12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Mórsheoladh An tSiopa Leabhar 2. Ceardlann Logainmneacha 2. Scléip! 2012 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. ógamar Le Gaeilge Iad 5. Barrliosta na Leabhar 6. Meiriceánaigh Ghaeltachta 6. Daonáireamh 2011 7. Mná ina nGaeil Óga! 7. Logainmneacha Loch Garman 8. Ard-Fheis 2012 9. Gradam SnaG 2012 9. Ceardlann Mholtóireachta 10. Folúntas SnaG 10. Gradaim Chumarsáide 2012 11. Irisí Aibreáin 11. Comhdháil Dócmhainneachta 12. Is Leor Beirt 12. Cúrsaí Aibreáin Eagrán 7.6 16 Aibreán 2012 I s iomaí cúis cheiliúrtha atá ag An Siopa Leabhar an mhí seo! Tá athchóiriú déanta ar An Siopa Leabhar féin le cúpla anuas, áit go bhfuil seilfeanna úra, soilse as an nua agus spás léitheoireachta ar leith ar fáil ar an láthair don cheannaitheoir géarchúiseach i gCeannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath anois. Beidh leagan amach úr an tSiopa á sheoladh ar an Luan, 30 Aibreán 2012, mar aon le suíomh idirlín nua an tSiopa ag www.cnag.ie/ siopa. Beidh earraí Gaeilge atá ar díol ins An Siopa Leabhar ar fáil le hordú ar- líne sár i bhfad, idir réimse leathan leabhar, chártaí lámhdéanta, chluichí boird, mhíreanna mearaí, dhlúthdhioscaí, bhréagáin, bhéiríní BábógBaby, DVDnna agus eile, a shásódh Gaeilgeoirí de gach cumas agus gach aoisghrúpa. Chomh maith leis sin ar fad áfach, beidh an leagan Gaeilge d’úrscéal iomráiteach JRR Tolkien, An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís, á sheoladh ar Shráid Fhearchair ag an ócáid chéanna agus beidh sé ar díol go heisiach ag An Siopa Leabhar i ndiaidh an tseolta. Beidh cóipeanna den leagan Gaeilge den úrscéal eipiciúil fantaisíochta á síniú ag na hOllaimh Alan Titley agus Nicholas Williams, aistritheoirí an tsaothair, ag an seoladh. Is é Evertype i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, comhlacht foilsitheora An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís, agus baintear feidhm san eagrán Gaeilge as na maisiúcháin a rinne Tolkien féin. Cuir do chóip-sa in áirithint inniu! Réamhorduithe: www.cnag.ie/siopa / +353 (0)1 4783814 Mórsheoladh an tSiopa Leabhar

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

Embed Size (px)

DESCRIPTION

SAN EAGRÁN SEO: 1. Mórsheoladh An tSiopa Leabhar 2. Ceardlann Logainmneacha 2. Scléip! 2012 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Thógamar Le Gaeilge Iad 5. Barrliosta na Leabhar 6. Meiriceánaigh Ghaeltachta 6. Daonáireamh 2011 7. Mná ina nGaeil Óga! 7. Logainmneacha Loch Garman 8. Ard-Fheis 2012 9. Gradam SnaG 2012 9. Ceardlann Mholtóireachta 10. Folúntas SnaG 10. Gradaim Chumarsáide 2012 11. Irisí Aibreáin 11. Comhdháil Dócmhainneachta 12. Is Leor Beirt 12. Cúrsaí Aibreáin

Citation preview

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Mórsheoladh An tSiopa Leabhar2. Ceardlann Logainmneacha2. Scléip! 20123. Nuacht Áitiúil4. Teicneolaíocht na Teanga4. Gaeilge na Cruinne5. Thógamar Le Gaeilge Iad5. Barrliosta na Leabhar6. Meiriceánaigh Ghaeltachta6. Daonáireamh 20117. Mná ina nGaeil Óga!7. Logainmneacha Loch Garman8. Ard-Fheis 20129. Gradam SnaG 20129. Ceardlann Mholtóireachta10. Folúntas SnaG10. Gradaim Chumarsáide 201211. Irisí Aibreáin11. Comhdháil Dócmhainneachta12. Is Leor Beirt12. Cúrsaí Aibreáin

