Upload
sam-shortall
View
52
Download
16
Embed Size (px)
Citation preview
Uirbiú: Daoine ag bogadh ó cheantair tuaithe go dtí
ceantair uirbeacha.
Uirbiú(Urbanisation)
Le foghlaim sa chaibidil seo:
An fhorbairt a tháinig ar Bhaile Átha Cliath le himeacht ama.
Áiteanna feidhmiúla i gcathracha. Costas na talún agus airde na bhfoirgnimh. Caighdeán, cineál agus aois na bhfoirgnimh sa chathair. Na pátrúin laethúil iompair. Fadbhanna uirbeacha i dtíortha forbartha. Réiteach ar fhadbhanna uirbeacha i dtíortha forbartha. Fadbhanna uirbeacha i dtíortha i mbéal forbartha. Réiteach ar fhadhbanna uirbeacha i dtíortha i mbéal
forbartha.
An fhorbairt a tháinig ar BÁC le himeacht ama
Baile Átha Cliath na LochlannachBaile Átha Cliath na NormannachBaile Átha Cliath Seoirseach, 18ú hAois
1800-19001900-1970
1970…..
Céimeanna a bhain le forbairt Bhaile Átha Cliath
Céim 1: Na Lochlannaigh i mBaile Átha Cliath.Céim 2: Na Normannaigh i mBaile Átha Cliath.Céim 3: Baile Átha Cliath Seoirseach (Georgian), an 18ú
hAois.Céim 4: Baile Átha Cliath sa 19ú haois.Céim 5: Baile Átha Cliath na 20ú haoise.
Céim 1: Na Lochlannaigh i mBÁC841 AD: Lonnaigh na
lochlannaigh cóngarach do linn dubh (black pool – Dubh Linn) ar Abhainn an Life.
Ba thrádálaithe agus mairnéalaigh (seafarers) iad na Lochlannaigh, mar sin d’fhorbair BÁC mar chalafort.
Dubh Linn
Abhainn an Life
Céim 2: Na Normannaigh in Éirinn
Rinne na Normannaigh ionradh ar Éirinn in 1169.Cathair mheánaoiseach a bhí i mBÁC tar éis dó ionradh a
dhéanamh air.Thóg siad ballaí mórthimpeall na cathrach le clocha.Chomh maith leis sin, d’iompar siad ionfhabhtú na Plá
Móire leo go Baile Átha Cliath agus bhásaigh an t-uafás dá bharr.
Ba é BÁC lárionad riaracháin na Sasanach a bhí i gceannas in Éirinn.
Thóg siad go leor foirgnimh éagsúla: Caisleán Bhaile Átha Cliath, Ardeaglais Naomh Pádraig agus Ardeaglais Theampall Chríost.
Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Dubh Linn
An Taipéis Bayeux
Céim 3: An séú haois déag go dtí an t-ochtú haois déag
Tógadh an chuid ba mhó de lár na cathrach a fheicimid inniu i rith an Tréimhse Seoirseach (1714-1830).
Tógadh Coláiste na Tríonóide i rith an an séú haois déag, chomh maith le Faiche Stiabhna agus Cearnóg Mhuirfean (Merrion Square) san ochtú haois déag.
Bhíodh daoine saibhre le saol sóisialta den scoth ina gcónaí sna tithe Seoirseacha.
Céim 4: BÁC na 19ú haoise
Acht an Aontais, 1801: Fuaireadar réidh le Pharlaimint na hÉireann i mBÁC agus bhog baill den pharlaimint chuig Londain.
I ndiaidh cur i bhfeidhm an acht seo, bhí BÁC ina phraiseach. Bhí an chuid bá mhó de na daoine ina gcónaí i mbloic árasáin ar a dtugtaí dtionóntáin (tenements).
