sórt duine a bhí ionam, dar leat,tuathánach bocht nó

fear saibhir le giollaí?

Cad é a bhíneamhghnách faoi

mo bhás? Cad chuigear tharla sé,dar leat?

FEAR CHLUAIN UÍ CHAOMHÁIN

An dóigh leat go bhfuair mé bás sa gheimhreadh nósa samhradh?

An raibh mé saibhir nó bocht?

Page 13: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

FEAR AN PHORTAIGHA ATHDHÉANAMH

GNÍOMHAÍOCHTTarraing léaráid ar an chuma a bheadhar Fhear Chluain Uí Chaomháin nó arFhear Chruacháin nuair a bhí siad beo.

Is féidir le seandálaithe buillefaoi thuairim a thabhairt ar an chuma

a bheadh ar dhuine bunaithe ar an fhianaisesna hiarsmaí a fuarthas agus ar an eolas atá acu faoi chultúr na tréimhse sin,

mar shampla an dóigh a raibhdaoine gléasta.

Ainm fhear an phortaigh:

An déanamh atá air (ard, beag, trom, tanaí, matánach, caol):

Stíl agus dath na gruaige (fada, gairid, trilseáin, pónaí, mohican, bearrtha):

Éadaí:

Seodra/airm srl. (banda cinn, coróin, torc, dealg, bráisléid nó cufaí, claíomh, sciath, sleá):

Scríobh do chuid nótaí thíos

Page 14: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CEACHT 2:SETANTA - LEANBH NA NDÉITHE

Page 15: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CREIDEAMH NA GCEILTEACH

Níor thug na Ceiltigh ársa adhradh dá ndéithe. Níor fhreastail siad ar theachan phobail. Ina áit sin, d’fhág siad ofrálacha beaga ar fud na háite. Cheangailsiad bronntanais nó teachtaireachtaí áirithe de chrainn, nó chaith siad isteachi dtoibreacha nó i bhfuaráin iad, rud a tharlaíonn go fóill sa lá atá inniu ann.

Bhí os cionn 400 dia agus bandia ag Ceiltigh na hIarannaoise.

Chreid siad go raibh dia beag ina chónaí i ngach crann, i ngach bláth, i ngach abhainn,beagnach i ngach rud.

Bhí cuid de na déithe agus na bandéithefíorchumhachtach. Ach den chuid is mó,miondéithe nó mion-bhandéithe a bhí iontu.

Page 16: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

DÉITHE AGUS BANDÉITHEIs iad seo a leanas cuid de na déithe agus na bandéithe Ceilteacha is mó cáil: DAGDA,DANÚ, BRÍD, LIR agus MANANNAN, LUGH agus AN MORRÍGHAN.

Tugadh adhradh i bhfoirm trí-aonta (i dtrí ghné)do chuid mhór de na déithe Ceilteacha. Seasann nagnéithe seo do 3 rud dhifriúla. Ba í Bríd, mar shampla,bandia na filíochta, an leighis agus cheird an ghabha. Is féidir leis an Morríghan an cruth d’fhiach dubh, de chailleach nó de mhaighdean óg a ghlacadh.

Ghlac an Chríostaíocht leis seo ina dteagasc ar anTríonóid Naofa, an tAthair, an Mac agus an SpioradNaomh. D’úsáid Naomh Pádraig píosa seamróige leis seo a mhíniú do na chéad daoine a d’iompaigh ina gCríostaithe.

Bhí na Ceiltigh ag brath ar na sagairt a bhí acu, na draoithe, lena gcoinneáil saor ó thrioblóid.

Bhí freagracht na ndeasghnáth reiligiúnach go léir ar na draoithe mar ba é an draoi an t-aon duine

a raibh cead aige labhairt le dia.

CHREIDNA CEILTIGH GO RAIBH

SAOL EILE I NDIAIDH AN TSAOILSEO AG ANAM AN DUINE, MAR SIN,NUAIR A FUAIR SIAD BÁS, CUIREADHRUDAÍ ÚSÁIDEACHA AMHAIL CLOGAD,

CLAÍOMH AGUS SCIATH SANUAIGH LEO.

