8
CULTÚRLáN An Ghaeilge tríd na healaíona, na healaíona trí Ghaeilge An ghaoth aneas ó Mhúscraí Tagann an chéad taispeán- tas eile i nDánlann Gerard Dillon chugainn ó Mhúscraí i gContae Chorcaí. Ealaíontóírí Mhúscraí atá á chur inár láthair agus beidh ar taispeáint ó lár mhí Aibreáin. Tuilleadh istigh.... dea-scéala againn do Ghaeil Bhéal Feirste agus lucht leanúna an rac-cheoil trí chéile — ní fada go mbeidh an banna Rís ag tabhairt aghaidh ar an Chultúrlann chun a n-albam nua, Yahú, a sheoladh anseo. Tá an ceathairéad ceolmhar ón Cheathrú Rua i gConamara tar éis a dheimhniú go mbeidh siad ag seinm ag an Chultúrlann ar an tSatharn, 6 Meitheamh ag 8in. Beidh ticéid ar fáil don cheolchoirm seo go luath. YAHÚ! Seo chugainn Rís — rac-cheol as Gaeilge ag teacht chun na Cultúrlainne Rís le racáil sa Chultúrlann A Conamara based rockband, will have their own D-Day in the Cultúr- lann on Saturday 6 June. Rís launch their new album, Yahú, which is packed with foot-stomping original hits as Gaeilge, at a concert in the Cultúrlann at 8pm. The sculpture pictured above is Suite Georgia 1 by Robert Rasmussen and it will be part of the Ó Dhúthaigh Mhúscraí exhibition, which opens at Dánlann Dillon on 30 April. Fáilte go CULTÚRLáN, nuachtlitir agus clár na Cultúrlainne do na trí mhí romhainn. Le cois le heolas ar imeachtaí agus ranganna a bhíonn ar bun i rith an ama ag an Chultúrlann, beidh scéalta beaga, gné-ailt, grianghraif agus comórtais agus go leor, leor eile san eagrán seo agus sna heagráin amach romhainn de CULTÚRLáN. Tá sé i gceist tuairiscí ar imeachtaí, léirmheasanna agus pictiúir a oilsiú agus beidh comórtais ann chun ticéid agus duaiseanna eile a bhuachan. Ag cúl an eagráin tá liosta de na himeachtaí ar fad a bheidh ar bun againn ó thús Aibreáin go deireadh Mheithimh. Beidh eolas faoi na himeachtaí ar shuíomh idirlín na Cultúrlainne, www.culturlann.ie, suíomh atá á athdhearadh i láthair na huaire ag Robbi McMillen, iar- scoláire i gColáiste Feirste agus dearthóir suíomhanna is aipeanna ardmholta anois. Ar ndóigh, beidh sibh ábalta go leor nuachta a áil freisin ach @culturlann a leanúint ar Twitter nó dul chuig www.facebook. com/AnChulturlann. Le teacht an chláir seo, tá teacht eile. Is é Concubhar Ó Liatháin a thagann i gcomharbacht ar Frainc Mac Cionnaith i bpost an bhainisteora imeachtaí agus margaíochta. Tá Frainc ag obair anois le Glór na nGael. Go n-éirí leo beirt! Idir chultúr is nuacht New Cultúrlann programme packed with news and events Welcome to our new- style programme of events/ classes and newsletter, CULTÚRLáN. As the name suggests, this publication will be brimful of news of events and activities at the flagship Irish language cultural centre. With the advent of this programme comes the news also that Concubhar Ó Liatháin succeeds Frainc Mac Cionnaith as Marketing and Events Manager. Aibreán-Meitheamh 2015 www.culturlann.ie SAOR IN AISCE Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Eispéireas Ealaíon Ghaeilge Bhéal Feirste 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Co. Aontroma, BT12 6AH Tel: 028 90964180 • oifi[email protected] • www.culturlann.ie

Cultúrlán aib meith2015••a4 2

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Is é seo CULTÚRLáN, clár imeachtaí, ranganna agus eile ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, agus tugann an foilseachán seo léargas ar a bheidh ag tarlú san ionad chultúrtha Gaeilge ar Bhóthar na bhFal i mBéal Feirste.

Citation preview

Page 1: Cultúrlán aib meith2015••a4 2

CULTÚRLáN

An Ghaeilge tríd na healaíona, na healaíona trí Ghaeilge

An ghaoth aneas ó MhúscraíTagann an chéad taispeán-tas eile i nDánlann Gerard Dillon chugainn ó Mhúscraí i gContae Chorcaí. Ealaíontóírí Mhúscraí atá á chur inár láthair agus beidh sé ar taispeáint ó lár mhí Aibreáin.

Tuilleadh istigh....

