3
102 S EACHTAIN NA G AEILGE 2013 Faoi mar is eol do chách, is bliain speisialta í seo ó thaobh na Gaeilge de. Is Bliain na Gaeilge í. De dheasca sin, anseo i gColáiste Wesley rinneamar ár seacht ndicheall an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chur chun chinn is daoine a spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid i rith na seachtaine, trí imeachtaí gaelacha éagsúla a eagrú. Gach uile bhliain, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge bíonn deis ag daltaí na scoile páirt a ghlacadh in imeachtaí ar nós tráth na gceist, toraíocht taisce, comórtas póstaeir agus céilí ach i mbliana cuireadh leis na himeachtaí a bhí ar fáil dóibh. Sa chuntas seo a leanas, is dócha go mbeidh sé soiléir an beocht, an spiorad is an sult a bhí le brath sa choláiste le linn na seachtaine. Ba sheachtain an–rathúil í agus táimid ag tnúth go mór le Seachtain na Gaeilge 2014! T IONÓIL NA M AIDINE Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i mbliana i gColáiste Wesley idir an 11ú go dtí 15ú Márta. Chuir príomhchinnirí na scoile Kate Reidy agus Spencer Christie tús oifigiúil le himeachtaí na seachtaine le tionól as Gaeilge ar an Luan is chan scata daltaí ón séú bliain a leagan féin den amhrán cáiliúil ‘An Spailpín Fánach’, atá ar chúrsa na hArdteiste. Rinne siad taifeadadh ar an amhrán is beidh sé ar fáil anois ar YouTube amach anseo. Beidh sé ina chabhair mhór dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin mbéaltriail i gceann tamaillín. Ag tionól Dé Máirt fad is a an príomhoide ag siúl isteach, sheinn Eleanor McGinley ceol aoibhinn tráidisiúnta ar a cláirseach .Léigh daltaí na céad bhliana Sarah Marie Christoffeson agus Aoife Robertson an dán ‘Cill Aodáin’, a léiríonn go bhfuil an t-Earrach tágtha is chan Aimee Wynn an t-amhrán fíoraláinn ‘ Mo Chuiricín’. Ag tionól Dé Céadaoin bhí grúpa daltaí eile ón séú bliain le cloisteáil ag canadh ‘ Fear Bhig na leon’ de chuid ‘Mumford and Sons’. Mhol beirt daltaí ón séú bliain ,Sophie Fitzpatrick agus Colin Kiernan dúinn an deis a thapú an Ghaeilge a labhairt chomh minic is féidir linn. Chuir siad an seanfhocal ‘Is fearr Gaeilge briste ná Béarla Cliste’ i gcuimhne dúinn. Ba é buaicphointe na seachtaine ná tionól Déardaoin nuair a chan ‘Cór na bhFear’- múinteoirí is daltaí, an t-amhrán ‘Óró ‘ s é do bheatha bhaile’ is sheinn Martina O’Connell agus Iníon Balfe ‘Brian Boru’s March’ ar an bhfliúit. Labhair Iníon Sweeney faoin bhfinscéal ‘Gráinne Mhaol’. Cuireadh deireadh le himeachtaí na seachtaine le tionól fíorspeisialta Dé hAoine. B’aoibhinn an ceol a bhí á sheinnt ag Ruairí Kirwan ar na píopaí uillinn .Chan scoláirí ón gCeathrú agus ón gCéad bhliain ‘ Níl mé ag bogadh’ de chuid ‘An Script’ is labhair Eleanor McGinley, dalta na hidirbhliana faoi thábhacht na Gaeilge di féin agus conas go bhfuil an Ghaeilge ann agus conas go mbeidh sí ann go deo na ndeor. Bhíomar sna trithi ag gáire nuair a thosaigh Isabelle Bootman ag déanamh greanntaíochta as Gaeilge.

