182
Dáileadh, éagsúlacht agus athrú Daonra

Daonra - Tíreolas Sóisialta

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dáileadh, éagsúlacht agus athrú

Daonra

Page 2: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Daonra/population – cad is brí leis?

Déan tobsmaointeoireacht (brainstorm)

Daonra: An líon daoine a

chónaíonn i gceantar faoi leith.

Page 3: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Eocharfhocail

• Dáileadh (distribution): An pátrún de na háiteanna a

chónaíonn daoine.

• Éagsúlacht (diversity): Réimse leathan daonraí.

• Athrú (change): An méadú agus laghdú a thagann ar

an daonra.

Page 4: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Fás daonra• Tá méadú tagtha ar dhaonra an Domhain thar

na blianta, ag ráta míchothrom agus luaineach.

• Féach anseo chun daonra an domhain faoi láthair a fheiceáil (beo – live).

Page 5: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Fás daonra• Tagann méadú nádúrtha ar an daonra má

bhíonn na rátaí breithe níos mó ná na rátaí báis.

• Tagann laghdú nádúrtha ar an daonra má bhíonn na rátaí báis níos mó ná na rátaí breithe.

Page 6: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Daonra an domhain

Na

billi

úin

daoi

ne

Page 7: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Daonra suas go dtí 1750

• Suas go dtí an bliain 1750 bhí a lán daoine ag fáil bás de bharr: galar, gorta, agus cogadh.

• Bhí an daonra luaineach (athraitheach).

Page 8: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Daonra 1750 - 1900• Thosaigh an daonra ag fás san Eoraip mar

gheall ar feabhas ar soláthar bia.

• Bhí an réabhlóid talamhaíochta agus an réabhlóid tionsclaíochta sa tréimhse seo.

Page 9: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Daonra 1900 - 2012

• Mar gheall ar feabhas a tháinig ar chúrsaí sláinte i rith an tréimhse seo tharla tobmhéadú daonra – ardú tobann tapa sa daonra.

• Ní raibh leanaí óga ag fáil báis agus bhí daoine ag maireachtáil go dtí an seanaois.

Page 10: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Sainmhínithe:• Luaineach: Nuair a athraíonn rudaí go minic. m.sh:

ardú agus titim daonra

• Tobmhéadú daonra: Méadú tobann tapa a thagann ar an daonra i gceantar faoi leith.

Page 11: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Cúiseanna le tobmhéadú daonra• An Réabhlóid Talmhaíochta – sólathar bia

feabhsaithe, níos lú gortaí.

• An Réabhlóid Thionsclaíoch – Meaisíní níos fearr don fheirmeoireacht. Modhanna feirmeoireachta níos fearr ann. Feabhas tagtha ar an gcaighdéan sláinte agus leighis.

Page 12: Daonra - Tíreolas Sóisialta

• Ardaíonn daonra go tapa sna réigiúin i mbéal forbartha - na réigiúin atá níos boichte

(An Ind – Calcutta, An tSín – Hong Cong)• Ardaíonn an daonra ag ráta níos moille sna

réigiúin atá forbartha cheana – na réigiúin níos saibhre.

(Meiriceá Thuaidh, An Áise, Éire).

Page 13: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Sainmhínithe:

• Ráta Báis: An líon daoine a fhaigheann bás in aghaidh gach 1,000 duine sa tír in aon bhliain amháin.

• Ráta breithe: An líon leanaí a bheirtear in aghaidh gach 1,000 duine sa tír in aon bhliain amháin.

Page 14: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Fás Daonra• Inniu, beirtear thar ar 77 milliún daoine gach bhliain. Níl

ach 53 milliún daoine ag fáil bás gach bhliain. Mar sin tá daonra an domhain ag fás.

• Tá daonra i dtíortha ar nós an Afraic agus an Áise ag méadú go gasta, cé go bhfuil daonra na hEorpa, daonra Mheiriceá agus daonra an tSeapáin ag méadú go mall.

• Tá an daonra ag ísliú i roinnt tíortha, cosúil leis an Ghearmáin.

Page 15: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Rátaí Breithe agus Rátaí BáisTír Ráta breithe Ráta báis

An Bhrasaíl 14.46 6.58

Éire 16.1 6.34

An Ghearmáin 8.8 10.7

An Ind 19.3 7.3

Page 16: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Tarlaíonn an chuid ba mhó den ardú daonra ar fud an domhain sna háiteanna ba bhoichte i.e. i nDeisceart an domhain

Page 17: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 18: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Fás Daonra

Page 19: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Timthriall an Daonra

• Téann daonra gach tír trí timthriall an daonra.

• Tá 5 céimeanna i dtimthriall an daonra.

• Gluaiseann tíortha trí na céimeanna difriúla den timthriall mar thoradh ar a bhforbairt sóisialta agus eacnamaíochta.

Page 20: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Na céimeanna a bhaineann le timthriall an daonra

• Céim 1: Ráta breithe ard, ráta báis ard. Ardú daonra íseal de bharr galair, gorta agus tubaistí nádúrtha (natural disasters).

• Céim 2: Feabhsaíonn an eacnamaíocht. Caithtear an t-airgead ar shláinte agus uisce ghlan. Fanann an ráta breitha ard, íslíonn an ráta báis. Ardaíonn an daonra.

• Céim 3: Leanann forbairt sóisialta agus eacnamaíochta ar aghaidh. Bíonn níos lú leanaí á bheireadh de bharr go mhaireann an chuid is mó páistí go seanaois.

• Céim 4: Tá an tír anois saibhir. Tá cáil níos mó ar phleanáil teaghlaigh. Rátaí breithe agus rátaí báis ísle. Fás daonra íseal.

• Céim 5: Ba bheag páistí a bhíonn ag daoine. Tá na rátaí báis níos mó ná na rátaí breithe. Tosaíonn an daonra ag ísliú.

Page 21: Daonra - Tíreolas Sóisialta

TIMTHRIALL AN DAONRA

Page 22: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An Trasdul Déimeagrafach

Page 23: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Méadú nádúrtha a ríomh

• Tarlaíonn méadú nádúrtha nuair a bhíonn na rátaí breithe níos mó ná na rátaí báis.

• Mar shampla: I dtír a mbíonn céim 2 bainte amach aici (rátaí breithe ard, rátaí báis níos ísle), d’fhéadfadh an ráta breithe a bheith ag 40 agus an ráta báis a bheith ag 15.

• Méadú = 40 – 15 = 25 in aghaidh gach 1,000• Méadú nádúrtha = sa bhliain

Page 24: Daonra - Tíreolas Sóisialta

1) Sólathar bia

Fachtóirí le tionchar

acu ar fás daonra

2) Teicneolaíocht feabhsaithe

3) Sláinte 4) Cogadh

5) Stádás na mBan 6) Oideachas

Page 25: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Na fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar fás daonra• Sóláthar bia

Ag brath ar an gcaighdéan sóláthrú bia atá ann, is ea is mó seans go bhforbróidh an tír. Bíonn daoine sláintiúil nuair atá a dhóthain bia acu.

• Teicneolaíocht feabhsaitheD’fheabhsaigh feirmeoireacht le blianta anuas de bharr teicneolaíocht feabhsaithe (Réabh. Tal) , úsáidí leasacháin, agus cleachtadh uisciúcháin. Mhéadaigh sé seo an sóláthar bia ionas go mbeadh an daonra in ann fás.

• SláinteTá an t-uisce níos gloine agus mar thoradh ar sin laghdaítear an baol go scaipfí galair cosúil le calar agus tíophóideach. Feabhsaíodh na vacsaín, rud a chiallaíonn go bhfeabhsaíodh sláinte na ndaoine.