E agrán 7.6 16 Aibreán 2012

Is iomaí cúis cheiliúrtha atá ag An Siopa Leabhar

an mhí seo! Tá athchóiriú déanta ar An Siopa Leabhar féin le cúpla mí anuas, áit go bhfuil s e i l f e a n n a úra, soilse as an nua agus spás léitheoireachta ar leith ar fáil ar an láthair don cheannaitheoir géarchúiseach i gCeannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath anois. Beidh leagan amach úr an tSiopa á sheoladh ar an Luan, 30 Aibreán 2012, mar aon le suíomh idirlín nua an tSiopa ag www.cnag.ie/siopa. Beidh earraí Gaeilge atá ar díol ins An Siopa Leabhar ar fáil le hordú ar-líne sár i bhfad, idir réimse leathan leabhar, chártaí lámhdéanta, chluichí boird, mhíreanna mearaí, dhlúthdhioscaí, bhréagáin, bhéiríní BábógBaby, DVDnna agus eile, a shásódh Gaeilgeoirí de gach cumas agus gach aoisghrúpa.

Chomh maith leis sin ar fad áfach, beidh an leagan

G a e i l g e d ’ ú r s c é a l iomráiteach JRR Tolkien, An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís, á sheoladh

ar Shráid Fhearchair ag an ócáid chéanna agus beidh sé ar díol go heisiach ag An Siopa Leabhar i ndiaidh an tseolta. Beidh cóipeanna den leagan Gaeilge den úrscéal eipiciúil fantaisíochta á síniú ag na hOllaimh Alan Titley agus Nicholas Williams, aistritheoirí an tsaothair, ag an seoladh. Is é Evertype i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, comhlacht foilsitheora An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís, agus baintear feidhm san eagrán Gaeilge as na maisiúcháin a rinne Tolkien féin. Cuir do chóip-sa in áirithint inniu! Réamhorduithe: www.cnag.ie/siopa / +353 (0)1 4783814

Mórsheoladh an tSiopa Leabhar

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 B ealtaine 2012

Ceardlann LogainmneachaTá ceardlann logainmneacha

á reáchtáil ag Fiontar DCU i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ón 24 - 25 Lúnasa 2012. Bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar-líne atá mar théama na ceardlainne, agus í mar aidhm aici fóram a sholáthar chun saothar taighdeoirí agus cleachtóirí tionscail i réimse na logainmníochta a chur i láthair. Díreofar ar thaighde logainmneacha; réitigh theicniúla do bhainistiú sonraí logainmníochta; agus réitigh

léarscáilíochta, sioncrónú sonraí logainmníochta idir bunachair, agus sonraí logainmníochta dátheangacha/ilteangacha san áireamh. Beidh Helen Kerfoot ón United Nations Group of Experts on Geographical Names mar phríomhchainteoir na ceardlainne. Tá táille €90 ar an gceardlann má chláraíonn tú roimh 1 Meitheamh 2012, €150 má chláraíonn tú ina dhiaidh

sin. Níl ach €50 á ghearradh ar mhic léinn. Tuilleadh eolais: [email protected]

Ba mhór le

GAELSCOILEANNA TEO.

ár mbuíochas a ghabháil legach éinne a ghlac páirt igcomórtas Scléip 2012.

Comhghairdeas ó chroí leis nambuaiteoirí, ach go háirithe leSinéad Toomey asGaelcholáiste Luimnigh abhuaigh oll-duais anchomórtais i mbliana.

Tá liosta iomlán na mbuaiteoiríagus tuilleadh grianghraf ógach babhta den chomórtas lefeiceáil arwww.gaelscoileanna.ie/scleip.

Craolfar buaicphointí Scléip arRaidió na Gaeltachta go luath,bígí ag éisteacht!

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilAn Dún

Tá léacht trí mheán na Gaeilge á reáchtáil ag Cumann Gaelach Leath Chathail

ar an Titanic Déardaoin, 19 Aibreán 2012. Tosóidh an léacht i dTeach Mhícil ar Shráid na nGael i nDún Pádraig ag 7.30in agus beidh comórtas scéalaíocht ghrinn ina dhiaidh ag 8.00in. Beidh an comórtas oscailte do chách agus tá dinnéar do bheirt ag gabháil don bhuaiteoir. Cuirfidh Ronán Mac Thiarnáin an léacht i láthair agus taighde déanta aige ar scéal an Titanic, ceann de na tubaistí mara is mó sa stair. Beidh taispeántas sleamhnáin ag gabháil leis an léacht, pictiúir agus achoimriú Béarla san áireamh. Teagmháil: [email protected]

Áth Cliath

Tá Club Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair ag oscailt go luath gach oíche