Tá dea-scéala againn do Ghaeil Bhéal Feirste agus lucht leanúna an rac-cheoil trí chéile — ní fada go mbeidh an banna Rís ag tabhairt aghaidh ar an Chultúrlann chun a n-albam nua, Yahú, a sheoladh

anseo. Tá an ceathairéad ceolmhar ón Cheathrú Rua i gConamara tar éis a dheimhniú go mbeidh siad ag seinm ag an Chultúrlann ar an tSatharn, 6 Meitheamh ag 8in. Beidh ticéid ar fáil don cheolchoirm seo go luath.

YAHÚ! Seo chugainn Rís — rac-cheol as Gaeilge ag teacht chun na Cultúrlainne

Rís le racáil sa Chultúrlann● A Conamara based rockband, will have their own D-Day in the Cultúr-lann on Saturday 6 June. Rís launch their new album, Yahú, which is packed with foot-stomping original hits as Gaeilge, at a concert in the Cultúrlann at 8pm.

The sculpture pictured above is Suite Georgia 1 by Robert Rasmussen and it will be part of the Ó Dhúthaigh Mhúscraí exhibition, which opens at Dánlann Dillon on 30 April.

Fáilte go CULTÚRLáN, nuachtlitir agus clár na Cultúrlainne do na trí mhí romhainn.

Le cois le heolas ar imeachtaí agus ranganna a bhíonn ar bun i rith an ama ag an Chultúrlann, beidh scéalta beaga, gné-ailt, grianghraif agus comórtais agus go leor, leor eile san eagrán seo agus sna heagráin amach romhainn de CULTÚRLáN.

Tá sé i gceist tuairiscí ar imeachtaí, léirmheasanna agus pictiúir a fhoilsiú

agus beidh comórtais ann chun ticéid agus duaiseanna eile a bhuachan.

Ag cúl an eagráin tá liosta de na himeachtaí ar fad a bheidh ar bun againn ó thús Aibreáin go deireadh Mheithimh. Beidh eolas faoi na himeachtaí ar shuíomh idirlín na Cultúrlainne, www.culturlann.ie, suíomh atá á athdhearadh i láthair na huaire ag Robbi McMillen, iar-scoláire i gColáiste Feirste agus dearthóir suíomhanna is aipeanna

ardmholta anois. Ar ndóigh, beidh sibh ábalta go leor nuachta a fháil freisin ach @culturlann a leanúint ar Twitter nó dul chuig www.facebook.com/AnChulturlann.

Le teacht an chláir seo, tá teacht eile. Is é Concubhar Ó Liatháin a thagann i gcomharbacht ar Frainc Mac Cionnaith i bpost an bhainisteora imeachtaí agus margaíochta. Tá Frainc ag obair anois le Glór na nGael. Go n-éirí leo beirt!

Idir chultúr is nuachtNew Cultúrlann programme packed with news and events

● Welcome to our new-style programme of events/classes and newsletter, CULTÚRLáN. As the name suggests, this publication will be brimful of news of events and activities at the flagship Irish language cultural centre.

With the advent of this programme comes the news also that Concubhar Ó Liatháin succeeds Frainc Mac Cionnaith as Marketing and Events Manager.

Aibreán-Meitheamh 2015 www.culturlann.ie SAOR IN AISCE

Cultúrlann McAdam Ó FiaichEispéireas Ealaíon Ghaeilge Bhéal Feirste

216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Co. Aontroma, BT12 6AH Tel: 028 90964180 • [email protected] • www.culturlann.ie

Page 2: Cultúrlán aib meith2015••a4 2

Cá bhfuil muid?Fáilte go Cultúrlann McAdam Ó Fiaich! Cuireann an Chultúrlann clár ealaíon d’imeachtaí beoga sultmhara ar fáil a chuireann an Ghaeilge agus cultúr na nGael chun cinn. Is áit í ina dtig le turasóirí agus muintir na háite bualadh le chéile. Tá réimse leathan de spásanna againn — orthu sin tá amharclann, trí dhánlann, seomraí ceardaíochta, ionad cuairteoirí, caifé, agus siopa leabhar agus ceardaíochta.

Tá súil againn go dtiocfaidh tú ar an eolas ar fad atá uait san fhoilseachán seo, ach ná bíodh moill ar bith ort dul i dteagmháil linn má bhíonn ceisteanna ar bith eile agat

Tá sé furasta taisteal go dtí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i gcarr nó ar iompar poiblí

Sa charr ó lár na cathrach, is féidir leat dul síos Bóthar na bhFál nó síos an Westlink le teacht a fhad linn. Táimid ar an bhealach a leanann na tacsaithe dubha go dtí an Poll Glas, Cill Uaighe, Bóthar Seoighe, Bóthar an Ghleanna, Sruthán na Bantiarna agus an Charraig Bhán.

Nó is féidir leat taisteal go dtí an Chultúrlann ar aon cheann de seirbhísí bus a leanas: 10a, 10b, 10c, 10d, 10e, 10f, 10g, 10h agus 10x.