Page 26: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Na fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar fás daonra• Cogadh

Maraíodh na miliúin daoine i gcogaí thar na blianta. I mbéal cogadh milltear acmhainní talmhaíochta, uisce agus na seirbhísí sláinte, rud a chúisíonn níos mó rátaí báis.

• Stádás na mBanI dtíortha saibhir tá stádás ard ag mná. Bíonn caighdeán oideachas maith acu agus roghnaíonn roinnt acu gairm a bheith acu in ionad fanacht sa bhaile. Bíonn níos lú páistí acu. I dtíortha níos boichte fanann mná sa bhaile agus bíonn na teaghlaigh níos mó.

• OideachasTugann oideachas an ábáltacht do dhaoine smacht a choinneáil ar a saol, mná ach go háirithe. Pleanálann mná le hoideachas an teaghlach go héifeachtach. Foghlamaíonn siad faoi aistí bia maithe, cúram sláinte agus cleachtais sláinteachas. Laghdaíonn sé seo an baol galair agus tugann sé deis do pháistí fás aníos.

Page 27: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pirimidí Daonra

Page 28: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Céard is pirimid daonra ann?

• Taispeánann gach grupáil daonra stuchtúir tréitheach–mar shampla: gnéas / aois na ndaoine.

• Is áiseanna maithe iad pirimidí daonra chun staidéar a dhéanamh ar an struchtúr daonra a bhíonn i dtír.

Page 29: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Cén eolas a thugann pirimidí daonra dúinn?

• Ní bhíonn orainn ach breathnú ar an bpirimid daonra agus bíonn a fhios againn:–Daonra óg–Sean daonra

• Is féidir linn méid céatadán de sheandaoine os cionn 65 bliaina agus an céatadán de leanaí atá 14 bl nó níos óige a ríomh. –Tugtar an daonra ag brath ar na grúpaí seo.

Page 30: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 31: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pirimid daonra na Brasaíle

Page 32: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pirimid daonra na Brasaíle

• Tá bun leathan ag an bpirimid mar gheall go bhfuil ráta breithe ard sa Bhrasaíl.

• Bíonn níos lú leanaí ag máithreacha sa Bhrasaíl sa lá atá inniu ann ná mar a bhíodh ag máithreacha roimhe seo. Is é seo a fáth go bhfuil níos lú leanaí óga ná déagóirí.

• Tá barr caoil ag an bpirimid mar gheall go bhfuil ionchas saoil íseal sa Bhrasaíl.

• Ionchas saoil: 72 bliain

Page 33: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pirimid Daonra na hÉireann

Page 34: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pirimid Daonra na hÉireann• Tá céatadán ard de dhaoine idir 15 agus 29 mar:

– Bhí níos mó leanaí ag gach máthair in Éirinn 20 bliain ó shin. – Bhí daoine óga ag teacht ar imirce ó tíortha in oirthear a hEorpa.

• Is léir go bhfuil ráta breithe ag titim in Éirinn. Cúiseanna: pleanáil clainne, máithreacha ag obair.

• Tá céatadán ard de sheandaoine. – Ionchas saoil ard in Éirinn. – Córas sláinte níos fearr againn in Éirinn.

• Ionchas saoil: 80

Page 35: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pirimid Daonra na Gearmáine

Page 36: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pirimid Daonra na Gearmáine

• Pleanáil clainne ar bun sa Ghearmáin ar feadh tamaill fhada.

• Níl mórán leanaí ag máithreacha (1.4)

• Tá céatadán de sheandaoine ard.• Maireann mná níos faide ná fir.

Page 37: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Comparáid idir dhá thírAn Bhrasaíl An Ghearmáin

Page 38: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Cé a dhéanann staidéar ar Phirimidí Daonra?

• Is iad na daoine a bhíonn ag pleanáil do riachtanais an daonra amach anseo a bhaineann úsáid astu – an Rialtas.

–Pleanáil le haghaidh daoine óga

–Pleanáil le haghaidh seandaoine

Page 39: Daonra - Tíreolas Sóisialta

• Pleanáil le haghaidh daoine óga:–Má tá daonra óg ann beidh an rialtas ábalta pleanáil cé

mhéad scoileanna agus muinteoirí agus áiseanna eile do daoine óga a mbeidh ag teastáil.

• Pleanáil le haghaidh seandaoine:–Má tá sean daonra ann beidh an rialtas ábalta pleanáil cé

mhéad airgead a mbeidh ag teastáil chun pinsin a íoc agus áiseanna eile a chur ar fáil, cosúil le hiompar agus sláinte.

Page 40: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Daonra ag éirí níos sine• As na trí thír, is sa Ghearmáin atá an céatadán is airde de

sheandhaoine.

• Impleachtaí don gheilleagar:– Caitheann seandaoine níos lú airgid– Níos nó curaim leighis ag teastáil– Costas pinsin do sheandaoine

• Tá daonra na hÉireann agus na Gearmáine ag éirí níos sine.

Page 41: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dáileadh an Daonra (Population Distribution)

Píchairt An Áise

An Eoraip (An Rúis Eorpach san áireamh)

An Afraic

Meiriceá Laidineach

SAM agus Ceanada

Oceania(An Astráil agus an Nua-Shéalainn san áireamh)

Page 42: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An Áise

60%

Page 43: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An Eoraip

13%

Page 44: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An Afraic

13%

Page 45: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Meiriceá Laidineach (Meiriceá Theas + Meicsiceó)

8.5%

Page 46: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Meiriceá Thuaidh + Ceanada

5%

Page 47: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Oceania0.5%

Page 48: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dáileadh agus dlús an daonra

• Dáileadh Daonra: An chaoi a mbíonn na daoine ar an domhain scaipthe – go míchothrom.

• Dlús Daonra: An meánmhéid daoine a chónaíonn i gciliméadar cearnach.

Page 49: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dáileadh an daonra sa domhan seo

Dlús daonra na hÉireann

Page 50: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dlús Daonra

Page 51: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dlús Daonra – Cásanna staidéirArd/Íseal Áit

Dlús Íseal Daonra

1. Iarthar na hÉireann

2. Mailí

Dlús Ard Daonra

1. Calcutta

2. Hong Kong

Page 52: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dlúis Ísle Daonra 1

Iarthar na hÉireann

Page 53: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dlúis Ísle Daonra• Is beag daoine a chónaíonn in aiteanna le dlús daonra íseal.• In Éirinn is réigiúin iargúlta tuaithe nó oileáin a bhíonn i gceist, de ghnáth.• Tarlaíonn laghdú daonra sna háiteanna seo de bharr an imirce amach a

dhéanann daoine. • Téann daoine óga go dtí cathracha móra cosúil le Baile Átha Cliath, Corcaigh

agus Gaillimh le dul ag obair nó le dul chuig an ollscoil. • Cruthaíonn sé seo go leor fadbhanna;

– Rátaí ísle pósta – Is beag daoine óga atá fágtha le clann a thosú.

– Talamh talmhaíochta a thréigean – Ní theastaíonn ó dhaoine óga obair ar an bhfeirm.

– Leithlisiú polataíochta agus eacnamaíochta – Ní mórán seans go lonnóidh comhlachtaí

ann mar nach bhfuil mórán oibritheoirí nó custaimeirí.

Page 54: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Rátaí ísle pósta i gceantair iargúlta• Roimh na 1930í dhéanaidís cleamhnas ar fheirmeacha – ba é sin go roghnódh

tuismitheoirí bean chéile don mhac is sine. Ní raibh baint ar bith ag grá leis.• De réir a chéile cuireadh stop le cleamhnas de bharr go ndeachaigh na mná ar

aghaidh chuig ollscoileanna agus fuair siad gairm mhaith. D’fhág siad na ceantair iargúlta dá bharr.