Bhíodh róphlódú iontu siúd.Bhí an chuid ba mhó postanna ar fáil sna calafoirt mar gur
nasc na canálacha BÁC leis an gcuid eile d’Éirinn.D’iompraítí earraí ón gcalafort ar an gcanáil nó ar na
hiarnróid chuig áiteanna eile in Éirinn.
Parlaimint na hÉireann roimh Acht an Aontais
Parlaimint na Breataine
Sasana An Albain Brat an Aontais (1801)
Aontas 1801
Éire An Ríocht Aontaithe
Céim 5: BÁC na fichiú haoise
Tá bruachbhailte nua tógtha níos faide amach faoin tuath.
Tosaíodh le tógail na bailte saitilíte ó na 1970í ar aghaidh. Samplaí de na bailte seo iad Cluain Dolcáin agus Tamhlacht.
Sa lá atá inniu ann, tá daonra de 1.2 milliún i mBaile Átha Cliath, sna bruachbhailte (suburbs) agus sna bailte dórtúir (dormitory towns).
Baile saitilíte a thugtar ar mhion-bhaile uirbeach a thógtar atá cóngarach go leor don
phríomh-bhaile uirbeach.M.sh: Cluain Dolcáin, Tamhlacht, Leamhcán,
Sord, Baile Brigín agus Na Sceirí.
Baile Saitilíte (satellite town):
Aerfótagraf de Thamhlacht
Ceisteanna achoimire
1.Déan cur síos ar fhás Bhaile Átha Cliath agus dean tagairt díobh seo a leanas:
• Nithe a tháinig ó na Lochlannaigh• Foirgnimh ó na Meánaoiseacha• Ailtireacht Sheoirseach• An tábhacht a bhaineann leis an gcalafort
2.Mínigh trí chúis ar fhás Baile Átha Cliath sna blianta tar éis d’Éirinn a saoirse a fháil sa bhliain 1922.
ÁITEANNA FEIDHMIÚLA SNA CATHRACHA
Laistigh de gach cathair, is féidir pátrún a aithint maidir leis na háiteanna éagsúla feidhmiúla:An CBD (Lárcheantar Gnó)Croílár na siopadóireachtaCeantair siopadóireachta níos lú Ionaid siopadóireachtaCeantair thionsclaíochaCeantair chónaitheSpás oscailte do chaitheamh aimsire
An chathair laistighBruachbhailte
Ceantar athnuachan shóisialta
LCG (Lárcheantar Gnó)
Ionad siopadóireachtaEastát tionsclaíochta
Áiteanna feidhmiúla sna cathracha1) An LCG/CBD (Lárcheantar Gnó/ Central Business District)
• Croílár na cathrach• Ann bíonn, na bainc, na cumainn foirgníochta, na siopaí ollmhóra agus
príomhoifigí na comhlachtaí ar fad.• Bíonn luach na talún an-ard sa Lárcheantar Gnó.
2) Siopadóireacht • Láithreacha siopadóireachta: Ní théann daoine ag siopadóireacht sa CBD gach lá. Téann siad chuig ionaid siopadóireachta ina mbíonn atmaisféar deas.
• Bíonn carrchlóis ann agus tógtar in aice le bóithre iad chun inrochtaineacht a fheabhsú.
3) Tionsclaíocht • Sa chathair: Tionscail throma (déanamh carráistí agus innill traenach). Uaireanta tionscail in aice leis an gcalafort (scagadh ola, coireáil uisce).
• Imeall na cathrach: Eastáit tionsclaíochta le tionscail éadroma. Cúis le lonnú ar an imeall; níos saoire, inrochtaineacht níos fearr do dhaoine agus leoraithe.
4) Spás oscailte -caitheamh aimsire
• Páirceanna glasa poiblí chun do leanaí agus chun éalú ón gcathair agus ón trácht. Sampla ná Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath.
• Príomhchathair na fraince.• Daonra i bPáras: Os cionn 2
milliún duine• Daonra sa mhórcheantar: Os
cionn 11 mhilliún• Daonra i Lyon (an dara cathair is
mó sa Fhrainc): 2.5 milliún duine.• Cathair dhomhanda is ea Páras.