● An Chultúrlann on its three floors, contains space for artistic and theatrical expression, a café, a tourist information office, book and gift shop. A new extension officially opened in September 2011 has added a brand new gall-ery space and a space in which to interact with the language through digital technology. The Cultúrlann is the dynamic heart of the Gael-

tacht Quarter. Live traditional and contemporary music sessions, exhibitions, poetry readings, céilís,concerts, workshops and the child-ren’s arts programme are just some of the reasons why the Chultúrlann is recognised as the Belfast Irish Experience. At Cultúrlann we celebrate our cultural traditions and foster them through classes, workshops and performance.

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich is easily accessed via car or public transport.

By car from the City Centre, we can be accessed via the Falls Road or Westlink. We are on the Black Taxi routes going to: Poleglass, Twinbrook, Shaws Rd, Glen Rd, Ladybrook and Whiterock. We are on bus routes: 10a, 10b, 10c, 10d, 10e, 10f, 10g, 10h and 10x.

Eolas agus ticéidInformation and [email protected]: 028 90 964180

Luan - Aoine: 9-5inSatharn - Domhnach:11rn-4in

Monday - Friday: 9am-5pmSaturday-Sunday: 11am-4pm

Céad Míle Fáilte!Croí na Gaeilge

Croí na nEalaíonCroí na Ceathrún Gaeltachta

2 An Chultúrlann CULTÚRLáN www.culturlann.ie Aibreán go Meitheamh 2015

Where are we?

Page 3: Cultúrlán aib meith2015••a4 2

Séasúr na nAmhrán chugainnGaelic songs from Isle of Man, Conamara and ScotlandLe linn na raithe seo romhainn beidh féasta amhráin Ghaeilge againn sa Chultúrlann agus fonnadóirí ag teacht chugainn ó Ghaeltachtaí na hAlban, Chonamara agus Mhanann.

Tá éagsúlacht stil í gceist an oiread le héagsúlacht ceantar nó is é Seán Éinniú, an fonnadóír agus an cumadóir iomráiteach ó Chonamara, a bheidh ar an ardán in Amharclann Mhic Cionnaith ar dtús, ar 29 Bealtaine ag 8in.

Ní fada ó sheol Seán, a bhíonn le clos ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag láithriú an chláir, Trasna Shruth na Maoile, le Mary Anne Ní Chinnéide, albam nua agus is rianta ón albam seo den chuid is mó a bheidh á gceol ag Seán ar an oíche. Fánaíocht nó The Ties That Bind teideal an albaim agus is é an chéad cheann ón chumadóir ó 1992. Tá amhráin ann i nGaeilge, i nGaeilge na hAlban agus i mBéarla.

An oíche dar gcionn, 30 Bealt-aine, beidh blas na Gaidhlige le clos chomh maith nuair a thugann Breabach, banna óg fuinniúíl, cuairt orainn ó Albain. Tá ardmholadh tuillte ag an albam is déanaí uathu, Urlár, agus níl siad ach díreach fillte ó chamchuairt rathúil ar an Ostair. Roimhe sin bhíodar ar an ardán i nGlaschú ag féile iomráiteach, Celtic Connections.

Mar a léigh sibh ar an phríomh leathanach, beidh albam eile á sheoladh an tseachtain dár gcionn, 6 Meitheamh, nuair a thagann Rís

anseo chun a albam nua, Yahú, a sheoladh.

Ag druidim le deireadh mhí an Mheithimh beidh ceolchoirm ar leith ar fad againn le Aon Teanga.

Togra é Aon Teanga a cheang-laíonn Gaeilge na hÉireann, Gaeilge Mhanann agus Gaeilge na hAlban le chéile go ceolmhar.

Is í Ruth Keggin ó Oileán Mhanainn a bheartaigh an togra agus ina teannta beidh Eoin Ó Cheannabháin, ar de shliocht iomráiteach shean-nóis i gConamara dó, agus Marianne Ní Chinnéide ó Alba. Beidh siad san ag canadh amhráin ina dteanga Gaeilge féin agus i dteangacha a

chéile. Seolfar an t-albam Aon Teanga go h-oifigiúil ar an oíche freisin.

● Music fans of all tastes will be catered for in the forthcoming season at the Cultúrlann. As well as the weekly Saturday sessions in ‘Bia’, our café, we will host some great concerts featuring rock, traditional and ballad singing. On 29 May we will host Seán Ó hÉanaigh from Conamara with the launch of his new album. The very next day Breabach, an exciting five piece from Scotland, will be on stage and on 6 June we’re delighted to have Rís launch their new rock CD, Yahú, here. On Thursday 25 June, the unique album, Aon Teanga, will be launched at a concert here.