Mháirt - Déardaoin chun ciorcal comhrá a reáchtáil do lucht na gcúrsaí atá ag iarraidh cúpla focal a chleachtadh roimh an rang, dar tús arís le linn an téarma ó dheireadh Aibreáin. Casfaidh Rónán Ó Snodaigh sa Chlub ar an 25 Aibreán 2012 freisin, ag tosú ag 9.00in. Ansin tá oíche cheoil, amhrán agus chomhrá le Kevin Doherty eagraithe ag Coiste Cultúir Theach Fhiodh Cuilinn i nGaelscoil Lios na nÓg, Áras Cullenswood, Ráth Éanaigh, ar an 19 Aibreán 2012. Casfaidh Kevin saothar óna album nua, Seeing Things. Áirithintí: [email protected]

Ceatharlach

D’eagraigh Glór Cheatharlach Féile Scoildrámaíochta le linn Sheachtain na

Gaeilge 2012 agus a leithéid de sceitimíní a bhí ar na daltaí i mbun aisteoireachta ar an stáitse galánta in Amharclann GB Shaw! Léirigh naíonáin bheaga ó Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc An Sicín Caillte agus is Scéal Naomh Pádraig féin a bhí faoi chaibidil ag Rang 5 ó Scoil an Teaghlaigh Naofa. Leagan nua-aimseartha den scéal Luaithríona a chuir na

sinsear as Gaelscoil Átha Í ar fáil agus léirigh naíonáin bheaga ó Ghaelscoil Cheatharlach Na Trí Mhuicíní. Chuir Rang 2 agus 3 ó Scoil Naomh Sheosaimh, Baile Haicéad críoch leis an bhféile leis an dráma álainn éagsúil Na Cloig.

Gaillimh

Ní hamháin go mbeidh Cúirt, féile idirnáisiúnta litríochta, ar siúl i

nGaillimh ón 24 – 29 Aibreán i mbliana, ach tá Futa Fata ag eagrú cheardlann scríbhneoireachta in Óstán The Twelve, Bearna, Co. na Gaillimhe, ar an 24, 25 agus 26 Bealtaine 2012 freisin. Is í an t-údar Patricia Forde a bheidh mar theagascóir na ceardlainne, atá á heagrú le tacaíocht airgid ó Ealaín na Gaeltachta. Díreofar ar scríobh leabhair chaibidle don aoisghrúpa 7 – 9 mbliana d’aois. Roghnófar seisear le freastal ar an gceardlann agus iarrtar ar iarrthóirí 3 smaoineamh scéil a sheoladh chuig [email protected] roimh 5.00in, 20 Aibreán 2012.

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 B ealtaine 2012

Teicneolaíocht na TeangaTá seans ann go

mbeidh deis ag lucht na pictiúrlainne i mBaile Átha Cliath a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge sár i bhfad! Is cosúil go bhfuil Omniplex, an t-oibreoir pictiúrlann Éireannaigh, i mbun oibre ar rogha na Gaeilge a chur ar na hinnill ticéad s’acu, áit go mbeidh lucht a gceannaithe in ann áirithintí a dhéanamh agus ticéid go scannáin éagsúla

a bhailiú trí Ghaeilge. Meastar go mbainfear triail as na hinnill le rogha na Gaeilge orthu sa phictiúrlann san ionad siopadóireachta Swan i Ráth Maoinis san ardchathair ar dtús ach má éiríonn go maith leis an togra, tá gach seans go leathnófar rogha na Gaeilge go gach inneall

Omniplex in Éirinn. As go brách linn chun na pictiúrlainne mar sin!

Fad agus a bhí Céilí Mór na Cásca faoi lánseol i gClub CLG Pháras ar an 14

Aibreán 2012, bhí an scannán Gaeilge Seachtar na Cásca: Tomás Mac Donnchadha á léiriú in Iarsmalann Oidhreachta Gael-Meiriceánaí Nua Eabhrac sna Stáit Aontaithe! Is iomaí imeacht eile atá beartaithe ag lucht na Gaeilge san Úll Mór don mhí seo freisin. Léireofar an scannán Smuigléirí Leabhar ins An Claoimh Solais san Ionad Ealaíon Éireannach i gCistin na hIfrinn ar an 17 Aibreán; casfaidh Susan McKeon coirm i Lárionad Éireannach Nua Eabhrac ag 7.30in ar an 28 Aibreán; beidh Airneán na Bealtaine ar siúl in Áras Glucksman na hÉireann in Ollscoil Nua Eabhrac ar an 26 Aibreán; agus beidh scrúdú B2 agus scrúdú B1 de Theastas Eorpach na Gaeilge á reáchtáil san ionad céanna,

ar an 21 Aibreán agus ar an 28 Aibreán 2012 faoi seach, ag 8.00in araon. I gcaitheamh na míosa dar gcionn, beidh

Lá na Gaeilge san Ionad Cultúir Ghaelaigh i Massachusetts ó 8.30rn - 5.00in ar an 5 Bealtaine, fad agus a bheidh Deireadh Seachtaine Gaeltachta arna eagrú ag Daltaí na Gaeilge ar siúl in Esopus, Nua Eabhrac ón 11 - 13 Bealtaine 2012.

