Upload
pol-o-frighil
View
246
Download
20
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire Meán Fómhair - Nollaig 2014
Citation preview
Eagrán 23
Meán Fómhair -
Nollaig 2014
...scáthán Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
Cultúrlann Uí
Chanáin
Club Óige
Setanta
Seachtain na
Gaeilge
Maoiniú ar fáil
Fóram Phobal
na Gaeilge
@foramphobal
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Cultúrlann Uí Chanáin Ag ceiliúradh cúig bliana ar an fhód
...scáthán Lch 2
Cultúrlann Uí Chanáin Cúig bliana ar an fhód i mbliana
BREITHLÁ CÚIG BLIANA Tá Cultúrlann Uí Chanáin - an lárionad saintógtha Gaeilge is mó ar an oileán
cúig bliana d’aois i mbliana. Ar an Déardaoin 27ú Samhain rinneadh ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach
ag Cultúrlann Uí Chanáin le himeacht speisialta breithlae. Mhol an chéad chainteoir ag an imeacht -
Máirtín Ó Muilleoir - muintir Dhoire as a thiomantas don deachaidreamh agus as a aibíocht pholaitiúil.
Luaigh sé fosta gur mhaith leis tuilleadh comhoibrithe a fheiceáil idir Doire agus Béal Feirste amach
anseo. Chaith Gearóid Ó hEára, Príomhfheidhmeannach na Cultúrlainne, súil siar ar na héachtaí atá
bainte amach le cúig bliana anuas, agus ar an tríocha bliain ó bunaíodh An Gaeláras. Chaith sé súil chun
tosaigh fosta ar an todhchaí agus ar na tionscadail nua lena n-áirítear Scéim Chaipitil an Mhansa a
fhorbrófar mar acadamh ceoil thraidisiúnta. Faoi dheireadh, d’fhógair sé go seolfar feachtas le Fleadh
Cheoil na hÉireann a mhealladh ar ais go Doire go luath. Labhair Labhrás Ó Murchú, Ardstiúrthóir
Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar an cheol traidisiúnta mar sheift aontais agus faoin dáimh atá aige le
Doire. Seoladh staidéar tionchair maidir le Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 ag an ócáid fosta, a léirigh
gur thóg an t-imeacht £42 milliún don gheilleagar áitiúil. Sa ghrianghraf thuas ó chlé tá Rosalind
Young, Comhairle Cathrach Dhoire; Labhrás Ó Múrchú, Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann;
Kenny McFarland, Londonderry Bands Forum; Eibhlín Ní Dhochartaigh, Cultúrlann Uí Chanáin; Máirtín
O Muilleoir, Belfast Media Group; Gearóid Ó hÉara, Cultúrlann Uí Chanáin; Joanna McConway, An Roinn
Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus Lisa Anderson, Cultúrlann Uí Chanáin. Comhghairdeas libh ar fad!
SIOPA LEABHAR & EARRAÍ NOLLAG: Beidh
Siopa Nollag ar oscailt ag Cultúrlann Uí Chanáin
ón Luan go Déardaoin 9:00rn-8:30in, ar an Aoine
ó 9:00rn - 5:00in agus ar an Satharn ó 10:00rn go
4:00in. Tá an siopa suite ar bhunurlár
Chultúrlann Uí Chanáin ag 37 Mórshráid
Shéamais i lár chathair Dhoire. Is féidir tuilleadh
eolais a fháil ar áiseanna Chultúrlann Uí Chanáin
a fháil trí scairt a chur ar T: (028) 71 264132. nó
trí chuairt a thabhairt ar www.culturlann-doire.ie
...scáthán Lch 3
Island Voices ‘The Irish in Scotland’ le Dr Fred Freeman
ISLAND VOICES Eagraíonn Comhairle Cathrach Dhoire sraith léachtaí teanga gach fómhar. I mbliana
d’fhiosraigh triúr cainteoirí an téama ’Ár gComhoidhreacht Cheoil’. Sa ghrianghraf thuas ó chlé tá
Pól Ó Frighil: Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chathrach Dhoire, Margaret Edwards: Oifigeach Oideachais,
Comhairle Chathrach Dhoire agus An Dr Fred Freeman ó Ollscoil Dhún Éidinn a thug léacht ar stór
amhrán Robert Tannahill a thacaigh le híomhá dearfach a chruthú d’eisimircigh Éireannacha a chur fúthu
in Albain sa 19ú hAois. Beidh podchraoladh de na léachtaí ar fad ar fáil amach anseo #islandvoices
Island Voices Nocht do thuairimí maidir leis an chéad sraith eile
………………………………………………… Ar fhreastail tú féin ar léacht de chuid Island Voices ariamh?
