Upload
conradh-na-gaeilge
View
241
Download
2
Embed Size (px)
DESCRIPTION
5. COMÓRTAS FUINNEOIGE AGUS Eagrán 3 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 9 Eanáir 2006 8. IMEACHTAÍ & EILE Craobhacha Nua Craobhacha Nua Ar cheart go mbeadh an Idirlín an Chonartha ag háil isteach ar Shuíomh Eoghan Mac Cormaic ag bronnadh seic €100 ar Mhairéad Uí Lachtnáin [email protected] SAN EAGRÁN SEO: SAN EAGRÁN SEO: vóta a chaitheamh ach gab- 4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig • Ba cheart
Citation preview
Craobh na MíosaCraobh na Míosa- Craobh Mhaigh Cuilinn- Craobh Mhaigh Cuilinn
Tá craobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge agteacht le chéile leis na blianta. I rith na bliana seo caite,tugadh faoi deara go raibh díospóireacht ar bun faoi the-orainneacha na nGaeltachtaí agus bhí a fhios againn gombeadh an cheist sin á plé i dtaobh Mhaigh Cuilinn sari bhfad. In ionad suí siar agus an cinneadh a fhágáil dodhaoine eile, theastaigh ón gCraobh a bheith níosgníomhaí agus stádas Gaeilge i Maigh Cuilinn a mheasagus a chur chun cinn dá mb’fhéidir.Pléadh ceist na Gaeilge le roinnt clubanna, cumannagus daoine éagsúla i rith na bliana agus dealraíonn ségo bhfuil neart Gaeilge sa cheantar agus go bhfuil grú-paí áirithe toilteanach níos mó Gaeilge a úsáid. Bashoiléir go raibh treoir agus tacaíocht ag teastáil ó ghrú-paí agus ó dhaoine aonaracha chun plean Gaeilge achur i bhfeidhm nó chun cur leis an méid Gaeilge alabhraíonn siad go laethúil.Tar éis tamaillín, tuigeadh dúinn go raibh sé deacair an
tacaíocht agus an chomhairle sin a sholáthar ar bhonndeonach. Dá bhrí sin, d'fhostaigh Conradh na GaeilgeMhaigh Cuilinn Síle Ní Chochláin go páirtaimseartha letacaíocht ó Údarás na Gaeltachta chun seirbhís níoscuimsithí a chur ar fáil i dtaobh na Gaeilge dhe. BeidhSíle le fáil chun comhairle agus eolas a sholáthar, chunseirbhís aistriúcháin a chur ar fáil saor in aisce do ghrú-paí deonacha, chun cúrsaí Gaeilge a reáchtáil aguschun ceist na teanga a phlé leis an bpobal i gcoitinne.Thosaigh ranganna Gaeilge na Craoibhe ar 8 Samhain.Bhí rang dírithe ar fhoghlaimeoirí nach raibh Gaeilge arbith acu, ceann do dhaoine a rinne an cúrsad'fhoghlaimeoirí roimh an samhradh agus ceann dodhaoine ar bheagán Gaeilge. Bhí rang comhrá ar siúlchomh maith do dhaoine a bhí in ann Gaeilge a labhairtuair éigin agus ar theastaigh uathu í a chleachtadh arís.Chríochnaigh an trí chúrsa sin an tseachtain seo caiteagus d'éirigh go breá leo. Tá fonn ar na foghlaimeoiríleanúint ar aghaidh le cúrsaí eile i ndiaidh na Nollag.Bhí seastán ag Conradh na Gaeilge ag an aonachceirde i Maigh Cuilinn Dé Domhnaigh, 4 Nollaig, 1.00-5.00i.n. Bhí leabhair agus dlúthdhioscaí ó Chló Iar-Chonnachta á ndíol againn agus bhíomar ag scaipeadheolais faoi chúrsaí Gaeilge i Maigh Cuilinn.Beidh sé chúrsa sa Ghaeilge ag tosú ar 16, 17 agus 18Eanair. Beidh na cúrsaí go léir ar siúl thuas staighre sa