Tionólfar cruinniú de Chlub Leabhar Nua Eabhrac sa Lárionad Éireannach Nua Eabhrac ar an 19 Bealtaine 2012, áit go mbeidh an cnuasach gearrscéalta Duinnín: Bleachtaire ar an Sceilg á phlé. Nach gníomhach iad na Gaeil i gcéin!Gach eolas: www.irishartscenter.org / www.irelandhouse.fas.nyu.edu / www.irish-cairde.org / www.daltai.com

Gaeilge na Cruinne

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

Is i gcomhar le Comhluadar, eagras a thacaíonn le tógáil clainne trí Ghaeilge,

atá an leabhar Thógamar Le Gaeilge Iad foilsithe ag Coiscéim i mbliana. Anailís agus cur síos atá sa leabhar seo ar theaghlaigh Gaelacha i gcoitinne, sa Ghaeltacht agus lasmuigh, go háirithe ar na fadhbanna lena gcaithfidh siad streachailt gach lá - idir

scolaíocht, chomhluadar, rialtas áitiúil, sheirbhísí pobail, acmhainní foghlama agus siamsaíochta, na meáin, chearta sibhialta, agus eile. Tá bailiúchán na scéalta pearsanta seo curtha in eagar ag Brian Ó Broin, léachtóir le teangeolaíocht agus léann na meánaoise in Ollscoil William Paterson sna Stáit Aontaithe. Tógadh i nGaillimh é, agus tá sé é féin agus a bhean Josephine Schuster ag tógáil beirt iníonacha le Gaeilge agus Gearmáinis i Meiriceá. Tuar dóchais agus misnigh atá sa leabhar seo áfach; cuirtear síos, ní amháin ar na míbhuntáistí, ach ar na buntáistí agus an luach saothair a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Tuilleadh eolais: www.comhluadar.ie / www.cnag.ie/siopa

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Daoine Óga:1. Céard ata sa Bhosca? – An Gúm

– Áine Ní Ghlinn - €6.502. Micí Moncaí – An Gúm

– Maighréad Ní Ghráda - €5.503. Boscra Fionn Mac Cumhaill

– An Gúm – Tadhg Mac Dhonnagáin - €25

4. Amach – An Gúm – Alan Titley - €7.95

5. Cití sa Gheimhreadh – An Gúm – Valerie Thomas – €6.50

Daoine Fásta:1. Thógamar Le Gaeilge Iad

– Coiscéim – Brian Ó Broin - €102. An Litir – Leabhar Breac

– Liam Mac Cóil - €15 3. Is Gearr... – New Island

– Marian Keyes - €6.994. Cliúsaíocht as Gaeilge – Coiscéim

– Rossa Ó Snodaigh - €85. Labhrann Laighnigh – Coiscéim

– Daithí Ó hÓgáin - €10

Eolas & orduithe: [email protected] / +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) / www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Thógamar Le Gaeilge Iad Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 B ealtaine 2012

Meiriceánaigh GhaeltachtaTá scoláireachtaí

á dtairiscint do shaoránaigh na Stát Aontaithe chun tréimhse a chaitheamh i nGaeltacht na hÉireann an samhradh seo! Bronnadh 20 dámhachtainí Gaeltachta ar iarrthóirí ó Nebraska, Ohio, Texas agus eile ar bhonn píolótach anuraidh. Cuirfear tuilleadh scoláireachtaí ar fáil i mbliana, chun gur féidir le Meiriceánaigh freastal ar chúrsaí Gaeltachta agus iad féin a thumadh i dteanga agus i gcultúr na hÉireann. Is

togra ar leith de chuid an Choimisiúin Fulbright iad na dámhachtainí Gaeltachta samhraidh seo, arna eagrú ag Coimisiún na hÉireann - Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón

gCrannchur Náisiúnta. Ní mór go mbeadh iarrthóirí ag foghlaim nó ag teagasc na Gaeilge le breis is bliana i Meiriceá. Spriocdháta: 30 Aibreán 2012. Gach eolas: www.fulbright.ie