Cás Staidéar: Páras
CATHAIR DHOMHANDA: Cathair
a bhfuil tionchar domhanda aici i réimse
faoit leith. M.sh airgeadas, polataíocht
etc.Faisean i gcás Páras.
LCG i bPáras Tá príomhoifigí na cuideachtaí baincéireachta
tráchtála, na hoifigí polaitiúla agus na hoifigí riaracháin atá ag rialtas na Fraince suite sa LCG.
Tá an Stocmhalartán (stock exchange) sa LCG – Bourse de Paris.
Ritheann an Meitreo faoi thalamh ar fud an LCG, rud a chiallaíonn gur féidir le daoine dul isteach is amach ón gcathair go héasca.
Síneann an LCG chomh fada le La Défense – ceantar nua ardstórach oifigí.
Siopadóireacht i bPárasTá go leor ceantair shiopadóireachta sa LCG ar nós
Galerie Lafayette agus Printemps.Is ceantair shiopadóireachta iad na sráideanna thart ar
an Champs Elysées agus Boulevard Hausmann.Tá ceantar siopadóireachta bheag sna bruachbhailte
taobh amuigh de Pháras.Déanann muintir na bruachbhailte a siopadóireacht ann.Tá brainsí éagsúla ann, ar nós Champion agus Carrefour.
Ceantair chónaithe agus bailte satailíte
Tá cónaí ar go leor daoine i mbloic árasáin ilstóracha, le suasgo 10 n-úrlár iontu. Tá dlúis arda daonra sa chathair.
Tá trí aicme (classes) ann; an uasaicme (saibhear), an mheánaicme agus an aicme oibre (bocht). Uaireanta bíonn concierge in árasáin an uasaicme.
Cónaíonn go leor den mheánaicme sna bailte nua a tógaíodh mórthimpeall Páras – bailte satailíte.
Sna bailte sin bíonn tithíocht (tithe sraithe, scoite, leathscoite etc.) agus áiseanna caithimh aimsire (Disneyland Paris i Marne-la-Valée).
Ceantair thionsclaíocha
Is é Páras an réigiún déantúsaíochta is tábhachtaí sa Fhrainc:Tionscail an fhaisin: Lonnaithe ar bhruacha na Séine ina
dtáirgtear earraí faisin, m.sh na brandaí (Gucci, Louis Vuitton, Coco Chanel etc.), seodra & cumhráin (perfume).
Comhlachtaí clódóireachta 7 foilsitheoireachta – lonnaithe sa Quartier Latin.
Tionscail Nua-Aimseartha: Aeraspás, trealamh cosanta, cúram sláinte, radharceolaithe lonnaithe sna páirceanna teicneolaíochta.
Tionscal cóimeála carranna (car assembling)
- Páirceanna poiblí, m.sh an Bois de Boulonge i gceartlár na cathrach agus an Champs de Mars.
- Gáirdíní éagsúla, m.sh an Jardin de Luxembourg agus an Jardin de Plantes.
- Siúlann daoine ar feadh na gcéanna (quays) ar bhruach na Séine ina mbíonn taispeantaisí ealaíne ann.
Na spásanna oscailte
LAND VALUES
Luach na talún
Luach na talún i lár na cathrach
Talamh an-daor le ceannach nó le tógáil ar cíos, mar go mbuaileann bóithre le chéile ann. Bíonn níos mó custaiméirí i lár na cathrach.
Foirgnimh ilstórach le híoslach (urlár faoi thalamh) iontu uaireanta.
Siopaí lonnaithe ann a dhíolann táirgí, m.sh éadaí, seodra agus fóin phóca.
Freisin, bíonn pictiúrlanna, bainc agus óstáin agus tuilleann siad airgead ó chustaiméirí na cathrach. Bíonn siad in ann an costas ard a íoc.