Agus sraith léachtaí Island Voices sa tsiúl le ceithre bliana
anuas ba mhaith le Comhairle Cathrach Dhoire do thuairim a
fháil maidir lenár gcur chuige. Cuirfear gach moladh san
áireamh agus sraith 2015 á pleanáil i láthair na huaire. Má tá
moltaí feabhais agat faoi aoichainteoirí nó théamaí gabh i
dteagmháil le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle
Cathrach Dhoire, T: (028) 71 376 579, nó seol ríomhphost
chuig [email protected]
…………………………………………………
...scáthán Lch 4
Club Óige Setanta Imeachtaí don Aos Óg as Gaeilge
CLUB ÓIGE SETANTA Cuireann Club Óige Setanta imeachtaí ar fáil do pháistí atá ag freastal ar
Ghaelscoileanna sa cheantar Comhairle. Bíonn club ar siúl gach Céadaoin i gClub Óige an Léana Mhóir
(Lenamore) ó 6:00-8:00in agus bíonn fáilte roimh pháistí idir 6 agus 11 bliain d’aois atá ag freastal ar
Ghaelscoil. Gach oíche Déardaoin bíonn club ar siúl i gCnoc na Rós ó 6:00-8:00in agus fáilte roimh pháistí
Gaelscoileanna freastal. Gach cúpla mí eagraítear turais chuig ionaid éagsúla ar nós Feirm Lorgaidh Bric,
an Chúirt Bhollaí agus Páirc Thuaithe an Chreagáin. Ón lár mhí Nollag ar aghaidh beidh club ar leith á
eagrú fá choinne déagóirí. Eagrófar Dioscó na Nollag do pháistí ar an Aoine 19ú Nollaig ag Cultúrlann Uí
Chanáin agus arís eile beidh fáilte roimh pháistí ó Ghaelscoileanna sa cheantar Comhairle bheith i láthair.
Gach eolas: Aisling Ní Mhaonaigh, Eagraí Chlub Óige Setanta, T: 71 264132, [email protected]
Nuacht Seolann an tAire O’Dowd tuairisc ar Obair Óige na Gaeilge
Sheol an tAire Oideachais, John O’Dowd, leabhrán
eolais ar an obair óige Gaeilge ag imeacht i Stormont
eagraithe ag Fóram na nÓg, ar an Déardaoin 13ú
Samhain. Sonraíonn an leabhrán nuafhoilsithe forbairt
na hearnála leis na blianta beaga anuas agus déanann
sé cur síos ar cad is obair óige Gaeilge ann. Déanann an
foilseachán roinnt moltaí a chur i dtaobh fhorbairt na
hearnála amach anseo. Chuathas i gcomhairle le
clubanna óige, daoine óga agus páirtithe leasmhara eile
laistigh agus lasmuigh den earnáil leis an leabhrán a
chur le chéile agus tá roinnt moltaí déanta ag Fóram na
nÓg i leith fhorbairt na hearnála sa todhchaí. I measc
na moltaí atá déanta tá: 1) go mbeidh aitheantas agus
tacaíocht curtha ar fáil d’Fhóram na nÓg mar eagras
deonach réigiúnda 2) go mbeidh oifigí óige Gaeilge
fostaithe trasna an chúig bhord agus 3) go gcuirfear
tuilleadh deiseanna oiliúna ar fáil do dhaoine óga a
bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, trí mheán na Gaeilge.