• D’fhanadh an mac ba shine abhaile mar sin ag tabhairt aire dá siblíní.• Ní tharlaíonn an rud céanna sa lá atá inniu ann, áfach. Ó na 1960í ar aghaidh,

chuir an rialtas oideachas dara leibhéal ar fáil do gach duine.• Tháinig laghdú mór ar fhir singil sa tír dá bharr. Chomh maith leis sin, tá daoine

ábalta taisteal mar go bhfuil carranna acu – is féidir le daoine óga pairtnéar a fháil taobh amuigh den Iarthar.

Page 55: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Iarthar na hÉireannRátaí breithe tuaithe in Iarthar na hÉireann

Teach feirme tréigthe in Iarthar na hÉireann

Page 56: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Talamh talmhaíochta á thréigean

• Tá na feirmeacha san Iarthar an-bheag agus ní féidir maireachtáil ar ioncam na bhfeirmeacha sin amháin.

• Tá páistí na bhfeirmeoirí ag dul ar aghaidh le hoideachas tríú leibhéal, tá deiseanna eacnamaíochta ar fáil sna tionscail déantúsaíochta agus sna tionscail seirbhíse in ionaid uirbeacha, cosúil le Leitir Ceanainn, Sligeach agus Inis.

• Tugann sé seo deis do dhaoine óga obair i ngairmeacha eile seachas feirmeoireacht.

• Ciallaíonn sé seo nach mbíonn an méid chéanna daoine ag obair ar feirmeacha sa lá atá inniu ann mar gur thréig na daoine óga iad.

Page 57: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Talamh tréigthe in Iarthar na hÉireann

Page 58: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Leithlisiú eacnamaíochta agus polataíochta

• Leithlisiú = isolation• Níl aon cheangal idir BÁC agus

an Iarthar maidir le hiarnróid. • Níl an méid chéanna TD’s in

Iarthar na hÉireann – níl an tionchar céanna aige.

• Tá cúrsaí níos fearr san Oirthear ná san Iarthar:• 2008: Ní raibh aon

mótarbhealaigh san Iarthar ná aon leathanbhanda (broadband) don ghnó.

• Ní lonnaíonn mórán comhlachtaí ar imeall an Iarthair mar gheall go bhfuil siad ar imeall na hÉireann agus mar sin ar imeall na hEorpa.

-> Tá siad i bhfad ó na margaí náisiúnta agus ó na margaí eachtrach.

Page 59: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Ceist

a) Ainmnigh TRÍ FHADBHANNA a chuireann leis an dlús íseal daonra in Iarthar na hÉireann.

b) Mínigh conas a chuir DHÁ CHEANN de na nithe a d’ainmnigh tú thuas leis an dlús daonra íseal in Iarthar na hÉireann.

Page 60: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dlúis Ísle Daonra 2

Mailí, in Iarthar na hAfraice

Page 61: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dlúis Ísle Daonra - Mailí• Tá Mailí mar cheann de na tíortha ba bhoichte ar domhan. Tá go

leor grúpaí cultúir éagsúla i Mailí.• Ní thiteann mórán báisteach ann – bíonn triomaigh ann go minic.

Cuireann sé seo le bás na n-ainmhithe teipeadh ar bharraí.• Is páirt de Ghainneamhlach an tSaiheil é Deisceart Mailí, agus tá

sé ag méadú gach bliain - Fairsingiú Fásaigh (desertification).• Is páirt de Ghainneamhlach an tSahára é Tuaisceart Mailí. • Tá an daonra íseal go forleathan i Mailí. Dá bhrí sin, sa tír bhocht

seo, is deacair scoileanna agus ionaid sláinte a bhunú agus bóithre ar ard-chaighdeán a thógáil do dhaoine.

Page 62: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Fadbhanna i Mailí

1. Triomaigh (droughts)2. Fairsingiú Fásaigh (desertification)3. Leithlisiú polataíochta agus eacnamaíochta (political and

economic isolation)

An bhfuil samplaí ar bith eile ar eolas agaibh de leithlisiú sa lá atá inniu ann?

Page 63: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An Chóiré Thuaidh

Page 64: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Mailí – Na figiúirí i 2016Achar 1,240,192 km2

Daonra 14,517,176

Dlús an daonra 11.7 duine/km2

Ráta athraithe an daonra 3%

Page 65: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Tír i mbéal forbartha

Page 66: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 67: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Obair bhaile

• Tarraing léarscáil de Mhailí isteach sa cóipleabhar agus cuir isteach na nithe seo a leanas:– Abhainn na Nígire– An chathair Timbuktu– An chathair Bamako– An líne a scarann an áit a bhfuil an tSaiheil (Deisceart) agus an áit a

bhfuil an tSahára (Tuaisceart).

Page 68: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An bhfuair tú rud cosúil le seo….

Timbuktu

Abhainn na Nígire

Bamako

Deisceart-Saiheil

An Tuaisceart-Sahára

Page 69: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Tuaisceart Mailí & Deisceart Mailí

An Deisceart (clúdaithe ag an tSaiheil)• Cónaíonn an chuid ba mhó daoine sa

Deisceart mar gheall go dtiteann níos mó báisteach ann. Bíonn eallaigh acu.

• Cónaíonn na feirmeoirí in aice le hAbhainn na Nígire, áit a bhfástar bia le cúnamh ó na canálacha uisciúcháin. Fásann siad cadáis chomh maith.

An Tuaisceart (clúdaithe ag an tSahára)• Cónaíonn tréadaí fáiníochta

(wandering pastors) sa gainneamhlach agus sa leathghainneamhlach sa Tuaisceart.

• Bíonn go leor ainmhithe acu; camaill, asail, caoirigh agus gabhair.

Page 70: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Uisciú – irrigation

Cuirtear méid áirithe uisce ar bharraí go rialta chun cúnamh a thabhairt dó fás.

Uisciú uathoibríoch

Uisciú de láimhe

Page 71: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Deisceart Mailí .vs. Tuaisceart Mailí

Page 72: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Triomach i Mailí• Bíonn triomach i Mailí go minic agus ní fhágann na hainmhithe

aon cheann de na toim, a bhíonn ar an ngannchuid.• Bíonn admhad ar an ngannchuid ann freisin ach gearrann

daoine an méid a bhíonn ar fáil le haghaidh na tine.• Mar thoradh ar an méid sin ar fad, tarlaíonn fairsingiú fásaigh

sa tSaiheil.• Caithfidh na tréadaithe a dtalamh talmhaíochta a thréigean

nuair a bhfaigheann na hainmhithe bás agus dul ó Dheas. Cuireann sé seo as do na teaghlaigh.

Page 73: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Fairsingiú Fásaigh (desertifaction)Gainneamhlaigh nua a dheánamh de thalamh féaraigh. Tarlaíonn sé nuair a thagann athrú ar thalamh toirthiúil agus go n-athraíonn sé go gainneamhlach.

Page 74: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dul siar ar fhairsingiú fásaigh = lch 111 sa leabhar

Page 75: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Triomach (drought)

Page 76: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Leithlisiú polataíochta agus eacnamaíochta

• Níl na bóithre/na hiarnróid a nascann Mailí leis na stáit mórthimpeall orthu ar caighdeán maith – tá trádáil eachtrach an-íseal ann.

• Ní bhíonn aon suim ag an gcuid eile den domhan i Mailí mar nach bhfuil mórán acmhainní acu (ola nó gás).

• Tá níos mó postanna i nDeisceart Mailí de bharr na mianraí óir, rud a chiallaíonn go mbíonn níos mó easportáil á dhéanamh.

Page 77: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Réiteach ar an leithlisiú

• Rinne rialtas Mailí iarracht an leithlisiú a laghdú ar na bealaí seo a leanas:1. Chun an trádáil eachtrach a mhéadú, chuaigh siad isteach san

Eagraíocht Dhomhanda Trádála (World Trading Organistation/WTO).