Bloic oifigí do ghnólachtaí dlí, do ghnólachtaí cuntasaíochta, comhlachtaí nuachtáin agus gníomhaireachtaí fógraíochta (advertising).
Luach na talún sna bruachbhailte (suburbs)
Lonnaíonn eastáit thionsclaíocha sna bruachbhailte mar go mbíonn spáis ag teastáil uathu, m.sh cead díoltóireachta gluaisteáin (car dealership), clós admhaid, ionaid siopadóireacht.
Lonnaíonn siad sna bruachbhailte mar gheall ar an gcostas íseal iontu (talamh i lár na cathrach ró-dhaor dóibh).
Luachanna arda talún CBD
Titim ghéar i luachanna talún - Lár
na Cathrach
Luachanna íseal talún – monarcha tréigthe agus droch-
chuma ar thithe
Talamh beagáinín níos
daora
Laghdaíonn luach na talún ar
imeall na cathrach
CBD: Siopaí. Oifigí, siamsaíocht
An chathair istigh – Tithíocht agus tionscail
Sean-tithe ar ardchaighdeán
Tithe nua-aimseartha agus eastáit tionsclaíochta
Déantar comparáid idir lóistín éagsúla in Éirinn de réir:• Aois an lóistín• Na cineálacha lóistín• Caighdeán an lóistín
Lóistín in Éirinn
Aois an lóistín
• Bailte beaga ba ea cathracha na hÉireann, ach mhéadaigh siad ina gcathracha móra thar na céadta bliain.
• Athraíonn stíl an lóistín agus an chaoi ar tógadh ag brath ar aois an lóistín.• M.sh: Bíonn cuma difriúil ar thithe Seoirseacha, a tógadh níos mó ná 200
bliain ó sin, ná mar a bhíonn ar tithe nua-aimseartha sna bruachbhailte.
An cineál lóistín
• Sna cathracha: Árasáin tógtha i lár na cathrach atá ilstórach, le dlús ard daonra agus an-chostasach. Freisin tá tithe sna cathracha a bhfuil an-chostasach chomh maith.
• Tithe sraithe: Sna bruacbhailte, le gairdín chúl bheag agus doras buailte ar thaobh an bhóthair.
• Tithe leathscoite: Sna bruachbhailte do theaghlaigh. Tithe nua-aimsearta le gairdín chúl agus chun tosaigh.
• Tithe den scoth: Tógtha cóngarach do cheantar áilleachta, m.sh an fharraige nó talamh ard.
Caighdeán an lóistín
• Athruithe ar chaighdeán an lóistín – 1. Méid (size) agus 2. Ábháir tógála (construction materials).
• Meid na bhfoirgneamh: Nuair a raibh an tír níos boichte, bhí tithe sraitha déanta as brící i lár na cathracha de dhá sheomra thíos agus dhá sheomra thuas agus leithreas ar chúl an tí. Rinneadh athchóiriú orthu de réir a chéile agus tá siad níos mó de bharr deontais an Tíogair Cheiltigh.
• Ábhair nua-aimseartha: Praghas breoslaí ardaithe go mór = teámh an tí níos costasaí. Tá tábhacht faoi leith le hinsliú balla, insliú áiléir, déghloiniú & coirí gáis + ola.
AG TAISTEAL CHUIG AN OBAIR I GCATHRACHA
Urban Transport Use
0%
10%
20%
30%
40%
50%
Buses
Cars/Van
sBike
s
Motorb
ikes
Walki
ngTra
in
Mode of Transport
Perc
enta
ge o
f Peo
ple
Series1
Buaicthráth tráchta (rush hour)
Buaicthráth tráchta: An tréimhse laethúil ina bhfuil an trácht ina mbíonn níos mó trácht ná aon am eile – 9 a.m. agus 5 p.m. de ghnáth.
Is dushlán é an bhuaicthráth tráchta a bhainistiú mar go n-osclaíonn scoileanna agus oifigí, den chuid is mó, ag a 9 a chlog ar maidin.