Page 17: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

DÉITHE AGUS BANDÉITHE NA GCEILTEACH

DANÚAithnítear Danú mar an chéad ollmháthair d’Éirinn,an bandia ónar saolaíodh gach rud beo.

Is bandia na talún í, a bhaineann le torthúlacht, le fás, le neart, le flúirse, le talmhaíocht, le saothrú agus le cothú na talún.

DAGDABa é Dagda athair-dhia na gCeilteach. Thug siad an’dia maith’ air mar thug sé cosaint dá gcuid barr.

Bhí coire darbh ainm an ‘Undry’ aige a thug solátharbia gan teorainn agus cruit bheo darach aige darbhainm ‘Uaithne’ a thug ar na séasúir athrú ina n-ord.

Page 18: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

BRÍDBa í Bríd bandia na torthúlachta. Ba í anmháthair-dhia nach raibh dia ar bith eile ar chéim níos airde ná í ach amháin an Dagda.

Is bandia trí-aonta í agus sin an fáth a bhfuil trí airí aici: banfhile, banlia agus gabha.

LUGHBa é Lugh dia an tsolais nó an fhómhair.Comóradh féile ina onóir i mí lúnasa ar tugadhLUGHNASA uirthi. Lúnasa an mhí bheannaithe a bhí aige. Creidtear gurb eisean athair diagaChú Chulainn.

Page 19: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

AN MORRÍGHANBa bhandia na gcogadh, na beatha agus an bháisí an Morríghan. Ba ghnách léi, mar sin, í féin a thaispeáint do na laochra móra nuair a bhí siad i mbaol báis.

Casadh an Morríghan ar Chú Chulainn é féin i bhfoirmeacha éagsúla. Ba é an préachán dubh an fhoirm is so-aitheanta a bhí aici.

LIRBa é Lir athair-dhia na mara. Ba é a mhac Manannan a bhí i gceannas ar na tonnta ina dhiaidh.

I ndiaidh bás a chéad mhná, phós sé Aobh a raibh na páistí clúiteacha aici ar thiontaigh Aoife, a n-aintínagus a leasmháthair éadmhar, ina n-ealaí iad.

TRÍ-AONTA ... Ciallaíonn sé trí rud in aon rud amháin, mar atáan Morríghan agus í ina cailleach, ina maighdean agus ina préachán.

Page 20: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

SEALGAIRÍ NA GCLOIGNE DAONNA

“Go díreach ar an dóigh chéanna a ndearna sealgairí le blaoscannana n-ainmhithe a mharaigh siad,leasaigh siad cinn a n-íospartach is airde céim in ola céadrais, agus choinnigh siad go cúramach i mboscaí adhmaid iad.”Le DIODORUS, staraí na Róimhe.

Rinne na Ceiltigh a lán dealbh dechinn daoine i gcloch nó in adhmad.

Chreid siad go raibh cónaí ar ananam taobh istigh den cheann. Fuair tú draíocht fíorchumhachtachas anam duine a ghabháil, dar leo,agus seo an fáth ar bhailigh siadcloigne a naimhde a mharaigh siad i gcathanna.

De réir staraithe na Róimhe,ghearr na Ceiltigh na cinn dá sinsear, agus fiú dá naimhde, agus d’adhair siad na blaoscanna.Chroch siad na cinn os cionndoirse a mbothán.

Page 21: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

NA SÉASÚIR A CHEILIÚRADH

SAMHAINRinne na Ceiltigh athrú na séasúr a cheiliúiradh le féilte móra amhaireann i bhfoirmeacha éagsúlago dtí an lá atá inniu ann.

Thosaigh an bhliain Cheilteach leSamhain, féile a ceiliúradh thartar 31ú Deireadh Fómhair.

Am a bhí ann nuair a measadh go raibh an chaille idir an saol seo agus an saol eile chomh tanaí sin gur féidir leis na mairbh teacht ar ais le hiad féin a théamh ag teallaigh na mbeo, agus bhí cuid de na beo - go háirithe na filí - ábaltadul isteach sa saol eile trí dhoirse an lucht sí, mar shampla anceann ar chnoc na Teamhrach in Éirinn.