'Forge'. Beidh Bunchúrsa I ar siúl maidin Dé Luain,10.00-11.00. Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine ganaon Ghaeilge ar bith. Beidh Bunchúrsa II ar siúl oícheDé Máirt, 20.00-21.00 agus tá sé oiriúnach do dhaoinear bheagán Gaeilge. Beidh Meánchúrsa I ar siúl oícheDé Céadaoin, 19.00-20.00 agus tá sé oiriúnach dodhaoine a chaith roinnt blianta ag foghlaim Gaeilge arscoil. Beidh Meánchúrsa II ar siúl maidin Dé Luain,11.00-12.00 agus tá sé oiriúnach do dhaoine le Gaeilgeatá cuíosach maith ón scoil. Beidh Ardchúrsa ar siúloíche Dé Máirt, 19.00-20.00 agus tá sé oiriúnach dodhaoine atá líofa nó a bhí líofa tráth.Beidh Dianchúrsa Gramadaí ar siúl oíche Dé Luain,19.00-20.00 agus tá an bhéim sa chúrsa seo ar scríobhna Gaeilge. Beidh €50 ar chúrsa agus mairfidh gachcúrsa ar feadh deich seachtaine. Má tá tuilleadh eolaisuait nó más mian leat cúrsa a dhéanamh, déanteagmháil liom.Tá ranganna céilí á reáchtáil ag Caoimhín Ó Fatharta.Beidh na ranganna ag tosnú i lár mhí Eanair. Má táspéis agat freastal ar na ranganna sin agus chun tuil-leadh eolais a fháil, déan teagmháil le Caoimhín goluath san athbhliain ar 091 556 157.
Eagrán 3 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 9 Eanáir 2006
SAN EAGRÁN SEO:SAN EAGRÁN SEO:
1. TEACHTAIREACHT ATHBHLIANA AN UACHTARÁIN
2. POST LEIS AN GCONRADH I NGAILLIMH
3. FEAR AN PHOIST GNÓTHACH I MBAILE LOCHA RIAICH
4. CROSFHOCAL NA MÍOSA SEO
5. COMÓRTAS FUINNEOIGE
6. LÁ NA GCRAOBHACHA
7. CRAOBH NAMÍOSA
8. IMEACHTAÍ & EILE
Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise duit!Is eagraíocht an-éifeachtach feachtasaíochta éConradh na Gaeilge. Is iomaí feachtas buaiteagainn le blianta beaga anuas. Ní hamháin gurbhaineamar corr as saol na hÉireann le bunúTG4, le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúlaagus le coinníollacha teanga a bheith ina chuidanois den chóras pleanála sa Ghaeltacht, ach lebua STADAS bhaineamar corr as saol nahEorpa chomh maith. Is i gcomhair le heagraiseile is ea a bhaineamar fómhar agus leanfaimidleis an gcomhoibriú.Ta báire na fola buailte linn, áfach, cath mór nalinne seo: ceist na Gaeilge sa chóras oideachais.Is fada namhaid na Gaeilge ag iarraidh an bonna bhaint den Ghaeilge sa chóras oideachais.Rinne dúnadh na gcoláistí ullmúhcháin, dúnadhCholáiste Dhún Chléire agus gearradh siar aruaireanta teagaisc na Gaeilge ag rialtais éagsúlago leor diobhála. Níl acmhainní teagaisc a usaidmar ba choir agus fagann siollabais mhishasulaagus easpa tacaiochta go leor daltai, muinteoiriagus tuismitheoir in isle bri.Sin raite, thaispeain pobalbhreith IMS aguspobalbhreith Fhine Gael go fiu go seasanndaoine oga leis an nGaeilge a bheith le
deanamh ag gach mac leinn go leibheal nahArdteiste. Go deimhin, tacaionn Aontas na MacLeinn in Eirinn agus Aontas na Mac LeinnMeanscoile lenar bhfeachtas go muinfi anGhaeilge ar shli taithneamhach eifeachtach dogach dalta o na naionain go dti an Ardteist.Idir seo agus an olltoghchan beidh namhaid naGaeilge ag obair faoi choim ag iarraidh an bonna bhaint den Ghaeilge ag leibheal na hArdteisteagus ag an 3u leibheal. Beimidne ag obair go hoscailte agus mar is dualduinn i gcomhair le heagrais eile ar son naGaeilge. Ta badh an phobail linn agus bainfimidfomhar aris.