Aon Teanga CD to be launched at Cultúrlann eventIn a season of song, one of the highlights on the Cultúrlann programme will be the launch of the ‘Aon Teanga’ CD on 25 May. Aon Teanga is the culmination of a year’s work by Manx singer Ruth Keggin who has earned an international reputation for her singing and her devotion to recovering songs in her

native language. She is joined on this album

by Mary Anne Kennedy, who is the Scottish voice in the ‘Sruth na Maoile’ programme on Raidió na Gaeltachta and also by Eoghan Ó Ceannabháin of a famous Conamara sean nós dynasty.

“The Gaelic traditions of Ireland, Scotland and the Isle of

Man reunited.“A unique vocal journey

featuring three of Gaeldom’s finest singers, reasserting the common ground between the three Gaelic nations through the bold new interpretation of tradition and confident new songwriting.”

A night not to be missed, Saturday, 25 May.

Seán Éinniú - albam nua

BREABACH: Ceol fuinniúil ag teacht trasna Shruth na Maoille chugainn

Aibreán go Meitheamh 2015 CULTÚRLáN www.culturlann.ie Ceol 3

Ruth Keggin

Page 4: Cultúrlán aib meith2015••a4 2

Tá na sluaite ag tarraingt ar an Chultúrlann don chéilí mhíosúil againn — agus anois tá sé i gceist tógáil air sin agus ranganna céilí a chur ar fáíl do dhaoine atá as cleachtadh le Baint an Fhéir nó Fallaí Luimní.

Beidh na ranganna ag tosnú ag 7in Dé Máirt, 14 Aibreán, faoi stiúir Bhanríon na gCéilí, Máire Bn Uí Bhruadair.

Bheartaigh An Chultúrlann na ranganna céilí a chur ar fáil de bharr an tuiscint atá againn go mbíonn daoine ag iarraidh barr snasa a chur ar a scileanna céilí le haghaidh ócáidí teaghlaigh.

● Are you daunted by the Walls of Limerick, awed by the Waves of Tory or embattled by the Siege of Ennis?

If you are, here’s an opportunity not to be missed to brush up on your céilí dancing skills. For a limited ten week period, we will be hosting a céilí dancing class at the Cultúrlann each Tuesday night at 7pm, starting on 14 April.

This would be ideal for people

preparing to host a family event where you could introduce the joy of céilí dancing to your relatives for instance. Or it could be the ideal stepping stone to attending the regular monthly Céilí at the Cultúrlann. Throngs are making their way to this event. The next

event in the Céilí calendar is on April 19. Teaching the course will be Máire Bn Uí Bhruadair, the renowned Bean a’ Tí at the Sunday night céilí.

If you would like to book your place, please call us at 02890 964180 or email [email protected].

An dtiocfaidh tú chuig an Céilí?Céilí dancing classes to help you master ‘Tonnta Thóraí’!

Bunrang GaeilgeTéarma nua dár rang Gaeilge do thosaitheoirí le hAodán Mac Shéafraidh.10 rang/classes £35, lacáiste/discount £25Dé Céadaoin 15 Aibreán 7inIrish for beginnersWednesday 15 April 7pm

Bunchomhrá GaeilgeRang a chuirfidh ag caint thú! Dé Céadaoin 15 Aibreán 7inSuitable for learners with basic grasp of Irish.Saor in aisce. FreeWednesday 15 April 7pm

Na Saoithe Gan Locht– Rang na bPinsinéiríRang seachtainiúil ar chúrsaí teanga, litríochta, scéalaíochta, amhránaíochta agus a thuilleadh, le Phil Stiúbhart. Dé Céadaoin 15/4 10rn-Meánlae Glactar le síntiúis dheonacha.

Gaeilge for Senior CitizensWeekly class with Phil Stuart. Wednesday 15/4 10am-12 (Voluntary contributions accepted)

Rang Gaeilge is tú ag fánachtDeis do thuismitheoirí cúpla frása a fhoghlaim agus snas a chur ar a gcuid cainte le linn dá bpáistí a

bheith ag freastal ar chlár Sathairn na Cultúrlainne.Fáilte roimh chách.Dé Sathairn. 1.30-3.30in Muinteoir: Diarmuid Breslin. Glactar le síntiúis dheonacha.Irish While You WaitWhile your child is attending the Saturday programme events, you can brush up on your cúpla focal! Saturday 1.30-3.30pmOpen to all. Voluntary subscriptions accepted.

TGMO GaeilgeDé Sathairn 18 Aibreán 10-12.30Cúrsa creidiúnaithe dírithe 30 seachtain a phléann leis an Ghaeilge i gcomhthéacs na héisteachta, na cainte, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta. Fóir-steanach d’fhoghlaimeoirí a bhfuil dó nó trí de bhlianta de ranganna oíche déanta acu. Múinteoir: Diarmuid Breslin, arna eagrú ag Gaelchúrsaí.GCSE GaeilgeFocused and accredited. 30 week course - listening, speaking, reading, writing. Suitable for students who have completed 2/3 years of night classes. Organised by Gaelchúrsaí. Saturday 18 April, 10am-12.30pm.

Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na GaeilgeCúrsa páirtaimseartha dírithe orthu siúd ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge nó do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge go laethúil ar mhian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge.Criochnóidh an chúrsa seo ar 9 Bealtaine ach táimíd ag súil é a reachtáíl arís amach anseo. Má tá spéis agat, seol riomhphost chuig [email protected] Course - Accuracy in Irish (in co-operation with Gaelchultúr)This course finishes in May but we will run it again. Please email [email protected] if you’re interested.

Rang Amhránaíochta do Dhaoine FástaRanganna seachtainiúla amhránaíochta le Doimnic Mac Giolla Bhríde. £5 in aghaidh na seachtaine.Déardaoin 16 Aibreán 6-7inSean Nós Singing for AdultsWeekly classes with Corn Uí Riada winner, Dominic Mac Giolla Bhríde. £5 per week.Thursday 16 April 6-7pm

Rang Amhránaíochta do PháistíRanganna dírithe ar pháistí le Gráinne Holland. Saor in aisce.Déardaoin 16 Aibreán 4-5inSinging Classes for Children with Gráinne Holland. Free. Thursday 16 April 4-5pm

Fraincís (meán rang)Rang Comhrá le cainteoir dúchais. Dé Máirt 14 Aibreán7.15-8.45inMedium levelconversational French with native speakerTuesday 14 April7.15-8.45 pm

Ciorcal Comhrá Fraincise Eolas: 07521367824

Rang IógaDaoine Fásta - bunleibhéal agus meánleibhéal.£4/£3 in aghaidh an ranga.Dé Máirt 14 Aibreán 6.30-7.30inYoga Class: Beginner/intermediate level£4/£3 per class. Tuesday 14 April 6.30-7.30pm

Cór Loch LaoCór do dhaoine fásta, cleachtadh gach Déardaoin.

Fáílte roimh bhaill nua.Déardaoin, 16 AibreánThursday, 16 April, 7-9pm

PotaireachtDo thosaitheoirí. Cuirtear ábhar ar fáil.Déardaoin 16 Aibreán, 7-9inPottery for beginners. Materials provided.Thursday, 16 April, 7-9pm

Rang CláirsíRanganna ar an chláirseach leis an teagascóir iomráiteach, Bronagh Muldoon. Déan teagmháil leis an Chultúrlann chun am cuí a shocrú.Harp Classes taught by accomplished harpist, Bronagh Muldoon.Contact Cultúrlann for appointments.

Cór Ban na FéileNí gá duit ach canadh! Dé Céadaoin, 15 Aibreán, 7inFéile Womens’ ChoirAll you have to do is sing!Wednesday, 15 April, 7pm

An Ciorcal Comhrá Spáinnisele cainteoir dúchaisDé Céadaoin, 15 Aibreán5-6pmSpanish ConversationWednesday, 15 April, 5-6pm

Ranganna/Classes

4 Ranganna CULTÚRLáN www.culturlann.ie Aibreán go Meitheamh 2015

Page 5: Cultúrlán aib meith2015••a4 2

Beidh Dánlann Dillon in úsáid le haghaidh taispeántas grianghrafadóireachta ar leith le linn mhí an Mheith- imh.

Léargais Comhaimseartha is ainm don taispeántas seo agus osclófar é Dé Sathairn, 6 Meitheamh. Cuid d’Fhéile Ghriangrhafanna Bhéal

Feirste é an taispeántas seo agus ar feadh tréimhse na féile beidh taipseántaisí is ranganna ar fud na cathrach.

Grianghrafadóirí idir-náisiúnta atá ag glacadh páirte sa taispeántas agus tá an proiseas ar bun faoi láthair chun na h-íomhánna a roghnú.

Fís ealaíonta Mhúscraí le léiriú sa Chultúrlann

● The Dillon Gallery plays host to a very special exhibition of photography. Contemporary Views opens on 6 June and will feature images from a public submissions process currently underway. It will run until the end of July.

Osclófar taispeántas ar leith ar 30 Aibreán, mar atá, Ó Dhúiche Mhúscraí, saothar ó shárealaíontóirí de chuid an cheantair Ghaeltachta sin in iarthar Chorcaí. Beidh sé ar taispeáint i nDánlann Dillon go dtí 4 Meitheamh.

Tháinig Ealaíontóirí Mhúscraí le chéile mar ghrúpa sa bhliain 2000 chun aird a tharraingt ar an réimse ealaíne a bhí á chleachtadh thart ar cheantar Mhúscraí..

Cé go bhfuil a bhfealsún-acht féin ag gach ealaíontóir agus a slí bheatha féin ag gach duine acu, tagann siad le chéile uair sa bhliain le grúpthaispeántas a dhéanamh.