Is ón tSamhain a shíolraigh an ceiliúradh a bhíonn againn ar oíche Shamhna sna laethanta seo, agus míniú amháin atá leis na laindéir thraidisiúnta phuimcín is ea gur chuir na Ceiltighblaosc ár sinsear taobh amuigh dá ndoirse san am seo. Ghlac na Críostaithe an fhéile Cheilteach seo agus thiontaigh siad í go Lá na Naomh. Fiú an ceiliúradh Sasanach de chuid lá GuyFawkes a bhfuil macalla d’fhéile ársa na dtinte aige.

Page 22: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

IMBOLCTharla sé ag am breithe uan, timpeall31ú Eanáir, agus ba é tús an chuiddeiridh den gheimhreadh a bhí ácheiliúradh ag Imbolc (nó Oimelc).

Rugadh uain úra, agus itheadh béile a bhí déanta dá eireabaill ghearrtha.

Bhuail mná lena chéile le filleadh ghnémaighdine an bhandia a cheiliúradh.Lean seo ar aghaidh go dtí ré naCríostaíochta mar lá fhéile Bríde: ba leagan Críostaithe í an naomh denbhandia phágánach ar iníon Dhagda í.

BELTAINFéile tinte eile is ea Beltain, a ceiliúradh thart ar an 1ú Bealtaine, ach de bhrígo raibh baint ag Samhainle bheith ag dul isteachfaoin talamh nó ag tarraingsiar, phléasc Beltain amachle flúirse torthúlachta.

Scaoileadh na heallaigh ó cheathrúna angheimhridh agus seoladhidir dhá thine iad i searmanas deasghnáchglantacháin a raibh feidhmeanna praiticiúlaaige chomh maith.

Ba thréimhse é le haghaidh féastaíagus aontaí. Mar a luadh thuas, i gcásna bhfiann, le teacht féile Beltaincuireadh tús leis an ‘séasúr troda’.

Page 23: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

LUGHNASADúradh gur thug an dia Lugh an fhéile go hÉirinn,agus mar sin bhí sé beannaithe don dia seo.

Chonacthas do na Rómhánaigh go raibh Lugh cosúillena ndia Mearcair. Ar scor ar bith, bhí baint ag andá dhia le scileanna, agus ceiliúradh an fhéile seo lecomórtais scileanna, ina raibh marcaíocht capall sanáireamh.

Bhí trádáil capall ann fosta; b’fhéidir gurb é seo anfáth a bhfuil an fhéile bainteach leis an bhandiatorthúlachta, Macha, a fuair bás agus í ag breithlinbh i ndiaidh iachall a chur uirthi rith i gcomórtasin éadan chapaill an rí. In Éirinn bhí baint ag anfhéile le hEmain Macha, i gCúige Uladh, ach cuireadhar siúl in áiteanna éagsúla í, a raibh Dún Ríoga naTeamhrach san áireamh ann.

Page 24: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CÁRTAÍ BEANNACHTA DONA SÉASÚIR CEILTEACHA

Is é an tasc atá agat cárta beannachta séasúrach a dhearadh abhaineann le ceann amháin de na féilte Ceilteacha seo a leanas:SAMHAIN, IMBOLC, BELTAIN, nó LÚGHNASA.

Is féidir an cárta a tharraingt nó é a chruthú ar ríomhaire agúsáid bogearraí péinte, Microsoft Word nó bogearraí Comic Life.

Má tá tú ag úsáid an ríomhaire, tig leat pictiúir ón idirlíon aíoslódáil le húsáid ar do chárta, nó do phictiúir féin a tharraingtagus bogearraí péinte in úsáid agat.

Is féidir an cárta críochnaithe a phriontáil agus a ghreamú ar phíosa páipéarchláir dhaite atá fillte.

SAMHAINSHONA DUIT

Cén séasúr a roghnaigh tú?

Cad iad na cineálacha pictiúr a sheasfadh don séasúr seo?

Cad é a scríobhfaidh tú ar an chárta?

AN TIONSCADAL A PHLEANÁIL...ÚSÁID LITREOIREACHT CHEILTEACH AGUSOBAIR SHNAIDHME LEIS AN CHÁRTA ADHÉANAMH NÍOS BARÁNTÚLA.