De réir thorthaí Dhaonáireamh 2011 a foilsíodh le déanaí, tá ardú

7.1% tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn ó reáchtáladh an daonáireamh deiridh sna 26 Chontae i 2006. Thug 1.77 milliún duine le fios go bhfuil siad inniúil sa teanga agus cumas acu Gaeilge a labhairt. Is ionann sin agus 41.4% den daonra iomlán agus cé go raibh Gaeilge ag 41.9% den daonra de réir Dhaonáireamh 2006, tá méadú 8.1% tagtha ar dhaonra an Stáit ó shin. Léiríonn na staitisticí is déanaí ó 2001 go labhraíonn 77,185 duine den 1.77 milliún Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais go laethúil (1.8% den daonra); 110,642 duine go seachtainiúil; agus 613,236 duine níos annaimhe ná go seachtainiúil. Sin ardú suntasach

de 5,037 duine; de 7,781 duine; agus de 27,139 duine faoi seach ó bhí 2006

ann. Tá ardú freisin i líon na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht trí chéile - tháinig ardú 5.2% ar dhaonra iomlán na Gaeltachta go dtí 96,628 duine agus astu seo, thug 68.5% le fios go raibh Gaeilge acu, agus 24% acu a thuairiscigh go labhraíonn

siad Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais. Seo ardú de 2.9% ó 2006 agus cuimsíonn sé an méadú beag atá tagtha ar líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla i nGaeltachtaí Thír Chonaill, Chonamara, Chiarraí agus Chorcaí, cé go bhfuil laghdaithe beaga i gceist i nGaeltacht na Mí, Gaeltacht Mhaigh Eo agus Gaeltacht na nDéise. Tuilleadh eolais: www.cso.ie/en/baile/daonaireamh/

Daonáireamh 2011

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Mná ina nGaeil Óga!Más bean tú ag

cur fút i mBaile Átha Cliath, agus má tá Gaeilge ar bith agat, tá tú de dhíth ó Na Gaeil Óga CLG! Bíonn foireann na mban ag traenáil taobh le dúnfort na piléarlainne i bPáirc an Fhionnuisce ag 6.30in gach Luan, agus tá dlús á chur acu leis an bhfoireann chun páirt a ghlacadh i gcorn agus i sraith pheil na mban i mbliana. Is cuma an bhfuil buille

tugtha agat do liathróid pheile riamh roimhe seo nó nach bhfuil. Tá fáilte roimh imreoirí as an nua, idir Ghaeilgeoirí líofa agus lucht an chúpla focal, is cuma cén cumas

Gaeilge ná peile atá agat, ná cén aois atá tú. Bíonn cluichí á n-imirt ar an gCéadaoin. Gach eolas: +353 (0)87 6289794 / [email protected]

Tá An Canónach Séamas S. de Vál as Bun Clóidí tar éis comhaid fuaime

a chur le 393 logainm i gCo. Loch Garman tríd an suíomh www.logainm.ie le gairid. Tá comhaid fuaime i nGaeilge agus i mBéarla curtha le hainmneacha na mbarúntachtaí, na bparóistí dlí, agus na dtoghrann, chomh maith le hainmneacha roinnt gnéithe fisiciúla. Tá comhaid fuaime ag gabháil cheana le logainmneacha i gCo. Phort Láirge, na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chiarraí, Thiobraid Árann, Lú, Liatroma, Luimnigh, na Mí, Chill Chainnigh, Chill Mhantáin, Chorcaí agus Ros Comáin, agus cuirfear tuilleadh logainmneacha, comhad fuaime agus áiseanna idirghníomhacha leis an suíomh amach anseo. Tá www.logainm.ie á fhorbairt ag FIONTAR, aonad teagaisc agus

taighde trí mheán na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn

Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cuireann an suíomh an t-ainm oifigiúil Gaeilge atá ar 100,000 éigin bailte, sráideanna agus oifigí poist ar fud na tíre ar fáil don phobal ar an idirlíon. Is féidir le mic léinn, múinteoirí, iriseoirí,

aistritheoirí agus aon duine eile a bhfuil leagan údarásach uaidh de logainm, teacht ar an eolas go héasca anois trí chuardach a dhéanamh ar www.logainm.ie agus tá 5.3 milliún amas meallta ag an suíomh ó seoladh é go hoifigiúil ar 1 Deireadh Fómhair 2008. Tá an suíomh ina ábhar spéise acu siúd ar fud an domhain a chuireann suim in oidhreacht, i gcultúr agus i dtíreolaíocht na hÉireann chomh maith.