2. Chuaigh siad isteach san Aontas Afraiceach (comhantas idir stáit). Cabhraíonn sé seo chun leithisliú náisiúnta a sheachaint.

3. Bhunaigh rialtas Mailí caidreamh mhaith idir iad féin agus SAM (Stáit Aontaithe Mheiriceá).

Page 78: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pobal Fáin (Nomadic people) i Mailí

Page 79: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Fíricí• Ionchas saoil – 42 bliain• Básmhaireacht naíonán – 120 in aghaidh an 1000 (Éire = 6)• % den daonra le huisce ghlan – 65%• Litearthacht d’aosaigh – Fir = 49%

Mná = 34%

Page 80: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dlúis Arda Daonra 1

Kolkata (Calcutta), san Ind

Page 81: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dlús Ard Daonra - Kolkata

• Cathar is ea Calcúta san Ind.

• Tá sé ar ceann de na cathair is mó.

• Cónaíonn breis is 13 mhilliún daoine ann.

Page 82: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Fadbhanna i gCalcúta

1. Róphlódú (overcrowding)2. Truailliú (pollution)3. Easpa spás oscailte (lack of

open space)4. Easpa uisce ghlan (lack of

clean water)

Page 83: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Calcutta i bhfigiúiríDaonra 4,496,694

Dlús an daonra 24,000/km2

Ionchas saoil 63

Daonra uirbeach 29%

Ráta torthúlachta 3 pháiste/bean

Page 84: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Overcrowding

Róphlódú i gCalcúta

Page 85: Daonra - Tíreolas Sóisialta

• Téann daoine ar imirce chuige -> dlús ard daonra (24,000/km2) mar gheall ar díshealbhú (eviction), gorta (famine), tuillte (floods), foréigean (violence) agus bochtanas (poverty).

• Cónaíonn trí ghlúin de chlann amháin i dteach beag amháin ach má bhíonn aimsir mhaith ann, codlaíonn daoine ar na sráideanna agus ar dhíon na tithe.

• Cónaíonn na daoine ba bhoichte i mBailte Seantán (Shanty Towns). Bíonn siad seo déanta as plaisteach, seanadhmad, miotal agus boscaí cairtchláir.

• Bíonn na botháin in aice le stáisiúin traenach agus i spásanna oscailte ar imeall na cathrach.

• Conaíonn roinnt teaghlaigh ar thaobhanna an bhóthair chomh maith, agus bíonn baol sláinte i gceist anseo mar gheall ar thruailliú ó bhruscar agus much (fumes).

• Chomh maith le dídeánaithe, bhí tionchar ag an ráta breithe ard i gCalcúta ar an méadú tapa sa daonra.

Page 86: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Róphlódú

(overcrowding)

Page 87: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Truailliú

Daoine sa chathair – bhí orthu dul i dtaithí le;- Boladh ó bhruscar- Deatach ó na stallaí cócaireachta - Tuillte sna sráideanna mar gheall ar bháisteach

monsúin.- Fadbhanna eile cosúil le truailliú tráchta agus

truailliú aeir ar na sráideanna.

Page 88: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Easpa spás oscailte

• Mar gheall ar an dlús ard daonra i gCalcúta, ní bhíonn a dhóthain spás oscailte sna háiteanna poiblí, m.sh an páirc ar bhruacha Abhainn an Hooghly.

• Bíonn páistí ag súgradh ar na sráideanna, uaireanta ar na hiarnróid.

• Is ar thaobhanna na sráideanna atá saol na cathrach lonnaithe den chuid is mó. Codlaíonn na mílte daoine orthu – déanann ceardaithe a ngnó anseo chomh maith, m.sh stallaí bia.

Page 89: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Easpa spás oscailte sna hionaid poiblí i gCalcúta

Page 90: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Easpa uisce ghlan• Is dúshlán é uisce a chur ar fáil do dhaonra atá chomh

mór.• Bíonn sconnaí ar fáil do thithe meánaicmeacha agus

d’óstáin.• Úsáideann daoine le dóthan airgead scagairí uisce leictreonach.• Don ísealaicme, bíonn orthu uisce a ól ó sconna poiblí ar an tsráid.

Baillíonn siad méid áirithe uisce don lae i ngabhdán uisce.• Bíonn ionaid níocháin poiblí ar na sráideanna chomh maith chun

gur féidir le daoine iad fein agus a n-éadach a ghlanadh.• Tagann an t-uisce ó Abhainn an Hooghly.

Page 91: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 92: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Bailte Seantán (Shanty Towns)

Page 93: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 94: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Na daoine i gCalcúta• Tá lucht Kolkata an-bhródúil as a gcathair agus an chaoi a nglacann

siad le cultúir éagsúla.• Ní thaitníonn an íomhá den bhochtanas atá acu – ní cheapann siad

go bhfuil sé tuilte acu.• Tá iarnróid acu ar caighdeán maith, idirlíon le fáil go forleathan, tá

na daoine cairdiúil, gealgháireach agus dícheallach (hard-working).• Déanann tuismitheoirí an-iarracht a bpáistí a chur go scoil. Ceapann

siad gur bealach é chun an bhochtanas a éalú.

Page 95: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Dlúis Arda Daonra 2

Hong Kong

Page 96: Daonra - Tíreolas Sóisialta

• Tá thart ar 7 milliún daoine ina gcónaí i Hong Kong. Ach níl an méid chéanna bochtanais ann is atá i gCalcúta.

• Tá dhá cheantar an-phlódaithe in Hong Cong, is iad sin; Kowloon agus Victoria.

• Is tír shaibhir í i gcomparáid le Calcutta.

Page 97: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 98: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Hong Kong

1. Na hÁrasáin Ardstóracha2. An Sóláthar Uisce i Hong Kong3. Truailliú4. Easpa Spás Oscailte

Page 99: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Hong Kong i bhfigiúiríDaonra 7.3 milliún

Dlús an daonra 6,544/km2

Ionchas saoil 83

Daonra uirbeach 53%

Ráta torthúlachta 1.28 páiste/bean (2012)

Page 100: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Na hÁrasáin Ardstóracha (róphlódú)

• Méadú an daonra = 0.5% in aghaidh na bliana.• Tá cónaí ar an gcuid is mó den daonra i mbloic árasáin

ardstóracha. Cónaíonn na céadta teaghlach i mbloc amháin.• Ní bheireann gach máthair ach leanbh amháin, agus dá

thoradh, is dhá seomra bheag a bhíonn sna hárasáin.• I lár na cathrach, codlaíonn na mílte seanduine, gan an chlann,

i suanliosanna (dormitories) plódaithe i leapacha buinc agus d’fhéadfadh trí leaba a bheith os cionn a chéile.

Page 101: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Árasáin ardstóracha in Hong Kong

Page 102: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Sóláthar uisce

• Cuirtear uisce sábháilte ar fáil don 7.3 milliún daoine ar na bealaí seo a leanas:– Plover Cove: Tógadh damba ar an gcósta chun fionnuisce ó

shrutháin a stórail, agus is taiscumar mór fionnuisce é anois.– Uisce ón tSín: D’aontaigh an tSín uisce a shóláthar ón abhainn in

aice leo. Úsaidtear Córas Coireáil Uisce nua-aimseartha – tá an t-uisce an-ghlan.

– Píopaí: Tá píopaí ag dul chuig na leithris mar is sáile a úsáidtear lena n-aghaidh. Is é seo 15% den méid uisce a úsáidtear.

Page 103: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An Dongjiang

• Tagann thart ar 75% de shóláthar uisce Hong Kong ón Dongjiang.