Page 25: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CÁRTAÍ BEANNACHTA A DHEARADHLE BOGEARRAÍ COMIC LIFE

Oscail na bogearraí greannáin

TÚS A CHUR LEIS...SAMHAIN

SHONA DUIT

Caithfidh tú méid an leathanaigh a athrú sula dtosaíonn tú ar do ghreannán.Caithfidh tú cliceáil ar FILE agus PAGE FORMAT a roghnú.

Ansin tig leat formáid an leathanaigh a athrú go dtí A5 (leath den mhéid atá i leathanach páipéir A4).

Is féidir an cárta críochnaithe a phriontáil agus a ghreamú ar phíosapáipéarchláir dhaite atá fillte.

Roghnaigh teimpléad leathanaigh agus tarraing go dtí an leathanach é.

ROGHNAIGH TEIMPLÉAD LEATHANAIGH

Taispeáin do na daltaí an áit leis an chomhfhillteán a aimsiúar an líonra ríomhairí mar a bhfuil a gcuid léaráidí stóráilte.

CUIR PICTIÚIR LEIS

Page 26: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Agus boscaí téacs, litreoireacht, nó bolgáin chainte in úsáid, is féidir le daltaí téacs achur isteach. Formáidigh an téacs tríd an dath, an chló, an mhéid, agus an stíl a athrú.

Priontáil na cártaí críochnaithe. Tig le gach dalta a dhearadha ghearradh amach agus é a ghreamú ar phíosa páipéarchláirdhaite atá fillte, leis an tionscadal a chríochnú.

CUIR TÉACS ISTEACH

Athraigh cúlra an leathanaigh agus na painéil chearnógacha sa chéad dul síos trícheachtar acu a roghnú, an leathanach a chliceáil nó painéal cearnógach a chliceáilagus ansin, painéal na ‘Details’ a oscailt agus dath nó patrún a roghnú.

AN CÚLRA A FHORMÁIDIÚ

Sábháil an obair i bhfillteán cuí ar an ríomhaire.

SÁBHÁIL

PRIONTÁIL & CUIR I DTOLL A CHÉILE

Page 27: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CEACHT 3:AN SAOL I DTEACH CRUINN

Page 28: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Tógadh teach cruinn thart ar chuaille lárnach. Bhí cuaillí eile agteacht amach uaidh sin i gciorcal le díon a fhoirmiú. Thacaigh cuaillíceartingearach an díon. D’úsáid siad ábhair ón fhoraois lena gcuidtithe a thógáil. Rinneadh na ballaí as caolach (maidí adhmaid fite)agus dóib (cochán agus clábar) agus bhí ceann tuí ar an díon.

TAOBH ISTIGH DE THEACHCRUINN CEILTEACH

Chónaigh na Ceiltigh i dtithe cruinne a bhí suite i lár an tsráidbhaile. Bhí cónaíar a lán teaghlach in aon teach cruinn amháin ina raibh seomra mór amháin. Bhí doras an tí maisithe le snoíodóireacht speisialta agus le plandaí le cosc achur ar spioraid an oilc teacht isteach.

Bhí TINE curtha síos i gcónaí sa teach ceilteach le fáilte a churroimh dhaoine. Théigh an tine an teach agus bhí sí in úsáid le bia a chócaráil. Tógadh vása cré isteach i lár an urláir le timpistí asheachaint agus le cosc a chur ar an luaith á scaipeadh. D’fhan antine lasta lá agus oíche mar measadh gur ábhar náire é gan tine abheith thíos. Go minic shuigh na Ceiltigh thart ar an tine le chéileoícheanta dorcha ag éisteacht le scéalta.

Page 29: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Bhíodh COIRE ar crochadh os cionn na tine ar thrípéad le slabhrainchoigeartaithe. De ghnáth bhí na coirí déanta as cré-umha, achbheadh coirí iarainn ag na Ceiltigh is saibhre. Bhí bia á chócaráil an chuid is mó den am mar bhí an nós ann bia a thabhairt dochuairteoirí a luaithe agus a tháinig siad isteach.

Bhí bua den scoth ag na Ceiltigh san FHÍODÓIREACHT,rud a rinne siad ar sheol fíodóireachta. Ba mhinic a bhídathanna geala agus patrúin ar na dearaí seo acu.