Beirigí bua agus beannacht,Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha.
Teachtaireacht Athbhliana an UachtaráinTeachtaireacht Athbhliana an Uachtaráin
Tá Feidhmeannach Gaeilge á lorg do ThograGaeilge na Gaillimhe. Ní mór go mbeadh taithíleathan aige/aici ar bhainistiú tograí agus arbhainistiú foirne, chomh maith le taithí ag plé leréimse na Gaeilge. Ní mór, freisin, ceadúnas glantiomána a bheith aige/aici agus cumas oibriú as astuaim féin.Tá ardchaighdeán Gaeilge, idir chumas labharthaagus scríofa riachtanach, maraon le scileannacumarsáide, ríomhaireachta agus eagartha.Tuarastal €28,600Seol litir iarratais agus CV chuig:An Rúnaí,Gael-Fhorbairt na Gaillimhe, 45 Sr. Doiminic,Gaillimh.Is é Dé hAoine 20 Eanáir an dáta deiridh iontrála.
Post á fhógairt le Conradh na Gaeilge, GaillimhPost á fhógairt le Conradh na Gaeilge, Gaillimh
Fáiltíonn Dáithí Mac Cárthaigh, UachtaránChonradh na Gaeilge roimh na craobhachanua seo a leanas de Chonradh na Gaeilge aceadaíodh ag an gcruinniú deireanach denChoiste Gnó: Craobh iMeasc, An CumannGaelach, Coláiste Mhuire gan Smál, AnChuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh,An Cumann Gaelach, Coláiste na hOllscoile,Baile Átha Cliath, An Cumann Gaelach,Coláiste na Tríonóide, Craobh an Airm agusAn Cumann Gaelach, Plás
Craobhacha Nua Craobhacha Nua
Maoinithe ag: 1.
Vótaíocht Nua ar ShuíomhVótaíocht Nua ar ShuíomhIdirlín an ChonarthaIdirlín an Chonartha
Ar cheart go mbeadh an
Ghaeilge riachtanach tar éis
an Teastais Shóisearaigh?
• Ba cheart
• Níor cheart
Má tá tuairim agat maidir leis
an gceist seo thuas is féidir
vóta a chaitheamh ach gab-
háil isteach ar Shuíomh
Idirlín an Chonartha ag
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
COMHDHÁIL ÓIGE
AGUS
CRUINNIÚ CINN BHLIANA NA GAEIL ÓGA
Dáta: Dé Luain, 23 Eanáir 2006
Am: 7 i.n.
