Upload
conradh-na-gaeilge
View
249
Download
2
Embed Size (px)
DESCRIPTION
6. Dataí don Dialann agus Eile An raibh sé de cheart ag an rialtas ainm an Stáit a athrú go 'éire/Ireland le haghaidh chruinnithe an Aontais Eorpaigh Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gab- háil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag [email protected] Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 1 Iúil 2006 5. An Ard-Chraobh i mBun Earcaíochta Eagrán 9 mhí an Mheithimh: Aisling Ó Dálaigh, 12 Bóthar • Bhí • Ní raibh
Citation preview
Eagrán 9 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 1 Iúil 2006
SAN EAGRÁN SEO:SAN EAGRÁN SEO:
1. Éire san AontasEorpach
2. Spriocannad’Aighneachtaí agusan Chairt Nua CeartaTeanga
3. Craobh NuaRanganna ag CraobhMhic an Chrosáin, AnSrath Bán
4. Dianchúrsaí Gaeilgei gCathair naGaillimhe
5. An Ard-Chraobh imBun Earcaíochta
6. Dataí don Dialannagus Eile
Fógraíodh ar 27 Meitheamh gurb í ÉireIreland a thabharfar ar an tír seo feastaag cruinnithe den Aontas Eorpach.Tagann sé seo in ndiaidh chinneadh anAontais Eorpaigh teanga oifigiúil oibre adhéanamh den Ghaeilge ó 1 Eanair2007.Ciallaíonn an t-athrú seo go n-úsáidfí ant-ainm Éire Ireland ar chomharthaí agusar phlátaí ainmneacha ag cruinnithe dechuid Chomhairle na nAirí agus comhd-hálacha Príomh-Airí ó 1 Eanair 2007.Tá dhá ainm oifigiúla ag ballstáit ar nós naFionnlainne agus na Beilge cheana féin. Ó 2007 caithfear gach reachtaíocht acheadaíonn Comhairle na nAirí a aistriúgo Gaeilge. Chomh maith leis sin, beidh
cead ag Feisirí Eorpacha Gaeilge a lab-hairt ,má dhéantar iarratas roimh ré, agcruinnithe de chuid na Comhairle.Cruthófar 30 post aistritheoireachta snahinstitiúidí Eorpacha, dá bharr sin. Is cinnte nach mbeadh an stádas seo agan nGaeilge gan an stocaireacht leanú-nach a rinne gach duine a bhfuil baint aculeis an gConradh.
ÉÉire san Aontas Eorpachire san Aontas Eorpach
• 7 Iúil: Oifig um Chlárú Cuideachtaí chuig: [email protected]
• 25 Iúil: Coiste Oideachais Eaglais na hÉireannchuig: [email protected]
• 28 Iúil: Coste Gairmoideachais Chathair BÁC chuig: [email protected]
• 28 Iúil: Leabharlann Náisiúnta na hÉireannchuig: [email protected]
• 28 Iúil: An tÚdarás Comhionannais chuig: [email protected]
• 4 Lúnasa: An Roinn Sláinte agus Leanaíchuig: [email protected]
Má tá aon chabhair nó chomhairle uait arconas is fearr aighneachtaí a chur lechéile déan teagmhail le Jamie san Ard-Oifig. Tá aighneacht shamplach ar fáil arShuíomh Idirlín an Chonartha,www.cnag.ie, chomh maith.
D'fháiltigh Uachtarán an Chonartha, DáithíMac Cárthaigh, roimh an gcairt ceart tean-ga a seoladh in Oifig an ChoimisinéaraTeanga ar an Spidéal ar 28 Meitheamh.Léiríonn an chairt cearta teanga seo bunc-heart teanga an phobail agus na seirbhísíéagsúla atá ar fáil trí Ghaeilge ónstátchóras ar bhealach soiléir simplí. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán anChonartha: "Fáiltím go mór roimh an gcairtcearta teanga seo agus tá mé cinnte de gombeidh sé mar áis thábhachtach dóibhsiúd ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamhleis an státchóras trí Ghaeilge. Ba cheartgo ndáilfear an chairt seo ar gach eagraspoiblí agus go mbeadh a fhios ag gachduine atá ag obair san earnáil phoiblí cadiad na cearta atá ag an bpobal maidir lehúsáid na Gaeilge".Is eolaí iontach í an chairt seo agusmolann lucht an Chonartha do mhór-phobal na Gaeilge a dhéanamh cinnte gobhfaigheann siad cóip di agus go dtu-igeann siad na cearta éagsúla atá luaiteinti agus go mbainfidh siad tairbhe iomlánas na deiseanna nua seo an Ghaeilge alabhairt. Is féidir cóip a fháil den chairt trítheagmhail a dhéanamh le hArd-Oifig anChonartha.
