12
01

01 - trocaire.org · an Spáinnis, mata, eolaíocht, staidéar sóisialta agus corpoideachas. Is fearr léi an léamh, an scríobh agus an phéinteáil. Tuigeann María gur tábhachtach

Embed Size (px)

Citation preview

01

Ar chúl an ghrianghraif: María sa bhaile lena tuismitheoirí, Adela agus José, na siblíní, Edgar, Ana, Walter agus Jessica, deirfiúr chéile Flavia agus a nia Joel. Grianghraf: Manuel Morillo

GRIANGHRAF 01

Léigh Os ArdSeo María agus a muintir ag an teach. Tá cónaí ar María i ngleann Polochic (deirtear: Po- low-cheek) i nGuatamala, tír atá sa Mheiriceá Láir. Tá María naoi mbliana d’aois. Adela is ainm don mháthair agus is é José a hathair. Tá beirt dheirfiúr aici, Jessica atá dhá bhliain déag agus Ana ocht mbliana déag d’aois. Tá beirt dheartháir aici chomh maith, Walter a ceathair déag agus Edgar atá dhá bhliain agus fiche.

Tá cónaí ar bhean Edgar, Flavia naoi mbliana déag agus a mac Joel atá bliain d’aois sa teach chomh maith.

Teach adhmaid atá ag Maria, agus ceann tuí air. Baineann urlár cré leis an áit.

Tógann an teaghlach sicíní in aice an tí agus tá glasraí á fhás acu sa pháirc i ngiorracht dóibh.

Abair é as Q’eqchiAn Spáinnis teanga oifigiúil Ghuatamala. Labhraítear dhá dhosaen teangacha dúchasacha chomh maith. Labhraíonn María agus a muintir Q’eqchi (deirtear: Kek-Chee) teanga na Máigheach.

Cleachtaigh na beannachtaí seo:

Gaeilge Q’eqchi Fuaimniú

Dia duit Chan xaawil Chan shak-wheel

Conas atá tú? Chan ru wankat? Chan roo kwan-cat

Go maith, go raibh maith agat.

Chaab’il, b’antyox Shah-beel, ban-tee-osh

Slán Inwan b’i’ In-kwan bee

María agus a muintir

USE THIS PHOTO WITH LEARNING EXPERIENCE 1

Istigh i dteach María.Grianghraf: Manuel Morillo

Pléigh1) Cuir ainmneacha leis na daoine seo: Ar chúl ag seasamh ón taobh

clé: Edgar, Ana, Flavia. Ag suí i lár: Adela, José. Ag suí ar an talamh ón taobh clé: Walter, María, Joel, Jessica

2) An bhfuil teaghlach María cosúil le nó éagsúil ó do theaghlach féin? An bhfuil deartháir nó col ceathrar nó nia ag duine agaibh atá ar aon aois le Joel? An bhfuil baill teaghlaigh nach bhfuil sa ghrianghraf b’fhéidir, seantuismitheoirí nó col ceathracha?

3) Pléigh an áit inar glacadh an grianghraf. An bhfuil áiteanna eile ann ina bhféadfaí pictiúr teaghlaigh a ghlacadh?

4) An bhfuil ‘balla teaghlaigh’ sa seomra ranga? Má tá, cuir an grianghraf seo leis, a fhad is a bhíonn sibh ag obair ar an topaic seo.

TAG: E3

02

GRIANGHRAF 02

Léigh Os ArdBíonn lá gnóthach ag María. Éiríonn sí ag 5 r.n. agus cabhraíonn le hobair an tí roimh am scoile. Siúlann sí ar scoil lena deirfiúr agus leis na comharsana, turas a ghlacann 40 nóiméad. Tosaíonn an scoil ag a seacht ar maidin, agus críochnaíonn ag leath i ndiaidh a dó dhéag, Luan go hAoine. Tá dhá sheomra sa bhunscoil, ceann acu do pháistí ó 5 - 9 mbliana, an ceann eile do pháistí ó 10 - 13 bliana.