Ionad: Téatar Swift, Coláiste na Tríonóide
Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh naGaeilge, agus hAonghus ó hAirt dearthóir
Shuíomh Idirlín an Chonartha
Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael, ag bronnadhseic ar Ann Holland agus Seamus Ryan a bhuaigh
comórtas na bhfuinneog i mBaile Locha Riach
Eoghan Mac Cormaic ag bronnadh seic €100
ar Mhairéad Uí Lachtnáin
Aoine, 20 Eanáir 2006(do chraobhacha a thaistealaíonn go Gaillimh go luath)
20.00 Fáiltiú in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
20.30 Plé poiblí leis an Aire Éamon Ó Cuív, Enda Kenny agus
Dáithí Mac Cárthaigh
10.30 Seisiún ceoil agus Club 02 sa Chlub Árus, Sráid Dominic
Dé Sathairn, 21 Eanáir 2006 Óstán an Westwood, Gaillimh
10.00 Tae agus caint fháiltithe an Uachtaráin
- Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán
10.30 Cur i láthair agus aidhmeanna an lae
- Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí
10.40 Súil siar ar obair na bliana
- Eoghan Mac Cormaic, Tánaiste
10.50 Struchtúr agus forbairt na craoibhe
- Peadar Mac Fhlannchadha, an Timire Náisiúnta
11.10 Plé i ngrúpaí:
• Earcú ball nua agus cúnamh breise
Breandán Mac Fhionnghaile, Stiúrthóir Thogra an Chláir
• Ullmhú cláir oibre don bhliain
Síomón Ó Cróinín, Craobh Bhaile Átha Buí
• Coistí Contae
Siobhán Nic Gaoithín, Stiúrthóir Thogra na Gaillimhe
11.40 Tuairisciú ar ais ó na grúpaí
- Peadar Mac Fhlannchadha, an Timire Náisiúnta
12.00 Rólanna éagsúla na n-oifigeach craoibhe
- le plé i ngrúpaí de na hoifigigh éagsúla
12.30 Lón
13.30 Foinsí tacaíochta agus maoinithe
- Eoghan Mac Cormaic, Tánaiste
13.50 Suíomh Gréasáin agus Nuachtlitir an Chonartha
- Jamie Ó Tuama, Feidhmeannach
14.20 Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
(ról na gcraobhacha le héileamh a chruthú)
- Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga
14.50 Plé i ngrúpaí:
• Cur chun cinn Acht na dTeangacha sa phobal
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, Stiúrthóir Thogra Mhaigh Eo
• Forbairt an tSuímh Ghréasáin
Aonghus Ó hAirt, Stiúrthóir Shuíomh an Chonartha
• Tacaíocht an Chonartha do na craobhacha
Pádraig Ó Baoill, Stiúrthóir Thogra Bhaile Locha Riach
15.10 Tuairisciú ar ais ó na grúpaí
- Peadar Mac Fhlannchadha, an Timire Náisiúnta
15.20 An tOireachtas - Máirín Nic Dhonnchadha
Ógras - Maedhbh Ní Dhónaill
Seachtain na Gaeilge - Orla Nic Shuibhne
15.50 Clár oibre an Chonartha don olltoghchán & cúrsaí pleanála
- Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán
16.10 Tuairisciú, aiseolas agus an chéad chéim eile
- Julian de Spáinn agus Peadar Mac Fhlannchadha
16.30 Críoch
Fógraíodh buaiteoirí ar chomórtas fuinneoige na
Nollag i mBaile Locha Riach le déanaí. B'iad
Gaeilge Locha Riach a d'eagraigh an comórtas idir
shiopadóirí an Bhaile i gcomhar le Conradh na
Gaeilge agus Glór na nGael. Rinne cuid de na páistí
ó Ghaelscoil Riabhach a mbreithiúnas agus bron-
nadh na duaiseanna ar na buaiteoirí.
Sa chéad áit, bhí Comhar Creidmheasa Naomh
Breandán agus bhronn Eoghan Mac Cormaic seic
100 euro ó Chonradh na Gaeilge ar Mhairéad Uí
Lachtnáin ón fhoireann ansin.
Sa dara háit, bhí siopa teilifíse Ryan's T.V. agus
bhronn Lorcán Mac Gabhann ó Ghlór na nGael
seinnteoir MP3 ar Ann Holland agus Shéamus
Ryan.
Comórtas Fuinneoige - Baile Locha RiachComórtas Fuinneoige - Baile Locha Riach
2. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig 3.
Bhí páistí ón Naíonra 'Tigh na Sí' agus ó GhaelscoilRiabhach i mBaile Locha Riach gníomhach agus iad agscríobh litreacha chuig fear na feasóige báine atá ina chó-naí sa Mhol Thuaidh. Ar ndóigh, scríobhadh cuid mhór dena litreacha seo i nGaeilge. Nuair nach bhfuil Vincent Maher i lár na páirce mar chap-taen ar fhoireann iomána an bhaile, (a bhí sa chluicheceannais Co. na Gaillimhe ar na mallaibh), oibríonn sémar fhear a'phoist. Tá brú ollmhór ar Vincent i láthair nahuaire agus an méid litreacha atá le cur roimh an Nollaig.Bhuail sé isteach ar an oifig 'Gaeilge Locha Riach' lenamhála a líonadh leis na litreacha a scríobh páistí anbhaile. Tá dóchas ag Vincent go mbeidh na teach-taireachtaí speisialta uilig ag Daidí na Nollag in am. Deirsé nach bhfuil mórán ama fágtha ag páistí an bhaile alitreacha a scríobh ach thiocfadh leis iad a thógáil ag'Gaeilge Locha Riach' má fhágtar isteach iad go luath.