Saoir den scoth a bhí sna Ceiltigh a shnoigh maisiúcháinealaíonta ar a DTROSCÁN. Bhí binsí ann chomh maith abhí in úsáid mar leapacha thart ar na ballaí taobh istighde na botháin. Bhí na tochtanna líonta le féar tirim aguscleití agus clúdaithe le craicne caorach. Bhí stólta, táblaíísle agus cófraí a rinneadh as adhmad agus leathar ar antroscán eile. Ba chosúil go raibh craicne caorach, craicnebó agus craicne fia in úsáid leis an urlár a chlúdach.

Page 30: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Bhruith na Ceiltigh an fheoil sa choire nó róst siad í os cionngualaigh, amanna ar BHIORANNA. Leasaigh siad feoil agus iasc i salann don gheimhreadh. Béile a raibh éileamh mór air ná bradán a bhí bácáilte le mil agus luibheanna.

AISTE BIA AGUS BIA A CHÓCARÁILBhí na Ceiltigh i ngrá le bia agus bhí dúil mhór acu i bhféastaí. D’ith siad muiceoil, mairteoil,géim, éisc, cáis, gruthanna, bainne, im, agus brachán. Bhailigh siad cnónna agus síolta agusd’fhás siad a nglasraí féin. D’ith na Ceiltigh Éireannacha feamainn amhail carraigín.

Bhailigh siad bia i GCISEÁIN SAILÍ. Le ciseáin a dhéanamh,d’fhigh siad saileach nua-bhainte isteach i gcruthanna castasular fhág siad iad le triomú.

D’úsáid siad PRÓCAÍ CRÉ le bia a stóráil. Choinnigh cuid acuan luaithreach créamtha dá gcuid daoine muinteartha.

Ba mhaith leis na Ceiltigh LEANN agus FÍON a ól. Rinneadh meá as mil agus uisce agus ina raibh blastanais ó luibheanna fiáine agus torthaí. Rinne siad an leann as eorna, seagal nó coirce.

Page 31: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Bhí BRÓ déanta as dhá chloch chruinne throma agusúsáideadh í le harbhar nó le cruithneacht a mheilt inaphlúr. Ansin, d’úsáid siad an plúr le harán a dhéanamhsan oigheann.

Rinneadh CUPÁIN agus BABHLAÍ as dair agus asadhmaid mhíne eile. D’úsáid siad coirn óil le leann a ólmar choinnigh siad a lán leachta. Rinneadh na coirn óil as adharca eallaigh i ndiaidh iad a mharú. Ba ghnáthleo na coirn a ghlanadh agus a líomhadh sular mhaisighsiad iad le gléasadh miotail. Ba mhinic a adhlacadhcorn óil leis an duine ar leis é.

Bhí na tithe cruinne ar fheabhas le luibheanna a thriomú agus bia a leasú.D’úsáid siad luibheanna le bia a bhlaistiú agus i gcógais leighis. Chuir siadfeoil agus éisc ar crochadh ó dhíon an tí, áit a mbíodh siad á leasú agus á mblaistiú ón teas agus ón toit.

Page 32: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CEACHT 4:CÚ ULADH

Page 33: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

AINMHITHE CUMHACHTA

Seasann an FÉILEACÁN do chlaochlú, d’inspioráid agus don athbhreith.

Thiocfadh leis an fhéileacán a bheith ina chuidiú ag amanna atá rudaí ag athrú. D’fhuaigh siad iad isteach i ngúnaí breithe agus i mblaincéid le fáilte a chur roimh leanaí úra isteach sa sráidbhaile.

Cuireann an TARBH toil láidir agus ceanndánacht in iúl,uaidh sin faighimid an téarma Béarla 'bull-headed'.Bhí an tarbh ina shiombail ar shaibhreas agus ar rachmas, mar b’fhoinse mhór bia é do na Ceiltigh.

FÉILEACÁN

TARBH

Seasann MADADH do dhílseacht agus é a bheith ina chara dílis.Sa sráidbhaile, chuir madadh ádh mór in iúl. D’úsáid siad iad sa tseilg agus mar sin ba mhór an t-éileamh a bhí orthu agus an meas a tugadh dóibh.