Page 104: Daonra - Tíreolas Sóisialta

TRUAILLIÚ (POLLUTION)• Tarlaíonn go leor gníomhaíochtaí eacnamaíochta príomhúla i Hong

Kong. Tá an chathair lán de monarchanna agus de cheardlanna.• Tá truailliú aeir i gceist mar gheall ar stáisiúin chumhachta, ar

thrácht farraige sa bhá, ar thrácht sa chathair agus monarchanna ó ceantair tionsclaíochtaí mórthimpeall na Síne.

• Cuireann an toitcheo (smog) isteach ar an fheiceáil sa chalafort (harbour) agus ar shláinte na ndaoine.

• D’fhéadfadh na hastuithe (emmissions) tráchta, chomh maith leis an teas a bhíonn ann sa Samhraidh, cur isteach go mór ar dhaoine a a bhíonn ina gcónaí in aice leis na sráideanna.

Page 105: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Truailliú (cont.)• Tá go leor de na tránna agus bánna atá thart ar Hong Kong truaillithe go

hollmhór mar gheall ar an mbruscar tionsclaíochta.• Bíonn alga ar roinnt de na tránna, ar a dtugtar blas aigh (taoide dearg).

Tá na halgaí seo dáinséarach do dhaoine a bheadh ar an trá nó amuigh ag snámh.

Page 106: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Easpa spás oscailte in Hong Kong• Ní lonraíonn an ghrian ar na sráideanna mar gheall ar airde na

bhfoirgneamh. • I gceantar an bhá, tá ceantair nua thionsclaíocha tógtha ann ar thalamh

atá tógtha ar ais ón bhfarraige.• An t-aon áit a bhféadfaí an t-aerfort nua a lonnú ná ar oileán a tógadh sa

bhá, agus iompraítear na paisinéirí as seo chuig an gcathair ar bháda tapa farantóireachta.

• Ní féidir foirgnimh a thógail ar cnoic taobh amuigh den chathair (tá siad ró-ard agus róghéar).

• Tá cosáin siúlóidí ag dul tríd na foraoisí sna ceantair seo agus is áiteanna iad a mbíonn daoine ábalta dul chun éalú ó máine an chathair.

Page 107: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 108: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 109: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Kolkata

Ceist scrúdaithe

Page 110: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Athruithe i ndáileadh an daonra

• Dáileadh an daonra: An chaoi a mbíonn daoine scaipthe in áit faoi leith.

• Athraíonn dáileadh an daonra go minic. Seo a leanas roinnt nithe is cúis leis sin:

1. Cúinsí Sóisialta agus Cúinsí Stairiúla2. Cúinsí a bhaineann le hAcmhainní agus Tír-raon

Page 111: Daonra - Tíreolas Sóisialta

• Iarthar na hÉireann

• An Bhrasaíl

Athrú i ndáileadh an daonra de bharr cúinsí sóisialta agus cúinsí stairiúla

Réigiún Bhaile Átha Cliath

An tSualainn

Athrú i ndáileadh an daonra de bharr cúinsí a bhaineann le hacmhainní agus tír-raon

Athruithe i ndáileadh an daonra

Cásanna Staidéir

Page 112: Daonra - Tíreolas Sóisialta

1. CÚINSÍ SÓISIALTA AGUS CÚINSÍ STAIRIÚLA: IARTHAR NA HÉIREANN

Page 113: Daonra - Tíreolas Sóisialta

1. Cúinsí Sóisialta agus Cúinsí Stairiúla: Iarthar na hÉireann

• Tháinig athrú mór ar dáileadh an daonra in Iarthar na hÉireann sa dá aois atá caite.

Fás daonra roimh an nGorta Mór

• Tar éis 1800, d’fhás daonra Iarthar na hÉireann go mear mar gheall ar: 1. Pósadh go hóg agus teaghlaigh mhóra.2. Foroinnt na bhfeirmeacha ina gcuideanna bheaga.3. Daoine ag brath ar phrátaí mar chothú.

Page 114: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Torthaí an Ghorta Mhóir in Éirinn

• Chuir an gorta ó 1845-1850 stop le fás daonra in Éirinn de bharr go bhfuair ¼ den daonra bás (ocras agus fiabhras) agus go ndeachaigh ¼ ar imirce (go Meiriceá).

• Cuireadh stop le foroinnt na bhfeirmeacha agus fágadh an feirm chuig an mac ba shine.

• Bhí daonra na hÉireann ag ísliú ó na 1840í go dtí na 1960í mar gheall go ndeachaigh an méid sin daoine ar imirce.

Page 115: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Fás daonra in Éirinn le déanaí• Tar éis na 1960í thosaigh daonra na hÉireann ag fás.• Spreag an rialtas (faoi stiúir Sheáin Lemass) corpráidí

idirnáisiúnta in Éirinn agus chuamar isteach san AE in 1973 a chuidigh le poist a chruthú in Éirinn.

• Chomh maith leis sin, cruthaíodh go leor poist in Iarthar na hÉireann de thoradh bunú an Tíogair Cheilteach - i nGaillimh ach go háirithe.

• Ach…• Bhí daoine fós ag dul ar imirce = POSTANNA!

Page 116: Daonra - Tíreolas Sóisialta

2. CÚINSÍ SÓISIALTA AGUS CÚINSÍ STAIRIÚLA: AN BHRASAÍL

Page 117: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Daonra na Brasaíle

An daonra i 2016 209 milliún

Dlús an daonra 25 sa km2 (Poblacht na hÉireann = 68)

Page 118: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Na chéad lonnaitheoirí sa Bhrasaíl• Tháinig na chéad lonnaitheoirí ón Áise agus chuaigh siad síos

tríd ilchríocha Mheiriceá.• Daonra an Bhrasaíl roimh aimsiú Meiriceá = 5 milliún• Sealgóirí-cnuasaitheoirí bia a bhíodh iontu siúd. De sheilg siad

ainmhithe agus de bhailigh siad cnónna agus caoire.

Page 119: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Lonnaitheoirí na hEorpa

• Shocraigh na Portaingéalaigh ar chósta thoir an Bhrasaíl i ndiaidh aimsiú an Meiriceá.

• D’fhásadh siad caife, cadáis agus siúcra ann (aeráid féiliúnach) agus thóg siad calafoirt (Rio de Janeiro) chun easportáil a dhéanamh.

• Mhéadaigh an dlús daonra de bharr rátaí breithe ard agus imircigh ag dul ann san 20ú haois.

• Shocraigh siad ar an taobh dheas den Bhrasaíl.

Page 120: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Imirce inmheánach sa Bhrasaíl

• I 1960, bunaíodh cathar nua sa Bhrasaíl – Brasilia – chun daoine a spreagadh imirce inmheánach (internal immigration) a dhéanamh.

• Tugadh talamh saor in aisce do dhaoine mar spreagadh.• Níl sé éasca lonnú i lár na tíre mar:

– Bíonn talamh neamh-mhéiniúil dá thoradh an méid báisteach a bhíonn ann.

– Bíonn teocht agus bogthaise ard ann agus níl sé seo éasca le brath.

Page 121: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Imirce Inmheánach na Brasaíle

Page 122: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Imchuach na hAmasóine

• Ní talamh maith talmhaíochta atá ann.• Dhíol go leor lonnaitheoirí nua a gcuid feirmeacha le

comhlachtaí agus feirmeoirí.• Bhíodh bólachtaí (herds) agus d’fhásadh siad barraí mar

bhithbhreoslaí (biofuels) agus pónairí soighe ar an bhfeirm.

Bithbhreoslaí: Foinsí fuinnimh is féidir a fháil ó arbhar, ó shiúcra, ó fhéar agus ó dhramhaíl órgánach.