Spriocanna d’Aighneachtaí An Chairt Nua Cearta TeangaSpriocanna d’Aighneachtaí An Chairt Nua Cearta Teanga
Maoinithe ag: 1.
Vótaíocht Nua ar ShuíomhVótaíocht Nua ar Shuíomh
Idirlín an ChonarthaIdirlín an Chonartha
An raibh sé de cheart ag an
rialtas ainm an Stáit a athrú
go 'éire/Ireland le haghaidh
chruinnithe an Aontais
Eorpaigh
• Bhí
• Ní raibh
Má tá tuairim agat maidir leis
an gceist seo thuas is féidir
vóta a chaitheamh ach gab-
háil isteach ar Shuíomh
Idirlín an Chonartha ag
Trasna1 cleas; dallamullóg (3)3 seasc (6)8 náid (7)11 gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún
(12)14 rud nach bhfuil beo (2)15 an cineál aimsire a bhíonn in áit (6)16 an t-alt? (2)17 teach mór poiblí (5)Síos2 ar dhath an tsneachta (3)3 gan bhruith; gan chócaireacht (3)4 gealach (2)5 anáil; puth (2)6 duine a théann ar bhus nó ar thraein (9)7 teach le ceadúnas chun deochanna meisciúla a
dhíol (9)9 bláth beag bán (7)10 curadh (6)12 uaigneach; singil (8)13 ceol; seó (7)
Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir
mhí an Mheithimh: Aisling Ó Dálaigh, 12 Bóthar
naDéise, Baile Átha Cliath 12. Cuir an crosfhocal chuig:
An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Comhfhreagras Comhfhreagras
Crosfhocal Mhí IúilCrosfhocal Mhí Iúil
Straitéis Enda Kenny faoi stádas na Gaeilgesan Ardteist. Le cúpla seachtain anuas tá sé tugtha le fios ag EndaKenny go bhfuil sé oibrithe le Conradh na Gaeilge margheall ar an ráiteas a rinneadar ag iarraidh ar an bpobal ganvótáil d’Fhine Gael sa chéad olltoghchán eile. Tá sé tar éiscur i leith an Chonartha go bhfuil siad éirithe polaitiúil agusgur frith-Fhine Gaelachas atá ar siúl acu. Más é seo an léamh atá aige ar an scéal tá dul amú ollmhórair. Tá gach eagraíocht Ghaelach i gcoinne an pholasaíseo, chomh maith le slám mór daoine nach bhfuil baint acule heagraíocht ar bith, mé féin san áireamh. Má chlaíonn Fine Gael leis an bpolasaí seo, luíonn sé leréasún go mbeidh i bhfad níos mó eagraíochtaí agusdaoine aonair ag teacht amach ina gcoinne agus ag impí aran bpobal vótáil do dhuine ar bith eile seachas Fine Gael.De réir an eolais atá ag teacht ó thíortha eile rinne pola-saithe cosúil leis seo an-chuid dochair cheana féin dotheangacha eile. Tar éis dúinn feachtas dian a rith chun stá-das a bhaint amach san Eoraip is léir go mbainfidh anmoladh seo go mór den dul chun cinn atá déanta le cúplabliain anuas. Tá sé soiléir ón Suíomh Idirlínhttp://www.petitiononline.com/gaeilge/ go bhfuil go leordaoine feargach faoi seo. Ní i laghad a bheas an fhearg seoag dul agus muid ag druidim i dtreo olltoghchán na bliana
seo chugainn. Deirtear i mBéarla “a week is a long time inpolitics” ach bí cinnte go rachaidh an feachtas seo i dtreisemuna dtagann athrú ar an scéal. Dóibh siúd a úsáideann an Ghaeilge mar theanga laethúil,níl anseo ach cearta agus ionannas. Tá muid ag iarraidh anstádas céanna dár dteanga féin is atá ag an mBéarlacheana. Tá sé thar am ag Fine Gael tuiscint a bheith acu gobhfuil Éireannaigh le cultúir éagsúla sa tír seo (gan trácht arimircigh ó thíortha eile) agus go bhfuil cearta tuillte againnuilig. Má tá spéis acu a bheith sa chéad rialtas eile, ní leorna seifteanna polaitiúla seo chun buntáiste gearrthéarmacha bhaint amach.D’fhreastail mé ar an gComhdháil Ghaeilge a bhí ag FineGael cúpla mí ó shin agus cé gur cuireadh smaointe fiún-tacha os comhair an tslua, bhí beagnach gach duine ag angcruinniú in aghaidh an mholta seo faoi ísliú stádas naGaeilge san Ardteist. Má tá FG dáiríre faoi dhul chun cinnna Gaeilge sa todhchaí, mholfainn dóibh teacht le chéile legach páirtí polaitiúil eile chomh maith leis na heagraíochtaíGaeilge le plean cuimsitheach fadtéarmach a chur le chéilea mbeadh chuile dhuine ag tacú leis taobh istigh nó taobhamuigh den rialtas.Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine!