MADADH

Page 34: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

De réir na gCeilteach, ba é an FIA an t-ainmhí is ársa ar an saol.Tá baint aige leis an nádúr, le seilg, le coillearnach agus leis anfhlúirse. Bhí baint ag na beanna go minic le crainn agus le curagus le baint na ngráinní. Is minic a fheictear carria bán sna miotais cheilteacha nuair atá athrú mór ar charachtar ar tí tarlú.

Thiocfadh le FIACHA DUBHA a bheith ina gcomhartha báis. Uaireanta d’eitil fiacha dubha os cionn láithreáin chathanna na gCeilteach mar dhia faoi bhréagriocht.

FIACH DUBH

FIA

Éan é seo a raibh clú air mar gheall ar a chríonnachtaagus a fhadsaoil sna cultúir Cheilteacha. Léirigh sé luas,láidreacht, radharc géar na súl, agus eolas na draíochta.

IOLAR

Cuireann an BRADÁN eolas agus críonnacht in iúl.

Tá ar Chú Chulainn léim bhradáin a thrasnú sula dtigleis ceird an chogaidh a fhoghlaim ó Scáthach.

BRADÁN

Page 35: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

I miotaseolaíocht Cheilteach, ba mhinic a ghlac déithecruth ealaí agus iad ag teacht i láthair shaol na mbeo.Seasann siad don chuannacht, don áilleacht agus don ghrá.Go minic bíonn an céile céanna ag ealaí ar fud a saoil.

Cuireann an CAPALL cobhsaíocht, onóir, muinín,éirim agus láidreacht in iúl. Ghlaofá ar an chapallin áiteanna a mbeadh misneach nó muinín de dhíth.

EALA

Measadh cait a bheith ina gcaomhnóiríar an saol eile. Tá siad glic agus clisteagus maith le rud a choinneáil ina rún.

CAT

CAPALL

Page 36: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CLOGAD LAOICH A DHEARADHMaisigh an clogad Ceilteach seo leis an ainmhí cumhachta a roghnaigh tú,agus dearaí d’ainmhithe Ceilteacha in úsáid agat mar threoir. Cuir isteachsnaidhmeanna agus bíseanna Ceilteacha lena ornáidiú, ansin dathaigh andearadh críochnaithe.

FÉILEACÁN FIA MADADH IOLAR CAPALL

TARBH FIACH DUBH BRADÁN EALA CAT

Page 37: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CEACHT 5:LAOCHRA I SOCHAÍNA GCEILTEACH

Page 38: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

NA LAOCHRACEILTEACHA

Chuir roinnt laochra tatúnnaorthu le ruaimghorm darb ainmgoirmín lena gcuidnaimhde a scanrú.

Bhí an chogaíocht coitianta le linnna hIarannaoise agus tógadh a lándúnta (lonnaíochtaí daingnithe) ag an am sin.

Ba dhaoine gan eagla iad na laochra Ceilteacha. Ba mhinic a bhí siad dóighiúil, cliste, léanntaagus ag maíomh as na héachtaí a bhí déanta acu. Bhí onóir agusmeas an-tábhachtach do laochra.

D’úsáid an chuid is mó de laochraCeilteacha sleánna agus miodóga ach b’fhearr leo claimhte fada le haghaidh slaiseáilte, a chaithsiad ag a dtaobh nó ar a ndroim. Fuair siad cosaint ag sciatha fadadéanta as leathar agus adhmad nó iarann. Chaith cuid acu máille na lúb.

Throid cuid de na laochra agus iad lom nocht le cur in iúl nachraibh eagla roimh ghortaithe nó eagla an bháis orthu.

Page 39: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

D’úsáid siad aol lena gcuid gruaige a dhéanamh ina spící.

Bhí adharca ar chuid de na clogaid Cheilteachale heagla a chur ar an namhaid.

Is féidir linn léargas a fháil ar na cineálacha éadaí a chaith na laochra Ceilteacha ó na fionnachtana óshuíomhanna ársa agus ó na hábhair a bhí ar fáil dóibh amhail airm, olann agus leathar.

Page 40: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CUIR ÉADAÍ AR AN LAOCHCuir a éide ar an laoch agus ansindathaigh é.

B'fhéidir gur mhaith leat cuid acu seoa chur isteach: sleá, claíomh, sciath,tatúnna le ruaim ghorm (goirmín),miodóg, crios scine, clogad, léine olla,bróga leathair, torc, clóca, ceangalclóca, dealg.