Logainmneacha Loch Garman

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 B ealtaine 2012

Ard-Fheis 2012Glacadh d’aon ghuth leis an rún a mhol

Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán ath-thofa Chonradh na Gaeilge, go mba chóir don dá Rialtas comhstraitéis ghníomhach u i l e - É i r e a n n don Ghaeilge a aontú ag Ard-Fheis 2012 san Óstán Auburn Lodge, Inis, Co. an Chláir ag deireadh na míosa seo caite. Creideann Conradh na Gaeilge go mba chóir don C h o m h a i r l e A i r e a c h t a Thuaidh Theas (CATT) Aonad Pleanála Uile-Éireann a bhunú leis an gComhstraitéis a stiúradh, le hionadaíocht ón bpobal agus ó na húdaráis, agus ba chóir go gcuimseodh an chomhstraitéis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas agus an Straitéis Ghaeilge ó thuaidh. Bhí breis agus 150 duine i láthair ag Ard-Fheis an Chonartha ón 30 Márta - 1 Aibreán 2012, idir theachtaí eagraíochta, Theachtaí Dála agus Sheanadóirí, aoi-chainteoirí, bhaill den phobal, agus imreoirí Fhéile Pheile na nGael arna eagrú ag craobh Na Gaeil Óga CLG, an chéad chomórtas peile seachtar-an-taobh a reáchtáladh mar chuid de chlár na hArd-Fheise. Thug Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Páidí Ó Lionáird, láithreoir 7 Lá; agus Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán an Chonartha, an-léargas don slua a thionól do Chaint na hArd-Fheise ar théama na comhstraitéise oíche Aoine, agus

ghlac teachtaí ón urlár páirt ghníomhach sa phlé ina diaidh. Is ag Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide Ghaelscoil Mhíchíl Uí Chiosóig, a bhí an óráid spreagúil don

bhricfeasta maidin Shathairn. Bhí idir shiamsaíocht, c h e a r d l a n n a t r a e n á l a , chruinnithe agus phlé tábhachtach i dtaca le rúin a leagann clár oibre na heagraíochta amach don bhliain atá le teacht i gcaitheamh an lae a lean. Chuimsigh rúin na hArd-Fheise gach réimse den teanga sa phobal, ina measc

cúrsaí oideachais agus oiliúna, reachtaíocht teanga ó thuaidh agus Bille Gaeltachta ó dheas, seirbhísí Gaeilge, pleanáil teanga agus ceist na scoileanna beaga. Thug na heagrais faoi scáth an Chonartha tuairiscí don Ard-Fheis roimh lón agus lean Comhdháil na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ). Bhí cúrsaí cumarsáide, teicneolaíochta, pleanáil teanga, eagrú imeachtaí agus eile faoi chaibidil sna ceardlanna traenála do chraobhacha agus do bhaill aonair um thráthnóna, fad agus a thosaigh Féile Pheile na nGael 2012 i bPáirc Uí Laoi. D’imir ceithre fhoireann i mbliana: Na Gaeil Óga CLG; foirne áitiúla ó Inis, Cumann na mBratach agus Éire Óg; agus foireann Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, Co. Dhoire, a thaisteal breis agus 350 ciliméadar le páirt a ghlacadh sa tsraith pheile agus i ngnó na hArd-Fheise. Buíochas ó chroí le gach duine a ghlac páirt agus a chabhraigh!

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Gradam SnaG 2012Bronnadh Gradam

Sheachtain na Gaeilge 2012 ar Dhaithí de Faoite ag searmanas i gClub Chonradh na Gaeilge le déanaí. Bleá Cliathach is ea Daithí a bhfuil cónaí air sna Solláin i gCo. Chill Dara anois. Is iar-chathaoirleach Chumann Gaelach UCD é. Caith sé seal ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus chuir sé tús leis an bhféile débhliantúil Ghaeilge Rith i 2010. Ghlac

20,000 duine páirt san fhéile an bhliain sin agus ghlac breis agus 27,000 duine páirt i Rith 2012 níos luaithe i mbliana. Tá Daithí pósta le hAmanda agus iad ag tógáil clainne le Gaeilge. Is ball de Comhluadar é Daithí freisin agus tá sé ag

obair le Hewlet Packard i Léim an Bradáin. Comhghairdeas ó chroí leis! Tuilleadh eolais: www.rith.ie