Bíonn tranglam tráchta ann de bharr nach mbíonn daoine ag siúl. Ní shiúlann daoine de bharr go mbíonn na bóithre an-chontúirteach ag an am seo.
Bealaí chun srian a chur le húsáid carannaTá bealaí éagsúla chun úsaid
carranna a laghdú i lár na cathrach:
1. Táillí an-daor le híoc ar charrchlóis in aghaidh na huaire.
2. Clampáil caranna a bhíonn páirceáilte go mídhleathach agus fíneálacha troma, ar an spota, á dtabhairt amach.
3. Sráideanna do choisithe amháin.
Córas iompair poiblí
Cén buntáistí a bhaineann le córais iompair poiblí? Ní bhíonn i gcarr ach an tiománaí, ach is féidir le bus cúig phaisinéir is seachtó a iompar.
Tá sé níos fearr don timpeallacht (ní scaoiltear an méid chéanna CO2).
Cad iad na nithe atá riachtanach le córais iompair poiblí?
Go bhfuil sé cóngarach don áit a chónaíonn tú. Go bhfuil sé saor le n-úsaid. Go bhfuil sé tapa agus go bhfuil tú in ann brath air.
Córas iompair poiblí i mBÁC
1. Busanna: 1,600 bus. Ta sé níos tapa a bheith ag taisteal ar bhusanna. Samplaí ná Bus Éireann agus Dublin Bus.
2. Iarnróid: An DART (Mearlíne Átha Cliath) a thógann daoine ó cheantair cósta agus ó bhruachbhailte go Lár na Cathrach. Chomh maith leis an DART, tá an Luas. Tá dhá líne ag an Luas agus tá siad á nascadh i Lár na Cathracha faoi láthair.
3. Meitreo: Tá sé i gceist córas meitreo a thógáil amach anseo, ón taobh ó thuaidh de lár na cathrach chuig an arfort agus as sin chuig Sord.
An DART An Luas
Fadbhanna uirbeacha
Don Teastas Sóisearach: Dhá fhadbh le foghlaim chun ceist fhada a dhéanamh.
Céard iad na fadbhanna a bhíonn ann i gceantair uirbeacha?1. Dífhostaíocht2. Meathlú uirbeach (urban decline) agus sraoilleáil
uirbeach (urban sprawl)3. Coiriúlacht4. Cur as don phobal
Fadbhanna uirbeacha
Bíonn ceantair meathlaithe in go leor cathracha, lár na cathrach go hiondúil
Bíonn go leor daoine dífhostaithe ann (chuaigh na tionscail chuig áit eile nó tá siad dúnta anois).
Níos lú daoine ina gcónaí ann. Chuaigh siad chuig na bruachbhailte - Sraoilleáil Uirbeach (urban sprawl).
Go leor áiteanna ann a bhíonn tréigthe. Bíonn go leor de na foirgnimh dúnta & folamh.
Is bloic ollmhóra de thithíocht údaráis áitiúil iad go leor de na tithe a bhíonn i lár na cathrach.
Áiteanna a mbíonn meathlú (decline) i gceist
Meathlú uirbeach (urban decline): Meath (deterioration) i lár na cathrach de bharr easpa cothabhála (maintenance) agus easpa infheistíochta.
Sraoilleáil uirbeach (urban sprawl): Forbairt uirbeach ag leathadh isteach i gceantair tuaithe.
Tearmaíocht
Is iad drugaí agus ídiú ciníoch na príomh-choireanna a tharlaíonn i lár na cathrach.
Is i measc lucht drugaí a tharla roinnt mhaith dúnmharuithe le blianta beaga anuas.
Bíonn dífhostaíocht ard i gceist le handúiligh druga agus ní bhíonn airgead acu ansin chun drugaí a cheannach – tosaíonn siad ag robáil ó dhaoine eile dá bharr.