Page 41: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

Bhí AN T-AOS DÁNA nó an lucht ealaíne agus léinn faoi bhun na móruaisle. San áireamh sanaicme seo bhí daoine proifisiúnta ann a raibh scil ealaíne, óráidíocht agus eolas acu. Bhíreachtóirí, dochtúirí, ceoltóirí, filí agus fir chráifeacha, na draoithe, ina mbaill san aicme seo.

Ba mhór an meas a bhí ar cheardaithe agus ar shaoir oilte. Ní raibh sé de dhualgas orthu seirbhís mhíleata a thabhairt do na móruaisle. Ní dhearna siad obair sna goirt. Má bhí buannaacu, d’éirigh leo saibhreas agus sócúlacht a bhaint amach. Bhí an tsaoirse acu taisteal agus a gcuid earraí a dhíol do chlanna eile. Bhí meas ar ealaíontóirí agus tugadh spreagadh dóibh.

San áireamh le saoir oilte bhí gaibhne dubha (ag obair le hiarann), gaibhne cré-umha, saoir adhmaid, ceardaithe leathair agus criadóirí. Ba iad na cearaithe miotail na saoir is tábhachtaí.

SOCHAÍ NA GCEILTEACH Fuair muid an chuid is mó den fhianaise atá againn arshochaí na gCeilteach ó na finscéalta agus ó na miotaischáiliúla Cheilteacha, Cú Chulainn mar shampla.

Bhí na laochra agus na húinéirí talaimh mar chuid de na MÓRUAISLE,nó d’aicme na laochra. Ba í seo an aicme is airde a raibh rí, banríon nó taoiseach mar cheannaire uirthi. B'úinéirí talaimh iad na móruaisleagus ba leo talamh, tréada agus saibhreas go léir na treibhe nó naclainne, nó an chuid is mó díobh.

Nuair nach raibh na móruaisle ag cogaíocht chaith siad a gcuid ama i mbun gnó, ag imirt cluichí cláir, ag amharc ar ógánaigh ag imirtcluichí faoin aer, ag glacadh páirte i gcomórtais scile agus láidreachta, ag seilg agus ag féastú.

NA MÓRUAISLE

AN TAOS DÁNA, AN LUCHT EALAÍNEAGUS LÉINN

Ba CHOMÓNTAIGH iad formhór na gCeilteach, a bhí in aicme níos ísle náan tAos Dána nó an lucht ealaíne agus léinn. Bhí na comóntaigh saor ach ní raibh talamh ar bith acu. Bhí an chuid is mó díobh ina bhfeirmeoirí ad’fhás bairr agus a phóraigh ainmhithe.

NA COMÓNTAIGH

Page 42: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

MNÁ I SOCHAÍ NA GCEILTEACH

Aithnítear Danú mar an chéad ollmháthair ag Éirinn,an bandia ónar saolaíodh gach rud beo.

DANÚ

I sochaí na gCeilteach bhí cás na mban i bhfad níos fearr na mar a bhí sé sa chuid is mó de shochaithe na linne sin. Bhí cead ag mná gairm ar bith aleanúint, a fear céile féin a roghnú agus seilbh a bheith acu ar a réadmhaoinféin.

Ba mhná a bhí i mbun laochra a oiliúint, chuaigh siad i mbun catha agus bhí roinnt acu i gceannas ar airm. Ba léir, ón dóigh ar caitheadh le mná, an meas a bhí ag na luathCheiltigh ar an talamh agus ar ealaín na draíochtaagus ar ealaín na cruthaitheachta lena raibh baint ag mná, dar leo.

Page 43: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

I bhfinscéal Chú Chulainn; Táin Bó Cuailgne,bhí Méabh, banríon Chonnacht, i gceannas ar chaoga míle saighdiúir in éadan ChúigeUladh, a raibh an lámh in uachtar ag anlaoch iontach Cú Chulainn ar gach duine acu.

LAOCHRA BANRÍONA

Fuair Cú Chulainn oiliúint in ealaín an chomhraic ónbhanlaoch Scathach ar Oileán Sgitheanach. Tugadh‘an laoch is fearr ar an domhan’ ar Scathach.