Tá María sa chéad seomra le beagnach dhá scór páiste eile. Is fir iad an bheirt mhúinteoir. Déanann María staidéar ar an Spáinnis, mata, eolaíocht, staidéar sóisialta agus corpoideachas.

Is fearr léi an léamh, an scríobh agus an phéinteáil. Tuigeann María gur tábhachtach an rud é an staidéar. Ba mhaith léi a bheith ina múinteoir amach anseo.

Is aoibhinn le María cluichí a imirt lena cairde agus lena muintir. Imríonn páistí an bhaile lasmuigh níos mó ná laistigh. Is breá leo ‘Cat & Luch’ agus an cluiche ‘Seachain’ a imirt. Tá María le sonrú sa phictiúr agus í ag rith thart le roth pionnaí duilleoige. Is aoibhinn léi an ceol. Bíonn na cailíní ag canadh le Maria agus na buachaillí ag seinm ar an ngiotár. Bíonn María ag canadh le Cór na nÓg sa séipéal.

María ag imirt le roth pionnaí duilleoige

TÉANN AN GRIANGHRAF LE TAITHÍ FHOGHLAMA 1 & 3

I mbarr: Walter agus Edgar, deartháireacha María, ag seinm ar an ngiotár le Dennis an col ceathrar agus Uncail Marcelino. Ag bun: María ag súgradh lena nia Joel. Ar gcúl: María ag súgradh le roth pionnaí duilleoige. Grianghraf: Manuel Morillo

Pléigh1) Conas mar a oibríonn roth pionnaí María? Srac María an duilleog ar bhealach áirithe

agus sháigh sí bata tríd ionas go gcasann sé leis an ngaoth nuair a ritheann sí leis. Dean cur síos ar bhréagáin eile a oibríonn ar an mbealach seo. An ndearna tú féin bréagán riamh? Déan cur síos air.

2) Siúlann María ar scoil. Conas mar a thagann tusa ar scoil?

3) Dá mbeadh María ar cuairt san áit sin agaibhse, cad é an t-amhrán a chanfá di?

TAG: E3

03

Baineann dhá theaghlach déag agus trí scór le pobal María. Níl leictreachas ná uisce reatha acu. Tá painéal beag gréine ag muintir María le cadhnra a luchtú agus le lampa a lasadh leis. Bíonn coinnle acu mura n-oibríonn an cadhnra. Déantar an obair de réir na róil traidisiúnta inscne; na fir ag tógáil agus ag feirmeoireacht, na mná ag glanadh, ag ullmhú bia agus ag tabhairt aire do na leanaí.

GRIANGHRAF 03

Léigh Os ArdSníonn abhainn bheag trí lár sráidbhaile María. Seo an áit ina gcruinníonn mná agus páistí an tsráidbhaile lena chéile le bheith ag comhrá is ag obair chomh maith. Cabhraíonn María lena máthair agus leis na deirfiúracha na miasa agus na héadaí a ní san abhainn. A fhad is a bhíonn siad ag obair bíonn Joel beag ag lapadaíl thart agus ag súgradh le páistí óga eile na háite. Is féidir siúl trasna ar an droichead gan na cosa a fhliuchadh!

Tá jab tábhachtach le déanamh ag María an mhin bhuí a ní. Déanfar tortillas leis, príomh-bhia an teaghlaigh. Fásann athair agus deartháireacha María an mhin bhuí (arbhar sa dias) i ‘milpa’, sé sin páirc in aice an tí. Nuair a bhaintear an mhin bhuí, cuirtear ar bogadh é in aoluisce, agus bíonn sé níos fusa agus níos folláine é a ithe dá bharr. Glantar an t-aoluisce den mhin san abhainn, agus déantar plúr as leis na tortillas a chruthú.