Page 123: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Treibheanna dúchasacha• Tá daonra na dtreibheanna laghdaithe go 200,000 duine i mhad níos lú

ná 500 bliain ó shin.• Ní bhíonn bundúchasaigh ábálta galair Eorpach a throid, cosúil le

bruitíneach – fuair na mílte dóibh bás.• Tá dlús an daonra i lár na Brasaíle fós an-íseal agus tá na cathracha ar an

gcósta thoir fós ag méadú.

Page 124: Daonra - Tíreolas Sóisialta

1. CÚINSÍ A BHAINEANN LE HACMHAINNÍ AGUS TÍR-RAON: BAILE ÁTHA CLIATH

Page 125: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Réigiún Bhaile Átha Cliath• Tá dlús ard daonra ag réigiún Bhaile Átha Cliath – tá beagnach 1/3

de dhaonra na hÉireanna ina gcónaí i mBÁC. Is iad na cúiseanna ná:1. Tá Rialtas na hÉireann suite i mBÁC.2. Tá príomh-chalafort na hÉireann i mBÁC.3. Tá béim curtha ar iompar i mBÁC. (Aer, farraige, iarnróid, bóithre).4. Tá BÁC mar an ionad oideachais, cúltarach agus tráchtála is

tábhachtaí.Tá Baile Átha Cliath mar ní is díol speise d’imircigh agus d’infheistithe

eachtrach dhíreach.

Page 126: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Baile Átha Cliath i 2016Daonra an Chontae 1.345 milliún duine

Dlús an daonra 4,588 duine/km2

Page 127: Daonra - Tíreolas Sóisialta

• Tuaisceart BÁC – Dlús íseal daonra mar nach féidir leis forbairt ó

thuaidh de bharr an aerfort agus tá go leor den talamh in úsáid

cheana do gharraíodóireacht mhargaidh (market gardening).

• Cathair BÁC – Dlús ard daonra mar gheall go bhfuil na nithe is

díol spéise le feiceáil ann, chomh maith le bloic oifigí agus

árasáin ilstóracha.

• Siar ón gcathair – Meándaonra mar gheall ar an talamh cothrom

atá ann (Cluain Dolcáin & Tamhlacht). Aon leathnú a tharlaíonn

ar BÁC, beidh sé siar ón gcathair.

• Sléibhte Bhaile Átha Cliath – Dlús an-íseal daonra de bharr go

bhfuil an talamh ró-ard agus ró-ghéar. Bíonn an aimsir go dona

anseo.

Dlús Daonra i mBaile Átha Cliath

Page 128: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Leathnú: Expansion

Page 129: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Ceisteanna

1. Liostaigh trí chúiseanna a bhfuil dlús ard daonra i lár na Cathrach i mBaile Átha Cliath.

2. Cén fáth, dar leatsa, gur ní is díol spéise do thurasóirí é Baile Átha Cliath?

3. Cén fáth nach bhfuil an dlús daonra chomh hard (i) soir ón gcathair agus (ii) ó thuaidh ón gcathair?

Page 130: Daonra - Tíreolas Sóisialta

2. CÚINSÍ A BHAINEANN LE HACMHAINNÍ AGUS TÍR-RAON: AN TSUALAINN

Page 131: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An tSualainn

• 6 oiread an méid is atá Poblacht na hÉireann.

• Dáileadh an daonra – scaipthe go míchothrom.

Daonra na Sualainne 9.5 milliún

Dlús an daonra 21.5/km2

Page 132: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 133: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Lár na Sualainne Deisceart na Sualainne Tuaisceart na Sualainne

• Dlús daonra ard de bharr na nithe seo a leanas; aeráid, acmhainní agus tír-raon.

• Acmhainní mhianracha – amhiarainn (iron ore) agus cruach (steel).

• Úsáidteara cruach chun longanna, carranna, trucailí agus earraí innealtóireachta a dhéanamh.

• Comhlachtaí Sualannacha lonnaithe ann – Volvo, Saab, Electrolux, Husqvarna agus Swedish Match.

• Bíonn na comhlachtaí níos gaire do mhargaí an tAontas Eorpach agus do mhargaí eachtracha (foreign) eile.

• Dlús daonra ard de bharr na nithe seo a leanas; aeráid, acmhainní agus tír-raon.

• Tír-raon leibhéalta = níos éasca bóithre, iarnróid agus ionaid uirbeacha a thógáil.

• Aeráid oiriúnach i Scania (áit is faide ó dheas) chun cruithneacht (wheat), coirce (oats), eorna (barley) agus seagal (rye) a fhás ann.

• Dlús daonra íseal mar go bhfuil sé os cionn an Chreasa Artaigh agus ní bhíonn daoine ag iarraidh a bheith ina gcónaí anseo mar go mbíonn sé fuar agus mar go mbíonn costas maireachtála ard ann.

• Bíonn an tír-raon clúdaithe le sneachta beagnach 200 lá in aghaidh an bhliain, = deacracht maidir le tógáil bóithre agus tiomáint.

• Tá cónaí ar an chuid ba mhó de dhaoine ar feadh Chósta Mhurascaill na Boitnia. Bíonn barr an uisce reoite anseo ar feadh 5 mhí gach Geimhreadh.

• Acmhainní = admhad, hidrileictreachas, amhiarainn agus mianraí eile.

• Deacair acmhainní a úsáid de bharr an talamh garbh, an aeráid fuar agus an faid ó mhargaí an AE.

• Cé a chónaíonn i dTuaisceart na Sualainne?= Pobal Sami (Sami people) – bíonn réinfhianna ag roinnt acu ach déanann an chuid ba mhó dóibh mianadóireacht agus foraoiseacht.

Page 134: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pobal fáin (nomadic people) – Lucht Sami

An tSualainn Thuaidh

Volvo V60

An tSualainn Theas

Page 135: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Ceist ScrúdaitheAgus tú ag tagairt do thír a ndearna tú staidéar uirthi:(a) Ainmnigh réigiún amháin a bhfuil dlús ard daonra ann.(b) Ainmnigh réigiún amháin a bhfuil dlús íseal daonra ann.(c) Déan cur síos agus mínigh cúis amháin atá leis an dlús ard

daonra.(d) Déan cur síos agus mínigh cúis amháin atá leis an dlús íseal

daonra.

Ná dearmad:

Ráitéas, forbairt agus

forbairt eile

Page 136: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Pátrúin Domhanda

An Tuaisceart .vs. An Deisceart

Page 137: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An domhan míchothrom

• Tá deighilt ann idir Tuaisceart agus Deisceart an Domhain. Tugtar éagothroime sóisialta air seo.

• Tá dhá phríomhréigiún eacnamaíocha ann;1. An Domhan Thuaidh: An domhan forbartha.2. An Domhan Theas: An domhan i mbéal forbartha.

Page 138: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An deighilt

Page 139: Daonra - Tíreolas Sóisialta

An domhan forbartha

• Maireann beagnach gach leanbh.• Maireann an tromlach go dtí an

seanaois.• Tá a dhóthain uisce ghlan ag daoine.• Tá bia acu ar caighdeán mhaith.• Tá caighdeán maith maireachtála ann.

An domhan i mbéal forbartha

• Faigheann na leanaí nua-bheirthe bás go minic.• Bíonn saol an-ghearr ag an tromlach.• Ní fhreastalaíonn an chuid ba mhó páistí ar

scoil (cailíní, ach go háirithe).• Níl uisce ghlan, bia maith nó caighdeán

maireachtála maith acu.

Page 140: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Sa caibidil seo, scrúdófar an mhíchothromaíocht atá ann idir an domhan forbartha agus an domhan i mbéal forbartha maidir leis na nithe seo a leanas:

1. Ná rátaí báis i measc leanaí óga2. An t-ionchas saoil (life expectancy)

Page 141: Daonra - Tíreolas Sóisialta

AN DOMHAN FORBARTHADeveloped World

Page 142: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Rátaí báis i measc leanaí 2012

Tabhair faoi deara go bhfuil an ráta báis is mó le feiceáil i nDeisceart an domhain – san Afraic go hiondúil.