Beidh Córas Moltóireachta agus Scéim Mharcála an Chomórtais

faoi chaibidil ag ceardlann de chuid Ghlór na nGael in Áras an Mhuilinn, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí Dé hAoine, 27 Aibreán 2012. Is comórtas náisiúnta é Glór na nGael, ina bhfuil forbairt agus caomhnú theanga agus chultúr na Gaeilge mar spriocanna lárnacha aige. Bronnann Glór na nGael €160,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain, trí choincheap an chomórtais phoiblí, agus iad ag iarraidh cumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse den saol a leathnú agus a bhuanú. Tugann siad treoir agus spriocanna cinnte intomhaiste, insroichte do choistí ar fud na tíre mar bhonn lena gcuid oibre go háitiúil,

agus is ionann próiseas measúnaithe an chomórtais agus creatlach pleanála. Reáchtáiltear an comórtas idir Eanáir

agus Nollaig; déantar an mholtóireacht le linn mhí na Samhna. Tá gach coiste a ghlacann páirt sa chomórtas ina chuid de ghréasán náisiúnta le breis agus 100 grúpa eile ar féidir leo a bheith ag comhoibriú agus ag cothú nascanna leo,

agus tá an cheardlann seo oscailte do gach coiste a ghlacann páirt i gcomórtais Ghlór na nGael. Is deis iontach é do choistí eolas a fháil agus a roinnt ar a chéile ar conas is fearr freastal ar riachtanais na moltóirí. Tabharfaidh an cruinniú, agus na seisiúin bhréagmholtóireachta, léargas níos fearr do bhaill coistí ar an gcóras moltóireachta agus ar ról an mholtóra. Áirithintí: [email protected] / +353 (0)46 9487573

Ceardlann Mholtóireachta

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

Tá folúntas do Bhainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus

tá go dtí 12.00in Dé hAoine, 27 Aibreán 2012, ag iarrthóirí le cur isteach ar an bpost. Beidh an Bainisteoir freagrach as plean na Seachtaine a réiteach, a chur os comhair Bhord Sheachtain na Gaeilge, agus é a chur i bhfeidhm. Beidh an Bainisteoir i gceannas ar bhuiséad na Seachtaine, ar fhorbairt na féile, ar acmhainní daonna agus ar chúraimí eile eagraíochta. Dá réir, ní mór go mbeadh taithí bhainistíochta 3

bliana; taithí airgeadais; cáilíocht tríú leibhéal atá in oiriúint don phost, nó a chomhionann; agus scileanna ríomhaireachta - le bogearraí cuntais agus bunachar sonraí go háirithe - ag iarrthóirí. Is gá go mbeadh iarrthóirí in ann cumarsáid mhaith a dhéanamh le daoine agus iad eolach faoi shaol na Gaeilge. Tá ardchaighdeán Gaeilge, idir scríobh agus labhairt,

riachtanach freisin. Tuilleadh eolais: [email protected]

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 B ealtaine 2012

Folúntas SnaG

Tá Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2012 ag ceiliúradh 40

bliain de Raidió na Gaeltachta agus 50 bliain de theilifís RTÉ. Cuirfidh Aengus Mac Grianna, léiritheoir nuachta RTÉ, na gradaim i láthair in Óstán Bhá na Gaillimhe oíche Aoine, 18 Bealtaine 2012. Tá an tsraith ghrinn Rásaí na Gaillimhe in iomaíocht le 7 Lá, Ros na Rún agus Scéal na Gaeilge don ghradam Sraith Theilifíse na Bliana. Tá Páidí Ó Lionáird ainmnithe don ghradam Pearsa Teilifíse na Bliana mar aon le Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Alan Titley, agus Dara Ó Cinnéide. Tá dhá ainmniúchán faighte ag Raidió Rí-Rá agus rachaidh Fuaim Eile in iomaíocht le Splanc (Newstalk), Bosca 106 (Raidió na Life), Iris Aniar agus Adhmhaidin (Raidió na Gaeltachta), agus Comhluadar na Leabhar

do ghradam Clár / Sraith Raidió na Bliana. Is í Síne Nic an Ailí ó Raidió Rí-Rá an t-aon bhean atá ainmnithe sa rannóg

Craoltóir Raidió na Bliana agus í in iomaíocht le Cian Mac Cárthaigh; Cormac Ó hEadhra; Rónán Ó Muithile; agus Gearóid Mac Donnacha do ghradam na bliana seo. Tá na colúnaithe Conall Ó Moráin, Eoghan Ó Néill agus Concubhar Ó Liatháin ó Gaelscéal in adharca a chéile sa rannóg