Is féidir an leabhrán a íoslódáil ón nasc thíosluaite.
www.foramnanog.com/wp-content/uploads/2013/08/F%C3%B3ram-Youth-Work_Leagan-Deiridh-PDF.pdf
Lch 5
Maoiniú ar fáil Ciste Leagáide
Tá an Ciste Leagáide oscailte anois le haghaidh
iarratais. Riartar an ciste maoinithe ag Comhairle
Cathrach Dhoire i gcomhar leis an Chomhairle
Ealaíon Ó Thuaidh agus is féidir foirmeacha
iarratais móide treoirlínte a léiríonn an próiseas
iarratais ó shuíomh idirlín na Comhairle ag
http://www.derrycity.gov.uk/Legacy/Funding
Druideann an scéim ag 4:00in ar an Déardaoin
15 Eanáir 2015 agus tá an maoiniú dírithe ar
thionscnaimh atá le tarlú idir an tréimhse ó
Bhealtaine 2015 go Márta 2017.
Tuilleadh eolais: T: (028) 71 365151
Seachtain na Gaeilge 2015
Tá grúpaí Gaeilge agus Gaelscoileanna ar fud an
cheantair Chomhairle ag pleanáil imeachtaí do
Sheachtain na Gaeilge faoi láthair, agus tá roinnt
dátaí tábhachtacha ag teacht aníos:
Aoine 19 Nollaig 2014: Clárú Príomhimeachtaí
Aoine 19 Nollaig 2014: Sprioc d’iarratais ar chiste
tacaíochta Sheachtain na Gaeilge 2015
Aoine 30 Eanáir 2015: Clárú imeachtaí Sheachtain na
Gaeilge do chlár oifigiúil na féile
6 Feabhra 2015: Ábhair tacaíochta a ordú
27 Márta 2015: Spriocdháta le cur isteach ar
chomórtais Óige. Tuilleadh eolais: www.snag.ie
Fóram Phobal na Gaeilge Fáilte roimh bhaill nua
Ar mhaith leat bheith ar an eolas is déanaí faoi shaol na Gaeilge i nDoire? Brúigh ’Is maith liom’ ar
leathanach Facebook Fhóram Phobal na Gaeilge-Doire le bheith ar an eolas is déanaí faoina bhfuil ag
tarlú sa cheantar ó thaobh imeachtaí, ranganna is ciorcail chomhrá de. Eagraíonn Fóram Phobal na
Gaeilge cruinniú gach ráithe le deis a thabhairt do ghrúpaí agus dhaoine aonair atá ag obair in earnáil na
Gaeilge go háitiúil theacht le chéile. Fáiltítear roimh bhaill nua i rith an ama. Más maith leat bheith ar an
liosta nuachta le heolas a fháil faoi faoin fhóram agus faoi imeachtaí Gaeilge atá ag tarlú i gceantar
Chomhairle Cathrach Dhoire, déan teagmháil le Pól Ó Frighil, T: 71 376 579, [email protected]
Brúigh Is maith liom ar Facebook: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
...scáthán Lch 7
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís
uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait
i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil foirmeacha
coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait ar aon seirbhísí
eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá aon fhormáid eile den
nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn. GAEILGE & FÁILTE
…………………………………………………
Scéim Cártaí Nollag 2014 Cuir litir chuig Daidí na Nollag
Scríobh litir chuig Daidí na Nollag! Cuirtear fáilte roimh pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileannna i
gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire litir as Gaeilge a scríobh chuig Daidí na Nollag. Gheobhaidh gach
páiste postchárta pearsantaithe i nGaeilge ó Dhaidí na Nollag ag rá go bhfuarthas a litir! Cuir litreacha
isteach sa bhosca poist speisialta faoin chrann Nollag ar Chearnóg Halla na Cathrach, Doire roimh an
Déardaoin 18ú Nollaig 2014 nó is féidir le múinteoirí beart litreacha a chur díreach chuig an Oifigeach
Gaeilge ag an seoladh thíos. Déan cinnte go bhfuil ainm an pháiste agus seoladh baile/scoile an pháiste
scríofa go soiléir ionas gur féidir a chinntiú nach gcuirfear díomá ar aon duine:
Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN, [email protected]
Oifigeach Gaeilge