Page 143: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Rátaí báis i measc leanaí sa domhan forbartha

• Tá rátaí báis an-íseal i measc leanaí sa domhan forbartha mar leagtar béim ar shláinte na leanaí. Tá cúiseanna éagsúla leis sin:– Bíonn leanaí sláintiúla ag máithreacha sláintiúla.– Tugann na altraí agus dochtúirí aire don máthair agus don leanbh sna

hospidéil i dtíortha forbartha.– Tá vacsaíní ar fáil dtíortha áirithe, m.sh an 3 in 1, an MMR, an vacsaín

polaimiailítis agus an vacsaín meiningíteas.– Tá uisce coireáilte (gan baictéar ná salachar) le fáil ó sconnaí. Bíonn córas

séarachais (sewage) ann.– Bíonn eolas ag an máthair faoi cúram leanaí agus bia shláintiúil don leanbh.

Page 144: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Eolas faoi na vacsaíní

An 3 in 1: Tugann sé cosaint don leanbh in aghaidh an diftéire (diptheria), an triuch (whooping cough) agus teiteanas (tetanus).

An MMR: Tugann sé cosaint don leanbh in aghaidh an bhruitíneach (measles), an leicneach (mumps) agus an bhruitíneach dhearg (rubella).

Page 145: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Ionchas saoil sa domhan forbartha

• Tá cúiseanna áirithe ann go bhfuil an t-ionchas saoile ard i dtíortha forbartha:– Tá rátaí báis i measc leanaí íseal de bharr na vacsaíní.– Maireann daoine chuig an seanaois de bharr an leighis.– Bíonn daoine sláintiúil mar go bhfaigheann siad bia ceart.– Bíonn coireáil uisce agus córas séarachais maith sna tíortha forbartha.– Tá cosc curtha ar chaitheamh tobac sna háiteanna oibre, in go leor

tíortha.

Page 146: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 147: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Ionchas saoil i dtíortha forbartha

1) An tSeapáin:• Fir – 80.5• Mná – 86.8• An dá gnéas – 83.72) An tSualainn:• Fir – 79.4• Mná – 85.4• An dá gnéas – 82.4

3) Éire:• Fir – 79.4• Mná – 83.4• An dá gnéas – 81.44) An Ríocht Aontaithe:• Fir – 79.4• Mná – 83.0• An dá gnéas – 81.2

Page 148: Daonra - Tíreolas Sóisialta

AN DOMHAN I MBÉAL FORBARTHADeveloping World

Page 149: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Cén fáth a bhfaigheann an oiread sin leanaí bás sa domhan i mbéal forbartha?

• Beirtear na leanaí sa bhaile – ní bhíonn aon chúram ar fáil don leanbh ná don máthair.

• Ní bhíonn sláinte na máthar go maith – faigheann leanaí ionfhabhtuithe cosúil leis an mbruitíneach mar gheall go dtagann siad amach chomh bheag sin.

• Ní bhíonn oideachas ag máithreacha – ní bhíonn aon rud ar eolas acu faoi chúram an leanbh, m.sh tugadh sí uisce salach don leanbh – gheobhadh an leanbh buinneach (diarrhoea), ionfhabhtú boilg ná gheobhadh siad bás i roinnt cásanna.

Page 150: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Cad a dhéanann na tíortha chun sláinte a fheabhsú?

• Déanann tíortha bocht iarracht vacsaíní a thabhairt isteach.• Faigheann go leor leanaí bás le maláire agus leis an

mbruitíneach fós, áfach sa domhan atá i mbéal forbartha, san Afraic ach go háirithe.

• Is é an bealach is fearr chun maláire a sheachaint ná chun codladh faoi eangach mhúiscíte (mosquito nets) coireáilte.

• San Afraic fho-Shahárach, ní chodlaíonn ach 5% de leanaí faoi 5, faoi na heangaigh seo – faigheann go leor leanaí bás.

Page 151: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Ionchas saoil sa domhan i mbéal forbartha• Bíonn an ráta báis i measc leanaí ard.• Ní bhfaigheann daoine cothú ceart agus mar sin, tá rátaí báis

ar de bharr galair cosúil le maláire agus eitinn (TB).• Ólann daoine uisce nár coireáladh é (le baictéar agus salachar)

agus tá siad ag iontógail ionfhabhtú – giorraíonn sé seo a saoil.• Faigheann os cionn 500,000 máithreacha i dtíortha bochta bás

i mbun breithe an linbh.• Cogadh sna tíortha i mbéal forbartha, m.sh Congó, an tSúdáin

agus Iaráic.• An galar SEIF (AIDS): Faoi dheireadh na bliana 2006, bhí AIDS

ar 39.5 milliún duine – an chuid ba mhó dóibh san Afraic fho-Shahárach. Íslíonn an t-ionchas saoil de bharr go bhfaigheann daoine bás dó.

Page 152: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Feabhsú in ionchas saoil

• Tá beagnach gach thír sa domhan i mbéal forbartha tar éis a n-ionchas saoil a fheabhsú, seachas an Afraic fho-Shahárach (sub-Saharan Africa).

• D’fheabhsaigh roinnt tíortha, cosúil leis an tSín agus an Ind, de bharr go ndearna an rialtais agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO).

Page 153: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 154: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Ceist scrúduithe

• Tabhair dhá chúis a bhfuil an t-ionchas saoil níos airde sa domhan forbartha (an Domhan Thuaidh) ná mar atá sé sa domhan atá i mbéal forbartha (an Domhan Theas).

Ná dearmad:

Ráitéas, forbairt

agus forbairt eile

Page 155: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Imirce

Daoine ag bogadh ó áit go háit

Page 156: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 157: Daonra - Tíreolas Sóisialta

1. Imirce Aonair: Nuair a dhéanann duine aonair nó teaghlach cinneadh bogadh chuig áit éigin eile.

2. Imirce Eagraithe: Nuair a rinne an rialtais coilíniú ar thalamh thar lear, m.sh Plandáil Uladh 1609.

Page 158: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Eisimirce (emigration)

• Daoine ag fágáil, m.sh sa Ghorta Mór chuaigh go leor Éireannaigh ar eisimirce go Meiriceá.

Inimirce (immigration)

• Daoine ag teacht, m.sh i bPlandáil Uladh 1609 tháinig go leor Briotanaigh go dtí Cúige Uladh.

Page 159: Daonra - Tíreolas Sóisialta

IMIRCE AONAIRIndividual Migration

Page 160: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Cén fáth a bhogann daoine go háit eile?

Nithe a bhrúnn iad ó áit (diúltach)

1. Costaisí taistil2. Víosa ag teastáil

Nithe a mheallann daoine chuig áit (dearfach)• Deiseanna fostaíochta níos fearr• Mar gheall go ndeachaigh cairde• Daoine gaolta leo a ndeachaigh ann

cheana.

Bacainní a bhaineann le himirce

• Plódú sa cheantar• Dífhostaíocht go forleathan• Bochtaineacht• Saol leadránach sóisialta

Page 161: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Rud a mheallann duine chuig áit,

tugtar toisc tharraingthe air seo.

Rud a bhrúnn duine ó áit, tugtar toisc

bhrú air seo.

Page 162: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Imirce ó iarthar na hÉireann chuig oirthear na hÉireann

• Tá daoine ag dul ar in Éirinn, ón iarthar chuig an oirthear, le blianta fada anuas, de bharr nach bhfuil mórán deiseanna fostaíochta in iarthar na hÉireann.