Gearóid Ó Mórdha, Marino
4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig
Dátaí don Dialann agus EileDátaí don Dialann agus EileMá bhíonn aon eolas uait faoi na himeachtaí seo aleanas ná bíodh leisce ar bith ort teagmhail a dhéanamhle Máire nó le Jamie san Ard-Oifig.• 6-8 Iuil - An Tionól Gaeltachta• 10 Iúil - Ionad Saor-Chomhairle Dlí• 11 Iúil - Tús le dianchúírsaí mhí Iúil de chuid na hArd-
Oifige• 14 Iúil - Glór na nGael ag glacadh sínithe dá gcuid
achainí i gcoinne pholasaí oideachais Fhine Gael i mbaile Dhún Delgan
• 15 Iúil - Glór na nGael ag glacadh sínithe dá gcuid achainí i gcoinne pholasaí oideachais Fhine Gael i mbaile Dhún na nGall
15 Iúil - BBQ Gaeilge in Óstán an Russell Court, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
21 Iúil - Glór na nGael ag glacadh sínithe dá gcuid achainí i gcoinne pholasaí oideachais Fhine Gael i mbaile Mhuineacháin
27 Iúil - Bronnadh Teastas ar lucht na ranganna aguscóisir agus seisiún ceoil
1 Lúnasa - Tús le dianchúrsaí mhí Lúnasa14 Lúnasa - Ionad Saor-Chomhairle Dlí17 Lúnasa - Bronnadh Teastas ar lucht na ranganna
agus cóisir agus seisiún ceoil12 M. Fómh. - Comhdháil Oideachais an Chonartha i
gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath(Beidh clár na Comhdhála seo le fáil i nuachtlitir na míosa seo chugainn)
*Má tá tuilleadh eolais uait faoi achainí Ghlór na nGaelagus na háiteanna a mbeidh sé le síniú is féidir glaoch achur ar Oifigí Ghlór na nGael ar 01 6447600.
RÚIN CHRAOBH NAOMH PÁDRAIG, BÉAL FEIRSTE DE CHONRADH NA GAEILGE
Is iad seo a leanas na rúin éagsúla a chuir Craobh NaomhPádraig de Chonradh na Gaeilge isteach don Dáil Mhór ationóladh ar 24 Meitheamh in Óstán Uí Cheallaigh,Garbhachadh, Baile Uí Dhálaigh, Tír Eoghain:
(a) go gceapfar Oifigeach Poiblíochta le polasaí agusimeachtaí Chomhaltas Uladh a chur os comhair anphobail go héifeachtach.(b) go n-eagrófar cúrsaí oiliúna d’oifigigh Craobhacha lecuidiú leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh le héifeacht.(c) go gcuideoidh Coiste an Chúige le craobhachaSuímh Idirlín a bhunú agus a bhainistiú.
BRONNADH TEASTAS SHEACHTAIN NA GAEILGE
Thaistil Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na
Gaeilge, gach orlach den tír le dhá mhí anuas agus í
ag bronnadh duaiseanna agus teastas orthu siúd a
bhuaigh gradaim is duaiseanna i gcomórtais
Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Thug sé seo deis di
níos mó scoileanna a mhealladh le páirt níos mó a
ghlacadh sa tSeachtain agus le níos mó imeachtaí a
eagrú. Tá Orla ag súil go dtiocfaidh borradh agus fás ar
líon na n-imeachtaí a eagraítear an bhliain seo
chugainn go naisiúnta agus go hidirnáisiúta. Go n-éirí
léi!! Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Sheachtain na
Gaeilge is féidir teagmháil a dhéanamh le hOrla agus
le Clíona ar 01 4757401 nó tríd an ríomhphost ar
Is é seo a leanas cuireadh ó Áine Bn. Uí Ghabhann,Uachtarán Ard-Chraobh Bhaile Átha Cliath, do mhuintirBhaile Átha Cliath clarú mar bhall den chraobh:Ar mhaith leat bheith i do bhall den Chraobh is cáiliúlaagus is stairiúla de Chonradh na Gaeilge An ArdChraobh. Bheifeá ag leanúint lorgtha daoine cáiliúlaagus daoine atá mar chuid dár stair, daoine marPhádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt, Mícheál Ó h-Annracháin, An tAthair Ó Gramhnaigh, An tAthairMícheál Ó h-Icheadha, Eoin Mac Néill, Eamon De Valeraagus a bhean Sinéad, Mícheál Cíosóg, An Dr.