Lá gnóthach ag an abhainn

TÉANN AN GRIANGHRAF LE TAITHÍ FHOGHLAMA 1 & 2

I mbarr: María ag glanadh arbhair san abhainn. Ag bun: Merrie, comharsa María ag trasnú an droichid. Ar gcúl: Mná ag obair ag an abhainn, Gleann Polochic. Grianghraf: Manuel Morillo

Pléigh1) Féach ar an ngrianghraf. Cad

atá á dhéanamh ag na daoine?

2) Déan cur síos ar thimpeallacht na habhann.

Eolas do na hOideoirí

An saol sa bhaile

TAG: E3

04

GRIANGHRAF 04

Léigh Os ArdSeo Patricia agus a muintir taobh amuigh den teach cónaithe i ndúiche Acholi Uganda, tír na hAfraice. Tá seacht mbliana ag Patricia. Evelyn is ainm dá máthair. Cónaíonn Patricia lena beirt dheartháir Roni deich mbliana agus Ivan, trí bliana déag d’aois. Tá beirt dheirfiúr aici, Flavia, seacht mbliana déag, agus

Barbara, cúig bliana déag d’aois. Fuair an t-athair bás de bharr breoiteachta seacht mbliana ó shin. Tá cónaí ar mhuintir Patricia ar thalamh ina bhfuil dhá theach traidisiúnta ceann tuí tógtha acu. Baintear úsáid as ceann acu le codladh ann agus le bia a ullmhú ann, agus is foirgneamh stórais an ceann eile.

Abair é as AcholiIs iad Béarla & Swahili teangacha oifigiúla Uganda. Tá dhá scór teangacha áitiúla ann, Acholi ceann acu a labhraíonn Patricia sa bhaile. Ar scoil di labhraíonn Patricia Béarla.

Cleachtaigh na beannachtaí seo:

Gaeilge Acholi Fuaimniú

Dia duit Icho nining Itch-o nin-ing

Dia daoibh Wucho nining Woo-cho nin-ing

Conas atá tú? Kopango Kop-ang-o

Tá mé go maith Kope Ko-pay

Lá maith agat! Irii maber Ir-ee ma-bay

Slán abhaile Wudong maber Wu-dong ma-ber

Patricia agus a muintir

TÉANN AN GRIANGHRAF LE TAITHÍ FHOGHLAMA 1

Evelyn istigh sa teach. Grianghraf: Gary Moore

Pléigh1) Cuir ainmneacha leis na daoine sa phictiúr. (Ón taobh clé os

comhair, Patricia, Roni; ar cúl, Flavia, Evelyn, Ivan). Tá Barbara, deirfiúr Patricia as baile ag an scoil chónaithe agus níl sí le sonrú anseo. Bíonn sí sa bhaile ag am saoire scoile.

2) An bhfuil teaghlach Patricia cosúil le nó éagsúil ó do theaghlach féin? Tá Barbara ar scoil as baile. An bhfuil baill teaghlaigh eile nach bhfuil sa phictiúr b’fhéidir? Seantuismitheoirí, nó col ceathracha?

3) Cén áit inar glacadh an grianghraf? An bhfuil áiteanna eile ann ina bhféadfaí grianghraf teaghlaigh a ghlacadh?

4) An bhfuil ‘balla teaghlaigh’ sa seomra ranga? Má tá, cuir an grianghraf seo leis, a fhad is a bhíonn sibh ag obair ar an topaic.

Ar gcúl: Patricia sa bhaile lena máthair Evelyn, agus na siblíní, Roni, Ivan agus Flavia. Grianghraf: Gary Moore

TAG: E3

05

GRIANGHRAF 05

Léigh Os ArdBíonn lá gnóthach ag Patricia. Dúisíonn sí ag 6 r.n. Ag a leath uair tar éis a sé siúlann sí ar scoil lena siblíní. Tosaíonn an lá scoile ag 8:30 r.n. Tá Patricia i rang a haon/P1. Críochnaíonn an lá scoile ag 1 i.n. agus bíonn Patricia sa bhaile ag 2:30 i.n. Tá thart faoi céad pháiste i rang Patricia. Déanann siad staidéar ar an mata, an Béarla, ealaíona agus ceardaíocht, staidéar sóisialta, oideachas reiligiúnach, eolaíocht, na healaíona cruthaitheacha agus léiriú, ceol, leabharlann agus corpoideachas. Suíonn Patricia ar scoil lena cara Sonja.