• Sna 1940í – 1960í ní dhearna go leor daoine an ardteist – bhí réimse caol poist acu le roghnú:– Postanna stáitseirbhíse i mBÁC.– Múinteoireacht– Banaltracht– Sagart, bean rialta nó misinéir.

Page 163: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Múinteoireacht bunscoile

• Ba thír bhocht í Éire san 20ú haois – mhol tuismitheoirí dá bpáistí postanna a fháil san earnáil phoiblí (public sector), m.sh múinteoir bunscoile.

• Chuaigh daoine ar imirce ón iarthar chuig an oirthear don múinteoireacht mar nach raibh mórán postanna san iarthar – bhí an daonra ag ísliú go tapa.

• Freisin tháinig siad go BÁC mar gheall go raibh dhá choláiste oiliúna (traenáil) i mBaile Átha Cliath.

Page 164: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Na nithe a mheallann daoine go BÁC• Daonra ag méadú agus scoileanna ag fás ó bhunú an Stát i 1922.• Thosaigh múinteoirí óga ag múineadh i mBaile Átha Cliath agus

d’fhan siad ann dá saol.• Ó na 1960í suas go dtí an lá atá inniu ann, tá daonra BÁC ag

méadú.

Page 165: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Eisimirce ó Éire Nithe a bhrúigh daoine amach as Éirinn:• Ocras• Bochtanas

Nithe a tharraing daoine chuig na Stáit Aontaithe:• Deiseanna ar fáil ann.• Labhartaí Béarla ann.• Postanna ar fáil ann.

Níor tharla an Réabhlóid Thionsclaíoch sa chuid is mó d’Éirinn.Bhí tionscail áitiúla cheirde á scriosadh ag iarnróid.

Nithe a tharraing daoine chuig an Ríocht Aontaithe:• Is ann a cuireadh tús leis an

Réabhlóid Thionsclaíoch.• Turas gearr farraige.• A lán postanna ar fáil ann.

Page 166: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Ag dul ar imirce as Éirinn • Tá daoine i dtíortha thar lear, cosúil leis an

mBreatain, na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Astráil, arb as Éirinn iad féin nó a muintir ó dhúchas.

• Cén fáth?: Mar gheall go ndeachaigh go leor Éireannaigh ar imirce i rith an Ghorta Mhóir (1845-1850).

• Bhí plódú in Éirinn, ach bhí deiseanna eacnamaíocha thar lear, rud a thug ar na daoine dul ar imirce as Éirinn.

Page 167: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 168: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Ceist scrúdaithe ar imirce aonair2016, Ceist 3D sna ceisteanna fada

Page 169: Daonra - Tíreolas Sóisialta

IMIRCE EAGRAITHEOrganised Migration

Page 170: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Imirce Eagraithe

1) Plandáil Uladh 16092) Coilíniú Eorpach i Meiriceá Theas

Page 171: Daonra - Tíreolas Sóisialta

1) Plandáil Uladh 1609

• Fuair Ríthe na Breataine smacht ar chuid mhór d’Éirinn agus thug siad an talamh do lonnaitheoirí dílis Shasanacha agus Albanacha.

• Céard atá le foghlaim?:– Teitheadh na nIarlaí / Imeacht na nIarlaí (Flight of the Earls)– Pleanáil na talún, na plandóirí – Lonnaitheoirí Albanacha– Torthaí na plandála

Page 172: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Teitheadh na nIarlaí• Teitheadh na nIarlaí: Rinne roinnt Taoisigh

Ghaelacha as Ulaidh (m.sh Aodh Ó Néill, Aodh Rua Mac Dhomhnaill) iarracht seasamh i gcoinne na Sasanach. Nuair a a theip orthu, theith siad (they fled) chuig an Róimh.

• Toradh: Fágadh na Gaeil Dhílse gan aon ceannaire agus bhí orthu glacadh le scéim na plandála.

Page 173: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Teitheadh na nIarlaí

1607

Page 174: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Súirbhéireacht na talún• D’ordaigh an Rí roinnt cairteoirí léarscáil a dhéanamh den talamh i

gCúige Uladh.• Tugadh talamh do lonnaitheoirí as Sasana agus as Albain ar a

dtugtaí gealltóirí (undertakers) agus seirbheoirí (servitors).• Thóg na lonnaitheoirí seo bábhúin agus imfhálú (enclosure) chun

iad féin a chosaint ó na hÉireannaigh.• Bhí ar na hÉireannaigh cónaí cóngarach do na seirbheoirí.• Uaireanta, dhéanadh na hÉireannaigh ionsaí ar phlandóirí a thóg a

dtaillte. Ach bhí na bailte nua, cosúil le Doire agus Dún na nGall faoi chosaint.

Page 175: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 176: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Na Plandálaithe Bhí trí chineál plandóirí de réir Scéim na Plandála:

Gealltóirí

• Uaisle ó Shasana nó ón Albain.

• Eastát 1,000-2,000 acra agus cíos an-íseal.

• Níor thug siad aon talamh do na Ghaeil.

Seirbheoirí

• Saighdiúirí nó oifigigh.

• Eastáit 1,000 acra ar cíos £8.

• Bhí cead acu talamh a thabhairt do na Gaeil ar chíos.

Gaeil Dhílse

• Uaisle Éireannacha a bhí dílis don rí.

• Cúpla acra• Bhí orthu

cónaí cóngarach go dtí na seirbheoirí.

Page 177: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Lonnaitheoirí na hAlban• Thart ar an am céanna bhí

lonnaitheoirí Albanacha ag cur fúthu i nGleannta Aontroma agus i nGleann an Lagáin i gContae Aontroma agus i gContae an Dúin.

• Dá bhrí seo, bhí plandóirí tagtha go dtí gach contae i gCúige Uladh seachas Muineacháin.

Page 178: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Torthaí na Plandála• D’éirigh go maith le Phlandáil

Uladh, ó thaobh Sasana.• Bhí an talamh ab fhearr i sheilbh

plandálaithe.• Thug siad Béarla agus

Protastúnachas isteach i gCúige Uladh.

• Meath na Gaeilge, chomh maith le dlíthe agus nósanna na nGael.

• Bhí coimhlint agus cogaidh idir Protastúnaigh agus Caitlicigh, fiú le blianta beaga anuas.

Page 179: Daonra - Tíreolas Sóisialta
Page 180: Daonra - Tíreolas Sóisialta

Coilíniú Eorpach i Meiriceá Theas

• 1492 Tháinig Criostóir Colombas ar an Domhan nua ach bhí Meiriceánaigh ann cheana féin – níor chaith sé go maith leo.

• Conradh Tordesillas 1494: Shocraigh an Spáinn agus an Phortaingéil Meiriceá Theas a roinnt eatarthu.

• Na hIncigh i bPeiriú: Scrios an Conquistadore Francisco Pizzaro an t-impireacht sin agus thug sé don Spáinn é.

• Rinne na Portaingéalaigh coilíniú sa Bhrasaíl.

Page 181: Daonra - Tíreolas Sóisialta

TORTHAÍ NA CÓILÍNEACHTAÍ• Bás na Meir-Indiacha (daoine dúchasacha) sa domhan nua de

bharr caithréimeacha (triumphs) Spáinneacha.• Bhí Conradh Tordesillas i bhfeidhm ar feadh 300 bliain – ba iad

Spáinnís agus Portaingéilís príomh-theangacha i Meiriceá Theas.• Cathanna: Tharla troid agus doirteadh fola idir Eorpaigh agus

bundúchasaigh.• Reiligiúin: Tháinig misinéirí Spáinníse agus Portaingéalacha ina

dhiaidhsin leis an gcreideamh caitliceach. Úsaideadh ailtireacht Eorpach chun na n-ardeaglaisí a thógáil ar fud Meiriceá Theas.

Page 182: Daonra - Tíreolas Sóisialta