Creideann sé áfach gurb é an rud is tábhachtaí ná gombíonn na páistí iontach maith, go ndéanann siad a obairbhaile agus go dtéann siad a luí go luath gach oíche idirseo agus an Nollaig.
Trasna
2 deabhadh; dithneas (6)
4 béal (3)
6 ionsaí; aimsiú ar mharc (4)
8 seanbhean ghránna (9)
12 caint shearbh; searbhas (8)
13 mac dearthár/deirféar (3)
15 madra uisce (9)
16 an t-alt? (2)
Síos
1 seal ama; tréimhse (3)
2 leabhar ina dtugtar cuntas laethúil ar chúrsaí (7)
3 caint mhearbhlach; speabhraídí (9)
4 gort curaíochta (10)
5 fear déirce; duine a shiúlann go deacrach (6)
7 leisceoir (7)
9 cáinaisnéis (7)
10 feithid chealgach (5)
11 adharc fia (5)
14 madra ard seang a bhíonn ag rásaíocht (2)
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan.
Buaiteoir mhí na Nollag: Rónán ó Snodaigh, Baile
Átha Cliath 13. Cuir do chuid freagraí chuig 6
Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2.
Bhí seisiún ceoil ar siúl Dé Sathairn 7ú Eanáir igClub Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic igcuideachta Mike Ó hÉangaigh agus Mícheál MacFhlannchada. Casann Maidhc Ó hÉanaigh anfheadóg mhór agus tá craobh na hÉireann bainteamach aige ar an uirlis sin. Bhí tionlacan a fháilaige ar an oíche ó Mhícheál Mac Fhlannchadha asCnoc na Cathrach ar an mbazouki. Bhain gachduine a bhí ann sult as an oíche..
Crosfhocal Mhí Eanáir Crosfhocal Mhí Eanáir
Seisiún Ceoil in Árus na nGael
Fear an Phoist Gnóthach i mBaile Locha RiaichFear an Phoist Gnóthach i mBaile Locha Riaich Ranganna Gaeilge 2006 ag tosú iRanganna Gaeilge 2006 ag tosú igConradh na GaeilgegConradh na Gaeilge
Beidh Ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge ag tosúarís Dé Luain 23ú Eanáir 2006 in Árus na nGael, 45 SráidDoiminic, Gaillimh agus beidh clárú do na ranganna seo arsiúl Dé Luain an 16ú Eanáir ag 8.00i.n. in Árus na nGael. Mar is iondúil cuirfidh Conradh na Gaeilge rangannaGaeilge ar fáil ag go leor leibhéal éagsúil ó ghlanto-saitheoirí go dtí ardleibhéal. Muna bhfuil tú cinnte cén rangatá feiliúnach duit, is féidir comhairle a fháil ó na múinteoiríar an oíche chláraithe. Beidh deis ag daoine, freisin, imbliana scrúdú a dhéanamh agus cáilíocht idirnáisiúnta,Teastas Eorpach na Gaeilge, a bhaint amach i gcomhar lehOllscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Ranganna beaga a bheas i gceist agus cuirfear an bhéim arscileanna comhrá. Tá táille 85 euro ar chúrsa 8 seachtaine le las-cainí ar fáil do mhic léinn agus do dhaoine nach bhfuil ag obair. Má tá spéis agat i ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge,nó má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi imeachtaíChonradh na Gaeilge, níl ort ach glaoch ar (091) 567824nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]í i dteagmháil!
LÁ NA gCRAOBHACHALÁ NA gCRAOBHACHA 20062006