Colúnaí na Bliana i dteannta Phóil Uí Mhuirí, Mhichíl Uí Chonaola agus Evanne Ní Chulainn. Bronnfar buaicghradam saoil, Aisteoir na Bliana agus Cló Iriseoir na Bliana ar an oíche chomh maith. Tá na gradaim uile urraithe ag Údarás na Gaeltachta arís i mbliana. Gach eolas: www.antoireachtas.ie

Gradaim Chumarsáide 2012

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

Is iomaí foilseachán atá ar fáil do phobal na Gaeilge an mhí seo! Tá an

t-eagrán reatha den iris ar-líne Saol ar fáil ag www.saol.gaeilge.ie agus ní fada ó foilsíodh an dara heagrán de An Gael Óg ach oiread, nuachtlitir mhíosúil leis Na Gaeil Óga CLG. Is féidir é a íoshchóipeáil ó shuíomh nua an chlub ag

www.nagaeiloga.ie mar aon leis an gcéad eagrán ó mhí Feabhra na bliana seo. Má tá ceisteanna nó moltaí agat, i leith na nuachtlitreach ná i leith an tsuímh, is féidir iad a chur in iúl do na heagarthóirí ag [email protected]. Chomh maith leis sin, tá an tríú eagrán de COGAR! ar fáil do Ghaeilgeoirí na hardchathrach anois freisin. Iris stílbheatha agus chomhrá comhaimseartha Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath atá i gceist leis - comhthogra de chuid an Chumainn Liteartha agus an Chumainn Ghaelaigh - agus is féidir an leagan digiteach de a íoschóipeáil ó http://cogar-iris.blogspot.com. Léigí libh mar sin!

Reachtaíocht Ar Son Dócmhainneachta Pearsanta In Éirinn: Dul Chun Cinn Idirnáisiúnta agus Saincheisteanna Intíre is ainm den chomhdháil atá eagraithe ag FLAC, seirbhís saor-chomhairle dlí in Éirinn, san Óstán Radisson Blu i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin, 19 Aibreán 2012. Beidh saineolaithe Éireannacha agus idirnáisiúnta ar chúrsaí dócmhainneachta agus fiachais ag déanamh díospóireachta (trí Bhéarla) ar an mbille nua maidir le dócmhainneacht phearsanta in Éirinn. Áirítear i measc na n-aoichainteoirí Paul Joyce BL; Tom McDonnell; Melina Mouzouraki; agus Egil Rokhaug. Tagann an chomhdháil seo sna sála ar fhoilsiú na dréachtscéime dócmhainneachta pearsanta le déanaí agus an Rialtas ar tí ollchóiriú a dhéanamh ar dhlíthe ársa na hÉireann ar an gceist seo. Tabharfaidh sí deis don lucht freastail imscrúdú a dhéanamh ar aistriú staid fiachas pearsanta mhuintir na tíre seo, i gcomhthéacs dlíthiúil, airgeadais, eacnamaíochta agus sóisialta, roimh fhoilsiú an bhille dócmhainneachta féin ag deireadh na míosa. Osclóidh an tAire Coimirce Sóisialaí, Joan Bruton TD, an chomhdháil. Gach eolas: www.flac.ie

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Irisí Aibreáin Comhdháil Dócmhainneachta

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2012

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 B ealtaine 2012

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth

le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Titanic:

• An bhfuil snámh agat?• An bhfuil eagla ort roimh an uisce?• An raibh tú riamh ar long san Aigéan Atlantach Thuaidh?• Cár chuala tú faoi scéal an Titanic an chéad lá riamh?• An cuimhin leat cé a d’inis duit faoin Titanic?• An raibh gaolta leat ar an línéar paisinéirí daordhálach sin?• An bhfaca tú clár faisnéise faoin long míchinniúnach go fóill?• An dtabharfaidh tú cuairt ar an taispeántas Titanic i mBéal Feirste?• An bhfaca tú leagan 3D de scannán James Cameron go fóill?• An bhfuil cur amach agat ar chúrsaí seoltóireachta?• An mbíonn eagla ort ag taisteal thar sáile ar bhád?• An fearr leat taisteal i ngluaisteán, ar eitleán, ar long, de chos nó de rothar?

Titanic: long, árthach, línéar paisinéirí, dobháite, tubaiste, anachain, cnoc oighir, téigh faoi, téigh síos, téigh go tóin phoill, bád tarrthála