Dubhghlas de h-Íde, Séamus Ó Tálún, Giolla Chríost ÓBroin, Eibhlín Ní Chathailriabhaigh agus a lán eile nachiad.Áine Bn. Uí Ghabhann,Uachtarán.Le haghaidh a thuilleadh eolais faoin Ard-Chraobh nó,dar ndóigh, ar conas clarú leis an Ard-Chraobh is féidirteagmhail leo trí Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge.Tá an Ard-Chraobh ar cheann de na craobhacha isgníomhaí sa Chonradh agus buaileann siad le chéilegach oíche Luain in Ard-Oifig an Chonartha.
An Ard-Chraobh i mBun EarcaíochtaAn Ard-Chraobh i mBun Earcaíochta
2. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig 3.
Cuirfear tús le sraith nua ranganna Gaeilge ar an tSrathBan i mí Mhean Fómhair 2006. Beidh sé leibhéal ran-ganna ar fad ar fáil agus is iad sin: Tosaitheoirí, Bunrang,Meánrang, Ardrang, Gaeilge don GCSE agus Gaeilgedon A-Leibhéal. Is é £2 sa tseachtain an táille a bheidhar na ranganna seo agus mairfidh siad go dtí míBealtaine. Le haghaidh tuilleadh eolais is féidirteagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na Craoibheseo ar 028 (048) 71382191 (i ndiaidh a cúig) nó ríomh-phost a chur chuig: [email protected].
CAD CHUIGE AN GHAEILGE AR AN TSRATH BÁN• An Ghaeilge ag méadú ar an tSrath Bán• Breis agus 130 páiste ag déanamh a gcuid scolaíochta
trí mheán na Gaeilge• Sult, pléisiúr agus saol sóisialta ag baint leis an teanga• Deiseanna úra fostaíochta• Ní bhítear ró-aosta le teanga a fhoghlaim• Is í ár dteanga dhúchais í, agus tugann sí tuiscint níos
fearr dúinn ar ár bhféiniúlacht mar phobal• Teanga Eorpach í an Ghaeilge, agus gné thábhachtach
d’éagsúlacht chultúrtha na hEorpa• Deis nach bhfuair cuid mhór againn ar scoil• Bua an dátheangachais a bheith agat
Má tá fonn ort Gaeilge a fhoghlaim ní bheidh ort
fanacht go dtí Mheán Fómhair mar beidh dianchúr-
sa Gaeilge ar siúl i lár chathair na Gaillimhe an
samhradh seo.
Tá athas ar Chonradh na Gaeilge go mbeidh
dianchúrsa á reáchtáil acu in Árus na nGael, 45
Sráid Doiminic, i mí an Mheithimh agus i mí Iúil.
Beidh an cúrsa seo dírithe ar 3 leibhéal éagsúil:
tosaitheoirí, bunleibhéal agus meánleibhéal.
Beidh sé ar siúl ó 27 Meitheamh go 13 Iúil agus
beidh dhá rang sa tseachtain ó 7.00in-9.30i.n.
Beidh costas €125 ar an gcúrsa. Le linn an chúrsa
leagfar béim mhór ar chomhrá agus ar labhairt na
Gaeilge. Beidh na rannpháirtithe in ann feabhas a
chur ar a gcuid Gaeilge labhartha trí chleachtadh
agus trí theagasc den scoth. Maidir leis na ran-
npháirthithe a bhfuil Gaeilge níos líofa acu, múin-
fear roinnt gramadaí dóibh, freisin, agus beidh
said in ann tuiscint níos fearr a fháil ar scríobh na
Gaeilge. Ní bheidh fadhb ar bith díriú ar ábhar nó
ar riachtanais speisialta sna ranganna beaga seo,
freisin, más gá. Bronnfar teastas tinrimh ar na ran-
npháirtithe tar éis dóibh an cúrsa a chríochnú.
Chomh maith leis sin, beidh míle fáilte roimh ran-
npháirtithe an dianchúrsa freastal ar Thionól
Gaeltachta 2006 i gCeantar n nOileán ón 6-9 Iúil.
Beidh go leor imeachtaí éagsúla ar siúl le linn an
Tionóil, ina measc, siúlóidí, seisiúin cheoil agus
ceolchoirmeacha. Mar gheall ar an Tionól gheob-
haidh rannpháirtithe an dianchúrsa deis iontach
Gaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra
ranga le linn an chúrsa. Tá foirmeacha iarratais
agus tuil leadh eolais le fail ó Chonradh na
Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ag (091) 567
824 nó [email protected].
Dianchúrsaí Gaei lge Dianchúrsaí Gaei lge i gCathair na Gai l l imhei gCathair na Gai l l imhe
Sraith Nua Ranganna ag Craobh Mhic an Chrosáin Sraith Nua Ranganna ag Craobh Mhic an Chrosáin
Bronnadh na nduaiseanna i Rann na Féirste
Ranganna Mhichil lena dTeastas sa Chlub
Ranganna Éabha agus Aoife sa Chlub