Nuair a thagann Patricia abhaile ón scoil beireann sí uisce abhaile ón tobar atá i ngiorracht chúig nóiméad dóibh, i gcanna breosla.

Is maith léi an obair seo a dhéanamh. Tugann sí an canna abhaile léi agus é suite ar a ceann. Tá sé éasca di an canna a chur ag suí ar a ceann. Tá Patricia go maith ó thaobh chothromú de. Is féidir léi seasamh go cothrom ar bhata fada, mar atá sa phictiúr.

Baineann tábhacht le cluichí na leanaí. ‘Seachain’ an cluiche is ansa le Patricia.

Seasann imreoir amháin idir bheirt. Caitheann na daoine lasmuigh an liathróid duine i ndiaidh a chéile ag iarraidh an duine sa lár a bhualadh. Má bhuailtear an duine laistigh, téann an duine a chaith an liathróid sa lár in ionad. Rinne na páistí sa phictiúr liathróid as málaí plaisteacha a bhí fillte i líontáin acu.

Patricia ag iompar uisce abhaile

TÉANN AN GRIANGHRAF LE TAITHÍ FHOGHLAMA 1 & 3

I mbarr: Patricia, Roni, Ivan & Flavia ag dul ar scoil. Bun ar chlé: Imríonn Patricia ‘Seachain’ le liathróid bhaile. Bun ar dheis: Patricia go cothrom ar bhata. Ar gcúl: Iompraíonn Patricia uisce. Grianghraif: Gary Moore

Pléigh1) Siúlann Patricia ar scoil faoin tuath go luath ar maidin. Ar shiúil tusa amach faoin

tuath go luath ar maidin? Cad a chonaic tú, nó a bholaigh tú, nó a chuala tú go luath ar maidin?

2) Cabhraíonn Patricia nuair a thugann sí uisce abhaile. Is breá léi cabhrú lena máthair. Cén obair fhóinteach a dhéanfá féin sa bhaile?

TAG: E3

06

GRIANGHRAF 06

Patricia ag cabhrú sa ghairdín le Flavia, Ivan agus Roni

TÉANN AN GRIANGHRAF LE TAITHÍ FHOGHLAMA 1 & 2

I mbarr: Ullmhaíonn Evelyn casabhach don dinnéar. Ag bun: Evelyn ag obair sa ghairdín. Ar gcúl: Patricia ag cabhrú sa ghairdín le Flavia, Ivan agus Roni. Grianghraf: Gary Moore

Pléigh1) Ar chabhraigh tusa sa ghairdín? Cad a rinne tú más ea? An raibh sé

éasca nó deacair. Ar bhain tú taitneamh as? Cad a thug tú faoi deara sa ghairdín? An bhfaca tú nó ar chuala tú créatúir ar bith – na héin, na feithidí? Cad a mhothaigh tú ar do chraiceann – an chré, an ghrian, an fhearthainn? Cad a bholaigh tú – na glasraí, na torthaí, na bláthanna, an chré? Ar bhlais tú rud ar bith? Ar thaitin sé leat más ea?

2) An bhfuil gairdín pobail nó scoile agaibh? An bhféadfá féin obair ann?

Léigh Os ArdCabhraíonn Patricia, na deartháireacha agus na deirfiúracha le hEvelyn sa ghairdín. Baineann tábhacht ar leith leis mar is sa ghairdín a fhástar bia an tí.

Fástar glasraí comónta mar thrátaí agus prátaí milse, chomh maith le glasraí nach bhfeictear go coitianta in Éirinn ar nós ocra, an casabhach agus an t-ionam.

TAG: E3