Páirteach sa taispeántas, beidh Bernadette Ní Choitir, Helen Ní Chuill agus Maura Whelan; beidh tírdhreacha ársa éadroma Mháire Ní Shúilleabháin ann; tírdhreacha beoga Pauline Dodds agus saothar lánmhothúcháin

Helen Willems Bogels. Beidh dealbhóireacht cheirmeach Robert Rasmussen ann a thugann idir dhath agus fhoirm le chéile; píosaí ceirmeacha eile le Meredith Flandreau, mínchóimeál-tacha poircealláin spreagtha ag tírdhreach Mhúscraí; saothar suaithinseach gloine le Suzanne O’Sullivan, chomh maith le líníochtaí dúigh a léiríonn caointe agus amhráin na Gaeilge agus saothar machnamhach meáin mheasctha Marie Foley.

● The artists of the Múscraí Gaeltacht have carved out an international reputation for themselves and this month Dánlann Dillon hosts their first Belfast exhibition.

Featuring landscapes, abstract art, glass work, sculpture and installations, this exhibition is a must see. Runs from 30 April to 4 June in Dánlann Dillon.

Gerard Dillon ag spreagadh leis go fóillCrann na Beatha to feature student workThis exhibition, which opened in the Ballaí Bána gallery upstairs in the Cultúrlann on 26 March, showcases the work that emerged from an art workshop with ‘Crann go Beatha’ men’s shed group, and Cultúrlann.

The workshops were facilitated by artist Stephen Millar. The students took their inspiration from the work of Gerard Dillon.

This was part of a larger project with Arts for All, exploring the work of local Belfast Artists.

The exhibition continues until 19 April.

Aibreán go Meitheamh 2015 CULTÚRLáN www.culturlann.ie Ealaíon 5

Beidh ceardlanna an spéisiúil ar siúl ag Breocloch sa Chultúrlann sa tseachtain dar tús 15 Meitheamh. Cluichí & ealaíóna eile ó ré na réamhstaire atá i gceist. Teag:. [email protected]

● We will play host to an exciting series of ancient arts’ workshops in June. Facilitated by Breochloch, these will provide hours of fun and education for children. Info: [email protected]

Grianghraif ón uile chúinne i ndánlann Dillon

An Chultúrlann sa chlochaois!Workshops in ancient arts for children

Page 6: Cultúrlán aib meith2015••a4 2

Sraith léachtaí é seo a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla de stair agus d’oidhreacht Bhéal Feirste chomh fada agus a bhaineann le h-abhainn na Feirste.

A series of lectures which focuses on various aspects of Belfast’s history and heritage, especially in so far as it pertains to the River Farset.

Is í an Bhantiarna May Blood, pearsa aitheanta i gceantar na Seanchille, gníomhaí pobail is ceardchumainn, a thabharfaidh an chéad léacht, Pobal Laistigh de Phobal.

Baroness May Blood will deliver the first Farset Lecture, A Community Within a Community. 7pm/in, 22/4/2015Ionad Spectrum Centre, Bóthar na Seanchille/Shankill Road

Logainmneacha ábhar an dara léachta, léacht a thabharfaidh Aodán Mac Póilin, fear le húdarás aitheanta ar an ábhar.

Placenames will be the subject of Aodán Mac Póilin’s lecture. 7pm/in, 7/5/2015An Chultúrlann

Díreoidh Bobby Foster, staraí na Seanchille, a aird ar ailtireacht ar leith na dtithe sa chathair, ‘Two up, two down”.

Shankill historian Bobby Foster will focus on the ‘Two Up Two Down’ nature of the houses in the working class districts of Belfast. 7pm/in, 20/5/2015Ionad an Spectrum

Saineolaí ar sheandálaíocht na Meánaoise é Ruairí Ó Baoill agus údar ‘Hidden History Beneath our Feet’

An expert in medieval archaelogy, Ruairí Ó Baoill is the author of ‘Hidden History Beneath Our Feet’. 7pm/in, 27/5/2015An Chultúrlann

Léachtaí na FeirsteThe Farset Lectures

● Togra ealaíon agus pobail é Abhainn na Feirste nó The Farset Projects a chuireann roimh na pobail a chónaíonn faoi chúrsa na habhann a nascadh trí mheán na n-ealaíon. Faoi láthair tá ceardlanna agus eile ar bun i measc an phobail ag an togra agus in 2016, beidh ceiliúradh spleodrach uilechathrach ann.

Tá dhá eagras Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Ionad Spectrum Bhóthar na Seanchille ar chúl an togra seo atá tar éis maoiniú a fháil ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, Comh-

airle Ealaíona Thuaisceart Éir-eann agus ó Chiste Oidhreachta an Chrannchuir. Roghnaíodh Abhainn na Feirste mar cheann de leathdhosaen tograí ildánacha a shaothraigh tacaíocht faoin lipéad “Béal Feirste Cruthaitheach”.