Le blianta beaga anuas, bíonn ídiú ciníoch i gceist i gceantair uirbeacha le roinnt de na himircigh.
Coiriúlacht (crime)
Taispeánann na fótagraif thuas feidhmeanna difriúla uirbeacha. Ainmnigh agus déan cur síos ar aon DÁ fheidhm a thaispeántar sna fótagraif.
Ainmnigh agus mínigh DHÁ fhadbh a d’fhéadfadh cur isteach ar dhaoine a mhaireann i gcathair.
Obair bhaile
I gcathracha sa domhan thiar, rinne na húdaráis phleanála iarracht na fadbhanna sóisialta agus eacnamaíochta a mhaolú trí thabhairt faoi thionscnaimh faoi leith:◦1) Athnuachan (renewal) agus forbairt i lár na cathrach
◦2) Bailte nua a phleanáil
Forbairtí uirbeacha
Athnuachan Uirbeach: Nuair a leagtar seantithe a bhíonn ar chaighdeán íseal i lár na cathrach agus nuair a thógtar tithe nua-aimseartha ina n-áit do mhuintir na háite ar na suíomhanna céanna. Bíonn feidhm chónaithe fós leis an áit.
Athfhorbairt Uirbeach: Nuair a leagtar foirgnimh agus tithe a bhíonn tréigthe i lá na cathrach agus nuair a thógtar oifigí, óstáin agus árasáin ina n-áit. Athraíonn an fheidhm a bhíonn leis an gceantar.
TEARMAÍOCHT
Na cásanna-staidéir: Athnuachan uirbeach: Fatima Mansions i mBÁC.Pleanáil agus tógail bhaile nua: Baile Adaim
Le blianta fada anuas, tá údaráis uirbeacha ag athnuachan agus ag athfhorbairt limistéir mhóra i lá na gcathracha in Éirinn.
Fuarthas airgead i mblianta An Tíogair Cheiltigh ó chistí rialtais agus ó chistí phríobháideacha do na tionscadail seo.
Cás-staidéar:Athnuachan uirbeach in Fatima Mansions sa Charnán i mBÁC
Lonnaithe ar an taobh ó dheas de lár na cathracha i mBÁC. Bhí ar an bpobal in Fatima Mansions dul i ngleic le dúshláin
(challenges) go leor ag tús na haoise seo: 44% tuismitheoirí aonair = bochtanas. 38% faoi 15 bliana d’aois, níos mó ná dhá oiread an mheáin
náisiúnta. Ní raibh aon cháilíochtaí foirmiúla (oideachas) ag 61% de
dhaoine fásta. 39% deb phobal dífhostaithe go dtí 2005. Drochshláinte, fágáil na scoile luath agus drugaí.
Fatima Mansions
An Carnán
Bord Athghiniúna Fatima Mansions agus an pobal áitiúil ag cabhrú le todhchaí an cheantair a phleanáil.
2005: Athnuachan tosaithe Tithíocht mheasctha inniu 2008: 600 teaghlach ina gcónaí sa cheantar nua-thógtha.
Athnuachan an cheantair
Pleanáil an bhaile
1. Pobal inbhuanaithe (sustainable) – caint idir an pobal agus na gardaí.
2. Leibhéil oideachais a ardú – Oifigigh oideachais do dhaoine3. Sláinte a fheabhsú – Daoine a chur ar an eolas faoi sláinte4. Traenáil d’fhostaíocht – Scéimeanna traenála áitiúla5. Béim ar na healaíona (arts) agus ar chultúr6. Forbairt ar áiseanna – Áiseanna caithimh aimsire chun
daoine óg nó aosta a spreagadh le tabhairt faoi spórt.7. Áiseanna don phobal a thógail8. An timpeallacht – Cur ar an eolas maidir le hathchúrsáil
Athnuachan shóisialta in Fatima Mansions
Click icon to add picture
Baile nua a phleanáil Tamhlacht
Tamhlacht Taobh thiar theas de BÁC 1960í – Sráidbhaile le
talamh feirme. Tógtha sna 1970í Inniu – Ceantar cónaithe
(60,000 duine).