BANLAOCHRA

Page 44: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CEACHT 6:‘SAOL AN CHEILTIGH’CUR I LÁTHAIR TFC

Page 45: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

‘SAOL AN CHEILTIGH’ A CHUR I LÁTHAIR

Is é an tasc atá agat nácur i láthair faoi shaol anCheiltigh a dhéanamh agustú ag úsáid bogearraíríomhaire amhail PowerPointnó Slideshow.

Caithfidh deich sleamhnán ar leith ar a laghad a bheith sa chur i láthair seo agat. Ba cheartgur sleamhnán teidil é an chéad sleamhnán a léiríonn ainm don chur i láthair agus d’ainm féin.

Ba cheart go mbeadh gné difriúil de na Ceiltigh san áireamh i ngach sleamhnán, mar shamplaéadaí na gCeilteach, laochra, srl...

Ba cheart go mbeadh pictiúr amháin ar a laghad ar gach sleamhnán leis an téacs a léiriú. Thiocfadh le mhúinteoir na pictiúir seo a chur ar fáil nó thiocfadh leat iad a íoslódáil ón idirlíonnó iad a tharraingt agus a scanadh ar an ríomhaire.

TREOIR DON CHUR I LÁTHAIR

GNÍOMHAÍOCHT TFC

Page 46: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

ÁBHAIR MHOLTA:Bunús na gCeilteachTeanga na gCeilteachFionnachtana SeandálaíochtaCoirp PhortaighÉadaíSeodraEalaínLonnaíochtaíTithe CruinneBiaSochaí na gCeilteachMná i Sochaí na gCeilteachAinmhithe CumhachtaLaochraCogaíocht na gCeilteachArmúr na gCeilteachCreideamhFéilteSealgairí na gCloigne

NÓ RUD AR BITH EILE A D’FHOGHLAIM TÚ!

LAOCH

SEODRA

CREIDEAMH

Page 47: CEACHT 1: CÉRBH IAD NA CEILTIGH? - Curriculum · agus na Fraince an lae inniu agus a fhad leis an Tuirc. Bhain siad an Bhreatain agus Éire amach timpeall 500RCh agus taobh istigh

CUR I LÁTHAIR ILMHEÁNACH A DHÉANAMHOSCAIL NA BOGEARRAÍOscail bogearraí cur i láthair, m.sh. PowerPoint nó Slideshow.

SLEAMHNÁN TEIDIL A OSCAILTCuir téacs isteach ar an sleamhnán seo. Ba chóir go mbeidh anteideal atá ar an chur i láthair agus ainm an dalta istigh ann. Formáidigh méid an téacs, an cló agus an dath.

ATHRAIGH DATH AN CHÚLRARoghnaigh dath an chúlra do na sleamhnáin.

SLEAMHNÁIN NA DTOPAICÍCuir sleamhnán nua isteach agus cuir téacs an chéad topaic isteach. Formáidigh méid an téacs, an cló agus an dath. Cuir na pictiúir isteach leis an topaic seo a léiriú. Athraigh méid na bpictiúragus cuir in áiteanna difriúla iad. Lean ar aghaidh ag cur sleamhnáin nua isteach go dtí go mbeidhgach topaic clúdaithe.

UAINIÚ, TRASDULTA SLEAMHNÁN AGUS BEOCHANLe húsáid PowerPoint beidh tú ábalta uainiú na sleamhnán nó an fad ama a mbeidh sleamhnán le feiceáil ar an scáileán a shocrú, trasdulta sleamhnán nó an dóigh a ndéanfar sleamhnán amháin a chumasc isteach sa chéad sleamhnán eile a shocrú agus beochan a shocrú a athróidh an chuma a bheidh ar théacs agus ar íomhánna ar an scáileán.

AN CUR I LÁTHAIR A PHROFÁILSeiceáil an téacs uilig sa chur i láthair maidir le litriú, poncaíocht agus gramadach.

AMHARC AR AN TAISPEÁNTAS SLEAMHNÁNAmharc ar an taispeántas sleamhnán lena thástáil.

AN CUR I LÁTHAIR A SHÁBHÁILFoilsigh an leagan deiridh den chur i láthair agus amharc ar na taispeántais sleamhnán comhlánaithe.