● Farset Project is an umbrella term representing two projects that are a partnership lead by Cultúrlann McAdam Ó Fiaich and The Spectrum Centre. For further information on either organis-ation see www.culturlann.ie or www.spectrumcentre.com

Abhainn Bheo na Feirste/The Living River Farset Project is an arts and cultural project aimed at connecting communities to the River Farset through the arts. It is one of seven Creative Belfast projects funded by Belfast City Council and the Arts Council of

Northern Ireland. For further information on the Creative Belfast Fund go to www.belfasticty.gov.uk/creativebelfast or www.facebook.com/creativebelfast

The Farset Heritage Project is aimed at connecting communities to the rich local heritage of the River Farset and surrounding areas and to promote this heritage by creating a tourism product that will benefit the local community. It is funded by the Heritage Lottery Fund. For further information on projects funded by Heritage Lottery please see www.hlf.org.uk

Togra pobail Abhainn na Feirste

An Bantiarna May Blood

Aodán Mac Póilín‘Two Up Two Down’

6 Abhann na Feirste CULTÚRLáN www.culturlann.ie Aibreán go Meitheamh 2015

7 MeitheamhPicnic na Feirste 13.00-15.00 Páirc Spraoi Bhaile na Saileán

Beir leat picnic is bain sult as an lá teaghlaigh seo cois abhainn na Feirste.

Siamsaíocht le ceol, péintéirí aghaidhe agus carachtairó shaol tionsclaíoch Bhéal Feirste.

Saor in aisce!

Page 7: Cultúrlán aib meith2015••a4 2

Más suim leat scannáin, beidh do shá agat in Amharclann Shiobhán Mhic Cionnaith sa tséasúr atá romhainn nó beidh Féile Scannáin Bhéal Feirste ar cuairt sa Chultúrlann le linn na hAibreáin. Anuas ar sin, beidh dhá ócáid againn de chuid Chumann Scannáin na hAistroda/Guerilla Film Club le linn mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh.

Ar na scannáin a bheidh á dtaispeáint le linn chuairt na Féile Scannánaíochta tá clár faisneise ón sraith Radharc faoin imtheorannú, eagrán de chlár ceoil TG4, Ceolchuairt, agus An Bronntanas, scéinséir Gaeltacht Noir a thuill ainmniúchán Oscar na tíre seo i gcatagóir na scannáin i dteangacha seachas Béarla. Beidh na

scannáin seo ar siúl ar 8in ar an 23, 24 agus 25 Aibreán. Am lón ar 16 Bealtaine & 20 Meitheamh, beidh léiriú ag Cumann Scannán na hAistroda ar Bringing Them Home, insint tocht-mhar ar an oibríocht a chuir poblachtaithe ar bun chun coirp an triúr ball den IRA a maraíodh i Gibraltar a thabhairt abhaile.

● Cultúrlann will host a feast of film during the coming weeks with a visit from Belfast Film Festival on 23/24/25 April during which the Oscar nominated Gaeltacht noir thriller An Bronntanas will be shown. The Guerilla Film Club will show features at lunchtime on 16 May and 20 June.

Na Bopóga abú!

Féasta scannán romhainn

RÉALTAÍ NA TODHCHAÍ: Aisteoirí óga ag ullmhú don seó mór ar 13 Meitheamh

Nuair a bheidh stiúrthóirí agus leiritheoirí ag lorg réaltaí do scannáin na todh-chaí, gach seans go mbeidh siad ag amharc ar chéimithe Scéim Drámaíochta na Cultúrlainne, Aisling Óg.

Tá an scéim anois faoi stiúir Niamh agus Órla McGurk, in éineacht le Tania Devlin, tar éis sár obair bheith déanta ag bunaitheoir Aisling Óg, Nuala Ní Néill. Tá Nuala anois i mbun naíolann lán Ghaeilge, Teach Mhamó.

Beidh seó bliantúil Aisling Óg ar siúl sa Chultúrlann Dé Sathairn, 13 Meitheamh ag 8in.

Leagan Gaeilge den leabhar iomráiteach ó pheann John Boyne, The Boy In The Striped Pyjamas, a bheidh faoi chaibidil ag Cumann Léitheoireachta na Cultúrlainne.

I gcomhar leis an scéim foghlamtha Gaeilge, Líofa, tá leaganacha Gaeilge de leabhair ar nós Oileán an Órchiste (Treasure Island) curtha ar fáil chun bunú cumainn leitheoireachta a éascú.

Beidh an chéad chruinniú den chumann leitheoireachta ar siúl ag 7.30in ar 15 Aibreán.