Seachtain na Gaeilge

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Winning entry - Wesley College

Citation preview

Page 1: Seachtain na Gaeilge

102

S E A C H T A I N N A G A E I L G E 2 0 1 3Faoi mar is eol do chách, is bliain speisialta í seo ó thaobh na Gaeilge de. Is Bliain na Gaeilge í. De dheasca sin, anseo i gColáiste Wesley rinneamar ár seacht ndicheall an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chur chun chinn is daoine a spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid i rith na seachtaine, trí imeachtaí gaelacha éagsúla a eagrú. Gach uile bhliain, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge bíonn deis ag daltaí na scoile páirt a ghlacadh in imeachtaí ar nós tráth na gceist, toraíocht taisce, comórtas póstaeir agus céilí ach i mbliana cuireadh leis na himeachtaí a bhí ar fáil dóibh. Sa chuntas seo a leanas, is dócha go mbeidh sé soiléir an beocht, an spiorad is an sult a bhí le brath sa choláiste le linn na seachtaine. Ba sheachtain an–rathúil í agus táimid ag tnúth go mór le Seachtain na Gaeilge 2014!

T I O N Ó I L N A M A I D I N E

Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i mbliana i gColáiste Wesley idir an 11ú go dtí 15ú Márta. Chuir príomhchinnirí na scoile Kate Reidy agus Spencer Christie tús oifi giúil le himeachtaí na seachtaine le tionól as Gaeilge ar an Luan is chan scata daltaí ón séú bliain a leagan féin den amhrán cáiliúil ‘An Spailpín Fánach’, atá ar chúrsa na hArdteiste. Rinne siad taifeadadh ar an amhrán is beidh sé ar fáil anois ar YouTube amach anseo. Beidh sé ina chabhair mhór dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin mbéaltriail i gceann tamaillín. Ag tionól Dé Máirt fad is a an príomhoide ag siúl isteach, sheinn Eleanor McGinley ceol aoibhinn tráidisiúnta ar a cláirseach .Léigh daltaí na céad bhliana Sarah Marie Christoffeson agus Aoife Robertson an dán ‘Cill Aodáin’, a léiríonn go bhfuil an t-Earrach tágtha is chan Aimee Wynn an t-amhrán fíoraláinn ‘ Mo Chuiricín’. Ag tionól Dé Céadaoin bhí grúpa daltaí eile ón séú bliain le cloisteáil ag canadh ‘ Fear Bhig na leon’ de chuid ‘Mumford and Sons’. Mhol beirt daltaí ón séú bliain ,Sophie Fitzpatrick agus Colin Kiernan dúinn an deis a thapú an Ghaeilge a labhairt chomh minic is féidir linn. Chuir siad an seanfhocal ‘Is fearr Gaeilge briste ná Béarla Cliste’ i gcuimhne dúinn.Ba é buaicphointe na seachtaine ná tionól Déardaoin nuair a chan ‘Cór na bhFear’- múinteoirí is daltaí, an t-amhrán ‘Óró ‘ s é do bheatha bhaile’ is sheinn Martina O’Connell agus Iníon Balfe ‘Brian Boru’s March’ ar an bhfl iúit. Labhair Iníon Sweeney faoin bhfi nscéal ‘Gráinne Mhaol’. Cuireadh deireadh le himeachtaí na seachtaine le tionól fíorspeisialta Dé hAoine. B’aoibhinn an ceol a bhí á sheinnt ag Ruairí Kirwan ar na píopaí uillinn .Chan scoláirí ón gCeathrú agus ón gCéad bhliain ‘ Níl mé ag bogadh’ de chuid ‘An Script’ is labhair Eleanor McGinley, dalta na hidirbhliana faoi thábhacht na Gaeilge di féin agus conas go bhfuil an Ghaeilge ann agus conas go mbeidh sí ann go deo na ndeor. Bhíomar sna trithi ag gáire nuair a thosaigh Isabelle Bootman ag déanamh greanntaíochta as Gaeilge.