Dlús an-íseal de thithe Achar fada ó stad an bhus Easpa áiseanna caithimh aimsire, siopaí agus iompair
Leibhéal ard dífhostaíochta sna 1980í (cúlú eacnamaíochta)
Drochsheirbhísí i dTamhlacht
Ionad siopadóireachta – An Chearnóg Ospidéal réigiúnach Stad deireanach de líne dhearg an Luas Eastát tionsclaíochta Ollscoil – IT Tallaght Áiseanna spóirt – Láthair Náisiúnta Chispheile, cumainn CLG
agus club sacair Ruagairí na Seamróige. Tionscadail chultúrtha Infheistíocht – ardú i bhfostaíocht Forbairt ar bhaile nua – BAILE ADAIM
TAMHLACHT INNIU
An 1ú bhaile san 20ú haois in Éirinn
Baile nua a rinne mé staidéar air i rith mó chúrsa.
Baile Adaim
Baile Adaim• 16km siar ó lár chathair BÁC.• Tógtha i 2004.• Lonnaithe in aice le hianród Chill Dara-Heuston – nasc leis an CBD.• Forbairt le dlús ard (trí úrlár i ngach foirgneamh).• Seirbhísí ar fáil go tapa.• 2008 - Stáisiún traenach, dhá mhórlána bus, bunscoileanna agus
áiseanna crèche, ionad siopadóireachta, cead pleanála do lár an cheantair i mBaile Adaim, le siopaí, oifigí, áiseanna caithimh aimsire agus 600 árasán.
Baile Adaim
Ceist scrúdaithe, 2014
UIRBIÚ SA DOMHAN ATÁ I MBÉAL FORBARTHA
Fadbhanna le huirbiú sa domhan atá i mbéal forbartha
• Éagothroime eacnamaíocha agus sóisialta
• Forbairt nach mbíonn pleanáilte
• Easpa seirbhísí infreastruchtúir
Sampla: Kolkata san Ind1. Éagothroimí sóisialta agus eacnamaíocha
Daoine saibhre Daoine bochta
• In ann fanacht in óstáin ghalánta sa CBD.
• Siopadóireacht i New Market.
• Ráschúrsa an Kolkata Turf Club in Maidan.
• Clubanna oíche• Gníomhaíochtaí spóirt
• Ina gcónaí i mbailte seantáin i gceantair uirbeacha (árasáin ilstóracha le 3 ghlúin nó níos mó).
• Tiománaithe tacsaí, lucht ceirde, oibrithe monarchan, agus oibrithe leathair.
• 2007: D’ardaigh praghas an ghráin agus bhí ardú 50% de phraghas rise thar thréimhse 12 mhí
• Téann daoine ar imirce chucu – dlús daonra ard.
• Le fáil in aice le stáisiúin traenach, ar fhánaí géara, ar an bhféar in aice le bóithre, faoi uasbhealaí (flyovers), ar thalamh gan rath (wasteland) agus ar imeall na cathrach.
• Ní bhíonn aon chóras séarachais ná aon uisce reatha iontu. Bíonn baol galar i gceist, go háirithe i measc leanaí óga.
• Stádas sóisialta íseal ag na daoine.• Ag obair ar ricseá, i dtionscal na tógála agus
ag iompar earraí troma ó áit go háit.
2. Forbairt nach mbíonn pleanáilte (ceantair uirbeacha)
3. Seirbhísí infreastruchtúir
Infreastruchtúr maith Droch-infreastruchtúr
• Córas teileafóin phoiblí• Ríomhphoist agus
leathanbhanda• Córas iarnróid faoi
thalamh (meitreo)
• Busanna ag truailliú • Infreastruchtúr an leictreachais
(teipeann an sóláthar leictreachais go minic)
• Diúscairt dramhaíola