Gan amhras, beidh a thuilleadh seoltaí ag Club Leabhar Choiscéim Féirste ar siúl ag An Ceathrú Poilí idir Aibreán agus Meitheamh agus foilseofar an t-eolas seo ar shuíomh na Cultúrlainne mar aon leis na meáin shoisialta nuair a bheidh dataí cinnte

socruithe. Tá sé beartaithe freisin

roinnt ocáidí eile liteartha a chur ar siúl. Orthu seo beidh agallaimh le h-údair aitheanta amhail Darach Ó Scolaí, Liam Mac Cóil agus eile.

Bí ag faire ar fhoinsí eolais na Cultúrlainne le h-aghaidh an eolais chuí agus idir an dá linn, coinnigh oraibh ag léamh leabhair i nGaeilge!

GAELTACHT NOIR: Radharc ón scannán ‘An Bronntanas’

Leabhair nua faoi chaibidil ag cumann

Aibreán go Meitheamh 2015 CULTÚRLáN www.culturlann.ie Scannáin & Leabhair 7

Aisteoirí óga ag fíorú na hAislinge

● The stars of future Irish language films in the mould of An Bronntanas could come from the ranks of graduates of an Chultúrlann’s youth drama scheme, Aisling Óg. The scheme is now under the

direction of Niamh and Orla McGurk, with the able assistance of Tania Devlin. They took up the mantle from Aisling Óg founder, Nuala Ní Néill, who has now set up her own Irish language nursery, Teach

Mhamó. Aisling Óg’s eagerly

anticipated annual show, always a highlight of the calendar, will be staged in Amharclann Shiobhán Mhic Cionnaith at 8pm on 13/6.

Young stars living the dream

Ná caill Plúra-Lúra, Nóra Bheag agus iomlán a gcairde lena gcuid scéalta, amhrán agus damhsaí a mbainfidh páistí beaga an-spraoi astu agus iad ag cur lena bhforbairt oideachasúil. £3 an páiste nó £5 do bheirt an seisiún.Gach Satharn go 30 Meitheamh, 12.30 - 1.30in

Tiny tots love Bopóga● Don’t miss Plúra-Lúra, Nóra Bheag and all their friends with their stories, songs and dance.Every Saturday until 30 June. 12.30-1.30pm

Page 8: Cultúrlán aib meith2015••a4 2

Dánlann Dillon12 Márta–23 Aibreán Gearóid Mac Lochlainn30 Aibreán – 4 Meitheamh Ealaíontóirí Mhúscraí18 Meitheamh – 23 IúilFéile Ghrianghrafadóireachta

Na Ballaí Bána26 Márta–19 AibreánCrann na Beatha

Ranganna/ClassesTéarma nua ranganna ag tosú ar 13 AibreánRang nua amháin: Rang Rince CéilíAg tosú Dé Máirt, 14 Aibreán 7-8in.

Ceolchoirmeacha/Concerts29 Bealtaine 8in Seán Ó hÉanaigh30 Bealtaine 8in Breabach6 Meitheamh 8in Rís25 Meitheamh 8in ‘Aon Teanga’ Ruth Keggin, Eoin Ó Ceannabháin, Mary Ann Kennedy

Céilithe8in 19 Aibreán; 17 Bealtaine; 21 Meitheamh

Scannáin23,24,25 Aibreán 8in Féile Scannán Bhéal Feirste, 16 Bealtaine, 20 Meitheamh 1inCumann Scannán na hAistroda

Léachtaí na Feirste22 Aibreán 7in Ionad an SpectrumPobal laistigh de PhobalA Community Within a CommunityAn Bantiarna May Blood7 Bealtaine 7in An ChultúrlannLogainmneachaPlacenames Aodán Mac Póilin20 Bealtaine 7in Ionad an SpectrumBeirt Thuas Beirt ThíosTwo Up Two DownBobby Foster 27 Bealtaine 7in An ChultúrlannStair Faoi CheiltHidden HistoryRuairí Ó Baoill

Seoladh/Launch18 Aibreán 1inLeagan Gaeilge ‘Monopoly’ - Glór na nGael

Drámaí13 Meitheamh 8in Aisling ÓgDrámaí Béarla ón taobh amuigh 21-23 Bealtaine 8in Blackbird Theatre Company

Cumann Léitheoireachta Gaeilge 15 Aibreán 7.30in

Oíche Zambia 17 Aibreán 8in

8 Clár Imeachtaí CULTÚRLáN www.culturlann.ie Aibreán go Meitheamh 2015

In Aon Amharc AmháinClár na Cultúrlainne

Aibreán - Meitheamh 2015

Bia@ AN CHULTÚRLANN

216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6AH +44 2890 964184

[email protected]

Is túisce bia ná scéalA meal comes before a story

SIOPA LEABHAIR GHAEILGE BHÉAL FEIRSTE

Fón: 028 9032 2811r-phost: [email protected]

Ag teacht go luath – suíomh gréasáin úrnua: www.anCeathruPoili.com