Page 2: Seachtain na Gaeilge

103

T R Á T H N A G C E I S T

T Ó R A Í O C H T T A I S C E D O N C H É A D B H L I A I N

C É I L Í S A H A L L A M Y L E S

Mar ghnáthchuid de Sheachtain na Gaeilge ghlac lucht na hidirbhliana páirt i dTráth na gCeist ar an gCéadaoin. Bhí ceathrar ar gach foireann agus iad ainmnithe de réir contaetha. D’fhreagair siad ceisteanna ar thopaicí ó chúrsaí spóirt go cúrsaí reatha. Bhí an bua ag contae na Mí sa deireadh.

I rith a ranga Dé Ceadaoin eagraíodh imeacht eile le haghaidh daltaí na céadbhliana. Ghlac siad páirt i dtóraíocht taisce. Is léir go raibh idir spraoi agus spórt acu agus iad faoi dheifi r ag rith timpeall an champais ar thóir léideanna. Ach níorbh fhada go raibh na freagraí ag na buaiteoirí. Bhí buaiteoir amháin ó gach rang. B’iad Caitlín Grant, Nicole Brown, Clodagh Moran, Annalin Smith, Síofra Watson, Jasmin Leech, Victoria Brooks, Tom Mc Loughlain, Ian Sheridan, Martina McConnell agus Niamh White.

Dé hAoine réachtáladh céilí sa Halla Myles le haghaidh lucht na hidirbhliana faoi stiúr an mhúinteoir damhsa Angeline Whelan. Bhí na céimeanna go léir ar eolas ag na daltaí cheana féin toisc go ndearna siad modúl damhsa mar chuid de staidéar oidhreachta na hidirbhliana. Bhain na daltaí triail as damhsa ar nós ‘Baint an Fhéir’, ‘Ionsaí na hInse’ agus ‘Fallaí Luimní’. Thar gach ní eile bhí deis ag ár gcuairteoirí ón nGearmáin páirt a ghlacadh sna damhsaí agus cuid dár gcultúr a bhlaiseadh.

Page 3: Seachtain na Gaeilge

104

COMÓRTAS NA HÓRÁIDÍOCHTA

Don chéad uair i mbliana, eagraíodh comórtas na hóráidíochta do lucht na dara bliana. Labhair gach dalta a ghlac páirt san imeacht ar feadh dhá nóiméad go leith ar ábhair éagsúla ar nós: an drochthionchar a bhíonn ag peileadóirí agus reáltaí spóirt ar dhaoine óga, míbhuntáistí Facebook agus an áit atá ag an iPad sa seomra ranga. Bhí caighdeán na n-óráidí thar cionn is mhol an t-aoimholtóir Bean Reed na hiarrthóirí as an méid ullmhúcháin a bhí déanta acu. B’iad buaiteoirí an chomórtais ná Óran Grehan, Grace Teo agus Helen Tonra.

BEACH LITRIÚ

Cuireadh tús chomh maith i mbliana le comórtas Bheach litriú. Ghlac gach uile dhuine sa dara bliain páirt sa chomórtas. D’éirigh le ceathrar ó gach rang áit a bhaint amach sa Chraobh. Bhí iomaíocht ghéar idir na hiomaitheoirí agus iad ag iarraidh na focail éag-súla a litriú. Pé scéal é bhí an bua ag Aoife Lawson sa deireadh.

COMÓRTAS POSTAEIR DON CHEÁD BHLIAIN

Mar is gnáth do Sheachtain na Gaeilge tugadh deis do dhaltaí na céad bhliana páirt a ghlacadh i gcomórtas póstaeir, bunaithe ar an abairt ‘Bliain na Gaeilge 2013’. Bhí buaiteoirí amháin ó gach rang. B’iad Martina McConnell, Jasmin Leech, Clara Curran, Leah Paul and Anna Stuart. Pé scéal é, ba í Aisling Ellis a bhuaigh an príomhdhuais sa chomórtas. Bronnadh dearbhán uirthi don phictiúrlann.

BIALANN

Arís i mbliana d’éirigh thar barr le lucht na cistine bia gaelach blasta a chur ar fáil do chách le linn na seachtaine. Ní dhéanfaimid dearmad ar na cultacha traidisiúnta a bhí á gcaitheamh acu, a chuir go mór leis an atmaisféar a bhí le brath sa bhialann.